02019L0944 — GA — 16.07.2024 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

TREOIR (AE) 2019/944 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 158 14.6.2019, lch. 125)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2022/869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 30 Bealtaine 2022

  L 152

45

3.6.2022

►M2

TREOIR (AE) 2024/1711 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Meitheamh 2024

  L 1711

1

26.6.2024




▼B

TREOIR (AE) 2019/944 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le giniúint, tarchur, dáileadh, stóráil agus soláthar leictreachais, maille le forálacha cosanta tomhaltóirí, d'fhonn margaí leictreachais atá comhtháite i ndáiríre, iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha, cothrom agus trédhearcach a chruthú san Aontas.

Agus leas á bhaint as na buntáistí a bhaineann le margadh comhtháite, is é aidhm don Treoir seo praghsanna agus costais fuinnimh inacmhainne agus trédhearcach do thomhaltóirí, ardleibhéal cinnteachta soláthair agus aistriú rianúil i dtreo córas fuinnimh inbhuanaithe ísealcharbóin a áirithiú. Leagtar síos inti príomhrialacha maidir le heagrú agus feidhmiú earnáil leictreachais an Aontais, go háirithe rialacha maidir le cumhachtú na dtomhaltóirí agus cosaint na dtomhaltóirí, maidir le rochtain oscailte ar an margadh comhtháite, maidir le rochtain an tríú páirtí ar an mbonneagar tarchurtha agus dáileacháin, ceanglais maidir le díchuachadh, agus rialacha maidir le neamhspleáchas na n-údarás rialála sna Ballstáit.

Leagtar amach sa Treoir seo freisin modúlachtaí do na Ballstáit, údaráis rialála agus oibreoirí córas tarchurtha comhar le chéile ionsar margadh inmheánach don leictreachas atá lán-idirnasctha a chruthú a mhéadaíonn lánpháirtiú an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, saoriomaíocht agus cinnteacht an tsoláthair.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mórdhíola nó deiridh leictreachais;

(2) 

ciallaíonn “custaiméir mórdhíola” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn leictreachas chun é a athdhíol laistigh nó lasmuigh den chóras ina bhfuil an duine sin bunaithe;

(3) 

ciallaíonn “custaiméir deiridh” custaiméir a cheannaíonn leictreachas dá úsáid nó dá húsáid féin;

(4) 

ciallaíonn “custaiméir teaghlaigh” custaiméir a cheannaíonn leictreachas le haghaidh thomhaltas teaghlaigh an chustaiméara féin, agus gan gníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla san áireamh;

(5) 

ciallaíonn “custaiméir neamhtheaghlaigh” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn leictreachas nach dá úsáid teaghlaigh féin é, lena n-áirítear táirgeoirí, custaiméirí tionsclaíocha, fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí agus custaiméirí mórdhíola;

(6) 

ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 bhfostaí agus nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

(7) 

ciallaíonn “fiontar beag” fiontar a fhostaíonn níos lú na 50 fostaí agus nach mó ná EUR 10 milliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

▼M2

(8) 

ciallaíonn “custaiméir gníomhach” custaiméir deiridh, nó grúpa custaiméirí deiridh, a ghníomhaíonn go comhpháirteach agus a ídíonn nó a stórálann leictreachas a ghintear laistigh dá áitreabh atá suite laistigh de theorainneacha cúnga nó leictreachas féinghinte nó comhroinnte laistigh d’áitreabh eile nó a dhíolann leictreachas féinghinte nó a ghlacann páirt i scéimeanna solúbthachta nó éifeachtúlachta fuinnimh, ar choinníoll nach iad na gníomhaíochtaí sin a phríomhghníomhaíocht tráchtála ná a phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;

▼B

(9) 

ciallaíonn “margaí leictreachais” margaí don leictreachas, lena n-áirítear margaí thar an gcuntar agus malairtí leictreachais, margaí chun fuinneamh, toilleas, comhardú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil sna creataí ama uile, lena n-áirítear réamh-mhargaí, margaí lá amháin roimh ré agus margaí san aon lá amháin;

(10) 

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

▼M2

(10a) 

ciallaíonn “comhroinnt fuinnimh” féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite ag custaiméirí gníomhacha:

(a) 

a ghintear nó a stóráiltear lasmuigh den láthair nó ar láithreáin eatarthu trí shaoráid ar leo í, atá ar léas acu, nó atá ar cíos go hiomlán nó go páirteach acu; nó

(b) 

ar chucu a d’aistrigh custaiméir gníomhach eile an ceart sin saor in aisce nó ar phraghas.

▼B

(11) 

ciallaíonn “pobal fuinnimh saoránach” eintiteas dlíthiúil:

(a) 

atá bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach agus oscailte, agus atá á rialú go héifeachtach ag comhaltaí nó scairshealbhóirí ar daoine nádúrtha, údaráis áitiúla, lena n-áirítear bardais, nó fiontair bheaga iad;

(b) 

a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige sochair chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a sholáthar dá bhaill nó dá scairshealbhóirí nó do na ceantair áitiúla ina n-oibríonn sé seachas brabús airgeadais a dhéanamh; agus

(c) 

a fhéadfaidh a bheith ag gabháil do ghiniúint, lena n-áirítear ginniúint ó fhoinsí in-athnuaite, dáileadh, soláthar, tomhaltas, comhbhailiú, stóráil fuinnimh, seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh nó seirbhísí luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha nó seirbhísí fuinnimh eile a sholáthar dá chomhaltaí nó dá scairshealbhóirí;

(12) 

ciallaíonn “soláthar” leictreachas a dhíol, lena n-áirítear a athdhíol, le custaiméirí;

(13) 

ciallaíonn “conradh soláthair leictreachais” conradh maidir le leictreachas a sholáthar, ach ní chuimsíonn sé díorthaigh leictreachais;

(14) 

ciallaíonn “díorthach leictreachais” ionstraim airgeadais a shonraítear i bpointe (5), (6) nó (7) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), i gcás ina mbaineann an ionstraim sin leis an leictreachas;

(15) 

ciallaíonn “conradh leictreachais praghsála dinimiciúla” conradh soláthair leictreachais idir soláthróir agus custaiméir deiridh ina léirítear athrú praghsanna sna spotmhargaí, lena n-áirítear margaí lá roimh ré agus san aon lá amháin, ag eatraimh is comhionann ar a laghad le minicíocht socraíochta an mhargaidh;

▼M2

(15a) 

ciallaíonn “conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe” conradh soláthair leictreachais idir soláthróir agus custaiméir deiridh lena ráthaítear nach n-athraítear na téarmaí agus coinníollacha conarthacha, lena n-áirítear an praghas, le linn thréimhse an chonartha, ach d’fhéadfadh, ar phraghas socraithe, gné sholúbtha a bheith san áireamh leis, mar shampla le hathruithe praghsanna buaice agus seachbhuaice, i gcás nach féidir athruithe ar an mbille a leanfaidh as a bheith mar thoradh ach amháin ar ghnéithe nach iad na soláthróirí a chinneann iad, amhail cáin agus tobhaigh;

▼B

(16) 

ciallaíonn “táille scortha conartha” muirear nó pionós a ghearrann soláthróirí nó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú ar chustaiméirí as conradh soláthair nó seirbhíse leictreachais a fhoirceannadh;

(17) 

ciallaíonn “táille a bhaineann le hathrú ó sholáthróir” muirear nó pionós, lena n-áirítear táillí scortha conartha, a ghearrann soláthróirí, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú nó oibreoirí córas go díreach nó go hindíreach ar chustaiméirí as soláthróirí a athrú nó as rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú a athrú;

(18) 

ciallaíonn “comhbhailiú” feidhm a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach a thiomsaíonn ualaí custaiméirí iolracha nó leictreachas arna ghiniúint lena dhíol, lena cheannach nó lena cheantáil in aon mhargadh leictreachais eagraithe;

(19) 

ciallaíonn “comhbhailitheoir neamhspleách” rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus nach bhfuil cleamhnaithe le soláthróir an chustaiméara;

(20) 

ciallaíonn “freagairt don éileamh” an t-ualach leictreachais a bheith á athrú ag custaiméirí deiridh óna ngnáthphatrúin tomhaltais nó óna bpatrúin tomhaltais reatha mar fhreagra ar chomharthaí margaidh, lena n-áirítear mar fhreagra ar phraghsanna leictreachais atá inathraithe de réir ama nó íocaíochtaí dreasachta, nó mar fhreagra ar ghlacadh thairiscint an chustaiméara deiridh laghdú nó méadú éilimh a dhíol ar phraghas i margadh eagraithe mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún ( 2 ), bíodh sin ina aonair nó trí chomhbhailiú;

(21) 

ciallaíonn “faisnéis bhilleála” an fhaisnéis a thugtar ar bhille custaiméara deiridh, seachas iarraidh ar íocaíocht;

(22) 

ciallaíonn “gnáthmhéadar” méadar analógach nó méadar leictreonach gan an cumas sonraí a tharchur ná a ghlacadh araon;

(23) 

ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas leictreonach atá in ann an leictreachas a chuirtear isteach san eangach nó an leictreachas a ídítear ón eangach a thomhas, lena soláthraítear níos mó faisnéise ná gnáthmhéadar, agus atá in ann sonraí a tharchur agus a fháil chun críocha faisnéise, faireacháin agus rialaithe, ag úsáid cumarsáid leictreonach de chineál áirithe;

(24) 

ciallaíonn “idir-inoibritheacht”, i gcomhthéacs an mhéadraithe chliste, dhá cheann nó níos mó de ghréasáin, córais, feistí, feidhmchláir nó comhpháirteanna fuinnimh nó cumarsáide a bheith in ann idir-oibriú, agus faisnéis a mhalartú agus a úsáid chun feidhmeanna riachtanacha a dhéanamh;

▼M2

(24a) 

ciallaíonn “soláthróir na dála deiridh” soláthróir atá ainmnithe chun an soláthar leictreachais a ghlacadh ar láimh do chustaiméirí de chuid soláthróra atá scortha d’oibriú;

(24b) 

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(24c) 

ciallaíonn “comhaontú nasctha sholúbtha” tacar coinníollacha comhaontaithe maidir le hacmhainneacht leictreachais a nascadh leis an eangach lena n-áirítear coinníollacha chun an t-instealladh i ngréasán tarchurtha nó dáileacháin agus an tarraingt siar leictreachais uaidh a theorannú agus a rialú;

▼B

(25) 

ciallaíonn “tréimhse chun éagothroime a shocrú” tréimhse chun éagothroime a shocrú mar a shainmhínítear í i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(26) 

ciallaíonn “gar d'fhíor-am”, i gcomhthéacs an mhéadraithe chliste, tréimhse ghearr ama, roinnt soicindí de ghnáth nó tréimhse suas go dtí an tréimhse chun éagothroime a shocrú sa mhargadh náisiúnta;

(27) 

ciallaíonn “na teicnící is fearr atá ar fáil”, i gcomhthéacs na cosanta sonraí agus na slándála i dtimpeallacht méadraithe chliste, na teicnící is éifeachtaí, is airde agus is oiriúnaí go praiticiúil chun bonn a sholáthar, i bprionsabal, le haghaidh chomhlíonadh rialacha cosanta sonraí agus slándála an Aontais;

(28) 

ciallaíonn “dáileadh” iompar leictreachais trí chórais dáileacháin ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais d'fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach ní áirítear an soláthar leis;

(29) 

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras dáileacháin i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma éilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais a shásamh;

(30) 

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir an t-aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh, agus an t-ionchur fuinnimh;

▼M2

(31) 

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001;

▼B

(32) 

ciallaíonn “giniúint dháilte” suiteálacha giniúna atá nasctha leis an gcóras dáileacháin;

(33) 

ciallaíonn “pointe athluchtaithe” comhéadan atá in ann feithicil leictreach amháin a luchtú in aon am nó ceallra aon fheithicle amháin a mhalartú in aon am amháin;

(34) 

ciallaíonn “tarchur” iompar leictreachais tríd an gcóras idirnasctha breis-ardvoltais agus ardvoltais d'fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar dháileoirí, ach ní áirítear an soláthar leis;

(35) 

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras tarchurtha i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, as idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma éilimh réasúnta ar tharchur leictreachais a shásamh;

(36) 

ciallaíonn “úsáideoir córais” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn do chóras tarchurtha nó do chóras dáileacháin, nó a soláthraíonn córas den sórt sin dó;

(37) 

ciallaíonn “giniúint” leictreachas a tháirgeadh;

(38) 

ciallaíonn “táirgeoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a ghineann leictreachas;

(39) 

ciallaíonn “idirnascaire” trealamh a úsáidtear chun córais leictreachais a nascadh le chéile;

(40) 

ciallaíonn “córas idirnasctha” roinnt córas tarchurtha agus dáileacháin atá nasctha le chéile trí idirnascaire amháin nó níos mó;

(41) 

ciallaíonn “sreang dhíreach” sreang leictreachais a nascann láthair giniúna scoite le custaiméir scoite nó sreang leictreachais a nascann táirgeoir agus gnóthas soláthair leictreachais chun a n-áitreabh, fochuideachtaí agus custaiméirí féin a sholáthar go díreach;

(42) 

ciallaíonn “córas beag scoite” aon chóras ar lú a thomhaltas ná 3 000  GWh sa bhliain 1996, i gcás ina bhfaightear níos lú ná 5 % den tomhaltas bliantúil trí idirnascadh le córais eile;

(43) 

ciallaíonn “córas beag nasctha” aon chóras ar lú a thomhaltas ná 3 000  GWh sa bhliain 1996, i gcás ina bhfaightear níos mó ná 5 % den tomhaltas bliantúil trí idirnascadh le córais eile;

(44) 

ciallaíonn “plódú” plódú mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(45) 

ciallaíonn “cothromú” cothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(46) 

ciallaíonn “fuinneamh don chothromú” fuinneamh don chothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(47) 

ciallaíonn “páirtí atá freagrach as cothromú” páirtí atá freagrach as cothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE 2019/943;

(48) 

ciallaíonn “seirbhís choimhdeach” seirbhís is gá chun córas tarchurtha nó dáileacháin a oibriú, lena n-áirítear cothromú agus seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta, ach gan bainistiú ar phlódú a áireamh;

(49) 

ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta” seirbhís a úsáideann oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir córais dáileacháin le haghaidh rialú voltais foistine, instealltaí srutha frithghníomhacha tapa, táimhe le haghaidh cobhsaíocht eangaí áitiúla, sruth gearrchiorcaidagus acmhainneacht athshlánaithe i ndiaidh múchta agus acmhainneacht oibríochta oileáin;

(50) 

ciallaíonn “lárionad comhordúcháin réigiúnach” lárionad comhordúcháin réigiúnach arna bhunú de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2019/943;

(51) 

ciallaíonn “comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán” comhpháirteanna den ghréasán atá comhtháthaithe leis an gcóras tarchur nó dáileacháin, lena n-áirítear saoráidí stórála, agus a úsáidtear chun na críche amháin go ndéantar oibríocht shlán agus iontaofa an chórais tarchurtha nó dáileacháin a áirithiú, agus nach ann dóibh le haghaidh cothromú ná bainistiú ar phlódú;

(52) 

ciallaíonn “gnóthas leictreachais comhtháite” gnóthas atá comhtháite go hingearach nó gnóthas atá comhtháite go cothrománach;

(53) 

ciallaíonn “gnóthas atá comhtháite go hingearach” gnóthas leictreachais nó grúpa de ghnóthais leictreachais ina bhfuil an duine céanna nó na daoine céanna i dteideal, go díreach nó go hindíreach, rialú a fheidhmiú, agus go ndéanann an gnóthas nó an grúpa de ghnóthais ceann amháin, ar a laghad, d'feidhmeanna an tarchuir nó an dáilte, agus ceann amháin ar a laghad d'feidhmeanna an ghinte nó an tsoláthair;

(54) 

ciallaíonn “gnóthas atá comhtháite go cothrománach” gnóthas leictreachais a dhéanann ceann amháin, ar a laghad, d'fheidhmeanna giniúna lena dhíol, nó tarchuir, nó dáilte, nó soláthair, agus gníomhaíocht eile nach mbaineann leis an leictreachas;

(55) 

ciallaíonn “gnóthas gaolmhar” gnóthais chleamhnaithe mar a shainmhínítear é i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), agus gnóthais ar leis na scairshealbhóirí céanna iad;

(56) 

ciallaíonn “rialú” cearta, conarthaí nó modhanna eile, ar leithligh nó le chéile agus ag féachaint do na tosca fíorais agus dlí lena mbaineann, a thugann an deis tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas, go háirithe ar na bealaí seo a leanas:

(a) 

úinéireacht nó an ceart chun sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid dá shócmhainní, a úsáid;

(b) 

cearta nó conarthaí a thugann tionchar cinntitheach maidir le comhdhéanamh, vótáil nó cinntí chomhlachtaí an ghnóthais;

(57) 

ciallaíonn “gnóthas leictreachais” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ceann amháin, ar a laghad, de na feidhmeanna seo a leanas: giniúint, tarchur, dáileadh, comhbhailiú, freagairt ar éileamh, stóráil fuinnimh, soláthar, nó ceannach leictreachais, agus atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla agus cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, ach nach gcuimsíonn custaiméirí deiridh;

(58) 

ciallaíonn “slándáil” idir chinnteacht sholáthar an leictreachais agus chur ar fáil an leictreachais, agus an tsábháilteacht theicniúil;

(59) 

ciallaíonn “stóráil fuinnimh”, sa chóras leictreachais, úsáid deiridh an leictreachais a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreachais a tiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus fuinneamh den sórt sin a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh leictreach nó é a úsáid mar iompróir fuinnimh eile;

(60) 

ciallaíonn “saoráid stórála fuinnimh”, sa chóras leictreachais, saoráid ina dtarlaíonn an stóráil fuinnimh.

CAIBIDIL II

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE HEAGRÚ NA HEARNÁLA LEICTREACHAIS

Airteagal 3

Margaí leictreachais atá iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha agus neamh-idirdhealaitheach

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh a ndlí náisiúnta bacainn mhíchuí roimh thrádáil trasteorann i leictreachas, roimh rannpháirtíocht tomhaltóirí, lena n-áirítear tríd an bhfreagairt don éileamh, roimh infheistíochtaí go háirithe i nginiúint fuinnimu inathraitheach agus sholúbtha, roimh stóráil fuinnimh, ná roimh an leictrea-shoghluaisteacht ná roimh idirnascairí nua a leathadh amach idir Ballstáit, agus áiritheoidh siad go léireoidh praghsanna leictreachais an soláthar agus an t-éileamh iarbhír.
2.  
Nuair a bheidh idirnascairí á bhforbairt, cuirfidh na Ballstáit na spriocanna idirnasctha leictreachais a leagtar amach i bpointe (1) d'Airteagal 4(d) de Rialachán (AE) 2018/1999 san áireamh.
3.  
Áiritheoidh an Ballstát nach ann d'aon bhacainní míchuí laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas a mhéid a bhaineann le dul isteach sa mhargadh, oibriú an mhargaidh agus imeacht as an margadh, gan dochar don inniúlacht a choimeádann na Ballstáit i leith tríú tíortha.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit cothrom iomaíochta mar a mbeidh gnóthais leictreachais faoi réir rialacha, táillí agus cóireáil a bheidh trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, go háirithe i ndáil leis an bhfreagracht a chothromú, le rochtain ar mhargaí mórdhíola, le rochtain ar shonraí, le próisis chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus córais bhilleála agus, i gcás inarb infheidhme, le ceadúnú.
5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann rannpháirtithe sa margadh ó thríú tíortha, agus iad ag oibriú laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas, dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear an dlí sin a bhaineann leis an mbeartas comhshaoil agus sábháilteachta.

▼M2

Airteagal 4

Saor-rogha soláthróra

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí uile in ann leictreachas a cheannach óna rogha soláthróra. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach custaiméir saor chun níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin nó comhaontú comhroinnte fuinnimh amháin a bheith acu an tráth céanna, agus chun na críche sin go mbeidh custaiméirí i dteideal níos mó ná pointe méadraithe agus billeála amháin a bheith cumhdaithe ag an bpointe nasctha aonair dá n-áitreabh. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, féadfar córais mhéadraithe chliste arna n-imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 19 a úsáid chun ligean do chustaiméirí níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin nó níos mó ná comhaontú comhroinnte fuinnimh amháin a bheith acu an tráth céanna.

▼B

Airteagal 5

Praghsanna soláthair margadhbhunaithe

1.  
Beidh saoirse ag soláthróirí an praghas ag a soláthróidh siad leictreachas do na custaiméirí a chinneadh. Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí iomchuí chun iomaíocht éifeachtach idir na soláthróirí a áirithiú.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na custaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach a chosaint de bhun Airteagail 28 agus 29 trí bheartas sóisialta nó trí mhodhanna eile seachas idirghabhálacha poiblí i socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais.
3.  
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach. Beidh idirghabhálacha poiblí den sórt sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.
4.  

Maidir le hidirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais:

(a) 

saothróidh siad leas eacnamaíoch ginearálta agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an leas eacnamaíoch ginearálta sin a bhaint amach;

(b) 

beidh siad sainmhínithe, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe;

(c) 

déanfaidh siad rochtain chomhionann ar ghnóthais leictreachais an Aontais a ráthú do chustaiméirí;

(d) 

beidh teorainn ama leo agus beidh siad comhréireach ó thaobh na dtairbhithe de;

(e) 

ní éireoidh costais bhreise do rannpháirtithe sa mhargadh astu ar bhealach idirdhealaitheach.

5.  
Aon Bhallstát a dhéanfaidh idirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh siad freisin pointe (d) d'Airteagal 3(3) agus le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999 a chomhlíonadh, is cuma cé acu an bhfuil nó nach bhfuil líon suntasach de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann.
6.  
Ar mhaithe le hidirthréimhse chun iomaíocht éifeachtach le haghaidh conarthaí soláthair leictreachais a chruthú idir soláthróirí, agus chun praghsáil miondíola margadhbhunaithe leictreachais atá go hiomlán éifeachtach a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair nach dtairbhíonn d'idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 3.
7.  

Idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 6, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach i mír 4 agus:

(a) 

beidh sraith de bhearta ag gabháil leo chun iomaíocht éifeachtach a bhaint amach mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil leis na bearta sin;

(b) 

socrófar iad trí úsáid a bhaint as modheolaíocht a áirithíonn cóir neamh-idirdhealaitheach ar sholáthróirí;

(c) 

socrófar iad ag praghas a bheidh os cionn an chostais, ar leibhéal ag a bhféadfaidh iomaíocht éifeachtach praghsanna tarlú;

(d) 

beidh siad deartha chun aon thionchar diúltach ar an margadh leictreachais mórdhíola a íoslaghdú;

(e) 

áiritheoidh siad go mbeidh an fhéidearthacht ag gach tairbhí d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin tairiscintí margaidh iomaíocha a roghnú agus go ndéanfar, gach ráithe ar a laghad, na tairbhithe sin a chur ar an eolas go díreach faoi thairiscintí agus coigiltis a bheith ar fáil sa mhargadh iomaíoch, go háirithe faoi chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla, agus go dtabharfar cúnamh dóibh athrú go dtí tairiscint mhargadhbhunaithe;

(f) 

áiritheoidh siad, de bhun Airteagail 19 agus 21, go mbeidh tairbhithe uile d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin i dteideal méadair chliste a fháil suiteáilte gan aon réamhchostas breise do na custaiméirí sin, agus go dtairgfear suiteáil na méadair sin dóibh, agus go gcuirfear ar an eolas iad go díreach faoin bhféidearthacht méadair chliste a shuiteáil agus go dtabharfar an cúnamh is gá dóibh;

(g) 

ní leanfaidh astu tras-fhóirdheonú díreach idir custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna saormhargaidh agus custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna soláthair rialáilte.

8.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 6 laistigh de 1 mhí amháin tar éis a nglactha agus féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm láithreach. Beidh míniú ag gabháil leis an bhfógra ar an bhfáth nárbh fhéidir le hionstraimí eile an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú go leordhóthanach, conas a chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4 agus 7 agus cad iad na héifeachtaí a bheidh ag na bearta ar tugadh fógra ina leith ar an iomaíocht. Tabharfar tuairisc san fhógra ar scóip na dtairbhithe, ré na mbeart agus líon na gcustaiméirí teaghlaigh a ndéanann na bearta difear dóibh, agus tabharfar míniú ann ar an gcaoi a ndearnadh na praghsanna rialáilte a chinneadh.
9.  
Faoin 1 Eanáir 2022 agus 1 Eanáir 2025, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, maidir le riachtanas agus comhréireacht na n-idirghabhálacha poiblí faoin Airteagal seo, agus maidir le measúnú ar an dul chun cinn i dtreo iomaíocht éifeachtach a bhaint amach idir soláthróirí agus an t-aistriú go dtí praghsanna margadhbhunaithe. Ballstáit a chuireann praghsanna rialáilte i bhfeidhm i gcomhréir le mír 6, tuairisceoidh siad ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7, lena n-áirítear ar a mhéid atá soláthróirí a cheanglaítear orthu idirghabhálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm ag comhlíonadh na gcoinníollacha, chomh maith leis an tionchar atá ag praghsanna rialáilte ar chúrsaí airgeadais na soláthróirí sin.
10.  
Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Airteagail seo, agus déanfaidh sé tuarascáil ar an gcur chun feidhme sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chun críche praghsáil miondíola margadhbhunaithe an leictreachais a bhaint amach, agus, más iomchuí, gabhfaidh togra reachtach léi nó tiocfaidh togra reachtach ina dhiaidh. Féadfar críochdháta do na praghsanna rialáilte a bheith ar áireamh sa togra reachtach sin.

Airteagal 6

Rochtain tríú páirtí

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas le haghaidh rochtain tríú páirtí ar na córais tarchurtha agus dáileacháin a bheidh bunaithe ar tharaifí foilsithe, a bheidh infheidhme maidir leis na custaiméirí uile agus a chuirfear i bhfeidhm ar bhealach oibiachtúil agus gan idirdhealú idir úsáideoirí an chórais. Áiritheoidh na Ballstáit go bhformheasfar na taraifí sin, nó na modheolaíochtaí is bonn lena ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 59 sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus go bhfoilseofar na taraifí sin, agus na modheolaíochtaí — i gcás nach mbeidh formheasta ach na modheolaíochtaí — sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.
2.  
Féadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin rochtain a dhiúltú más rud é nach bhfuil an acmhainneacht riachtanach aige. Tabharfar na cúiseanna cuí-réasúnaithe leis an diúltú sin, go háirithe ag féachaint d'Airteagal 9, agus beidh siad bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus a bhfuil údar leo go teicniúil agus go heacnamaíoch. Áiritheoidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, údaráis rialála na mBallstát sin go gcuirfear na critéir sin i bhfeidhm go comhsheasmhach agus gur féidir leis an úsáideoir córais ar diúltaíodh rochtain dó úsáid a bhaint as nós imeachta um réiteach díospóidí. Ina theannta sin, áiritheoidh na húdaráis rialála, i gcás inarb iomchuí agus nuair a dhiúltaítear rochtain, go soláthróidh an oibreoir córais tarchurtha nó an oibreoir córais dáileacháin an fhaisnéis ábhartha maidir leis na bearta a bheadh riachtanach chun an gréasán a threisiú. Soláthrófar an fhaisnéis sin i ngach cás inar diúltaíodh rochtain le haghaidh pointí athluchtaithe. Féadfar táille réasúnach a ghearradh ar an bpáirtí a iarrfaidh an fhaisnéis sin a bheidh ag teacht leis an gcostas a ghabhann leis an bhfaisnéis sin a sholáthar.
3.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le pobail fuinnimh saoránach a bhainistíonn gréasáin dáileacháin.

▼M2

Airteagal 6a

Comhaontuithe nasctha sholúbtha

1.  
Forbróidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, creat d’oibreoirí córais tarchurtha agus d’oibreoirí córais dáileacháin lenar féidir leo comhaontuithe nasctha sholúbtha a bhunú i limistéir ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht acmhainneachta gréasáin le haghaidh naisc nua nó nach bhfuil aon infhaighteacht acmhainneachta gréasáin ann, ar creat é arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 31(3) agus Airteagal 50(4a), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/943. Áiritheofar an méid seo a leanas leis an gcreat sin:
(a) 

mar riail ghinearálta, ní chuirfidh naisc sholúbtha moill ar atreisithe gréasáin sna limistéir shainaitheanta;

(b) 

cinnteofar an tiontú ó chomhaontuithe nasctha sholúbtha go comhaontuithe nasctha dhaingin a luaithe a fhorbrófar an gréasán ar bhonn critéir bhunaithe; agus

(c) 

i gcás na limistéar ina measfaidh an t-údarás rialála, nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, nach é forbairt an ghréasáin an réiteach is éifeachtúla, is féidir, i gcás inarb ábhartha, comhaontuithe nasctha sholúbtha a dhéanamh mar réiteach buan, lena n-áirítear le haghaidh na stórála fuinnimh.

2.  
Féadfar a áirithiú leis an gcreat dá dtagraítear i mír 1 go sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sna comhaontuithe nasctha sholúbtha:
(a) 

an t-uasmhéid leictreachais is féidir a instealladh nó a tharraingt siar chuig an eangach agus uaithi, chomh maith leis an méid solúbtha breise d’acmhainneacht insteallta agus tarraingthe siar is féidir a nascadh agus a dhifreáil le bloic ama i rith na bliana;

(b) 

na muirir ghréasáin is infheidhme maidir leis na hacmhainneachtaí insteallta agus tarraingthe siar daingne agus solúbtha araon;

(c) 

fad comhaontaithe an chomhaontaithe nasctha sholúbtha agus an dáta a meastar a dheonófar nasc leis an acmhainneacht dhaingean iomlán a iarradh.

Beidh ar an úsáideoir córais a nascann trí nasc solúbtha eangaí, beidh air córas rialaithe cumhachta a shuiteáil arna dheimhniú ag deimhnitheoir údaraithe.

▼B

Airteagal 7

Sreanga díreacha

1.  

Déanfaidh na Ballstáit na bearta atá riachtanach ionas gur féidir:

(a) 

leis na táirgeoirí agus na gnóthais soláthair leictreachais uile atá bunaithe laistigh dá gcríoch soláthar dá n-áitreabh féin, dá bhfochuideachtaí agus dá gcustaiméirí trí shreang dhíreach agus gan iad a bheith faoi réir nósanna imeachta nó costais riaracháin atá díréireach;

(b) 

leis na custaiméirí uile laistigh dá gcríoch, ina n-aonar nó go comhpháirteach, soláthar a fháil trí shreang dhíreach ó tháirgeoirí agus ó ghnóthais soláthair leictreachais.

2.  
Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir maidir le húdaruithe a dheonú chun sreanga díreacha a thógáil ar a gcríoch. Beidh na critéir sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.
3.  
De thoradh na féidearthachta leictreachas a sholáthar trí shreang dhíreach amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar difear don fhéidearthacht leictreachas a fháil ar conradh i gcomhréir le hAirteagal 6.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint chun sreang dhíreach a thógáil, a bheidh faoi réir diúltú a bheith déanta do rochtain ar an gcóras ar bhonn, de réir mar is iomchuí, Airteagal 6 nó tús a bheith curtha le nós imeachta um réiteach díospóidí faoi Airteagal 60.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit a dhiúltú sreang dhíreach a údarú más rud é go gcuirfí bac, de dheasca an t-údarú sin a dheonú, ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le hoibleagáidí seirbhísí poiblí in Airteagal 9. Tabharfar cúiseanna cuí-réasúnaithe leis an diúltú sin.

Airteagal 8

Nós imeachta um údarú maidir le hacmhainneacht nua

1.  
I gcomhair tógáil acmhainneachta giniúna nua, glacfaidh na Ballstáit nós imeachta um údarú, agus seolfar an nós imeachta sin i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
2.  

Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir maidir le húdaruithe a dheonú i ndáil le hacmhainneacht ghiniúna a thógáil ar a gcríoch. Agus na critéir is iomchuí á gcinneadh acu, breithneoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

sábháilteacht agus slándáil an chórais leictreachais, na suiteálacha agus an trealaimh ghaolmhair;

(b) 

cosaint do shláinte agus sábháilteacht phoiblí;

(c) 

cosaint an chomhshaoil;

(d) 

úsáid talún agus suíomh;

(e) 

úsáid talún poiblí;

(f) 

éifeachtúlacht fuinnimh;

(g) 

cineál na bhfoinsí príomha;

(h) 

saintréithe an iarratasóra, amhail cumas teicniúil, eacnamaíoch agus airgeadais;

(i) 

comhlíonadh na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 9;

(j) 

an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le comhlíonadh sprioc fhoriomlán an Aontais gur fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a bheidh i sciar 32 % d'olltomhaltas deiridh an Aontais in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(k) 

an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le laghdú astaíochtaí; agus

(l) 

roghanna malartacha seachas acmhainneacht ghiniúna nua a thógáil, amhail réitigh don fhreagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit gurb ann do na nósanna imeachta sonracha, simplithe agus sruthlínithe um údarú le haghaidh giniúint bheag dhíláraithe agus/nó dáilte, lena gcuirfear san áireamh méid theoranta agus tionchar féideartha na giniúna sin.

Féadfaidh na Ballstáit treoirlínte a leagan síos maidir leis an nós imeachta sonrach sin um údarú. Déanfaidh na húdaráis rialála nó údaráis inniúla náisiúnta eile, lena n-áirítear na húdaráis pleanála, na treoirlínte sin a athbhreithniú agus féadfaidh siad leasuithe orthu a mholadh.

I gcás ina mbeidh nósanna imeachta ar leith leagtha síos ag na Ballstáit maidir le ceadanna úsáide talún, ar nósanna imeachta iad is infheidhme maidir le mórthionscadail bhonneagair nua le haghaidh acmhainneacht ghiniúna, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tógáil acmhainneachta giniúna nua a áireamh i raon feidhme na nósanna imeachta sin agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus laistigh d'achar ama iomchuí.

4.  
Poibleofar na nósanna imeachta agus na critéir don údarú. Cuirfear na hiarratasóirí ar an eolas faoi na cúiseanna le haon diúltú údarú a dheonú. Beidh na cúiseanna sin oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cuí-réasúnaithe agus beidh bunús maith leo. Cuirfear nósanna imeachta achomhairc ar fáil d'iarratasóirí.

Airteagal 9

Oibleagáidí seirbhíse poiblí

1.  
Gan dochar do mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit, ar bhonn a n-eagrúcháin institiúidigh agus le haird chuí ar phrionsabal na coimhdeachta, go ndéanfar, gan dochar do mhír 2, gnóthais leictreachais a oibriú i gcomhréir le prionsabal na Treorach seo d'fhonn margadh don leictreachas a bhaint amach a bheidh iomaíoch, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ní dhéanfaidh siad idirdhealú idir na gnóthais sin a mhéid a bhaineann lena gcearta ná a n-oibleagáidí.
2.  
Le haird iomlán ar fhorálacha ábhartha CFAE, go háirithe Airteagal 106 de, féadfaidh na Ballstáit, ar son an leasa eacnamaíoch ghinearálta, oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais a oibríonn in earnáil an leictreachais, ar oibleagáidí iad a d'fhéadfadh a bheith ag baint le slándáil, lena n-áirítear cinnteacht an tsoláthair, rialtacht, cáilíocht agus praghas an tsoláthair agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus cosaint na haeráide. Beidh oibleagáidí den sórt sin sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus ráthófar leo cothrom rochtana ar chustaiméirí náisiúnta do ghnóthais leictreachais an Aontais. Comhlíonfaidh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le socrú na bpraghsanna do sholáthair an leictreachais na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir seo.
3.  
I gcás ina dtabharfar cúiteamh airgeadais, cineálacha eile cúitimh agus cearta eisiacha a dheonóidh an Ballstát le haghaidh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nó le haghaidh soláthar seirbhíse uilíche mar a leagtar amach in Airteagal 27, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach a dhéanfar an méid sin.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit, ar chur chun feidhme na Treorach seo, an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta uile arna nglacadh chun na hoibleagáidí seirbhíse uilíche agus seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear cosaint na dtomhaltóirí agus an chomhshaoil, agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith acu ar an iomaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta, teastaíodh maolú ar an Treoir seo le haghaidh na mbeart sin nó ná teastaíodh. Ina dhiaidh sin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gach 2 bhliain faoi aon athruithe ar na bearta sin, teastaíodh maolú ar an Treoir seo lena n-aghaidh nó ná teastaíodh.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan Airteagail 6, 7 agus 8 den Treoir seo a chur i bhfeidhm a mhéid a chuirfí, de dheasca a gcur i bhfeidhm, bac, i ndlí nó i bhfíoras, ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais leictreachais ar son an leasa eacnamaíoch ghinearálta agus a mhéid nach gcuirfear isteach ar fhorbairt na trádála a oiread agus go mbeadh sé contrártha do leasanna an Aontais. Áirítear ar leasanna an Aontais, inter alia, iomaíocht a mhéid a bhaineann le custaiméirí i gcomhréir le hAirteagal 106 CFAE agus leis an Treoir seo.

CAIBIDIL III

CUMHACHTÚ AGUS COSAINT NA DTOMHALTÓIRÍ

Airteagal 10

Bunchearta conarthacha

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh uile i dteideal a soláthar leictreachais a fháil ó sholáthróir, faoi réir chomhaontú an tsoláthróra, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an soláthróir sin cláraithe, ar choinníoll go gcloífidh an soláthróir leis na rialacha trádála agus cothromúcháin is infheidhme. Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile atá riachtanach chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.
2.  
Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle ( 7 ), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 3 go 12 den Airteagal seo ag custaiméirí deiridh.
3.  

Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a) 

céannacht agus seoladh an tsoláthróra;

(b) 

na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí a thairgtear, chomh maith leis an am don nascadh tosaigh;

(c) 

na cineálacha seirbhíse cothabhála a thairgtear;

(d) 

na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;

(e) 

ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;

(f) 

aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;

(g) 

an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26;

(h) 

faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi láimhseáil gearán agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais leictreachais.

Beidh na coinníollacha cóir agus beidh siad ar eolas go maith roimh ré. In aon chás, soláthrófar an fhaisnéis sin sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina dtabharfar conarthaí i gcrích trí idirghabhálaithe, tabharfar an fhaisnéis a bhaineann leis na hábhair a leagtar amach sa mhír seo freisin sula dtabharfar an conradh i gcrích.

Déanfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha a thabhairt do chustaiméirí deiridh ar shlí fheiceálach agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí.

4.  
Tabharfar fógra iomchuí do chustaiméirí deiridh faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha agus cuirfear ar an eolas iad, tráth a thugtar an fógra sin, faoina gceart an conradh a fhoirceannadh. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméirí faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, na réamhchoinníollacha a ghabhann leis, agus a scóip, ag tráth iomchuí nach déanaí ná 2 sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás custaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil saoirse ag custaiméirí deiridh a gconarthaí a fhoirceannadh mura nglacfaidh siad le coinníollacha nua conarthacha nó leis na coigeartuithe ar an bpraghas soláthair ar thug a soláthróir fógra dóibh ina leith.
5.  
Déanfaidh soláthróirí faisnéis thrédhearcach a sholáthar do chustaiméirí deiridh faoi na praghsanna agus na taraifí is infheidhme agus faoi na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha, maidir le rochtain ar sheirbhísí leictreachais agus úsáid na seirbhísí sin.
6.  
Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú míchuí idir custaiméirí. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ).
7.  
De bhun mhír 6, ní dhéanfar custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.
8.  
Déanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Na téarmaí agus coinníollacha ginearálta, is i dteanga shoiléir agus shothuigthe a thabharfar iad agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, mar shampla doiciméadú conarthach iomarcach. Déanfar custaiméirí a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach.
9.  
Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.
10.  
Agus seirbhís uilíoch á rochtain acu de réir na bhforálacha arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27, cuirfear custaiméirí deiridh ar an eolas faoina gcearta maidir le seirbhís uilíoch.
11.  
Déanfaidh soláthróirí faisnéis iomchuí a sholáthar do chustaiméirí teaghlaigh faoi bhearta malartacha ar an díscor fada go leor roimh aon díscor atá pleanáilte. Féadfaidh bearta malartacha den sórt sin tagairt a dhéanamh d'fhoinsí tacaíochta chun díscor a sheachaint, do óhrais réamhíocaíochta, d'iniúchtaí fuinnimh, do sheirbhísí comhairliúcháin fuinnimh, do phleananna íocaíochta malartacha, do chomhairle faoi bhainistiú fiach nó do mhoratóirí ar dhíscor agus ní bheidh costas breise do na custaiméirí a bhfuil an díscor ag tarlú dóibh i gceist leo.
12.  
Déanfaidh soláthróirí cuntas clabhsúir deiridh a sholáthar do chustaiméirí deiridh tar éis aon athrú soláthróra tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis d'athrú den sórt sin tarlú.

Airteagal 11

▼M2

Teidlíocht ar chonradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe agus ar chonradh leictreachais praghsála dinimiciúla;

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfágfaidh an creat rialála náisiúnta go mbeidh sé ar chumas soláthróirí conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe agus conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla a thairiscint. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le custaiméirí deiridh a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu a iarraidh conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a thabhairt i gcrích agus gur féidir le gach custaiméir deiridh a iarraidh conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thabhairt i gcrích, ar conradh é a mhairfidh aon bhliain amháin ar a laghad le soláthróir amháin ar a laghad agus le gach soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige a dhíolmhú ón oibleagáid conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thairiscint sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ní thairgeann an soláthróir ach conarthaí praghsála dinimiciúla;

(b) 

nach mbíonn tionchar diúltach ag an díolúine ar iomaíocht; agus

(c) 

gur ann fós do rogha leordhóthanach do chustaiméirí deiridh maidir le conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a mhodhnú go haontaobhach agus nach ndéanfaidh siad conarthaí den sórt sin a fhoirceannadh sula dtiocfaidh siad in aibíocht.

▼M2

1a.  
Sula ndéanfar aon chonradh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích nó síneadh a chur leis, déanfar achoimre ar na príomhthéarmaí agus na príomhchoinníollacha conarthacha a thabhairt do chustaiméirí deiridh ar shlí fheiceálach agus i bhfriotal a bheidh soiléir agus gonta. Leagfar amach san achoimre sin na cearta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus (4) agus áireofar inti an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a) 

an praghas iomlán agus a mhiondealú;

(b) 

míniú cé acu atá an praghas socraithe, athraitheach nó dinimiciúil;

(c) 

seoladh ríomhphoist an tsoláthróra agus sonraí beolíne tacaíochta do thomhaltóirí; agus

(d) 

i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi íocaíochtaí aonuaire, promóisin, seirbhísí breise agus lascainí.

Tabharfaidh an Coimisiún treoraíocht ina leith sin.

1b.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach n-eisiafar custaiméirí deiridh a bhfuil conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe acu ó pháirt a ghlacadh, i gcás ina gcinnfidh siad déanamh amhlaidh, sa fhreagairt don éileamh agus i gcomhroinnt fuinnimh agus ó rannchuidiú go gníomhach le riachtanais solúbthachta córais leictreachais náisiúnta a bhaint amach.

▼M2

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na soláthróirí na custaiméirí deiridh go hiomlán ar an eolas faoi na deiseanna, na costais agus na rioscaí a bhaineann leis na cineálacha conarthaí soláthair leictreachais faoi seach, agus go mbeidh soláthróirí faoi cheangal faisnéis a thabhairt do na custaiméirí deiridh dá réir, lena n-áirítear i ndáil leis an ngá go mbeadh méadar leictreachais leormhaith suiteáilte. Déanfaidh údaráis rialála an méid seo a leanas:
(a) 

faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus déanfaidh siad measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí agus seirbhísí nua agus tabharfaidh siad aghaidh ar chleachtais éagóracha;

(b) 

bearta iomchuí i gcás ina sainaithneofar táillí foirceannta neamh-inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 12(3).

▼B

3.  
Gheobhaidh soláthróirí toiliú ar gach custaiméara deiridh sula ndéanfar an custaiméir sin a athrú go dtí conradh leictreachais praghsála dinimiciúla.
4.  
Ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis fáil a bheith ar chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla den chéad uair, déanfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis rialála faireachán ar na forbairtí is mó ar na conarthaí sin, agus foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil maidir leis sin, lena n-áirítear tairiscintí margaidh agus an tionchar ar bhillí na dtomhaltóirí agus, go sonrach, leibhéal na luaineachta praghsanna.

Airteagal 12

An ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus rialacha maidir le táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir

1.  
Maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú go ceann eile, déanfar é sin san achar ama is giorra is féidir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an custaiméir ar mian leis athrú ó sholáthróirí nó ó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, agus coinníollacha conarthacha á n-urramú, i dteideal athrú den sórt sin a dhéanamh laistigh de 3 seachtaine ar a mhéad ó dháta na hiarrata. Tráth nach déanaí ná 2026, ní mhairfidh an próiseas chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile níos faide ná 24 uair an chloig agus beidh sé indéanta an méid sin a dhéanamh le linn aon lá oibre.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ngearrfar aon táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir, ar a laghad, ar chustaiméirí teaghlaigh, ar micrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.
3.  
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na soláthróirí nó do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú táillí scortha conartha a ghearradh ar chustaiméirí i gcás ina scoirfidh na custaiméirí sin go toiliúil conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe roimh dháta aibíochta na gconarthaí sin, ar choinníoll go bhfuil na táillí sin ina gcuid de chonradh a rinne an custaiméir go toiliúil agus go ndéantar na táillí sin a chur in iúl don chustaiméir go soiléir sula ndéantar an conradh. Beidh na táillí sin comhréireach agus ní bheidh siad agus ní rachaidh siad thar an gcaillteanas eacnamaíoch díreach don soláthróir nó don rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú de thoradh an custaiméir an conradh a scor, lena n-áirítear costais aon infheistíochtaí cuachta nó seirbhísí cuachta atá soláthraithe don chustaiméir cheana féin mar chuid den chonradh. Is ar an soláthróir nó ar an rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do comhbhailiú a bheidh an t-ualach an caillteanas eacnamaíoch díreach a chruthú agus déanfaidh an t-údarás rialála, nó aon údarás inniúil náisiúnta eile, faireachán ar a incheadaithe atá táillí scortha conartha.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú go ceann eile a dheonú do chustaiméirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de.
5.  
Beidh custaiméirí teaghlaigh i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna comhchoiteanna chun athrú ó sholáthróirí go cinn eile. Déanfaidh na Ballstáit gach bacainn rialála nó riaracháin a bheadh ann i leith athrú comhchoiteann a dhíchur, agus fós soláthróidh siad creat a áirithíonn an chosaint is mó do thomhaltóirí ionas go seachnófar aon chleachtas mí-úsáideach.

Airteagal 13

Conradh comhbhailiúcháin

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tsaoirse ag na custaiméirí uile seirbhísí leictreachais a cheannach agus a dhíol, lena n-áirítear comhbhailiú, seachas soláthar, go neamhspleách ar a gconradh soláthair leictreachais agus ar ghnóthas leictreachais dá rogha.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar mian le custaiméir deiridh conradh comhbhailiúcháin a thabhairt i gcrích, go mbeidh an custaiméir deiridh i dteideal déanamh amhlaidh gan toiliú na ngnóthas leictreachais lena aghaidh sin a fháil.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú na custaiméirí a chur ar an eolas go hiomlán i dtaobh théarmaí agus coinníollacha na gconarthaí a thairgeann siad dóibh.

3.  
Na sonraí ábhartha uile maidir leis an bhfreagairt don éileamh nó na sonraí maidir le leictreachas arna sholáthar agus arna dhíol, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na custaiméirí deiridh i dteideal iad a fháil saor in aisce uair amháin ar a laghad gach tréimhse bhilleála más rud é go n-iarrann an custaiméir an méid sin.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a dheonú do na custaiméirí deiridh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh custaiméirí faoi réir aon cheanglais theicniúla nó riaracháin, nósanna imeachta teicniúla nó riaracháin agus muirir theicniúla nó riaracháin atá idirdhealaitheach óna soláthróir ar an mbunús conradh a bheith acu le rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú.

Airteagal 14

Uirlisí comparáide

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag custaiméirí teaghlaigh, agus ag micrifhiontair le tomhaltas bliantúil ionchasach is lú ná 100 000 kWh, ar a laghad, saor in aisce, ar uirlis amháin ar a laghad a chuireann i gcomparáid tairiscintí na soláthróirí, lena n-áirítear tairiscintí le haghaidh conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Déanfar na custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil na huirlisí sin le fáil agus beidh an fhaisnéis sin ina mbillí nó in éineacht lena mbillí nó déanfar ar bhealach eile é. Comhlíonfaidh an huirlisí ar a laghad na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh siad neamhspleách ó rannpháirtithe sa mhargadh agus áiritheoidh siad go dtugtar cóir chomhionann do ghnóthais leictreachais i dtorthaí an chuardaigh;

(b) 

cuirfidh siad in iúl go soiléir cé hiad a gcuid úinéirí agus cén duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag oibriú agus ag rialú na huirlise, chomh maith le faisnéis a thabhairt i dtaobh an chaoi a bhfuil na huirlisí á maoiniú;

(c) 

leagfaidh siad amach na critéir shoiléire oibiachtúla a mbeidh an chomparáid bunaithe orthu, lena n-áirítear seirbhísí, agus foilseoidh siad iad;

(d) 

úsáidfidh siad friotal atá soiléir agus gan débhrí;

(e) 

beidh an fhaisnéis a thabharfaidh siad cruinn agus cothrom le dáta agus luafar an uair dheireanach a tugadh chun dáta í;

(f) 

beidh siad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas, trína bheith infheicthe, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach;

(g) 

cuirfidh siad nós imeachta éifeachtach ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh ar aon fhaisnéis mhícheart faoi na tairiscintí atá foilsithe; agus

(h) 

déanfaidh siad comparáidí, ach fós beidh an méid sonraí pearsanta a iarrtar teoranta do na sonraí atá go hiomlán riachtanach chun an chomparáid a dhéanamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlis amháin ar a laghad ann a chlúdóidh an margadh ina iomláine. I gcás ina mbeidh níos mó ná uirlis amháin ann a chlúdóidh an margadh, áireofar sna huirlisí sin, ar bhealach chomh hiomlán agus is praiticiúil, raon tairiscintí leictreachais a chumhdóidh cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach gcumhdóidh na huirlisí sin an margadh go hiomlán, ráiteas soiléir chuige sin, sula dtaispeánfar na torthaí;

2.  
Na huirlisí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh aon eintiteas, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha agus údaráis agus comhlachtaí poiblí, iad a oibriú.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit údarás inniúil a cheapadh le bheith freagrach as marcanna iontaoibhe a eisiúint le haghaidh uirlisí comparáide a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1, agus as a áirithiú go leanfaidh na huirlisí comparáide sin a bhfuil marc iontaoibhe ag gabháil leo de na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh. Beidh an t-údarás sin neamhspleách ar aon rannpháirtithe sa mhargadh agus ar aon oibreoirí uirlise comparáide.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh ar áireamh sna huirlisí comparáide dá dtagraítear i mír 1 critéir chomparáideacha a bhaineann le cineál na seirbhísí a thairgeann na soláthróirí.
5.  
Aon uirlis a dhéanann comparáid idir tairiscintí rannpháirtithe sa mhargadh, beidh sí incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar mharc iontaoibhe i gcomhréir leis an Airteagal seo ar bhonn deonach agus neamh-idirdhealaitheach.
6.  
De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 5, féadfaidh Ballstáit a roghnú gan foráil do mharcanna iontaoibhe a eisiúint d'uirlisí comparáide más rud é go bhfuil uirlis chomparáid a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á soláthar ag údarás poiblí nó comhlacht poiblí.

Airteagal 15

Custaiméirí gníomhacha

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil custaiméirí deiridh i dteideal gníomhú mar chustaiméirí gníomhacha gan a bheith faoi réir ceanglais theicniúla, ceanglais riaracháin, nósanna imeachta agus muirear, agus muirir ghréasáin nach léiriú ar na costais iad;
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na custaiméirí gníomhacha:

(a) 

go bhfuil siad i dteideal oibriú go díreach nó trí chomhbhailiú;

(b) 

go bhfuil siad i dteideal leictreachas féinghinte a dhíol, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta;

(c) 

go bhfuil siad i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna solúbthachta agus scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh;

(d) 

go bhfuil siad i dteideal bainistiú na suiteálacha atá ag teastáil dá gcuid gníomhaíochtaí a tharmligean chuig tríú páirtí, lena n-áirítear suiteáil, oibriú, láimhseáil sonraí agus cothabháil, gan an tríú páirtí a bheith measta mar bheith ina chustaiméir gníomhach;

(e) 

go bhfuil siad faoi réir muirir ghréasáin atá costléiritheach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a dhéanann cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach san eangach agus ar an leictreachas a ídítear ón eangach, i gcomhréir le hAirteagal 59(9) den Treoir seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943, rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais;

(f) 

go bhfuil freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943.

3.  
Féadfaidh Ballstáit forálacha éagsúla a bheith acu ina ndlí náisiúnta is infheidhme maidir le custaiméirí aonair gníomhacha agus custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go chomhpháirteach, ar choinníoll go ndéantar na cearta agus oibleagáidí uile faoin Airteagal seo a chur i bhfeidhm i leith gach custaiméir ghníomhaigh. Aon éagsúlacht sa chóir i leith custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach, beidh sí comhréireach agus cuí-réasúnaithe.
4.  
Ballstáit a bhfuil scéimeanna atá ann cheana acu nach ndéanann cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach san eangach agus an leictreachas a ídítear ón eangach, ní dhéanfaidh siad aon chearta nua a dheonú faoi scéimeanna den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2023. In aon chás, na custaiméirí atá faoi réir scéimeanna atá ann cheana, beidh an fhéidearthacht acu ag aon tráth ar leith scéim nua a roghnú trína ndéantar cuntas ar leithligh ar an leictreacha a chuirtear isteach san eangach agus ar an leictreachas a ídítear ón eangach mar bhunús chun muirir ghréasáin a ríomh.
5.  

Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na tomhaltóirí gníomhacha a bhfuil úinéireacht ar shaoráid stórála acu:

(a) 

go mbeidh acu an ceart nascadh leis an eangach laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis iarraidh chuige sin a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha is gá, amhail freagracht chothromúcháin agus méadrú leormhaith, comhlíonta;

(b) 

nach bhfuil siad faoi réir aon mhuirir dhúbailte, lena n-áirítear muirir ghréasáin, le haghaidh leictreachas stóráilte a fhanann ina n-áitreabh nó nuair a bhíonn seirbhísí solúbthachta á soláthar acu d'oibreoirí córais;

(c) 

nach bhfuil siad faoi réir ceanglais cheadúnais nó táillí ceadúnais atá díréireach;

(d) 

go ligtear dóibh líon éagsúil seirbhísí a sholáthar ag an am céanna, más indéanta é sin go teicniúil.

▼M2

Airteagal 15a

An ceart chun comhroinnt fuinnimh

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach teaghlach, gach fiontar beag agus gach fiontar meánmhéide, gach comhlacht poiblí agus, i gcás ina gcinnfidh Ballstát amhlaidh, catagóirí eile de chustaiméirí deiridh, a bheith rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh mar chustaiméirí gníomhacha ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, laistigh den chrios tairisceana céanna nó laistigh de limistéar geografach níos teoranta, de réir mar a chinnfidh an Ballstát sin.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh custaiméirí gníomhacha i dteideal fuinneamh in-athnuaite a chomhroinnt eatarthu féin bunaithe ar chomhaontuithe príobháideacha nó trí eintiteas dlíthiúil. Ní bheidh i gceist le rannpháirtíocht i gcomhroinnt fuinnimh príomhghníomhaíocht tráchtála ná ghairmiúil na gcustaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gabháil do chomhroinnt fuinnimh.
3.  
Féadfaidh custaiméirí gníomhacha tríú páirtí a cheapadh mar eagraí comhroinnte fuinnimh chun na gcríoch seo a leanas:
(a) 

cumarsáid a dhéanamh faoi na socruithe comhroinnte fuinnimh le heintitis ábhartha eile, amhail soláthróirí agus oibreoirí gréasáin, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann leis na taraifí agus na muirir, na cánacha nó na tobhaigh is infheidhme;

(b) 

tacaíocht a sholáthar maidir le bainistiú agus cothromú ualaí solúbtha taobh thiar den mhéadar agus maidir le saoráidí giniúna agus stórála fuinnimh in-athnuaite dáilte atá mar chuid den socrú ábhartha comhroinnte fuinnimh;

(c) 

conradh a dhéanamh le custaiméirí gníomhacha a bhíonn rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh, agus iad a bhilleáil;

(d) 

suiteáil agus oibriú na saoráide giniúna nó stórála fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear méadrú agus cothabháil.

Féadfaidh eagraí comhroinnte fuinnimh nó tríú páirtí eile saoráid stórála nó saoráide giniúna fuinnimh in-athnuaite suas le 6 MW a bheith faoina úinéireacht nó faoina bhainistiú, gan a mheas gur custaiméir gníomhach é, ach amháin i gcás ina mbeidh sé ar cheann de na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach sa tionscadal comhroinnte fuinnimh. Soláthróidh an t-eagraí comhroinnte fuinnimh seirbhísí neamh-idirdhealaitheacha agus praghsanna trédhearcacha, taraifí trédhearcacha agus téarmaí seirbhísí trédhearcacha. Maidir leis gcéad fhomhír, pointe (c) den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 10, 12 agus 18. Leagfaidh na Ballstáit síos an creat rialála chun an mhír seo a chur i bhfeidhm.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis na custaiméirí gníomhacha atá rannpháirteach i gcomhroinnt fuinnimh:
(a) 

go bhfuil siad i dteideal an leictreachas comhroinnte a instealladh san eangach a asbhaint óna dtomhaltas méadraithe iomlán laistigh d’eatramh ama nach faide ná an tréimhse réitigh éagothroime agus gan dochar do chánacha, tobhaigh agus muirir ghréasáin neamh-idirdhealaitheacha agus chostas-léiritheacha is infheidhme;

(b) 

go mbainfidh siad tairbhe as cearta agus oibleagáidí tomhaltóirí uile mar chustaiméirí deiridh faoin Treoir seo;

(c) 

nach gceanglaítear orthu oibleagáidí soláthróra a chomhlíonadh i gcás ina gcomhroinntear fuinneamh in-athnuaite idir teaghlaigh ag a bhfuil acmhainneacht shuiteáilte suas le 10,8  kW i gcás teaghlaigh aonair agus suas le 50 kW i gcás bloic ilárasán;

(d) 

go mbeidh rochtain acu ar theimpléid dheonacha ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha cothroma agus trédhearcacha le haghaidh comhaontuithe comhroinnte fuinnimh;

(e) 

i gcás ina mbeidh coinbhleacht ann mar thoradh ar chomhaontú comhroinnte fuinnimh, beidh rochtain acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt le rannpháirtithe eile sa chomhaontú comhroinnte fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 26;

(f) 

nach bhfuil siad faoi réir iompraíochta inar chaith rannpháirtithe sa mhargadh, ná a bpáirtithe atá freagrach as cothromú, go héagórach agus go hidirdhealaitheach leo;

(g) 

go gcuirfear ar an eolas iad go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar chriosanna tairisceana i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/943 agus go bhfuil srian ar an gceart chun comhroinnt fuinnimh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

(h) 

fógra a thabhairt maidir le socruithe comhroinnte fuinnimh do na hoibreoirí córais agus do na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, lena n-áirítear na soláthróirí ábhartha, go díreach nó trí eagraí comhroinnte fuinnimh.

Féadfaidh na Ballstáit na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a oiriúnú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás teaghlaigh aonair, is féidir an tairseach a mhéadú go dtí suas le 30 kW;

(b) 

i gcás bloic ilárasán, is féidir an tairseach a mhéadú go dtí suas le 100 kW nó, i gcás imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo de bharr meánmhéid laghdaithe bloic ilárasán, a laghdú go dtí an t-íosmhéid 40 kW.

5.  
I gcás inar mó ná fiontair bheaga agus mheánmhéide na catagóirí eile de chustaiméirí deiridh atá rannpháirteach i scéimeanna comhroinnte fuinnimh, beidh feidhm ag na coinníollacha breise seo a leanas:
(a) 

6 MW ar a mhéad a bheidh i méid acmhainneacht shuiteáilte na saoráide giniúna a bhaineann leis an scéim comhroinnte fuinnimh;

(b) 

déanfar an chomhroinnt fuinnimh laistigh de limistéar geografach áitiúil nó teoranta, mar atá sainithe ag an mBallstát lena mbaineann.

6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha nó oibreoirí córais dáileacháin ábhartha nó comhlachtaí ainmnithe eile an méid seo a leanas:
(a) 

sonraí méadraithe a bhaineann leis an leictreachas comhroinnte a bhailiú, a bhailíochtú agus a chur in iúl do chustaiméirí deiridh ábhartha agus rannpháirtithe sa mhargadh agus faireachán a dhéanamh ar na sonraí sin, gach mí ar a laghad, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, agus chun na críche sin, na córais TF iomchuí a chur i bhfeidhm;

(b) 

pointe teagmhála ábhartha a sholáthar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

socruithe comhroinnte fuinnimh a chlárú;

(ii) 

faisnéis phraiticiúil a chur ar fáil maidir le comhroinnt fuinnimh;

(iii) 

faisnéis a fháil faoi phointí méadraithe ábhartha, athruithe ar shuíomh agus rannpháirtíocht; agus

(iv) 

i gcás inarb infheidhme, bailíochtú a dhéanamh ar mhodhanna ríofa ar bhealach soiléir, trédhearcach agus tráthúil.

7.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh rochtain a fháil ar scéimeanna comhroinnte fuinnimh. Féadfar bearta tacaíochta airgeadais nó cuóta leithdháilte táirgeachta a áireamh ar na bearta sin.
8.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh tionscadail comhroinnte fuinnimh ar le húdaráis phoiblí iad an leictreachas comhroinnte a chur ar fáil do chustaiméirí nó shaoránaigh atá leochaileacha nó bocht ó thaobh fuinnimh de. Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena chur chun cinn gurb ionann an méid fuinnimh inrochtana sin agus 10 % ar a laghad ar an meán den fhuinneamh comhroinnte.
9.  
Féadfaidh na Ballstáit tabhairt isteach, i bhfoirgnimh agus ar fhoirgnimh, mionchórais gréine inluchtaithe ag a bhfuil acmhainneacht suas le 800 W a chur chun cinn.
10.  
Soláthróidh an Coimisiún treoir do na Ballstáit gan an t-ualach riaracháin a mhéadú chun cur chuige caighdeánaithe a éascú maidir le comhroinnt fuinnimh a bhunú agus cothrom iomaíochta a áirithiú do phobail fuinnimh in-athnuaite agus do phobail fuinnimh saoránach.
11.  
Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart na gcustaiméirí soláthróir a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus do na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le húdarú soláthróirí.

▼B

Airteagal 16

Pobail fuinnimh saoránach

1.  

Déanfaidh na Ballstáit creat rialála cumasúcháin a sholáthar do phobail fuinnimh saoránach a áiritheoidh an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil rannpháirtíocht i bpobal fuinnimh saoránach oscailte agus deonach;

(b) 

go bhfuil baill nó sairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach i dteideal an pobal a fhágáil, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 12;

(c) 

nach gcailleann baill nó scairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí teaghlaigh nó mar chustaiméirí gníomhacha;

(d) 

faoi réir cúiteamh cothrom arna mheas ag an údarás rialála, go ndéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin ábhartha comhoibriú le pobail fuinnimh saoránach chun aistrithe leictreachais laistigh de phobail fuinnimh saoránach a éascú;

(e) 

go bhfuil pobail fuinnimh saoránach faoi réir nósanna imeachta agus muirir atá neamh-idirdhealaitheach, cothrom, comhréireacha agus trédhearcach, lena n-áirítear i ndáil le clárú agus ceadúnú, chomh maith le muirir ghréasáin atá trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá ina léiriú ar an gcostas i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais.

2.  

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil sa chreat rialála cumasúcháin i gcás pobail fuinnimh saoránach:

(a) 

go bhfuil siad oscailte do rannpháirtíocht trasteorann;

(b) 

go bhfuil siad i dteideal úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin dáileacháin, nó na gréasáin sin a bhunú, a cheannach nó a léasú, agus go gceadaítear dóibh iad a bhainistiú go neamhspleách faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo;

(c) 

go bhfuil siad faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 38(2).

3.  

Áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:

(a) 

go bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar gach margadh leictreachais, bíodh sin go díreach nó trí chomhbhailiú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;

(b) 

go gcaithtear leo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach maidir lena ngníomhaíochtaí, a gceart agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh, táirgeoirí, soláthróirí, oibreoirí córas dáileacháin nó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú;

(c) 

go bhfuil siad freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/943;

(d) 

maidir le tomhaltas leictreachais fhéinghinte, déileáiltear le pobail fuinnimh saoránach mar a dhéantar le custaiméirí gníomhacha i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 15(2);

(e) 

go bhfuil siad i dteideal socrú a dhéanamh laistigh den phobal fuinnimh saoránach i dtaobh roinnt an leictreachais a tháirgeann na haonaid táirgthe atá faoi úinéireacht an phobail, faoi réir na gceanglas eile a leagtar síos san Airteagail seo agus faoi réir cearta agus oibleagáidí a bheith á gcoimeád ag baill den phobal mar chustaiméirí deiridh.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, i gcás ina ndéantar leictreachas a roinnt, ní dochar an méid sin do na muirir, taraifí agus tobhaigh don ghréasán is infheidhme, i gcomhréir le hanailís costais agus tairbhe ar na hacmhainní fuinnimh dáilte atá forbartha ag an údarás inniúil náisiúnta.

4.  

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an ceart chun gréasáin dáileacháin a bhainistiú a dheonú do phobail fuinnimh saoránach ina limistéar oibriúcháin agus na nósanna imeachta ábhartha a bhunú, gan dochar do Chaibidil IV ná do rialacha agus rialacháin eile is infheidhme maidir le hoibreoirí córais dáileacháin. Má dheonaítear ceart den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:

(a) 

go bhfuil siad i dteideal comhaontú maidir le hoibriú a ngréasáin a thabhairt i gcrích leis an oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir córais tarchurtha ábhartha a bhfuil a ngréasán ceangailte leis;

(b) 

go bhfuil faoi réir muirir ghréasáin iomchuí ag na pointí nasctha idir a gnréasán agus an gréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach agus go ndéanann na muirir gréasáin sin cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach sa ghréasán dáileacháin agus ar an leictreachas a ídítear ón ngréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach i gcomhréir le hAirteagal 59(7);

(c) 

nach ndéanfaidh siad idirdhealú in aghaidh na gcustaiméirí atá fós nasctha leis an gcóras dáileacháin ná nach ndéanfaidh siad aon díobháil dóibh.

Airteagal 17

Freagairt don éileamh trí chomhbhailiú

1.  
Ceadóidh agus cothóidh na Ballstáit rannpháirtíocht i bhfreagairt don éileamh trí chomhbhailiú. Ceadóidh na Ballstáit do na custaiméirí deiridh, lena n-áirítear iad siúd a thairgeann freagairt don éileamh trí chomhbhailiú, a bheith rannpháirteach in éineacht le táirgeoirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i ngach margadh leictreachais.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin, go ndéileálfaidh siad, agus seirbhísí coimhdeacha á soláthar acu, le rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do fhreagairt don éileamh a chomhbhailiú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach in éineacht le táirgeoirí, ar bhonn a gcumas teicniúil.
3.  

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ar áireamh ina gcreat rialála ábhartha na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an ceart atá ag gach rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, lena n-áirítear comhbhailitheoirí neamhspleácha, dul isteach i margaí leictreachais gan toiliú rannpháirtithe margaidh eile;

(b) 

rialacha neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha lena sanntar go soiléir róil agus freagrachtaí do na gnóthais leictreachais uile agus custaiméirí uile;

(c) 

rialacha agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le malartú sonraí idir rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus gnóthais leictreachais eile lena n-áiritheofar rochtain fhurasta ar na sonraí ar théarmaí comhionanna agus neamh-idirdhealaitheacha agus lena dtugtar lánchosaint ag an am céanna do shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus do shonraí pearsanta na gcustaiméirí;

(d) 

oibleagáid ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú bheith freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal de Rialachán (AE) 2019/943;

(e) 

foráil gan custaiméirí deiridh a bhfuil conradh acu le comhbhailitheoirí neamhspleácha a bheith faoi réir íocaíochtaí míchuí, pionóis mhíchuí ná aon sriantaí conarthacha eile míchuí óna soláthróirí;

(f) 

sásra maidir le réiteach coinbhleachtaí idir rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus rannpháirtithe margaidh eile, lena n-áirítear freagracht as míchothromaíochtaí.

4.  
Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar ghnóthais leictreachais nó ar chustaiméirí deiridh rannpháirteacha go n-íocfaidh siad cúiteamh airgeadais le rannpháirtithe eile sa mhargadh nó do pháirtithe na rannpháirtithe sa mhargadh atá freagrach as cothromú a ndéantar difear díreach dóibh mar gheall ar fhreagairt ar éileamh a ghníomhachtú. Ní chruthóidh cúiteamh airgeadais den sórt sin bacainn do rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú dul isteach sa mhargadh ná ní bheidh sé ina bhacainn ar sholúbthacht. Sna cásanna sin, beidh an cúiteamh airgeadais teoranta go docht go dtí méid a chumhdaíonn na costais a thabhaíonn soláthróirí na gcustaiméirí rannpháirteacha nó páirtithe na soláthróirí atá freagrach as cothromú le linn ghníomhachtú na freagartha ar éileamh. Sa mhodh chun an cúiteamh a ríomh, féadfar aird a thabhairt ar na sochair a thugann na comhbhailitheoirí neamhspleácha do rannpháirtithe eile sa mhargadh agus, sa chás in dtugtar an aird sin, féadfar a chur de cheangal ar chomhbhailitheoirí nó ar chustaiméirí rannpháirteacha rannchuidiú le cúiteamh den sórt sin, ach é sin amháin más amhlaidh agus sa mhéid nach dtéann na sochair do gach ceann de na soláthróirí, custaiméir agus a bpáirtithe atá freagrach as cothromú thar na costais dhíreacha arna dtabhú. Beidh an modh ríofa faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála nó ag údarás inniúil náisiúnta eile.
5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis rialála nó, i gcás ina gceanglófar amhlaidh sa chóras dlí náisiúnta, go ndéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus na hoibreoirí córas dáileacháin, i ndlúthchomhar le rannpháirtithe sa mhargadh agus le custaiméirí deiridh, ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht i bhfreagairt don éileamh sna margaí leictreachais go léir ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin agus chumas na freagartha don éileamh. Cumhdófar le ceanglais den sórt sin rannpháirtíocht lena mbaineann ualaí comhbhailithe.

Airteagal 18

Billí agus faisnéis bhilleála

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil billí agus faisnéis bhilleála beacht, éasca le tuiscint, soiléir, gonta, furasta le húsáid agus curtha i láthair ar bhealach a éascóidh do na custaiméirí deiridh comparáid a dhéanamh. Arna iarraidh sin dóibh, gheobhaidh custaiméirí deiridh míniú soiléir agus intuigthe ar an gcaoi ar cuireadh a mbille le chéile, go háirithe nuair nach bhfuil na billí sin bunaithe ar thomhaltas iarbhír.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na custaiméirí deiridh a mbillí uile agus a bhfaisnéis bhilleála uile saor in aisce.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh billí agus faisnéis bhilleála leictreonach a fháil, agus go ndéanfar socruithe solúbtha d'íocaíocht iarbhír an bhille a thairiscint dóibh.
4.  
Má fhoráiltear sa chonradh go bhféadfaí athrú ar tháirge nó ar phraghas a thabhairt isteach amach anseo, nó má fhoráiltear sa chonradh do lascaine, déanfar sin a lua ar an mbille in éineacht leis an dáta ar a dtarlóidh an t-athrú sin.
5.  
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le heagraíochtaí tomhaltóirí aon uair a bheidh siad ag smaoineamh ar athruithe a dhéanamh ar na ceanglais maidir le hinneachar na mbillí.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh billí agus faisnéis bhilleála na ceanglais íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

▼M2

Airteagal 18a

Bainistiú riosca an tsoláthróra

1.  
Áiritheoidh na húdaráis rialála, nó i gcás ina mbeidh údarás inniúil neamhspleách malartach ainmnithe ag Ballstát chun na críche sin, an t-údarás inniúil ainmnithe sin, agus méid an tsoláthróra nó struchtúr an mhargaidh á gcur san áireamh agus lena n-áirítear, más ábhartha, trí thástálacha struis a dhéanamh, go ndéanfaidh soláthróirí an méid seo a leanas:
(a) 

go mbeidh straitéisí fálaithe iomchuí i bhfeidhm ag soláthróirí agus go gcuirfidh siad chun feidhme iad chun an riosca go dtiocfaidh athruithe ar an soláthar leictreachais mórdhíola a theorannú d’inmharthanacht eacnamaíoch a gconarthaí le custaiméirí, agus an tráth céanna leachtacht agus comharthaí praghais ó mhargaí gearrthéarmacha a choinneáil ar bun;

(b) 

go ndéanfaidh soláthróirí leictreachais gach beart réasúnach chun teorainn a chur leis an riosca go gclisfear ar an soláthar.

2.  
D’fhéadfadh úsáid comhaontuithe ceannacháin cumhachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (77), de Rialachán (AE) 2019/943 nó ionstraimí iomchuí eile, amhail réamhchonarthaí, a bheith san áireamh i straitéisí fálaithe an tsoláthróra. I gcás ina bhfuil margaí le haghaidh comhaontuithe ceannaigh cumhachta ann atá forbartha go leordhóthanach agus inar féidir le hiomaíocht éifeachtach a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcumhdófar sciar de neamhchosaint riosca soláthróirí ar athruithe ar phraghsanna leictreachais mórdhíola trí úsáid a bhaint as comhaontuithe ceannaigh cumhachta le haghaidh leictreachas arna ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh atá cothrom le fad a neamhchosanta ar riosca ar thaobh an tomhaltóra, faoi réir dlí iomaíochta an Aontais a chomhlíonadh.
3.  
Féachfaidh na Ballstáit le hinrochtaineacht táirgí fálaithe a áirithiú do phobail fuinnimh saoránach agus do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus dálaí cumasúcháin a bhunú chun na críche sin.

▼B

Airteagal 19

Córais méadraithe chliste

1.  
Chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun na custaiméirí deiridh a chumhachtú, molfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, molfaidh an t-údarás rialála go láidir do ghnóthais leictreachais agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh úsáid an leictreachais a bharrfheabhsú, inter alia trí sheirbhísí bainistithe fuinnimh a sholáthar, foirmlí nuálacha praghsála a fhorbairt, agus trí chórais méadraithe chliste atá idir-inoibritheach a thabhairt isteach, go háirithe le córais bhainistithe fuinnimh do thomhaltóirí agus le heangaí cliste i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais méadraithe chliste a leathadh amach ar a gcríocha lena gcuideofar le rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí i margadh an leictreachais. Féadfaidh an leathadh amach sin a bheith faoi réir measúnú costais agus tairbhe a dhéanfar i gcomhréir na bprionsabal a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
3.  
Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh le córais méadraithe chliste a leathadh amach, glacfaidh siad agus foilseoidh siad na riachtanais íosta fheidhmiúla agus theicniúla le haghaidh na gcóras méadraithe chliste a bheidh le leathadh amach ar a gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus le hIarscríbhinn II. Áiritheoidh na Ballstáit idir-inoibritheacht na gcóras méadraithe chliste sin chomh maith lena gcumas aschur a sholáthar do chórais bhainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. Ina leith sin, beidh aird chuí ag na Ballstáit ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na cinn sin lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht, ar na dea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé eangacha cliste a fhorbairt agus an margadh inmheánach don leictreachas a fhorbairt.
4.  
Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh leis na córais méadraithe chliste a leathadh amach, áiritheoidh siad gur ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a rannchuideoidh na custaiméirí deiridh leis na costais a bhaineann leis an leathadh amach, agus aird á tabhairt acu ar na tairbhí fadtéarmacha a bheidh ann don slabhra luacha ina iomláine. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina bhforálann Ballstát dó, na húdaráis a ainmnithe, faireachán go tráthrialta ar an leathadh amach sin ina gcríocha chun tabhairt i gcrích na dtairbhí do na tomhaltóirí a rianú.
5.  
I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú sin a athbhreithniú gach 4 bliana ar a laghad, nó níos minice, mar fhreagairt ar athruithe ar na toimhdí bunúsacha agus mar fhreagairt ar fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe nuashonraithe nuair a bheidh sé ar fáil.
6.  
Na forálacha maidir le méadrú cliste atá sa Treoir seo, beidh feidhm acu maidir le suiteálacha a bheidh ann sa todhchaí agus maidir le suiteálacha a thagann in ionad seanmhéadair chliste. Maidir le córais méadraithe chliste atá suiteáilte cheana, nó ar thosaigh a “dtús oibreacha” roimh an 4 Iúil 2019, féadfar iad a fhágáil i mbun oibríochta i rith a ré ach, i gcás córais méadraithe chliste nach gcomhlíonann na ceanglais in Airteagal 20 agus in Iarscríbhinn II, ní fhéadfar iad a fhágáil i mbun oibríochta níos faide ná an 5 Iúil 2031.

Chun críche na míre seo, ciallaíonn “tús oibreacha” tús oibreacha tógála ar an infheistíocht nó an chéad ghealltanas ceangailteach chun trealamh a ordú nó aon ghealltanas eile a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe, cibé acu is túisce. Ní mheastar gur tús oibreacha é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir indéantachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn ‘tús oibreacha’ an tráth a fhaightear na sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíocht arna fáil.

Airteagal 20

Feidhmiúlachtaí na gcóras méadraithe chliste

I gcás ina bhfuil measúnú dearfach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 19(2), nó i gcás ina bhfuil córais méadraithe chliste leata amach go córasach tar éis an 4 Iúil 2019, déanfaidh na Ballstáit na córais méadraithe chliste a leathadh amach i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha, le hIarscríbhinn III agus leis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

tomhaisfidh na córais méadraithe chliste go cruinn an tomhaltas leictreachais iarbhír agus beidh siad in ann faisnéis faoin am úsáide iarbhír a sholáthar don chustaiméir. Déanfar sonraí tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán agus i bhformáid léirshamhlaithe do na custaiméirí deiridh arna iarraidh sin dóibh agus gan costas breise. Déanfar sonraí tomhaltais atá gar d'fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán do na custaiméirí deiridh gan aon chostas breise, trí chomhéadan caighdeánaithe nó trí chianrochtain, chun tacú le cláir éifeachtúlachta fuinnimh uathoibrithe, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile;

(b) 

comhlíonfaidh slándáil na gcóras méadraithe chliste agus na cumarsáide sonraí rialacha slándála ábhartha de chuid an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar na teicnící is fearr atá ar fáil le haghaidh an leibhéal is airde cibearshlándála a áirithiú, agus fós na costais agus prionsabail na comhréireachta á meabhrú;

(c) 

comhlíonfaidh príobháideacht na gcustaiméirí deiridh agus cosaint a sonraí rialacha ábhartha cosanta sonraí agus rialacha príobháideachta de chuid an Aontais;

(d) 

áiritheoidh na hoibreoirí méadar gur féidir le méadair na gcustaiméirí gníomhacha a chuireann leictreachas isteach san eangach fan leictreachas a chuirtear isteach san eangach ó áitreabh na gcustaiméirí gníomhacha a áireamh;

(e) 

má iarrann na custaiméirí deiridh iad, cuirfear sonraí maidir leis an leictreachas a chuireann siad isteach san eangach agus sonraí maidir lena dtomhaltas leictreachais ar fáil dóibh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 24, trí chomhéad an caighdeánaithe cumarsáide nó trí chianrochtain, nó do thríú páirtí atá ag gníomhú thar a gceann, i bhformáid shothuigthe, a chuirfidh ar a gcumas tairiscintí a chur i gcomparáid ar bhonn “macasamhail le macasamhail”;

(f) 

tabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh roimh nó ag an tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltasfuinnimh, agus maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de chuid an Aontais.

(g) 

fágfaidh na córais méadraithe chliste gur féidir na custaiméirí deiridh a mhéadrú agus a réiteach de réir an taifigh ama chéanna leis an tréimhse chun éagothroime a shocrú sa mhargadh náisiúnta.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, beidh sé indéanta ag custaiméirí deiridh a gcuid sonraí méadraithe a aisghabháil nó a tharchur chuig páirtí eile, gan aon chostas breise agus i gcomhréir lena gceart chun iniomparthacht sonraí faoi rialacha cosanta sonraí an Aontais.

Airteagal 21

Teidlíocht ar mhéadar cliste

1.  

I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 19(2), agus nach ndéantar córais méadraithe chliste a leathadh amach go córasach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil gach custaiméir deiridh i dteideal, arna iarraidh sin dó, cé gurb é féin a sheasfaidh na costais ghaolmhara, méadar cliste a fháil suiteáilte nó, i gcás inarb infheidhme, uasghrádaithe, faoi choinníollacha córa, réasúnacha agus cost-éifeachtacha, ar méadar é a chomhlíonfaidh na ceanglais seo a leanas:

(a) 

go mbeidh aige, más indéanta go teicniúil é, na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 20, nó go mbeidh aige íos-tacar feidhmiúlachtaí atá le sainiú agus le foilsiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

(b) 

go mbeidh sé idir-inoibrithe agus ábalta an nascthacht is inmhianaithe don bhonneagar méadraithe le córais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí a sholáthar gar d'fhíor-am.

2.  

I gcomhthéacs iarraidh ó chustaiméir ar mhéadar cliste de bhun mhír 1, déanfaidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla ainmnithe:

(a) 

a áirithiú go ndéanfar an méid seo a leanas a shonrú go sainráite maille le tuairisc shoiléir sa tairiscint a thabharfar don chustaiméir deiridh a d'iarr suiteáil an mhéadair chliste:

(i) 

na feidhmeanna agus an idir-inoibritheacht is féidir leis an méadar cliste a thacú agus na seirbhísí féideartha chomh maith leis na sochair is féidir a fháil go réalaíoch ach an méadar cliste sin a bheith ag an gcustaiméir an tráth sin;

(ii) 

aon chostais ghaolmhara atá le seasamh ag an gcustaiméir deiridh;

(b) 

a áirithiú go ndéanfar é a shuiteáil laistigh d'achar réasúnach ama nach déanaí ná 4 mhí tar éis iarraidh an chustaiméara;

(c) 

go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, na costais ghaolmhara a athbhreithniú agus a chur ar fáil go poiblí, agus éabhlóid na gcostas sin a rianú i bhfianaise fhorbairtí na teicneolaíochta agus aon uasghrádú a d'fhéadfadh a bheith déanta ar an gcóras méadraithe.

Airteagal 22

Gnáthmhéadair

1.  
Más rud é nach mbeidh méadair chliste ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar gnáthmhéadair aonair do chustaiméirí deiridh a thomhaisfidh go cruinn a dtomhaltas iarbhír.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh in ann a ngnáthmhéadair a léamh gan dua, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí chomhéadan ar líne nó trí chomhéadan iomchuí eile.

Airteagal 23

Bainistiú sonraí

1.  
Agus na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, sonróidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, an t-údarás inniúil atá ainmnithe na rialacha a ghabhann le rochtain ag páirtithe incháilithe ar shonraí an chustaiméara deiridh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le creat dlí an Aontais is infheidhme. Chun críocha na Treorach seo, tabharfar le fios le sonraí go n-áireofar sonraí méadraithe agus tomhaltais chomh maith leis na sonraí a theastaíonn tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile.
2.  
Eagróidh na Ballstáit an bainistiú sonraí chun rochtain agus malartú éifeachtúil agus slán a áirithiú maidir leis na sonraí, comh maith le cosaint sonraí agus slándáil sonraí.

Go neamhspleách ar an tsamhail bainistithe sonraí a chuirfear i bhfeidhm i ngach Ballstát, déanfaidh na páirtithe atá freagrach as an mbainistiú sonraí rochtain ar shonraí an chustaiméara deiridh a sholáthar d'aon pháirtí incháilithe, i gcomhréir le mír 1. Beidh na sonraí arna n-iarraidh ar fáil do na páirtithe incháilithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go comhuaineach. Beifear in ann na sonraí a rochtain go héasca, agus cuirfear na nósanna imeachta ábhartha chun rochtain a fháil ar shonraí ar fáil go poiblí.

3.  
Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais.

Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

4.  
Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla atá ainmnithe na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí a údarú agus a dheimhniú nó, i gcás inarb infheidhme, a mhaoirsiú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na Treorach seo.

Gan dochar do chúraimí na n-oifigeach cosanta sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceangal a chur ar na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí oifigigh chomhlíontachta a cheapadh a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh ag na páirtithe sin chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na sonraí agus comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú.

Féadfaidh na Ballstáit oifigigh chomhlíontachta nó comhlachtaí comhlíontachta da dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 35(2) den Treoir seo a cheapadh chun oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

5.  
Ní ghearrfar aon chostais bhreise ar na custaiméirí deiridh as rochtain ar a sonraí ná as a iarraidh go ndéanfaí a gcuid sonraí a chur ar fáil.

Beidh na Ballstáit freagrach as na muirir ábhartha a shocrú maidir le rochtain na bpáirtithe incháilithe ar na sonraí.

Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla ainmnithe a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe.

Airteagal 24

Ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta le haghaidh rochtain ar shonraí

1.  
Chun iomaíochas sa mhargadh miondíola a chur chun cinn agus chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do na páirtithe incháilithe, éascóidh na Ballstáit lán-idir-inoibritheacht na seirbhísí fuinnimh laistigh den Aontas.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais idir-inoibritheachta a ghlacadh agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a ghlacadh le haghaidh rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 68(2).
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais leictreachais na ceanglais idir-inoibritheachta agus na nósanna imeachta le haghaidh rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chur bhfeidhm. Beidh na ceanglais agus na nósanna imeachta sin bunaithe ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana.

Airteagal 25

Pointí teagmhála aonair

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pointí teagmhála aonair ar fáil a sholáthróidh do na custaiméirí an fhaisnéis uile is gá maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus sásraí um réiteach díospóide a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta.

Airteagal 26

An ceart chun díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na custaiméirí deiridh ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir é an custaiméir deiridh de réir bhrí Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), comhlíonfaidh na sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ceanglais cháilíochta Threoir 2013/11/AE agus déanfar foráil ann, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le córais aisíocaíochta agus cúitimh.
2.  
I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
3.  
Beidh rannpháirtíocht gnóthas leictreachais i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.

Airteagal 27

Seirbhís uilíoch

▼M2

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measann na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga, seirbhís uilíoch, eadhon an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe laistigh dá gcríoch ar phraghsanna iomaíocha atá éasca agus soiléir le cur i gcomparáid le chéile, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Chun soláthar na seirbhíse uilíche a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar na hoibreoirí córais dáileacháin custaiméirí a nascadh lena ngréasáin faoi théarmaí, coinníollacha agus taraifí a shocraítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 59(7). Leis an Treoir seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit a suíomh margaidh a láidriú do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh beaga agus meánmhéide trí na deiseanna tiomsaithe dheonaigh ionadaíochta don aicme sin custaiméirí a chur chun cinn.

▼B

2.  
Déanfar mhír 1 a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus ní chuirfidh sí bac roimh an saor-rogha soláthróra dá bhforáiltear in Airteagal 4.

▼M2

Airteagal 27a

Soláthróir na dála deiridh

1.  
I gcás nach bhfuil córas maidir le soláthróirí na dála deiridh curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit cheana féin, tabharfaidh siad an córas sin isteach chun leanúnachas an tsoláthair a áirithiú do chustaiméirí teaghlaigh ar a laghad. Ceapfar soláthróirí na rogha deiridh trí nós imeachta cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
2.  
Custaiméirí deiridh a aistrítear chuig soláthróirí na dála deiridh, leanfaidh siad de thairbhe a bhaint as a gcearta uile mar chustaiméirí, mar a leagtar síos sa Treoir seo.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthróirí na dála deiridh a dtéarmaí agus a gcoinníollacha in iúl gan mhoill do chustaiméirí aistrithe agus go n-áiritheoidh siad leanúnachas rianúil na seirbhíse do na custaiméirí sin ar feadh na tréimhse is gá chun soláthróir nua a aimsiú, agus 6 mhí ar a laghad.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar faisnéis agus spreagadh do na custaiméirí deiridh aistriú chuig tairiscint mhargadhbhunaithe.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthróir rogha deiridh leictreachas a sholáthar do chustaiméirí teaghlaigh agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nach bhfaigheann tairiscintí margadhbhunaithe. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.

▼B

Airteagal 28

Custaiméirí leochaileacha

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí chun custaiméirí a chosaint agus chun a áirithiú go bhfuil coimircí iomchuí ann chun custaiméirí leochaileacha a chosaint. Sa chomhthéacs sin, sainmhíneoidh gach Ballstát coincheap an chustaiméara leochailigh agus d'fhéadfadh an coincheap sin tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia do dhíscor an leictreachais a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla. Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threallamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear i bhfeidhm na cearta agus na hoibleagáidí atá nasctha le custaiméirí leochaileacha. Go háirithe, déanfaidh siad bearta chun custaiméirí i limistéir iargúlta a chosaint. Áiritheoidh siad ardleibhéil cosanta tomhaltóirí, go háirithe maidir le trédhearcacht i ndáil le téarmaí agus coinníollacha conarthacha, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí, amhail sochair a sholáthar trí bhíthin a gcóras slándála sóisialta chun an soláthar is gá a áirithiú do chustaiméirí leochaileacha, nó foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d'fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh nuair a shainaithnítear í de bhun phointe (d) d'Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, lena n-áirítear i gcomhthéacs na bochtaineachta i gcoitinne. Ní chuirfidh na bearta sin bac roimh oscailt éifeachtach an mhargaidh a leagtar amach in Airteagal 4 ná roimh fheidhmiú an mhargaidh, agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún fúthu, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9(4). Féadfar a áireamh i bhfógraí den sórt sin bearta arna ndéanamh laistigh den chóras ginearálta slándála sóisialta.

▼M2

Airteagal 28a

Cosaint ar dhíscor

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh a chosaint go hiomlán ar dhíscor leictreachais, trí na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear toirmeasc ar dhíscor nó gníomhaíochtaí coibhéiseacha eile. Déanfaidh na Ballstáit an chosaint sin a sholáthar mar chuid dá mbeartas maidir le custaiméirí leochaileacha de bhun Airteagal 28(1) agus gan dochar do na bearta a leagtar amach in Airteagal 10(11).

Agus fógra á thabhairt don Choimisiún maidir le lena mbearta trasuite i dtaca leis an Treoir seo acu, míneoidh na Ballstáit an gaol idir an chéad fhomhír agus codanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthróirí conarthaí a fhoirceannadh agus nach ndíscorfaidh siad custaiméirí ar na forais ar a bhfuil gearán curtha isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 10(9) nó atá faoi réir sásra um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26. Ní dhéanfaidh an gearán sin ná úsáid an tsásra sin difear do chearta ná d’oibleagáidí conarthacha na bpáirtithe. Féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun mí-úsáid próisis a sheachaint.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 1 chun a chur ar chumas custaiméirí díscor a sheachaint, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh:
(a) 

cóid dheonacha a chur chun cinn do sholáthróirí agus do chustaiméirí maidir le cásanna custaiméirí atá i riaráistí a chosc agus a bhainistiú; féadfaidh baint a bheith ag na socruithe sin leis an tacaíocht do chustaiméirí chun a n-úsáid fuinnimh agus a gcostais fuinnimh a bhainistiú, lena n-áirítear rabhadh a thabhairt maidir le mórmheaduithe neamhghnácha arda fuinnimh nó úsáid ard neamhghnách le linn shéasúr an gheimhridh agus an tsamhraidh, pleananna íocaíochta solúbtha iomchuí, bearta comhairle fiachais, léamha féinmhéadraithe, agus cumarsáid fheabhsaithe le custaiméirí agus gníomhaireachtaí tacaíochta a chur ar fáil;

(b) 

oideachas agus feasacht na gcustaiméirí maidir lena gcearta i ndáil le bainistiú fiachais a chur chun cinn;

(c) 

rochtain ar mhaoiniú, dearbháin nó fóirdheontais chun tacú le billí a íoc;

(d) 

a mholadh agus a éascú go léifí méadair gach trí mhí, nó i gcás inarb ábhartha le haghaidh tréimhsí billeála níos giorra, i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm córas ina léann an custaiméir deiridh féin an méadar go tráthrialta chun oibleagáidí phointí 2(a) agus (b) d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh i ndáil le minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála.

▼B

Airteagal 29

Bochtaineacht fuinnimh

Nuair a bheifear ag measúnú líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh de bhun phointe (d) d'Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit sraith de chritéir a bhféadfadh ioncam íseal, caiteachas ard fuinnimh as an ioncam indiúscartha agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh a bheith ar áireamh leo.

Tabharfaidh an Coimisiún treoraíocht i dtaobh an tsainmhínithe ar ‘líon suntasach de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh’ sa chomhthéacs seo agus i gcomhthéacs Airteagal 5(5), ag tosú ón mbuntuiscint gur féidir le haon chion de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineachta fuinnimh a bheith suntasach.

CAIBIDIL IV

OIBRIÚ CÓRAS DÁILEACHÁIN

Airteagal 30

Oibreoirí córas dáileacháin a ainmniú

Déanfaidh na Ballstáit, nó cuirfidh siad ceangal ar na gnóthais ar leo na córais dáileacháin nó atá freagrach astu oibreoir córais dáileacháin amháin nó níos mó a ainmniú ar feadh tréimhse ama atá le cinneadh ag na Ballstáit, ag féachaint do chúrsaí éifeachtúlachta agus cothromaíochta eacnamaíche.

Airteagal 31

Cúraimí na n-oibreoirí córas dáileacháin

1.  
Beidh an t-oibreoir córais dáileacháin freagrach as a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais, agus as córas dáileacháin leictreachais atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt ina limistéar le haird chuí ar an gcomhshaol agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh.

▼M2

2.  
Ar aon chor, ní dhéanfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin idirdhealú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d’úsáideoirí córais, lena n-áirítear pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach, go háirithe chun tairbhe a ghnóthas gaolmhar.
3.  
Soláthróidh oibreoirí córais dáileacháin d’úsáideoirí an chórais an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun rochtain éifeachtúil a fháil ar an gcóras agus úsáid éifeachtúil a bhaint as. Go háirithe, foilseoidh na hoibreoirí córais dáileacháin, ar bhealach trédhearcach, faisnéis shoiléir maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibríochta a bhfuil gráinneacht spásúil ard acu, agus slándáil phoiblí agus rúndacht sonraí á n-urramú acu, lena n-áirítear an acmhainneacht faoi iarraidh ar nasc agus an fhéidearthacht nasc solúbtha a bheith ann i limistéir phlódaithe. Áireofar san fhoilsiú sin faisnéis maidir leis na critéir chun an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua a ríomh. Tabharfaidh oibreoirí córais dáileacháin an fhaisnéis sin cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, gach ráithe ar a laghad.

Soláthróidh oibreoirí córais dáileacháin, ar bhealach trédhearcach, faisnéis shoiléir d’úsáideoirí an chórais freisin maidir le stádas agus láimhseáil a n-iarrataí ar nasc. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin laistigh de thrí mhí ón iarraidh a thíolacadh. I gcás nach ndéantar an nasc a iarradh a dheonú nó a dhiúltú go buan, déanfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, agus, gach ráithe ar a laghad.

3a.  
Tabharfaidh oibreoirí córais dáileacháin an rogha d’úsáideoirí córais nasc leis an eangach a iarraidh agus doiciméid ábhartha a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach amháin.
3b.  
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir nasctha, nó a fhreastalaíonn ar chórais bheaga scoite. Féadfaidh na Ballstáit tairseach níos ísle ná tairseach 100 000 custaiméir nasctha a chur i bhfeidhm.

Spreagfaidh na Ballstáit gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir nasctha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar d’úsáideoirí córais uair sa bhliain agus comhar a chur chun cinn idir oibreoirí córais dáileacháin chun na críche sin.

▼B

4.  
Féadfaidh Ballstát ceangal a chur ar an oibreoir córais dáileacháin, agus suiteálacha giniúna á seoladh, tosaíocht a thabhairt do na suiteálacha giniúna a úsáideann foinsí n-athnuaite nó a úsáideann comhghiniúint ardéifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/943.
5.  
Gníomhóidh oibreoir córais dáileacháin mar éascaitheoir margaidh neodrach chun an fuinneamh a úsáideann sé chun caillteanais fuinnimh i gcóras a chumhdach a sholáthar, i gcomhréir le nósanna imeachta a bheidh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar an margadh, i gcás ina bhfuil feidhm den sórt sin aige.
6.  
I gcás ina mbíonn oibreoir córais dáileacháin freagrach as soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí atá riachtanach le haghaidh oibriú éifeachtach, intaofa agus slán an chórais dáileacháin, beidh rialacha arna nglacadh ag an oibreoir córais dáileacháin ann chun na críche sin agus beidh siad oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus déanfar iad a fhorbairt i gcomhordú leis na hoibreoirí córas tarchurtha nó le rannpháirtithe ábhartha eile sa mhargadh. Na téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear rialacha agus taraifí i gcás inarb infheidhme, le haghaidh soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí sin ag oibreoirí córas dáileacháin, déanfar iad a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 59(7) ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus costléiritheach agus foilseofar iad.
7.  
I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 6, soláthróidh an t-oibreoir córais dáileacháin na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta atá ag teastáil dá chóras i gcomhréir le nósanna imeachta atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus margadhbhunaithe, mura rud é g o bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála nach bhfuil soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta agus go bhfuil maolú deonaithe aici. An oibleagáid seirbhís choimhdeach neamhmhinicíochta a sholáthar, níl feidhm aici maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán.
8.  
Le soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 6, áiritheofar rannpháirtíocht éifeachtach na rannpháirtithe cáilithe uile sa mhargadh, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, go háirithe trí cheangal a chur ar údaráis rialála nó ar oibreoirí córas dáileacháin i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht sna margaí sin ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin agus chumas na rannpháirtithe margaidh uile.
9.  
Comhoibreoidh oibreoirí córas dáileacháin le hoibreoirí córas tarchurtha ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach rannpháirtithe an mhargaidh atá nasctha lena n-eagnach i margaí miondíola, mórdhíola agus cothromúcháin. Maidir le tabhairt i gcrích seirbhísí cothromúcháin a eascraíonn as acmhainní atá suite sa chóras dáileacháin, déanfar é a chomhaontú leis an oibreoir córais tarchurtha ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 182 de Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún ( 10 ).
10.  
Féadfaidh Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe ligean d'oibreoirí córas dáileacháin gníomhaíochta'a dhéanamh thar na ngníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/943, i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach do na hoibreoirí córas dáileacháin chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála go bhfuil gá le maolú den sórt sin. Ní dochar an mhír seo don cheart atá ag oibreoirí córas dáileacháin úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin seachas gréasáin leictreachais, iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin deonaithe ag an mBallstát nó ag an údarás inniúil ainmnithe.

Airteagal 32

Dreasachtaí le haghaidh úsáid na solúbthachta i ngréasáin dáileacháin

1.  
Cuirfidh na Ballstáit an creat rialála is gá ar fáil chun na hoibreoirí córas dáileacháin a chumasú seirbhísí solúbthachta, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú ina limistéir, a sholáthar agus tabharfaidh na Ballstáit dreasachtaí dóibh chuige sin, chun feabhas a chur ar éifeachtúlachtaí in oibriú agus i bhforbairt an chórais dáileacháin. Go háirithe, áiritheoidh na creataí rialála go mbeidh na hoibreoirí córas dáileacháin in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar ó sholáthraithe giniúna dáilte, ón bhfreagairt don éileamh nó ó stóráil fuinnimh agus úsáid bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, i gcás ina ndéanann na seirbhísí sin, ar bhealach costéifeachtach, laghdú ar an ngá an acmhainneacht leictreachais a uasghrádú nó a athsholáthar agus a thacaíonn le hoibriú éifeachtúil slán an chórais dáileacháin. Déanfaidh oibreoirí córas dáileacháin na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le nósanna imeachta trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus margadhbhunaithe ach amháin sa chás go bhfuil sé suite ag na húdaráis rialála nach bhfuil soláthar na seirbhísí sin éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta de nó i gcás ina leanfadh mórshaobhadh ar an margadh nó plódú níos airde as soláthar den sórt sin.
2.  
Oibreoirí córas dáileacháin, faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála, nó an t-údarás rialála féin, déanfaidh siad, trí bhíthin próiseas trédhearcach agus rannpháirtíocht ina n-áirítear úsáideoirí córais ábhartha agus oibreoirí córais tarchurtha uile, na sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí solúbthachta a bhunú agus, i gcás inarb iomchuí, saineoidh siad na táirgí margaidh caighdeánaithe do na seirbhísí sin, ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh na sonraíochtaí sin gur ann dorannpháirtíocht éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú. Malartóidh na hoibreoirí córas dáileacháin an fhaisnéis uile is gá agus déanfaidh siad comhordú leis na hoibreoirí córas tarchurtha chun a áirithiú go mbainfear úsáid optamach as acmhainní, chun oibriú slán agus éifeachtúil an chórais a áirithiú agus chun forbairt an mhargaidh a éascú. Tabharfar luach saothair iomchuí do na hoibreoirí córas dáileacháin as na seirbhísí sin a sholáthar ionas go mbeidh siad in ann na costais réasúnacha chomhfhreagracha ar a laghad a aisghabháil, lena n-áirítear na speansais is gá maidir le teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus costais bhonneagair is gá.
3.  
Beidh forbairt córas dáileacháin bunaithe ar phlean forbartha gréasáin atá trédhearcach agus a chuirfidh na hoibreoirí córas dáileacháin á bhfoilsiú gach 2 bhliain ar a laghad agus a dhéanfaidh siad a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Sa phlean forbartha gréasáin, soláthrófar trédhearcacht i dtaobh na seirbhísí solúbthachta meántéarmach agus fadtéarmach atá ag teastáil, agus leagfar amach na hinfheistíochtaí atá beartaithe a dhéanamh go ceann 5 go 10 mbliana ina dhiaidh sin ann, agus béim ar leith ar an bpríomhbhonneagar dáileacháin is gá chun acmhainneacht ghiniúna nua agus ualaí nua a cheangal lena n-áirítear pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha. Áireofar freisin sa phlean forbartha gréasáin úsáid na freagartha don éileamh, na héifeachtúlachta fuinnimh, na saoráidí stórála fuinnimh nó na n-acmhainní eile atá an t-oibreoir córais dáileacháin le húsáid de rogha ar an gcóras a mhéadú.
4.  
Rachaidh an t-oibreoir córais dáileacháin i gcomhairle le gach úsáideoir córais ábhartha agus leis na hoibreoirí córas tarchurtha ábhartha maidir leis an bplean forbartha gréasáin. Foilseoidh an t-oibreoir córais dáileacháin torthaí an phróisis comhairliúcháin, in éineacht leis an bplean forbartha gréasáin, agus déanfaidh siad torthaí an comhairliúcháin agus an plean forbartha gréasáin a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Féadfaidh an t-údarás rialála leasuithe ar an bplean sin a iarraidh.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an oibleagáid a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir ceangailte, nó a fhreastalaíonn ar chórais scoite bheaga.

Airteagal 33

An leictrea-shoghluaisteacht a chomhtháthú sa ghréasán leictreachais

▼M2

1.  
Gan dochar do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), soláthróidh na Ballstáit an creat rialála is gá chun go n-éascófar pointí athluchtaithe atá inrochtana go poiblí agus pointí athluchtaithe príobháideacha, a bhfuil feidhmiúlachtaí luchtaithe chliste agus feidhmiúlachtaí luchtaithe dhéthreoch acu i gcomhréir le hAirteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001, a nascadh leis na gréasáin dáileacháin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na hoibreoirí córais dáileacháin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon ghnóthas ar leis pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha nó a dhéanann pointí athluchtaithe den sórt sin a fhorbairt, a oibriú nó a bhainistiú, lena n-áirítear maidir leis an nasc leis an eangach.

▼B

2.  
Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas dáileacháin ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, ná ní dhéanfaidh siad iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, cé is moite de na cásanna sin ina mbíonn úinéireacht ar phointí athluchtaithe príobháideacha ag oibreoirí córas dáileacháin chun a n-úsáide féin.
3.  

De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas dáileacháin uinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, ar choinníoll go chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá faoi réir a athbhreithnithe agus a fhormheasa ag an údarás rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil;

(b) 

go ndearna an t-údarás rialála measúnú ex ante ar choinníollacha an nós imeachta tairisceana faoi phointe (a) agus gur dheonaigh sé a fhormheas;

(c) 

go n-oibríonn an t-oibreoir córais dáileacháin na pointí athluchtaithe ar bhonn rochtana tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 6 agus nach ndéanann sé idirdhealú idir úsáideoirí córais nó aicmí d'úsáideoirí córais, agus go háirithe i bhfabhar na ngnóthas sin atá gaolmhar leis.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas dáileacháin chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

4.  
I gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 curtha chun feidhme ag Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach 5 bliana ar a laghad chun athmheasúnú a dhéanamh ar spéis fhéideartha na rannpháirtithe eile in úinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú pointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí go bhfuil páirtithe eile inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú a dhéanamh ar phointí den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin i dtaobh na nithe sin, ach é sin faoi réir ag nós imeachta tairisceana dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a bheith tugtha chun críche go rathúil. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d'oibreoir córas dáileacháin luach iarmharach a infheistíochta a rinneadh sa bhonneagar athluchtaithe a aisghabháil.

Airteagal 34

Cúraimí na n-oibreoirí córas dáileacháin maidir le bainistiú sonraí

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag na páirtithe incháilithe uile ar shonraí faoi théarmaí soiléire agus comhionanna, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí ábhartha. Sna Ballstáit sin ina bhfuil córais méadraithe chliste leata amach i gcomhréir le hAirteagal 19 agus ina bhfuil na hoibreoirí córas dáileacháin bainteach le bainistiú sonraí, áireoidh na cláir chomhlíontachta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 35(2) bearta sonracha chun cosc a chur ar rochtain idirdhealaitheach ar shonraí ag páirtithe incháilithe, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23. I gcás nach mbeidh na hoibreoirí córas dáileacháin faoi réir Airteagal 35(1), (2) nó (3), déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú nach mbeidh ag gnóthais atá comhtháite go hingearach rochtain phribhléideach ar na sonraí chun a ngníomhaíochtaí soláthair a dhéanamh.

Airteagal 35

Na hoibreoirí córas dáileacháin a dhíchuachadh

1.  
I gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, ó thaobh foirm dhlíthiúil, eagrúcháin agus cinnteoireachta de ar a laghad, beidh sé neamhspleách ar ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh. De thoradh na rialacha sin, ní chruthófar aon oibleagáid úinéireacht sócmhainní an oibreora córais dáileacháin a dheighilt ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach.
2.  

Sa bhreis ar na ceanglais faoi mhír 1, i gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, beidh sé neamhspleách ó thaobh eagrúchán agus cinnteoireacht de ar na gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh. Chun an méid sin a bhaint amach, beidh feidhm ag na critéir íosta seo a leanas:

(a) 

na daoine atá freagrach as bainistiú an oibreora córais dáileacháin, ní bheidh siad páirteach i struchtúir cuideachta an ghnóthais leictreachais chomhtháite atá freagrach, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil ghiniúint, tharchur nó sholáthar an leictreachais;

(b) 

ní mór bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú an oibreora córais dáileacháin a chur san áireamh ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh siad in ann gníomhú go neamhspleách;

(c) 

ní mór cearta éifeachtacha cinnteoireachta a bheith ag an oibreoir córais dáileacháin, go neamhspleách ar an ngnóthas leictreachais comhtháite, maidir leis na sócmhainní is gá chun an gréasán a oibriú, a chothabháil nó a fhorbairt. Chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, beidh teacht ag an oibreoir córais dáileacháin ar na hacmhainní is gá lena n-áirítear acmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais. Níor cheart go bhfágfadh sé sin go stopfaí sásraí comhordúcháin iomchuí a bheith ann chun a áirithiú go dtugtar cosaint do chearta maoirseachta eacnamaíocha agus bainistithe na máthairchuideachta maidir le brabús ar shócmhainní, arna rialáil go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 59(7), i bhfochuideachta. Go háirithe, cuirfidh sé sin ar a cumas na máthairchuideachta plean airgeadais bliantúil, nó aon ionstraim choibhéiseach, de chuid an oibreora córais dáileacháin a fhormheas agus teorainneacha foriomlána a chur le leibhéil fiachais a fochuideachta. Ní ligfidh sé don mháthairchuideachta treoracha a thabhairt maidir le hoibríochtaí ó lá go lá, ná i ndáil le cinntí aonair i dtaobh línte dáileacháin a thógáil nó a uasghrádú, nach dtéann thar théarmaí an phlean airgeadais arna fhormheas, nó thar théarmaí aon ionstraime coibhéisí; agus

(d) 

ní mór don oibreoir córais dáileacháin clár comhlíontachta a bhunú, ina leagfar amach bearta a rinneadh chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar iompar idirdhealaitheach, agus ní mór dó a áirithiú go ndéanfar faireachán leormhaith ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha a bheidh ar na fostaithe chun an cuspóir sin a bhaint amach. An duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin, déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil ina leagfar amach na bearta atá déanta a chur faoi bhráid an údaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(1) agus foilseofar an tuarascáil sin. Beidh oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin go hiomlán neamhspleách agus beidh rochtain aige ar an bhfaisnéis uile is gá de chuid an oibreora córais dáileacháin agus de chuid aon ghnóthais chleamhnaithe chun a chuid cúraimí a dhéanamh.

3.  
I gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis rialála nó comhlachtaí inniúla eile faireachán ar ghníomhaíochtaí an oibreora córais dáileacháin ionas nach féidir leis leas a bhaint as an gcomhtháthú ingearach chun an iomaíocht a shaobhadh. Go háirithe, ní dhéanfaidh oibreoirí córas dáileacháin atá comhtháite go hingearach, trína gcumarsáid ná trína mbrandáil, mearbhall a chruthú i ndáil le haitheantas leithleach bhrainse an tsoláthair den ghnóthas atá comhtháite go hingearach.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir ceangailte, nó a fhreastalaíonn ar chórais bheaga scoite.

Airteagal 36

Úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh ag oibreoirí córas dáileacháin

1.  
Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas dáileacháin ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná ní dhéanfaidh siad iad fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.
2.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas dáileacháin úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán agus ina bhfuil a fhormheas ina leith sin deonaithe ag an údarás rialála, nó i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, atá faoi réir a athbhreithnithe agus fhormheas an údaráis rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí den sórt sin, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil;

(b) 

go bhfuil gá leis na saoráidí sin ionas gur féidir leis na hoibreoirí córas dáileacháin a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le hoibriú éifeachtúil, iontaofa agus slán an chórais dáileacháin agus nach n-úsáidtear na saoráidí chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais; agus

(c) 

go ndearna an t-údarás rialála measúnú ar riachtanas maolaithe den sórt sin agus go ndearna sé measúnú ar an nós imeachta tairisceana, lena n-áirítear coinníollacha an nós imeachta tairisceana sin, agus gur dheonaigh sé a fhormheas.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas dáileacháin chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

3.  
Déanfaidh na húdaráis rialála comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach 5 bliana ar a laghad i dtaca leis na saoráidí stórála fuinnimh atá cheana ann chun measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht agus spéis fhéideartha na rannpháirtithe margaidh infheistíocht a dhéanamh i saoráidí den sórt sin. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí, de réir mar atá measúnaithe ag an údarás rialála, go bhfuil tríú páirtithe inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú saoráidí den sórt sin ar bhealach cost-éifeachtach, áiritheoidh an t-údarás rialála go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin i dtaobh na nithe sin laistigh de 18 mí. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d'oibreoirí córas dáileacháin cúiteamh réasúnach a fháil, go háirithe luach iarmharach na hinfheistíochta a rinneadh sna saoráidí stórála fuinnimh a aisghabháil.
4.  

Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le comhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán ná maidir le gnáth-thréimhse dímheasa saoráidí nua stórála ceallra ag a bhfuil cinneadh infheistíochta críochnaithí go dtí an 4 Iúil 2019, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na saoráidí stórála ceallra sin:

(a) 

tá siad nasctha leis an eangach ar a dhéanaí 2 bhliain ina dhiaidh sin;

(b) 

tá siadcomhtháite sa chóras dáileacháin;

(c) 

ní úsáidtear iad ach le haghaidh athshlánú láithreach freagarthach shlándáil an ghréasáin i gcás go dtarlaíonn teagmhais ghréasáin i gcás ina dtosaíonn an beart athshlánaithe sin láithreach agus ina gcríochnaíonn sé nuair is féidir le hathsheoladh an tsaincheist a réiteach; agus

(d) 

ní úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais, lena n-áirítear cothromúchán.

Airteagal 37

Oibleagáid rúndachta na n-oibreoirí córas dáileacháin

Gan dochar d'Airteagal 55 ná d'aon cheanglas dlí eile faisnéis a nochtadh, déanfaidh oibreoir córais dáileacháin rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, ar faisnéis í a gheobhaidh sé agus é i mbun a ghnó, agus cuirfidh sé cosc ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí féin, ar faisnéis í a bhféadfaí buntáiste tráchtála a bhaint aisti, a nochtadh ar bhealach idirdhealaitheach.

Airteagal 38

Córais dáileacháin iata

1.  

Córas a dháileann leictreachas laistigh de shuíomh tionsclaíoch, tráchtála nó seirbhísí comhroinnte atá críochaithe go geografach agus nach soláthraíonn, gan dochar do mhír 4, do chustaiméirí teaghlaigh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh údaráis rialála nó údaráis inniúla eile an córas sin a aicmiú mar chóras dáileacháin iata más rud é:

(a) 

ar chúiseanna sonracha teicniúla nó sábháilteachta, go bhfuil oibríochtaí nó próisis táirgthe úsáideoirí an chórais sin comhtháite; nó

(b) 

gur ar úinéir nó ar oibreoir an chórais agus ar a ghnóthais ghaolmhara go príomha a dháileann an córas sin leictreachas.

2.  

Measfar gur córais dáileacháin iad na córais dáileacháin iata chun críocha na Treorach seo. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh údaráis rialála oibreoir córais dáileacháin iata a dhíolmhú ón méid seo a leanas:

(a) 

an ceanglas faoi Airteagal 31(5) agus (7) i gcomhréir le nósanna imeachta atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar an margadh a sholáthróidh sé an fuinneamh a úsáideann sé chun caillteanais fuinnimh agus na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta ina chóras a chumhdach;

(b) 

an ceanglas faoi Airteagal 6(1) go ndéanfar taraifí, nó na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh, a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 59(1)sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(c) 

na ceanglais faoi Airteagal 32(1) seirbhísí solúbthachta a sholáthar agus faoi Airteagal 32(3) córas an oibreora a fhorbairt ar bhonn pleananna forbartha gréasáin;

(d) 

an ceanglas faoi Airteagal 33(2) nach bhféadfaidh sé úinéireacht a bheith aige ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, ná iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú; agus

(e) 

an ceanglas faoi Airteagal 36(1) nach bhféadfaidh sé úinéireacht a bheith aige ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.

3.  
I gcás ina ndeonófar díolúine faoi mhír 2, déanfar na taraifí is infheidhme, nó na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh, a athbhreithniú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 59(1), arna iarraidh sin d'úsáideoir de chuid an chórais dáileacháin iata.
4.  
Ní chuirfear cosc ar dhíolúine faoi mhír 2 a dheonú mar gheall ar úsáid theagmhasach ag líon beag teaghlach a bhfuil comhlachas fostaíochta nó comhlachas comhchosúil eile acu le húinéir an chórais dáileacháin agus atá lonnaithe laistigh den limistéar a bhfreastalaíonn an córas dáileacháin iata air.

Airteagal 39

Oibreoir comhcheangailte

Ní dhéanfaidh Airteagal 35(1) cosc a chur ar oibríocht oibreora córais tarchurtha agus oibreora córais dáileacháin, atá comhcheangailte, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir Airteagal 43(1), Airteagail 44 agus 45, nó Roinn 3 de Chaibidil VI, nó go dtiocfaidh an t-oibreoir faoi Airteagal 66(3).

CAIBIDIL V

RIALACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LE HOIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHURTHA

Airteagal 40

Cúraimí na n-oibreoirí córas tarchurtha

1.  

Beidh gach oibreoir córais tarchurtha freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnacha ar tharchur leictreachais, agus as córas tarchurtha atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt i ndea-chaoi eacnamaíoch le haird chuí ar an gcomhshaol, i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin comharsanacha;

(b) 

a áirithiú go mbeidh modhanna iomchuí ann chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh;

(c) 

cur le cinnteacht an tsoláthair trí acmhainneacht tarchurtha leormhaith agus trí iontaofacht córais leormhaith;

(d) 

na sreafaí leictreachais ar an gcóras a bhainistiú, ag cur san áireamh malartuithe le córais idirnasctha eile. Chuige sin, beidh an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach as a áirithiú go mbeidh an córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil agus, sa chomhthéacs sin, as a áirithiú go mbeidh fáil ar na seirbhísí coimhdeacha uile is gá, lena n-áirítear na seirbhísí sin a sholáthróidh an fhreagairt don éileamh agus saoráidí stórála fuinnimh, sa mhéid go bhfuil an fháil ar na seirbhísí sin neamhspleách ar aon chóras tarchurtha eile a bhfuil a chóras idirnasctha leis;

(e) 

a leordhóthain faisnéise a sholáthar d'oibreoir aon chórais eile a bhfuil sé idirnasctha leis chun oibriú slán agus éifeachtúil, forbairt chomhordaithe agus idir-inoibritheacht an chórais idirnasctha a áirithiú;

(f) 

an neamh-idirdhealú a áirithiú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d'úsáideoirí córais, go háirithe i bhfabhar a ghnóthas gaolmhar;

(g) 

an fhaisnéis a theastaíonn ó na húsáideoirí córais le haghaidh rochtain éifeachtúil ar an gcóras a sholáthar dóibh;

(h) 

cíosanna plódúcháin agus íocaíochtaí a bhailiú faoin sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha, i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2009/943, rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú agus mínithe réasúnaithe a thabhairt i gcás ina ndiúltóidh sé an rochtain sin a thabhairt, rud a ndéanfaidh na húdaráis rialála faireachán air; agus a gcuid cúraimí faoin Airteagal seo á ndéanamh acu, is é an comhtháthú margaidh a éascóidh na hoibreoirí córas tarchurtha go príomha.

(i) 

seirbhísí coimhdeacha a sholáthar chun an tslándáil oibríochtúil a áirithiú;

(j) 

creat a ghlacadh le haghaidh an chomhair agus an chomhardaithe idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(k) 

a bheith rannpháirteach i mbunú na measúnuithe Eorpacha agus náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní de bhun Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2019/943;

(l) 

digitiú na gcóras tarchurtha;

(m) 

bainistiú sonraí, lena n-áirítear córais bainistithe sonraí a fhorbairt, cibearshlándáil agus cosaint sonraí faoi réir na rialacha is infheidhme, agus gan dochar d'inniúlacht na n-údarás eile.

2.  
Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na freagrachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo sannta chuig oibreoir córais tarchurtha seachas an ceann sin a bhfuil úinéireacht aige ar an gcóras tarchurtha chuig a mbeadh na freagrachtaí lena mbaineann infheidhme thairis sin. An t-oibreoir córais tarchurtha chuig a bhfuil na cúraimí sannta, beidh sé deimhnithe faoi shamhail an oibreora úinéireachta díchuachta, faoi shamhail an oibreora córais neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora córais tarchurtha neamhspleách, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 43, ach ní bheidh sé de cheangal air úinéireacht a bheith aige ar an gcóras tarchurtha a bhfuil sé freagrach as.

Comhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha ar leis an córas tarchurtha na ceanglais dá bhforáiltear i gCaibidil VI agus beidh sé deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 43. Beidh an méid seo gan dochar don fhéidearthacht a bheith ag oibreoirí córas tarchurtha atá deimhnithe faoi shamhail an oibreora córais úinéireachta díchuachta neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora córais tarchurtha neamhspleách go ndéanfaidís, ar a dtionscnamh féin agus faoina maoirseacht, cúraimí áirithe a tharmligean chuig oibreoirí córas tarchurtha eile, atá deimhnithe faoi shamhail an oibreora córais úinéireachta díchuachta neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora tarchurtha neamhspleách, i gcás nach ndéanann tarmligean na gcúraimí sin cearta cinnteoireachta éifeachtacha agus neamhspleácha an oibreora córais tarchurtha a dhéanann an tarmligean a chur i gcontúirt.

3.  
I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na hoibreoirí córais tarchurtha san áireamh na moltaí a bheidh eisithe ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha.
4.  

I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 1, soláthróidh na hoibreoirí córas tarchurtha seirbhísí cothromaíochta faoi réir an méid seo a leanas:

(a) 

nósanna imeachta trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus bunaithe ar an margadh;

(b) 

rannpháirtíocht na ngnóthas leictreachais uile agus na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú.

Chun críche phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh údaráis rialála agus oibreoirí córas dáileacháin i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe margaidh uile ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht sna margaí sin ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin.

5.  
Beidh feidhm ag mír 4 maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta ag oibreoirí córas tarchurtha, mura rud é g-bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála nach bhfuil soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta agus go bhfuil maolú deonaithe aici. Go háirithe, áiritheoidh an creata rialála go bhfuil na hoibreoirí córas tarchurtha in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar ó sholáthraithe na freagartha don éileamh nó na stórála fuinnimh agus déanfaidh siad glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, i gcás ina ndéanann na seirbhísí sin, ar bhealach costéifeachtach, an gá a mhaolú an acmhainneacht leictreachais a uasghrádú nó a athsholáthar agus oibriú éifeachtúil slán an chórais tarchurtha a thacú.
6.  
Oibreoirí córas tarchurtha, faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála, nó an t-údarás rialála féin, déanfaidh siad, trí bhíthin próiseas trédhearcach agus rannpháirtíoch ina n-áirítear gach úsáideoir córais ábhartha agus an t-oibreoir córais dáileacháin, na sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta a bhunú agus, i gcás inarb iomchuí, bunóidh siad na táirgí margaidh caighdeánaithe do na seirbhísí sin, ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh na sonraíochtaí sin gur ann do rannpháirtíocht éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú. Malartóidh na hoibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis uile is gá agus déanfaidh siad comhordú leis na hoibreoirí córas dáileacháin chun a áirithiú go mbainfear úsáid optamach as acmhainní, chun oibriú slán agus éifeachtúil an chórais a áirithiú agus chun forbairt an mhargaidh a éascú. Tabharfar luach saothair iomchuí do na hoibreoirí córas tarchurtha as na seirbhísí sin a sholáthar chun ligean dóibh na costais réasúnacha chomhfhreagracha ar a laghad a aisghabháil, lena n-áirítear na speansais is gá maidir le teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus costais bhonneagair is gá.
7.  
An oibleagáid seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar, níl feidhm aici maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán.
8.  
Féadfaidh Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe ligean d'oibreoirí córas tarchurtha gníomhaíochtaí a dhéanamh thar na gníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/943 sa chás go bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach do na hoibreoirí córas tarchurtha chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála go bhfuil gá le maolú den sórt sin. Is gan dochar an mhír seo don cheart atá ag oibreoirí córas tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin seachas gréasáin leictreachais, iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin deonaithe ag an mBallstát nó ag an údarás inniúil ainmnithe.

Airteagal 41

Ceanglais rúndachta agus trédhearcachta le haghaidh oibreoirí córas tarchurtha agus úinéirí córas tarchurtha

1.  
Gan dochar d'Airteagal 55 ná d'aon dualgas dlíthiúil eile faisnéis a nochtadh, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha agus gach úinéir córais tarchurtha rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, ar faisnéis í a gheobhaidh sé agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, agus cuirfidh sé cosc ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí féin, ar faisnéis í a bhféadfaí buntáiste tráchtála a bhaint aisti, a nochtadh ar bhealach idirdhealaitheach. Go háirithe, ní nochtfaidh sé aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de do na codanna eile den ghnóthas, ach amháin más gá nochtadh den sórt sin chun idirbheart gnó a chur i gcrích. Chun a áirithiú go n-urramófar ina n-iomláine na rialacha maidir le díchuachadh faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfidh an t-úinéir córais tarchurtha agus an chuid eile den ghnóthas seirbhísí coiteanna, amhail seirbhísí comhpháirteacha dlíthiúla, seachas feidhmeanna a bhaineann go huile is go hiomlán le riarachán nó le TF.
2.  
I gcomhthéacs leictreachas a bheith á dhíol nó á cheannach ag gnóthais ghaolmhara, ní dhéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha mí-úsáid a bhaint as faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fuair siad ó thríú páirtithe le linn dóibh rochtain ar an gcóras a thabhairt nó a chaibidliú.
3.  
Faisnéis atá riachtanach le haghaidh iomaíocht éifeachtach agus le haghaidh feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, déanfar í a phoibliú. Beidh an oibleagáid sin gan dochar do chaomhnú rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 42

Cumhachtaí cinnteoireachta maidir le suiteálacha giniúna nua agus saoráidí stórála fuinnimh nua a nascadh leis an gcóras tarchurtha

1.  
Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha nósanna imeachta trédhearcacha agus éifeachtúla a leagan síos agus a fhoilsiú maidir le nascadh suiteálacha giniúna nua agus saoráidí stórála fuinnimh nua leis an gcóras tarchurtha. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir a bhformheasa ag na húdaráis rialála.
2.  
Ní bheidh an t-oibreoir córais tarchurtha i dteideal nascadh suiteálacha giniúna nua nó saoráid stórála fuinnimh nua a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfadh, amach anseo, teorainneacha a bheith leis an acmhainneacht ghréasáin a bheidh ar fáil, amhail plódú i gcodanna i gcéin den chóras tarchurtha. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an fhaisnéis is gá ar fáil.

Ní dochar an chéad fhomhír don fhéidearthacht atá ag oibreoirí córas tarchurtha srian a chur le hacmhainneacht nasctha faoi ráthaíocht nó naisc a thairiscint faoi réir srianta oibríochtúla, chun éifeachtúlacht eacnamaíocht a áirithiú a mhéid a bhaineann le suiteálacha giniúna nua nó saoráidí stórála fuinnimh nua, ar choinníoll go mbeidh na srianta sin formheasta ag an údarás rialála. Áiritheoidh an t-údarás rialála go ndéanfar aon srianta in acmhainneacht nasctha faoi ráthaíocht nó aon srianta oibríochtúla a thabhairt isteach ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus nach gcruthóidh na srianta sin bacainní míchuí ar dhul isteach sa mhargadh. Sa chás gurb í an tsuiteáil ghiniúna nó an tsaoráid stórála fuinnimh a sheasann na costais a ghabhann le nasc neamhshrianta a áirithiú, ní bheidh feidhm le haon srian.

3.  
Ní bheidh an t-oibreoir córais tarchurtha i dteideal pointe nasctha nua a dhiúltú, ar an bhforas go dtiocfadh costais bhreise a eascraíonn as an méadú is gá ar acmhainneacht eilimintí den chóras atá suite gar don phointe nasctha.

CAIBIDIL VI

DÍCHUACHADH OIBREOIRÍ CÓRAS TARCHURTHA

Roinn 1

Úinéireacht a dhíchuachadh

Airteagal 43

Díchuachadh úinéireachta córas tarchurtha agus oibreoirí córas tarchurtha

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

go mbeidh gach gnóthas ar leis córas tarchurtha ag gníomhú mar oibreoir córais tarchurtha;

(b) 

nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal:

(i) 

rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha; ná

(ii) 

rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair;

(c) 

maidir le comhaltaí den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, i gcás oibreoir córais tarchurtha nó i gcás córas tarchurtha, nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal iad a cheapadh, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar aon ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair; agus

(d) 

nach mbeidh an duine céanna i dteideal a bheith ina chomhalta den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, ná a bheith ina chomhalta de ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair agus ag an am céanna a bheith ina chomhalta d'oibreoir córais tarchurtha nó de chóras tarchurtha.

2.  

Go háirithe, cuimseoidh na cearta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 an méid seo a leanas:

(a) 

an chumhacht cearta vótála a fheidhmiú;

(b) 

an cumhacht comhaltaí de bhord maoirseachta, de bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas a cheapadh; nó

(c) 

scair thromlaigh a shealbhú.

3.  
Chun críche phointe (b) de mhír 1, leis an gcoincheap “gnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair”, áireofar “gnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna an táirgthe nó an tsoláthair” de réir bhrí Threoir 2009/73/CE, agus leis na téarmaí “oibreoir córais tarchurtha” agus “córas tarchurtha”, áireofar “oibreoir córais tarchurtha” agus “córas tarchurtha” de réir bhrí na Treorach sin.
4.  
Measfar go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 comhlíonta i gcás ina mbeidh comhfhiontar cruthaithe ag dhá ghnóthas nó níos mó ar leo córais tarchurtha, ar comhfhiontar é a ghníomhaíonn mar oibreoir córais tarchurtha in dhá Bhallstát nó níos mó i ndáil leis na córais tarchurtha lena mbaineann. Ní féidir le haon ghnóthas eile a bheith páirteach sa chomhfhiontar, ach amháin má tá sé formheasta faoi Airteagal 44 mar oibreoir córais neamhspleách nó mar oibreoir tarchurtha neamhspleách chun críocha Roinn 3.
5.  
Ar mhaithe le cur chun feidhme an Airteagail seo, i gcás inarb é an Ballstát nó comhlacht poiblí eile an duine dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1, measfar nach iad an duine nó na daoine céanna dhá chomhlacht phoiblí ar leithligh a fheidhmíonn rialú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha ar láimh amháin, agus ar ghnóthas a fheidhmíonn aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair ar an láimh eile.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de dá dtagraítear in Airteagal 41 atá i seilbh oibreora córais tarchurtha ar chuid de ghnóthas a bhí comhtháite go hingearach é, ná baill foirne an oibreora córais tarchurtha sin, a aistriú chuig gnóthais a dhéanann aon cheann d'feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair.
7.  
Más rud é an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.

I gcás den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann:

(a) 

oibreoir córais neamhspleách a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 44; nó

(b) 

Roinn 3 a chomhlíonadh.

8.  
Más rud é, an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha agus go raibh socruithe i bhfeidhm a ráthaigh neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.
9.  
Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoir córais tarchurtha faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé deimhnithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 52(4), (5), agus (6) den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943, ar dá réir a fhíoróidh an Coimisiún go ráthóidh na socruithe atá i bhfeidhm neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3 den Chaibidil seo.
10.  
Ní dhéanfar, in aon chás, cosc a chur ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus ar leo córas tarchurtha céimeanna a ghlacadh chun mír 1 a chomhlíonadh.
11.  
Na gnóthais a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh siad in ann in aon chás, go díreach nó go hindíreach, rialú a fháil ná aon cheart a fheidhmiú ar oibreoirí córas tarchurtha arna ndíchuachadh i mBallstáit a chuireann mír 1 i bhfeidhm.

Roinn 2

Oibreoir córais neamhspleách

Airteagal 44

Oibreoir córais neamhspleách

1.  
Más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach é an córas tarchurtha an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan Airteagal 43(1) a chur i bhfeidhm agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar bhun moladh ó úinéir an chórais tarchurtha. Beidh an t-ainmniú sin faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún.
2.  

Féadfaidh an Ballstát oibreoir córais neamhspleách a fhormheas agus a ainmniú ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 43(1);

(b) 

go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil aige na hacmhainní airgeadais, teicniúla, fisiceacha agus daonna is gá chun a chúraimí a dhéanamh faoi Airteagal 40;

(c) 

go bhfuil sé gafa air féin ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonfaidh sé plean forbartha gréasáin 10 mbliana a ndéanfaidh an t-údarás rialála faireachán air;

(d) 

go bhfuil sé léirithe ag úinéir an chórais tarchurtha go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi mhír 5 a chomhlíonadh. Chuige sin, soláthróidh na dréachtsocruithe conarthacha uile leis an ngnóthas is iarrthóir agus le haon eintiteas ábhartha eile; agus

(e) 

go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhar idir oibreoirí córas tarchurtha ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal réigiúnach.

3.  
Na gnóthais a mbeidh sé deimhnithe ag an údarás rialála gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 53 agus mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoirí córas neamhspleácha. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 51 den Treoir seo agus in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/943 nó in Airteagal 53 den Treoir seo.
4.  
Beidh gach oibreoir córais tarchurtha ar leith freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú, lena n-áirítear bailiú muirear rochtana, muirear plódúcháin, agus íocaíochtaí faoin sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/943, agus as an gcóras tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, agus as a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnacha trí phleanáil infheistíochta. Tráth a fhorbrófar an córas tarchurtha, beidh an t-oibreoir córais neamhspleách freagrach as an mbonneagar nua a phleanáil (lena n-áirítear an nós imeachta um údarú), a thógáil agus a choimisiúnú. Chuige sin, gníomhóidh an t-oibreoir córais neamhspleách i gcáil oibreora córais tarchurtha i gcomhréir leis an Roinn seo. Ní bheidh úinéir an chórais tarchurtha freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú ná a bhainistiú, ná as an bpleanáil infheistíochta.
5.  

I gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách ainmnithe, déanfaidh úinéir an chórais tarchurtha an méid seo a leanas:

(a) 

an comhar agus an tacaíocht uile is ábhartha a thabhairt don oibreoir córais neamhspleách chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, an fhaisnéis ábhartha uile;

(b) 

na hinfheistíochtaí arna gcinneadh ag an oibreoir córais neamhspleách agus arna bhformheas ag an údarás rialála a mhaoiniú, nó toiliú lena maoiniú ag aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách. Beidh na socruithe maoinithe ábhartha faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála. Sula dtabharfar an formheas sin, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le húinéir an chórais tarchurtha mar aon leis na páirtithe leasmhara eile;

(c) 

foráil do dhliteanas a bhaineann leis na sócmhainní gréasáin a chumhdach, ach gan an dliteanas a bhaineann le cúraimí an oibreora córais neamhspleách san áireamh; agus

(d) 

ráthaíochtaí a thabhairt ionas go n-éascófar maoiniú aon mhéaduithe ar an ngréasán cé is moite de na hinfheistíochtaí sin ar thoiligh sé, de bhun phointe (b), lena maoiniú ag aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách.

6.  
I ndlúthchomhar leis an údarás rialála, tabharfar don údarás iomaíochta náisiúnta ábhartha na cumhachtaí uile is ábhartha chun faireachán a dhéanamh go héifeachtach ar chomhlíonadh a oibleagáidí faoi mhír 5 ag úinéir an chórais tarchurtha.

Airteagal 45

Úinéirí córas tarchurtha a dhíchuachadh

1.  
I gcás inar ceapadh oibreoir córais neamhspleách, beidh an t-úinéir córais tarchurtha ar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é neamhspleách ó thaobh foirm dhlíthiúil, eagrúcháin agus cinnteoireachta de, ar a laghad, ó ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann leis an tarchur.
2.  

Chun neamhspleáchas an úinéara córais tarchurtha dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, beidh feidhm ag na critéir íosta seo a leanas:

(a) 

daoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ní bheidh siad páirteach i struchtúir chuideachta an ghnóthais leictreachais chomhtháite atá freagrach, go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil ghiniúint, dháileadh agus sholáthar an leictreachais;

(b) 

déanfar bearta iomchuí lena áirithiú go gcuirfear san áireamh leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ar bhealach a áiritheoidh go bhfuil siad in ann gníomhú go neamhspleách; agus

(c) 

cuirfidh an t-úinéir córais tarchurtha clár comhlíontachta ar bun ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán leormhaith ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. An duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh, faoi bhráid an údaráis rialála agus foilseofar í.

Roinn 3

Oibreoir tarchurtha neamhspleách

Airteagal 46

Sócmhainní, trealamh, foireann agus céannacht

1.  

Beidh ag na hoibreoirí córas tarchurtha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais a chur i gcrích, go háirithe:

(a) 

na sócmhainní is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear an córas tarchurtha, beidh siad faoi úinéireacht an oibreora córais tarchurtha;

(b) 

an pearsanra is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear gach cúram corparáideach a dhéanamh, beidh siad fostaithe ag an oibreoir córais tarchurtha;

(c) 

beidh cosc ar phearsanra a fháil ar iasacht ó aon chuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ar sheirbhísí a chur ar fáil d'aon chuid eile de. Féadfaidh oibreoir córais tarchurtha seirbhísí a chur ar fáil don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, áfach, ar choinníoll:

(i) 

nach ndéanfar, le soláthar na seirbhísí sin, idirdhealú idir úsáideoirí an chórais, go mbeidh an soláthar sin le fáil ag úsáideoirí uile an chórais ar na téarmaí agus coinníollacha céanna agus nach ndéanfar dá dheasca an iomaíocht giniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc; agus

(ii) 

go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ar a soláthrófar na seirbhísí sin formheasta ag an údarás rialála;

(d) 

gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, déanfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach acmhainní airgeadais iomchuí le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana a chur ar fáil don oibreoir córais tarchurtha in am trátha arna iarraidh sin go hiomchuí don oibreoir córais tarchurtha.

2.  

Áireofar le gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais na cúraimí seo a leanas ar a laghad, de bhreis ar na cinn sin a liostaítear in Airteagal 40:

(a) 

ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha agus teagmhálacha le tríú páirtithe agus leis na húdaráis rialála;

(b) 

ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha laistigh de ENTSO don Leictreachas;

(c) 

deonú agus bainistiú rochtana tríú páirtí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d'úsáideoirí córais;

(d) 

bailiú na muirear uile a bhaineann leis an gcóras tarchurtha, lena n-áirítear muirir rochtana, fuinneamh le haghaidh caillteanas agus muirir seirbhísí coimhdeacha;

(e) 

oibriú, cothabháil agus forbairt córais tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach;

(f) 

pleanáil infheistíochta lena n-áiritheofar go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnta agus lena ráthófar cinnteacht an tsoláthair;

(g) 

bunú comhfhiontar iomchuí, lena n-áirítear in éineacht le hoibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó, malartán cumhachta amháin nó níos mó, agus na gníomhaithe ábhartha eile a shaothraíonn na cuspóirí cruthú margaí réigiúnacha a fhorbairt nó an próiseas léirscaoilte a éascú; agus

(h) 

na seirbhísí corparáideacha uile, lena n-áirítear seirbhísí dlíthiúla, cuntasaíocht agus seirbhísí TF.

3.  
Beidh na hoibreoirí córas tarchurtha eagraithe de réir na foirme dlíthiúla amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).
4.  
Ní bheidh céannacht chorparáideach, cumarsáid, brandáil ná áitreabh an oibreora córais tarchurtha ina n-ábhar mearbhaill i ndáil le céannacht leithleach an ghnóthais atá comhtháite go hingearach nó aon chuid de.
5.  
Ní roinnfidh an t-oibreoir córais tarchurtha córais nó trealamh TF, áitreabh fisiceach ná córais rochtana slándála le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ní úsáidfidh sé na sainchomhairleoirí céanna ná na conraitheoirí seachtracha céanna le haghaidh córais nó trealamh TF ná le haghaidh na gcóras rochtana slándála.
6.  
Is iniúchóir eile seachas an t-iniúchóir a dhéanann iniúchóireacht ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó ar aon chuid de, a dhéanfaidh iniúchóireacht ar chuntais an oibreora córais tarchurtha.

Airteagal 47

Neamhspleáchas an oibreora córais tarchurtha

1.  

Gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, beidh ag an oibreoir córais tarchurtha:

(a) 

cearta éifeachtacha cinnteoireachta, go neamhspleách ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, maidir leis na sócmhainní is gá chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt; agus

(b) 

an chumhacht airgead a chruinniú ar an margadh caipitil go háirithe trí iasachtaíocht agus méadú caipitil.

2.  
Gníomhóidh an t-oibreoir córais tarchurtha i gcónaí ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh aige na hacmhainní is gá chun gníomhaíocht an tarchurtha a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil agus chun córas tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach a fhorbairt agus a chothabháil.
3.  
Fochuideachtaí den ghnóthas atá comhtháite go hingearach a dhéanann feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh acu aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach san oibreoir córais tarchurtha. Ní bheidh ag an oibreoir córais tarchurtha aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach in aon fhochuideachta de chuid an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a dhéanann feidhmeanna na giniúna agus an tsoláthair, ná ní bhfaighidh sé dibhinní ná aon sochar airgeadais eile ón bhfochuideachta sin.
4.  
Áiritheofar le struchtúr bainistíochta foriomlán agus le stádais chorparáideacha an oibreora córais tarchurtha go mbeidh neamhspleáchas éifeachtach ag an oibreoir córais tarchurtha i gcomhréir leis an Roinn seo. An gnóthas atá comhtháite go hingearach, ní leagfaidh sé amach go díreach ná go hindíreach iompraíocht iomaíoch an oibreora córais tarchurtha i ndáil le gníomhaíochtaí ó lá go lá an oibreora córais tarchurtha agus bainistiú an ghréasáin, ná i ndáil leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 51.
5.  
I gcomhall a gcuid cúraimí faoi Airteagal 40 agus faoi Airteagal 46(2) den Treoir seo, agus i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 18, 19 agus 50 de Rialachán (AE) 2019/943, ní dhéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha idirdhealú in aghaidh daoine éagsúla ná eintitis éagsúla agus ní dhéanfaidh siad an iomaíocht ghiniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc.
6.  
Aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha, lena n-áirítear iasachtaí ón oibreoir córais tarchurtha don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, comhlíonfaidh sé coinníollacha an mhargaidh. Coinneoidh an t-oibreoir córais tarchurtha taifid mhionsonraithe ar an gcaidreamh tráchtála nó airgeadais sin agus cuirfidh sé ar fáil don údarás rialála iad arna iarraidh sin dó.
7.  
Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha gach comhaontú tráchtála agus airgeadais leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach faoi bhráid an údaráis rialála lena fhormheas.
8.  
Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an t-údarás rialála ar an eolas faoi na hacmhainní airgeadais, dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(1), atá ar fáil le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana.
9.  
Staonfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach ó aon ghníomh a dhéanamh a chuirfeadh as nó a dhéanfadh dochar don oibreoir córais tarchurtha maidir lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh agus ní éileoidh sé ar an oibreoir córais tarchurtha cead a lorg ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.
10.  
Aon ghnóthas a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála ina thaobh go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais na Caibidle seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an gnóthas sin a fhormheas agus a ainmniú ina oibreoir córais tarchurtha. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 52 den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943 nó in Airteagal 53 den Treoir seo.

Airteagal 48

Neamhspleáchas fhoireann agus bhainistíocht an oibreora córais tarchurtha

1.  
Na cinntí maidir le ceapadh agus athnuachan, dálaí oibre lena n-áirítear luach saothair, agus foirceannadh théarma oifige na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, is é Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchurtha arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 49 a dhéanfaidh iad.
2.  
Céannacht agus na coinníollacha lena rialaítear téarma, fad agus foirceannadh oifige na ndaoine arna n-ainmniú ag an gComhlacht Maoirseachta lena gceapadh nó lena n-athnuachan mar dhaoine atá freagrach as bainistiú feidhmiúcháin agus/nó mar chomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus na cúiseanna le haon chinneadh atá beartaithe chun téarma oifige den sórt sin a fhoirceannadh, déanfar fógra a thabhairt don údarás rialála ina dtaobh. Tiocfaidh na dálaí agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ceangailteach sa chás nach ndéanfaidh an t-údarás rialála aon agóid ina gcoinne laistigh de 3 seachtaine den fhógra sin, agus sa chás sin amháin.

Féadfaidh an t-údarás rialála agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 más rud é:

(a) 

go dtiocfaidh amhras chun cinn maidir le neamhspleáchas gairmiúil duine atá ainmnithe le bheith freagrach as an mbainistiú agus/nó le neamhspleáchas gairmiúil comhalta de na comhlachtaí riaracháin; nó

(b) 

i gcás foirceannadh luath téarma oifige, gur ann d'amhras maidir le húdar maith a bheith leis an bhfoirceannadh luath sin.

3.  
Na daoine sin a cheapfar le bheith freagrach as an mbainistiú agus/nó na comhaltaí sin a cheapfar sna comhlachtaí riaracháin de chuid an oibreora córais tarchurtha atá faoi réir na míre seo, ní bheidh feidhmithe acu, le tréimhse 3 bliana sula gceapfar iad, aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó, díreach ná indíreach, leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach ná le haon chuid de ná dá scairshealbhóirí rialaithe seachas an t-oibreoir córais tarchurtha féin.
4.  
Na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, agus fostaithe an oibreora córais tarchurtha, ní bheidh acu aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó, díreach ná indíreach, le cuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná le scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin.
5.  
Na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, agus fostaithe an oibreora córais tarchurtha, ní bheidh acu aon leas in aon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ná ní bhfaighidh siad aon sochar airgeadais, go díreach nó go hindíreach as, diomaite den oibreoir córais tarchurtha féin. Ní bheidh a luach saothair ag brath ar ghníomhaíochtaí ná ar thorthaí an ghnóthais atá comhtháite go hingearach seachas gníomhaíochtaí agus torthaí an oibreora córais tarchurtha féin.
6.  
Déanfar cearta éifeachtacha achomhairc chuig an údarás rialála a ráthú i gcás aon ghearáin a dhéanfaidh na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha i gcoinne fhoirceannadh luath a dtéarma oifige.
7.  
I ndiaidh fhoirceannadh a dtéarma oifige san oibreoir córais tarchurtha, ní bheidh ag na daoine atá freagrach as a bhainistiú agus/nó ag na comhaltaí dá chomhlachtaí riaracháin aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach diomaite den oibreoir córais tarchurtha féin, ná le scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin ar feadh tréimhse nach lú ná 4 bliana.
8.  
Beidh feidhm ag mír 3 maidir le tromlach na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó na gcomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha.

Na daoine sin atá freagrach as an mbainistiú agus/nó na comhaltaí sin de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha nach bhfuil faoi réir mhír 3, ní bheidh feidhmithe acu, le tréimhse sé mhí ar a laghad sula gceapfar iad, aon ghníomhaíocht bhainistíochta ná gníomhaíocht ábhartha eile sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo agus ag míreanna 4 go 7 maidir le gach duine a bhaineann leis an mbainistíocht fheidhmeannach agus maidir leis na daoine sin a thuairiscíonn go díreach dóibh faoi chúrsaí a bhaineann le hoibriú, cothabháil nó forbairt an ghréasáin.

Airteagal 49

Comhlacht Maoirseachta

1.  
Beidh ag an oibreoir córais tarchurtha Comhlacht Maoirseachta a mbeidh sé de chúram air na cinntí a dhéanamh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar luach shócmhainní scairshealbhóirí an oibreora córais tarchurtha, go háirithe cinntí maidir le formheas na bpleananna airgeadais bliantúla agus fadtéarmacha, maidir le leibhéal fiachais an oibreora córais tarchurtha agus maidir le méid na ndíbhinní a dháilfear ar na scairshealbhóirí. Ní áireofar ar na cinntí atá faoi shainchúram an Chomhlachta Maoirseachta na cinntí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí ó lá go lá an oibreora córais tarchurtha agus bhainistiú an ghréasáin, agus leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 51.
2.  
Beidh an Comhlacht Maoirseachta comhdhéanta de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht do na scairshealbhóirí tríú páirtí agus, i gcás ina bhforálfar amhlaidh sa dlí ábhartha náisiúnta, de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht do pháirtithe leasmhara eile amhail fostaithe an oibreora córais tarchurtha.
3.  
An chéad fomhír d'Airteagal 48(2) agus Airteagal 48(3) go (7), beidh feidhm acu maidir le leath de na comhaltaí den Chomhlacht Maoirseachta, lúide comhalta amháin.

Beidh feidhm ag pointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 48(2) maidir le comhaltaí uile an Chomhlachta Maoirseachta.

Airteagal 50

Clár comhlíontachta agus oifigeach comhlíontachta

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha clár comhlíontachta a bhunú agus a chur chun feidhme ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus go n-áiritheoidh siad go ndéanfar faireachán iomchuí ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis rialála, déanfaidh oifigeach comhlíontachta faireachán neamhspleách ar chomhlíonadh an chláir.
2.  
Is é an Comhlacht Maoirseachta a cheapfaidh an t-oifigeach comhlíontachta, faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Is ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, agus ar na cúiseanna sin amháin, a fhéadfaidh an t-údarás rialála diúltú an t-oifigeach comhlíontachta a fhormheas. Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach. Beidh feidhm ag Airteagal 48(2) go (8) maidir leis an oifigeach comhlíontachta.
3.  

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an oifigeach comhlíontachta:

(a) 

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir comhlíontachta;

(b) 

tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun an clár comhlíontachta a chur chun feidhme agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an údaráis rialála;

(c) 

tuairisc a thabhairt don Chomhlacht Maoirseachta agus moltaí a eisiúint maidir leis an gclár comhlíontachta agus cur chun feidhme an chláir sin;

(d) 

fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon sáruithe substainteacha maidir le cur chun feidhme an chláir comhlíontachta; agus

(e) 

tuairisciú chuig an údarás rialála faoi aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha.

4.  
Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta na cinntí atá beartaithe maidir leis an bplean infheistíochta nó maidir le hinfheistíochtaí aonair sa ghréasán a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Déanfar amhlaidh, ar a dheireanaí, tráth a chuirfidh bainistíocht agus/nó comhlacht riaracháin inniúil an oibreora córais tarchurtha na cinntí sin faoi bhráid an Chomhlachta Maoirseachta.
5.  
I gcás ina mbeidh bac curtha ag an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, sa chomhthionól ginearálta nó trí vótáil na gcomhaltaí den Chomhlachta Maoirseachta arna gceapadh aige, ar ghlacadh cinnidh agus gurb é toradh atá air sin ná bac nó moill ar infheistíochtaí a bhí le cur i gcrích sna 3 bliana ina dhiaidh sin de réir an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, tabharfaidh an t-oifigeach comhlíontachta tuairisc faoi sin don údarás rialála, agus ansin gníomhóidh an t-údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 51.
6.  
Na coinníollacha lena rialaítear téarma oifige nó coinníollacha fostaíochta an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear ré an téarma oifige, beidh siad faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála. Áiritheofar leis na coinníollacha sin neamhspleáchas an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear na hacmhainní uile a thabhairt dó nó di is gá chun dualgais an oifigigh comhlíontachta a chomhlíonadh. Le linn a théarma oifige, ní bheidh ag an oifigeach comhlíontachta aon phost gairmiúil, freagracht ná leas, go díreach ná go hindíreach, in aon chuid ná le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná de scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin.
7.  
Tuairisceoidh an t-oifigeach comhlíontachta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig an údarás rialála go tráthrialta agus beidh sé de cheart aige tuairisciú go tráthrialta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchurtha.
8.  

Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta freastal ar chruinnithe uile bhainistíocht nó chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus ar chruinnithe an Chomhlachta Maoirseachta agus an tionóil ghinearálta. Freastalóidh an t-oifigeach comhlíontachta ar na cruinnithe uile a bhaineann leis na hábhair seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha rochtana ar an ngréasán, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943, go háirithe maidir le taraifí, seirbhísí rochtana tríú páirtí, leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, trédhearcacht, seirbhísí coimhdeacha agus margaí tánaisteacha;

(b) 

na tionscadail a dhéantar chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí in idirnascadh agus i nascadh;

(c) 

na ceannacháin nó díolacháin fuinnimh is gá chun an córas tarchurtha a oibriú.

9.  
Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta faireachán ar chomhlíonadh Airteagal 41 ag an oibreoir córais tarchurtha.
10.  
Beidh rochtain ag an oifigeach comhlíontachta ar na sonraí ábhartha uile agus ar oifigí an oibreora córais tarchurtha agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúram a chomhall.
11.  
Beidh rochtain gan réamhfhógra ag an oifigeach comhlíontachta ar oifigí an oibreora córais tarchurtha.
12.  
Tar éis réamhfhormheas a fháil ón údarás rialála, féadfaidh an Comhlacht Maoirseachta an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú. Déanfaidh sé an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, arna iarraidh sin don údarás rialála.

Airteagal 51

Forbairt gréasáin agus cumhachtaí chun cinntí infheistíochta a dhéanamh

1.  
Gach 2 bhliain ar a laghad, cuirfidh na hoibreoirí córas tarchurtha plean forbartha gréasáin 10 mbliana faoi bhráid an údaráis rialála a bheidh bunaithe ar an soláthar agus ar an éileamh mar atá siad agus mar a thuartar go mbeidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha. Beidh bearta éifeachtúla sa phlean forbartha gréasáin sin chun leormhaitheas an chórais agus cinnteacht an tsoláthair a áirithiú. Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an plean forbartha gréasáin 10 mbliana a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
2.  

Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana:

(a) 

an príomhbhonneagar tarchurtha is gá a thógáil nó a uasghrádú sna 10 mbliana atá le teacht a léiriú do na rannpháirtithe margaidh;

(b) 

na hinfheistíochtaí uile atá cinntithe cheana a leagan amach agus infheistíochtaí nua nach mór a dhéanamh sna 3 bliana atá le teacht a shainaithint; agus

(c) 

achar ama a leagan síos do na tionscadail infheistíochta uile.

3.  
Nuair a bheidh an plean forbartha gréasáin 10 mbliana á ullmhú aige, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha lánaird a thabhairt ar an bhféidearthacht a ghabhann le húsáid na freagartha don éileamh, na saoráidí stórála fuinnimh nó acmhainní eile mar roghanna malartacha ar leathnú an chórais, mar aon leis an tomhaltas ionchais, trádáil le tíortha eile agus pleananna infheistíochta do ghréasáin uile-Aontais agus do ghréasáin réigiúnacha.
4.  
Rachaidh an t údarás rialála i gcomhairle le gach úsáideoir córais, bíodh sé iarbhír nó féideartha, maidir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana, ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Na daoine nó na gnóthais a mhaífidh gur úsáideoirí córais féideartha iad, féadfar a éileamh orthu bunús a thabhairt don mhaíomh sin. Foilseoidh an t-údarás rialála toradh an phróisis comhairliúcháin, go háirithe na riachtanais infheistíochta a d'fhéadfadh a bheith ann.
5.  
Scrúdóidh an t-údarás rialála an gcumhdaíonn an plean forbartha gréasáin 10 mbliana na riachtanais infheistíochta uile arna sainaithint le linn an phróisis comhairliúcháin, agus an bhfuil sé ag teacht leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais neamhcheangailteach (“an plean forbartha gréasáin uile-Aontais”) dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943. Má bhíonn aon amhras ann nach bhfuil an plean ag teacht leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le ACER. Féadfaidh an t-údarás rialála ceangal a chur ar an oibreoir córais tarchurtha a phlean forbartha gréasáin 10 mbliana a leasú.

Scrúdóidh údaráis inniúla náisiúnta an bhfuil an plean forbartha gréasáin 10 mbliana ag teacht leis an bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheidh tíolactha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

6.  
Déanfaidh an t-údarás rialála faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana.
7.  

Sa chás nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach mbeadh neart aige orthu, infheistíocht a bhí le déanamh, de réir an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, sna 3 í bliana le teacht, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceangal ar an údarás rialála ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an infheistíocht sin más rud é go bhfuil an infheistíocht sin fós iomchuí de réir an phlean forbartha gréasáin 10 h mbliana is déanaí:

(a) 

ceangal a chur ar an oibreoir córais tarchurtha an infheistíocht atá i gceist a dhéanamh;

(b) 

nós imeachta tairisceana a eagrú a bheidh oscailte do gach infheisteoir le haghaidh na hinfheistíochta atá i gceist; nó

(c) 

iallach a chur ar an oibreoir córais tarchurtha glacadh le méadú caipitil chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a mhaoiniú agus ligean d'infheisteoirí neamhspleácha a bheith rannpháirteach sa chaipiteal.

8.  

I gcás ina mbeidh úsáid bainte ag an údarás rialála as a chumhachtaí faoi phointe (b) de mhír 7, féadfaidh sé iallach a chur ar an oibreoir córais tarchurtha aontú le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) 

maoiniú ag aon tríú páirtí;

(b) 

tógáil ag aon tríú páirtí;

(c) 

na sócmhainní nua lena mbaineann a thógáil é féin;

(d) 

an tsócmhainn nua lena mbaineann a oibriú é féin.

Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha ar fáil do na hinfheisteoirí an fhaisnéis uile is gá chun an infheistíocht a chur i gcrích, nascfaidh sé na sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha agus déanfaidh sé a dhícheall i gcoitinne chun cur chun feidhme an tionscadail infheistíochta a éascú.

Beidh na socruithe airgeadais ábhartha faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála.

9.  
I gcás ina mbeidh úsáid bainte ag an údarás rialála as a chumhachtaí faoi mhír 7, cumhdóidh na rialacháin taraife ábhartha costais na n-infheistíochtaí atá i gceist.

Roinn 4

Ainmniú agus deimhniú oibreoirí córas tarchurtha

Airteagal 52

Ainmniú agus deimhniú oibreoirí córas tarchurtha

1.  
Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú ina oibreoir córais tarchurtha, déanfar é a dheimhniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna 4, 5, agus 6 den Airteagal seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943.
2.  
Na gnóthais sin a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 43, de bhun an nós imeachta deimhniúcháin thíos, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú ina n-oibreoirí córas tarchurtha. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi ainmniú oibreoirí córas tarchurtha agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
3.  
Tabharfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha fógra don údarás rialála i dtaobh aon idirbheart atá pleanáilte a bhféadfadh sé gur ghá mar gheall air athmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais Airteagal 43 ag an oibreoir lena mbaineann.
4.  

Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar chomhlíonadh leanúnach cheanglais Airteagal 43 ag na hoibreoirí córas tarchurtha. Tionscnóidh siad nós imeachta deimhniúcháin chun an comhlíonadh sin a áirithiú:

(a) 

ar fhógra a fháil dóibh ón oibreoir córais tarchurtha de bhun mhír 3;

(b) 

ar a dtionscnamh féin i gcás ina mbeidh eolas acu go bhféadfadh sárú ar Airteagal 43 a bheith ann de dheasca athrú a bheadh pleanáilte ar na cearta nó ar an tionchar arna bhfeidhmiú i ndáil le húinéirí córas tarchurtha nó oibreoirí córas tarchurtha, nó i gcás ina mbeidh cúis acu a chreidiúint gur tharla sárú den sórt sin; nó

(c) 

ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún.

5.  
Glacfaidh na húdaráis rialála cinneadh maidir le deimhniú oibreora córais tarchurtha laistigh de 4 mhí ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchurtha nó ó dháta na hiarrata ón gCoimisiún. Tar éis dul in éag don tréimhse sin, measfar go bhfuil an deimhniú deonaithe. Ní bheidh éifeacht le cinneadh sainráite nó intuigthe an údaráis rialála ach amháin ar chríochnú an nós imeachta a leagtar amach i mír 6.
6.  
An cinneadh sainráite nó intuigthe maidir le deimhniú an oibreora córais tarchurtha, déanfaidh an t-údarás rialála fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith gan mhoill, maille leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoin gcinneadh sin. Gníomhóidh an Coimisiún de réir an nós imeachta a leagtar síon in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943.
7.  
Féadfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún aon fhaisnéis is ábhartha do chomhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo a iarraidh ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus ar na gnóthais a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair.
8.  
Caomhnóidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 53

Deimhniú i ndáil le tríú tíortha

1.  
I gcás ina ndéanfaidh úinéir córais tarchurtha nó oibreoir córais tarchurtha atá faoi rialú duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha deimhniú a iarraidh, tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún ina thaobh.

Déanfaidh an t-údarás rialála freisin fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi aon imthosca a d'fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar chóras tarchurtha nó ar oibreoir córais tarchurtha.

2.  
Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon imthosca a d'fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar an gcóras tarchurtha nó ar an oibreoir córais tarchurtha.
3.  

Glacfaidh an t-údarás rialála dréachtchinneadh maidir le deimhniú oibreora córais tarchurtha laistigh de 4 mhí ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchurtha. Diúltóidh sé an deimhniú más rud é nár léiríodh:

(a) 

go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus

(b) 

don údarás rialála nó d'údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú ag an mBallstát nach gcuirfí cinnteacht an tsoláthair sa Bhallstát ná san Aontas i mbaol de thairbhe an deimhniú a dheonú. Agus an cheist sin á breithniú aige, cuirfidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú amhlaidh an méid seo a leanas san áireamh:

(i) 

cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh;

(ii) 

cearta agus oibleagáidí an Bhallstáit i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích léi, sa mhéid go comhlíonann siad dlí an Aontais; agus

(iii) 

fíorais agus imthosca sonracha eile a bhaineann leis an gcás agus leis an tríú tír atá i gceist.

4.  
Tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún faoin gcinneadh gan mhoill, maille leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoin gcinneadh sin.
5.  

Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil arna ainmniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, sula nglacfaidh an t-údarás rialála cinneadh maidir le deimhniú, tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún an amhlaidh:

(a) 

go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus

(b) 

nach gcuirfear cinnteacht an tsoláthair fuinnimh i mbaol san Aontas de thairbhe an deimhniú a dheonú.

6.  
Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 5 a luaithe a gheobhaidh sé í. Laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil, tabharfaidh sé a thuairim don údarás rialála nó, más é an t-údarás inniúil arna ainmniú a rinne an iarraidh, don údarás sin.

Agus an tuairim á ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a iarraidh ar ACER, leis an mBallstát lena mbaineann, agus le páirtithe leasmhara. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún iarraidh den sórt sin, cuirfear fadú 2 mhí leis an tréimhse 2 mhí.

D'uireasa tuairim ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil agóid i gcoinne chinneadh an údaráis rialála á dhéanamh ag an gCoimisiún.

7.  

Agus measúnú á dhéanamh aige an gcuirfidh rialú an duine nó na ndaoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha cinnteacht an tsoláthair fuinnimh san Aontas i mbaol, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

fíorais shonracha an cháis agus an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann; agus

(b) 

cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin nó na dtríú tíortha sin de a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh.

8.  
Déanfaidh an t-údarás rialála, laistigh de 2 mhí tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 6, a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir leis an deimhniú. I nglacadh a chinnidh chríochnaithigh dó, cuirfidh an t-údarás rialála tuairim an Choimisiúin san áireamh go dícheallach. In aon chás, beidh sé de cheart ag na Ballstáit an deimhniú a dhiúltú i gcás ina gcuirfí cinnteacht an tsoláthair fuinnimh sa Bhallstát nó i mBallstát eile i mbaol de dheasca an deimhniú a dheonú. I gcás ina mbeidh údarás inniúil náisiúnta eile ainmnithe ag an mBallstát chun an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a dhéanamh, féadfaidh sé ceangal a chur ar an údarás rialála a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir le measúnú an údaráis inniúil náisiúnta sin. Déanfar cinneadh críochnaitheach an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin a fhoilsiú in éineacht. I gcás ina n-imeoidh an cinneadh críochnaitheach ó thuairim an Choimisiúin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an réasúnú is bonn leis an gcinneadh sin a chur ar fáil agus a fhoilsiú maille leis an gcinneadh.
9.  
Ní dhéanfaidh aon rud san Airteagal seo difear do cheart na mBallstát rialuithe dlíthiúla náisiúnta a fheidhmiú, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leasanna dlisteanacha slándála poiblí a chosaint.
10.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de phointe (a) de mhír 3 de, maidir leis na Ballstáit atá faoi réir maolú faoi Airteagal 66.

Airteagal 54

Úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh ag oibreoirí córas tarchurtha

1.  
Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas tarchurtha ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná ní dhéanfaidh siad iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.
2.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán agus a bhfuil a fhormheas ina leith sin deonaithe ag an údarás rialála, nó i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, atá faoi réir a athbhreithnithe agus fhormheas an údaráis rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí den sórt sin, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil.

(b) 

go bhfuil gá leis na saoráidí nó leis na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta sin ionas gur féidir leis na hoibreoirí córas tarchurtha a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le hoibriú éifeachtúil, iontaofa agus slán an chórais tarchurtha agus nach n-úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais; agus

(c) 

go ndearna an t-údarás rialála measúnú ar riachtanas an mhaolaithe sin agus go ndearna sé measúnú ex ante ar infheidhmeacht an nós imeachta tairisceana, lena n-áirítear coinníollacha an nós imeachta tairisceana sin, agus gur dheonaigh sé a fhormheas.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas tarchurtha chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

3.  
An cinneadh maidir le maolú a dheonú, tabharfar fógra ina thaobh don Choimisiún agus do ACER maille leis an bhfaisnéis is ábhartha faoin iarraidh agus na cúiseanna ar deonaíodh an maolú.
4.  
Déanfaidh na húdaráis rialála comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach 5 bliana ar a laghad i dtaca leis na saoráidí stórála fuinnimh atá cheana ann chun measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht fhéideartha agus ar spéis fhéideartha na bpáirtithe eile chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí den sórt sin a dhéanamh. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí, mar atá measúnaithe ag an údarás rialála, go bhfuil páirtithe eile inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú saoráidí den sórt sin ar bhealach cost-éifeachtach, áiritheoidh na húdaráis rialála go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha i dtaobh na nithe sin laistigh de 18 mí. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d'oibreoirí córas tarchurtha cúiteamh réasúnach a fháil, go háirithe luach iarmharach na hinfheistíochta a rinneadh sna saoráidí stórála fuinnimh a aisghabháil.
5.  

Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le comhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán ná do ghnáth-thréimhse dímheasa saoráidí nua stórála ceallra ag a bhfuil cinneadh infheistíochta críochnaithí go dtí 2024, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith saoráidí stórála ceallra den sórt sin:

(a) 

tá siad nasctha leis an eangach ar a dhéanaí 2 bhliain ina dhiaidh sin;

(b) 

tá siad comhtháite sa chóras tarchurtha;

(c) 

ní úsáidtear iad ach le haghaidh athshlánú láithreach freagarthach shlándáil an ghréasáin i gcás go dtarlaíonn teagmhais ghréasáin i gcás ina dtosaíonn an beart athshlánaithe sin láithreach agus ina gcríochnaíonn sé nuair is féidir le hathsheoladh an tsaincheist a réiteach, agus

(d) 

ní úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais, lena n-áirítear cothromúchán.

Roinn 5

Díchuachadh agus trédhearcacht na gcuntas

Airteagal 55

Ceart rochtana ar chuntais

1.  
Sa mhéid is gá chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh, beidh ceart rochtana ag Ballstáit nó ag aon údarás inniúil arna ainmniú acu, lena n-áirítear na húdaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57, ar chuntais na ngnóthas leictreachais mar a leagtar amach in Airteagal 56.
2.  
Caomhnóidh na Ballstáit, agus aon údarás inniúil atá ainmnithe, lena n-áirítear na húdaráis rialála, rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le faisnéis den sórt sin a nochtadh i gcásanna ina mbíonn nochtadh den sórt sin riachtanach chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

Airteagal 56

Díchuachadh cuntas

1.  
Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna riachtanacha chun a áirithiú go ndéantar cuntais na ngnóthas leictreachais a choinneáil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.
2.  
Déanfaidh gnóthais leictreachais, gan beann ar an gcóras úinéireachta ná ar an bhfoirm dhlíthiúil atá acu, a gcuntais bhliantúla a tharraingt suas, a chur faoi réir iniúchóireachta agus a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cuntais bhliantúla chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta arna nglacadh de bhun Threoir 2013/34/AE.

Déanfaidh gnóthais nach bhfuil dualgas dlíthiúil orthu a gcuid cuntas bliantúil a fhoilsiú cóip díobh a choimeád agus an chóip sin a bheith ar fáil don phobal ina gceannoifig.

3.  
Coimeádfaidh gnóthais leictreachais, ina gcuntasaíocht inmheánach, cuntais ar leithligh le haghaidh gach ceann dá ngníomhaíochtaí tarchurtha agus dáileacháin faoi mar a bheadh de cheangal orthu a dhéanamh dá mba ag gnóthais ar leithligh a bheadh na gníomhaíochtaí atá i gceist á ndéanamh, d'fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. Coimeádfaidh siad cuntais freisin, a fhéadfaidh a bheith ina gcuntais chomhdhlúite, le haghaidh gníomhaíochtaí eile leictreachais nach mbaineann le tarchur ná le dáileachán. Sonrófar ioncam ó úinéireacht an chórais tarchurtha nó dáileacháin sna cuntais. I gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh siad cuntais chomhtháite le haghaidh gníomhaíochtaí eile neamhleictreachais. Beidh clár comhardaithe agus cuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh gach gníomhaíochta san áireamh sna cuntais inmheánacha.
4.  
Leis an iniúchadh dá dtagraítear i mír 2, fíorófar, go háirithe, go ndéantar an oibleagáid idirdhealú agus tras-fhóirdheonú dá dtagraítear i mír 3 a urramú.

CAIBIDIL VII

ÚDARÁIS RIALÁLA

Airteagal 57

Ainmniú agus neamhspleáchas na n-údarás rialála

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát údarás rialála aonair ar an leibhéal náisiúnta.
2.  
Beidh mír 1 gan dochar d'ainmniú údarás rialála eile ar an leibhéal réigiúnach laistigh de na Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh ionadaí sinsearach amháin ann chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhord Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2019/942.
3.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát údaráis rialála a ainmniú le haghaidh córais bheaga i réigiún atá ar leithligh ó thaobh na geografaíochta de arbh ionann tomhaltas an chórais, in 2008, agus níos lú ná 3 % de thomhaltas iomlán an Bhallstáit ar cuid de é. Beidh an maolú sin gan dochar d'ionadaí sinsearach amháin a cheapadh chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhoird Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2019/942.
4.  

Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an údarás rialála, le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh:

(a) 

go bhfuil sé uathúil ó thaobh an dlí agus neamhspleách ó thaobh na feidhmíochta ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile;

(b) 

go n-áirithíonn sé, i dtaca lena fhoireann agus leis na daoine atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh air:

(i) 

go gníomhóidh siad go neamhspleách ó aon leas margaidh; agus

(ii) 

nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha go díreach ó aon rialtas ná ó eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus na cúraimí rialála á ndéanamh acu. Tá an ceanglas sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha nó do threoirlínte ginearálta beartais arna n-eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59.

5.  

Chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:

(a) 

gur féidir leis an údarás rialála cinntí uathrialacha a dhéanamh, go neamhspleách ar aon chomhlacht polaitiúil;

(b) 

go bhfuil ag an údarás rialála na hacmhainní daonna agus airgeadais riachtanacha go léir a theastaíonn uaidh chun a chuid dualgas a dhéanamh agus a chuid cumhachtaí a fheidhmiú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil;

(c) 

go bhfuil ag an údarás rialála leithdháiltí buiséadacha bliantúla ar leithligh agus go bhfuil neamhspleáchas aige i gcur chun feidhme an bhuiséid sin atá leithdháilte air;

(d) 

go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála ar théarma seasta de chúig suas le 7 mbliana, téarma is féidir a athnuachan aon uair amháin;

(e) 

go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus atá foilsithe, faoi nós imeachta neamhspleách neamhchlaonta, lena n-áirithítear go mbeidh na scileanna agus an taithí is gá ag na hiarrthóirí don phost ábhartha san údarás rialála;

(f) 

go bhfuil forálacha maidir le coinbhleacht leasa i bhfeidhm agus go leanann oibleagáidí rúndachta d'fheidhm a bheith acu tar éis dheireadh shainordú chomhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, ag deireadh shainordú chomhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála;

(g) 

nach bhféadfar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála a dhífhostú ach amháin ar bhonn critéir thrédhearcachta atá i bhfeidhm.

I dtaca le pointe (d) den chéad fhomhír, áiritheoidh Ballstáit scéim sealaíochta iomchuí don bhord nó don bhainistíocht shinsearach. Ní fhéadfar comhaltaí an bhoird nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí na bainistíochta sinsearaí, a chur as oifig le linn a dtéarma ach amháin mura gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh nó más rud é go raibh siad ciontach as mí-iompar faoin dlí náisiúnta.

6.  
Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfadh iniúchóir neamhspleách rialú ex post ar chuntais bhliantúla na n-údarás rialála.
7.  
Faoin 5 Iúil 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le comhlíonadh phrionsabal an neamhspleáchais a leagtar amach san Airteagal seo ag na húdaráis náisiúnta.

Airteagal 58

Cuspóirí ginearálta an údaráis rialála

I ndéanamh na gcúraimí rialála dó a sonraítear sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás rialála gach beart réasúnach chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach faoi chuimsiú a chuid dualgas agus cumhachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 59 iad, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis iomaíochta, mar aon le húdaráis, lena n-áirítear údaráis rialála, ó Bhallstáit chomharsanachta agus ó thríú tíortha comharsanachta, de réir mar is iomchuí, agus gan dochar dá n-inniúlacht:

(a) 

margadh inmheánach iomaíoch, solúbtha, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de don leictreachas laistigh den Aontas a chur chun cinn, i ndlúthchomhar le húdaráis rialála na mBallstát eile, leis an gCoimisiún agus le ACER, agus oscailt margaidh éifeachtach a chur chun cinn do gach custaiméir agus do gach soláthróir san Aontas, agus dálaí iomchuí a áirithiú d'oibriú éifeachtach agus iontaofa na ngréasán leictreachais, agus na cuspóirí fadtéarmacha á gcur san áireamh;

(b) 

margaí réigiúnacha trasteorann atá iomaíoch agus ag dea-fheidhmiú a fhorbairt laistigh den Aontas d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír (a) a bhaint amach;

(c) 

deireadh a chur le srianta ar thrádáil sa leictreachas idir Ballstáit, lena n-áirítear acmhainneachtaí tarchurtha trasteorann iomchuí a fhorbairt chun éileamh a shásamh agus comhtháthú na margaí náisiúnta a fheabhsú, rud a d'féadfadh sreabha leictreachais a fheabhsú ar fud an Aontais;

(d) 

cabhrú chun córais neamh-idirdhealaitheacha slána, iontaofa agus éifeachtacha atá dírithe ar chustaiméirí a fhorbairt, agus é sin a dhéanamh ar an mbealach is costéifeachtaí, agus leormhaitheas an chórais a chur chun cinn agus, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an bheartais fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le comhtháthú na táirgeachta mórscála agus mionscála leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ó ghiniúint dháilte sna gréasáin tarchurtha agus dáileacháin araon agus éascú a dhéanamh ar a n-oibriú siúd i dtaca le gréasáin fuinnimh gáis nó teasa eile;

(e) 

éascú a dhéanamh ar rochtain ar an ngréasán don acmhainneacht ghiniúna nua agus ar shaoráidí stórála fuinnimh, go háirithe deireadh a chur le bacainní a d'fhéadfadh rochtain a chosc d'iontrálaithe nua sa mhargadh agus do leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite;

(f) 

a áirithiú go ndéanfar dreasachtaí iomchuí a dheonú d'oibreoirí córais agus d'úsáideoirí córais, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun éifeachtúlachtaí, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, a mhéadú i bhfeidhmíocht na gcóras agus chun comhtháthú na margaí a chothú;

(g) 

a áirithiú go mbainfidh custaiméirí tairbhe as trí fheidhmiú éifeachtach a margaidh náisiúnta, iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus cabhrú chun ardleibhéal cosanta do chustaiméirí a áirithiú i ndlúthchomhar leis na húdaráis cosanta tomhaltóirí ábhartha;

(h) 

cabhrú chun ardchaighdeáin seirbhíse uilíche agus seirbhíse poiblí a bhaint amach i soláthar an leictreachais, rannchuidiú le cosaint na gcustaiméirí leochaileacha agus rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí is gá chun gur féidir leis an gcustaiméir athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile.

Airteagal 59

Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála

1.  

Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:

(a) 

taraifí tarchurtha nó dáileacháin nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, nó an dá cheann, a shocrú nó a fhormheas, i gcomhréir leis na critéir thrédhearcacha;

▼M1

(aa) 

na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ) a chur i gcrích;

▼B

(b) 

a áirithiú go bhfuil oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin agus, i gcás inarb ábhartha, úinéirí na gcóras, chomh maith le haon ghnóthas leictreachais eile agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943, faoi na cóid ghréasáin agus faoi na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le saincheisteanna trasteorann, mar aon le cinntí de chuid ACER;

▼M2

(c) 

i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála eile, a áirithiú go gcomhlíonann an t-ardán aonair um leithdháileadh arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún ( 14 ), ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/943, na cóid ghréasáin agus na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le saincheisteanna trasteorann, chomh maith le cinntí ACER, agus neamhchomhlíonadh an ardáin aonair um leithdháileadh, ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna maidir lena n-oibleagáidí faoi seach a shainaithint go comhpháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis tús a chur le comhairliúcháin chun neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942;

▼B

(d) 

táirgí agus próiseas soláthair a fhormheas le haghaidh seirbhísí coimhdeachta neamh-mhinicíochta;

(e) 

na cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943 a chur chun feidhme trí bhíthin bearta náisiúnta nó, i gcás inar gá sin, trí bhíthin bearta comhordaithe réigiúnacha nó uile-Aontais;

(f) 

comhoibriú le húdarás rialála nó le húdaráis na mBallstát lena mbaineann agus le ACER i ndáil le saincheisteanna trasteorann, go háirithe trí rannpháirteachas in obair Bhord Rialálaithe ACER de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/942;

(g) 

aon chinntí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus de chuid ACER atá ina gceangal ó thaobh an dlí de a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme;

(h) 

a áirithiú go ndéanann oibreoirí córas tarchurtha acmhainneachtaí idirnascairí a chur ar fáil a mhéad agus is féidir é de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/943;

(i) 

tuairisciú bliantúil a dhéanamh le húdaráis ábhartha na mBallstát, leis an gCoimisiún agus le ACER maidir lena ghníomhaíochtaí agus maidir le comhlíonadh a dhualgas, lena n-áirítear maidir leis na céimeanna a glacadh agus na torthaí a fuarthas i ndáil le gach ceann de na cúraimí a liostaítear san Airteagal seo;

(j) 

a áirithiú nach ann do thras-fhóirdheonú idir gníomhaíochtaí tarchurtha, dáileacháin agus gníomhaíochtaí soláthair nó gníomhaíochtaí leictreachais nó neamhleictreachais eile;

(k) 

faireachán a dhéanamh ar phleananna infheistíochta na n-oibreoirí córas tarchurtha, agus measúnú a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil ar phleananna infheistíochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha i dtaca lena gcomhsheasmhacht le plean forbartha gréasáin uile-Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí; féadfar moltaí chun na pleananna infheistíochta sin a leasú a bheith san áireamh i measúnú den sórt sin;

(l) 

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-oibreoirí córas tarchurtha agus na n-oibreoirí córas dáileacháin i ndáil le forbairt a dhéanamh ar eangach chliste ina gcuirtear an éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn mar aon leis an gcomhtháthú fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite bunaithe ar shraith theoranta de tháscairí, agus tuarascáil náisiúnta a fhoilsiú gach 2 bhliain, lena n-áirítear moltaí;

(m) 

caighdeáin agus ceanglais le haghaidh cáilíocht na seirbhíse agus cáilíocht an tsoláthair a shocrú nó a fhormheas nó rannchuidiú leo sin in éineacht le húdaráis inniúla eile agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht na ngréasán agus athbhreithniú ar fheidhmíocht san am atá caite ina leith;

(n) 

faireachán a dhéanamh ar an leibhéal trédhearcachta, lena n-áirítear trédhearcacht phraghsanna mórdhíola, agus comhlíonadh na ngnóthas leictreachais le hoibleagáidí trédhearcachta a áirithiú;

(o) 

faireachán a dhéanamh ar leibhéal agus ar éifeachtacht oscailt an mhargaidh agus na hiomaíochta ar an leibhéal mórdhíola agus ar an leibhéal miondíola, lena n-áirítear maidir le malartuithe leictreachais, praghsanna do chustaiméirí teaghlaigh lena n-áirítear córais réamhíocaíochta, an tionchar atá ag conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla agus úsáid córas méadraithe chliste, rátaí chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, rátaí díscoir, muirir le haghaidh seirbhísí cothabhála, déanamh na seirbhísí cothabhála, an ghaolmhaireacht idir praghsanna teaghlaigh agus praghsanna mórdhíola, éabhlú tharaifí agus thobhaigh na heangaí. agus gearáin ó chustaiméirí teaghlaigh, chomh maith le haon saobhadh nó srianadh ar an iomaíocht, lena n-áirítear trí aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar, agus trí aon chás ábhartha a chur faoi bhráid na n-údarás iomaíochta ábhartha;

(p) 

faireachán a dhéanamh ar chleachtais shriantacha chonarthacha a bheith ag tarlú, lena n-áirítear clásail eisiachais a d'fhéadfadh cosc a chur ar chustaiméirí conarthaí a dhéanamh i gcomhthráth le níos mó ná soláthróir amháin nó srianadh a chur leis an rogha atá acu é sin a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis iomaíochta náisiúnta a chur ar an eolas faoi chleachtais den sórt sin;

(q) 

faireachán a dhéanamh ar an méid ama a thógann sé ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin naisc agus deisiúcháin a dhéanamh;

(r) 

cabhrú chun a áirithiú, in éineacht leis na húdaráis ábhartha eile, go bhfuil na bearta cosanta tomhaltóirí éifeachtach agus go ndéantar forfheidhmiú orthu.

(s) 

moltaí a fhoilsiú, go bliantúil ar a laghad, i ndáil le hAirteagal 5 a bheith á chomhlíonadh ag na praghsanna soláthair, agus na moltaí sin a thabhairt do na húdaráis iomaíochta, i gcás inarb iomchuí;

(t) 

Rochtain neamh-idirdhealaitheach a áirithiú ar shonraí faoi thomhaltas custaiméirí, sonraí tomhaltais a sholáthar i bhformáid chomhchuibhithe atá éasca a thuiscint ar an leibhéal náisiúnta, don úsáid roghnach, agus rochtain phras a áirithiú do gach custaiméir ar shonraí den sórt sin de bhun Airteagail 23 agus 24;

(u) 

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha a bhaineann le róil agus freagrachtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha, na n-oibreoirí córas dáileacháin, soláthróirí agus custaiméirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh de bhun Rialachán (AE) 2019/943;

(v) 

faireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí sna hacmhainneachtaí giniúna agus stórála a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair;

(w) 

faireachán a dhéanamh ar an gcomhar teicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha an Aontais agus oibreoirí córas tarchurtha tríú tíortha;

(x) 

rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí do na próisis mhargaidh is tábhachtaí ar an leibhéal réigiúnach;

(y) 

faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht uirlisí chun comparáid a dhéanamh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 14;

▼M2

(z) 

faireachán a dhéanamh ar dheireadh a chur le bacainní agus srianta gan údar ar fhorbairt thomhaltas leictreachais fhéinghinte nó comhroinnte fuinnimh, ar fhorbairt comhphobal fuinnimh in-athnuaite agus pobal fuinnimh saoránach, lena n-áirítear bacainní agus srianta lena gcuirtear cosc ar ghiniúint sholúbtha dháilte fuinnimh a nascadh laistigh de thréimhse réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 58, pointe (d).

▼B

2.  
I gcás ina ndearna Ballstát foráil dá leithéid, féadfaidh údaráis eile seachas an t-údarás rialála na dualgais faireacháin a leagtar amach i mír 1 a dhéanamh. I gcás den sórt sin, cuirfear an fhaisnéis a eascraíonn as faireachán den sórt sin ar fáil don údarás rialála a luaithe is féidir.

Rachaidh an t-údarás rialála, agus a neamhspleáchas á chaomhnú aige, gan dochar dá inniúlacht shonrach féin agus i gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle le hoibreoirí córas tarchurtha agus, de réir mar is iomchuí, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile nuair a bheidh na dualgais a leagtar amach i mír 1 á ndéanamh aige.

Tá aon fhormheas a thabharfaidh údarás rialála nó ACER faoin Treoir seo gan dochar d'aon úsáid amach anseo a bhfuil bonn cirt cuí leis a bhainfidh an t-údarás rialála as na cumhachtaí atá aige faoin Airteagal seo ná d'aon phionóis arna ngearradh ag údaráis ábhartha eile nó ag an gCoimisiún.

3.  

Áiritheoidh Ballstáit go ndeonófar cumhachtaí d'údaráis rialála a chuirfidh ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag an údarás rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a) 

cinntí ceangailteacha a eisiúint i leith gnóthais leictreachais;

(b) 

imscrúduithe a dhéanamh maidir le feidhmiú na margaí leictreachais, agus cinneadh a dhéanamh ar aon bhearta riachtanacha agus comhréireacha chun iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú, agus na bearta sin a fhorchur. I gcás inarb iomchuí, beidh an chumhacht ag an údarás rialála freisin comhoibriú leis an údarás iomaíochta náisiúnta agus le rialálaithe an mhargaidh airgeadais nó leis an gCoimisiún i seoladh aon imscrúdú a bhaineann le dlí na hiomaíochta;

(c) 

aon fhaisnéis a éileamh ó ghnóthais leictreachais atá ábhartha chun a chúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear an bonn cirt le haon diúltú rochtain a dheonú do thríú páirtithe, agus aon fhaisnéis maidir le bearta is gá chun an gréasán a threisiú;

(d) 

pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/943 nó aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu, lena n-áirítear an chumhacht pionóis de suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais tarchurtha a ghearradh ar an oibreoir córais tarchurtha, nó moladh a dhéanamh iad a ghearradh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a ghearradh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó moladh iad a ghearradh air, de réir an cháis, as neamh-chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi seach de bhun na Treorach seo; agus

(e) 

cearta iomchuí imscrúdaithe agus cumhachtaí ábhartha teagaisc a thabhairt i dtaca le réiteach díospóidí faoi Airteagal 60(2) agus (3).

▼M2

4.  
An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag an ardán aonair um leithdháileadh, ag ENTSO don Leictreachas nó ag eintiteas AE do OCDanna, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar na heintitis sin i gcás nach gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.

▼B

5.  

Chomh maith leis na dualgais arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách ainmnithe faoi Airteagal 44, déanfaidh an t-údarás rialála an méid seo a leanas:

(a) 

faireachán ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag úinéir an chórais tarchurtha agus ag oibreoir an chórais neamhspleách faoin Airteagal seo, agus pionóis as neamh-chomhlíonadh a eisiúint i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3;

(b) 

faireachán ar an gcaidreamh agus ar an gcumarsáid idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoir an chórais neamhspleách a oibleagáidí, agus go háirithe conarthaí a fhormheas agus gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna seoladh isteach ag ceachtar den dá pháirtí de bhun Airteagal 60(2);

(c) 

gan dochar don nós imeachta faoi phointe (c) d'Airteagal 44(2), don chéad phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, formheas a dhéanamh ar phleanáil na n-infheistíochtaí agus ar an bplean forbartha gréasáin ilbhliantúil arna thíolacadh ag an oibreoir córais neamhspleách ar a laghad gach 2 bhliain;

(d) 

a áirithiú go mbeidh san áireamh sna taraifí um rochtain ar an ngréasán arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách, luach saothar d'úinéir an ghréasáin nó d'úinéirí an ghréasáin, lena ndéantar foráil maidir le luach saothair leormhaith ar shócmhainní an ghréasáin agus ar aon infheistíochtaí nua arna ndéanamh ann, ar choinníoll go ndéantar iad a thabhú go tíosach agus go héifeachtúil;

(e) 

cumhacht cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ag áitreabh úinéir an chórais tarchurtha agus oibreoir an chórais neamhspleách; agus

(f) 

faireachán ar úsáid na muirear ó phlódú arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/943.

6.  

Sa bhreis ar na dualgais agus cumhachtaí arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina ndearnadh oibreoir córais tarchurtha a ainmniú i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil VI, deonófar dualgais agus cumhachtaí don údarás rialála chun an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a) 

pionóis a ghearradh i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3 as iompraíocht idirdhealaitheach i bhfabhar an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;

(b) 

faireachán ar an gcumarsáid idir an t-oibreoir córais tarchurtha agus an gnóthas atá comhtháite go hingearach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a oibleagáidí;

(c) 

feidhmiú mar údarás um réiteach díospóidí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna gcur isteach de bhun Airteagal 60(2);

(d) 

faireachán ar an gcaidreamh tráchtála agus airgeadais lena n-áirítear iasachtaí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha;

(e) 

gach socrú tráchtála agus airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha a fhormheas ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha an mhargaidh;

(f) 

bonn cirt a iarraidh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach nuair a thugann an t-oifigeach comhlíontachta fógra dó i gcomhréir le hAirteagal 50(4), amhail bonn cirt lena n-áirítear, go háirithe, fianaise lena léirítear nár tharla aon iompraíocht idirdhealaitheach chun buntáiste an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;

(g) 

cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cinn gan fógra roimh ré, ar áitreabh an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus an oibreora córais tarchurtha; agus

(h) 

cúraimí uile nó cúraimí sonracha de chuid an oibreora córais tarchurtha a shannadh d'oibreoir córais neamhspleách arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 44 i gcás go ndéanann oibreoir córais tarchurtha sárú leanúnach ar a oibleagáidí faoin Treoir seo, go háirithe i gcás iompraíocht idirdhealaitheach a tharlaíonn arís agus arís eile chun tairbhe an ghnóthais atá comhtháite go hingearach.

7.  

Ach amháin i gcásanna ina bhfuil ACER inniúil chun na téarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí a shocrú agus a fhormheas chun cóid ghréasáin agus treoirlínte a chur chun feidhme faoi Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943 de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/942 toisc go bhfuil comhordú i gceist leo, is ar na húdaráis rialála a bheidh an fhreagracht ar a laghad na modheolaíochtaí náisiúnta a úsáidtear chun na nithe seo a leanas a ríomh, nó chun téarmaí agus coinníollacha dóibh a bhunú, a shocrú nó a fhormheas tamall leordhóthanach sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm:

(a) 

ceangal chuig agus rochtain ar ghréasáin náisiúnta, lena n-áirítear taraifí tarchurtha agus dáileacháin nó a modheolaíochtaí, ar taraifí agus modheolaíochtaí iad a fhágfaidh gur féidir na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go ndéanfar inmharthanacht na ngréasán a áirithiú leis na hinfheistíochtaí sin;

(b) 

seirbhísí coimhdeacha a sholáthar a dhéanfar ar an mbealach is tíosaí agus is féidir agus a thabharfaidh dreasachtaí iomchuí d'úsáideoirí an ghréasáin a n-ionchur agus a dtógáil leictreachais a chomhardú, ar seirbhísí coimhdeacha iad a sholáthrófar ar bhealach cóir agus neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla; agus

(c) 

rochtain ar bhonneagair thrasteorann, lena n-áirítear na nósanna imeachta le haghaidh acmhainn a leithdháileadh agus bainistiú a dhéanamh ar phlódú.

8.  
Foilseofar na modheolaíochtaí nó na téarmaí agus coinníollacha dá dtagraítear i mír 7.
9.  
D'fhonn trédhearcacht a mhéadú sa mhargadh agus gach faisnéis agus cinneadh nó togra le haghaidh cinntí is gá a sholáthar do gach páirtí leasmhar a bhaineann le taraifí tarchurtha agus dáileacháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 60(3), cuirfidh údaráis rialála an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na bunchostais a úsáideadh chun na taraifí gréasáin ábhartha a ríomh ar fáil go poiblí, agus fós rúndacht faisnéise atá íogaireacht go tráchtála á gcaomhnú acu.
10.  
Déanfaidh údaráis rialála faireachán ar bhainistiú ar phlódú sna córais leictreachais náisiúnta, lena n-áirítear idirnascairí, agus ar chur chun feidhme na rialacha maidir le bainistiú ar phlódú. Chuige sin, cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha nó oibreoirí margaidh a gcuid rialacha maidir le bainistiú ar phlódú, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainneachta, faoi bhráid na n-údarás rialála. Féadfaidh údarás rialála leasuithe ar na rialacha sin a iarraidh.

Airteagal 60

Cinntí agus gearáin

1.  
Beidh an t-údarás ag údaráis rialála a chur de cheangal ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin, más gá, na téarmaí agus coinníollacha a mhodhnú, lena n-áirítear taraifí nó modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir seo, lena áirithiú go bhfuil siad comhréireach agus á gcur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943. I gcás go mbeidh moill ann na taraifí tarchurtha agus dáileacháin a shocrú, beidh an chumhacht ag údaráis rialála taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha tarchurtha agus dáileacháin a shocrú nó a fhormheas agus cinneadh a dhéanamh ar na bearta cúitimh iomchuí má imíonn na taraifí nó modheolaíochtaí tarchurtha nó dáileacháin deiridh ó na taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha sin.
2.  
Aon pháirtí a bhfuil gearán aige i gcoinne oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin i ndáil le hoibleagáidí an oibreora sin faoin Treoir seo, féadfaidh sé an gearán a tharchur chuig an údaráis rialála a eiseoidh, agus é ag gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí, cinneadh laistigh de 2 mhí ón ngearán a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an údarás rialála. Féadfar an tréimhse fhadaithe sin a fhadú arís le comhaontú ón ngearánach. Beidh éifeacht cheangailteach ag cinneadh an údaráis rialála ach amháin má chuirtear ar neamhní é ar achomharc, agus go dtí go ndéantar é sin.
3.  
Aon pháirtí a ndéantar difear dó agus a bhfuil ceart aige gearán a dhéanamh a bhaineann le cinneadh maidir le modheolaíochtaí arna dhéanamh de bhun Airteagal 59 nó, i gcás ina bhfuil dualgas ar an údarás rialála dul i gcomhairle, a bhaineann leis na taraifí nó modheolaíochtaí atá beartaithe, féadfaidh sé, laistigh de 2 mhí, nó laistigh de thréimhse níos giorra arna foráil ag Ballstáit, tar éis an cinneadh nó an togra le haghaidh cinnidh a fhoilsiú, gearán a sheoladh isteach ina n-iarrtar athbhreithniú. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag gearán den sórt sin.
4.  
Cruthóidh Ballstáit sásraí iomchuí agus éifeachtúla don rialáil, don rialú agus don trédhearcacht d'fhonn aon mhí-úsáid ceannasachta, go háirithe chun dochair custaiméirí, agus aon iompraíocht chreachach a sheachaint. Sna sásraí sin, cuirfear forálacha CFAE, go háirithe Airteagal 102 de, san áireamh.
5.  
Áiritheoidh Ballstáit go ndéantar na bearta iomchuí, lena n-áirítear gníomhaíocht riaracháin nó imeachtaí coiriúla i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach i gcás nár urramaíodh rialacha rúndachta arna bhforchur faoin Treoir seo.
6.  
Beidh gearáin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 gan dochar d'fheidhmiú na gceart chun achomhairc faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
7.  
Beidh cinntí arna ndéanamh ag údaráis rialála go hiomlán réasúnaithe agus beidh bonn cirt leo ionas gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Beidh na cinntí ar fáil don phobal agus ag an am céanna déanfar rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú.
8.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí oiriúnacha ann, ar an leibhéal náisiúnta, ar sásraí iad faoina mbeidh ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid údaráis rialála difear dó achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.

Airteagal 61

Comhar réigiúnach idir údaráis rialála maidir le saincheisteanna trasteorann

1.  
Rachaidh údaráis rialála i ndlúthchomhairle lena chéile agus comhoibreoidh siad lena chéile, go háirithe laistigh de ACER, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chur i gcrích a thabhairt dá chéile agus do ACER. I ndáil leis an bhfaisnéis arna malartú, áiritheoidh an t-údarás a gheobhaidh í an leibhéal céanna rúndachta agus a cheanglaítear ar an údarás as a dtagann sí.
2.  

Comhoibreoidh údaráis rialála ar an leibhéal réigiúnach ar a laghad chun:

(a) 

spreagadh a thabhairt chun socruithe oibríochtúla a chruthú ionas go mbeifear in ann bainistiú optamach a dhéanamh ar an ngréasán, cómhalartáin leictreachais agus leithdháileadh acmhainneachta trasteorann a chur chun cinn, agus leibhéal leormhaith acmhainneachta idirnascachta a chumasú, lena n-áirítear trí idirnascacht nua, laistigh den réigiún agus idir réigiúin ionas gur féidir forbairt a dhéanamh ar iomaíocht éifeachtacht agus feabhas a chur ar chinnteacht an tsoláthair, gan idirdhealú a dhéanamh idir soláthróirí i mBallstáit éagsúla;

(b) 

formhaoirseacht chomhpháirteach na n-eintiteas a dhéanann feidhmeanna ar an leibhéal réigiúnach a chomhordú;

(c) 

fhormhaoirseacht chomhpháirteach na measúnuithe náisiúnta, réigiúnacha agus Eorpacha ar leormhaitheas acmhainní a chomhordú i gcomhar leis na húdaráis eile atá páirteach;

(d) 

forbairt na gcód gréasáin uile agus na dtreoirlínte do na hoibreoirí córas tarchurtha ábhartha agus do ghníomhaithe eile sa mhargadh a chomhordú; agus

(e) 

forbairt na rialacha lena rialaítear an bainistiú ar phlódú a chomhordú.

3.  
Beidh sé de cheart ag údaráis rialála socruithe comhoibritheacha a dhéanamh le chéile chun comhar rialála a chothú.
4.  
Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is iomchuí, déanfar iad i ndlúthchomhairle leis na húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus gan dochar dá n-inniúlachtaí sonracha.
5.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a bhunú maidir lena mhéid a bheidh sé de dhualgais ar na húdaráis rialála comhoibriú le chéile agus le ACER.

Airteagal 62

Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála i ndáil le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha

1.  

Déanfaidh údaráis rialála réigiúnacha an réigiúin oibríochta córais ina bhfuil lárionad comhordúcháin réigiúnach bunaithe an méid seo a leanas, i ndlúthchomhardú le chéile:

(a) 

an togra go mbunófaí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2019/943 a fhormheas;

(b) 

na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach, ar costais iad a bheidh le seasamh ag na hoibreoirí córas tarchurtha agus a chuirfear san áireamh i ríomh na dtaraifí, a fhormheas, ar choinníoll go bhfuil na costais sin réasúnach agus iomchuí;

(c) 

an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí a fhormheas;

(d) 

a áirithiú go mbeidh ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun a gcúraimí a dhéanamh go neamhspleách agus go neamhchlaonta;

(e) 

a mholadh i gcomhpháirt leis na húdaráis rialála eile i réigiún oibríochta córais cad iad na cúraimí breise agus na cumhachtaí breise a d'fhéadfadh Ballstáit an réigiúin oibríochta córais a shannadh ar na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(f) 

comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe i ndáil le saincheisteanna trasteorann agus comhairliúchán a dhéanamh chun neamhchomhlíonadh na lárionad comhordúcháin réigiúnach i leith a gcuid oibleagáidí faoi seach a shainaithint go compháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin chun críocha neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an cheist a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942;

(g) 

faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhordúcháin córais agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh chuig ACER ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/943.

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na cumhachtaí a dheonú do na húdaráis rialála a fhágfaidh go bhfuil sé ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag na húdaráis rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a) 

faisnéis a iarraidh ó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(b) 

cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ar áitreabh na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

(c) 

cinntí ceangailteacha comhpháirteacha a eisiúint i leith na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

3.  
An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh ag lárionad comhordúcháin réigiúnach, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar an lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcás nach gcomhlíonann sé a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.

Airteagal 63

Na cóid ghréasáin a chomhlíonadh agus treoirlínte

1.  
Féadfaidh aon údarás rialála agus an Coimisiún tuairim ACER a iarraidh maidir lena mhéid atá cinneadh arna dhéanamh ag údarás rialála ag comhlíonadh na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943.
2.  
Tabharfaidh ACER a thuairim don údarás rialála a d'iarr uaidh í nó don Choimisiún, faoi seach, agus don údarás rialála a rinne an cinneadh atá i gceist laistigh de 3 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an iarraidh.
3.  
I gcás nach gcomhlíonann an t-údarás rialála a rinne an cinneadh tuairim ACER laistigh de 4 mhí ón lá a fhaightear an tuairim sin, cuirfidh ACER an méid sin in iúl don Choimisiún dá réir sin.
4.  
Féadfaidh aon údarás rialála an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina measann sé nach bhfuil cinneadh atá ábhartha don trádáil trasteorann arna dhéanamh ag údarás rialála eile ag comhlíonadh na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943 laistigh de 2 mhí ó dháta an chinnidh sin.
5.  
Más rud é, laistigh de 2 mhí tar éis an Coimisiún a bheith curtha ar an eolas ag ACER i gcomhréir le mír 3, nó ag údarás rialála i gcomhréir le mír 4, nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, laistigh de 3 mhí ó dháta an chinnidh, go bhfaigheann an Coimisiún go n-ardaíonn an cinneadh ón údarás rialála amhras tromchúiseach i dtaca lena comhoiriúnacht leis na cóid ghréasáin agus leis na treoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás. I gcás den sórt sin, tabharfaidh sé cuireadh don údarás rialála agus do na páirtithe sna himeachtaí os comhair an údaráis rialála barúlacha a sheoladh isteach.
6.  

I gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás, eiseoidh sé, laistigh de 4 mhí ó dháta an chinnidh sin, cinneadh críochnaitheach:

(a) 

gan agóidí a ardú i gcoinne chinneadh an údaráis rialála; nó

(b) 

a chur de cheangal ar an údarás rialála lena mbaineann a chinneadh a tharraingt siar ar an mbonn nár comhlíonadh na cóid ghréasáin agus na treoirlínte.

7.  
Más rud é nach mbeidh Coimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás ná tar éis cinneadh críochnaitheach a eisiúint laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i míreanna 5 agus 6 faoi seach, measfar nár ardaigh sé agóidí i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.
8.  
Comhlíonfaidh an t-údarás rialála an cinneadh ón gCoimisiúin lena gcuirtear de cheangal air a chinneadh a tharraingt siar laistigh de 2 mhí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
9.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 lena bhforlíontar an Treoir seo trí threoirlínte a bhunú ina leagtar amach mionsonraí an nós imeachta atá le leanúint chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 64

Taifid a choimeád

1.  
Ceanglóidh Ballstáit ar sholáthróirí na sonraí ábhartha a bhaineann le gach idirbheart i gconarthaí soláthair leictreachais agus i ndíorthaigh leictreachais le custaiméirí mórdhíola agus oibreoirí córas tarchurtha a choimeád agus iad a bheith ar fáil do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear an t-údarás rialála, na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún, chun a gcúraimí a chur i gcrích, ar feadh 5 bliana ar a laghad.
2.  
Sna sonraí sin, beidh mionsonraí faoi shaintréithe na n-idirbheart ábhartha amhail rialacha maidir le ré, seachadadh agus réitigh, an chainníocht, na dátaí agus amanna a rinneadh iad agus praghsanna na n-idirbheart agus modhanna chun an custaiméir mórdhíola lena mbaineann a shainaithint, chomh maith le sonraí mionsonraithe gach conartha soláthair leictreachais agus díorthaigh leictreachais neamhréitithe.
3.  
Féadfaidh an t-údarás rialála cinneadh a dhéanamh gnéithe den fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ar choinníoll nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe aonair margaidh nó maidir le hidirbhearta aonair a scaoileadh. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le faisnéis faoi ionstraimí airgeadais a thiocfaidh faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE.
4.  
Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo oibleagáidí breise i leith na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 a chruthú d'eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE.
5.  
Sa chás go bhfuil rochtain ar shonraí arna gcoimeád ag eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE de dhíth ar na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis atá freagrach faoin Treoir sin na sonraí atá de dhíth orthu a sholáthar dóibh.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 65

Cothrom iomaíochta

1.  
Na bearta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh de bhun na Treorach seo chun cothrom iomaíochta a áirithiú, beidh siad ag luí le CFAE, go háirithe Airteagal 36 de, agus le dlí an Aontais.
2.  
Is bearta comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bheidh sna bearta dá dtagraítear i mír 1. Ní fhéadfar na bearta sin a chur in éifeacht ach tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún agus formheas a fháil ina leith.
3.  
Gníomhóidh an Coimisiún i leith an fhógra dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 2 mhí ón bhfógra a fháil. Tosóidh an tréimhse sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Sa chás nach mbeidh an Coimisiún tar éis gníomhú laistigh den tréimhse 2 mhí sin, measfar nár ardaigh sé agóidí i gcoinne na mbeart ar tugadh fógra ina leith.

Airteagal 66

Maoluithe

1.  
Ballstáit atá in ann a léiriú go bhfuil fadhbanna substainteacha ann d'oibriú na gcóras beag nasctha agus na gcóras beag scoite atá acu, féadfaidh siad iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaoluithe ó fhorálacha ábhartha Airteagail 7 agus 8 agus Chaibidlí IV, V agus VI.

Maidir le córais bheaga scoite agus leis an bhFrainc, chun críocha na, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar mhaolú ó Airteagail 4, 5, agus 6 freisin.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi iarratais den sórt sin sula ndéanfaidh sé cinneadh, agus urramú don rúndacht á chur san áireamh.

2.  
Maoluithe a dheonaíonn an Coimisiún dá dtagraítear i mír 1, beidh siad teoranta in am agus beidh siad faoi réir coinníollacha a bhfuil sé mar aidhm leo iomaíocht agus comhtháthú leis an margadh inmheánach a mhéadú agus a áirithiú nach gcuireann na maoluithe isteach ar an aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.

Is gcás na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nach féidir a idirnascadh le margaí fuinnimh an Aontais, ní bheidh an maolú teoranta in am agus beidh sé faoi réir coinníollacha a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú nach gcuireann an maolú isteach ar an aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite.

Foilseofar cinntí lena ndeonaítear maoluithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 43 maidir leis an gCipir, Lucsamburg agus Málta. Sa bhreis air sin, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 agus 35 agus maidir le Málta agus ní bheidh feidhm ag Airteagail 44, 45, 46, 47, 48, 49, 50 agus 52 maidir leis an gCipir.

Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 43(1), ní bheidh san áireamh sa choincheap “gnóthais a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair” custaiméirí deiridh a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna agus/nó an tsoláthair leictreachais, bíodh sin go díreach nó trí ghnóthais a bhfuil rialú acu orthu, bíodh sin ina n-aonar nó go comhpháirteach, ar choinníoll go bhfuil na custaiméirí deiridh, lena n-áirítear an sciar atá acu den leictreachas a tháirgtear i ngnóthais atá faoi rialú, mar mheán bliantúil, ina nglantomhaltóirí leictreachais agus ar choinníoll go bhfuil luach eacnamaíoch an leictreachais a dhíolann siad le tríú páirtithe neamhshuntasach i gcoibhéis lena n-oibríochtaí gnó eile.

4.  
Go dtí an 1 Eanáir 2025, nó go dtí dáta is déanaí a leagfar amach i gcinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5 maidir leis an gCipir agus leis an gCorsaic.
5.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le Málta go dtí an 5 Iúil 2027. Féadfar an tréimhse sin a a fhadú ar feadh tréimhse bhreise eile ach nach mbeidh níos mó ná 8 mbliana. An fadú ar feadh tréimhse bhreise eile, déanfar é trí bhíthin cinnidh de bhun mhír 1.

▼M2

6.  
De mhaolú ar Airteagal 40(4), beidh na hoibreoirí córais tarchurtha san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin in ann brath ar sheirbhísí comhardúcháin arna soláthar ag soláthraithe stórála leictreachais intíre, ag gnóthais a bhaineann le hoibreoirí córais tarchurtha, agus ag saoráidí eile atá faoi úinéireacht oibreoirí córais tarchurtha.

De mhaolú ar Airteagal 54(2), féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin cead a thabhairt dá n-oibreoirí córais tarchurtha agus do na gnóthais a bhaineann le hoibreoirí córais tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar a saoráidí stórála fuinnimh agus iad a fhorbairt, a bhainistiú agus a oibriú gan nós imeachta tairisceana atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a leanúint agus féadfaidh siad cead a thabhairt do na saoráidí stórála fuinnimh sin leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí cothromúcháin.

Beidh feidhm ag na maoluithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír suas le 3 bliana tar éis don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin dul isteach i Limistéar Sioncrónach Mhór-Roinn na hEorpa. I gcás inar gá sin chun slándáil an tsoláthair a chaomhnú, féadfaidh an Coimisiún síneadh nach faide ná 5 bliana a chur leis an tréimhse tosaigh 3 bliana.

7.  
De mhaolú ar Airteagal 40(4) agus ar Airteagal 54(2), féadfaidh an Chipir cead a thabhairt dá hoibreoir córais tarchurtha úinéireacht a bheith aige ar shaoráidí stórála fuinnimh agus iad a fhorbairt, a bhainistiú agus a oibriú gan nós imeachta tairisceana atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a leanúint.

Beidh feidhm ag an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír go dtí go mbeidh an córas tarchurtha sa Chipir nasctha le córais tarchurtha Ballstát eile trí idirnasc.

Airteagal 66a

Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne le linn géarchéim praghsanna leictreachais

1.  
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, a dhearbhú go bhfuil géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais ann, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) 

meánphraghsanna an-ard i margaí mórdhíola leictreachais dhá uair go leith ar a laghad an meánphraghas sna 5 bliana roimhe sin, agus 180 EUR/MWh ar a laghad, praghas a mheastar a bheidh ann fós ar feadh 6 mhí ar a laghad; ní chuirfear san áireamh i ríomh an mheánphraghais le linn na 5 bliana roimhe sin na tréimhsí sin inar dearbhaíodh géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais;

(b) 

méaduithe géara de thart ar 70 % ar a laghad ar phraghsanna miondíola leictreachais, praghsanna a mheastar a bheidh ann fós go ceann 3 mhí ar a laghad.

2.  
Sonrófar sa chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 tréimhse bhailíochta dar fad uasta bliain amháin. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 8 ar feadh tréimhsí comhleanúnacha suas le haon bhliain amháin.
3.  
Áiritheofar leis an dearbhú gur ann do ghéarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais de bhun mhír 1 go mbeidh iomaíocht agus trádáil chothrom ar fud na mBallstát uile a ndéanfaidh an cinneadh cur chun feidhme sin difear dóibh ionas nach ndéanfar an margadh inmheánach a shaobhadh go míchuí.
4.  
I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, tíolacfaidh an Coimisiún togra chun géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnacha nó uile-Aontais a dhearbhú, lena n-áireofar an tréimhse bhailíochta atá beartaithe don chinneadh cur chun feidhme.
5.  
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra ón gCoimisiún arna thíolacadh de bhun mhír 4 nó 8 a leasú.
6.  
I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh ré bhailíocht an chinnidh sin, idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe sealadacha i socrú praghsanna a chur i bhfeidhm chun leictreachas a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Maidir leis na hidirghabhálacha poiblí sin:
(a) 

beidh siad teoranta do 70 % ar a mhéid de thomhaltas an tairbhí le linn thréimhse chéanna na bliana roimhe sin agus coinneoidh siad dreasacht chun an t-éileamh a laghdú;

(b) 

comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (7);

(c) 

i gcás inarb ábhartha, comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7 den Airteagal seo;

(d) 

beidh siad deartha chun aon ilroinnt dhiúltach ar an margadh inmheánach a íoslaghdú.

7.  
I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh thréimhse bhailíocht an chinnidh sin, de mhaolú ar Airteagal 5(7), pointe (c), agus idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe á gcur i bhfeidhm acu i socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais de bhun Airteagal 5(6) nó mhír 6 den Airteagal seo, praghas don soláthar leictreachais atá faoi bhun an chostais a shocrú go heisceachtúil agus go sealadach ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) 

ní bhaineann an praghas atá socraithe do chustaiméirí teaghlaigh ach le 80 % ar a mhéad de thomhaltas airmheánach teaghlaigh agus coinníonn sé dreasacht chun an t-éileamh a laghdú;

(b) 

ní dhéantar aon idirdhealú idir soláthróirí;

(c) 

cúitítear soláthróirí as soláthar faoi bhun costais ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

(d) 

tá gach soláthróir i dteideal tairiscintí a sholáthar ar phraghas an tsoláthair leictreachais atá faoi bhun an chostais ar an mbonn céanna;

(e) 

ní dhéanann na bearta atá beartaithe saobhadh ar an margadh inmheánach leictreachais.

8.  
In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse bailíochta a shonraítear de bhun mhír 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú le féachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 fós á gcomhlíonadh. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí, cuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle chun síneadh a chur le tréimhse bhailíochta cinnidh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 1. I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta, beidh feidhm ag míreanna 6 agus 7 le linn na tréimhse sínte sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus faireachán leanúnach ar an tionchar a eascraíonn as aon bhearta arna nglacadh faoin Airteagal seo agus foilseoidh sé torthaí na measúnuithe sin ar bhonn tráthrialta.

▼B

Airteagal 67

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 4 Iúil 2019.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

Faireachán, athbhreithniú agus tuairisciú ag an gCoimisiún

1.  
Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú agus faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999.

▼M2

2.  
Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus déanfaidh sé tuarascáil ina leith sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach in éineacht leis an tuarascáil nó tar éis dó an tuarascáil a thíolacadh.

San athbhreithniú ón gCoimisiún, déanfar measúnú, go háirithe, ar an gcáilíocht seirbhíse a thairgtear do na custaiméirí deiridh agus ar cé acu atá nó nach bhfuil custaiméirí, go háirithe custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, á gcosaint go leordhóthanach faoin Treoir seo.

▼B

Airteagal 70

Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1) 

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“'Méadrú i gcomhair gás nádúrtha”;

(b) 

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.  
Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach agus comhréireach ó thaobh airgeadais de i ndáil leis na coigiltis fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear ar fáil méadair aonair ar phraghas iomaíoch do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh tomhaltas fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.”;
(c) 

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“2.  
I gcás ina ndéanfaidh, agus a mhéid a dhéanfaidh, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gáis nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:”;
(ii) 

scriostar pointí (c) agus (d)”;

(2) 

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Faisnéis bhilleála don ghás nádúrtha”;

(b) 

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.  
I gcás nach mbeidh méadair chliste dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2014, go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa don ghás nádúrtha cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.1 d'Iarscríbhinn VII más rud é go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus go mbeidh bonn eacnamaíoch leis.”;
(c) 

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.  
Méadair a shuiteáiltear i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE, beidh siad in ann faisnéis bhilleála chruinn a sholáthar bunaithe ar thomhaltas iarbhír. Áiritheoidh an Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag custaiméirí deiridh rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.”;
(3) 

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála don ghás nádúrtha”;

(4) 

in Airteagal 13, cuirtear na focail “in Airteagail 7 go 11a” in ionad na bhfocal “in Airteagail 7 go 11”;

(5) 

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a) 

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i) 

scriostar an chéad fhomhír agus an dara fomhír;

(ii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Comhlíonfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.”;

(b) 

scriostar mír 8.

(6) 

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Na ceanglais íosta do bhilleáil agus d'fhaisnéis bhilleála bunaithe ar thomhaltas iarbhír gáis nádúrtha”;

Airteagal 71

Trasuí

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagail 2 go 5, Airteagal 6(2) agus (3), Airteagal 7(1), pointe (j) agus (l) d'Airteagal 8(2), Airteagal 9(2), Airteagal 10(2) go (12), Airteagail 11 go 24, Airteagail 26, 28 agus 29, Airteagail 31 go 34 agus 36, Airteagal 38(2), Airteagail 40 agus 42, pointe (d) d'Airteagal 46(2), Airteagail 51 agus 54, Airteagail 57 go 59, Airteagail 61 go 63, pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d'Airteagal 70 agus Iarscríbhinní I agus II a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

pointe (5)(a) d'Airteagal 70 faoin 31 Nollaig 2019;

(b) 

pointe (4) d'Airteagal 70 faoin 25 Deireadh Fómhair 2020.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 72

Aisghairm

Déantar Treoir 2009/72/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na Treorach sin a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairithe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6(1), Airteagal 7(2) go (5), Airteagal 8(1), pointí (a) go (i) agus (k) d'Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(3) agus (4), Airteagal 9(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 10(2) go (10), Airteagail 25, 27, 30, 35 agus 37, Airteagal 38(1), (3) agus (4), Airteagail 39, 41, 43, 44 agus 45, Airteagal 46(1), pointí (a), (b) agus (c) agus (e) go (h) d'Airteagal 46(2), Airteagal 46(3) go (6), Airteagal 47 go 50, Airteagail 52, 53, 55, 56, 60, 64 agus 65, beidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d'Airteagal 70 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag pointe (5)(a) d'Airteagal 70 ón 1 Eanáir 2020.

Beidh feidhm ag pointe (4) d'Airteagal 70 ón 26 Deireadh Fómhair 2020.

Airteagal 74

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.




IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS FAISNÉIS BHILLEÁLA

1.   An fhaisnéis íosta atá le bheith ar an mbille agus san fhaisnéis bhilleála

1.1 Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille:

(a) 

an praghas atá le híoc agus miondealú ar an bpraghas i gcás inar féidir, in éineacht le ráiteas soiléir gur féidir leis na foinsí fuinnimh go léir tairbhiú freisin ó dhreasachtaí nár maoiníodh trí na tobhaigh a luaitear sa miondealú ar an bpraghas agus, i gcás inarb indéanta sin, miondealú ar an bpraghas;

(b) 

an dáta a mbeidh an íocaíocht dlite.

1.2 Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus san fhaisnéis bhilleála, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille agus den fhaisnéis bhilleála:

(a) 

an tomhaltas leictreachais don tréimhse billeála;

(b) 

ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthróra, lena n-áirítear beolíne tacaíochta tomhaltóirí agus seoladh ríomhphoist;

(c) 

ainm na taraife;

(d) 

críochdháta an chonartha, más infheidhme;

(e) 

faisnéis faoi fháil a bheith ar dheis athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus na tairbhí a ghabhann leis sin;

(f) 

cód pointe seachadta an chustaiméara deiridh nó an cód uathúil aitheantais le haghaidh phointe soláthair an chustaiméara deiridh;

(g) 

faisnéis faoi chearta na gcustaiméirí deiridh a mhéid a bhaineann le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, lena n-áirítear sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach de bhun Airteagal 26.

(h) 

an pointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 25;

(i) 

nasc chuig uirlisí comparáide, nó tagairt don áit a bhfuil fáil orthu, dá dtagraítear in Airteagal 14.

1.3 I gcás ina bhfuil billí bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar chianléamh ag an oibreoir, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina mbillí réitithe tréimhsiúla, nó déanfar an fhaisnéis sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu:

(a) 

comparáidí idir tomhaltas leictreachais reatha an chustaiméara deiridh agus tomhaltas an chustaiméara deiridh don tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin i bhfoirm léaráide;

(b) 

faisnéis theagmhála na n-eagraíochtaí tomhaltóirí, na ngníomhaireachtaí fuinnimh nó a macasamhail de chomhlachtaí, lena n-áirítear seoltaí suíomhanna gréasáin, ar féidir faisnéis a fháil uathu faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil le haghaidh trealamh a úsáideann fuinneamh;

(c) 

comparáidí le meánchustaiméir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna.

2.

Minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála:

(a) 

déanfar an bhilleáil uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn an tomhaltais iarbhír;

(b) 

i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a chur ar fáil don chustaiméir deiridh ar a laghad gach sé mhí, nó uair amháin gach trí mhí, arna iarraidh sin nó i gcás ina bhfuil sé roghnaithe ag an gcustaiméir deiridh billeáil leictreonach a fháil;

(c) 

i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfar na hoibleagáidí i bpointí (a) agus (b) a chomhlíonadh trí bhíthin córas féinléitheoireachta rialta ag an gcustaiméir deiridh, trína ndéanann an custaiméir deiridh na léamha ón méadar a chur in iúl don oibreoir; ní fhéadfar an bhilleáil nó an fhaisnéis bhilleála a bheith bunaithe ar an tomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin sa chás nár chuir an custaiméir deiridh léamh méadair ar fáil maidir le tréimhse billeála ar leith;

(d) 

i gcás ina bhfuil méadar ag an gcustaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a sholáthar uair sa mhí ar a laghad; féadfar faisnéis den sórt a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin, agus déanfar í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí tomhais agus na córais tomhais a úsáidtear.

3.

Miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh

Suim na dtrí chomhpháirt a leanas a bheidh i bpraghas an chustaiméara deiridh: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus comhpháirt na gcánacha, na dtobhach, na dtáillí agus na muirear.

I gcás ina mbeidh miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh curtha i láthair i mbillí, úsáidfear ar fud an Aontais na sainmhínithe coiteanna ar na trí chomhpháirt sa mhiondealú sin a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).

4.

Rochtain ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil

Ceanglóidh na Ballstáit, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil, go gcuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil don soláthróir nó don soláthraí seirbhíse arna ainmniú ag an tomhaltóir, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh.

I gcás ina mbeidh suiteáilte ag an gcustaiméir deiridh méadar a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, beidh an custaiméir deiridh in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil:

(a) 

sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais, más giorra an tréimhse sin. Comhfhreagróidh na sonraí do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta billeála; agus

(b) 

sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain a chuirfear ar fáil don chustaiméir deiridh gan mhoill tríd an idirlíon nó trí chomhéadan an mhéadair, lena gcumhdaítear an tréimhse de na 24 mhí roimhe sin ar a laghad nó an tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais, más giorra an tréimhse sin.

5.

Foinsí fuinnimh a nochtadh

Sonróidh na soláthróirí i mbillí an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh don leictreachas a cheannaigh an custaiméir deiridh i gcomhréir leis an gconradh soláthair leictreachais (nochtadh ar leibhéal an táirge).

Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina bhfaisnéis bhilleála, nó déanfar í a chur leo nó comhartha ina leith a chur iontu:

(a) 

an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh do mheascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra (ar an leibhéal náisiúnta, eadhon sa Bhallstát inar tugadh an conradh soláthair leictreachais i gcrích, agus ar leibhéal an soláthróra má tá an soláthróir gníomhach i roinnt Bhallstát) le bliain roimhe sin ar bhealach a bheidh sothuigthe agus so-chomparáide;

(b) 

faisnéis faoin tionchar ar an gcomhshaol, i dtéarmaí, ar a laghad, astaíochtaí CO2 agus na dramhaíola radaghníomhaí is toradh don leictreachas arna tháirgeadh le meascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra le bliain roimhe sin.

Maidir le pointe (a) den dara fomhír, i ndáil le leictreachas arna fháil trí mhalartán leictreachais nó arna allmhairiú ó ghnóthas atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, féadfar na figiúirí comhiomlána arna soláthar ag an malartán nó ag an ngnóthas atá i gceist le bliain roimhe sin a úsáid.

Do nochtadh an leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta, féadfar ráthaíochtaí tionscnaimh a eiseofar de réir agus Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid. Do nochtadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, déanfar é ag baint úsáid as ráthaíochtaí tionscnaimh ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 19(8) de Threoir (AE) 2018/2001.

Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil náisiúnta eile na bearta is gá lena áirithiú go mbíonn an fhaisnéis a thugann na soláthróirí do na custaiméirí deiridh de bhun an phointe seo iontaofa agus go soláthraítear, ar an leibhéal náisiúnta, ar bhealach soiléir so-chomparáide í.




IARSCRÍBHINN II

CÓRAIS MÉADRAITHE CHLISTE

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais méadraithe chliste a leathadh amach ar a gcríocha ar féidir measúnú eacnamaíoch a dhéanamh ina leith maidir leis na costais agus na sochair uile don mhargadh agus don chustaiméir aonair san fhadtéarma nó maidir le cé na cineálacha méadraithe chliste atá barainneach agus costéifeachtach agus cén t-achar ama a bhféadfaí iad a dháileadh ann.

2. Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh an mhodheolaíocht don anailís costais agus tairbhe agus na feidhmiúlachtaí íosta do chórais méadraithe chliste dá bhforáiltear i Moladh 2012/148/AE ón gCoimisiún ( 16 ) chomh maith leis na teicnící is fearr dá bhfuil ar fáil chun an leibhéal is airde cibearshlándála agus cosanta sonraí a áirithiú.

3. Faoi réir an mheasúnaithe sin, ullmhóidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta ag an mBallstát maidir leis, ullmhóidh an t-údarás inniúil arna ainmniú, clár ama le suas le 10 mbliana mar sprioc-am le haghaidh leathadh amach na gcóras méadraithe chliste. I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar an measúnú ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste, beidh córais méadraithe chliste ag 80 % de na custaiméirí deiridh laistigh de 7 mbliana ó dháta an mheasúnaithe dhearfaigh orthu nó faoin 1 Eanáir 2024 i gcás na mBallstát sin a mbeidh tús curtha acu go córasach le leathadh amach na gcóras méadraithe chliste roimh an 4 Iúil 2019.




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA TEORAINNEACHA AMA DON TRASUÍ SA DLÍ NÁISIÚNTA AGUS DON CHUR I bhFEIDHM

(DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 72)



Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta cur i bhfeidhm

Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 211, 14.8.2009, lch. 55)

3 Márta 2011

3 Mean Fómhair 2009




IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL



Treoir 2009/72/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 33 agus Airteagal 41

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 32

Airteagal 6

Airteagal 34

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 3(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 3(6)

Airteagal 9(3)

Airteagal 3(15)

Airteagal 9(4)

Airteagal 3(14)

Airteagal 9(5)

Airteagal 3(16)

Airteagal 3(4)

Airteagal 10(1)

Iarscríbhinn I. 1(a)

Airteagal 10(2) agus (3)

Iarscríbhinn I. 1(b)

Airteagal 10(4)

Iarscríbhinn I. 1(c)

Airteagal 10(5)

Iarscríbhinn I. 1(d)

Airteagal 10(6) agus (8)

Airteagal 10(7)

Iarscríbhinn I. 1(f)

Airteagal 10(9)

Iarscríbhinn I. 1(g)

Airteagal 10(10)

Airteagal 3(7)

Airteagal 10(11)

Iarscríbhinn I. 1(j)

Airteagal 10(12)

Airteagal 3(10)

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 11

Airteagal 3(5)(a) agus Iarscríbhinn I. 1(e)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 3(11)

Airteagal 19(1)

Airteagal 19(2) go (6)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 3(12)

Airteagal 25

Airteagal 3(13)

Airteagal 26

Airteagal 3(3)

Airteagal 27

Airteagal 3(7)

Airteagal 28(1)

Airteagal 3(8)

Airteagal 28(2)

Airteagal 29

Airteagal 24

Airteagal 30

Airteagal 25

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 26

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 27

Airteagal 37

Airteagal 28

Airteagal 38

Airteagal 29

Airteagal 39

Airteagal 12

Airteagal 40(1)

Airteagal 40(2) go (8)

Airteagal 16

Airteagal 41

Airteagal 23

Airteagal 42

Airteagal 9

Airteagal 43

Airteagal 13

Airteagal 44

Airteagal 14

Airteagal 45

Airteagal 17

Airteagal 46

Airteagal 18

Airteagal 47

Airteagal 19

Airteagal 48

Airteagal 20

Airteagal 49

Airteagal 21

Airteagal 50

Airteagal 22

Airteagal 51

Airteagal 10

Airteagal 52

Airteagal 11

Airteagal 53

Airteagal 54

Airteagal 30

Airteagal 55

Airteagal 31

Airteagal 56

Airteagal 35

Airteagal 57

Airteagal 36

Airteagal 58

Airteagal 37(1)

Airteagal 59(1)

Airteagal 37(2)

Airteagal 59(2)

Airteagal 37(4)

Airteagal 59(3)

Airteagal 59(4)

Airteagal 37(3)

Airteagal 59(5)

Airteagal 37(5)

Airteagal 59(6)

Airteagal 37(6)

Airteagal 59(7)

Airteagal 37(8)

Airteagal 37(7)

Airteagal 59(8)

Airteagal 59(9)

Airteagal 37(9)

Airteagal 59(10)

Airteagal 37(10)

Airteagal 60(1)

Airteagal 37(11)

Airteagal 60(2)

Airteagal 37(12)

Airteagal 60(3)

Airteagal 37(13)

Airteagal 60(4)

Airteagal 37(14)

Airteagal 60(5)

Airteagal 37(15)

Airteagal 60(6)

Airteagal 37(16)

Airteagal 60(7)

Airteagal 37(17)

Airteagal 60(8)

Airteagal 38

Airteagal 61

Airteagal 62

Airteagal 39

Airteagal 63

Airteagal 40

Airteagal 64

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 65

Airteagal 44

Airteagal 66

Airteagal 45

Airteagal 67

Airteagal 46

Airteagal 68

Airteagal 47

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 49

Airteagal 71

Airteagal 48

Airteagal 72

Airteagal 50

Airteagal 73

Airteagal 51

Airteagal 74

Iarscríbhinn I, pointí 1 go 4

Airteagal 3(9)

Iarscríbhinn I. 5

Iarscríbhinn I. 2

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV



( 1 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( 2 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).

( 3 ) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).

( 4 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

( 5 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

( 6 ) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

( 7 ) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

( 8 ) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

( 9 ) Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

( 10 ) Rialachán (AE) Uimh. 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).

( 11 ) Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

( 12 ) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

( 13 ) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).

( 14 ) Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaíochta acmhainneachta (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42).

( 15 ) Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE (IO L 311, 17.11.2016, lch. 1).

( 16 ) Moladh 2012/148/AE ón Coimisiún an 9 Márta 2012 maidir le hullmhúcháin do leathadh amach na gcóras méadrúcháin cliste (IO L 73, 13.3.2012, lch. 9).