02018R1727 — GA — 31.10.2023 — 002.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2018/1727 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 14 Samhain 2018 (IO L 295 21.11.2018, lch. 138) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2022/838 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2022 |
L 148 |
1 |
31.5.2022 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2131 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Deireadh Fómhair 2023 |
L 2131 |
1 |
11.10.2023 |
|
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L 90233, 13.3.2025, lch. 1 (Rialachán (AE) 2023/2131) |
RIALACHÁN (AE) 2018/1727 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2018
maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin
CAIBIDIL I
BUNÚ, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ EUROJUST
Airteagal 1
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil a bhunú
Airteagal 2
Cúraimí
Agus é ag cur a chuid cúraimí chun feidhme, déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas:
cuirfidh sé san áireamh aon iarraidh a thagann ó údarás inniúil Ballstáit, aon fhaisnéis a thugann údaráis, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil de bhua forálacha arna nglacadh laistigh de chreat na gConarthaí agus aon fhaisnéis arna bailiú ag Eurojust féin;
éascóidh sé iarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.
Airteagal 3
Inniúlacht Eurojust
Feidhmeoidh Eurojust a inniúlacht i leith coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i gcásanna a bhaineann le Ballstáit atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe maidir le OIPE a bhunú ach nach bhfuil inniúlacht ag OIPE ina leith nó a chinneann sí gan a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith.
Chuige sin, rachaidh Eurojust, OIPE agus na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus oibreoidh i gcomhar le chéile chun feidhmiú inniúlachta aige a éascú faoin mír seo. Déanfar na mionsonraí praiticiúla maidir le feidhmiú na hinniúlachta faoin mhír seo a rialú le socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 47(3).
Cumhdófar faoi inniúlacht Eurojust cionta coiriúla a bhaineann leis na cionta coiriúla a liostaítear in Iarscríbhinn I. Measfar na catagóirí cionta seo a leanas a bheith ina gcionta coiriúla bainteacha:
cionta coiriúla arna ndéanamh chun caoi a fháil na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a dhéanamh;
cionta coiriúla arna ndéanamh chun na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a éascú nó a dhéanamh;
cionta coiriúla arna ndéanamh chun a áirithiú go mbeidh siad siúd a dhéanann na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I saor ó pionós.
Is ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, agus ag an údarás sin amháin, a fhanfaidh an cinneadh maidir le cibé acu a thugann Ballstáit cúnamh breithiúnach do thríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta agus conas a thugann siad an cúnamh sin, faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, dhlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta.
Airteagal 4
Feidhmeanna oibríochtúla Eurojust
Déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas:
údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas faoi imscrúduithe agus ionchúisimh ar cuireadh ar an eolas é fúthu a bhfuil iarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann go díreach;
cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát an comhordú is fearr is féidir ar imscrúduithe agus ionchúisimh a áirithiú;
cúnamh a thabhairt chun an comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe ar bhonn anailísí Europol;
oibriú i gcomhar agus dul i gcomhairle leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, lena n-áirítear úsáid a bhaint as bunachar sonraí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh sin agus cur lena fheabhsú;
oibriú i ndlúthchomhar le OIPE ar ábhair a bhaineann lena inniúlacht;
tacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil d’oibríochtaí agus d’imscrúduithe trasteorann na mBallstát, lena n-áirítear comhfhoirne imscrúdaithe;
tacú le hionaid saineolais an Aontais, agus nuair is iomchuí a bheith rannpháirteach iontu, arna bhforbairt ag Europol agus ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais;
oibriú i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, mar aon le gréasáin arna mbunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais arna rialú faoi Theideal V de CFAE;
tacú le gníomhaíocht na mBallstát ó thaobh na foirmeacha coireachta tromchúisí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhrac;
tacú le gníomhaíocht na mBallstát maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chomhrac, lena n-áirítear trí fhianaise a bhaineann leis na coireanna sin agus na cionta coiriúla gaolmhara sin a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil agus trí mhalartú na fianaise sin le húdaráis náisiúnta inniúla agus údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, go háirithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a chumasú nó tríd an bhfianaise sin a chur ar fáil ar bhealach eile dóibh.
Agus é i mbun a chuid cúraimí, féadfaidh Eurojust na nithe seo a leanas a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, agus a chúiseanna á dtabhairt aige:
imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh ar ghníomhartha sonracha;
glacadh leis go bhféadfadh ceann amháin acu a bheith i riocht níos fearr chun tabhairt faoi imscrúdú nó gníomhartha sonracha a ionchúiseamh;
comhordú idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann;
comhfhoireann imscrúdaithe a bhunú i gcomhréir leis na hionstraimí comhair ábhartha;
aon fhaisnéis is gá chun a chuid cúraimí a dhéanamh a thabhairt dó;
bearta speisialta imscrúdaithe a dhéanamh;
aon bheart eile a dhéanamh a bhfuil bonn cirt leis i ndáil leis an imscrúdú nó leis an ionchúiseamh.
Ina theannta sin, féadfaidh Eurojust:
tuairimí a thabhairt do Europol atá bunaithe ar anailísí arna ndéanamh ag Europol;
tacaíocht lóistíochta a sholáthar, lena n-áirítear aistriúchán, ateangaireacht agus cruinnithe comhordaithe a eagrú.
Airteagal 5
Feidhmeanna oibríochtúla agus feidhmeanna eile a fheidhmiú
Gníomhóidh Eurojust mar Choláiste:
agus é i mbun aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó (2):
arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta arb abahr imní dóibh cás a bhfuil Eurojust ina bhun;
nuair a bhaineann an cás le himscrúduithe nó ionchúisimh a bhfuil iarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann go díreach;
agus é i mbun aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(3), (4) nó (5);
nuair is ceist ghinearálta a bhaineann lena chuspóirí oibríochtúla a bhaint amach atá i gceist;
agus buiséad bliantúil Eurojust á ghlacadh, agus sa chás sin déantar an cinneadh sin le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí;
agus an doiciméad clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15 nó agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Eurojust á nglacadh, sa chás sin déantar an cinneadh sin le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí;
agus an tUachtarán agus na Leas-Uachtaráin á dtoghadh nó á ndífhostú aige faoi Airteagal 11;
agus an Stiúrthóir Riaracháin á cheapadh aige nó, nuair is iomchuí, agus tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin á síneadh aige, nó agus é nó í á chur nó á cur as oifig aige faoi Airteagal 17;
agus socruithe oibre faoi Airteagal 47(3) agus Airteagal 52 á nglacadh aige;
agus rialacha á nglacadh aige chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaobh a chuid comhaltaí, lena n-áirítear maidir leis an dearbhú leasanna a dhéanann siad;
agus tuarascálacha, páipéir bheartais, treoirlínte chun leasa údarás náisiúnta agus tuairimí a bhaineann le hobair oibríochtúil Eurojust á nglacadh aige nuair is doiciméid de chineál straitéiseach iad;
agus giúistísí idirchaidrimh á gceapadh aige i gcomhréir le hAirteagal 53;
agus aon chinneadh á dhéanamh aige nach luaitear go sainráite leis an mBord Feidhmiúcháin sa Rialachán seo nó nach bhfuil faoi fhreagracht an Stiúrthóra Riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 18;
i gcás ina bhfuil foráil eile maidir leis sa Rialachán seo.
Féadfaidh an Coláiste cúraimí riaracháin breise a shannadh don Stiúrthóir Riaracháin agus don Bhord Feidhmiúcháin seachas na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus in Airteagal 18, i gcomhréir lena chuid riachtanas oibríochtúil.
Más gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Coláiste cinneadh sealadach a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Riaracháin chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean aige nó aici féin a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Riaracháin.
CAIBIDIL II
STRUCHTÚR AGUS EAGAR EUROJUST
ROINN I
Struchtúr
Airteagal 6
Struchtúr Eurojust
Is éard a bheidh i Eurojust:
na comhaltaí náisiúnta;
an Coláiste;
an Bord Feidhmiúcháin;
an Stiúrthóir Riaracháin.
ROINN II
Comhaltaí Náisiúnta
Airteagal 7
Stádas na gcomhaltaí náisiúnta
Airteagal 8
Cumhachtaí na gcomhaltaí náisiúnta
Beidh sé de chumhacht ag na comhaltaí náisiúnta:
éascaíocht a dhéanamh nó tacaíocht a thabhairt ar bhealach eile i ndáil le haon iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó ar chúnamh frithpháirteach a eisiúint agus a chomhlíonadh;
dul i dteagmháil go díreach agus faisnéis a mhalartú le haon údarás náisiúnta inniúil ón mBallstát nó le haon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear OIPE;
dul i dteagmháil go díreach le haon údarás idirnáisiúnta inniúil agus faisnéis a mhalartú leis, i gcomhréir le ceangaltais idirnáisiúnta a mBallstáit;
bheith rannpháirteach i gcomhfhoirne imscrúdaithe lena n-áirítear ina mbunú.
Le comhaontú an údaráis náisiúnta inniúil, féadfaidh na comhaltaí náisiúnta na nithe seo a leanas a dhéanamh, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta:
aon iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó ar aitheantas frithpháirteach a eisiúint nó a chomhlíonadh;
bearta imscrúdaitheacha a ordú, a iarraidh nó a fhorghníomhú dá bhforáiltear i dTreoir 2014/14/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).
Féadfaidh an comhalta náisiúnta togra a thíolacadh chuig an údarás inniúil náisiúnta chun na bearta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chomhlíonadh, i gcás ina mbeadh deonú na gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 ag an gcomhalta náisiúnta sin i gcoinbhleacht:
le rialacha bunreachtúla Ballstáit; nó
le gnéithe bunúsacha de chóras náisiúnta ceartais choiriúil an Bhallstáit sin i dtaca leis an méid seo a leanas:
comhroinnt na gcumhachtaí idir na póilíní, na hionchúisitheoirí agus na breithiúna,
comhroinnt fheidhmiúil na gcúraimí idir na húdaráis ionchúisimh; nó
struchtúr cónaidhmeach an Bhallstáit lena mbaineann.
Airteagal 9
Rochtain ar chláir náisiúnta
Beidh rochtain ag na comhaltaí náisiúnta ar na cineálacha clár seo a leanas óna mBallstát, nó beidh siad in ann an fhaisnéis atá iontu a fháil ar a laghad, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta:
taifid choiriúla;
cláir na ndaoine gafa;
cláir imscrúdaithe;
cláir DNA;
cláir eile de chuid údaráis phoiblí a mBallstáit i gcás inar gá faisnéis den chineál sin chun a gcuid cúraimí a dhéanamh.
ROINN III
An Coláiste
Airteagal 10
Comhdhéanamh an Choláiste
Beidh an Coláiste comhdhéanta de:
na comhaltaí náisiúnta uile; agus
agus ionadaí amháin ón gCoimisiún nuair a chomhlíonann an Coláiste a chuid feidhmeanna bainistíochta.
Ba cheart gurbh é an duine céanna arb é nó í a ainmneofar mar ionadaí an Choimisiúin faoin gcéad fhomhír ionadaí an Choimisiúin ar an mBord Feidhmiúcháin faoi Airteagal 16(4).
Airteagal 11
Uachtarán agus Leas-Uachtarán Eurojust
Comhlíonfaidh an tUachtarán a chuid nó a cuid feidhmeanna thar cheann an Choláiste. I dtaca leis an Uachtarán:
déanfaidh sé nó sí ionadaíocht thar ceann Eurojust;
gairfidh sé nó sí cruinnithe den Choláiste agus den Bhord Feidhmiúcháin, beidh sé ina chathaoirleach ar na cruinnithe sin agus coinneoidh sé an Coláiste ar an eolas faoi shaincheisteanna arb ábhar suime dó iad;
stiúróidh sé nó sí obair an Choláiste agus déanfaidh sé faireachán ar bhainistiú laethúil Eurojust ag an Stiúrthóir Riaracháin;
déanfaidh sé nó sí aon fheidhmeanna eile a leagtar amach i rialacha nós imeachta Eurojust a fheidhmiú.
I gcás ina dtoghtar comhalta náisiúnta ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán ar Eurojust féadfaidh an Ballstát lena mbaineann duine eile a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige a thabhairt ar iasacht chun an deasc náisiúnta a threisiú ar feadh thréimhse shainordú an té a thoghfar ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán.
Beidh an Ballstát a chinnfidh duine den chineál sin a thabhairt ar iasacht i dteideal cur isteach ar chúiteamh i gcomhréir le hAirteagal 12.
Airteagal 12
Sásra cúitimh le haghaidh toghcháin do phost an Uachtaráin
Beidh an cúiteamh ar fáil d’aon Bhallstát más rud é:
go mbeidh a chomhalta naisiúnta tofa ina Uachtarán; agus
n-iarrfaidh sé cúiteamh ón gColáiste agus ina dtabharfaidh sé bonn cirt don riachtanas chun a dheasc náisiúnta a threisiú bunaithe ar mhéadú ar ualach oibre.
Airteagal 13
Cruinnithe an Choláiste
Airteagal 14
Rialacha vótála an Choláiste
Airteagal 15
Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
ROINN IV
An Bord Feidhmiúcháin
Airteagal 16
Feidhmiú an Bhoird Feidhmiúcháin
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas freisin:
doiciméad clársceidealaithe Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 15 a athbhreithniú bunaithe ar an dréacht a ullmhóidh an Stiúrthóir Riaracháin agus iad a chur ar aghaidh chuig an gColáiste lena nglacadh;
straitéis frithchalaoise a ghlacadh le haghaidh Eurojust, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh agus a bheidh bunaithe ar dhréacht a ullmhóidh an Stiúrthóir Riaracháin;
rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar feidhm do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh”) agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile an Aontais Eorpaigh (“na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ( 2 ) i gcomhréir le hAirteagal 110 de;
a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar na torthaí agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí, ó mheastóireachtaí agus ó imscrúduithe, lena n-áirítear iad siúd de chuid an MECS agus OLAF;
gach cinneadh a ghlacadh faoi bhunú struchtúir inmheánacha riaracháin Eurojust agus, nuair is gá, faoi leasú a dhéanamh orthu;
gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Riaracháin, a leagtar amach in Airteagal 18, beidh sé de chúnamh aige agus tabharfaidh sé comhairle dó maidir le cur chun feidhme chinntí an Choláiste, d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú.
tabhairt faoi aon chúraimí breise eile riaracháin a shannfaidh an Coláiste dó faoi Airteagal 5(4);
na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64;
i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, cinneadh a ghlacadh a bhunófar ar Airteagal 2(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligtear cumhachtaí an údaráis ceapacháin ábhartha chuig an Stiúrthóir Riaracháin agus lena mbunaítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí; beidh údarás ag an Stiúrthóir Riaracháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean;
dréachtbhuiséad bliantúil Eurojust a athbhreithniú lena ghlacadh ag an gColáiste;
dréacht-thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí Eurojust a athbhreithniú agus í a chur ar aghaidh chuig an gColáiste lena glacadh;
oifigeach cuntasaíochta agus oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh a bheidh neamhspleách go feidhmiúil i gcomhlíonadh a ndualgas.
Seolfaidh Eurojust cláir oibre ó chruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin chuig OIPE agus rachaidh sé i gcomhairle le OIPE maidir leis an ngá le bheith páirteach sna cruinnithe sin. Tabharfaidh Eurojust cuireadh do OIPE páirt a ghlacadh, gan ceart vótála a bheith aige, aon uair a phléifear na saincheisteanna atá ábhartha d’fheidhmiú OIPE.
I gcásanna ina gcuirfear cuireadh chuig OIPE chun freastal ar chruinniú de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin, cuirfear na doiciméid ábhartha a thacaíonn leis an gclár oibre ar fáil dó.
ROINN V
An Stiúrthóir Riaracháin
Airteagal 17
Stádas an Stiúrthóra Riaracháin
Airteagal 18
Freagrachtaí an Stiúrthóra Riaracháin
Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach as na cúraimí a sannadh do Eurojust a chur chun feidhme, go háirithe:
riarachán laethúil Eurojust agus bainistiú foirne ;
na cinntí arna nglacadh ag an gColáiste agus ag an mBord Feidhmiúcháin a chur chun feidhme;
an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a ullmhú agus é a thíolacadh chuig an mBord Feidhmiúcháin lena athbhreithniú;
an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin agus don Choláiste maidir lena chur chun feidhme;
an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Eurojust a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena hathbhreithniú agus faoi bhráid an Choláiste lena glacadh;
plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha, na meastóireachtaí agus na n-imscrúduithe inmheánacha nó seachtracha, lena n-áirítear iad siúd ón MECS agus ó OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choláiste, don Bhord Feidhmiúcháin, don Choimisiún agus do MECS;
straitéis frithchalaoise le haghaidh Eurojust a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena glacadh;
na dréacht-rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust a ullmhú;
dréacht-ráiteas Eurojust faoi mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme;
na cumhachtaí a fheidhmiú i ndáil le baill foirne Eurojust a dheonaigh Rialacháin Foirne Oifigeach ar an údarás ceapacháin agus a dheonaigh Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ar an údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt chun críche (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”);
a áirithiú go gcuirfear an tacaíocht riaracháin is gá ar fáil chun obair oibríochtúil Eurojust a éascú;
a áirithiú go gcuirfear an tacaíocht ar fáil don Uachtarán agus don Leas-Uachtaráin agus iad i mbun a gcúraimí;
dréacht-togra le haghaidh bhuiséad bliantúil Eurojust a ullmhú, agus déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin é a athbhreithniú sula nglacfaidh an Coláiste é.
CAIBIDIL III
ÁBHAIR OIBRÍOCHTÚLA
Airteagal 19
Sásra don Bhuanchóras Comhordúcháin
Airteagal 20
Córas Eurojust um Chomhordú Náisiúnta
Bunóidh gach Ballstát córas Eurojust um chomhordú náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar an obair arna déanamh acu seo a leanas:
comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust;
aon chomhfhreagraithe náisiúnta le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le hinniúlacht OIPE;
comhfhreagraí náisiúnta do Eurojust le haghaidh ábhair sceimhlitheoireachta;
comhfhreagraí náisiúnta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla agus suas le trí phointe teagmhála eile den Ghréasán Breithiúnach Eorpach sin;
ionadaithe náisiúnta nó pointí teagmhála an Ghréasáin um chomhfhoirne imscrúdaithe agus comhaltaí náisiúnta nó pointí teagmhala na nnréasán a bunaíodh le Cinntí 2002/494/CGB, 2002/845/CGB agus 2008/852/CGB;
i gcás inarb infheidhme, aon údarás breithiúnach ábhartha eile.
Laistigh den Bhallstát, éascóidh gach córas Eurojust um chomhordú náisiúnta cúraimí Eurojust a dhéanamh, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
a áirithiú go bhfaighidh an córas bainistithe cásanna dá dtagraítear in Airteagal 23 faisnéis atá bainteach leis an mBallstát lena mbaineann ar bhealach éifeachtach agus iontaofa;
cúnamh a thabhairt chun a chinneadh ar cheart iarraidh a láimhseáil le cúnamh ó Eurojust nó ón nGréasán Breithiúnach Eorpach;
cúnamh a thabhairt don chomhalta náisiúnta na húdaráis ábhartha a aithint i ndáil le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh;
dlúthchomhar a choinneáil le haonad náisiúnta Europol, le pointí teagmhála eile de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh agus le húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha eile.
Airteagal 21
Malartuithe faisnéise leis na Ballstáit agus idir comhaltaí náisiúnta
Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon chás a dhéanann difear do thrí Bhallstát ar a laghad a bhfuil iarrataí ar chomhar breithiúnach, nó cinntí maidir leo, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, tarchurtha chuig dhá Bhallstát ar a laghad lena aghaidh, i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
i gcás ina mbeidh an cion lena mbaineann inphionóis sa Bhallstáit iarrthach nó sa Bhallstát eisiúna le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh tréimhse 5 nó 6 bliana ar a laghad, a bheidh le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus ina n-áirítear é ar an liosta seo a leanas:
gáinneáil ar dhaoine;
drochúsáid ghnéasach nó teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear pornagrafaíocht leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch gnéasach;
gáinneáil ar dhrugaí;
gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna nó a gcomhpháirteanna nó a n-armlón nó a bpléascán;
éilliú;
coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais;
brionnú airgid nó modhanna íocaíochta;
gníomhaíochtaí sciúrtha airgid;
coireacht ríomhaire;
i gcás ina mbeidh táscairí fíriciúla ann go bhfuil eagraíocht choiriúil rannpháirteach;
i gcás ina mbeidh táscairí ann go bhféadfadh gné thromchúiseach trasteorann nó frithiarmhairtí ar leibhéal an Aontais a bheith i gceist nó go bhféadfadh sé éifeacht a bheith aige ar Bhallstáit eile seachas na cinn a bhfuil baint dhíreach acu leis.
Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas:
cásanna inar tháinig coinbhleachtaí dlínse chun cinn nó inar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn;
seachadtaí rialaithe a dhéanann difear do thrí thír ar a laghad, ar Ballstáit iad péire acu ar a laghad;
deacrachtaí nó diúltuithe leanúnacha maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a fhorghníomhú, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.
Airteagal 21a
Faisnéis a mhalartú maidir le cásanna sceimhlitheoireachta
Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás:
ina gcuirfeadh comhroinnt faisnéise imscrúdú atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol; nó
ina mbeadh comhroinnt faisnéise contrártha do leasanna slándála bunúsacha an Bhallstáit lena mbaineann.
Airteagal 22
Faisnéis arna tabhairt ag Eurojust do na húdaráis náisiúnta inniúla
Airteagal 22a
Cumarsáid dhigiteach shlán agus malartú sonraí slán idir údaráis inniúla náisiúnta agus Eurojust
Airteagal 22b
Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún
Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun an córas TF díláraithe a bhunú agus a úsáid le haghaidh na cumarsáide faoin Rialachán seo, lena leagtar amach an méid seo a leanas:
na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear na modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach chun críocha an chórais TF dhíláraithe;
na sonraíochtaí teicniúla i dtaca leis na prótacail chumarsáide;
na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n-áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise agus ardchaighdeáin chibearshlándála maidir le próiseáil agus cumarsáid faisnéise laistigh den chóras TF díláraithe;
na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara fhéideartha i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraítear leis an gcóras TF díláraithe;
coiste stiúrtha a bhunú a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit chun oibriú agus cothabháil an chórais TF dhíláraithe a áirithiú chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.
Airteagal 22c
Nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 23
Córas bainistithe cásanna
Is iad cuspóirí an chórais bainistithe cásanna:
tacú le bainistiú agus comhordú ar imscrúduithe agus ar ionchúisimh a bhfuil Eurojust ag tabhairt cúnaimh ina leith;
rochtain shlán ar fhaisnéis maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh atá ar siúl agus malartú slán na faisnéise sin a áirithiú;
cros-seiceáil faisnéise agus sainaithint nasc a cheadú;
asbhaint sonraí chun críoch oibríochtúil agus chun críoch staidrimh a cheadú;
faireachán a éascú chun a áirithiú go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla dleathach agus go gcomhlíonann sí an Rialachán seo agus na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
Féadfaidh na comhaltaí náisiúnta sonraí pearsanta a stóráil agus a anailísiú ar bhonn sealadach, chun a chinneadh an bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha do chúraimí Eurojust agus an bhféadfar iad a áireamh sa chóras bainistithe cásanna. Féadfar na sonraí sin a choimeád go ceann tréimhse suas le 3 mhí.
Airteagal 24
An fhaisnéis sa chóras bainistithe cásanna a bhainistiú
Beidh an comhalta náisiúnta freagrach as na sonraí arna bpróiseáil ag an gcomhalta náisiúnta sin a bhainistiú.
Airteagal 25
Rochtain ar an gcóras bainistithe cásanna ar an leibhéal náisiúnta
Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(3), pointí (a), (b) agus (c), beidh rochtain acu ar na sonraí seo a leanas agus ar an méid sin amháin:
sonraí faoi rialú ag comhalta náisiúnta a mBallstáit;
sonraí faoi rialú ag comhaltaí náisiúnta ó Bhallstáit eile agus a bhfuair comhalta náisiúnta a mBallstáit rochtain orthu, ach amháin má dhiúltaigh an comhalta náisiúnta a rialaíonn na sonraí rochtain den sórt sin a thabhairt.
CAIBIDIL IV
PRÓISEÁIL FAISNÉISE
Airteagal 26
Sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Eurojust
Airteagal 27
Sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil
I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 21a, féadfaidh Eurojust na sonraí pearsanta oibríochtúla a liostaítear in Iarscríbhinn III agus a bhaineann leis na daoine seo a leanas a phróiseáil:
daoine a bhfuil forais thromchúiseacha ann lena chreidiúint, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil cion coiriúil déanta acu nó go bhfuil siad ar tí cion coiriúil a dhéanamh, ar cion é a bhfuil Eurojust inniúil ina leith;
daoine a ciontaíodh i gcion den sórt sin.
Mura gcinnfidh an t-údarás inniúil náisiúnta a mhalairt, ar bhonn cás ar chás, féadfaidh Eurojust leanúint de na sonraí pearsanta oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a phróiseáil freisin i ndiaidh na himeachtaí a bheith tugtha chun críche faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, fiú i gcás éigiontaithe nó cinneadh críochnaitheach gan ionchúiseamh a dhéanamh. I gcás nár eascair ciontú as na himeachtaí, ní dhéanfar sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil ach amháin chun naisc a shainaithint idir imscrúduithe agus ionchúisimh atá ar siúl, imscrúduithe agus ionchúisimh a bheidh ann amach anseo nó imscrúduithe agus ionchúisimh chríochnaithe eile dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (c).
Airteagal 28
Próiseáil faoi údarás Eurojust nó phróiseálaí
An próiseálaí agus aon duine atá ag gníomhú faoi údarás Eurojust nó an phróiseálaí, agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta oibríochtúla, ní dhéanfaidh sé na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ó Eurojust, mura rud é go gceanglaítear air an méid sin a dhéanamh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.
Airteagal 29
Teorainneacha ama maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a stóráil
Ní dhéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Eurojust a stóráil ach le haghaidh na tréimhse ama a bheidh riachtanach chun na cúraimí a bheidh air a chur i gcrích. Go háirithe, gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, ní fhéadfar na sonraí pearsanta oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 27 a stóráil níos faide ná an chéad dáta is infheidhme i measc na ndátaí seo a leanas:
an dáta a mbeidh urchosc ar an ionchúiseamh faoi reacht na dtréimhsí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an t-imscrúdú nó na hionchúisimh;
an dáta a gcuirfear in iúl do Eurojust gur éigiontaíodh an duine agus gur tháinig an cinneadh breithiúnach le bheith ina chinneadh críochnaitheach, agus sa chás sin cuirfidh an Ballstát lena mbaineann Eurojust ar an eolas gan mhoill;
trí bliana tar éis an dáta a raibh an cinneadh breithiúnach sa Bhallstát deireanach lena mbaineann an t-imscrúdú nó an t-ionchúiseamh ina chinneadh críochnaitheach;
an dáta ar bhunaigh nó ar chomhaontaigh Eurojust agus na Ballstáit lena mbaineann go frithpháirteach nach raibh gá ann a thuilleadh go ndéanfadh Eurojust comhordú ar an imscrúdú agus ar na hionchúisimh, ach amháin má tá oibleagáid ann an fhaisnéis sin a thabhairt do Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 21(5) nó (6).
trí bliana tar éis an dáta a ndearnadh na sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 21(5) nó (6).
Ní dhéanfaidh Eurojust na sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 21a a stóráil tar éis an chéad cheann de na dátaí seo a leanas:
an dáta a bheidh urchosc ar an ionchúiseamh faoi reacht na dtréimhsí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an t-imscrúdú nó an t-ionchúiseamh;
5 bliana tar éis an dáta a bhí an cinneadh breithiúnach sa Bhallstát deireanach lena mbaineann an t-imscrúdú nó an t-ionchúiseamh ina chinneadh críochnaitheach, nó 2 bhliain i gcás éigiontaithe nó cinneadh críochnaitheach gan ionchúiseamh a dhéanamh;
an dáta a chuirtear Eurojust ar an eolas faoin gcinneadh ón údarás inniúil náisiúnta de bhun Airteagal 27(5).
Déanfar athbhreithniú ar an ngá le stóráil na sonraí gach 3 bliana tar éis iontráil na sonraí sin freisin.
Má stóráiltear na sonraí pearsanta oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 27(4) ar feadh tréimhse is mó ná 5 bliana, cuirfear MECS ar an eolas dá réir.
Féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh ar bhonn maolaithe na sonraí sin a stóráil go dtí an chéad athbhreithnithe eile ina dhiaidh sin. Maidir leis na cúiseanna atá leis an stóráil leantach, déanfar an bonn cirt atá leo a thabhairt agus iad a thaifeadadh. Mura ndéantar aon chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta oibríochtúla tráth an athbhreithnithe, scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch.
Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás:
go ndéanfadh sé sin damáiste do leas ábhair sonraí a bhfuil cosaint ag teastáil uaidh nó uaithi; i gcásanna den sórt sin, ní úsáidfear na sonraí ach amháin le toiliú sainráite agus i scríbhinn an ábhair sonraí;
go gcuireann an t-ábhar sonraí pearsanta oibríochtúla in aghaidh chruinneas na sonraí; sna cásanna sin ní bheidh feidhm ag mír 5 ar feadh tréimhse a chuireann ar chumas na mBallstát nó Eurojust, de réir mar is iomchuí, cruinneas na sonraí den chineál sin a fhíorú;
nach mór na sonraí pearsanta oibríochtúla a choimeád chun críocha cruthúnais nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; or
go gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne na sonraí pearsanta oibríochtúla a léirscrios agus go n-iarrann sé nó sí, ina ionad sin, srian a chur lena n-úsáid; nó
tá gá go fóill leis na sonraí pearsanta oibríochtúla chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail nó chun críocha staidrimh.
Airteagal 30
Slándáil sonraí pearsanta oibríochtúla
Déanfaidh Eurojust agus na Ballstáit sásraí a shainiú lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na riachtanais slándála dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 san áireamh ar fud teorainneacha córas faisnéise.
Airteagal 31
Ceart rochtana ag an ábhar sonraí
Airteagal 32
Teorainneacha leis an gceart rochtana
Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 81 de Rialachán (AE) 2018/1725 , cuirfidh Eurojust an t-ábhar sonraí ar an eolas tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 31(3) den Rialachán seo.
Airteagal 33
An ceart srian a chur le próiseáil
Gan dochar do na heisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 29(7) den Rialachán seo, i gcás ina bhfuil srian curtha le próiseáil ar na sonraí pearsanta oibríochtúla faoi Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, ní dhéanfar próiseáil ar na sonraí pearsanta oibríochtúla sin ach amháin chun cosaint a thabhairt do chearta an ábhair sonraí nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá ina pháirtí nó ina páirtí sna imeachtaí a bhfuil Eurojust ina páirtí iontu, nó chun na gcríoch arna leagan síos in Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Airteagal 34
Rochtain údaraithe ar shonraí pearsanta oibríochtúla laistigh de Eurojust
Ní fhéadfaidh ach comhaltaí náisiúnta, a n-ionadaithe, a gCúntóirí agus saineolaithe náisiúnta údaraithe atá ar iasacht, na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(3) a mhéid atá na daoine sin nasctha leis an gcóras bainistithe cásanna agus baill foirne údaraithe Eurojust rochtain a fháil, chun críche cúraimí Eurojust a bhaint amach, ar shonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Eurojust laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25.
Airteagal 35
Taifid de chatagóirí na ngníomhaíochtaí próiseála
Coimeádfaidh Eurojust taifead de chatagóirí na ngníomhaíochtaí próiseála a thagann faoina fhreagracht. Áireofar an fhaisnéis uile seo a leanas sa taifead sin:
sonraí teagmhála Eurojust agus ainm agus sonraí teagmhála a Oifigigh Cosanta Sonraí;
críocha na próiseála;
tuairisc ar chatagóirí na n-ábhar sonraí agus ar chatagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla;
catagóirí na bhfaighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó in eagraíocht idirnáisiúnta;
i gcás inarb infheidhme, liosta d’aistrithe sonraí pearsanta oibríochtúla go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a shainaithint;
i gcás inar féidir, na teorainneacha ama atá beartaithe chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;
i gcás inar féidir, cur síos ginearálta ar na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 .
Airteagal 36
An tOifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú
Airteagal 37
Post an Oifigigh Cosanta Sonraí
Airteagal 38
Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí
Beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ag an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil:
a áirithiú, ar bhealach neamhspleách go gcomhlíonfaidh Eurojust forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí sna rialacha nós imeachta Eurojust; áirítear leis sin faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2018/1725, fhorálacha eile náisiúnta nó de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint sonraí, agus bheartais Eurojust, maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, ardú feasachta agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá comhlachaithe le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;
fógra a thabhairt do Eurojust agus do na baill foirne a dhéanann an phróiseáil ar shonraí pearsanta, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo, de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 agus de bhun fhorálacha eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí;
comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2018/1725;
a áirithiú go ndéanfar taifead faoi aistriú agus faoi fháil sonraí pearsanta a choimeád i gcomhréir leis na forálacha a leagfar síos i rialacha nós imeachta Eurojust;
comhoibriú le baill foirne Eurojust atá freagrach as nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí;
comhoibriú leis an MECS;
a áirithiú go gcuirfear na hábhair shonraí ar an eolas faoina gcuid ceart faoin Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2018/1725;
gníomhú mar phointe teagmhála don MECS; maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725 , agus chun comhairliúchán a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar eile;
comhairle a chur ar fáil nuair a iarrtar sin i ndáil leis an ngá atá le fógra a thabhairt nó a chur in iúl gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta de bhun Airteagal 92 agus le hAirteagal 93 de Rialachán (AE) 2018/1725;
tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, an Choláiste agus an MECS.
Airteagal 39
Fógra maidir le sárú ar shonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann
Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:
tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, na catagóirí agus líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí lena mbaineann;
tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;
tabharfar tuairisc ar na bearta atá beartaithe nó atá déanta ag Eurojust chun dul i ngleic leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta; agus
i gcás inarb iomchuí, molfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a mhaolú a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta.
Airteagal 40
Maoirsiú arna dhéanamh ag an MECS
Faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725 beidh na dualgais seo a leanas ar an MECS:
gearáin a éisteacht agus a imscrúdú, agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin toradh laistigh de thréimhse ama réasúnach;
imscrúduithe a dhéanamh as a stuaim féin nó ar bhonn gearáin agus na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoin toradh laistigh de thréimhse ama réasúnach;
faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla ag Eurojust agus an cur i bhfeidhm sin a áirithiú;
comhairle a chur ar Eurojust, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó mar fhreagra ar chomhairliúchán, ar gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, go háirithe sula ndéanfaidh sé nó sí rialacha inmheánacha a tharraingt suas i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla.
Féadfaidh an MECS, faoin Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 , agus na himpleachtaí d’imscrúduithe agus ionchúisimh sna Ballstáit á gcur san áireamh:
comhairle a chur ar na hábhair sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú;
ábhar a chur faoi bhráid Eurojust, i gcás sárú líomhnaithe ar na forálacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh maidir leis an sárú sin a réiteach agus le cosaint na n-ábhar sonraí a fheabhsú;
dul i gcomhairle le Eurojust i gcás inar diúltaíodh d’iarrataí chun cearta áirithe maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a fheidhmiú, de shárú ar Airteagal 31, 32 nó 33 den Rialachán seo nó Airteagal 77 go Airteagal 82 nó Airteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725;
rabhadh a thabhairt do Eurojust;
a ordú go ndéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú, a shrianadh nó a scriosadh, ar sonraí iad a rinne Eurojust a phróiseáil de shárú ar na forálacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla agus fógra a thabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin do thríú páirtithe ar nochtadh na sonraí sin dóibh; ar choinníoll nach gcuirfeadh sé sin isteach ar chúraimí Eurojust a leagtar amach in Airteagal 2;
an t-ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an “Chúirt”) faoi na coinníollacha a leagtar amach sa CFAE;
idirghabháil a dhéanamh i gcaingne arna dtabhairt os comhair na Cúirte.
Airteagal 41
Rúndacht ghairmiúil an MECS
Airteagal 42
Comhar idir an MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta
I gcásanna a bhaineann le sonraí arna dtionscnamh ó Bhallstát amháin nó ó roinnt Ballstát, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 43(3), rachaidh an MECS i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Ní dhéanfaidh an MECS cinneadh maidir le gníomhaíocht bhreise a bheidh le déanamh sula gcuirfidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sin a seasamh in iúl don MECS, laistigh de sprioc-am a shonróidh an MECS. Ní bheidh an sprioc-am sin níos giorra ná mí amháin ná níos faide ná trí mhí. Tabharfaidh an MECS lánaird ar sheasamh na n-údarás náisiúnta maoirseachta lena mbaineann. I gcásanna nach mbeidh sé ar intinn ag an MECS a seasamh a leanúint, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl dóibh, agus tabharfaidh sé nó sí an bonn cirt agus tarchuirfidh sé nó sí an t-ábhar chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
I gcásanna a mheasfaidh an MECS a bheith fíorphráinneach, féadfaidh sé nó sí a chinneadh beart a dhéanamh láithreach bonn. I gcásanna mar sin, cuirfidh an MECS na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé nó sí an bunús a bhaineann le práinn na staide agus an bonn cirt atá leis an ngníomhaíocht atá déanta aige nó aici.
Airteagal 43
An ceart chun gearán a chur faoi bhráid an MECS i ndáil le sonraí pearsanta oibríochtúla
Airteagal 44
An ceart chun athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an MECS
Tógfar caingne i gcoinne chinntí an MECS maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla os comhair na Cúirte.
Airteagal 45
Freagracht maidir le hábhair cosanta sonraí
Beidh an fhreagracht as cruinneas na sonraí pearsanta oibríochtúla orthu seo a leanas:
Eurojust i gcás sonraí oibríochtúla arna dtarchur ag Ballstát, nó ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais i gcás ina ndearnadh na sonraí a soláthraíodh a athrú le linn do Eurojust próiseáil sonraí a dhéanamh;
an Ballstát nó an institiúid, an oifig, an comhlacht nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a sholáthair na sonraí do Eurojust i gcás nach ndearnadh na sonraí a soláthraíodh a athrú le linn do Eurojust próiseáil sonraí a dhéanamh;
Eurojust i gcás sonraí pearsanta oibríochtúla arna soláthar ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus freisin maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a aisghabhadh ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.
Is ar Eurojust a bheidh an fhreagracht as an gcomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin agus as an gcomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla faoin Rialachán seo agus faoi Airteagal 3 agus faoi Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla.
Beidh an fhreagracht as dlíthiúlacht sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú orthu seo a leanas:
i gcás ina soláthraíonn an Ballstát na sonraíoibríochtúla pearsanta lena mbaineann do Eurojust, ar an mBallstát sin;
ar Eurojust, i gcás ina soláthraíonn sé na sonraí pearsanta oibríochtúla lena mbaineann do na Ballstáit, d’institiúidí, oifigí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Airteagal 46
Dliteanas i leith próiseáil neamhúdaraithe sonraí nó próiseáil mhícheart sonraí
CAIBIDIL V
CAIDREAMH LE COMHPHÁIRTITHE
ROINN I
Forálacha coiteanna
Airteagal 47
Forálacha coiteanna
I gcás ina mbeaidh sonraí pearsanta faighte ó Eurojust ag na Ballstáit, ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh toirmeasc ar aistriú sonraí den sórt sin ar aghaidh chuig tríú páirtithe ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas;
tá réamhthoiliú faighte ag Eurojust ón mBallstát a chuir na sonraí ar fáil;
toilíonn Eurojust go sainráite tar éis cúinsí an cháis atá idir lámha a mheas; agus
is chun críche cuspóra shonraigh nach bhfuil ar neamhréir leis an gcuspóir lenar tarchuireadh na sonraí agus chuige sin amháin an t-aistriú ar aghaidh.
ROINN II
Caidreamh le comhpháirtithe laistigh den aontas
Airteagal 48
Comhar leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach agus le gréasáin eile de chuid an Aontais atá rannpháirteach i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
Beidh caidreamh pribhléideach idir Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, ar bhonn comhairliúcháin agus comhlántachta, go háirithe idir an comhalta náisiúnta, pointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh sa Bhallstát céanna mar chomhalta náisiúnta, agus na comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach. Chun a áirithiú go mbeidh comhar éifeachtúil ann, déanfar na bearta seo a leanas:
ar bhonn cás ar chás, cuirfidh na comhaltaí náisiúnta pointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ar an eolas faoi na cásanna uile a measann siad ina leith gurb é an Gréasán is fearr a bheadh in ann iad a láimhseáil;
beidh rúnaíocht an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ina cuid d’fhoireann Eurojust: feidhmeoidh sí mar aonad ar leithligh; féadfaidh sí úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin Eurojust ar gá iad chun cúraimí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh a dhéanamh, lena n-áirítear costais chruinnithe iomlánacha an Ghréasáin a chumhdach;
féadfar cuireadh a thabhairt do phointí teagmhála de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ar bhonn cás ar chás freastal ar chruinnithe Eurojust;
féadfaidh Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach úsáid a bhaint as córas Eurojust um chomhordú náisiúnta agus e á chinneadh acu faoi phointe (b) d’Airteagal 20(7) ar cheart iarratas a láimhseáil le cúnamh ó Eurojust nó ón nGréasán Breithiúnach Eorpach.
Airteagal 49
Caidreamh le Europol
Bunóidh agus coinneoidh Eurojust dlúthchomhar le Europol, a mhéid is ábhartha ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí an dá ghníomhaireacht agus chun a gcuspóirí a bhaint amach, agus an gá le hathobair a sheachaint á chur san áireamh.
Chun na críche sin, tiocfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol agus Uachtarán Eurojust le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad a phlé.
Airteagal 50
Caidreamh le OIPE
I gcúrsaí oibríochtúla atá ábhartha d’inniúlachtaí an OIPE, déanfaidh Eurojust OIPE a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh Eurojust í a chomhlachú lena ghníomhaíochtaí a bhaineann le cásanna trasteorann, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
faisnéis a chomhroinnt, maidir lena chásanna, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Rialachán seo;
a iarraidh ar OIPE, tacaíocht a sholáthar.
Airteagal 51
Caidreamh le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais
ROINN III
Comhar idirnáisiúnta
Airteagal 52
Caidreamh le húdaráis tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta
Féadfaidh Eurojust comhar a bhunú agus a chothabháil le húdaráis tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Chun na críche sin, gach 4 bliana, i gcomhairle leis an gCoimisiún, ullmhóidh Eurojust straitéis um chomhar a léireoidh go beacht na tríú tíortha agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil gá oibríochtúil ann oibriú i gcomhar leo.
Airteagal 53
Giúistísí idirchaidrimh a phostú chuig tríú tíortha
I gcás ina roghnófar an giúistís idirchaidrimh a phostóidh Eurojust as measc comhaltaí, ionadaithe nó Cúntóirí náisiúnta:
ionadóidh an Ballstát lena mbaineann é nó í ina fheidhm nó ina feidhm mar chomhalta, mar ionadaí nó mar Chúntóir náisiúnta;
ní bheidh sé nó sí i dteideal na cumhachtaí a tugadh dó nó di faoi Airteagal 8 a fheidhmiú a thuilleadh.
Airteagal 54
Iarrataí ar chomhar dlíthiúil ar thríú tíortha agus uathu
Airteagal 54a
Ionchúisitheoirí idirchaidrimh tríú tír
Aistrithe sonraí pearsanta oibríochtúla chuig ionchúisitheoirí idirchaidrimh tríú tír tríd an gcóras bainistithe cásanna, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach faoi na rialacha agus na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, sa chomhaontú leis an tír lena mbaineann nó in ionstraimí dlí eile is infheidhme.
Airteagal 24(1), an dara fomhír, agus Airteagal 24(2), beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le hionchúisitheoirí idirchaidrimh.
Is é an Coláiste a leagfaidh síos na coinníollacha mionsonraithe maidir le rochtain.
ROINN IV
Sonraí pearsanta a aistriú
Airteagal 55
Tarchur sonraí pearsanta oibríochtúla chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais
I gcás ina ndéantar na sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur tar éis iarrata ón institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, beidh freagracht as dlisteanacht an aistrithe sin ar an rialaitheoir agus ar an bhfaighteoir araon.
Cuirfear de cheangal ar Eurojust inniúlacht na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta eile de chuid an Aontais a fhíorú agus meastóireacht shealadach a dhéanamh ar an ngá le tarchur na sonraí pearsanta oibríochtúla. Má ardaítear amhras faoin ngá sin a bheith ann, lorgóidh Eurojust tuilleadh faisnéise ón bhfaighteoir.
Áiritheoidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais gur féidir an gá le sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur a fhíorú ina dhiaidh sin.
Airteagal 56
Prionsabail ghinearálta maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta
Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, faoi réir chomhlíonadh na rialacha sonraí cosanta is infheidhme agus fhorálacha eile an Rialacháin seo, agus sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is gá an t-aistriú a dhéanamh chun cúraimí Eurojust a chomhlíonadh;
aistrítear na sonraí pearsanta oibríochtúla chuig údarás an tríú tír nó chuig an eagraíocht idirnáisiúnta atá inniúil i bhforfheidhmiú an dlí agus in ábhair choiriúla;
i gcás inar tarchuireadh nó inar chuir Ballstát ar fáil na sonraí pearsanta oibríochtúla atá le haistriú i gcomhréir leis an Airteagal seo chuig Eurojust, déanfaidh Eurojust réamhúdarú don aistriú a fháil ó údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit sin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, murar údaraigh an Ballstát sin an t-údarú sin d’aistrithe den sórt sin i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha;
i gcás ina ndéanann tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta na sonraí a aistriú ar aghaidh chuig tríú tír eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile, cuirfidh Eurojust de cheangal ar an tríú tír nó ar an eagraíocht idirnáisiúnta a réamhúdarú a lorg don aistriú ar aghaidh sin.
Ní dhéanfaidh Eurojust údarú faoi phointe (d) a sholáthar ach amháin le réamhúdarú an Bhallstáit arb as na sonraí sin agus tar éis dó aird chuí a thabhairt ar na tosca ábhartha uile, lena n-áirítear a thromchúisí atá an cion coiriúil, an chríoch a bhain le haistriú na sonraí pearsanta oibríochtúla ar an gcéad dul síos agus an leibhéal cosanta do shonraí pearsanta sa tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta ar aistríodh sonraí pearsanta oibríochtúla ar aghaidh chuici.
Faoi réir coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gcás gurb infheidhme ceann amháin de na nithe seo a leanas:
chinn an Coimisiún de bhun Airteagal 57 go n-áirithíonn an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist leibhéal leordhóthanach cosanta, nó in éagmais cinneadh leordhóthanachta den sórt sin, i gcás ina bhforáiltear do choimircí iomchuí nó inarb ann dóibh i gcomhréir le hAirteagal 58(1), nó an dá cheann in éagmais cinneadh leordhóthanachta agus in éagmais coimircí iomchuí den sórt sin, tá feidhm ag maolú i gcomhair cásanna sonracha de bhun Airteagal 59(1); nó
rinneadh comhaontú comhair a thabhairt i gcrích lena dtugtar cead sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú roimh an 12 Nollaig 2019 idir Eurojust agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sini gcomhréir le hAirteagal 26a de Chinneadh 2002/187/CGB; nó
rinneadh comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.
Airteagal 57
Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta
Féadfaidh Eurojust na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Treoir (AE) 2016/680 go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta á áirithiú ag an tríú tír, ag an gcríoch nó ag earnáil shonraithe amháin nó níos mó sa tríú tír sin, nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist.
Airteagal 58
Aistrithe faoi réir coimircí iomchuí
In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcás:
go bhforáiltear in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí do choimircí iomchuí i dtaca le cosaint sonraí pearsanta oibríochtúla; nó
tá measúnú déanta ag Eurojust ar gach imthoisc a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta oibríochtúla agus cinneann sé gurb ann do choimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí pearsanta oibríochtúla.
Airteagal 59
Maoluithe i gcásanna sonracha
In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí de bhun Airteagal 58, ní fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin ar an gcoinníoll go bhfuil an t-aistriú riachtanach:
chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint;
chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú;
chun bagairt thromchúiseach agus láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc; nó
i gcásanna aonair chun cúraimí Eurojust a fheidhmiú, mura gcinnfidh Eurojust go sáraíonn cearta agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann leas an phobail san aistriú.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 60
Buiséad
Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam Eurojust:
ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;
aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit;
táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn Eurojust;
deontais ad hoc.
Airteagal 61
Bunú an bhuiséid
Airteagal 62
Cur chun feidhme an bhuiséid
Beidh an Stiúrthóir Riaracháin ina oifigeach údarúcháin ag Eurojust agus cuirfidh sé buiséad Eurojust chun feidhme ar a fhreagracht féin, laistigh de na teorainneacha atá údaraithe sa bhuiséad.
Airteagal 63
Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh
Tabharfar tarscaoileadh bhuiséad Eurojust do Pharlaimint na hEorpa ar mholadh ón gComhairle tar éis nós imeachta atá inchomparáide leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 CFAE agus in Airteagal 260, Airteagal 261 agus Airteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, agus bunaithe ar thuarascáil iniúchóra na Cúirte Iniúchóirí.
Má dhiúltaíonn Parlaimint na hEorpa tarscaoileadh a dheonú faoin 15 Bealtaine den bhliain N + 2, tabharfar cuireadh don Stiúrthóir Riaracháin chun a sheasamh/a seasamh a mhíniú don Choláiste, a ghlacfaidh a chinneadh críochnaitheach maidir le seasamh an Stiurthóir Riaracháin i bhfianaise na n-imthosca.
Airteagal 64
Rialacha airgeadais
Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais is infheidhme i gcomhréir le an Rialachán Tarmligthe (AE) 1271/2013 tar éis dul i mbun comhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh na rialacha airgeadais sin ó Rialachán Tarmligthe (AE) 1271/2013 mura mbeidh gá sonrach leis an imeacht sin le haghaidh oibríocht Eurojust agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.
I dtaca le tacaíocht airgeadais atá le tabhairt do ghníomhaíochtaí chomhfhoirne imscrúdaithe, bunóidh Eurojust agus Europol i gcomhpháirt na rialacha agus na coinníollacha faoina ndéanfar iarratais ar thacaíocht den sórt sin a phróiseáil.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN BHFOIREANN
Airteagal 65
Forálacha ginearálta
Airteagal 66
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill eile foirne
CAIBIDIL VIII
MEASTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ
Airteagal 67
Institiúidí an Aontais agus parlaimintí náisiúnta a bheith rannpháirteach:
Beidh Uachtarán Eurojust i láthair uair amháin sa bhliain don mheastóireacht chomhpháirteach a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar ghníomhaíochtaí Eurojust, faoi chuimsiú cruinniú coiste idirpharlaiminteach, chun gníomhaíochtaí reatha Eurojust a phlé agus chun tuarascáil bhliantúil nó doiciméid ríthábhachtacha eile Eurojust a thíolacadh.
Ní thagrófar go díreach ná go hindíreach do bhearta nithiúla a rinneadh maidir le cásanna oibríochtúla sonracha sa phlé sin.
Sa bhreis ar na hoibleagáidí eile maidir le faisnéis agus comhairliúchán a leagtar amach sa Rialachán seo, tarchuirfidh Eurojust an méid seo a leanas chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta ina dteangacha oifigiúla faoi seach, mar fhaisnéis:
torthaí staidéar agus tionscadal straitéiseach a mhionsaothraigh nó a choimisiúnaigh Eurojust;
an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 15;
socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le tríú páirtithe.
Airteagal 68
Tuairimí maidir le gníomhartha reachtacha atá beartaithe
Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a fheidhmíonn a gcearta ar bhonn phointe (b) d’Airteagal 76 CFAE tuairim a iarraidh ó Eurojust maidir leis na gníomhartha reachtacha uile atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 76 CFAE.
Airteagal 69
Meastóireacht agus athbhreithniú
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 70
Pribhléidí agus Díolúintí
Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir le Eurojust agus a bhaill foirne.
Airteagal 71
Socruithe teanga
Airteagal 72
Rúndacht
Airteagal 73
Coinníollacha rúndachta na n-imeachtaí náisiúnta
Airteagal 74
Trédhearcacht
Airteagal 75
OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí
Airteagal 76
Rialacha maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe a chosaint
Airteagal 77
Fiosrúcháin riaracháin
Beidh gníomhaíochtaí riaracháin Eurojust faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.
Airteagal 78
Dliteanas nach dliteanas i leith próiseáil neamhúdaraithe ná próiseáil mhícheart sonraí é.
Airteagal 79
Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus maidir le coinníollacha oibríochtúla,
Airteagal 80
Socruithe idirthréimhseacha
De mhaolú ar Airteagal 23(6), féadfaidh Eurojust saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a bhunú, saoráid atá ar leithligh ón gcóras bainistithe cásanna dá dtagraítear in Airteagal 23 chun sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil chun an fheidhm oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), (“saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí”) a dhéanamh.
Leis an tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, comhlíonfar na caighdeáin cibearshlándála is airde.
D’ainneoin Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh Eurojust i gcomhairle le MECS sula ndéantar an tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a oibriú. Tabharfaidh MECS tuairim laistigh de 2 mhí ó fhógra a fháil ón Oifigeach Cosanta Sonraí.
Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad san fhógra ón Oifigeach Cosanta Sonraí dá dtagraítear sa tríú fomhír:
tuairisc ghinearálta ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe;
measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí;
na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (b);
coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a léiriú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, agus cearta agus leasanna dlisteanacha na n-ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann á gcur san áireamh.
Beidh feidhm ag na forálacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil na sonraí sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a mhéid is nach mbaineann siad go díreach le bunú teicniúil an chórais bainistithe cásanna. Na cearta rochtana agus na teorainneacha ama a bhaineann leis na sonraí a stóráiltear sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rochtain ar na comhaid oibre shealadacha a bhfuil na sonraí á stóráil i dtaca leo agus leis na teorainneacha ama ábhartha, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 29 den Rialachán seo.
Beidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo fad a bheidh an córas bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus d’innéacs i bhfeidhm.
Airteagal 81
Athsholáthar agus aisghairm
Leis seo gabhann an Rialachán seo ionad Chinneadh 2002/187/CGB i gcás na mBallstát a bheidh faoi cheangal an Rialacháin seo le héifeacht ón 12 Nollaig 2019.
Dá bhrí sin, déantar Cinneadh 2002/187/CGB a aisghairm le héifeacht ón 12 Nollaig 2019.
Airteagal 82
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
IARSCRÍBHINN I
Liosta d’fhoirmeacha coireachta tromchúisí a bhfuil Eurojust inniúil déileáil leo i gcomhréir le hAirteagal 3(1):
IARSCRIBHINN II
NA CATAGÓIRÍ SONRAÍ PEARSANTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27
sloinne, sloinne roimh phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige;
dáta agus ionad breithe;
náisiúntacht;
inscne;
áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine lena mbaineann;
Uimhir slándála sóisialaí nó uimhreacha oifigiúla eile a úsáidtear sa Bhallstát chun daoine aonair a shainaithint, ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas, uimhreacha custaim agus aitheantais chánach;
faisnéis maidir le daoine dlítheanacha má áirítear ann faisnéis i ndáil le daoine aonair atá sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus atá faoi réir imscrúdú breithiúnach nó ionchúisimh;
sonraí cuntas a shealbhaítear i mbainc nó in institiúidí airgeadais eile;
tuairisc agus cineál na gcionta líomhnaithe, an dáta a rinneadh iad, an catagóir coiriúil lena mbaineann na cionta agus dul chun cinn na n-imscrúduithe;
na fíorais a léiríonn go bhféadfaí an cás a leathnú go hidirnáisiúnta;
mionsonraí a bhaineann le ballraíocht líomhnaithe in eagraíocht choiriúil;
uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist, sonraí tráchta agus sonraí suímh, chomh maith le haon sonraí gaolmhara is gá chun an rannpháirtí nó an t-úsáideoir a shainaithint;
sonraí clárúcháin feithicle;
próifílí DNA a fhaightear ón gcuid neamhchódúcháin de DNA, grianghraif agus méarloirg agus, i ndáil leis na coireanna agus na cionta coiriúla gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), físeáin agus taifeadtaí fuaime.
sloinne, sloinne roimh phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige;
dáta agus ionad breithe;
náisiúntacht;
inscne;
áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine lena mbaineann;
tuairisc agus cineál na gcionta a bhaineann leis an duine lena mbaineann, an dáta a ndearnadh na cionta agus an suíomh ina ndearnadh iad, catagóir choiriúil na gcionta, dul chun cinn na n-imscrúduithe agus, i ndáil leis na coireanna agus na cionta coiriúla gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), faisnéis a bhaineann le hiompar coiriúil, lena n-áirítear taifeadtaí fuaime, físeáin, íomhánna satailíte agus grianghraif;
uimhir slándála sóisialaí nó uimhreacha oifigiúla eile a úsáideann na Ballstáit chun daoine aonair a shainaithint, ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas, uimhreacha custaim agus Uimhreacha Aitheantais Cánach;
sonraí na gcuntas a shealbhaítear i mbainc agus in institiúidí eile airgeadais;
uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist, sonraí tráchta agus sonraí suímh, chomh maith le haon sonraí gaolmhara is gá chun an rannpháirtí nó an t-úsáideoir a shainaithint;
sonraí clárúcháin feithicle.
IARSCRÍBHINN III
faisnéis chun an duine atá faoi dhrochamhras, an duine cúisithe, an duine ciontaithe nó an duine éigiontaithe a shainaithint:
I gcás duine nádúrtha:
I gcás duine dlítheanach:
I gcás daoine nádúrtha agus dlítheanacha araon:
faisnéis faoin gcion sceimhlitheoireachta:
faisnéis faoi na himeachtaí náisiúnta:
faisnéis bhreise chun an duine atá faoi dhrochamhras a shainaithint:
( ) Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Fianaise Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).
( ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
( 1 ) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
( 2 ) Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1).
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
( 4 ) Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach (IO L 348, 24.12.2008, lch. 130).
( 4 ) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
( 4 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
( 4 ) Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na tenagacha a bheidh le húsáid ag an gComhphobal Eacnamaíoch Eorpach (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).
( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (IO L 314, 7.12.1994, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
( 4 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15
( 4 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
( 4 ) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).