02018R0848 — GA — 21.02.2023 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

▼C2

RIALACHÁN (AE) 2018/848 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisgairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle

▼B

(IO L 150 14.6.2018, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/427 of 13 January 2020 (*)

  L 87

1

23.3.2020

 M2

Arna leasú le: RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/269 ÓN gCOIMISIÚN an 4 Nollaig 2020

  L 60

24

22.2.2021

►M3

RIALACHÁN (AE) 2020/1693 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Samhain 2020

  L 381

1

13.11.2020

►M4

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/1794 of 16 September 2020 (*)

  L 402

23

1.12.2020

►M5

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/642 ÓN gCOIMISIÚN an 30 Deireadh Fómhair 2020

  L 133

1

20.4.2021

►M6

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/715 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Eanáir 2021

  L 151

1

3.5.2021

►M7

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/716 ÓN gCOIMISIÚN an 9 Feabhra 2021

  L 151

5

3.5.2021

 M8

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1006 ÓN gCOIMISIÚN an 12 Aibreán 2021

  L 222

3

22.6.2021

►M9

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1691 ÓN gCOIMISIÚN an 12 Iúil 2021

  L 334

1

22.9.2021

►M10

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1697 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Iúil 2021

  L 336

3

23.9.2021

►M11

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/474 ÓN gCOIMISIÚN an 17 Eanáir 2022

  L 98

1

25.3.2022

►M12

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/207 ÓN gCOIMISIÚN an 24 Samhain 2022

  L 29

6

1.2.2023


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 305, 26.11.2019, lch.  59 (2018/848)

►C2

Ceartúchán, IO L 007, 11.1.2021, lch.  53 (2018/848)

►C3

Ceartúchán, IO L 204, 10.6.2021, lch.  47 (2018/848)

►C4

Ceartúchán, IO L 321, 15.12.2022, lch.  73 ((AE) 2018/848)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

▼C2

RIALACHÁN (AE) 2018/848 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisgairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle

▼B



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo bunaítear prionsabail an táirgthe orgánaigh agus leagtar síos na rialacha a bhaineann le táirgeadh orgánach, le deimhniúchán a bhaineann leis sin, agus le húsáid tásc lena dtagraítear do tháirgeadh orgánach ar lipéid agus fógraí chomh maith le rialacha maidir le rialuithe sa bhreis ar na rialuithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí seo a leanas de thionscnamh talmhaíochta, lena n-áirítear dobharshaothrú agus beachaireacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an CFAE agus de thionscnamh na dtáirgí sin, a mhéid go ndéantar nó go bhfuil sé beartaithe na táirgí sin a tháirgeadh, a ullmhú, a lipéadú, a dháileadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú isteach san Aontas nó a onnmhairiú ón Aontas:

(a) 

táirgí talmhaíochta beo nó neamhphróiseáilte, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí;

(b) 

táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia;

(c) 

beatha.

Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le táirgí eile a bhfuil dlúthbhaint acu le talmhaíocht agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid go ndéantar nó go bhfuil sé beartaithe na táirgí sin a tháirgeadh, a ullmhú, a lipéadú, a dháileadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú nó a onnmhairiú ón Aontas.

2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon oibreoir a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí, ag aon chéim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán, a bhaineann leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Aon oibríochtaí oll-lónadóireachta a dhéanfaidh oll-lónadóir mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, níl siad faoi réir an Rialacháin seo, ach amháin mar a leagtar amach sa mhír seo.

Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta nó, ina n-éagmais sin, caighdeáin phríobháideacha a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh, lipéadú agus rialú táirgí de thionscnamh oibríochtaí oll-lónadóireachta. Ní fhéadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid i lipéadú, i gcur i láthair ná i bhfógraíocht na dtáirgí sin, agus ní úsáidfear chun an t-oll-lónadóir a phoibliú.

4.  
Seachas má fhoráiltear a mhalairt, tá feidhm ag an Rialachán seo, gan dochar do reachtaíocht ghaolmhar eile de chuid an Aontais, go háirithe reachtaíocht sna réimsí a leanas: sábháilteacht an tslabhra bia, sláinte agus leas ainmhithe, folláine plandaí, agus ábhar atáirgthe plandaí.
5.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do dhlí sonrach eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.
6.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear liosta na dtáirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, trí tháirgí eile a chur leis an liosta, nó trí leasú a dhéanamh ar na hiontrálacha breise sin. Ní fhéadfar ach táirgí a bhfuil dlúthbhaint acu le táirgí talmhaíochta a áireamh ar an liosta sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “táirgeadh orgánach” úsáid modhanna táirgthe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, ag gach céim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán, lena n-áirítear le linn na tréimhse tiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10;

(2) 

ciallaíonn “táirge orgánach” táirge de bhunús táirgeadh orgánach, cé is moite de tháirge a tháirgtear le linn na tréimhse tiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10. Ní mheastar gur táirgí orgánacha iad táirgí ó fhiach nó iascaireacht ainmhithe fiáine;

(3) 

ciallaíonn “amhábhar talmhaíochta” táirge talmhaíochta nach ndearnadh aon chaomhnú ná próiseáil air;

(4) 

ciallaíonn “bearta coisctheacha” bearta atá le déanamh ag oibreoirí ag gach céim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán chun caomhnú na bithéagsúlachta agus cáilíocht na hithreach a áirithiú, agus bearta chun lotnaidí agus galair a chosc agus a rialú, mar aon le bearta atá le déanamh chun nach ndéanfar dochar don chomhshaol agus do shláinte ainmhithe agus plandaí;

(5) 

ciallaíonn “bearta réamhchúraim” bearta atá le déanamh ag oibreoirí ag gach céim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán chun éilliú le táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach i gcomhréir leis an Rialachán seo a sheachaint agus d’fhonn an meascadh táirgí orgánacha le táirgí nach táirgí orgánacha iad a sheachaint;

(6) 

ciallaíonn “tiontú” an t-athrú ó tháirgeadh neamhorgánach go táirgeadh orgánach laistigh de thréimhse áirithe ina gcuirtear i bhfeidhm forálacha an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach;

(7) 

ciallaíonn “táirge atá á dtiontú” táirge a tháirgtear le linn na tréimhse tiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10;

(8) 

ciallaíonn “gabháltas” na haonaid táirgthe uile a fheidhmítear faoi bhainistíocht amháin chun críocha táirgí talmhaíochta beo nó neamhphróiseáilte, lena n-áirítear táirgí de thionscnamh dobharshaothraithe agus beachaireachta, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) a tháirgeadh nó táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, cé is moite de bhlátholaí agus de ghiosta;

(9) 

ciallaíonn “aonad táirgthe” sócmhainní uile an ghabháltais amhail príomháitreabh táirgthe, dáileachtaí, féaraigh, limistéir faoin aer, foirgnimh do bheostoc (nó codanna de na foirgnimh sin), coirceoga, linnte éisc, córais choimeádta agus láithreáin d’algaí nó d’ainmhithe dobharshaothraithe, aonaid tógála, lamháltais chladaigh nó ghrinnill, agus áitreabh ina stóráiltear barra, táirgí barr, táirgí algaí, táirgí ainmhithe, amhábhair agus ionchur ar bith eile atá ábhartha a bhainistítear mar a ndéantar cur síos orthus i bpointe (10), i bpointe (11) nó i bpointe (12);

(10) 

ciallaíonn “aonad táirgthe orgánach” aonad táirgthe atá á bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach, seachas le linn na tréimhse tiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10;

(11) 

ciallaíonn “aonad táirgthe atá á thiontú” aonad táirgthe atá á bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach le linn na tréimhse tiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10; d’fhéadfadh sé gur de dháileachtaí talún nó de shócmhainní eile a chomhdhéanamh, ar lena n-aghaidh sin a thosóidh an tréimhse tiontaithe dá dtagraítear in Airteagal 10 ag amanna difriúla;

(12) 

ciallaíonn “aonad táirgthe neamhorgánach” aonad táirgthe nach bhfuil á bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach;

(13) 

ciallaíonn “oibreoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo ag gach céim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán atá faoi chúram an duine sin;

(14) 

ciallaíonn “feirmeoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, beag beann ar an stádas dlíthiúil atá ar an ngrúpa sin agus ar a bhaill, ar duine é nó ar grúpa é atá i mbun gníomhaíochta talmhaíochta faoin dlí náisiúnta;

(15) 

ciallaíonn “limistéar talmhaíochta” limistéar talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(16) 

ciallaíonn “plandaí” plandaí mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(17) 

ciallaíonn “ábhar atáirgthe plandaí” plandaí agus codanna de phlandaí, lena n-áirítear síolta, ag aon chéim fáis, a bhfuil ar a gcumas plandaí iomlána a tháirgeadh nó atá ceaptha lena aghaidh sin;

(18) 

ciallaíonn “ábhar ilchineálach orgánach” grúpa plandaí laistigh de thacsón amháin luibheolaíoch den rang is ísle, a mbaineann na tréithe seo a leanas leis:

(a) 

a bhfuil saintréithe feinitíopacha comhchoiteanna ag baint leis;

(b) 

a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair mar shaintréith de, sa mhéid go ndéantar ionadaíocht ar an ngrúpa plandaí sin leis an ábhar ina iomláine, agus ní le líon beag aonad;

(c) 

nach cineál é de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle ( 2 );

(d) 

nach meascán cineálacha é; agus

(e) 

táirgeadh é i gcomhréir leis an Rialacháin seo;

(19) 

ciallaíonn “cineál orgánach atá oiriúnach le haghaidh táirgeadh orgánach” cineál, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, ar cineál é:

(a) 

a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair mar shaintréith de; agus

(b) 

ar toradh é ar ghníomhaíochtaí pórúcháin orgánaigh dá dtagraítear i bpointe 1.8.4 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(20) 

ciallaíonn “máthairphlanda” planda sainaitheanta a dtógtar ábhar atáirgthe plandaí as chun plandaí nua a atáirgeadh;

(21) 

ciallaíonn “glúin” grúpa plandaí ar céim amháin iad de líne ghinealaigh plandaí;

(22) 

ciallaíonn “táirgeadh plandaí” táirgeadh táirgí barr talmhaíochta lena n-áirítear baint táirgí plandaí fiáine chun críocha tráchtála;

(23) 

ciallaíonn “plandaí” plandaí mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(24) 

ciallaíonn “lotnaid” lotnaid mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(25) 

ciallaíonn “ullmhóidí bithdhinimiciúla” meascáin a úsáidtear go traidisiúnta san fheirmeoireacht bhithdhinimiciúil;

(26) 

ciallaíonn “táirgí cosanta plandaí” na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(27) 

ciallaíonn “táirgeadh beostoic” táirgeadh ainmhithe talún clóis nó ceansaithe, lena n-áirítear feithidí;

(28) 

ciallaíonn “vearanda” cuid bhreise d’fhoirgneamh atá beartaithe d’éanlaith chlóis atá faoi dhíon, nach bhfuil inslithe agus atá taobh amuigh, ar gnách an taobh is faide de bheith feistithe le fál sreinge nó le sreanglíontán agus a bhfuil aeráid amuigh faoin aer, soilsiú nádúrtha agus, i gcás inar gá, saorga agus urlár easraithe ann;

(29) 

ciallaíonn “eireoga” ainmhithe óga den speiceas Gallus gallus faoi bhun 18 seachtaine d’aois;

(30) 

ciallaíonn “béaróga” ainmhithe den speiceas Gallus gallus atá beartaithe chun uibheacha a tháirgeadh lena gcaitheamh ag daoine agus atá faoi bhun 18 seachtaine d’aois;

(31) 

ciallaíonn “achar inúsáidte” achar inúsáidte mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(2) de Threoir 1999/74/CE ón gComhairle ( 4 );

(32) 

ciallaíonn “lotnaid” lotnaid mar a shainmhínítear i bpointe 25 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(33) 

ciallaíonn “táirgí dobharshaothraithe” táirgí dobharshaothraithe mar a shainmhínítear i bpointe 34 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013;

(34) 

ciallaíonn “saoráid dobharshaothraithe athshruthúcháin dhúnta” saoráid ar thalamh nó ar shoitheach ina mbítear ag gabháil do dhobharshaothrú laistigh de thimpeallacht iata a mbíonn athshruthú uisce i gceist leis, agus atá ag brath ar ionchur buan fuinnimh sheachtraigh chun an timpeallacht a chobhsú do na hainmhithe dobharshaothraithe;

(35) 

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí neamhiontaise in-athnuaite amhail an ghaoth, an ghrian, tonn gheoiteirmeach, an taoide, hidreachumhacht, gás ó líonta talún, gás ó ionaid chóireála camrais agus bithgháis;

(36) 

ciallaíonn “gorlann” áit ina ndéantar ainmhithe dobharshaothraithe, iasc eite agus sliogiasc go háirithe a phórú, a ghoradh agus a thógáil le linn luathchéimeanna a saoil;

(37) 

ciallaíonn “iasclann” áit ina gcuirtear córas táirgthe idirmheánaigh i bhfeidhm idir céimeanna an ghortha agus an ramhraithe. Tugtar céim na hiasclainne chun críche laistigh den chéad trian de thimthriall an táirgthe seachas i gcás speiceas atá ag dul faoi phróiseas an ghealógaithe;

(38) 

ciallaíonn “truailliú uisce” truailliú mar a shainmhínítear i bpointe 33 d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i bpointe 8 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), sna huiscí a bhfuil feidhm ag an dá Threoir sin, faoi seach, maidir leo;

(39) 

ciallaíonn “ilsaothrú críche” dhá speiceas nó níos mó, as leibhéil thrófacha dhifriúla de ghnáth, a dhobharshaothrú san aonad saorúcháin céanna;

(40) 

ciallaíonn “timthriall táirgthe” tréimhse saoil ainmhí dobharshaothraithe nó alga ón gcéim saoil is luaithe (uibheacha toirchithe, i gcás ainmhithe dobharshaothraithe) go dtí go ndéantar é a bhaint;

(41) 

ciallaíonn “speicis a fhástar go háitiúil” speicis dobharshaothraithe nach speicis choimhthíocha ná speicis nach bhfaightear go háitiúil iad de réir bhrí phointe 6 agus phointe 7, faoi seach, de Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle ( 7 ), chomh maith leis na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin;

(42) 

ciallaíonn “cóireáil tréidliachta” gach cóiriú leighis de chineál íceach nó coisctheach i gcoinne aon ráig ghalair ar leith;

(43) 

ciallaíonn “táirge míochaine tréidliachta” táirge míochaine tréidliachta mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(44) 

ciallaíonn “ullmhú” caomhnú nó próiseáil a dhéanamh ar tháirgí orgánacha nó ar tháirgí atá á dtiontú, nó aon oibríocht eile a dhéantar ar tháirge neamhphróiseáilte gan an táirge tosaigh a athrú, amhail marú, gearradh, glanadh nó muilleáil, mar aon le pacáistiú, lipéadú nó athrú a dhéanamh ar an lipéadú a bhaineann le táirgeadh orgánach;

(45) 

ciallaíonn “bia” bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(46) 

ciallaíonn “beatha” beatha mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(47) 

ciallaíonn “ábhair bheatha” ábhair bheatha mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );

(48) 

ciallaíonn “cur ar an margadh” cur ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(49) 

ciallaíonn “inrianaitheacht” an cumas bia, beatha nó aon táirge dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus aon substaint atá beartaithe le bheith, nó a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé curtha i mbia nó i mbeatha nó in aon táirge dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a rianú agus a leanúint trí gach céim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán;

(50) 

ciallaíonn “céim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán” aon chéim ó tháirgeadh príomhúil táirge orgánaigh (agus an táirgeadh sin san áireamh) go stóráil, próiseáil, iompar, agus díol nó soláthar an táirge don tomhaltóir deiridh (agus sin uile san áireamh), lena n-áirítear, nuair is ábhartha, lipéadú, fógraíocht, allmhairiú, onnmhairiú agus gníomhaíochtaí fochonraitheoireachta;

(51) 

ciallaíonn “comhábhar” comhábhar mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 nó, i gcás táirgí eile seachas bia, aon substaint nó táirge a úsáidtear i monarú nó in ullmhú táirgí, atá fós ann sa táirge deiridh, fiú i bhfoirm athraithe;

(52) 

ciallaíonn “lipéadú” aon fhocail, aon sonraí, aon trádmharcanna, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le táirge agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann leis an táirge sin nó trína ndéantar tagairt dó

(53) 

ciallaíonn “fógraíocht” táirgí a chur i láthair an phobail in aon slí seachas trí bhíthin lipéid, atá ceaptha dul i gcion ar mheonta, creidimh agus iompraíochtaí, nó ar dóigh a rachaidh i gcion orthu sin, chun díol táirgí a chur chun cinn go díreach nó go hindíreach;

(54) 

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2017/625;

(55) 

ciallaíonn “údarás rialaithe” údarás rialaithe orgánach mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2017/625, nó údarás atá aitheanta ag an gCoimisiún nó tríú tír atá aitheanta ag an gCoimisiún chun rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha i dtaca le hallmhairiú táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú isteach san Aontas;

(56) 

ciallaíonn “comhlacht rialaithe” comhlacht tarmligthe mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2017/625 nó comhlacht atá aitheanta ag an gCoimisiún nó tríú tír atá aitheanta ag an gCoimisiún chun rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha i dtaca le hallmhairiú táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú isteach san Aontas;

(57) 

ciallaíonn “neamhchomhlíonadh” nach gcomhlíontar an Rialachán seo ná na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(58) 

ciallaíonn “orgánach géinmhodhnaithe” nó ‘OGM’ orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) nach bhfaightear trí na teicnící modhnaithe géinitigh atá liostaithe in Iarscríbhinn I.B a ghabhann leis an Treoir sin;

(59) 

ciallaíonn “a tháirgtear ó OGManna” a bheith díorthaithe go hiomlán nó go páirteach ó OGManna ach gan OGManna a bheith ann ná a bheith comhdhéanta de OGManna;

(60) 

ciallaíonn “a tháirgtear trí OGManna a úsáid” a bheith díorthaithe trí OGManna a úsáid sa phróiseas táirgthe ach gan OGManna a bheith ann ná a bheith comhdhéanta de OGManna ná a bheith táirgthe ó OGManna;

(61) 

ciallaíonn “breiseán bia” breiseán bia mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 );

(62) 

ciallaíonn “breiseáin bheatha” breiseán beatha mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );

(63) 

ciallaíonn “nana-ábhar monaraithe” nana-ábhar monaraithe mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2015/2283ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 );

(64) 

ciallaíonn “coibhéis” na cuspóirí céanna agus prionsabail chéanna a chomhlíonadh trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear an leibhéal comhréireachta céanna;

(65) 

ciallaíonn “áis phróiseála” áis phróiseála mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 do bhia agus i bpointe (h) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 do bheatha;

(66) 

ciallaíonn “einsím bia” einsím bia mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 );

(67) 

ciallaíonn “radaíocht ianúcháin” radaíocht ianúcháin mar a shainmhínítear i bpointe 46 d’Airteagal 4 de Threoir 2013/59/Euratom ón gComhairle ( 16 );

(68) 

ciallaíonn “bia-ábhar réamhphacáistithe” bia-ábhar réamhphacáistithe mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(69) 

ciallaíonn “tithe éanlaithe clóis” foirgneamh seasta nó soghluaiste chun ealtaí éanlaithe clóis a choinneáil, lena n-áirítear gach dromchla a chlúdaítear le díonta, vearanda san áireamh; féadfar an teach a fhoroinnt ina rannáin ar leith, ina gcoinnítear ealta amháin in aghaidh an rannáin.

(70) 

ciallaíonn “saothrú barr a bhaineann le hithir” táirgeadh in ithir bheo nó in ithir mheasctha nó in ithir atá leasaithe le hábhair agus le táirgí a cheadaítear sa táirgeadh orgánach i gcomhréir leis an bhfo-ithir agus leis an mbuncharraig;

(71) 

ciallaíonn “táirgí neamhphróiseáilte” táirgí neamhphróiseáilte mar a shainmhínítear i bpointe (n) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ), beag beann ar oibríochtaí pacáistithe nó lipéadaithe;

(72) 

ciallaíonn “táirgí próiseáilte” táirgí próiseáilte mar a shainmhínítear i bpointe (o) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, beag beann ar oibríochtaí pacáistithe nó lipéadaithe;

(73) 

ciallaíonn “próiseáil” próiseáil mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004; áirítear san úsáid sin na substaintí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 den Rialachán seo ach ní áirítear oibríochtaí pacáistithe nó lipéadaithe;

(74) 

ciallaíonn “sláine táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú” nach bhfuil neamhchomhlíonadh ag baint leis an táirge maidir le ceanglais an Rialacháin seo sa mhéid:

(a) 

go ndéanfaí difear do thréithe orgánacha nó do thréithe atá á dtiontú an táirge ag aon chéim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán; nó

(b) 

go dtarlaíonn an neamhchomhlíonadh arís is arís eile nó d’aonghnó;

(75) 

ciallaíonn “pionna” feireadh ina bhfuil spás ina dtugtar foscadh d’ainmhithe ó dhrochaimsir.



CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS PRIONSABAIL MAIDIR LEIS AN TÁIRGEADH ORGÁNACH

Airteagal 4

Cuspóirí

Leis an táirgeadh orgánach, saothrófar na cuspóirí ginearálta seo a leanas:

(a) 

cuidiú le cosaint an chomhshaoil agus na haeráide;

(b) 

cothabháil thorthúlacht fhadtéarmach na n-ithreacha;

(c) 

cuidiú a thabhairt chun ardleibhéal bithéagsúlachta a chothú;

(d) 

cuidiú substaintiúil a thabhairt chun comhshaol neamhthocsaineach a chothú;

(e) 

cuidiú le hardchaighdeáin leasa ainmhithe a chothú agus, go háirithe, freastal ar riachtanais iompraíochta ainmhithe atá sainiúil don speiceas;

(f) 

spreagadh a thabhairt do ghearrbhealaí dáileacháin agus do tháirgeadh áitiúil i limistéir éagsúla san Aontas;

(g) 

spreagadh a thabhairt do chaomhnú pórtha neamhchoitianta agus dúchais atá i mbaol a ndíothaithe;

(h) 

cuidiú le réimse an ábhair ghéinitigh ó phlandaí a leasaítear i gcomhréir le sainriachtanais agus sainchuspóirí na talmhaíochta orgánaigh a fhorbairt;

(i) 

cuidiú le hardleibhéal bithéagsúlachta a bhaint amach, go háirithe trí úsáid a bhaint as éagsúlacht ábhair ghéinitigh ó phlandaí, amhail ábhar ilchineálach orgánach agus cineálacha orgánacha atá oiriúnach do tháirgeadh orgánach;

(j) 

forbairt ghníomhaíochtaí pórtha plandaí orgánacha a chothú, chun cuidiú le léargas fabhrach eacnamaíoch na hearnála orgánaí.

Airteagal 5

Prionsabail ghinearálta

Córas bainistithe inbhuanaithe is ea táirgeadh orgánach atá bunaithe ar na prionsabail ghinearálta seo a leanas:

(a) 

córais agus timthriallta an dúlra a urramú agus caomhnú agus feabhsú a dhéanamh ar cháilíocht na hithreach, an uisce agus an aeir, ar fholláine plandaí agus ainmhithe agus ar an gcothromaíocht eatarthu;

(b) 

gnéithe den tírdhreach nádúrtha amhail láithreacha oidhreachta nádúrtha a chaomhnú;

(c) 

úsáid fhreagrach a bhaint as fuinneamh agus acmhainní nádúrtha, amhail uisce, ithir, ábhar orgánach agus an t-aer;

(d) 

raon leathan bia ar ardcháilíocht agus táirgí eile talmhaíochta agus dobharshaothraithe a tháirgeadh a fhreagraíonn d’éileamh na dtomhaltóirí earraí a táirgeadh trí úsáid a bhaint as próisis nach ndéanann dochar don chomhshaol, do shláinte an duine, do shláinte plandaí, do shláinte ainmhithe ná do leas;

▼C1

(e) 

sláine an táirgthe orgánaigh a áirithiú ag gach céim de tháirgeadh, d’ullmhú agus de dháileadh bia agus beatha;

▼B

(f) 

ceapadh agus bainistiú iomchuí próiseas bitheolaíoch bunaithe ar chórais éiceolaíocha a úsáideann acmhainní nádúrtha ó laistigh den chóras bainistíochta féin trí úsáid a bhaint as modhanna lena mbaineann an méid seo a leanas:

(i) 

úsáideann siad orgánaigh bheo agus modhanna táirgthe meicniúla;

(ii) 

cleachtann siad saothrú barr a bhaineann leis an ithir agus táirgeadh beostoic a bhaineann leis an talamh nó cleachtann siad dobharshaothrú atá i gcomhréir le prionsabal an tsaothraithe inbhuanaithe acmhainní uisceacha;

(iii) 

ní úsáideann siad OGManna ná táirgí a tháirgtear ó OGManna nó trí OGManna a úsáid, cé is moite de tháirgí míochaine tréidliachta;

(iv) 

tá siad bunaithe ar mheasúnú riosca, agus ar úsáid bearta réamhchúraim agus coisctheacha, i gcás inarb iomchuí;

(g) 

srian a bheith ar úsáid ionchur seachtrach; i gcás ina bhfuil gá le hionchuir sheachtracha nó mura bhfuil ann do na cleachtais agus modhanna bainistíochta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (f), beidh na hionchuir sheachtracha teoranta dóibh seo a leanas:

(i) 

ionchuir ó tháirgeadh orgánach, i gcás ábhar atáirgthe plandaí, tabharfar tosaíocht do chineálacha a roghnaítear i ngeall ar a gcumas sainriachtanais agus sainchuspóirí na talmhaíochta orgánaí a chomhlíonadh;

(ii) 

substaintí nádúrtha nó substaintí atá díorthaithe go nádúrtha;

(iii) 

leasacháin mhianracha ar íseal-intuaslagthacht;

(h) 

athchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas táirgthe, nuair is iomchuí, agus laistigh de chreat an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar an stádas sláintíoch, ar dhifríochtaí réigiúnacha i gcothromaíocht éiceolaíoch, ar an aeráid agus dálaí áitiúla, ar chéimeanna forbartha agus ar chleachtais feirmeoireachta ar leith;

(i) 

eisiatar iad seo a leanas ón slabhra bia orgánach ar fad: clónáil ainmhithe, tógáil ainmhithe polaplóideacha a ionduchtaítear ar bhealach saorga agus an radaíocht ianúcháin;

(j) 

meas a bheith ar ardleibhéal leasa ainmhithe agus riachtanais atá sainiúil don speiceas a urramú.

Airteagal 6

Prionsabail shonracha atá infheidhme maidir le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus dobharshaothrú

Maidir le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus dobharshaothraithe, beidh táirgeadh orgánach bunaithe go háirithe ar na prionsabail shonracha seo a leanas:

(a) 

beatha ithreach agus torthúlacht nádúrtha na hithreach, cobhsaíocht ithreach agus bithéagsúlacht ithreach a chothú agus a fheabhsú, lena gcuirtear cosc agus comhrac ar bhalcadh ithreach agus ar chreimeadh ithreach, agus plandaí a chothú trí éiceachóras na hithreach go príomha;

(b) 

úsáid acmhainní neamh-in-athnuaite agus ionchur seachtrach a theorannú a mhéid is féidir;

(c) 

dramhaíl agus seachtháirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch a athchúrsáil mar ionchur i dtáirgeadh plandaí agus beostoic;

(d) 

sláinte plandaí a chothú trí bhearta coisctheacha, go háirithe trí na speicis, cineálacha nó ábhar ilchineálach iomchuí a roghnú atá frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí agus galar, trí uainíocht iomchuí na mbarr, trí mhodhanna iomchuí meicniúla agus fisiceacha a roghnú agus trí naimhde nádúrtha lotnaidí a chosaint;

(e) 

síolta agus ainmhithe le hardleibhéal éagsúlachta géinití, ag a bhfuil frithsheasmhacht i gcoinne galar agus fad saoil a úsáid;

(f) 

cineálacha plandaí a roghnú ag féachaint do thréithe chórais an táirgthe orgánaigh, lena ndírítear ar fheidhmíocht agranamaíoch, ar fhrithsheasmhacht in aghaidh galar, ar oiriúnú d’ithreacha áitiúla éagsúla agus do dhálaí aeráide, agus urraim a léiriú maidir leis na bacainní trasnaithe nádúrtha;

(g) 

ábhar atáirgthe plandaí a úsáid atá orgánach amhail ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach, agus cineálacha orgánacha atá oiriúnach do tháirgeadh orgánach;

(h) 

cineálacha orgánacha a tháirgeadh trí chumas nádúrtha atáirgthe agus díriú ar iad a choinneáil laistigh de na bacainní trasnaithe nádúrtha;

(i) 

gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 agus do na cearta maidir le cineálacha plandaí náisiúnta a dheonaítear faoi dhlí náisiúnta na mBallstát, an deis a thabhairt d’fheirmeoirí ábhar atáirgthe plandaí a úsáid a gheofaí ar a bhfeirm féin d’fhonn acmhainní géiniteacha a chothú a bheidh in oiriúint do shainchoinníollacha an táirgthe orgánaigh;

(j) 

pórtha ainmhithe a roghnú agus aird á tabhairt ar ardleibhéal éagsúlachta géinití, ar chumas na n-ainmhithe oiriúnú do dhálaí áitiúla, ar a luach pórúcháin, ar an bhfad saoil a bhíonn acu, ar a n-acmhainneacht agus ar a bhfrithsheasmhacht i gcoinne galar nó fadhbanna sláinte;

(k) 

táirgeadh beostoic a chleachtadh atá suíomh-oiriúnaithe agus a bhaineann leis an gcineál talún;

(l) 

cleachtais feirmeoireachta ainmhithe a chur i bhfeidhm a chuireann leis an gcóras imdhíonachta agus a neartaíonn an chosaint nádúrtha i gcoinne galar, lena n-áirítear aclaíocht rialta agus rochtain ar limistéir faoin aer agus ar fhéaraigh;

(m) 

beostoc a bheathú le beatha orgánach atá comhdhéanta de chomhábhair thalmhaíochta ó tháirgeadh orgánach agus de shubstaintí nádúrtha neamhthalmhaíochta;

(n) 

táirgí beostoic orgánacha a tháirgeadh atá díorthaithe ó ainmhithe a tógadh ar ghabháltais orgánacha ar feadh a saoil ó rugadh nó ó goradh iad agus ar tógadh ansin;

(o) 

folláine an chomhshaoil uiscigh agus cáilíocht na n-éiceachóras uisceach agus domhanda ina thimpeall a chothú;

(p) 

orgánaigh uisceacha a bheathú le beatha ó shaothrú inbhuanaithe iascaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó le beatha orgánach atá comhdhéanta de chomhábhair thalmhaíochta ó tháirgeadh orgánach, lena n-áirítear dobharshaothrú orgánach, agus de shubstaintí nádúrtha neamhthalmhaíochta;

(q) 

gan aon speiceas atáthar ag iarraidh a chaomhnú a chur i mbaol de bharr cúinsí a d’fhéadfadh teacht ó tháirgeadh orgánach.

Airteagal 7

Prionsabail shonracha atá infheidhme maidir le próiseáil bia orgánaigh

Beidh táirgeadh bia orgánaigh phróiseáilte bunaithe go háirithe ar na prionsabail shonracha seo a leanas:

(a) 

táirgeadh bia orgánaigh ó chomhábhair thalmhaíochta orgánacha;

(b) 

srian a chur le húsáid breiseán bia agus comhábhar neamhorgánach a bhfuil feidhmeanna céadfacha agus teicneolaíocha acu go príomha agus teorainn a chur le húsáid micreachothaitheach agus áiseanna próiseála, ionas nach mbaintear ach an méid íosta úsáide astu agus i gcásanna ina bhfuil gá teicneolaíoch ríthábhachtach leis nó chun críocha cothaitheacha sonracha amháin;

(c) 

substaintí agus modhanna próiseála a eisiamh a d’fhéadfadh a bheith míthreorach maidir le fíorchineál an táirge;

(d) 

bia orgánach a phróiseáil go cúramach, agus b’fhearr go n-úsáidfí modhanna bitheolaíocha, meicniúla agus fisiceacha;

(e) 

bia a eisiamh ina bhfuil nana-ábhair mhonaraithe nó atá comhdhéanta díobh.

Airteagal 8

Prionsabail shonracha atá infheidhme maidir le próiseáil beatha orgánaí

Beidh táirgeadh beatha orgánaí próiseáilte bunaithe ar na prionsabail shonracha seo a leanas:

(a) 

táirgeadh beatha orgánaí ó ábhair beatha orgánacha;

(b) 

úsáid breiseán beatha agus áiseanna próiseála a shrianadh, le nach mbainfear ach úsáid íosta astu, i gcásanna ina bhfuil gá teicneolaíoch nó zóiteicniúil ríthábhachtach leis nó chun críocha cothaitheacha sonracha amháin;

(c) 

substaintí agus modhanna próiseála a eisiamh a d’fhéadfadh a bheith míthreorach maidir le fíorchineál an táirge;

(d) 

beatha orgánach a phróiseáil go cúramach, agus b’fhearr go n-úsáidfí modhanna bitheolaíocha, meicniúla agus fisiceacha.



CAIBIDIL III

RIALACHA MAIDIR LE TÁIRGEADH

Airteagal 9

Rialacha ginearálta maidir le táirgeadh

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos san Airteagal seo.
2.  
Déanfar bainistiú ar an ngabháltas iomlán i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach.
3.  
Chun na críocha agus úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 agus in Iarscríbhinn II, ní fhéadfar ach táirgí agus substaintí a údaraítear de bhun na bhforálacha sin a úsáid i dtáirgeadh orgánach, ar an gcoinníoll gur údaraíodh a n-úsáid i dtáirgeadh neamhorgánach i gcomhréir le forálacha ábhartha de dhlí an Aontais agus, nuair is iomchuí, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais.

Ceadófar na táirgí agus na substaintí a leanas dá dtagraítear in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach ar an gcoinníoll go mbeidh siad údaraithe de bhun an Rialacháin sin:

(a) 

teorantóirí, sineirgígh, comhfhoirmligh mar chomhpháirteanna de tháirgí cosanta plandaí;

(b) 

aidiúvaigh a bheidh le meascadh le táirgí cosanta plandaí.

Maidir le táirgí agus substaintí a úsáidtear sa táirgeadh orgánach chun críocha eile nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ceadófar iad ar an gcoinníoll go gcomhlíonann a n-úsáid na prionsabail a leagtar síos i gCaibidil II.

4.  
Ní úsáidfear radaíocht ianúcháin chun cóireáil a dhéanamh ar bhia nó ar bheatha orgánach, agus chun cóireáil a dhéanamh ar amhábhair a úsáidtear i mbia nó i mbeatha orgánach.
5.  
Toirmeascfar clónáil ainmhithe a úsáid agus ainmhithe polaplóideacha a ionduchtaítear ar bhealach saorga a thógáil.
6.  
Déanfar bearta coisctheacha agus réamhchúraim i gcás inarb iomchuí ag gach céim den táirgeadh, den ullmhú agus den dáileachán.
7.  

D’ainneoin mhír 2, féadfar gabháltas a ilroinnt in aonaid atá deighilte go soiléir agus go héifeachtach de réir an táirgthe orgánaigh, an táirgthe atá á thiontú agus an táirgthe neamhorgánaigh, ar an gcoinníoll go mbeidh an méid seo a leanas fíor i gcás na n-aonad táirgthe neamhorgánaigh:

(a) 

maidir le beostoc, speicis éagsúla atá i gceist;

(b) 

maidir le plandaí, cineálacha éagsúla so-idirdhealaithe atá i gceist.

Maidir le halgaí agus ainmhithe dobharshaothraithe, féadfaidh an speiceas céanna a bheith i gceist, ar an gcoinníoll go mbeidh deighilt atá éifeachtach agus soiléir ann idir na suíomhanna nó na haonaid táirgthe.

8.  
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 7, i gcás barra ilbhliantúla a mbíonn tréimhse saothraithe 3 bliana ar a laghad riachtanach dóibh, féadfar baint a bheith ag cineálacha éagsúla nach féidir a idirdhealú go héasca nó ag na cineálacha céanna ar an gcoinníoll go bhfuil an táirgeadh i gceist mar chuid de phlean tiontaithe agus go dtosaíonn an tiontú go táirgeadh orgánach sa chuid dheireanach den limistéar a bhaineann leis an táirgeadh áirithe sin a luaithe is féidir agus go gcríochnófaí é faoi cheann 5 bliana ar mhéad.

I gcásanna den sórt sin:

(a) 

cuirfidh an feirmeoir an t-údarás inniúil, nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, ar an eolas faoi tús na bainte gach ceann de na táirgí lena mbaineann 48 n-uaire an chloig ar a laghad roimh ré;

(b) 

ar chríochnú na bainte, cuirfidh an feirmeoir in iúl don údarás inniúil, nó, i gcás inarb iomchuí, don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe, cainníochtaí beachta na buainte a rinneadh ar na haonaid lena mbaineann agus na bearta arna nglacadh chun na táirgí a dheighilt;

(c) 

déanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, an plean tiontaithe agus na céimeanna atá le glacadh lena n-áirithítear an deighilt éifeachtach shoiléir a dhearbhú gach bliain tar éis tús a chur leis an bplean tiontaithe.

9.  
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann le speicis éagsúla agus cineálacha éagsúla a leagtar síos i bpointe (a) agus (b) de mhír 7, i gcás lárionaid taighde agus oideachais, plandlanna, iolraitheoirí síolta agus oibríochtaí pórúcháin.
10.  

Sna cásanna dá dtagraítear i míre 7, mír 8 agus mír 9, nuair nach ndéantar bainistiú ar na haonaid táirgthe uile atá i ngabháltas faoi rialacha maidir le táirgeadh orgánach:

(a) 

coinneoidh na hoibreoirí na táirgí a úsáidtear do na haonaid táirgthe orgánaigh agus atá á thiontú deighilte ó na táirgí a úsáidtear do na haonaid táirgthe neamhorgánaigh;

(b) 

coinneoidh oibreoirí na táirgí sin a tháirgtear ag na haonaid táirgthe orgánaigh, na haonaid atá á dtiontú agus na haonaid neamhorgánaigh deighilte óna chéile;

(c) 

coinneoidh oibreoirí taifid leordhóthanacha chun an deighilt éifeachtach a thaispeáint idir na haonaid táirgthe agus na táirgí.

11.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear mír 7 den Airteagal seo trí rialacha breise a chur leis maidir le gabháltas a dheighilt in aonaid tháirgthe orgánacha, aonaid atá á dtiontú nó aonaid orgánacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó trí leasú a dhéanamh ar na rialacha breise sin.

Airteagal 10

Tiontú

1.  
Chomhlíonfaidh feirmeoirí agus oibreoirí a tháirgeann algaí nó ainmhithe dobharshaothraithe tréimhse tiontaithe. Le linn na tréimhse iomláine tiontaithe ba cheart dóibh na rialacha uile maidir le táirgeadh orgánach a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe, na rialacha is infheidhme maidir le tiontú a leagtar amach san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn II, a chur i bhfeidhm.
2.  
Cuirfear tús le tréimhse an tiontaithe ar a luaithe tar éis don fheirmeoir nó don oibreoir a tháirgeann algaí nó ainmhithe dobharshaothraithe fógra a thabhairt faoin ghníomhaíocht do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 34(1), sa Bhallstát ina ndéantar an ghníomhaíocht agus ina chuirtear gabháltas an fheirmeora sin nó gabháltas an oibreora sin faoi réir an chórais rialaithe.
3.  

Ní fhéadfar aon tréimhse roimhe sin a aithint go haisghníomhach mar chuid den tréimhse tiontaithe, seachas sna cásanna seo a leanas:

(a) 

má bhí dáileachtaí talún an oibreora faoi réir bearta a shainigh i gclár a cuireadh chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 lena n-áirithítear nár úsáideadh táirgí nó substaintí seachas iad sin a údaraíodh lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach ar na dáileachtaí talún sin; nó

(b) 

más féidir leis an oibreoir cruthúnas a chur ar fáil gur limistéir nádúrtha nó talmhaíochta iad na dáileachtaí talún agus nár cóireáladh iad ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad le táirgí nó substaintí nár údaraíodh lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach.

4.  
Ní dhéanfar táirgí arna dtáirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe a mhargú mar tháirgí orgánacha ná mar tháirgí atá á dtiontú.

Mar sin féin, maidir leis na táirgí seo a leanas a tháirgtear le linn na tréimhse tiontaithe agus i gcomhréir le mír 1, féadfar iad a mhargú mar tháirgí atá á dtiontú:

(a) 

ábhar atáirgthe plandaí, ar an gcoinníoll gur comhlíonadh tréimhse tiontaithe de 12 mhí ar a laghad;

(b) 

táirgí bia de thionscnamh plandaí agus beatha de thionscnamh plandaí ar an gcoinníoll nach bhfuil iontu ach comhábhar bairr amháin agus gur comhlíonadh tréimhse tiontaithe 12 mhí ar a laghad roimh an mbaint.

5.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear pointe 1.2.2 de Chuid II d’Iarscríbhinn II trí rialacha tiontaithe a chur leis do speiceas seachas iad siúd a rialáiltear i gCuid II d’Iarscríbhinn II an 17 Meitheamh 2018, nó trí leasú a dhéanamh ar na rialacha breise sin.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear na doiciméid a bheidh le soláthar i bhfianaise tréimhse roimhe sin a aithint go cúlghabhálach, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 11

Toirmeasc ar úsáid OGManna

1.  
Ní úsáidfear OGManna ná táirgí a tháirgtear ó OGMannanó táirgí a tháirgtear trí OGManna a úsáid i mbia nó i mbeatha ná mar bhia, beatha, áiseanna próiseála, táirgí cosanta plandaí, leasacháin, oiriúntóirí ithreach, ábhar atáirgthe plandaí, miocrorgánaigh ná ainmhithe i dtáirgeadh orgánach.
2.  
Chun críocha an toirmisc a leagtar síos i mír 1, i ndáil le OGManna agus táirgí a tháirgtear ó OGManna a úsáid le haghaidh bia agus beatha, féadfaidh oibreoirí dul i muinín na lipéad ar tháirge atá greamaithe de nó a chuirtear ar fáil de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ) nó Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ) nó aon doiciméid eile a ghabhann leis a chuirfear le fáil dá bhun.
3.  
Féadfaidh oibreoirí toimhde a dhéanamh nár úsáideadh aon OGManna ná táirgí a tháirgtear ó OGManna a úsáid i monarú bia agus beatha a ceannaíodh más rud é nach bhfuil lipéadú greamaithe ar tháirgí den sórt sin, nó i gcás nach soláthraítear an lipéadú, agus nach bhfuil doiciméad ag gabháil leo, de bhun na gníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má tá faisnéis eile faighte acu a thugann le fios nach bhfuil an lipéadú ar na táirgí lena mbaineann i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla sin.
4.  
Chun críche an toirmisc a leagtar síos i mír 1, i dtaca le táirgí nach gcumhdaítear le mír 2 agus mír 3, cuirfidh oibreoirí a úsáideann táirgí neamhorgánacha den sórt sin a cheannaítear ó thríú páirtithe de cheangal ar an díoltóir a dheimhniú nár táirgeadh na táirgí atá á soláthar ó OGManna nó trí OGManna a úsáid.

Airteagal 12

Rialacha maidir le táirgeadh plandaí

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann plandaí nó táirgí plandaí go háirithe na rialacha mionsonraithe a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn II.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear:

(a) 

pointí 1.3 agus 1.4 de Chuid I d’Iarscríbhinn II maidir le maoluithe;

(b) 

pointe 1.8.5 de Chuid I d’Iarscríbhinn II maidir le hábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú nó ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach a úsáid;

(c) 

pointe 1.9.5 de Chuid I d’Iarscríbhinn II trí fhorálacha breise a chur leis a bhaineann le comhaontuithe idir ghabháltais talmhaíochta, nó trí leasú a dhéanamh ar na forálacha breise sin;

(d) 

pointe 1.10.1 de Chuid I d’Iarscríbhinn II trí bhearta breise bainistithe lotnaidí agus fiailí a chur leis, nó trí leasú a dhéanamh ar na bearta breise sin;

(e) 

cuid I d’Iarscríbhinn II trí rialacha breise mionsonraithe agus cleachtais saothraithe do phlandaí agus do tháirgí plandaí ar leith a chur leis, lena n-áirítear rialacha do shíolta péactha, nó trí leasú a dhéanamh ar na rialacha breise sin.

Airteagal 13

Forálacha sonracha maidir le hábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a mhargú

1.  
Féadfar ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a mhargú gan na ceanglais a chomhlíonadh maidir leis na catagóirí clárúcháin agus gan na ceanglais a chomhlíonadh maidir le deimhniúcháin d’ábhair réamh-bhunúsacha, bhunúsacha, nó deimhnithe, nó na ceanglais maidir le catagóirí eile, mar a leagtar amach i dTreoir 66/401/CEE, i dTreoir 66/402/CEE, i dTreoir 68/193/CEE, i dTreoir 98/56/CE, i dTreoir 2002/53/CE, i dTreoir 2002/54/CE, i dTreoir 2002/55/CE, i dTreoir 2002/56/CE, i dTreoir 2002/57/CE, i dTreoir 2008/72/CE agus i dTreoir 2008/90/CE, nó i ngníomhartha a ghlactar de bhun na dtreoracha sin.
2.  

Féadfar ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánachdá dtagraítear i mír 1 a mhargú tar éis don soláthraí fógra maidir leis an ábhar ilchineálach orgánach a thabhairt do na comhlachtaí freagracha oifigiúla dá dtagraítear i dTreoir 66/401/CEE, i dTreoir 66/402/CEE, i dTreoir 68/193/CEE, i dTreoir 98/56/CE, i dTreoir 2002/53/CE, i dTreoir 2002/54/CE, i dTreoir 2002/55/CE, i dTreoir 2002/56/CE, i dTreoir 2002/57/CE, i dTreoir 2008/72/CE agus i dTreoir 2008/90/CE maidir le sainchomhad ina bhfuil na gnéithe seo a leanas:

(a) 

sonraí teagmhála an iarratasóra;

(b) 

speiceas agus ainmníocht an ábhair ilchineálaigh orgánaigh;

(c) 

tuairisc ar na príomhshaintréithe agranamaíocha agus feinitíopacha atá coitianta don ghrúpa sin plandaí, lena n-áirítear modhanna póraithe, aon thorthaí ó thástálacha ar na príomhshaintréithe sin, tír an táirgthe agus an t-ábhar tuismitheora ar baineadh úsáid as;

(d) 

dearbhú ag an iarratasóir maidir le fíre na n-eilimintí i bpointí (a), (b) agus (c); agus

(e) 

sampla ionadaíoch.

Seolfar an fógra sin mar litir chláraithe, nó trí aon mheán eile cumarsáide lena nglacann na comhlachtaí oifigiúla, agus beidh dearbhú fála ag teastáil.

Trí mhí tar éis an dháta a thaispeántar ar an admháil fillte, ar an gcoinníoll nár iarradh eolas breise nó nár cuireadh aon diúltú foirmiúil in iúl don soláthraí ar an mbonn go raibh an sainchomhad neamhiomlán nó nach raibh sé comhlíontach faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(57), measfar gur aithin an comhlacht oifigiúil atá freagrach an fógra agus inneachar an fhógra.

Tar éis an fógra a aithint ar bhealach sainráite nó intuigthe, féadfaidh an comhlacht oifigiúil atá freagrachan t-ábhar ilchineálach orgánach dá dtugtar fógra a liostú. Beidh an liostú sin saor in aisce don soláthraí.

Cuirfear aon liostú ábhair ilchineálaigh orgánaigh in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún

Comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe a glacadh i gcomhréir le mír 3 leis an ábhar ilchineálach orgánach sin.

3.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha a leagan amach lena rialaítear táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an tuairisc ar an ábhar ilchineálach orgánach, lena n-áirítear na modhanna ábhartha pórúcháin agus táirgthe agus an t-ábhar tuismitheora ar baineadh úsáid as;

(b) 

na híoscheanglais maidir le cáilíocht na mbaisceanna síolta, lena n-áirítear céannacht, íonacht shonrach, rátaí péactha, cáilíocht sláintíochta;

(c) 

lipéadú agus pacáistiú;

(d) 

faisnéis agus samplaí táirgthe atá le coinneáil ag oibreoirí gairmiúla;

(e) 

i gcás inarb iomchuí, cothabháil an ábhair ilchineálaigh orgánaigh.

Airteagal 14

Rialacha maidir le táirgeadh beostoic

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí beostoic go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn II agus in aon ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear:

(a) 

pointe 1.3.4.2, pointe 1.3.4.4.2 agus pointe 1.3.4.4.3 de Chuid II d’Iarscríbhinn II trí laghdú a dhéanamh ar na céatadáin maidir le tionscnamh ainmhithe, a thúisce a bhunófar infhaighteacht leordhóthanach ainmhithe orgánacha ar mhargadh an Aontais;

(b) 

pointe 1.6.6 (b) de Chuid II d’Iarscríbhinn II maidir le teorainn na nítrigineorgánaí atá nasctha leis an dlús stocála ina iomláine;

(c) 

pointe 1.9.6.2 (b) de Chuid II d’Iarscríbhinn II maidir le coilíneachtaí beach a bheathú;

(d) 

pointe 1.9.6.3 (b) agus (e) de Chuid II d’Iarscríbhinn II maidir le cóireáil inghlactha chun beachlanna a dhíghalrú agus na modhanna agus cóireálachadon chomhrac i gcoinne Varroa destructor;

(e) 

Cuid II d’Iarscríbhinn II trí rialacha maidir le táirgeadh beostoic mionsonraithe a chur léi le haghaidh speiceas eile seachas iad siúd a rialaítear sa Chuid sin an 17 Meitheamh 2018, nó trí leasú a dhéanamh ar na rialacha sin, maidir leis an méid a leanas:

(i) 

maoluithe maidir le tionscnamh ainmhithe;

(ii) 

cothú;

(iii) 

tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta;

(iv) 

cúram sláinte;

(v) 

leas ainmhithe.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le Cuid II d’Iarscríbhinn II lena gcuirtear rialacha ar fáil maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an tréimhse íosta atá le chomhlíonadh chun ainmhithe diúil a bheathú le bainne máthartha, dá dtagraítear i bpointe 1.4.1(g);

(b) 

an dlús stocála agus an t-íosdromchla do limistéir laistigh agus lasmuigh atá le chomhlíonadh maidir le speicis shonracha beostoic chun a áirithiú, go ndéanfar freastal ar riachtanais forbartha, fiseolaíochta agus eiteolaíocha ainmhithe, i gcomhréir le pointe 1.6.3, pointe 1.6.4 agus pointe 1.7.2.

(c) 

saintréithe agus ceanglais theicniúla an íosdromchla do limistéir laistigh agus lasmuigh;

(d) 

saintréithe agus ceanglais theicniúla foirgneamh agus pionnaí do na speicis beostoic uile, seachas beacha, chun a áirithiú go ndéanfar freastal, ar riachtanais forbartha, fiseolaíochta agus eiteolaíocha ainmhithe i gcomhréir le pointe 1.7.2;

(e) 

ceanglais fásra agus saintréithe saoráidí cosanta agus limistéar faoin aer.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 15

Rialacha maidir le táirgeadh algaí agus ainmhithe dobharshaothraithe

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann algaí agus ainmhithe dobharshaothraithe go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid III d’Iarscríbhinn II agus in aon ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3den Airteagal seo.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear:

(a) 

pointe 3.1.3.3 de Chuid III d’Iarscríbhinn II maidir le beatha d’ainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha;

(b) 

pointe 3.1.3.4 de Chuid III d’Iarscríbhinn II trí rialacha breise sonracha a chur leis maidir le beatha d’ainmhithe dobharshaothraithe áirithe, nó trí leasú a dhéanamh na rialacha breise sin;

(c) 

pointe 3.1.4.2 de Chuid III d’Iarscríbhinn II maidir le cóireáil tréidliachta d’ainmhithe dobharshaothraithe;

(d) 

Cuid III d’Iarscríbhinn II trí thuilleadh coinníollacha mionsonraithe in aghaidh an speicis maidir le bainistiú stoic síolraíochta, pórú agus táirgeadh óg, nó trí leasú a dhéanamh ar na coinníollacha mionsonraithe breise.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún, mar is iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe de réir speicis nó de réir grúpa speiceas maidir leis an dlús stocála agus maidir leis na saintréithe sonracha do chórais táirgthe agus do chórais choimeádta chun a áirithiú go ndéanfar freastal ar shainriachtanais na speiceas.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

4.  
Chun críocha an airteagail seo agus Cuid III d’Iarscríbhinn II, ciallaíonn “dlús stocála” beomheáchan ainmhithe dobharshaothraithe in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’uisce tráth ar bith le linn na céime ramhraithe agus i gcás leathóg agus séaclaí an meáchan in aghaidh an mhéadair chearnaigh de dhromchla.

Airteagal 16

Rialacha táirgthe maidir le bia próiseáilte

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí a thairgeann bia próiseáilte go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid IV d’Iarscríbhinn II agus in aon ghníomhartha cur chun feidhme ar bith dá dtagraítear i mír 3 de Airteagal seo.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear:

(a) 

pointe 1.4 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II maidir leis na bearta réamhchúraim agus na bearta coisctheacha atá le déanamh ag oibreoirí;

(b) 

pointe 2.2.2 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II maidir le cineálacha agus comhdhéanamh táirgí agus substaintí atá ceadaithe lena n-úsáid i mbia próiseáilte mar aon le na coinníollacha faoinar féidir úsáid a bhaint astu;

(c) 

pointe 2.2.4 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II maidir le ríomh an chéatadáin de chomhábhair thalmhaíochta dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) agus i bpointe (b)(i) d’Airteagal 30(5), lena n-áirítear na breiseáin bia atá údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach a láimhseáitear mar chomhábhair thalmhaíochta chun críche ríomhanna den sórt sin.

Ní áireofar sna gníomhartha tarmligthe sin an fhéidearthacht úsáid a bhaint as substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe nach bhfuil nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 16(2), (3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ), ná orgánach.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na teicnící a údaraítear i bpróiseáil táirgí bia.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 17

Rialacha táirgthe maidir le beatha phróiseáilte

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí a thairgeann beatha próiseáilte go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid V d’Iarscríbhinn II agus in aon ghníomhartha cur chun feidhme ar bith dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
2.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear pointe 1.4 de Chuid V d’Iarscríbhinn II trí bhearta breise réamhchúramacha, coisctheacha a bheidh le déanamh ag oibreoirí, nó trí leasú a dhéanamh ar na bearta breise sin.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na teicnící atá údaraithe lena n-úsáid i bpróiseáil táirgí beatha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 18

Rialacha táirgthe maidir le fíon

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann táirgí na hearnála fíona go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid VI d’Iarscríbhinn II.
2.  

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear:

(a) 

pointe 3.2 de Chuid VI d’Iarscríbhinn II trí chleachtais agus phróisis bhreise fhíoneolaíocha agus trí chóireálacha breise fíoneolaíocha a chur leis atá toirmiscthe, nó trí na gnéithe breise sin a leasú;

(b) 

pointe 3.3. de Chuid VI d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 19

Rialacha táirgthe maidir le giosta a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha

1.  
Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann giosta a úsáidfear mar bhia nó mar bheatha go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCuid VII d’Iarscríbhinn II.
2.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear pointe 1.3 de Chuid VII d’Iarscríbhinn II trí rialacha breise mionsonraithe maidir le táirgeadh giosta a chur leis, nó trí leasú a dhéanamh ar na rialacha breise sin.

Airteagal 20

Easpa rialacha táirgthe áirithe maidir le speicis shonracha beostoic agus speicis ainmhithe dobharshaothraithe

Go dtí go nglacfar na nithe seo a leanas:

(a) 

rialacha ginearálta breise maidir le speicis eile beostoic seachas na speicis sin a rialaítear i bpointe 1.9. de Chuid II d’Iarscríbhinn II, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 14(2);

(b) 

na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 14(3) maidir le speicis beostoic; nó

(c) 

na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 15(3) maidir le speicis nó grúpa de speicis d’ainmhithe dobharshaothraithe,

féadfaidh Ballstát rialacha mionsonraithe a chur i bhfeidhm i ndáil le táirgeadh náisiúnta do speicis shonracha nó do ghrúpaí de speicis ainmhithe maidir leis na gnéithe a chumhdófar leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c), ar an gcoinníoll go mbeidh na rialacha náisiúnta sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar choinníoll nach gcuirfear leis na rialacha sin toirmeasc, srian nó bac ar tháirgí a mhargú ar táirgí iad a táirgeadh lasmuigh dá chríoch agus a chomhlíonann leis an Rialacháin seo.

Airteagal 21

Rialacha táirgthe maidir le táirgí nach gcuimsítear sna catagóirí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 12 go hAirteagal 19

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear Iarscríbhinn II trí rialacha mionsonraithe táirgthe a chur leis, mar aon le rialacha maidir leis an oibleagáid tiontú a dhéanamh, i gcás táirgí nach gcuimsítear sna catagóirí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 12 go hAirteagal 19, nó trí na rialacha breise sin a leasú.

Beidh na gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar chuspóirí agus ar phrionsabail an táirgthe orgánaigh a leagtar síos i gCaibidil II agus comhlíonfaidh siad na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 chomh maith le rialacha táirgthe mionsonraithe atá ann cheana a leagtar síos le haghaidh táirgí comhchosúla in Iarscríbhinn II. Leagfar síos iontu ceanglais a bhainfidh go háirithe le cóireálacha, le cleachtais agus le hionchuir atá ceadaithe nó toirmiscthe nó le tréimhsí tiontaithe le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann:

2.  

In éagmais na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

a mhéid a bhaineann le táirgí dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh oibreoirí na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, mutatis mutandis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 7, agus na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagal 9 go hAirteagal 11;

(b) 

féadfaidh Ballstát, a mhéid a bhaineann le táirgí dá dtagraítear i mír 1, rialacha náisiúnta mionsonraithe maidir le táirgeadh a fheidhmiú, ar an gcoinníoll go mbeidh na rialacha sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ar choinníoll nach gcuirfear leis na rialacha sin toirmeasc, srian nó bac ar tháirgí a mhargú ar táirgí iad a tháirgtear lasmuigh dá chríoch agus a chomhlíonann leis an Rialacháin seo.

Airteagal 22

Rialacha eisceachtúla maidir le táirgeadh a ghlacadh

1.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena bhforlíonfar an Rialachán seo tríd an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) 

na critéir chun a chinneadh an gcáilleoidh staid mar imthosca turraingeacha a bheadh ann mar gheall ar “teagmhas díobhálach aeráide”, “galair ainmhithe”, “teagmhas comhshaoil”, “tubaiste nádúrtha” nó “teagmhas turraingeach2 mar atá sainmhínithe i bpointí (h), (i), (j), (k) agus (l), d”Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, faoi seach, mar aon le staid inchomparáide ar bith a bheadh ann;

(b) 

rialacha sonracha, lena n-áirítear, maolú féideartha ón Rialachán seo, maidir leis an gcaoi a rachaidh na Ballstáit i ngleic leis na himthosca turraingeacha sin má chinneann siad an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm; agus

(c) 

rialacha sonracha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh i gcásanna den sórt sin.

Beidh na critéir agus na rialacha sin faoi réir phrionsabail an táirgthe orgánaigh a leagtar síos i gCaibidil II.

2.  
I gcásanna ina mbeidh teagmhas aitheanta go foirmiúil ag an mBallstát mar thubaiste nádúrtha mar a thagraítear dó in Airteagal 18(3) nó in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus go mbeadh sé dodhéanta, mar gheall ar an teagmhas sin, na rialacha táirgthe a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Ballstát sin foráil do maoluithe ó na rialacha táirgthe ar feadh tréimhse theoranta go dtí go mbeifear in ann táirgeadh orgánach a athbhunú faoi réir na bprionsabal a leagtar síos i gCaibidil II agus faoi réir aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 chun go bhféadfar leanúint de tháirgeadh orgánach nó tosú arís leis i gcás imthosca turraingeacha.

Airteagal 23

Bailiú, pacáistiú, iompar agus stóráil

1.  
Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar táirgí orgánacha, agus táirgí atá á dtiontú, a bhailiú, a phacáistiú, a iompar agus a stóráil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
2.  

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear:

(a) 

Roinn 2 d’Iarscríbhinn III;

(b) 

Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 6 d’Iarscríbhinn III trí rialacha breise speisialta a chur leo maidir le hiompar agus glacadh na dtáirgí lena mbaineann, nó trí leasú a dhéanamh ar na rialacha breise sin.

Airteagal 24

Táirgí agus substaintí a úsáidtear i dtáirgeadh orgánach a údarú

1.  

Féadfaidh an Coimisiún táirgí agus substaintí áirithe a údarú lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus áireoidh sé aon táirge agus aon substaint acu sin i liostaí sriantacha, chun na críocha seo a leanas:

(a) 

mar shubstaintí gníomhacha lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí;

(b) 

mar leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh;

(c) 

mar ábhar beatha neamhorgánach de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch nó giosta nó mar ábhar beatha de thionscnamh miocróbach nó mianrach;

(d) 

mar bhreiseáin beatha agus áiseanna próiseála;

(e) 

mar tháirgí chun linnte, cásanna, umair, rásbhealaí, foirgnimh nó suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh ainmhithe a ghlanadh agus a dhíghalrú;

(f) 

mar tháirgí chun foirgnimh agus suiteálacha a úsáidtear don táirgeadh plandaí, lena n-áirítear stóráil ar ghabháltas talmhaíochta, a ghlanadh agus a dhíghalrú;

(g) 

mar tháirgí glantacháin agus díghalraithe i saoráidí próiseála agus stórála.

2.  

De bhreis air na táirgí agus substaintí údaraithe i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún táirgí agus substaintí áirithe a údarú lena n-úsáid i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh agus giosta a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha agus áireoidh sé aon cheann ar bith de na táirgí agus substaintí údaraithe sin i liostaí sriantacha, chun na críocha seo a leanas:

(a) 

mar bhreiseáin bhia agus áiseanna próiseála;

(b) 

mar liosta na gcomhábhar talmhaíochta neamhorgánach as a mbainfear úsáid chun bia próiseáilte orgánach a tháirgeadh;

(c) 

mar áiseanna próiseála chun giosta agus táirgí giosta a tháirgeadh.

3.  

Beidh údarú na dtáirgí agus substaintí dá dtagraítear i mír 1 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach faoi réir na bprionsabal a leagtar síos i gCaibidil II agus faoi réir na gcritéar seo a leanas, agus iad á meas lena chéile:

(a) 

tá siad bunriachtanach chun táirgeadh marthanach a dhéanamh agus don úsáid dá bhfuil siad beartaithe;

(b) 

gach táirge agus substaint lena mbaineann, is de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch, miocróbach nó mianrach é, ach amháin i gcásanna nach bhfuil táirgí nó substaintí ó fhoinsí den sórt sin ar fáil i gcainníochtaí nó i gcáilíochtaí leordhóthanacha nó i gcás nach bhfuil roghanna malartacha ar fáil;

(c) 

i gcás táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1:

(i) 

tá a n-úsáid ríthábhachtach chun lotnaid a chomhrac, ar lotnaid í nach bhfuil roghanna malartacha bitheolaíocha, fisiceacha nó póraithe ná cleachtais saothraithe ná cleachtais éifeachtacha bainistithe eile ar fáil ina leith;

(ii) 

más rud é nach de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhíoch, miocróbach nó mianrach iad na táirgí sin agus nach bhfuil siad comhionann lena bhfoirm nádúrtha, cuireann coinníollacha a n-úsáide bac ar aon teagmháil dhíreach leis na codanna inite den bharr;

(d) 

i gcás táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, tá a n-úsáid ríthábhachtach chun torthúlacht na hithreach a fheabhsú nó a chothú nó chun riachtanais shonracha barr a chomhlíonadh, nó chun críocha sonracha oiriúnaithe ithreach;

(e) 

i gcás táirgí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1:

(i) 

is gá iad a úsáid chun sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus acmhainneacht ainmhithe a chothú agus, lena n-úsáid, rannchuidítear le haiste bia oiriúnach a chomhlíonfaidh riachtanais fhiseolaíocha agus iompraíochta an speicis lena mbaineann nó is gá iad a úsáid chun beatha a tháirgeadh nó a chaomhnú toisc nach féidir beatha a tháirgeadh ná a chaomhnú gan dul i muinín substaintí den sórt sin;

(ii) 

beatha de thionscnamh mianrach, riandúile, vitimíní nó próivitimíní, is de thionscnamh nádúrtha iad, ach amháin i gcásanna nach bhfuil táirgí nó substaintí ó fhoinsí den sórt sin ar fáil i gcainníochtaí nó i gcáilíochtaí leordhóthanacha nó nach bhfuil roghanna malartacha ar fáil;

(iii) 

is gá ábhair bheatha neamhorgánaigh de thionscnamh plandaí nó ainmhíoch a úsáid mar níl ábhar beatha de thionscnamh plandaí nó ainmhíoch a tháirgtear i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach ar fáil i gcainníocht leordhóthanach;

(iv) 

is gá spíosraí, luibheanna, agus mólais atá neamhorgánach a úsáid marníl táirgí den sórt sin ar fáil i bhfoirm orgánach;táirgtear agus ullmhaítear iad gan tuaslagóirí ceimiceacha a úsáid agus tá a n-úsáid teoranta do 1 % den chion beatha a thugtar do speicis ar leith, a ríomhtar go bliantúil mar chéatadán d’ábhar tirim na n-ábhar beatha ar de thionscnamh talmhaíochta iad.

4.  

Beidh údarú na dtáirgí agus substaintí dá dtagraítear i mír 2 lena n-úsáid chun bia próiseáilte orgánach nó giosta a úsáidfear mar bhia nó mar ábhar beatha a tháirgeadh faoi réir na bprionsabal a leagtar síos i gCaibidil II agus faoi réir na gcritéar seo a leanas, iad á meas lena chéile:

(a) 

níl táirgí nó substaintí malartacha atá údaraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo nó teicnící atá i gcomhréir leis an Rialachán seo ar fáil;

(b) 

bheadh sé dodhéanta an bia a tháirgeadh nó a chaomhnú nó riachtanais cothaithe tugtha dá bhforáiltear ar bhonn reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh, gan dul i muinín na dtáirgí agus substaintí sin;

(c) 

tá siad le fáil sa dúlra agus ní fhéadfar ach próisis mheicniúla, fhisiceacha, bhitheolaíocha, einsímeacha nó mhiocróbacha a bheith déanta orthu, ach amháin i gcásanna nach bhfuil táirgí ná substaintí ó fhoinsí den sórt sin ar fáil i gcainníochtaí nó i gcáilíochtaí leordhóthanacha;

(d) 

níl an comhábhar orgánach ar fáil i gcainníocht leordhóthanach.

5.  
Ní thabharfar an t-údarú táirgí nó substaintí atá sintéisithe go ceimiceach a úsáid, i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo, ach i gcásanna ina mbeadh tionchar doghlactha ar an gcomhshaol dá mbainfí úsáid as na hionchuir sheachtracha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 5, agus sna cásanna sin amháin.
6.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo trí chritéir bhreise a chur leo chun táirgí agus substaintí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach go ginearálta agus i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh go háirithe, a údarú mar aon le critéir bhreise chun údaruithe den sórt sin a aistarraingt, nó trí na critéir bhreise sin a leasú.
7.  
I gcás ina measann Ballstát gur cheart táirge nó substaint a chur le liostaí na dtáirgí agus substaintí údaraithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 nó gur cheart táirge nó substaint a bhaint de na liostaí sin, nó gur cheart na sonraíochtaí úsáide dá dtagraítear sna rialacha maidir le táirgeadh a leasú, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar sainchomhad ina leagfar amach na cúiseanna a bheidh le táirge nó substaint a áireamh nó a bhaint, nó na cúiseanna a bheidh leis na leasuithe eile, a sheoladh go hoifigiúil chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile agus go mbeidh sin ar fáil go poiblí, faoi réir reachtaíocht an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le cosaint sonraí.

Foilseoidh an Coimisiún aon iarrataí dá dtagraítear sa mhír seo.

8.  
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go tráthrialta ar na liostaí dá dtagraítear san Airteagal seo.

Déanfar an liosta comhábhar neamhorgánach, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, a athbhreithniú ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana.

9.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena n-údaraítear nó lena n-aistarraingítear údarú táirgí agus substaintí i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 is féidir a úsáid i dtáirgeadh orgánach go ginearálta agus i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh go háirithe, agus lena mbunaítear na nósanna imeachta atá le leanúint maidir leis an údaruithe den sórt sin agus liostaí na dtáirgí agus na substaintí sin agus, más iomchuí, tuairisc orthu, ceanglais maidir lena gcomhdhéanamh agus coinníollacha a n-úsáide.

Déanfar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 25

Comhábhair talmhaíochta neamhorgánacha le haghaidh bia próiseáilte orgánach a údarú ag na Ballstáit

1.  
Arna iarraidh sin d’oibreoir, féadfaidh Ballstát úsáid comhábhair talmhaíochta neamhorgánacha ar a chríoch a údarú go sealadach chun bia próiseáilte orgánach a tháirgeadh ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad, i gcás ina bhfuil gá leis sin d’fhonn rochtain ar chomhábhair talmhaíochta áirithe a áirithiú agus i gcás nach bhfuil fáil ar chomhábhair den chineál sin i gcainníocht leordhóthanach i bhfoirm orgánach. Beidh feidhm ag an údarú sin a dheonaítear maidir leis na hoibreoirí uile sa Bhallstát sin.
2.  
Tabharfaidh an Ballstát fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon údarú a dheonaítear dá chríoch trí chóras ríomhaireachta lena bhféadfar doiciméid agus faisnéis a chuirtear ar fáil ag an Coimisiún a mhalartú go leictreonach i gcomhréir le mír 1.
3.  
Féadfaidh an Ballstát síneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear i mír 1 faoi dhó ar a mhéad, ar feadh tréimhse 6 mhí an iarraidh, ar choinníoll nach bhfuilagóid déanta ag aon Bhallstát eile trína léiriú, tríd an gcóras dá dtagraítear i mír 2, go bhfuil comhábhair den sórt sin ar fáil i bhfoirm orgánach i gcainníocht leordhóthanach.
4.  
Féadfaidh údarás rialaithe nó comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) údarú sealadach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad d’oibreoirí i dtríú tíortha a iarrann údarú den chineál sin agus atá faoi réir a rialuithe ar choinníol go gcomhlíontar coinníollacha na míre sin sa tríú tír lena mbaineann. Féadfar an t-údarú a shíneadh faoi dhó ar a mhéad, 6 mhí an iarraidh.
5.  
I gás ina measfaidh Ballstát, tar éis dhá shíneadh údaraithe sealadach a thabhairt, i bhfianaise faisnéis oibiachtúil, nach leor i gcónaí an méid den chomhábhar atá i gceist i bhfoirm orgánach chun freastal ar riachtanais chainníochtúla agus cháilíochtúla oibreoirí, féadfaidh sé iarraidh a dhéanamh ar an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(7).

Airteagal 26

Bailiú sonraí a bhaineann le hábhar atáirgthe plandaí, idir orgánach agus ábhar atá á thiontú, ainmhithe orgánacha agus ógánaigh orgánacha dobharshaothraithe a bheith ar fáil ar an margadh

1.  
Áiritheoidh gach Ballstát go mbunófar bunachar sonraí a thabharfar cothrom le dáta go rialta chun ábhar atáirgthe plandaí orgánach agus ábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú seachas síológa ach lena n-áirítear prátaí síl, atá ar fáil ar a chríoch a liostú.
2.  

Beidh córais i bhfeidhm ag na Ballstáit lenar féidir le hoibreoirí a dhéanann ábhar orgánach, nó ábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú, ainmhithe orgánacha nó ógánaigh orgánacha dobharshaothraithe a chur ar an margadh agus atá in ann méid leordhóthanach díobh a sholáthar agus sin a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta, chun na sonraí seo a leanas a chur ar fáil don phobal ar bhonn deonach, saor in aisce, mar aon lena n-ainmneacha agus lena sonraí teagmhála, an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

an t-ábhar atáirgthe plandaí, idir orgánach agus ábhar atá á thiontú, amhail ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach, nó de cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach, seachas síológa ach lena n-áirítear prátaí síl, atá ar fáil; cainníocht an ábhair sin de réir meáchain agus an tréimhse den bhliain a mbíonn fáil air. Liostófar an t-ábhar sin agus úsáid á bhaint as an ainm eolaíoch sa Laidin ar a laghad;

(b) 

na hainmhithe orgánacha a bhféadfar maolú a chur ar fáil dóibh i gcomhréir le pointe 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II; líon na n-ainmhithe atá ar fáil agus iad rangaithe de réir inscne; faisnéis, más ábhartha, a bhaineann leis na speicis éagsúla ainmhithe maidir leis na pórtha agus na tréithchineálacha atá ar fáil; mianaigh na n-ainmhithe, a n-aois agus aon fhaisnéis ábhartha eile;

(c) 

na hógánaigh orgánacha dobharshaothraithe atá ar fáil ar a ngabháltas agus an stádas sláinte acu i gcomhréir le Treoir 2006/88/CE ( 21 ) ón gComhairle agus an cumas táirghte i dtaca le gach speiceas dobarshaothraithe.

3.  
Féadfaidh Ballstáit córais a bhunú freisin lenar féidir le hoibreoirí a chuireann pórtha agus tréithchineálacha atá in oiriúint don táirgeadh orgánach i gcomhréir le pointe 1.3.3 de Chuid II d’Iarscríbhinn II nó eireoga orgánacha ar an margadh, agus atá in ann líon leordhóthanach de na hainmhithe sin a sholáthar agus sin a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta ama, lenar féidir leo na sonraí ábhartha a chur ar fáil don phobal ar bhonn deonach, saor in aisce, mar aon le hainm agus sonraí teagmhála.
4.  
Oibreoirí a roghnaíonn ábhar atáirgthe plandaí nó ainmhithe nó ógánaigh dobharshaothraithe a áireamh sna córais dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, áiritheoidh siad go ndéanfar an fhaisnéis a nuashonrú go rialta agus go mbainfear an fhaisnéis de na liostaí a luaithe nach mbeidh fáil ar na hábhair atáirgthe plandaí nó ar na hainmhithe nó ar na hógánaigh dobharshaothraithe a thuilleadh.
5.  
Chun críocha mhír 1, mhír 2, agus mhír 3, féadfaidh Ballstáit leanúint d’úsáid a bhaint as córais ábhartha faisnéise atá ann cheana.
6.  
Cuirfidh an Coimisiún nasc chuig gach ceann de na bunachair sonraí nó córais náisiúnta atá ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid an Choimisiúin, agus ar an gcaoi sin tabharfar rochtain ar shonraí mar sin d’úsáideoirí ar fud an Aontais.
7.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh

(a) 

chun sonraí teicniúla a sholáthar d’fhonn na bunachair shonraí dá dtagraítear i mír 1 agus na córais dá dtagraítear i mír 2 a bhunú agus a choinneáil;

(b) 

chun sonraíochtaí a sholáthar maidir le bailiú na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2;

(c) 

chun sonraí teicniúla a sholáthar faoi na socruithe don rannpháirtíocht sna bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus sna córais dtagraítear i mír 2 agus mír 3; agus

(d) 

chun sonraí a sholáthar maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 53(6).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 27

Oibleagáidí agus gníomhaíocht i gcás amhras faoi neamhchomhlíonadh

I gcás ina bhfuil amhras ar oibreoir nach bhfuil táirge a tháirg sé, a d’ullmhaigh sé, a d’allmhairigh sé nó a fuair sé ó oibreoir eile, nach bhfuil an táirge sin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, déanfaidh an t-oibreoir sin an méid a leanas, faoi réir Airteagal 28(2):

(a) 

aithneoidh sé agus scarfaidh sé amach an táirge nó na táirgí lena mbaineann;

(b) 

seiceálfaidh sé an féidir bunús a thabhairt don amhras;

(c) 

ní chuirfidh sé an táirge nó na táirgí lena mbaineann ar an margadh mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú nó mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú agus ní úsáidfidh sé sa táirgeadh orgánach iad, ach amháin más féidir an t-amhras a dhíothú;

(d) 

nuair a thugtar bunús don amhras nó nuair nach féidir é a chur as an áireamh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ábhartha nó, de réir mar is iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha ar an eolas, agus solathróidh an oibreoir dó na heiliminti atá ar fáil, i gcás inarb iomchuí;

(e) 

comhoibreoidh sé go hiomlán leis an údarás inniúil ábhartha nó, de réir mar is iomchuí, leis an údarás nó comhlacht rialaithe ábhartha chun na cúiseanna atá leis an neamhchomhlíonadh amhrasta a fhíorú agus a aithint.

Airteagal 28

Bearta réamhchúraim le cinntiú nach mbeidh ann do tháirgí ná do shubstaintí neamhúdaraithe

1.  

D’fhonn éilliú le táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach a sheachaint, glacfaidh oibreoirí na bearta réamhchúraim seo a leanas ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán:

(a) 

bearta comhréireacha agus iomchuí a chur i bhfeidhm agus a choinneáil chun na rioscaí i dtaca le héilliú táirgeadh orgánach agus táirgí orgánacha le táirgí nó le substaintí neamhúdaraithe a shainaithint, lena n-áirítear sainaithint chórasach na gcéimeanna nós imeachta ríthábhachtacha;

(b) 

bearta comhréireacha agus iomchuí a chur i bhfeidhm agus a choinneáil chun na rioscaí i dtaca le héilliú táirgthe orgánaigh agus táirgí orgánacha le táirgí nó le substaintí neamhúdaraithe a sheachaint;

(c) 

na bearta sin a athbhreithniú agus a oiriúnú go rialta; agus

(d) 

ceanglais ábhartha eile an rialacháin seo a chomhlíonadh lena n-áirithítear go scartar táirgí orgánacha agus táirgí neamhorgánacha.

2.  

Nuair atá amhras ar oibreoir, mar gheall ar tháirge nó substaint nach bhfuil údaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach a bheith sa táirge sin a bhfuil sé beartaithe é a úsáid nó a chur ar an margadh mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú, nach bhfuil an táirge deiridh sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an t-oibreoir an méid a leanas:

(a) 

aithneoidh sé agus scarfaidh sé amach an táirge nó na táirgí lena mbaineann;

(b) 

seiceálfaidh sé an féidir bunús a thabhairt don amhras;

(c) 

ní chuirfidh sé an táirge nó na táirgí lena mbaineann ar an margadh mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú nó mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú agus ní úsáidfidh sé sa táirgeadh orgánach é nó iad, ach amháin más féidir an t-amhras a dhíothú;

(d) 

nuair a thugtar bunús don amhras nó nuair nach féidir é a dhíothú, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ábhartha nó, de réir mar is iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha ar an eolas faoi ghnéithe atá ar fáil, más iomchuí;

(e) 

comhoibreoidh sé go hiomlán leis an údarás inniúil ábhartha nó, de réir mar is iomchuí, leis an údarás nó comhlacht rialaithe ábhartha chun na cúiseanna atá le táirgí nó substaintí neamhúdaraithe a bheith ann a fhíorú agus a aithint.

3.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha aonfhoirmeacha lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a) 

na céimeanna nós imeachta atá le leanúint ag oibreoirí i gcomhréir le pointe (a) go (e) de mhír 2 agus na doiciméid ábhartha atá le cur ar fáil acu;

(b) 

na bearta comhréireacha agus iomchuí atá le glacadh agus le hathbhreithniú ag oibreoirí d’fhonn na rioscaí i dtaca le héilliú i gcomhréir le pointe (a), (b) agus (c) de mhír 1 a aithint agus a sheachaint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 29

Bearta atá le glacadh i gcás ina mbeidh táirgí nó substaintí neamhúdaraithe i láthair

1.  

I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil, nó más iomchuí, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe faisnéis a bhfuil bunús léi maidir le táirgí nó substaintí a bheith i láthair nach bhfuil údaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, nó má chuireann oibreoir ar an eolas é i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 28(2) nó má bhraitheann sé táirgí nó substaintí dá leithéid i dtáirge orgánach nó i dtáirge atá á thiontú, déanfaidh sé an méid a leanas:

(a) 

déanfaidh sé imscrúdú oifigiúil láithreach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, d’fhonn an fhoinse agus an chúis a aimsiú chun comhlíonadh an chéad fhomhír d’Airteagal 9(3) agus Airteagal 28(1) a fhíorú; críochnófar an inscrúdú seo a luaithe agus is féidir, laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus aird á tabhairt ar mharthanacht an táirge agus ar chastacht an cháis

(b) 

cuirfidh sé cosc go sealadach ar na táirgí lena mbaineann a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú agus ar na táirgí sin a úsáid sa táirgeadh orgánach fad agus a bheidh sé ag fanacht le torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (a).

2.  

Ní chuirfear an táirge ar an margadh mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú ná ní úsáidfear sa táirgeadh orgánach é. Nuair a bheidh deimhnithe ag an údarás inniúil, nó más iomchuí, ag údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe, gur fíor an méid a leanas faoin oibreoir atá i gceist:

(a) 

gur úsáid sé táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach;

(b) 

nach ndearna sé na bearta réamhchúraim dá dtagraítear in Airteagal 28(1); nó

(c) 

nach ndearna sé bearta de bhun na n-iarrataí ábhartha roimhe sin ó na húdaráis inniúla, na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe.

3.  
Tabharfar deis don oibreoir lena mbaineann labhairt faoi thorthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Coimeádfaidh an t-údarás rialaithe nó, i gcás inarb iomchuí, an comhlacht rialaithe, taifid ar an imscrúdú a rinneadh.

Nuair a cheanglaítear a leithéid, déanfaidh an t-oibreoir lena mbaineann na bearta ceartaitheacha is gá chun éilliú a sheachaint amach anseo.

4.  
Faoin ►M3  31 Nollaig 2025 ◄ , tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, ar tháirgí agus substaintí a bheith i láthair nach bhfuil údaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus ar mheasúnú na rialacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Féadfaidh togra reachtach bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun foráil a dhéanamh le haghaidh tuilleadh comhchuibhithe.
5.  
Na Ballstáit sin a bhfuil rialacha i bhfeidhm acu chun nach gcuirtear táirgí nach bhfuil táirgí nó substaintí neamhúdaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3), ar an margadh mar tháirgí orgánacha, féadfaidh siad leanúint de na rialacha sin a chur i bhfeidhm ar an gcoinníoll nach gcuirfear leis na rialacha sin toirmeasc, srian nó bac ar tháirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad a táirgeadh i mBallstáit eile, mar tháirgí orgánacha, i gcás inar táirgeadh na táirgí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Na Ballstáit a chuirfidh an fhoráil seo i bhfeidhm, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.
6.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla torthaí na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú, mar aon le haon bheart a ghlacfar d’fhonn dea-chleachtais agus bearta breise a cheapadh chun nach mbeidh táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach) i láthair.

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit eile agus don Choimisiún trí chóras ríomhaireachta lena gcumasófar malartú doiciméad agus faisnéise arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún.

7.  
Féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh ar a gcríoch féin chun nach mbeidh táirgí agus substaintí neamhúdaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach nach rabhthar ag súil leo i láthair. Ní chuirfear leis na bearta sin toirmeasc, srian nó bac ar tháirgí a chur ar an margadh ar táirgí iad a dhéantar i mBallstáit eile mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú, i gcás inar táirgeadh na táirgí sin i gcomhréir leis an Rialacháin seo. Na Ballstáit a chuirfidh an mhír seo i bhfeidhm, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill.
8.  

Ghlacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha aonfhoirmeacha lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a) 

an mhodheolaíocht a bheidh le cur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, ag údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe chun a bhrath agus a mheas an bhfuil táirgí agus substaintí neamhúdaraithe de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(3) lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach i láthair;

(b) 

sonraí agus formáid na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún agus chuig Ballstáit eile i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

9.  
Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, go leictreonach, an fhaisnéis ábhartha, maidir le cásanna ina bhfuil éilliú táirgí nó substaintí neamhúdaraithe i gceist a bhaineann leis an mbliain roimhe sin, lena n-áirítear faisnéis a bhailítear ag poist rialaithe teorann, maidir leis an gcineál éillithe a braitheadh, agus go háirithe an chúis, an fhoinse, agus leibhéal an éillithe mar aon le an méid agus nádúr na dtáirgí atá éillithe. Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a aimsítear tríd an gcóras ríomhaireachta a chuirfidh an Coimisiún ar fáil agus úsáidfear í chun foirmliú na ndea-chleachtas a éascú agus chun éilliú a sheachaint.



CAIBIDIL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 30

Téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a úsáid

1.  
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a bheith ar tháirge i gcás ina dtugtar tuairisc ar tháirge den sórt sin, ar a chomhábhair nó ar a ábhair beatha a úsáidtear chun é a tháirgiú, sa lipéadú, san ábhar fógraíochta nó i ndoiciméid tráchtála, i dtéarmaí a thugann le fios don cheannaitheoir go bhfuarthas an táirge, a chomhábhair nó a ábhair beatha a tháirgtear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfar na téarmaí atá sa liosta in Iarscríbhinn IV agus a ndíorthaigh agus leaganacha giorraithe díobh, amhail “bith-” agus “éicea-”, leo féin nó i dteannta a chéile, a úsáid ar fud an Aontais agus in aon teanga atá liostaithe san Iarscríbhinn sin chun lipéadú agus fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a chomhlíonann an Rialachán seo.
2.  
I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), ní úsáidfear na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo aon áit san Aontas, ná in aon cheann de na teangacha atá liostaithe in Iarscríbhinn IV, i lipéadú, fógraíocht agus doiciméid tráchtála táirge nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

Ina theannta sin, ní úsáidfear aon téarmaí, lena n-áirítear téarmaí a úsáidtear i dtrádmharcanna ná in ainmneacha cuideachta, ná aon chleachtais a úsáidtear i lipéadú ná i bhfógraíocht a d’fhéadfadh an tomhaltóir nó an t-úsáideoir a chur ar míthreoir trína thabhairt le tuiscint go gcomhlíonann táirge nó comhábhair táirge an Rialachán seo.

3.  
Ní dhéanfar táirgí arna dtáirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe a lipéadú ná a fhógairt mar tháirgí orgánacha ná mar tháirgí atá á dtiontú.

Mar sin féin, féadfar ábhar atáirgthe plandaí agus táirgí bia agus beatha de thionscnamh plandaí a tháirgtear le linn na tréimhse tiontaithe agus atá i gcomhréir le hAirteagal 10(4), a lipéadú agus a fhógairt mar tháirgí atá á dtiontú agus a fhógairt, agus úsáid á baint as an téarma “atá á dtiontú”, nó as téarma comhfhreagrach, i dteannta na dtéarmaí dá dtagraítear i mír

4.  
Ní úsáidfear na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 le haghaidh táirge nach mór a léiriú ina thaobh sa lipéadú nó san fhógraíocht, de réir dlí an Aontais, go bhfuil OGManna ann, go bhfuil an táirge comhdhéanta de OGManna nó go ndéantar an táirge a tháirgeadh ó OGManna.
5.  

Maidir le bia próiseáilte, féadfar na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid:

(a) 

sa tuairisc díolacháin, agus i liosta na gcomhábhar i gcás ina bhfuil liosta dá leithéid éigeantach de bhun reachtaíocht an Aontais, ar an gcoinníoll:

(i) 

go gcomhlíonann an bia próiseáilte na rialacha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid IV d’Iarscríbhinn II agus na rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 16(3);

(ii) 

gur comhábhair orgánacha iad 95 % ar a laghad dá chomhábhair talmhaíochta de réir meáchain; agus

(iii) 

i gcás blastán, le haghaidh substaintí blaistithe nádúrtha agus ullmhú blaistithe nádúrtha a lipéadaítear i gcomhréir le hAirteagal 16(2), (3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus is comhábhair orgánacha agus iompróirí orgánacha iad a gcomhábhair bhlaistithe uile agus iompróirí a gcomhábhar blaistithe uile;

▼C2

(b) 

sa liosta comhábhar amháin ar an gcoinníoll:

(i) 

go bhfuil níos lú ná 95 % de na comhábhair thalmhaíochta de réir meáchain orgánach agus ar an gcoinníoll go bhfuil na comhábhair sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh a leagtar amach sa Rialachán seo; agus

(ii) 

go gcomhlíonann an bia próiseáilte na rialacha maidir le táirgeadh a leagtar amach i bpointí 1.5, 2.1(a), 2.1(b) agus 2.2.1 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II, cé is moite de na rialacha maidir le húsáid shrianta comhábhar talmhaíochta neamhorgánach a leagtar amach i bpointe 2.2.1 de Chuid IV d'Iarscríbhinn II, agus na rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 16(3);

(c) 

sa tuairisc díolacháin agus sa liosta comhábhar ar an gcoinníoll:

(i) 

gur táirge ón bhfiach nó ón iascaireacht é an príomh-chomhábhar;

(ii) 

go mbaineann an téarma dá dtagraítear i mír 1 sa tuairisc díolacháin go soiléir le comhábhar eile atá orgánach agus atá éagsúil ón bpríomh-chomhábhar;

(iii) 

go bhfuil na comhábhair thalmhaíochta eile go léir orgánach; agus

(iv) 

go gcomhlíonann an bia próiseáilte leis na rialacha maidir le táirgeadh a leagtar amach i bpointí 1.5, 2.1(a), 2.1(b) agus 2.2.1 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II, cé is moite de na rialacha maidir le húsáid shrianta comhábhar talmhaíochta neamhorgánach a leagtar amach i bpointe 2.2.1 de Chuid IV d'Iarscríbhinn II, agus na rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 16(3).

▼B

Sonrófar ar liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír cad iad na comhábhair orgánacha. Ní fhéadfar na tagairtí don táirgeadh orgánach a bheith ann ach amháin i dtaca leis na comhábhair orgánacha.

Sa liosta comhábhar dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír, beidh tásc maidir le céatadán iomlán na gcomhábhar orgánach i gcomparáid le méid iomlán na gcomhábhar talmhaíochta.

Na téarmaí dá dtagraítear i mír 1, nuair a úsáidtear sa liosta comhábhar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír agus tásc an chéatadáin dá dtagraítear sa tríú fomhír den fomhír, beidh siad sa dath céanna, ar mhéid chomhionann agus sa stíl chéanna litreoireachta leis na tásca eile ar liosta na gcomhábhar.

6.  

Maidir le beatha phróiseáilte, féadfaidh na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid sa tuairisc díolacháin agus sa liosta comhábhar ar choinníoll:

▼C2

(a) 

go gcomhlíonann an bheatha phróiseáilte na rialacha maidir le táirgeadh a leagtar amach i gCodanna II, III agus V d’Iarscríbhinn II agus na rialacha sonracha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 17(3);

▼B

(b) 

gurb ábhar orgánach é gach comhábhar de thionscnamh talmhaíochta atá sa bheatha phróiseáilte; agus

(c) 

gurb ábhar orgánach é 95 % ar a laghad d’ábhar tirim an táirge.

7.  

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear:

(a) 

an tAirteagal seo trí rialacha breise a chur leis maidir le lipéadú táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó trí leasú a dhéanamh ar na rialacha breise sin; agus

(b) 

liosta na dtéarmaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV, agus forbairtí teanga laistigh de na Ballstáit á gcur san áireamh.

8.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun ceanglais mhionsonraithe a leagan amach do chur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo.

Glacfar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 31

Táirgí agus substaintí a úsáidtear i dtáirgeadh barr a lipéadú

D’ainneoin raon feidhme an Rialacháin seo mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) é, táirgí agus substaintí arna úsáid i dtáirgí cosanta plandaí nó mar leasacháin, mar oiriúntóir ithreach nó mar chothaitheach arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 24, féadfaidh tagairt a bheith air lena dtugtar le fios go bhfuil an táirgí nó substaintí údaraithe lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 32

Tásca éigeantacha

1.  

I gcás go bhfuil téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) ar tháirgí, lena n-áirítear táirgí a bhfuil lipéad orthu ar a ndeirtear go bhfuil siad táirgí á dtiontú i gcomhréir le hAirteagal 30(3):

(a) 

beidh códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhfuil an t-oibreoir a rinne an oibríocht dheireanach táirgthe nó ullmhúcháin faoina réir le feiceáil freisin ar an lipéadú; agus

(b) 

i gcás bia réamhphacáilte, déanfar lógó orgánach an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 33 a chur ar an bpacáistíocht freisin, seachas i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 30(3), agus pointe (b) agus (c) d’Airteagal 30(5).

2.  

I gcás ina mbaintear úsáid as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, déanfar tásc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta dá bhfuil an táirge comhdhéanta a léiriú sa réimse céanna amhairc ina mbeidh an lógó agus beidh sé i gceann de na foirmeacha seo a leanas, mar is iomchuí:

(a) 

“Talmhaíocht an AE”, i gcás inar saothraíodh an t-amhábhar talmhaíochta san Aontas;

(b) 

“Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid an AE í”, i gcás inar saothraíodh an t-amhábhar talmhaíochta i dtríú tíortha;

(c) 

“Talmhaíocht an AE/Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid an AE í” i gcás inar saothraíodh cuid de na hamhábhair talmhaíochta san Aontas agus inar saothraíodh cuid díobh i dtríú tír.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar an focal “Dobharshaothrú” a chur in ionad an fhocail “Talmhaíocht” de réir mar is iomchuí. Féadfar ainm tíre a chur in ionad an táisc “AE” agus “nach de chuid an AE” nó an méid sin a fhorlíonadh le hainm tíre nó le hainm tíre agus réigiúin más rud é gur saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta go léir dá bhfuil an táirge comhdhéanta sa tír sin agus, i gcás inarb infheidhme, sa réigiún sin.

Don tásc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair thalmhaíochta dá ndearnadh an táirge dá dtagraítear sa chéad agus sa tríú fomhír, féadfar neamhaird a thabhairt ar chainníochtaí beaga de réir meáchain ar an gcoinníoll nach mbeidh cainníocht iomlán na gcomhábhar a dtugtar neamhaird orthu os cionn 5 % de chainníocht iomlán na n-amhábhar talmhaíochta de réir meáchain.

Ní bheidh na focail “AE” nó “nach de chuid an AE” le feiceáil i ndath, méid ná stíl litreoireachta a bheidh níos feiceálaí ná ainm an táirge.

3.  
Marcálfar na tásca dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 33(3) in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh siad sofheicthe, inléite gan dua, agus doscriosta.
4.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 33(3) trí rialacha breise maidir le lipéadú a chur leis nó trí na rialacha breise sin a leasú.
5.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le:

(a) 

na socruithe praiticiúla maidir le húsáid, cur i láthair, comhdhéanamh agus méid na dtásc dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 33(3);

(b) 

sannadh na gcóduimhreacha d’údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe;

(c) 

an tásc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair thalmhaíochta, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus le hAirteagal 33(3).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 33

Lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach

1.  
Féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.

Féadfar an lógó maidir le táirgeadh orgánach a úsáid chun críocha faisnéise nó oideachasúla a bhaineann leis an lógó a bheith ann agus a bhaineann leis an lógó féin a fhógairt, ar an gcoinníoll nach dócha go gcuirfidh úsáid den sórt sin an tomhaltóir amú i dtaca le táirgeadh orgánach táirgí ar leith agus ar an gcoinníoll go ndéanfar an lógó a athchruthú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V. I gcás den sórt sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais in Airteagal 32(2) agus i bpointe 1.7 d’Iarscríbhinn V.

Ní bhainfear úsáid as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach le haghaidh bia próiseáilte dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) d’Airteagal 30(5) nó le haghaidh táirgí atá á dtiontú dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

2.  
Seachas i gcás ina n-úsáidtear é i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, is fianú oifigiúil é lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach i gcomhréir le hAirteagal 86 agus le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2017/625.
3.  
Beidh úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach roghnach do tháirgí arna n-allmhairiú ó thríú tíortha. I gcás ina mbeidh an lógó sin le feiceáil ar an lipéadú na dtáirgí sin, beidh an tásc dá dtagraítear in Airteagal 32(2) le feiceáil ar an lipéadú freisin.
4.  
Cloífidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn V agus comhlíonfaidh sé na rialacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin.
5.  
Féadfar lógónna náisiúnta agus príobháideacha a úsáid sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.
6.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear Iarscríbhinn V i ndáil le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus i ndáil leis na rialacha a bhaineann leis an lógó sin.



CAIBIDIL V

DEIMHNIÚCHÁN

Airteagal 34

An córas deimhniúcháin

1.  
Oibreoirí agus grúpaí oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 36 a tháirgeann, a ullmhaíonn, a dháileann nó a stórálann táirgí “orgánacha” nó táirgí “atá á dtiontú”, a allmhairíonn táirgí dá leithéid ó thríú tír nó a onnmhairíonn táirgí dá leithéid chuig tríú tír, nó a chuireann táirgí dá leithéid ar an margadh, tabharfaidh siad fógra faoina ngníomhaíocht chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéanann siad a ngníomhaíocht agus ina gcuirtear a bhfiontar faoi bhráid an chórais rialaithe sula gcuirfidh siad aon táirgí ar an margadh mar tháirge ‘orgánach’ nó mar tháirge ‘atá á thiontú’ nó roimh an tréimhse tiontaithe.

I gcás inar thug na húdaráis inniúla a bhfreagrachtaí do níos mó ná údarás rialaithe nó do chomhlacht rialaithe amháin, nó go ndearna siad cúraimí áirithe rialaithe oifigiúla nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chucu, léireoidh na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí, san fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a fhíoróidh go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag a ngníomhaíocht agus a chuirfidh an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35(1) ar fáil.

2.  
Oibreoirí a dhíolann táirgí orgánacha réamhphacáilte go díreach leis an tomhaltóir deiridh nó leis an úsáideoir deiridh, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid maidir le fógra a thabhairt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ón oibleagáid maidir le deimhniú a bheith ina seilbh acu dá dtagraítear in Airteagal 35(2) ar an gcoinníoll nach dtáirgeann siad, nach n-ullmhaíonn siad, nach stórálann siad, seachas i ndáil leis an bpointe díola, nó nach n-allmhairíonn siad táirgí mar sin ó thríú tír ná gníomhaíochtaí mar sin a ligeann ar fochonradh chuig oibreoir eile.
3.  
I gcás ina gcuirfidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí aon cheann dá gcuid gníomhaíochtaí ar fochonradh chuig tríú páirtithe, comhlíonfaidh na hoibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus na tríú páirtithe ar cuireadh na gníomhaíochtaí ar fochonradh chucu araon mír 1, seachas i gcás ina ndearbhaíonn an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí san fhógra dá dtagraítear i mír 1 go luíonn an fhreagracht maidir le táirgeadh orgánach leis an oibreoir nó leis an ngrúpa oibreoirí agus nach n-aistreofar chuig an bhfochonraitheoir í. I gcásanna den sórt sin fíoraíonn an údaráis inniúil, nó i gcás inarb iomchuí an t-údarás nó an comhlacht rialaithe, go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin arna ligean ar fochonradh an Rialachán seo i gcomhthéacs rialú na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí a chuireann a gcuid gníomhaíochtaí amach ar fochonradh.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit údarás nó comhlacht a údarú nó a fhormheas chun na fógraí dá dtagraítear i mír 1 a fháil.
5.  
Coinneoidh oibreoirí, grúpaí oibreoirí, agus fochonraitheoirí taifid i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí a mbíonn baint acu leo.
6.  
Coinneoidh na Ballstáit liostaí nuashonraithe ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí oibreoirí agus grúpaí oibreoirí a thug fógra faoina ngníomhaíochtaí i gcomhréir le mír 1 agus cuirfidh siad liosta cuimsitheach de na sonraí sin, mar aon leis an bhfaisnéis a bhaineann lena ndeimhnithe atá curtha ar fáil le haghaidh oibreoirí agus le haghaidh grúpaí oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 35(1), ar fáil don phobal ar bhealach iomchuí, lena n-áirítear trí bhíthin naisc chuig suíomh gréasáin idirlín aonair. Agus é sin á dhéanamh acu,comhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ).
7.  
I gcás aon oibreoir nó aon ghrúpa oibreoirí a chomhlíonann an Rialachán seo agus a íocann táille réasúnta lena gcumhdaítear costas na rialuithe, i gcásanna ina mbailítear táille i gcomhréir le hAirteagal 78 agus le hAirteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé nó siad i dteideal cumhdach a fháil ón gcóras rialaithe agus go gcuirfear aon táillí a bhaileofar in iúl don phobal.
8.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear Iarscríbhinn II maidir leis na riachtanais chun taifid a choimeád.
9.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun mionsonraí agus sonraíochtaí a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

formáid agus modhanna teicniúla an fhógra dá dtagraítear i mír 1,

(b) 

socruithe i dtaca le foilsiú an liosta dá dtagraítear i mír 6, agus

(c) 

na nósanna imeachta agus na socruithe i dtaca le foilsiú na dtáillí dá dtagraítear i mír 7.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 35

Deimhniúchán

1.  

Cuirfidh údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe deimhniú ar fáil d’aon oibreoir nó d’aon grúpaí oibreoirí a thug fógra faoina ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 34(1) agus a chomhlíonann an Rialachán seo.

(a) 

Eiseofar an deimhniú i bhfoirm leictreonach más féidir;

(b) 

beifear in ann ar a laghad an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí a shainaithint lena n-áirítear liosta na mball, catagóir na dtáirgí a chumhdaítear leis an deimhniú agus a thréimhse bailíochta;

(c) 

deimhneofar go bhfuil an ghníomhaíocht dá dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo; agus

(d) 

eiseofar sin i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2.  
Gan dochar do mhír 8 den Airteagal seo agus d’Airteagal 34(2), beidh ina seilbh ag oibreoirí agus grúpaí oibreoirí deimhniú mar a thagraítear i mír 1 den Airteagal seo sula gcuirfidh siad táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú.
3.  
Is deimhniú oifigiúil é an deimhniú dá dtagraítear san Airteagal seo laistigh de bhrí phointe (a) d’Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625.
4.  
Ní bheidh oibreoir nó grúpa oibreoirí i dteideal deimhniú a fháil ó níos mó ná comhlachta rialaithe amháin do ghníomhaíochtaí a dhéanfar i mBallstát amháin, maidir leis an gcatagóir chéanna táirgí, lena n-áirítear nuair a bhíonn na hoibreoirí nó grúpa oibreoirí sin ag gabháil do chéimeanna difriúla táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin.
5.  
Ní bheidh baill de ghrúpa oibreoirí i dteideal deimhniú aonair a fháil le haghaidh aon cheann de na gníomhaíochtaí arna gcumhdach ag deimhniúchán an ghrúpa.
6.  
Déanfaidh oibreoirí deimhnithe na n-oibreoirí atá mar sholáthraithe acu a fhíorú.
7.  

Chun críche mír 1 agus mír 4 den Airgetal seo, aicmeofar táirgí i gcomhréir le na catagóirí seo a leanas:

(a) 

plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí;

(b) 

beostoic agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte;

(c) 

algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte;

(d) 

táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia;

(e) 

beatha;

(f) 

fíon;

(g) 

táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó nach bhfuil cumhdaithe faoi na catagóirí roimhe seo.

8.  

Féadfaidh na Ballstáit díolúine ón oibleagáid maidir le deimhniú a bheith ina seilbh acu, dá bhforáiltear i mír 2, a thabhairt d’oibreoirí a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte seachas beatha go díreach leis an tomhaltóir deiridh, ar an gcoinníoll nach dtáirgeann, nach n-ullmhaíonn nó nach stórálann na hoibreoirí sin táirgí mar sin seachas ag an bpointe díola nó nach n-allmhairíonn siad táirgí mar sin ó thríú tír nó nach ligeann siad gníomhaíochtaí mar sin ar fochonradh chuig tríú páirtí:

(a) 

suas le 5 000 cileagram in aghaidh na bliana;

(b) 

arb ionann é agus láimhdeachas bliantúil nach mó ná 20 000 Euro ar tháirgí orgánacha neamhphacáilte; nó

(c) 

le costais féideartha deimhniúcháin níos mó ná 2 % den láimhdeachas ar tháirgí orgánacha neamhphacáilte arna ndíol ag na hoibreoirí sin.

Má chinneann Ballstát na hoibreoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhíolmhú, féadfaidh sé teorainneacha níos déine ná na cinn a leagtar amach sa chéad fhomhír a shocrú.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina gcinneadh oibreoirí de bhun na chéad fhomhíre a dhíolmhú agus faoi na teorainneacha a mbeidh na hoibreoirí sin díolmhaithe suas chucu.

9.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear samhail an deimhnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
10.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun sonraí agus sonraíochtaí a chur ar fáil maidir le foirm an deimhnithe dá dtagraítear i mír 1 agus maidir leis na modhanna teicniúla lena n-eisítear é.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 36

Grúpaí oibreoirí

1.  

Maidir le gach grúpa oibreoirí:

(a) 

ní bheidh ann ach feirmeoirí atá ina mbaill nó oibreoirí a tháirgeann algaí nó ainmhithe dobharshaothraithe agus a fhéadfaidh a bheith gafa le bia nó beatha a phróiseáil, a ullmhú nó a chur ar an margadh;

(b) 

ní bheidh ann ach baill lena mbaineann an méid a leanas:

(i) 

arb ionann an costas deimhniúcháin aonair agus níos mó ná 2 % dá láimhdeachas gach Ballstáit nó d’aschur caighdeánach an táirgthe orgánaigh agus nach mó ná EUR 25 000 a láimhdeachas de tháirgeadh orgánach nó nach mó ná EUR 15 000 in aghaidh na bliana a n-aschur caighdeánach ón tairgeadh orgánach; nó

(ii) 

a bhfuil gabháltais acu araon den méid seo a leanas ar a mhéid:

— 
5 heicteár,
— 
0.5 heicteár, i gcás tithe gloine, nó
— 
15 heicteár, i gcás féarthailte buana amháin;
(c) 

beidh sé bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír;

(d) 

beidh pearsantacht dhlítheanach aige;

▼M6

(e) 

ní bheidh ann ach baill a ndéantar a gcuid gníomhaíochtaí táirgthe nó na gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh a bheith acu dá dtagraítear i bpointe (a) i ngaireacht dá chéile sa Bhallstát céanna nó sa tríú tír chéanna;

▼B

(f) 

tá córas margaíochta comhpháirteach acu do na táirgí arna dtáirgeadh ag an ngrúpa; agus

(g) 

córas um rialaithe inmheánacha a bhunú ina mbeidh tacar doiciméadaithe gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta rialaithe, a mbeidh duine nó comhlacht sainaitheanta freagrach as a fhíorú go bhfuil gach ball den ghrúpa ag comhlíonadh an Rialacháin seo i gcomhréir leis an tacar sin.

▼M6

Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe sa chóras um rialuithe inmheánacha (CRI) maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

clárú bhaill an ghrúpa;

(ii) 

na cigireachtaí inmheánacha, lena n-áirítear na cigireachtaí fisiciúla inmheánacha bliantúla ar an láthair ar gach ball den ghrúpa, agus aon chigireacht rioscabhunaithe breise, cigireachtaí arna sceidealú in aon chás ag an mbainisteoir ar CRI agus arna ndéanamh ag cigirí CRI, cigirí a shainmhínítear an ról atá acu i bpointe (h);

(iii) 

formheas ball nua i ngrúpa atá ann cheana nó, más cuí, formheas aonad táirgthe nua nó gníomhaíochtaí nua de chuid na mball atá ann cheana má dhéanann an bainisteoir ar CRI formheas a thabhairt ar bhonn na tuarascála cigireachta inmheánaí;

(iv) 

oiliúint na gcigirí CRI, rud a dhéanfar uair sa bhliain ar a laghad agus a mbeidh measúnú ar an eolas a fuair na rannpháirtithe ag gabháil léi;

(v) 

oiliúint bhaill an ghrúpa maidir le nósanna imeachta CRI agus ceanglais an Rialacháin seo;

(vi) 

rialú doiciméad agus taifead;

(vii) 

na bearta le déanamh i gcásanna neamhchomhlíontachta arna mbrath le linn na gcigireachtaí inmheánacha, lena n-áirítear an obair leantach a bhaineann leo;

(viii) 

inrianaitheacht inmheánach a léiríonn tionscnamh na dtáirgí arna seachadadh i gcomhchóras margaíochta an ghrúpa agus lenar féidir rianú a dhéanamh ar tháirgí uile na mball uile ag gach céim den phróiseas, cuir i gcás táirgeadh, próiseáil, ullmhúchán nó cur ar an margadh, lena n-áirítear torthaí gach baill den ghrúpa a mheas agus a chros-seiceáil;

(h) 

bainisteoir ar CRI agus cigire CRI amháin nó níos mó a cheapadh a d’fhéadfadh a bheith ina bhall nó ina mbaill den ghrúpa. Ní dhéanfar a bpost a chumasc. Beidh líon na gcigirí CRI leordhóthanach agus comhréireach go háirithe le cineál, struchtúr, méid, táirgí, gníomhaíochtaí agus aschur an táirgthe orgánaigh atá ag an ngrúpa. Beidh na cigirí CRI inniúil maidir le táirgí agus gníomhaíochtaí an ghrúpa.

Déanfaidh an bainisteoir ar CRI an méid seo a leanas:

(i) 

incháilitheacht gach baill den ghrúpa a fhíorú maidir leis na critéir a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (e);

(ii) 

a áirithiú go bhfuil comhaontú ballraíochta i scríbhinn agus sínithe ann, idir gach duine de na baill agus an grúpa, comhaontú trína ndéanann na baill gealltanas i leith an mhéid seo a leanas:

— 
déanfaidh siad an Rialachán seo a chomhlíonadh;
— 
glacfaidh siad páirt in CRI agus comhlíonfaidh siad nósanna imeachta CRI, lena n-áirítear na cúraimí agus na freagrachtaí a shannfaidh an bainisteoir ar CRI dóibh agus an oibleagáid maidir le taifid a choimeád;
— 
ceadóidh siad rochtain ar aonaid táirgthe agus ar áitreabh agus beidh siad i láthair le linn na gcigireachtaí inmheánacha arna ndéanamh ag na cigirí CRI agus na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe, cuirfidh siad na doiciméid agus na taifid uile ar fáil dóibh agus comhshíneoidh siad na tuarascálacha cigireachta;
— 
glacfaidh siad leis na bearta i gcásanna neamhchomhlíontachta agus cuirfidh siad na bearta sin chun feidhme, i gcomhréir le cinneadh an bhainisteora ar CRI nó an údaráis inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, le cinneadh an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos;
— 
cuirfidh siad an bainisteoir ar CRI ar an eolas láithreach maidir le neamhchomhlíontacht amhrasta;
(iii) 

forbróidh siad nósanna imeachta CRI agus na doiciméid agus na taifid iomchuí, coimeádfaidh siad cothrom le dáta iad agus cuirfidh siad ar fáil iad go héasca do na cigirí CRI, agus i gcás inarb iomchuí, do bhaill an ghrúpa;

(iv) 

ullmhóidh siad an liosta de bhaill an ghrúpa agus coimeádfaidh siad cothrom le dáta é;

(v) 

sannfaidh siad cúraimí agus freagrachtaí do na cigirí CRI;

(vi) 

beidh siad mar nasc idirchaidrimh idir baill an ghrúpa agus an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, lena n-áirítear iarrataí ar mhaoluithe;

(vii) 

fíoróidh siad na ráitis maidir le coinbhleacht leasa ó na cigirí CRI;

(viii) 

cigireachtaí inmheánacha a sceidealú agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad go leormhaith i gcomhréir le sceideal an bhainisteora ar CRI dá dtagraítear i bpointe (ii) den dara mír de phointe (g);

(ix) 

áiritheoidh siad oiliúintí leormhaithe le haghaidh na gcigirí CRI agus déanfaidh siad measúnú bliantúil ar inniúlachtaí agus ar cháilíochtaí cigirí CRI;

(x) 

ceadóidh siad baill nua nó aonaid táirgthe nua nó gníomhaíochtaí ball atá ann cheana;

(xi) 

déanfaidh siad cinneadh maidir le bearta i gcás neamhchomhlíontachta i gcomhréir le bearta CRI arna mbunú le nósanna imeachta doiciméadaithe i gcomhréir le pointe (g) agus áiritheoidh siad go ndéanfar obair leantach ar na bearta sin;

(xii) 

déanfaidh siad cinneadh maidir le gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh, lena n-áirítear cúraimí cigirí CRI a ligean ar fochonradh, agus síneoidh siad comhaontuithe nó conarthaí ábhartha.

Déanfaidh an bainisteoir ar CRI an méid seo a leanas:

(i) 

cigireachtaí inmheánacha a dhéanamh ar bhaill an ghrúpa de réir an sceidil agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an mbainisteoir ar CRI;

(ii) 

tuarascálacha cigireachta inmheánaí a dhréachtú ar bhonn teimpléid agus é a chur faoi bhráid an bhainisteora ar CRI laistigh de thréimhse réasúnach ama;

(iii) 

ráiteas i scríbhinn agus sínithe maidir le coinbhleacht leasa a chur isteach tráth a cheapacháin agus é a thabhairt cothrom le dáta gach bliain;

(iv) 

a bheith páirteach in oiliúintí.

▼B

2.  
Déanfaidh na húdaráis inniúila, nó i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe, an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 a aistarraingt don ghrúpa iomlán i gcás easnaimh a bheith ann i dtaca le bunú nó feidhmiú an chórais um rialuithe inmheánacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe i ndáil le gan neamhchomhlíonadh bhaill aonair an ghrúpa oibreoirí a bhrath nó gan dul i ngleic leis, ar neamhchomhlíonadh é a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú.

▼M6

Measfar na cásanna seo a leanas ar a laghad mar easnaimh in CRI:

(a) 

táirgí ó bhaill nó ó aonaid táirgthe atá ar fionraí/a tarraingíodh siar, na táirgí sin a tháirgeadh, a phróiseáil, a ullmhú nó a chur ar an margadh;

(b) 

táirgí a chur ar an margadh ar ina leith a chuir an bainisteoir ar CRI cosc ar thagairt don táirgeadh orgánach a úsáid ina lipéadú nó ina bhfógraíocht;

(c) 

baill nua a chur le liosta na mball nó gníomhaíochtaí na mball atá ann cheana a athrú gan an nós imeachta um fhormheas inmheánach a leanúint;

(d) 

gan cigireacht fhisiciúil bhliantúil ar an láthair a dhéanamh ar bhall den ghrúpa in aon bhliain ar leith;

(e) 

na baill a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar ó liosta na mball, gan na baill sin a thuairisciú;

(f) 

diallais thromchúiseacha sna torthaí idir cigireachtaí inmheánacha arna ndéanamh ag na cigirí CRI agus rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe;

(g) 

easnaimh thromchúiseacha maidir le bearta iomchuí a fhorchur nó maidir leis an obair leantach is gá a dhéanamh mar fhreagairt ar neamhchomhlíontacht arna sainaithint ag na cigirí CRI nó ag an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, ag údarás rialaithe an chomhlachta rialaithe;

(h) 

líon neamhdhóthanach cigirí CRI nó inniúlachtaí neamhdhóthanacha de chuid cigirí CRI maidir le cineál, struchtúr, méid, táirgí, gníomhaíochtaí agus aschur an táirgthe orgánaigh atá ag an ngrúpa.

▼B

3.  

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo trí fhorálacha a chur leis, nó trí leasú a dhéanamh ar na forálacha breise, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

freagrachtaí baill aonair an ghrúpa oibreoirí;

(b) 

na critéir chun gaireacht gheografach bhaill an ghrúpa a chinneadh amhail saoráidí nó suíomhanna a roinnt;

(c) 

bunú agus feidhmiú an chórais um rialuithe inmheánacha lena n-áirítear raon feidhme, ábhar agus minicíocht na rialuithe atá le déanamh agus na critéir chun easnaimh i dtaca le bunú nó feidhmiú an chórais um rialuithe inmheánacha a shainaithint.

4.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonracha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

comhdhéanamh agus méid grúpa oibreoirí;

(b) 

na doiciméid agus na córais le haghaidh taifid a choimeád, an córas d’inrianaitheacht inmheánach agus liosta na n-oibreoirí;

(c) 

malartú faisnéise idir grúpa oibreoirí agus an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).



CAIBIDIL VI

RIALUITHE OIFIGIÚLA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIFIGIÚLA EILE

Airteagal 37

Gaol le Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 agus rialacha breise maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha

Beidh feidhm ag rialacha sonracha an Chaibidil seo, anuas ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 40(2) den Rialachán seo, agus sa bhreis ar Airteagal 29 den Rialachán seo, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 41(1) den Rialachán seo maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanfar chun a fhíorú, le linn an phróisis ar fad, ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán, gur táirgeadh na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 38

Rialacha breise maidir le rialuithe oifigiúla agus maidir le gníomhaíocht a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla

1.  

Ar na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 chun comhlíonadh leis na Rialachán seo a fhíorú, áireofar na nithe seo a leanas go háirithe;

(a) 

cur chun feidhme na mbeart coisctheach agus réamhchúraim, dá dtagraítear in Airteagal 9(6) agus in Airteagal 28 den Rialachán seo, ag an oibreoir ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán a fhíorú;

(b) 

sna cásanna sin ina bhfuil aonaid táirgthe neamhorgánacha nó aonaid táirgthe atá á dtiontú san áireamh leis an ngabháltas, fíorú ar na taifid agus ar na bearta nó nósanna imeachta nó socruithe atá i bhfeidhm chun áirithiú go ndéantar scaradh soiléir agus éifeachtach idir aonaid táirgthe orgánacha, aonaid táirgthe atá á dtiontú agus aonaid táirgthe neamhorgánacha, idir na táirgí faoi seach a tháirgtear le haonaid táirgthe orgánacha, le haonaid táirgthe atá á dtiontú agus/nó le haonaid táirgthe neamhorgánacha agus na substaintí agus na táirgí a úsáidtear d’aonaid táirgthe orgánacha, aonaid táirgthe atá á dtiontú agus aonaid táirgthe neamhorgánacha; beidh san áireamh leis an bhfíorú sin seiceálacha ar dháileachtaí ar aithníodh tréimhse roimhe sin ina leith go cúlghabhálach mar chuid den tréimhse tiontaithe agus de sheiceálacha ar na haonaid táirgthe neamhorgánacha;

(c) 

sna cásanna sin ina mbaileoidh oibreoirí táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha ag an am céanna, nó ina n-ullmhóidh siad nó ina stórálfaidh siad san aonad ullmhúcháin nó sa limistéar nó áitreabh céanna iad, nó ina n-iomprófar chuig oibreoirí nó aonaid eile iad, fíorú ar na taifid agus ar na bearta nó ar na nósanna imeachta nó ar na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí in áit nó am ar leithligh, go gcuirfear chun feidhme bearta oiriúnacha glantacháin agus, i gcás inarb iomchuí, bearta chun nach ndéanfar ionadú ar tháirgí, agus chun go sainaithneofar táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú i gcónaí agus go ndéanfar táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a stóráil, roimh agus i ndiaidh na n-oibríochtaí, in áit nó am ar leithligh ó tháirgí atá á dtiontú agus ó tháirgí neamhorgánacha;

(d) 

bunú agus feidhmiú chóras na ngrúpaí oibreoirí um rialuithe inmheánacha;

(e) 

sna cásanna sin ina mbeidh oibreoirí díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 34(2) den Rialachán seo, nó ón oibleagáid maidir le deimhniú a bheith ina seilbh acu i gcomhréir le hAirteagal 35(8) nua den Rialachán seo, fíorú go gcomhlíontar na ceanglais don díolúine sin agus fíorú i dtaca leis na táirgí arna ndíol ag na hoibreoirí sin.

2.  

Maidir leis na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú, déanfar iad síos tríd an bpróiseas ar fad ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán ar an mbonn gur dócha nach gcomhlíonfar iad mar a shainmhínítear i bpointe (57) d’Airteagal 3 den Rialachán seo, rud a chinnfear trí na gnéithe a leanas, mar aon leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 a chur san áireamh ach go háirithe:

(a) 

cineál, méid agus struchtúr na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí;

(b) 

an tréimhse ama a bhfuil oibreoirí agus grúpaí oibreoirí i mbun táirgeadh, ullmhúchán agus dáileachán orgánach;

(c) 

torthaí na rialuithe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(d) 

an t-am is ábhartha do na gníomhaíochtaí a rinneadh;

(e) 

catagóirí an táirge;

(f) 

cineál, méid agus luach na dtáirgí agus a bhforbairt thar tréimhse ama;

(g) 

an fhéidearthacht gur meascadh na táirgí le táirgí nó substaintí neamhúdaraithe nó gur éillíodh na táirgí le táirgí nó le substaintí neamhúdaraithe;

(h) 

an cur i bhfeidhm a dhéanann oibreoirí nó grúpaí oibreoirí ar mhaoluithe nó ar eisceachtaí ó na rialacha;

(i) 

na pointí criticiúla maidir le neamhchomhlíonadh agus an dóchúlacht go dtarlóidh neamhchomhlíonadh ag gach céim den phróiseas táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin;

(j) 

gníomhaíochtaí fochonraitheoireachta.

3.  
Ar aon nós, beidh gach oibreoir agus grúpa oibreoirí seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 34(2) agus in Airteagal 35(8) faoi réir fíorú ar chomhlíonadh uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Áireofar ar an bhfíorú ar chomhlíonadh go ndéanfar cigireacht fhisiciúil ar an láthair seachas sna cásanna ina gcomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

sna rialuithe a rinneadh go dtí seo ar oibreoir nó ar an ngrúpa oibreoirí níor léiríodh aon neamhchomhlíonadh a chuirfeadh isteach ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú le linn 3 bliana as a chéile ar a laghad; agus

(b) 

ar bhonn na ngnéithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 measadh nach bhfuil mórán dóchúlachta ann maidir le neamhchomhlíonachta ó thaobh an oibreora nó an grúpa oibreoirí lena mbaineann.

Sa chás sin, ní bheidh an tréimhse idir dhá chigireacht fhisiciúla ar an láthair níos faide ná 24 mhí.

4.  

Na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú:

(a) 

déanfar iad i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 agus áiritheofar leo go ndéanfar céatadán íosta de na rialuithe oifigiúla ar oibreoirí nó ar ghrúpa oibreoirí gan fógra a thabhairt roimh ré;

(b) 

áiritheofar leo go ndéanfar céatadán íosta de rialuithe sa bhreis ar na cinn sin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;

(c) 

déanfar iad trí líon íosta de na samplaí arna nglacadh i gcomhréir le pointe (h) d’ Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625;

(d) 

áiritheofar leo go ndéanfar rialú ar líon íosta oibreoirí atá ina mbaill de ghrúpa oibreoirí i dtaca leis an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.  
Tabharfar an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35(1) nó déanfar athnuachan air bunaithe ar thorthaí an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo.
6.  
Comhshíneoidh an t-oibreoir nó na grúpaí oibreoirí an taifead i scríbhinn a bheidh le dréachtú maidir le gach rialú oifigiúil a dhéanfar chun a fhíorú an bhfuil na Rialachán seo á chomhlíonadh i gcomhréir le Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 chun a dhearbhú go bhfuair siad an taifead sin i scríbhinn.
7.  
Ní bheidh feidhm Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 i ndáil leis na hiniúchtaí agus cigireachtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí maoirseachta arna ndéanamh acu ar chomhlachtaí rialaithe ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile chucu.
8.  

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54:

(a) 

lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí chritéir shonracha agus coinníollacha sonracha a leagan síos i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun inrianaitheacht a áirithiú ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán, agus go gcomhlíonfar an Rialachán seo, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha;

(ii) 

rialuithe arna ndéanamh ar chatagóirí sonracha oibreoirí;

(iii) 

más iomchuí, an tréimhse inar cheart na rialuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh agus an t-áitreabh nó an limistéar faoi leith ar ar cheart iad a dhéanamh, lena n-áirítear an chigireacht fhisiciúil ar an láthair dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;

(b) 

mír 2 den Airteagal seo a leasú trí ghnéithe breise ar bhonn taithí phraiticiúil a chur leis, nó trí leasú a dhéanamh ar na gnéithe breise sin.

9.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

an céatadán íosta de na rialuithe oifigiúla ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí is gá a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4;

(b) 

an céatadán íosta de rialuithe sa bhreis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4;

(c) 

an líon íosta samplaí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4;

(d) 

an líon íosta oibreoirí atá ina mbaill de ghrúpa oibreoirí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 39

Rialacha breise maidir le gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag na hoibreoirí agus ag an ngrúpa oibreoirí

1.  

De bhreis ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, déanfaidh oibreoirí agus grúpaí oibreoirí an méid a leanas:

(a) 

coinneoidh siad taifid chun a léiriú go gcomhlíonfar an Rialachán seo;

(b) 

tabharfaidh siad gach dearbhú is gá agus déanfaidh siad aon chumarsáid eile atá riachtanach le haghaidh rialuithe oifigiúla;

(c) 

glacfaidh siad bearta praiticiúla ábhartha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo;

(d) 

cuirfidh siad an méid a leanas ar fáil, i bhfoirm dearbhú a bheidh le síniú agus le tabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá:

(i) 

an tuairisc iomlán ar an aonad táirgthe orgánach nó atá á thiontú agus ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(ii) 

na bearta praiticiúla ábhartha a bheidh le déanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo;

(iii) 

gealltanas go ndéanfaidh siad an méid a leanas:

— 
cuirfear ceannaitheoirí na dtáirgí ar an eolas i scríbhinn gan mhoill agus malartófar faisnéis ábhartha leis an údarás inniúil, agus i gcás inarb iomchuí, leis an údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe, i gcás amhras faoi neamhchomhlíonadh a bhfuil bunús leis, nó i gcás amhras faoi neamhchomhlíonadh nach féidir a dhíothú, nó i gcás inar léir go bhfuil neamhchomhlíonadh ag cur isteach ar shláine na dtáirgí,
— 
glacadh leis an gcomhad rialaithe a aistriú i gcás ina n-athraítear an t-údarás nó comhlacht rialaithe nó, i gcás ina dtarraingítear siar ón táirgeadh orgánach, go gcoinneoidh an t-údarás nó comhlacht rialaithe deiridh an comhad rialaithe ar feadh 5 bliana ar a laghad,
— 
an t-údarás inniúil nó an t_údarás nó comhlacht a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 34(4) a chur ar an eolas láithreach i gcás ina dtarraingítear siar ón táirgeadh orgánach,
— 
glacadh le faisnéis a mhalartú i measc na n-údarás nó na gcomhlachtaí i gcás ina ndéanann údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe éagsúla na fochonraitheoirí a sheiceáil.
2.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun mionsonraí agus sonraíochtaí a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an doiciméadacht chun a léiriú go gcomhlíontar an Rialachán seo;

(b) 

gach dearbhú is gá agus aon chumarsáid eile atá riachtanach le haghaidhrialuithe oifigiúla;

(c) 

na bearta praiticiúla ábhartha chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 40

Rialacha breise maidir le cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil agus cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean

1.  

Féadfaidh údaráis inniúla cúraimí sonracha i ndáil le rialú oifigiúil agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean sa chás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, anuas orthu siúd a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2017/625, agus sa chás sin amháin:

(a) 

sa tarmligean féin beidh cur síos mionsonraithe ar na cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil agus cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna dtarmligean, lena n-áirítear tuairisciú agus oibleagáidí sonracha eile, agus ar na coinníollacha faoina mbeidh siad le déanamh ag an údarás rialaithe. Go háirithe, cuirfidh an comhlacht rialaithe na nithe seo a leanas faoi bhráid an údaráis inniúil lena bhformheas roimh ré:

(i) 

a nós imeachta maidir le measúnú riosca, lena gcinnfear go háirithe an bonn do dhéine agus do mhinicíocht an fhíoraithe ar chomhlíonadh na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí, agus a bheidh bunaithe ar bhonn na ngnéithe dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/625 agus ar bhonn Airteagal 38 den Rialachán seo, ar nós imeachta é a bheidh le leanúint agus rialaithe oifigiúla á ndéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí;

(ii) 

an nós imeachta rialaithe caighdeánach, ina bhfuil tuairisc mionsonraithe ar na bearta rialaithe a gheallann an comhlacht rialaithe a chur i bhfeidhm ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí atá faoi réir a rialuithe;

(iii) 

liosta de bhearta, i gcomhréir leis an gcatalóg chomhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 41(4), a bheidh le cur i bhfeidhm ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí i gcásanna inar léir go bhfuil neamhchomhlíonadh ann nó i gcás ina bhfuil amhras ann faoi neamhchomhlíonadh;

(iv) 

na socruithe maidir le faireachán agus tuairisciú éifeachtach ar na cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil agus cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanfar ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí agus na socruithe chun tuairisc a thabhairt ar na cúraimí sin.

Tabharfaidh an comhlacht rialaithe fógra don údarás inniúil maidir le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar na gnéithe dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv);

(b) 

tá nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm ag údaráis inniúla chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht ar na comhlachtaí rialaithe, lena n-áirítear chun a fhíorú go ndéantar na cúraimí tarmligthe go héifeachtúil, go neamhspleách agus go hoibiachtúil, go háirithe maidir le déine agus minicíocht an fhíoraithe ar an gcomhlíonadh.

Eagraíonn údaráis inniúla iniúchtaí ar a laghad uair sa bhliain, ar na comhlachtaí rialaithe sin a bhfuil cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil nó cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile tarmligthe acu chucu de bhun phointe (a) d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2017/625.

2.  
De mhaolú ar Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2017/625, féadfaidh údaráis inniúla an cinneadh maidir lena gcúraimí dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 138(1) agus in Airteagal 138(2) agus (3) den Rialachán sin a tharmligean chuig comhlacht rialaithe.
3.  
Chun críoch phointe (b)(iv) d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2017/625, chun cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil agus cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean d’fhonn comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú rud atá ábhartha maidir le raon feidhme an Rialacháin seo sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, is é an caighdeán ábhartha an leagan is déanaí a foilsíodh den chaighdeán comhchuibhithe idirnáisiúnta ‘Measúnú comhréireachta — Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’, ar foilsíodh an tagairt ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
4.  

Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil seo a leanas agus cúraimí a bhaineann le gníomhartha oifigiúla eile a tharmligean chuig comhlachtaí rialaithe:

(a) 

maoirseacht agus iniúchadh ar údaráis rialaithe nó ar chomhlachtaí rialaithe eile;

(b) 

an chumhacht maoluithe a thabhairt seachas ar mhaithe le hábhar atáirgthe plandaí nach bhfaightear ón táirgeadh orgánach a úsáid;

(c) 

fógraí a fháil maidir le gníomhaíocht arna ndéanamh ag oibreoirí nó grúpaí oibreoirí faoi Airteagal 34(1) den Rialachán seo;

(d) 

an measúnú ar an dóchúlacht nach gcomhlíonfar na forálacha an Rialacháin seo lena gcinntear ráta minicíochta na seiceálacha fisiciúla atá le déanamh ar choinsíneachtaí orgánacha sula scaoilfear iad i saorchúrsaíocht isteach san Aontas i gcomhréir le Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2017/625;

(e) 

bunú chatalóg chomhchoiteann beart dá dtagraítear in Airteagal 41(4) den Rialachán seo.

5.  
Ní dhéanfaidh údaráis inniúla cúraimí a bhaineann le rialuithe oifigiúla nó cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chuig daoine nádúrtha.
6.  
Áiritheoidh údaráis inniúla go mbaileofar an fhaisnéis a fhaightear ó chomhlachtaí rialaithe de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2017/625 agus an fhaisnéis maidir leis na bearta a chuirfidh comhlachtaí rialaithe i bhfeidhm sa chás inar léir go bhfuil neamhchomhlíonadh ann nó ina bhfuil dóchúlacht go bhfuil neamhchomhlíonadh ann agus áiritheoidh siad go n-úsáidfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí rialaithe sin.
7.  
I gcás ina dtarraingítear tarmligean na gcúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile siar go hiomlán nó i bpáirt i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh údaráis inniúla cinneadh maidir le bailíocht na ndeimhniúchán níos faide anonn ná dáta an chinnidh maidir le tarraingt siar i bpáirt nó iomlán arna n-eisiúint ag na comhlachtaí rialaithe lena mbaineann agus déanfaidh siad an cinneadh sin roimh an dáta le haghaidh an tarraingthe siar i bpáirt nó iomlán sin agus cuirfidh siad na hoibreoirí lena mbaineann ar an eolas.
8.  

Gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2017/625, sula dtarraingíonn siad tarmligean na gcúraimí i ndáil le rialú oifigiúil nó na cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile siar go hiomlán nó i bpáirt sna cásanna dá dtagraítear sa phointe sin, féadfaidh údaráis inniúla an tarmligean sin a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt:

(a) 

ar feadh tréimhse ama nach mbeidh níos faide ná 12 mhí agus ina ngníomhóidh an comhlacht rialaithe chun easnaimh a aithníodh le linn iniúchtaí agus cigireachtaí a leigheas nó chun dul i ngleic le neamhchomhlíonadh a ndéantar faisnéis maidir leo a mhalartú le húdaráis rialaithe agus le comhlachtaí rialaithe eile, chomh maith le húdaráis inniúla agus leis an gCoimisiún agus i gcomhreir le hAirteagal 43; nó

(b) 

ar feadh na tréimhse sin ina gcuirtear an creidiúnú dá dtagraítear i bpointe (b)(iv) d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2017/625, i gceangal le hAirteagal 40(3) den Rialachán seo ar fionraí.

I gcás ina gcuirtear tarmligean na gcúraimí i ndáil le rialú oifigiúil nó na gcúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile ar fionraí, ní eiseoidh na comhlachtaí rialaithe lena mbaineann deimhnithedá dtagraítear in Airteagal 35 do na codanna sin ar cuireadh an tarmligean ar fionraí ina leith. Maidir leis na deimhnithe sin a eisíodh roimh an bhfionraí i bpáirt nó iomlán, déanfaidh údaráis inniúla cinneadh maidir lena mbailíocht níos faide anonn ná dáta na fionraí agus cuirfidh siad na hoibreoirí lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh sin.

Gan dochar d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2017/625, bainfidh na húdaráis inniúla an fhionraí ar tharmligean na gcúraimí i ndáil le rialú oifigiúil nó na gcúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a luaithe agus is féidir nuair a bheidh gníomhaíocht déanta ag an gcomhlacht rialaithe chun na heasnaimh nó an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a leigheas nó nuair a bhainfidh an comhlacht creidiúnaithe an fhionraí ar chreidiúnú dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

9.  
Maidir le comhlacht rialaithe a ndearna údaráis inniúla cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chucu, i gcás ina n-aithníonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán seo go ndearna siad gníomhaíochtaí rialaithe i dtríú tíortha, agus i gcás ina bhfuil rún ag an gCoimisiún aitheantas an chomhlachta rialaithe sin a tharraingt siar nó i gcás inar tharraing siad siar é, eagróidh údaráis inniúla iniúchtaí nó cigireachtaí ar an gcomhlacht rialaithe maidir lena ghníomhaíochtaí sa Bhallstáit nó sna Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2017/625.
10.  

Tarchuirfidh na comhlachtaí rialaithe an méid a leanas chuig na húdaráis inniúla:

(a) 

liosta de na hoibreoirí a bhí faoi réir a rialuithe ar an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin faoin 31 Eanáir gach bliain; agus

(b) 

faisnéis maidir leis na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a rinneadh sa bhliain roimhe sin d’fhonn tacú le hullmhú na coda maidir le táirgeadh orgánach agus le lipéadú táirgí orgánacha sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 113 de Rialachán (AE) 2017/625 faoin 31 Márta gach bliain.

11.  
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena bhforlíontar an Rialachán seo ó thaobh na gcoinníollacha maidir leis na cúraimí a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus na cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean do chomhlachtaí rialaithe sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 41

▼C3

Rialacha breise maidir le gníomhaíochtaí i gcás neamhchomhlíonadh amhrasta agus i gcás inar léir go bhfuil neamhchomhlíonadh ann, agus catalóg chomhchoiteann beart

▼B

1.  

Faoi réir Airteagal 29, i gcás ina bhfuil amhras ar údarás inniúil, nó más iomchuí, ar údarás nó ar chomhlacht rialaithe nó i gcás ina bhfaigheann sé faisnéis a bhfuil bunús léi, lena n-áirítear ó údaráis inniúla eile nó, más iomchuí, ó údaráis rialaithe nó ó chomhlachtaí rialaithe eile, go bhfuil rún ag oibreoir táirge a úsáid nó a chur ar an margadh, ar táirge é a bhfuil dóchúlacht ann nach bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialacháin seo ach a bhfuil téarmaí air a thagraíonn don táirgeadh orgánach, nó má chuireann oibreoir sin in iúl dó i gcomhréir le hAirteagal 27:

(a) 

déanfaidh sé imscrúdú oifigiúil láithreach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 chun a fhíorú go gcomhlíontar an Rialachán seo; críochnófar an imscrúdú seo a luaithe agus is féidir, laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus aird á tabhairt ar mharthanacht an táirge agus ar chastacht an cháis;

(b) 

cuirfidh sé cosc go sealadach ar na táirgí lena mbaineann a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú agus ar na táirgí sin a úsáid sa táirgeadh orgánach fad agus a bheidh sé ag fanacht le torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (a). Sula ndéanfaidh sé cinneadh mar sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil, nó más iomchuí an t-údarás nó comhlacht rialaithe deis don oibreoir a bharúil a thabhairt.

2.  
Sa chás nach léirítear aon neamhchomhlíonadh a chuirfeadh isteach ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú le torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, beidh cead ag an oibreoir na táirgí lena mbaineann a úsáid nó a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú.
3.  
Glacfaidh na Ballstáit aon bheart agus forálfaidh siad d’aon smachtbhanna is gá chun úsáid bhréagach na dtásc dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán seo a chosc.
4.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla catalóg chomhchoiteann beart ar fáil le cur i bhfeidhm ina gcríoch, lena n-áirítear ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe, i gcásanna amhrasta faoi neamhchomhlíonadh agus i gcásanna inar léir go bhfuil neamhchomhlíonadh ann.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha socruithe aonfhoirmeacha a shonrú do na cásanna ina mbeidh bearta le glacadh ag údaráis inniúla faoi neamhchomhlíonadh amhrasta nó i gcásanna inar léir go bhfuil neamhchomhlíonadh ann.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 42

▼C3

Rialacha breise maidir le bearta a dhéanfar i gcás neamhchomhlíonadh lena gcuirtear isteach ar shláine

▼B

1.  
I gcás ina mbíonn neamhchomhlíonadh a chuireann isteach ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú le linn aon cheann de na céimeanna táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin, mar shampla mar gheall ar tháirgí, ar shubstaintí nó ar theicnící neamhúdaraithe a úsáid nó mar gheall ar mheascadh le táirgí neamh-orgánacha, áiritheoidh údaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe, de bhreis ar na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 de Rialachán (AE) 2017/625, nach ndéanfar aon tagairt don táirgeadh orgánach sa lipéadú agus san fhógraíocht a dhéanfar ar an mbaisc nó sraith táirgthe iomlán lena mbaineann.
2.  
I gcás ina neamhchomhlíonadh tromchúiseach nó leanúnach nó neamhchomhlíonadh a tharlaíonn arís agus arís eile, áiritheoidh na húdaráis inniúla, agus de réir mar is iomchuí, na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe go gcuirfear toirmeasc ar na hoibreoirí nó ar na grúpaí oibreoirí lena mbaineann, de bhreis ar na bearta a leagtar síos i mír 1 agus ar aon bhearta iomchuí a dhéanfar go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 138 de Rialachán (AE) 2017/625, táirgí a mhargú a dhéanann tagairt do tháirgeadh orgánach, ar feadh tréimhse áirithe, agus go gcuirfear a ndeimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 ar fionraí nó go n-aistarraingeofar é de réir mar is iomchuí.

Airteagal 43

Rialacha breise maidir le malartú faisnéise

1.  
De bhreis ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 105(1) agus Airteagal 106(1) de Rialachán (AE) 2017/625, roinnfidh na húdaráis inniúla faisnéis láithreach le húdaráis inniúla eile, agus leis an gCoimisiún maidir le haon neamhchomhlíonadh amhrasta a chuirfeadh isteach ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú.

Roinnfidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin le húdaráis inniúla eile agus leis an gCoimisiún trí chóras ríomhaireachta lena gcumasaítear malartú leictreonach doiciméad agus faisnéise arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún.

2.  
I gcásanna ina mbíonn amhras faoi neamhchomhlíonadh nó ina n-aithnítear go bhfuil neamhchomhlíonadh ann i dtaca le táirgí atá faoi rialú údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe eile, cuirfidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe na húdaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe eile sin ar an eolas láithreach.
3.  
Malartóidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe faisnéis ábhartha eile le húdaráis rialaithe agus le comhlachtaí rialaithe eile.
4.  
Arna iarraidh sin agus nuair a bhíonn údar cuí leis an iarraidh siocair gur gá a ráthú gur táirgeadh táirge i gcomhréir leis an Rialachán seo, malartóidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe le húdaráis inniúla eile agus leis an gCoimisiún faisnéis maidir le torthaí a rialuithe.
5.  
Malartóidh údaráis inniúla faisnéis maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí rialaithe leis na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 ).
6.  
Déanfaidh údaráis inniúla bearta iomchuí agus bunóidh siad nósanna imeachta doiciméadaithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear faisnéis faoi thorthaí na rialuithe in iúl don ghníomhaireacht íocaíochta i gcomhréir le na riachtanais atá aici chun críche Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ) agus na gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an Airteagail sin.
7.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na húdaráis inniúla, na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe atá i gceannas ar na rialaithe oifigiúla agus ar na gníomhaíochtaí oifigiúla eile i gcomhréir leis an Airteagal seo, faighteoirí ábhartha na faisnéise sin agus na nósanna imeachta lena gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí an chórais ríomhaireachta dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).



CAIBIDIL VII

TRÁDÁIL LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 44

Táirgí orgánacha a onnmhairiú

1.  
Féadfar táirge a onnmhairiú ón Aontas mar tháirge orgánach agus lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith air, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na rialacha maidir le táirgí orgánacha faoin Rialachán seo.
2.  
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena bhforlíonfar an Rialachán seo maidir le doiciméid atá beartaithe d’údaráis custaim i dtríú tíortha, go háirithe i ndáil le deimhnithe onnmhairiúcháin orgánaigh a eiseofar i bhfoirm leictreonach aon uair is féidir agus dearbhuithe a sholáthar go gcomhlíonann táirgí orgánacha onnmhairiúcháin an Rialachán seo.

Airteagal 45

Táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú

1.  

Féadfar táirge a allmhairiú ó thríú tír lena chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú ina tháirge orgánach, ar choinníoll go gcomhlíonfar na trí choinníoll seo a leanas:

(a) 

is táirge mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) an táirge;

(b) 

i gcás ina mbaineann ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

a chomhlíonann Caibidlí II, III agus IV den Rialachán seo, agus bhí gach oibreoir, agus grúpaí oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 36, lena n-áirítear na honnmhaireoirí sa tríú tír lena mbaineann, faoi réir rialú údarás rialaithe nó comhlachtaí rialaithe arna n-aithint i gcomhréir le hAirteagal 46 agus cuireann na húdaráis sin nó na comhlachtaí sin deimhniú ar fáil ina ndearbhaítear go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag gach oibreoir nó ag gach grúpa oibreoirí;

(ii) 

a thagann ó thríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 47, comhlíonann an táirge sin na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú trádála ábhartha; nó

(iii) 

a thagann as tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 48, comhlíonann an táirge sin rialacha coibhéiseacha táirgthe agus rialaithe an tríú tír sin agus a allmhairítear le deimhniú cigireachta a d’eisigh údaráis inniúla, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe an tríú tír sin a dhearbhaíonn an comhlíonadh sin; agus

(c) 

tá na hoibreoirí sna tríú tíortha sin in ann faisnéis a sholáthar tráth ar bith, do na hallmhaireoirí agus do na húdaráis náisiúnta san Aontas agus i dtríú tíortha, ar faisnéis í lena gceadófar na hoibreoirí arb iad a soláthraithe, agus údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe na soláthraithe sin, a shainaithint, d’fhonn inrianaitheacht an táirge orgánaigh nó atá atá á thiontú lena mbaineann a áirithiú. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin d’údaráis rialaithe nó do chomhlachtaí rialaithe na n-allmhaireoirí.

2.  
I gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 24(9), féadfaidh an Coimisiún údaruithe ar leith a thabhairt chun táirgí agus substaintí a úsáid i dtríú tíortha agus sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus éagsúlachtaí sa chothromaíocht éiceolaíoch i dtáirgeadh plandaí nó ainmhithe, dálaí aeráide ar leith, traidisiúin agus dálaí áitiúla sna limistéir sin á gcur san áireamh. Féadfar údaruithe sonracha mar sin a thabhairt ar feadh tréimhse 2 bhliain a bheidh in-athnuaite agus beidh siad faoi réir na bprionsabal a leagtar amach i gCaibidil II agus faoi réir chritéir a leagtar amach in Airteagal 24(3) agus (6).
3.  
Agus foráil á dhéanamh do chritéir na gcásanna lena nglacfar leis go bhfuil imthosca turraingeacha ann agus rialacha sonracha a leagan síos maidir leis an mbealach inar cheart déileáil leo i gcomhréir le hAirteagal 22, cuirfidh an Coimisiún an chothromaíocht éiceolaíoch agus dálaí aeráide agus áitiúla i dtríú tíortha agus sna réigiúin is forimeallaí den Aontas san áireamh;
4.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha sonracha maidir lena mbeidh sna deimhnithe dá dtagraítear i mír 1, maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun iad a eisiúint agus a fhíorú agus na modhanna teicniúla trína n-eiseofar an deimhniú, go háirithe i dtaca le ról na n-údarás inniúil, na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe, lena n-áiritheofar inrianaitheacht agus comhlíonadh i dtaobh na dtáirgí allmhairithe atá beartaithe a chur ar mhargadh an Aontais mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

5.  
Fionnfar an bhfuil na coinníollacha agus na bearta maidir le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú san Aontas á chomhlíonadh ag poist rialaithe teorann, i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2017/625. Beidh a mhinice a dhéanfar na seiceálacha fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 49(2) den Rialachán sin ag brath ar an dóchúlacht nach gcomhlíonfar an Rialachán sin mar a shainmhínítear i bpointe (57) d’Airteagal 3.

Airteagal 46

Údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithint

1.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena n-aithneofar údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha, nó lena n-aistarraingeofar aitheantas a tugadh dóibh, agus lena mbunófar liosta de na húdaráis rialaithe aitheanta agus comhlachtaí rialaithe aitheanta sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

▼M10

2.  

Déanfar na húdaráis rialúcháin agus na comhlachtaí rialúcháin a aithint i gcomhréir le mír 1 maidir le hallmhairiú na gcatagóirí táirgí a liostaítear in Airteagal 35(7) a rialú, más rud é go gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas:

(a) 

bunófar iad go dleathach i mBallstát amháin nó i dtríú tír amháin;

(b) 

beidh sé d’acmhainn acu rialuithe a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45(1), pointe (a), pointe (b)(i) agus pointe (c), agus san Airteagal seo a chomhlíonadh maidir le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú ar beartaíodh iad a allmhairiú isteach san Aontas, gan cúraimí rialúcháin a tharmligean; chun críocha an phointe seo, cúraimí rialúcháin a dhéanann daoine a oibríonn faoi chonradh aonair nó faoi chomhaontú foirmiúil lena gcuirtear iad faoi rialú bainistíochta agus faoi nósanna imeachta na n-údarás rialúcháin nó na gcomhlachtaí rialúcháin conarthacha, ní mheasfar gur cúraimí tarmligthe iad, agus ní bheidh feidhm ag an toirmeasc faoi chúraimí rialúcháin a tharmligean maidir le sampláil;

(c) 

tabharfaidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta agus beidh siad saor ó aon choinbhleacht leasa maidir le feidhmiú a gcúraimí rialaithe; go háirithe, beidh nósanna imeachta i bhfeidhm acu lena áirithiú go mbeidh na baill foirne a dhéanfaidh rialuithe agus gníomhaíochtaí eile saor ó aon choinbhleacht leasa, agus nach mó ná 3 bliana as a chéile a dhéanfaidh na cigirí céanna iniúchadh ar na hoibreoirí;

(d) 

i gcás na gcomhlachtaí rialúcháin, déanfar iad a chreidiúnú chun nach bhfaighidh siad aitheantas ach ó aon chomhlacht creidiúnaithe amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha um “Measúnú comhréireachta — Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí”, ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(e) 

beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar is gá acu chun cúraimí rialúcháin a dhéanamh agus beidh go leor ball foirne acu a mbeidh an cháilíocht agus an taithí chuí acu;

(f) 

beidh an cumas agus an inniúlacht acu lena ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus rialúcháin a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus go háirithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún ( 25 ) i gcás gach cineáil oibreora (oibreoir aonair nó grúpa oibreoirí) i ngach tríú tír agus i gcás gach catagóire táirgí ar mian leo go dtabharfaí aitheantas dóibh;

(g) 

beidh nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm acu chun neamhchlaontacht, cáilíocht, comhsheasmhacht, éifeachtacht agus oiriúnacht a áirithiú maidir leis na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanann siad;

(h) 

beidh go leor ball foirne acu leis an gcáilíocht agus leis an taithí chuí chun na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanamh go héifeachtach agus in am trátha;

(i) 

beidh saoráidí agus trealamh atá iomchuí agus coinnithe go cuí acu lena áirithiú gur féidir leis na baill foirne rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go héifeachtach agus in am trátha;

(j) 

beidh na nósanna imeachta i bhfeidhm acu lena áirithiú go mbeidh rochtain ag na baill foirne ar áitreabh, agus ar dhoiciméid, na n-oibreoirí, chun go mbeidh siad in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích;

(k) 

beidh scileanna, oiliúint agus nósanna imeachta inmheánacha acu a bheidh oiriúnach chun rialuithe éifeachtacha a dhéanamh, cigireacht san áireamh, ar oibreoirí chomh maith le córas rialúcháin inmheánaigh de chuid oibreoirí grúpa, más ann dóibh;

(l) 

an t-aitheantas a tugadh cheana dóibh i dtaca le tríú tír shonrach agus/nó i dtaca le catagóir táirgí, i gcomhréir le mír 2a, ní bheidh sin aistarraingthe, ná a gcreidiúnú, ní bheidh sin aistarraingthe ná curtha ar fionraí ag aon chomhlacht creidiúnaithe i gcomhréir lena nósanna imeachta maidir le fionraí nó aistarraingt arna mbunú i gcomhréir leis an gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe le caighdeán 17011 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) – Measúnú comhréireachta – ceanglais ghinearálta maidir le comhlachtaí creidiúnaithe lena ndéantar comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú, le linn na 24 mhí roimh na rudaí seo a leanas:

(i) 

a n-iarraidh ar aitheantas i dtaca leis an tríú tír chéanna agus/nó i dtaca leis an gcatagóir chéanna táirgí, ach amháin i gcás inar aistarraingíodh an t-aitheantas a tugadh dóibh roimhe sin i gcomhréir le mír 2a, pointe (k);

(ii) 

a n-iarraidh ar raon feidhme an aitheantais a leathnú chuig tríú tír bhreise i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698, ach amháin i gcás inar aistarraingíodh an t-aitheantas a tugadh roimhe sin i gcomhréir le mír 2a, pointe (k), den Airteagal seo;

(iii) 

a n-iarraidh ar raon feidhme an aitheantais a leathnú chuig catagóir bhreise táirgí i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698;

(m) 

i gcás údaráis rialúcháin, is eagraíochtaí riaracháin poiblí iad sa tríú tír a bhfuil aitheantas iarrtha acu ina leith;

(n) 

comhlíonfaidh siad na ceanglais nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698; agus

(o) 

comhlíonfaidh siad aon chritéar breise a d’fhéadfaí a leagan síos i ngníomh tarmligthe a ghlacfaí de bhun mhír 7.

2a.  

Féadfaidh an Coimisiún aitheantas údaráis rialúcháin nó comhlachta rialúcháin i dtaca le tríú tír ar leith agus/nó i dtaca le catagóir táirgí a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ní chomhlíontar a thuilleadh ceann de na critéir aitheantais a leagtar amach i mír 2;

(b) 

ní bheidh an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 faighte ag an gCoimisiún faoin sprioc-am a shonraítear san Airteagal sin nó an fhaisnéis a áirítear sa tuarascáil bhliantúil, beidh sí neamhiomlán nó míchruinn, nó ní chomhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin;

(c) 

an fhaisnéis ar fad a bhaineann leis an sainchomhad teicniúil dá dtagraítear i mír 4, leis an gcóras rialúcháin a chuirtear i bhfeidhm leis, leis an liosta cothrom le dáta d’oibreoirí nó de ghrúpaí oibreoirí nó leis na táirgí orgánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme a aitheantais, ní sholáthróidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin í ná ní chuirfidh sé in iúl í;

(d) 

ní thabharfaidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin fógra don Choimisiún laistigh de 30 lá féilire ó rinneadh athruithe ar a shainchomhad teicniúil dá dtagraítear i mír 4;

(e) 

ní sholáthróidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin faisnéis a d’iarr an Coimisiún nó Ballstát roimh na spriocdhátaí arna leagan síos, nó beidh an fhaisnéis neamhiomlán, míchruinn nó ní chomhlíonfar léi na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 agus i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh de bhun mhír 8, nó ní chomhoibreoidh sé leis an gCoimisiún, go háirithe le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar i dtaca le neamh-chomhlíontacht;

(f) 

ní aontóidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin dul faoi scrúdú ar an láthair a thionscain an Coimisiún;

(g) 

le toradh an scrúdaithe ar an láthair nó le toradh an iniúchta léireofar mífheidhmiú córasach na mbeart rialúcháin nó ní bheidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin in ann na moltaí ar fad a rinne an Coimisiún tar éis an scrúdaithe ar an láthair nó tar éis an iniúchta a chur i bhfeidhm ina bplean gníomhaíochta atá beartaithe agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin;

(h) 

ní dhéanfaidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin bearta ceartaitheacha leordhóthanacha mar fhreagairt ar na neamh-chomhlíontachtaí agus ar na sáruithe a breathnaíodh laistigh de sprioc-am a leag an Coimisiún síos i gcomhréir lena thromchúisí atá an cás, sprioc-am nach giorra ná 30 lá féilire;

(i) 

i gcás ina n-athróidh oibreoir a údarás rialúcháin nó a chomhlacht rialúcháin, ní chuirfidh an t-údarás rialúcháin ná an comhlacht rialúcháin in iúl don údarás rialúcháin nua nó don chomhlacht rialúcháin nua gnéithe ábhartha den chomhad rialúcháin, lena n-áirítear taifid i scríbhinn de chuid an oibreora laistigh de 30 lá féilire ar a mhéad ó fuarthas an iarraidh ar aistriú ón oibreoir nó ón údarás rialúcháin nua nó ón gcomhlacht rialúcháin nua;

(j) 

beidh baol ann go gcuirfear an tomhaltóir amú maidir le fíorchineál na dtáirgí a chumhdaítear le raon feidhme an aitheantais; nó;

(k) 

ní bheidh aon oibreoir deimhnithe ag an údarás rialúcháin nó ag an gcomhlacht rialúcháin ar feadh tréimhse 48 mí as a chéile sa tríú tír ina bhfuil sé aitheanta.

▼B

3.  

Ní fhéadfaidh ach na comhlachtaí seo a leanas an creidiúnú dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 a thabhairt:

(a) 

comhlacht náisiúnta creidiúnaithe san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; nó

(b) 

comhlacht creidiúnaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin.

4.  
Déanfaidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe iarraidh ar aitheantas a thíolacadh don Choimisiún agus is éard a bheidh san iarraidh sin sainchomhad teicniúil ina mbeidh an fhaisnéis ar fad is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach i mír 2.

Soláthróidh na húdaráis rialaithe an tuarascáil measúnaithe is déanaí arna heisiúint ag an údarás inniúil agus, soláthróidh na comhlachtaí rialaithe deimhniú an chreidiúnaithe arna eisiúint ag an gcomhlacht creidiúnúcháin. I gcás inarb iomchuí, solathróidh na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe na tuarascálacha is déanaí maidir leis an meastóireacht rialta ar an láthair, faireachas agus athmheasúnú ilbhliantúil ar a gcuid gníomhaíochtaí freisin.

5.  
Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear faoi mhír 4, agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an údarás rialaithe nó leis an gcomhlacht rialaithe, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na húdaráis rialaithe aitheanta agus ar na comhlachtaí rialaithe aitheanta trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht agus ar an aitheantas a tugadh dóibh. Chun críocha na maoirseachta sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ó na comhlachtaí creidiúnúcháin nó, ó na húdaráis inniúla, de réir mar is iomchuí.
6.  
Cinnfear cineál na maoirseachta dá dtagraítear i mír 5 ar bhonn measúnú ar an dóchúlacht go mbeidh neamhchomhlíonadh ann, agus aird á tabhairt go háirithe ar ghníomhaíocht an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, ar an gcineál táirgí agus oibreoirí a bheidh faoina rialú agus ar na hathruithe ar rialacha táirgthe agus ar na bearta rialaithe.

Tarraingeofar siar gan mhoill aitheantas na n-údarás rialaithe nó na gcomhlacht rialaithe dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír sin go háirithe i gcás ina mbraitear sáruithe tromchúiseacha nó leanúnacha maidir leis an deimhniúcháin nó na rialuithe agus na gníomhaíochtaí a leagtar síos i gcomhréir le mír 8 agus i gcás ina dteipeann ar údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe lena mbaineann gníomhaíocht cheartaitheach thráthúil agus iomchuí a dhéanamh tar éis don Choimisiún iarraidh air sin a dhéanamh laistigh de thréimhse arna gcinneadh ag an gCoimisiún ag brath ar a thromchúisí atá an fhadhb agus nach mbeidh níos giorra ná 30 lá de ghnáth.

7.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54:

(a) 

lena leasaítear mír 2 den Airteagal seo trí chritéir sa bhreis a chur leis na cinn a leagtar síos ansin a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le haitheantas a thabhairt do na húdaráis rialaithe nó do na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó maidir leis an aitheantas sin a tharraingt siar, nó trí na critéir bhreise sin a leasú;

(b) 

lena bhforlíonfar an Rialachán seo maidir le:

(i) 

maoirseacht a dhéanamh ar údaráis rialaithe agus ar chomhlachtaí rialaithe atá aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear scrúduithe ar an láthair a dhéanamh; agus

(ii) 

leis na rialuithe agus gníomhaíochtaí eile a bheidh le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus ag na comhlachtaí rialaithe sin.

8.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear bearta i bhfeidhm i gcásanna ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh nó i gcásanna neamhchomhlíonta, go háirithe iad siúd lena ndéanfar difear do shláine táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú arna n-allmhairiú faoin aitheantas dá bhforáiltear san Airteagal seo. Ar na bearta sin, féadfar a áireamh go háirithe go ndéanfar sláine táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú a fhíorú sula gcuirfear na táirgí ar an margadh laistigh den Aontas agus, más iomchuí, an t-údarú chun táirgí den sórt sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú a chur ar fionraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

9.  
Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cleachtais mhíchothroma nó ar chleachtais nach bhfuil i gcomhréir leis na prionsabail agus rialacha maidir le táirgeadh orgánach, cosaint mhuinín na dtomhaltóirí nó cosaint iomaíochta cothroime idir oibreoirí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 55(3) chun na bearta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a thógáil nó chun cinneadh a dhéanamh maidir le haitheantas na n-údarás rialaithe nó na gcomhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aistarraingt.

Airteagal 47

Coibhéis faoi chomhaontú trádála

Tríú tír aitheanta dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) d’Airteagal 45(1), is tríú tír í ar aithin an tAontas í faoi chomhaontú trádála mar thír ina bhfuil córas maidir le táirgeadh a chomhlíonann na cuspóirí céanna agus na prionsabail chéanna trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear an ráta dearbhaithe comhréireachta céanna a áirithítear leis na cinn atá ag an Aontas.

Airteagal 48

Coibhéis faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

1.  
Tríú tír aitheanta dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 45(1), is tríú tír í a aithníodh chun críocha coibhéise faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, lena n-áirítear iad siúd a aithnítear faoin mbeart idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 58 den Rialachán seo.

Rachaidh an t-aitheantas sin in éag ar an ►M3  31 Nollaig 2026 ◄ .

2.  
Ar bhonn tuarascálacha bliantúla atá le seoladh chuig an gCoimisiún, faoin 31 Márta gach bliain, ag na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na mbeart rialaithe arna mbunú acu, agus i bhfianaise aon fhaisnéise eile a gheofar, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na tríú tíortha aitheanta trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an aitheantas a tugadh dóibh. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ó na Ballstáit. Cinnfear cineál na maoirseachta ar bhonn measúnú ar an dóchúlacht go mbeidh neamhchomhlíonadh ann, agus aird á tabhairt go háirithe ar líon na n-onnmhairí chuig an Aontas ón tríú tír lena mbaineann, ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta arna ndéanamh ag an údarás inniúil agus ar thorthaí na rialuithe sin a rinneadh roimhe sin. Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go rialta maidir le toradh an athbhreithnithe.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta de na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus féadfaidh sé an liosta sin a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

4.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 54 mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo i ndáil leis an bhfaisnéis nach mór do thríú tíortha a liostaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo a sheoladh agus a bhfuil gá leis chun go ndéanfadh an Coimisiún maoirseacht ar a n-aitheantas, chomh maith le feidhmiú na maoirseachta sin ag an gCoimisiún, lena n-áirítear trí bhíthin scrúduithe ar an láthair.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear bearta i bhfeidhm i gcásanna ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh nó i gcásanna neamhchomhlíonta go háirithe iad siúd lena ndéanfar difear do shláine táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú arna n-allmhairiú faoin aitheantas dá bhforáiltear san Airteagal seo. Ar na bearta sin, féadfar a áireamh go háirithe go ndéanfar sláine táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú a fhíorú sula gcuirfear na táirgí ar an margadh laistigh den Aontas agus, más iomchuí, an t-údarú chun táirgí den sórt sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú a chur ar fionraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 49

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 47 agus le hAirteagal 48 a chur i bhfeidhm

Faoin ►M3  31 Nollaig 2022 ◄ , déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le hAirteagal 47 agus le hAirteagal 48 a chur i bhfeidhm, go háirithe i dtaca le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha chun críche coibhéise.



CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA GINEARÁLTA



ROINN 1

Saorghluaiseacht táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú

Airteagal 50

Gan toirmeasc ná srian a chur ar mhargú táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú

Ní chuirfear údaráis inniúla, údaráis rialaithe ná comhlachtaí rialaithe, ar fhorais a bhaineann le táirgeadh, le lipéadú nó le cur i láthair na dtáirgí, toirmeasc nó srian a chur ar mhargú táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú atá faoi réir rialú ag údarás inniúil, údarás rialaithe ná comhlacht rialaithe eile atá lonnaithe i mBallstát eile, nuair a chomhlíonann na táirgí sin an Rialachán seo. Go háirithe, ní dhéanfar aon rialuithe oifigiúla ná gníomhaíochtaí oifigiúla eile seachas iad sin faoi Rialachán (AE) 2017/625 a dhéanamh agus ní dhéanfar aon táillí ar rialuithe oifigiúla ná gníomhaíochtaí oifigiúla eile seachas iad siúd dá bhforáiltear i gCaibidil VI den Rialachán sin a bhailiú.



ROINN 2

Faisnéis, tuairisciú agus maoluithe gaolmhara

Airteagal 51

Faisnéis a bhaineann leis an earnáil orgánach agus trádáil

1.  
Gach bliain, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm. Bunófar faisnéis den sórt seo ar fhoinsí seanbhunaithe sonraí a oiread agus is féidir. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na riachtanais sonraí atá ag foinsí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann agus na sineirgí atá eatarthu, go háirithe, i gcás inarb iomchuí, úsáid na bhfoinsí sin chun críocha staidrimh.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcóras a úsáidfear chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur, sonraí na faisnéise atá le tarchur, agus an dáta faoina bhfuil an fhaisnéis sin le tarchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

Airteagal 52

Faisnéis a bhaineann leis na húdaráis inniúla, údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe

1.  

Coimeádfaidh na Ballstát liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta, ar a mbeidh:

(a) 

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil; agus

(b) 

ainmneacha, seoltaí agus códuimhreacha na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe.

Tarchuirfidh na Ballstáit na liostaí sin agus athrú ar bith a dhéantar orthu chuig an gCoimisiún agus cuirfidh siad ar fáil don phobal iad, seachas i gcás ina bhfuil tarchur agus foilsiú mar sin déanta cheana i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2017/625.

2.  
Bunaithe ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoi mhír 1, déanfaidh an Coimisiún liosta uasdátaithe na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a fhoilsiú ar an idirlíon go rialta.

Airteagal 53

Maoluithe, údaruithe agus tuarascáil

1.  
Rachaidh na maoluithe ar ábhar atáirgthe plandaí orgánach agus ainmhithe a úsáid, dá bhforáiltear faoi phointe 1.8.5 de chuid I d’Iarscríbhinn II, agus faoi phointe 1.3.4.3 agus 1.3.4.4 de chuid II d’Iarscríbhinn II cé is moite de phointe 1.3.4.4.2 de chuid II d’Iarscríbhinn II, in éag ar an ►M3  31 Nollaig 2036 ◄ .
2.  

Ón ►M3  1 Eanáir 2029 ◄ , bunaithe ar na conclúidí maidir le hábhar atáirgthe plandaí orgánach agus ainmhithe a bheith ar fáil mar a cuireadh i láthair sa tuarascáil dá bhforáiltear i mír 7 den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear an Rialachán seo trí:

(a) 

deireadh a chur, leis na maoluithe dá dtagraítear i bpointe 1.8.5 de Chuid I d’Iarscríbhinn II agus i bpointe 1.3.4.3 agus i bpointe 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II, cé is moite de phointe 1.3.4.4.2 de Chuid II d’Iarscríbhinn II, nó síneadh a chur leo go ar an ►M3  31 Nollaig 2036 ◄ ; nó

(b) 

deireadh a chur leis an maolú dá dtagraítear i bpointe 1.3.4.4.2 de Chuid II d’Iarscríbhinn II.

3.  
Ón ►M3  1 Eanáir 2027 ◄ , beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 54 lena leasaítear pointe (b) d’Airteagal 26(2) go leathnófaí raon na gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 26(2) chun go gcuimseofaí ann eireoga, agus pointe 1.3.4.3 de Chuid II d’Iarscríbhinn II„ ionas go mbunófaí na maoluithe a bhaineann le heireoga ar na sonraí a bhaileofar i gcomhréir leis an gcóras seo.
4.  
Ón ►M3  1 Eanáir 2026 ◄ , beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 54 bunaithe ar an bhfaisnéis, arna cur ar fáil ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo nó a cuireadh i láthair sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, maidir le hinfhaighteacht beatha orgánach próitéine chun éanlaith chlóis agus muc-ainmhithe a bheathú, dar críoch a údarú go n-úsáidfear beatha neamhorgánach próitéine i gcothú éanlaith chlóis agus muc-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe 1.9.3.1(c) agus 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II ag data níos luaithe ná an ►M3  31 Nollaig 2026 ◄ nó á shíneadh tar éis an dáta sin.
5.  
Ní chuirfidh an Coimisiún síneadh leis na maoluithe nó leis an húdaruithe dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4 ach amháin má bhíonn faisnéis aige, go háirithe faisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le mír6, lena ndearbhaítear nach bhfuil an ábhar atáirgthe plandaí orgánach, an ainmhí nó an bheatha lena mbaineann ar fáil ar margadh an Aontais.
6.  

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile:

(a) 

an fhaisnéis atá sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26(1), agus sna córais dá dtagraítear in Airteagal 26(2) agus, i gcás inarb ábhartha, sna córais dá dtagraítear in Airteagal 26(3);

(b) 

faisnéis a bhaineann leis na maoluithe a ceadaíodh i gcomhréir le pointe 1.8.5 de Chuid I d’Iarscríbhinn II agus pointe 1.3.4.3 agus pointe 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II; agus

(c) 

faisnéis faoi bheatha orgánach próitéine d’éanlaith chlóis agus do mhuc-ainmhithe a bheith ar fáil ar mhargadh an Aontais agus faoi na húdaruithe a ceadaíodh i gcomhréir le pointe 1.9.3.1(c) agus pointe 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II.

7.  

Faoin ►M3  31 Nollaig 2026 ◄ , tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hinfhaighteacht na nithe seo a leanas ar mhargadh an Aontais agus, más ábhartha, ar na cúiseanna nach bhfuil ach rochtain theoranta orthu:

(a) 

ábhar atáirgthe plandaí orgánach,

(b) 

ainmhithe orgánacha a chuimsítear sna maoluithe dá dtagraítear i bpointe 1.3.4.3 agus i bpointe 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II,

(c) 

beatha orgánach próitéine chun éanlaith chlóis agus muc-ainmhithe a bheathú faoi réir na húdaruithe dá dtagraítear i bpointe 1.9.3.1(c) agus i bpointe 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II.

Agus an tuarascáil seo á hullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go háirithe na sonraí a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus an fhaisnéis a bhaineann leis an maoluithe agus na húdaruithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.



CAIBIDIL IX

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA



ROINN 1

Forálacha nós imeachta

Airteagal 54

An maolú a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a chumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(6), Airteagal 9(11), Airteagal 10(5), Airteagal 12(2), Airteagal 13(3), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2), Airteagal 16(2), Airteagal 17(2), Airteagal 18(2), Airteagal 19(2), Airteagal 21(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(2), Airteagal 24(6), Airteaga 30(7), Airteagal 32(4), Airteagal 33(6), Airteagal 34(8), Airteagal 35(9), Airteagal 36(3), Airteagal 38(8), Airteagal 40(11), Airteagal 44(2), Airteagal 46(7), Airteagal 48(4), Airteagal 53(2), (3) agus (4), Airteagal 57(3) agus Airteagal 58(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Eanáir 2021. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(6), Airteagal 9(11), Airteagal 10(5), Airteagal 12(2), Airteagal 13(3), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2), Airteagal 16(2), Airteagal 17(2), Airteagal 18(2), Airteagal 19(2), Airteagal 21(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(2), Airteagal 24(6), Airteagal 30(7), Airteagal 32(4), Airteagal 33(6), Airteagal 34(8), Airteagal 35(9), Airteagal 36(3), Airteagal 38(8), Airteagal 40(11), Airteagal 44(2), Airteagal 46(7), Airteagal 48(4), Airteagal 53(2), (3) agus (4), Airteagal 57(3) agus Airteagal 58(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirtear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith a bheidh i bhfeidhm cheana féin.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(6), Airteagal 9(11), Airteagal 10(5), Airteagal 12(2), Airteagal 13(3), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2), Airteagal 16(2), Airteagal 17(2), Airteagal 18(2), Airteagal 19(2), Airteagal 21(1), Airteagal 22(1), Airteagal 23(2), Airteagal 24(6), Airteagal 30(7), Airteagal 32(4), Airteagal 33(6), Airteagal 34(8), Airteagal 35(9), Airteagal 36(3), Airteagal 38(8), Airteagal 40(11), Airteagal 44(2), Airteagal 46(7), Airteagal 48(4), Airteagal 53(2), (3) agus (4), Airteagal 57(3) agus Airteagal 58(2) i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 55

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste darb ainm “An Coiste um Tháirgeadh Orgánach cúnamh don Choimisiún”. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.
4.  
I gcás nach dtugann an Coiste tuairim ar bith uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 182/2011.



ROINN 2

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 56

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

Beidh feidhm ag an Rialachán sin, áfach, chun críocha an scrúdú ar iarratais atá ar feithimh ó thríú tíortha a chur i gcrích, mar a fhoráiltear in Airteagal 58 den Rialachán seo.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 57

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá aitheanta faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

1.  
Rachaidh an t-aitheantas a tugadh d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe a cheadaítear faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 in éag faoin ►M3  31 Nollaig 2024 ◄ .
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta de na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá aitheanta faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a bhunú agus féadfaidh sé an liosta sin a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

3.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo i ndáil leis an bhfaisnéis nach mór do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a sheoladh agus a bhfuil gá leis chun go ndéanfadh an Coimisiún maoirseacht ar a n-aitheantas, chomh maith le feidhmiú na maoirseachta sin ag an gCoimisiún, lena n-áirítear trí bhíthin scrúduithe ar an láthair.

Airteagal 58

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le hiarratais ó thríú tíortha a thíolactar faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

1.  
Déanfaidh an Coimisiún an scrúdú ar iarratais ó thríú tíortha a thíolactar faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 atá ar feitheamh an 17 Meitheamh 2018 a chur i gcrích. Beidh feidhm ag an Rialachán sin maidir le hiarratais den sórt sin a scrúdú.
2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 54 mar fhorlíonadh leis an Rialachán seo trí rialacha nós imeachta a leagan síos a bhfuil gá leo chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a scrúdú, lena n-áirítear an fhaisnéis nach mór do thríú tíortha a thíolacadh.

Airteagal 59

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an gcéad aitheantas arna dhéanamh ag na húdaráis rialaithe agus ag na comhlachtaí rialaithe

De mhaolú ar an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 61, beidh feidhm ag Airteagal 46 ón 17 Meitheamh 2018 a mhéid a bhfuil gá leis ionas gur féidir aitheantas pras a thabhairt ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe.

Airteagal 60

Bearta idirthréimhseacha le haghaidh stoc de tháirgí orgánacha a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

Táirgí a tháirgfear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 roimh an ►M3  1 Eanáir 2022 ◄ , féadfar iad a chur ar an margadh tar éis an dáta sin go dtí go n-ídeofar na stoic.

Airteagal 61

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M3

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ EILE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

— 
Giostaí a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha,
— 
maité, grán milis, duilleoga fíniúna, croíthe pailme, buinneáin leannlusanna agus codanna inite comhchosúla eile de phlandaí agus de tháirgí a tháirgtear astu,
— 
salann farraige agus salainn eile le haghaidh bia agus beatha,
— 
cocúin seiriceán atá oiriúnach lena dtochras,
— 
gumaí agus roisín nádúrtha,
— 
céir bheach,
— 
blátholaí,
— 
stopalláin choirc déanta as corc nádúrtha, gan a bheith ceirtleánaithe agus gan aon substaintí táthaithe,
— 
cadás nach bhfuil cardáilte ná cíortha,
— 
olann nach bhfuil cardáilte ná cíortha,
— 
seithí amha agus craicne neamhchóireáilte,
— 
ullmhóidí luibhe traidisiúnta planda-bhunaithe.




IARSCRÍBHINN II

RIALACHA TÁIRGTHE MIONSONRAITHE DÁ DTAGRAÍTEAR I GCAIBIDIL III

Cuid I: Rialacha maidir le táirgeadh plandaí

Chomh maith leis na rialacha táirgthe a leagtar síos in Airteagal 9 go hAirteagal 12, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh plandaí orgánacha.

1.   Ceanglais ghinearálta

1.1.

Fásfar barra orgánacha, cé is moite de bharra a fhástar in uisce go nádúrtha, in ithir bheo nó in ithir bheo a mheasctar nó a leasaítear le hábhair agus le táirgí a cheadaítear sa táirgeadh orgánach i gcomhréir leis an bhfo-ithir agus leis an mbuncharraig.

1.2.

Tá toirmeasc ar tháirgeadh hidreaponach, ar modh é chun plandaí a fhás, ar plandaí iad nach bhfásann go nádúrtha in uisce, lena bhfréamhacha i dtuaslagán cothaitheach amháin, nó i meán támh ina gcuirtear tuaslagán cothaitheach.

▼M7

1.3.

De mhaolú ar phointe 1.1, ceadófar an méid seo a leanas:

(a) 

táirgeadh síolta péactha, lena n-áirítear bachlóga, buinneáin agus biolar, a mhaireann ar na taiscí cothaitheacha atá le fáil sna síolta, agus ar na taiscí sin amháin, trína dtaisiú in uisce glan, ar choinníoll go bhfuil na síolta orgánach. Toirmiscfear úsáid damhna fáis, seachas damhna támh a úsáid arb é is aidhm dó na síolta a choinneáil tais, i gcás ina bhfuil comhábhair an damhna tháimh sin údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 24;

(b) 

cinn siocaire a fháil, lena n-áirítear trína dtumadh in uisce glan, ar choinníoll go bhfuil an t-ábhar atáirgthe plandaí orgánach. Ní cheadófar úsáid damhna fáis ach amháin má údaraítear a chomhábhair i gcomhréir le hAirteagal 24.

▼B

1.4.

De mhaolú ar phointe 1.1, ceadófar na cleachtais seo a leanas:

(a) 

plandaí a fhás le haghaidh plandaí ornáideacha agus luibheanna i bpótaí a tháirgeadh, a dhíolfar in éineacht leis an bpota leis an tomhaltóir deiridh;

(b) 

síológa nó athphlandaí a fhás i gcoimeádáin le go n-athphlandálfar arís iad ina dhiaidh sin.

1.5.

De mhaolú ar phointe 1.1, ní cheadófar barra a fhás i gceapacha línithe ach amháin san Fhionlainn, sa tSualainn agus sa Danmhairg i gcás dromchlaí a deimhníodh mar dhromchlaí orgánacha don chleachtas sin roimh an 28 Meitheamh 2017. Ní cheadófar leathnú ar bith ar na dromchlaí sin.

Rachaidh an maolú seo in éag ar an ►M3  31 Nollaig 2031 ◄ .

Ón ►M3  31 Nollaig 2026 ◄ tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le ceapacha línithe a úsáid sa talmhaíocht orgánach. Féadfaidh togra reachtach maidir le ceapacha línithe a úsáid sa talmhaíocht orgánach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

1.6.

Coiscfidh na teicnící go léir a úsáidtear chun plandaí a tháirgeadh éilliú an chomhshaoil, nó íoslaghdóidh siad éilliú an chomhshaoil.

1.7.

Tiontú

1.7.1. Má táthar chun a mheas gur plandaí agus táirgí plandaí orgánacha atá i gceist, ní mór go mbeadh feidhm ag na rialacha táirgthe a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le na dáileachtaí le linn tréimhse tiontaithe 2 bhliain ar a laghad roimh síolta a chur, nó le linn tréimhse 2 bhliain ar a laghad sula n-úsáidtear mar bheatha orgánach iad i gcás féarthalamh, nó, foráiste ilbhliantúil, nó le linn tréimhse 3 bliana ar a laghad roimh shábháil na dtáirgí orgánacha den chéad uair i gcás barra ilbhliantúla nach foráiste iad.

1.7.2. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh síneadh a chur leis an tréimhse tiontaithe don talamh nó do na dáileachtaí lena mbaineann le go mbeidh sí níos faide ná an tréimhse tiontaithe dá dtagraítear i bpointe 1.7.1 i gcásanna inar éillíodh an talamh nó ceann amháin nó níos mó de na dáileachtaí le táirgí nó substaintí nár údaraíodh lena úsáid i dtáirgeadh orgánach.

1.7.3. Teastóidh tréimhse tiontaithe nua i gcomhréir le pointe 1.7.1 ón údarás inniúil i gcás inar baineadh úsáid as táirge nó substaint nár údaraíodh lena úsáid i dtáirgeadh orgánach.

Féadfar an tréimhse sin a ghiorrú sa dá chás seo a leanas:

(a) 

úsáid táirge nó substaint nár údaraíodh lena úsáid i dtáirgeadh orgánach mar chuid de bheart rialaithe éigeantach in aghaidh lotnaidí nó fiailí, lena n-áirítear orgánaigh coraintín nó speicis ionracha, arna bhforchur ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann;

(b) 

úsáid táirge nó substaint nár údaraíodh lena úsáid i dtáirgeadh orgánach mar chuid de thástálacha eolaíochta arna bhformheas ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

1.7.4. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 1.7.2 agus i bpointe 1.7.3, cuirfear na ceanglais seo a leanas san áireamh agus fad na tréimhse tiontaithe á shocrú:

(a) 

ní foláir urramú go mbeidh leibhéal neamhshuntasach fuíll san ithir tar éis phróiseas díghrádaithe an táirge nó substaint lena mbaineann ag deireadh na tréimhse tiontaithe, nó sa phlanda i gcás barr ilbhliantúil;

(b) 

ní fhéadfar an barr i ndiaidh na cóireála a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha ná mar tháirgí atá á dtiontú.

1.7.4.1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir le cinneadh ar bith a dhéanann siad lena leagtar síos bearta éigeantacha a bhaineann le cóireáil a dhéanamh le táirge nó substaint nach bhfuil údaraithe lena úsáid i dtáirgeadh orgánach.

1.7.4.2. I gcás cóireáil a dhéantar le táirge nó substaint nár údaraíodh lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, ní bheidh feidhm ag pointe 1.7.5(b).

1.7.5. I gcás talún a bhfuil baint acu le táirgeadh beostoic orgánaigh:

(a) 

Beidh feidhm ag na rialacha tiontaithe ar limistéar iomlán an aonaid táirgthe ar a bhfuil beatha ainmhithe á tháirgeadh;

(b) 

D’ainneoin pointe (a), féadfar an tréimhse tiontaithe a laghdú go 1 bhliain amháin i gcás féarach agus limistéir amuigh faoin aer atá á n-úsáid ag speicis nach luibhiteoirí iad.

1.8.

Tionscnamh plandaí lena n-áirítear ábhar atáirgthe plandaí

1.8.1. Maidir le plandaí agus táirgí plandaí a tháirgeadh seachas ábhar atáirgthe plandaí, ní úsáidfear ach ábhar atáirgthe plandaí orgánach.

1.8.2. Chun ábhar orgánach atáirgthe plandaí a fháil atá beartaithe le táirgí a tháirgeadh nach ábhar atáirgthe plandaí iad, táirgfear an máthairphlanda agus, nuair is ábhartha, plandaí eile atá beartaithe le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo ar feadh aon ghlúin amháin ar a laghad, nó ar feadh aon ghlúin amháin ar a laghad le linn dhá shéasúr fáis i gcás barr ilbhliantúil.

1.8.3. Nuair a roghnaíonn oibreoirí ábhar atáirgthe plandaí orgánach, tabharfaidh siad tús áite d’ábhar atáirgthe plandaí orgánach atá feiliúnach don talmhaíocht orgánach.

1.8.4. Maidir le cineálacha orgánacha a tháirgeadh atá oiriúnach do tháirgeadh orgánach, déanfar na gníomhaíochtaí pórúcháin orgánaigh faoi chúinsí orgánacha agus díreofar ar an éagsúlacht ghéiniteach a fheabhsú, ar spleáchas ar chumas nádúrtha atáirgthe, ar fheidhmiú agranamaíoch, ar fhrithsheasmhacht in aghaidh galar agus ar oiriúnú d’ithreacha áitiúla éagsúla agus do dhálaí aeráide.

Déanfar bainistiú orgánach deimhnithe ar chleachtais iolrúcháin uile seachas cultúr míristéama.

1.8.5. Ábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú agus ábhar atáirgthe neamhorgánach a úsáid

▼M4

1.8.5.1.  ►M11  De mhaolú ar phointe 1.8.1, i gcás ina léiríonn na sonraí a bhailítear sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26 (1) nó na córais dá dtagraítear in Airteagal 26(2) nach gcomhlíontar riachtanais cháilíochtúla ná chainníochtúla an oibreora maidir leis an ábhar atáirgthe plandaí orgánach ábhartha, féadfaidh an t-oibreoir ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach atá á thiontú a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 10(4), an dara mír, pointe (a), nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6. ◄

▼M11

Thairis sin, i gcás nach bhfuil síológa orgánacha ar fáil, féadfar úsáid a bhaint as ‘síológa atá á dtiontú’, a mhargaítear i gcomhréir le hAirteagal 10(4), an dara mír, pointe (a), i gcás ina bhfástar ar an mbealach seo a leanas iad:

(a) 

trí thimthriall saothrúcháin ó shíolta go síológa deiridh a sheasann ar feadh 12 mhí ar dháileacht talún a bhfuil, le linn na tréimhse céanna, tréimhse thiontúcháin 12 mhí ar a laghad curtha isteach ina leith; nó

(b) 

ar dháileacht talún orgánach nó atá á tiontú nó i gcoimeádáin más rud é go gcumhdaítear iad leis an maolú dá dtagraítear i bpointe 1.4, ar choinníoll gur ó shíolta atá á dtiontú a thagann na síolta, agus gur síolta iad a shábháiltear ó phlanda a d’fhás ar dháileacht talún a bhfuil tréimhse thiontúcháin 12 mhí ar a laghad curtha isteach ina leith.

▼M11

I gcás nach bhfuil ábhar atáirgthe plandaí chun go bhféadfaí ábhar atáirgthe plandaí orgánach nó atá á thiontú nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6 ar fáil ar cháilíocht leordhóthanach nó i gcainníocht leordhóthanach chun riachtanais an oibreora a chomhlíonadh, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid ábhair atáirgthe plandaí neamhorgánaigh a údarú faoi réir phointí 1.8.5.3. go 1.8.5.8.

Ní eiseofar an t-údarú sin ach amháin i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(a) 

nach bhfuil aon chineál den speiceas is mian leis an oibreoir a fháil cláraithe sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26(1) ná sna córais dá dtagraítear in Airteagal 26(2);

(b) 

nach féidir le haon oibreoir, a mhargaíonn ábhar atáirgthe plandaí, an t-ábhar atáirgthe plandaí orgánach nó atá á thiontú nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6 a sheachadadh go tráthúil lena chur nó lena phlandú i gcásanna inar ordaigh an t-úsáideoir an t-ábhar atáirgthe plandaí in am réasúnta chun go bhféadfaí ábhar atáirgthe plandaí orgánach nó atá á thiontú nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6 a ullmhú agus a sholáthar;

(c) 

i gcás nach bhfuil an cineál is mian leis an oibreoir a fháil cláraithe mar ábhar atáirgthe plandaí orgánach nó atá á thiontú nó mar ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6 sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26(1) ná sna córais dá dtagraítear in Airteagal 26(2) agus ina bhfuil an t-oibreoir ina ann a léiriú nach n-oireann aon cheann de na hábhair mhalartacha den speiceas céanna go háirithe do na dálaí agranamaíocha agus peidichlíomacha agus do na hairíonna teicneolaíochta riachtanacha chun go bhféadfaí dul i mbun táirgthe;

(d) 

i gcás ina bhfuil údar cuí lena úsáid i dtaighde, lena thástáil i dtrialacha allamuigh ar mhionscála, chun críocha éagsúla caomhnaithe nó le haghaidh nuálaíocht táirge agus ina gcomhaontaíonn údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.

Sula n-iarrann oibreoirí an t-údarú sin, ceadóidh siad an bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26(1) nó na córais dá dtagraítear in Airteagal 26(2) chun a fhíorú an bhfuil ábhar atáirgthe plandaí ábhartha orgánach nó atá á tiontú nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6, an bhfuil an t-ábhar sin ar fáil, agus ar an gcaoi sin an bhfuil údar cuí lena iarraidh.

▼M4

When in compliance with Article 6 (i) operators may use both organic and in-conversion plant reproductive material obtained from their own holding, irrespective of the qualitative and quantitative availability according to the database referred to in Article 26(1) or the system referred to in point (a) of Article 26(2).

1.8.5.2.  ►M11  De mhaolú ar phointe 1.8.1, féadfaidh oibreoirí i dtríú tíortha ábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 10(4), an dara fomhír, pointe (a), nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6 nuair is é is údar cuí leis an méid sin nach bhfuil ábhar atáirgthe plandaí orgánach ar fáil ar cháilíocht leordhóthanach nó i gcainníocht leordhóthanach ar chríoch an tríú tír ina bhfuil an t-oibreoir lonnaithe. ◄

Without prejudice to relevant national rules, operators in third countries may use both organic and in-conversion plant reproductive material obtained from their own holding.

▼M11

Féadfaidh údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1), údarú a thabhairt d’oibreoirí i dtríú tíortha go n-úsáidfí ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach in aonad táirgthe orgánach nuair nach bhfuil ábhar atáirgthe plandaí orgánach nó atá á thiontú nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6 ar fáil nó nuair nach bhfuil sé ar fáil ar cháilíocht nó i gcainníocht leordhóthanach ar chríoch tríú tír ina bhfuil an t-oibreoir lonnaithe faoi na coinníollacha a leagtar amach faoi phointí 1.8.5.3, 1.8.5.4, 1.8.5.5 agus 1.8.5.8.

▼M4

1.8.5.3. Non-organic plant reproductive material shall not be treated after harvest with plant protection products other than those authorised for the treatment of plant reproductive material in accordance with Article 24(1) of this Regulation, unless chemical treatment has been prescribed in accordance with Regulation (EU) 2016/2031 for phytosanitary purposes by the competent authorities of the Member State concerned for all varieties and heterogeneous material of a given species in the area in which the plant reproductive material is to be used.

Where the non-organic plant reproductive material treated with the prescribed chemical treatment referred to in the first paragraph is used, the parcel on which the treated plant reproductive material is growing shall be subject, where appropriate, to a conversion period as provided in points 1.7.3 and 1.7.4.

1.8.5.4. The authorisation to use non-organic plant reproductive material shall be obtained before the sowing or planting of the crop.

1.8.5.5. The authorisation to use non-organic plant reproductive material shall be granted to individual users for one season at a time, and the competent authorities, control authority or body responsible for authorisations shall list the quantities of the authorised plant reproductive material.

▼M4

1.8.5.6. The competent authorities of the Member States shall create an official list of species, subspecies or varieties (grouped if applicable) for which it is established that organic or in-conversion plant reproductive material is available in sufficient quantities and for the appropriate varieties in their territory. No authorisations shall be issued for the species, subspecies or varieties included in that list in the territory of the Member State concerned pursuant to point 1.8.5.1 unless these are justified by one of the purposes referred to in point 1.8.5.1(d). If the quantity or quality of organic or in-conversion plant reproductive material available for a species, subspecies or variety on the list turns out to be insufficient or inappropriate, due to exceptional circumstances, the competent authorities of the Member States may remove a species, subspecies or variety from the list.

The competent authorities of the Member States shall keep their list updated on an annual basis and shall make that list publicly available.

By 30 June each year and for the first time by 30 June 2022, the competent authorities of the Member States shall transmit to the Commission and to the other Member States the link to the internet website where the updated list is made publicly available. The Commission shall publish the links to the national updated lists on a dedicated website.

1.8.5.7. By way of derogation from point 1.8.5.5, the competent authorities of the Member States may annually grant a general authorisation to all operators concerned for the use of:

(a) 

a given species or subspecies when and in so far as no variety is registered in the database referred to in Article 26(1) or the system referred to in point (a) of Article 26(2);

(b) 

for a given variety when and in so far as the conditions laid down in point 1.8.5.1(c) are fulfilled.

When using a general authorisation, operators shall keep records of the quantity used and competent authority responsible for authorisations shall list the quantities of authorised non-organic plant reproductive material.

The competent authorities of the Member States shall keep the list of species, subspecies or varieties for which a general authorisation is issued updated on an annual basis and shall make that list publicly available.

By 30 June each year and for the first time by 30 June 2022, the competent authorities of the Member States shall transmit to the Commission and to the other Member States the link to the internet website where the updated list is made publicly available. The Commission shall publish the links to the national updated lists on a dedicated website.

▼M11

1.8.5.8. Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla úsáid síológ neamhorgánach a údarú i gcás síológa speiceas a mbíonn timthriall saothrúcháin a thugtar i gcrích laistigh de shéasúr fáis amháin, ó athphlandú na síolóige go sábháil an táirge den chéad uair.

1.8.6. Féadfaidh údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1), údarú a thabhairt d’oibreoirí a tháirgeann ábhar atáirgthe plandaí atá lena úsáid sa táirgeadh orgánach úsáid a bhaint as ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach, nuair nach bhfuil máthairphlandaí ná, i gcás inarb ábhartha, plandaí eile atá ceaptha le haghaidh táirgeadh ábhar atáirgthe plandaí agus a tháirgtear i gcomhréir le pointe 1.8.2 ar fáil i gcainníocht leordhóthanach nó ar cháilíocht leordhóthanach, agus an t-ábhar sin a chur ar an margadh lena úsáid sa táirgeadh orgánach ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach gcóireáiltear ábhar neamhorgánach atáirgthe plandaí le táirgí cosanta plandaí tar éis a mbaint, le táirgí cosanta plandaí cé is moite díobh sin a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán seo, ach amháin i gcás ina fhorordaíonn údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann cóireáil cheimiceach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 chun críoch fíteashláintíochta le haghaidh gach speicis agus ábhar ilchineálach speicis ar leith sa limistéar ina mbeidh an t-ábhar atáirgthe plandaí á úsáid. I gcás ina n-úsáidtear ábhar neamhorgánach atáirgthe plandaí a chóireáiltear leis an gcóireáil cheimiceach fhorordaithe sin, beidh an dáileacht talún ar a bhfuil an t-ábhar atáirgthe plandaí cóireáilte ag fás faoi réir, i gcás inarb iomchuí, tréimhse tiontaithe dá bhforáiltear i bpointí 1.7.3 agus 1.7.4;

(b) 

maidir leis an ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach a úsáidtear, ní hé a bheidh ann síológ speiceas a mbíonn timthriall saothrúcháin curtha i gcrích ina leith laistigh de shéasúr fáis amháin, ó athphlandú na síolóige go sábháil an táirge den chéad uair;

(c) 

fástar an t-ábhar atáirgthe plandaí i gcomhréir le gach ceanglas eile maidir le táirgeadh plandaí orgánacha atá ábhartha;

(d) 

gheofar an t-údarú ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach a úsáid roimh chur nó plandú an bhairr;

(e) 

an t-údarás inniúil, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe atá freagrach as an údarú, ní dheonóidh sé an t-údarú ach d’úsáideoirí aonair agus le haghaidh séasúr amháin ag an am, agus liostóidh sé cainníochtaí an ábhair atáirgthe plandaí a údaraítear;

(f) 

de mhaolú ar phointe (e), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú ginearálta a dheonú go bliantúil maidir le speiceas nó fospeiceas nó cineál ábhair neamhorgánaigh a úsáid agus liosta de na speicis, fospeicis nó cineálacha a chur ar fáil go poiblí agus é a choimeád cothrom le dáta ar bhonn bliantúil. Sa chás sin, liostóidh na húdaráis inniúla sin cainníochtaí an ábhair atáirgthe plandaí neamhorgánach a údaraítear;

(g) 

na húdaruithe a dheonaítear i gcomhréir leis an mír seo, rachaidh siad in éag an 31 Nollaig 2036.

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, agus den chéad uair faoin 30 Meitheamh 2023, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin bhfaisnéis maidir leis na húdaruithe a dheonaítear i gcomhréir leis an gcéad mhír.

Na hoibreoirí a tháirgeann agus a mhargaíonn an t-ábhar atáirgthe plandaí i gcomhréir leis an gcéad mhír, ceadófar dóibh a phoibliú, ar bhonn deonach, an fhaisnéis ábhartha shonrach maidir le hinfhaighteacht an ábhair atáirgthe plandaí sin sna córais náisiúnta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 26(2). Oibreoirí a roghnaíonn an fhaisnéis sin a chur isteach, áiritheoidh siad go ndéanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta agus go mbainfear amach as na córais náisiúnta í nuair nach mbeidh fáil ar an ábhar atáirgthe plandaí a thuilleadh. Agus iad ag brath ar an údarú ginearálta dá dtagraítear i bpointe (f), coinneoidh na hoibreoirí taifid ar an gcainníocht a úsáidtear.

▼B

1.9.

Bainistíocht ithreach agus leasú

1.9.1. Agus plandaí orgánacha á dtáirgeadh, bainfear úsáid as cleachtais churaíochta agus shaothraithe a chaomhnaíonn nó a mhéadaíonn an t-ábhar orgánach san ithir, a chuireann le cobhsaíocht agus bithéagsúlacht ithreach, agus a choisceann stuáil agus creimeadh ithreach.

1.9.2. Déanfar gníomhaíocht bhitheolaíoch na hithreach agus torthúlacht na hithreach a chothabháil agus a mhéadú

(a) 

cuirfear uainíocht barr ilbhliantúil i bhfeidhm, agus mar chuid de sin, beidh sé éigeantach barra léagúmacha a fhás mar phríomhbharr nó mar bharr cumhdaigh do na barra uainíochta agus do bharra aoiligh glasa eile, seachas i gcás féaraigh nó foráiste ilbhliantúil;

(b) 

i gcás tithe gloine nó barra ilbhliantúla seachas foráiste, úsáidfear barra aoiligh glasa gearrthéarmacha agus glasraí léagúmacha agus bainfear úsáid as bithéagsúlacht plandaí; agus

(c) 

I ngach cás úsáidfear aoileach beostoic nó ábhar orgánach, iad araon múirínithe más féidir, ó tháirgeadh orgánach.

1.9.3. I gcás nach féidir freastal ar riachtanais chothaithe plandaí leis na bearta dá bhforáiltear i bpointe 1.9.1 agus 1.9.2 ní úsáidfear ach leasacháin agus oiriúntóirí ithreach arna n-údarú de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach, agus ní úsáidfear iad ach a mhéad is gá. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar úsáid na dtáirgí sin, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh gach táirge, ainm an táirge, an méid de a leathadh mar aon leis an mbarr agus na dáileachtaí lena mbaineann. ◄

1.9.4. Ní rachaidh méid iomlán an aoiligh beostoic, mar a shainmhínítear i dTreoir 91/676/CEE ón gComhairle, a úsáidtear ar an aonad táirgthe orgánach agus ar an aonad atá á thiontú, os cionn 170 kg nítrigin in aghaidh na bliana/heicteár an limistéir talmhaíochta in úsáid. Ní bheidh feidhm ag an teorainn sin ach maidir le haoileach, aoileach triomaithe agus aoileach éanlaithe clóis díhiodráitithe, tuar muirínithe ainmhithe, lena n-áirítear aoileach éanlaithe clóis, aoileach muirínithe agus tuar leachtacha ainmhithe a úsáid.

1.9.5. Is féidir le oibreoirí gabháltais talmhaíochta comhaontuithe comhair i scríbhinn a dhéanamh go heisiach le oibreoirí gabháltais agus gnóthais talmhaíochta eile a chomhlíonann na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, agus é ar intinn acu fuílleach aoiligh ó aonaid táirgthe orgánacha a leathadh. Déanfar an uasteorainn dá dtagraítear i bpointe 1.9.4 a ríomh ar bhonn na n-aonad táirgthe orgánach go léir atá páirteach i gcomhar den chineál sin.

1.9.6. Féadfar ullmhóidí de mhiocrorgánaigh a úsáid chun riocht na hithreach ina hiomláine a fheabhsú, nó chun infhaighteacht cothaitheach san ithir nó sna barra a fheabhsú.

1.9.7. Féadfar ullmhóidí iomchuí planda-bhunaithe agus ullmhóidí de mhiocrorgánaigh a úsáid chun múirín a ghníomhachtú.

1.9.8. Ní úsáidfear leasacháin nítrigine mianraí.

1.9.9. Féadfar ullmhóidí bithdhinimiciúla a úsáid.

1.10.

Bainistiú lotnaidí agus fiailí

1.10.1. Beidh an cosc ar dhamáiste de dheasca lotnaidí agus fiailí ag brath go príomha ar an gcosaint ó:

— 
naimhde nádúrtha,
— 
an rogha speicis, éagsúlachtaí agus ábhar ilchineálach,
— 
uainíocht na mbarr,
— 
teicnící saothraithe amhail bitoitriú, modhanna meicniúla agus fisiceacha, agus
— 
próisis theirmeacha amhail grianadh agus, i gcás barra faoi chosaint, galchóireáil éadomhain na hithreach (síos go huasdoimhneacht 10 cm).

1.10.2. I gcás nach bhféadfar dóthain cosanta a thabhairt do phlandaí trí na bearta dá bhforáiltear i bpointe 1.10.1 nó i gcás gur cinnte go bhfuil barra faoi bhagairt, ní úsáidfear ach táirgí agus substaintí arna n-údarú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach, agus iad sin amháin, agus ní úsáidfear iad ach a mhéad is gá. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar an ngá leis na táirgí sin a úsáid, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar úsáideadh gach táirge, ainm an táirge, a shubstaintí gníomhacha, an méid de a leathadh, an barr agus na dáileachtaí lena mbaineann, agus an lotnaid nó an galar atá le rialú. ◄

1.10.3. Maidir le táirgí agus substaintí a úsáidtear i ngaistí nó rannóirí na dtáirgí agus substaintí seachas fearamóin, cuirfidh na gaistí nó na rannóirí cosc ar scaoileadh na dtáirgí agus substaintí sa timpeallacht agus cuirfidh siad cosc ar theagmháil idir na táirgí agus substaintí agus na barra atá á saothrú. Baileofar na gaistí uile, lena n-áirítear na gaistí fearamóin tar éis iad a úsáid, agus diúscrófar ar bhealach sábháilte iad.

1.11.

Táirgí a úsáidtear le haghaidh glantacháin agus díghalraithe

Ní úsáidfear ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 24 chun na críche sin. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar úsáid na dtáirgí sin, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh gach táirge, ainm an táirge, a shubstaintí gníomhacha, agus suíomh a úsáide sin. ◄

1.12.

Oibleagáid chun taifid a choimeád

Coimeádfaidh oibreoirí taifid maidir leis na dáileachtaí lena mbaineann agus ar mhéid an fhómhair. ►M9  Go háirithe, déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar aon ionchur seachtrach eile a úsáideadh i ngach dáileacht agus, i gcás inarb infheidhme, coimeádfaidh siad fianaise dhoiciméadach ar fáil ar aon mhaolú ar rialacha táirgthe a fuarthas i gcomhréir le pointe 1.8.5. ◄

1.13.

Táirgí neamhphróiseáilte a ullmhú

Má dhéantar oibríochtaí ullmhúcháin, seachas próiseáil, ar phlandaí, beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i bpointe 1.2., 1.3, 1.4, 1.5 agus i bpointe 2.2.3 de Chuid IV i leith na hoibríochtaí sin.

2.   Rialacha mionsonraithe do phlandaí agus do tháirgí áirithe plandaí

2.1.   Rialacha maidir le táirgeadh muisiriún

Féadfar substráití a úsáid le haghaidh muisiriúin a tháirgeadh, mura bhfuil iontu ach na comhpháirteanna a leanas:

(a) 

aoileach agus tuartha ainmhithe:

(i) 

ó aonaid táirgthe orgánacha nó ó aonaid atá á dtiontú atá sa dara bliain den tiontú; nó

(ii) 

dá dtagraítear i bpointe 1.9.3, ach amháin mura bhfuil fáil ar an táirge dá dtagraítear i bpointe (i), ar an gcoinníoll nach dtéann an t-aoileach agus na tuartha ainmhithe sin i gceist thar 25 % de mheáchan iomlán chomhpháirteanna na substráite, cé is moite den ábhar clúdaithe agus aon uisce breise a cuireadh leis, sula ndearnadh é a mhúiríniú;

(b) 

táirgí de thionscnamh talmhaíochta, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a), ó aonaid táirgthe orgánacha;

(c) 

móin nár cóireáladh le substaintí ceimeacha;

(d) 

adhmad, nár cóireáladh le táirgí ceimiceacha tar éis é a leagan;

(e) 

táirgí mianraí dá dtagraítear i bpointe 1.9.3, uisce agus ithir.

2.2.   Rialacha maidir le plandaí fiáine a bhailiú

Meastar gur táirgeadh orgánach is ea bailiú plandaí fiáine atá ag fás go nádúrtha i limistéir nádúrtha, foraoisí agus limistéir talmhaíochta, chomh maith le bailiú codanna de na plandaí sin, ar an gcoinníoll:

(a) 

nár baineadh úsáid as aon táirgí sna limistéir sin, seachas táirgí nó substaintí arna n-údarú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach, ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad sula ndearnadh an bailiú;

(b) 

nach gcuireann an bailiú isteach ar chobhsaíocht na gnáthóige nádúrtha nó cothabháil na speiceas sa limistéar bailithe.

▼M9

Déanfaidh na hoibreoirí taifid a choimeád ar thréimhse agus ar shuíomh an bhailithe, ar an speiceas lena mbaineann agus ar chainníocht na bplandaí fiáine a bailíodh.

▼B

Cuid II: Rialacha maidir le táirgeadh beostoic

Chomh maith leis na rialacha táirgthe a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 11 agus 14, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh orgánach beostoic.

1.   Ceanglais ghinearálta

1.1.

Cé is moite de bheachaireacht, beidh toirmeasc ar tháirgeadh beostoic gan ghabháltas i gcás nach ndéanann an feirmeoir a bhfuil rún aige beostoc orgánach a tháirgeadh bainistíocht ar thalamh talmhaíochta agus nach bhfuil comhaontú comhair scríofa le feirmeoir eile aige i ndáil le haonaid táirgthe orgánacha nó aonaid táirgthe atá á dtiontú a úsáid don bheostoc sin.

▼M9

Coimeádfadh oibreoirí fianaise dhoiciméadach ar fáil ar aon mhaolú ar na rialacha maidir le táirgeadh beostoic a fhaightear i gcomhréir le pointí 1.3.4.3, 1.3.4.4, 1.7.5, 1.7.8, 1.9.3.1(c) agus 1.9.4.2(c).

▼B

1.2.

Tiontú

1.2.1.

I gcás ina dtosaítear ar aonad táirgthe a thiontú ag an am céanna, lena n-áirítear féarach nó aon talamh a úsáidtear le haghaidh beatha ainmhithe agus na hainmhithe a mhaireann ar an aonad táirgthe sin ag tús na tréimhse tiontaithe den aonad táirgthe sin dá dtagraítear i bpointe 1.7.1 agus i bpointe 1.7.5.(b) de Chuid I, féadfar a mheas go bhfuil ainmhithe agus táirgí ainmhithe orgánach ag deireadh thréimhse tiontaithe an aonaid táirgthe, fiú má tá an tréimhse tiontaithe a leagtar síos i bpointe 1.2.2 den Chuid seo le haghaidh an chineáil ainmhí lena mbaineann níos faide ná tréimhse tiontaithe an aonaid táirgthe.

De mhaolú ar phointe 1.4.3.1, i gcás tiontú comhuaineach den sórt sin agus le linn thréimhse tiontaithe an aonaid táirgthe, ainmhithe a mhaireann ar an aonad táirgthe ag tús na tréimhse tiontaithe, féadfar iad a bheathú le beatha atá á tiontú a táirgeadh ar an aonad táirgthe atá á thiontú le linn na chéad bliana tiontaithe agus/nó le beatha i gcomhréir le pointe 1.4.3.1 agus/nó le beatha orgánach.

Féadfar ainmhithe neamhorgánacha a thabhairt isteach in aonad táirgthe atá á thiontú tar éis tús a chur leis an tréimhse tiontaithe i gcomhréir le pointe 1.3.4.

1.2.2.

Leagtar amach na tréimhsí tiontaithe a bhaineann go sonrach leis an gcineál táirgthe ainmhithe mar seo a leanas:

(a) 

12 mhí i gcás bó-ainmhithe agus each-ainmhithe ar le haghaidh táirgeadh feola iad, agus ar aon chuma ar feadh tréimhse nach giorra ná trí cheathrú dá saol;

(b) 

6 mhí i gcás ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe agus ainmhithe ar le haghaidh táirgeadh bainne iad;

(c) 

10 seachtaine i gcás éanlaith chlóis ar le haghaidh táirgeadh feola iad, a thugtar isteach sula mbíonn trí lá slánaithe acu, cé is moite de lachain Phéicing;

(d) 

7 seachtaine i gcás lachain Phéicing, a thugtar isteach sula mbíonn trí lá slánaithe acu;

(e) 

6 seachtaine i gcás éanlaith chlóis ar le haghaidh táirgeadh uibheacha iad, a thugtar isteach sula mbíonn trí lá slánaithe acu;

(f) 

12 mhí i gcás beach.

Le linn na tréimhse tiontaithe cuirfear céir de bhunús beachaireachta orgánaí in ionad na céarach.

Mar sin féin, féadfar leas a bhaint as céir bheach neamhorgánach:

(i) 

i gcás nach bhfuil céir bheach ó bheachaireacht orgánach ar fáil ar an margadh;

(ii) 

i gcás go ndeimhnítear go bhfuil sí saor ó éilliú ó tháirgí nó substaintí nár údaraíodh lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach táirgeadh orgánach; agus

(iii) 

ar an gcoinníoll gur ón gcaidhp í;

(g) 

3 mhí maidir le coiníní.;

(h) 

12 mhí maidir le hainmhithe fiara.

1.3.

Tionscnamh ainmhithe

1.3.1.

Gan dochar do na rialacha maidir le tiontú, saolófar nó gorfar beostoc orgánach in aonaid táirgthe orgánacha agus tógfar sna haonaid sin é.

1.3.2.

Maidir le hainmhithe orgánacha a phórú:

(a) 

bainfear úsáid as modhanna nádúrtha le haghaidh atáirgthe; mar sin féin, ceadófar inseamhnú saorga;

(b) 

ní dhéanfar atáirgeadh a spreagadh ná a chosc le hormóin ná le substaintí eile ag a bhfuil éifeacht chomhchosúil, ach amháin i bhfoirm cóireáil teiripe tréidliachta i gcás ainmhí aonair;

(c) 

ní bhainfear úsáid as cineálacha eile atáirgthe saorga, amhail clónáil agus traschur sutha;

(d) 

déanfar rogha pórtha iomchuí do phrionsabail an táirgthe orgánaigh, áiritheofar caighdeán ard ó thaobh leas na n-ainmhithe leis an rogha sin agus cabhróidh sin leis an bhfulaingt a chosc agus leis an ngá le hainmhithe a chiorrú a sheachaint.

1.3.3.

Agus pórtha nó tréithchineálacha á roghnú, meabhróidh oibreoirí ar thús áite a thabhairt do phórtha nó do thréithchineálacha, a bhfuil leibhéal ard éagsúlachta géinití ag baint leo, do chumas na n-ainmhithe oiriúnú do dhálaí áitiúla, dá luach pórúcháin, an fad saoil a bhíonn acu, dá n-acmhainneacht agus dá bhfrithsheasmhacht i gcoinne galar nó fadhbanna sláinte, gan dochar a dhéanamh dá leas. Chomh maith leis sin, roghnófar pórtha nó tréithchineálacha ainmhithe d’fhonn galair sonracha nó fadhbanna sláinte a sheachaint, ar galair nó fadhbanna iad a bhaineann le pórtha nó tréithchineálacha áirithe a mbaintear úsáid astu i ndiantáirgeadh, amhail siondróm struis na muc, a bhféadfadh feoil liathbhán bhog thais, bás tobann, breith anabaí agus breitheanna deacra ina mbíonn gá le gearradh Caesarach a bheith mar thoradh air. Tabharfar tosaíocht do phórtha agus do thréithchineálacha dúchasacha.

Chun pórtha agus tréithchineálacha a roghnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, úsáidfidh oibreoirí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sna córais dá dtagraítear in Airteagal 26(3).

1.3.4.

Ainmhithe neamhorgánacha a úsáid

1.3.4.1.

De mhaolú ar phointe 1.3.1, chun críocha pórúcháin, féadfar ainmhithe nár tógadh go horgánach a thabhairt isteach ar aonad táirgthe orgánach nuair atá baol ann go gcaillfear pórtha mar gheall ar an bhfeirmeoireacht dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 28(10) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus gníomhartha a glacadh ar a bhonn. Sa chás sin ní gá nár saolaíodh aon sliocht go fóill d’ainmhithe na bpórtha sin.

1.3.4.2.

De mhaolú ar phointe 1.3.1, chun beachlanna a athnuachan, féadfar cráinbheacha neamhorgánacha a chur in ionad 20 % in aghaidh na bliana de na cráinbheacha agus de na saithníní san aonad táirgthe orgánaigh ar an gcoinníoll go gcuirtear na cráinbheacha agus na saithníní i gcoirceoga ag a bhfuil cíor mheala nó boinn de chíor mheala a thagann ó aonaid táirgthe orgánaigh. I gcás ar bith, is féidir ionadú a dhéanamh ar shaithnín amháin nó ar chráinbheach amháin in aghaidh na bliana le saithnín nó cráinbheach neamhorgánach.

1.3.4.3.

De mhaolú ar phointe 1.3.1, nuair a bhunaítear ealta den chéad uair, nuair a dhéantar í a athnuachan nó a athbhunú, agus nuair nach féidir freastal ar riachtanais cháilíochtúla agus chainníochtúla na bhfeirmeoirí, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh gur féidir éanlaith chlóis nár tógadh ar bhonn orgánach a thabhairt isteach in aonad táirgthe éanlaithe orgánaí, ar an gcoinníoll go mbeidh na heireoga le haghaidh táirgeadh uibheacha agus an éanlaith chlóis le haghaidh táirgeadh feola níos óige ná 3 lá d’aois. Ní féidir táirgí a dhíorthaítear uathu a mheas mar tháirgí orgánacha ach amháin nuair a dhéantar an tréimhse tiontaithe a shonraítear i bpointe 1.2 a chomhlíonadh.

1.3.4.4.

De mhaolú ar phointe 1.3.1, ina léirítear leis na sonraí a bhailítear sa chóras dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 26(2) nach gcomhlíontar riachtanais cháilíochtúla agus chainníochtúla an fheirmeora maidir le hainmhithe orgánacha, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go dtabharfaí ainmhithe neamhorgánacha isteach in aonad táirgthe orgánach, faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear i bpointe 1.3.4.4.1 go pointe 1.3.4.4.4.

Sula n-iarrtar maolú mar sin, ceadóidh an feirmeoir na sonraí a bailíodh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 26(2) d’fhonn a fhíorú go bhfuil údar cuí lena iarraidh.

Maidir le hoibreoirí i dtríú tíortha, údaráis rialaithe and comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1), féadfaidh siad a údarú go dtabharfar ainmhithe neamhorgánacha isteach in aonad táirgthe orgánach nuair nach bhfuil dóthain ainmhithe orgánacha ar fáil nó nuair nach bhfuil siad ar fáil ar chaighdeán leordhóthanach ar chríocha na tíre ina bhfuil an t-oibreoir lonnaithe.

1.3.4.4.1. Chun críocha pórúcháin, is féidir ainmhithe óga neamhorgánacha a thabhairt isteach nuair a bhunaítear tréad nó ealta den chéad uair. Tógfar i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an táirgeadh orgánach iad díreach tar éis dóibh a bheith bainte de dhiúl. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na srianta seo a leanas ón dáta ar a ndéantar na hainmhithe a chur isteach sa tréad nó san ealta:

(a) 

beidh bó-ainmhithe, each-ainmhithe agus ainmhithe fiara níos óige ná 6 mhí d’aois;

(b) 

beidh ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair níos óige ná seasca lá d’aois;

(c) 

beidh meáchan níos lú ná 35 kg ag muc-ainmhithe;

(d) 

beidh coiníní níos óige ná 3 mhí d’aois.

1.3.4.4.2. Chun críocha pórúcháin, féadfar ainmhithe fásta fireanna neamhorgánacha agus ainmhithe fásta baineanna neamhbhreitheacha neamhorgánacha a thabhairt isteach ar mhaithe le tréad nó ealta a athnuachan. Tógfar i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach ina dhiaidh sin iad. Ina theannta sin, beidh líon na n-ainmhithe baineanna faoi réir na srianta seo a leanas in aghaidh na bliana:

(a) 

féadfar suas le huasmhéid de 10 % de na hainmhithe eachaí fásta nó de na bó-ainmhithe fásta agus suas le huasmhéid de 20 % de na muc-ainmhithe fásta, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, coiníní nó ainmhithe fiara a thabhairt isteach;

(b) 

maidir le haonaid a bhfuil níos lú ná 10 gcinn d’each-ainmhithe, d’ainmhithe fiara, de bhó-ainmhithe, nó de choiníní, nó níos lú ná 5 cinn de mhuc-ainmhithe, d’ainmhithe de chineál caorach nó ainmhithe de chineál gabhair, déanfar aon athnuachan a theorannú go huasmhéid d’ainmhí amháin in aghaidh na bliana.

1.3.4.4.3. Féadfar na céatadáin i bpointe 1.3.4.4.2 a mhéadú go 40 %, ar an gcoinníoll gur dhearbhaigh an t-údarás inniúil gur comhlíonadh aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

méadaíodh an fheirm go mór;

(b) 

cuirtear pór amháin in ionad pór eile;

(c) 

cuireadh tús le speisialtóireacht nua beostoic.

1.3.4.4.4. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 1.3.4.4.1, 1.3.4.4.2 agus 1.3.4.4.3, ní féidir ainmhithe neamhorgánacha a mheas mar ainmhithe orgánacha ach amháin má tá an tréimhse tiontaithe a shonraítear i bpointe 1.2 a chomhlíonadh. Cuirfear tús leis an tréimhse tiontaithe a leagtar síos i bpointe 1.2.2 ar a luaithe nuair a thabharfar na hainmhithe isteach san aonad táirgthe atá á thiontú.

1.3.4.4.5. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 1.3.4.4.1 go pointe 1.3.4.4.4, coinneofar ainmhithe neamhorgánacha scartha ó bheostoc eile nó beidh siad sainaitheanta go dtí deireadh na tréimhse tiontaithe dá dtagraítear i bpointe 1.3.4.4.4.

▼M9

1.3.4.5.

Déanfaidh oibreoirí taifid nó fianaise dhoiciméadach a choimeád ar thionscnamh na n-ainmhithe, taifid ina ndéanfar na hainmhithe a shainaithint i gcomhréir le córais iomchuí (in aghaidh an ainmhí nó de réir na baisce/an stoic/na coirceoige), ar thaifid tréidliachta na n-ainmhithe a thugtar isteach sa ghabháltas, an dáta teachta, agus an tréimhse thiontaithe.

▼B

1.4.

Cothú

1.4.1.   Ceanglais ghinearálta maidir le cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) 

gheofar beatha do bheostoc go príomha ón ngabháltas talmhaíochta ar a gcoinnítear na hainmhithe nó ó aonaid táirgthe orgánacha nó ó aonaid atá á dtiontú ar ghabháltas eile sa réigiún céanna;

(b) 

maidir le beatha beostoic, tabharfar beatha orgánach nó beatha atá á tiontú dóibh a chomhlíonann riachtanais chothaitheacha na n-ainmhithe ag na céimeanna éagsúla dá bhforbairt. Ní cheadófar beathú srianta sa táirgeadh beostoic ach amháin ar chúiseanna tréidliachta;

(c) 

ní choinneofar beostoc i ndálaí, nó iad a chur ar aiste bia, a d’fhéadfadh ainéime a spreagadh;

(d) 

déanfar gnáthphatrúin chothaithe i gcás na speiceas uile agus leas na n-ainmhithe a urramú le cleachtais ramhraithe ag gach céim den phróiseas tógála. Toirmeascfar beathú iallaigh;

(e) 

beidh rochtain ag beostoc seachas muc-ainmhithe, éanlaith agus beacha chlóis ar fhéarach ach na dálaí a bheith feiliúnach chuige sin nó ar ghairbhseach;

(f) 

ní bhainfear úsáid as spreagthóirí fáis nó as aimínaigéid shintéiseacha;

(g) 

beathófar siolpairí le bainne ón máthair ar feadh íostréimhse a leagann an Coimisiún amach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 14(3) más féidir; ní úsáidfear bainne púdrach ina bhfuil comhábhar atá sintéisithe go ceimiceach nó comhábhar de thionscnamh plandaí sa tréimhse sin;

(h) 

beidh ábhair bheatha de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhithe nó giosta orgánach;

(i) 

ní fhéadfar ábhair bheatha neamhorgánacha de thionscnamh plandaí, algaí ná giosta ná ábhair bheatha de thionscnamh miocróbach ná mianrach, breiseáin bheatha ná áiseanna próiseála a úsáid ach amháin nuair a údaraíodh de bhun Airteagal24 a n-úsáid don táirgeadh orgánach.

1.4.2.   Innilt

1.4.2.1.   Innilt ar thalamh orgánach

Gan dochar do phointe 1.4.2.2, déanfaidh ainmhithe orgánacha innilt ar thalamh orgánach. Mar sin féin, féadfaidh ainmhithe neamhorgánacha féarach orgánach a úsáid ar feadh tréimhse theoranta gach bliain ar an gcoinníoll gur tógadh iad ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar talamh a dtacaítear leis faoi Airteagail 23, 25, 28, 30, 31 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus nach mbeidh na hainmhithe neamhorgánacha agus na hainmhithe orgánacha ar an talamh orgánach ag an am céanna.

1.4.2.2.   Innilt ar choimín agus buailteachas

1.4.2.2.1. Féadfaidh ainmhithe orgánacha innilt ar choimín, ar choinníoll:

(a) 

nár cóireáladh an coimín le táirgí nó substaintí nár údaraíodh lena úsáid i dtáirgeadh orgánach le 3 bliana anuas ar a laghad;

(b) 

gur tógadh ainmhithe neamhorgánacha a bhaineann úsáid as an talamh coimín ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar talamh a dtacaítear leis faoi Airteagail 23, 25, 28, 30, 31 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(c) 

ní measfear táirgí beostoic ó ainmhithe orgánacha a tháirgtear le linn tréimhse nuair a cuireadh na hainmhithe sin ag innilt ar choimín mar tháirgí orgánacha, ach amháin más féidir a chruthú go raibh scaradh leordhóthanach ó ainmhithe neamhorgánacha ann.

1.4.2.2.2. Féadfaidh ainmhithe orgánacha féar innilt a dhéanamh ar thalamh neamhorgánach le linn na tréimhse buailteachais nuair atá siad á mbogadh de shiúl a gcos ó limistéar innilte amháin go dtí limistéar innilte eile. Le linn na tréimhse sin, coinneofar ainmhithe orgánacha scartha ó ainmhithe eile. Ceadófar beatha neamhorgánach, i bhfoirm féir agus fásra eile a itheann ainmhithe a úsáid:

(a) 

ar feadh 35 lá ar a mhéad lena n-áirítear na turais amach agus ar ais; nó

(b) 

d’uasmhéid 10 % den chion beatha iomlán in aghaidh na bliana a ríomhtar mar chéatadán d’ábhar tirim na n-ábhar beatha ar de thionscnamh talmhaíochta iad.

1.4.3.   Beatha atá á tiontú

1.4.3.1.   Maidir le gabháltais talmhaíochta ar a tháirgtear beostoc orgánach:

(a) 

féadfar suas le 25 % ar an meán den bheatha a theacht ó ábhar beathaithe atá á thiontú ón dara bliain tiontaithe. Féadfar an céatadán seo a ardú go 100 % má thagann an bheatha atá á tiontú ón ngabháltas ar a gcoinnítear an beostoc,; agus

(b) 

Féadfar suas le 20 % de mheánmhéid iomlán an ábhair beathaithe a thugtar do bheostoc teacht ó innilt nó sábháil féarach buan, dáileachtaí foráiste ilbhliantúla nó barra próitéine, arna gcur faoi bhainistíocht orgánach ar thailte le linn na chéad bliana tiontaithe, ar an gcoinníoll gur chuid den ghabháltas é féin na tailte sin.

Nuair a úsáidtear an dá chineál beatha atá á tiontú dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) don bheathú, ní rachaidh céatadán iomlán an dá chineál ábhair beathaithe thar an gcéatadán a socraíodh i bpointe (a).

1.4.3.2.   Ríomhfar na figiúirí a luaitear i bpointe 1.4.3.1 gach bliain mar chéatadán den ábhar tirim ar de thionscnamh plandaí é.

▼M9

1.4.4.   Taifid a choimeád ar an gcóras beathaithe

Déanfaidh na hoibreoirí taifid a choimeád ar an gcóras beathaithe agus, i gcás inarb ábhartha, ar an tréimhse innilte. Go háirithe, déanfaidh siad taifid a choimeád ar ainm na beatha, lena n-áirítear aon chineál beatha a úsáidtear e.g. beatha cumaisc, ar chionta ábhair bheatha éagsúla na gciondálacha agus ar chion na beatha óna ngabháltas féin nó ón réigiún céanna agus, i gcás inarb ábhartha, ar thréimhsí rochtana ar limistéir innilte, ar thréimhsí buailteachais ina mbeidh feidhm ag srianta agus ar fhianaise dhoiciméadach ar chur i bhfeidhm phointe 1.4.2 agus phointe 1.4.3.

▼B

1.5.

Cúram sláinte

1.5.1.   Cosc galar

1.5.1.1.

Bunófar cosc galar ar na nithe seo a leanas: roghnú pórtha agus tréithchineálacha, cleachtais feirmeoireachta maidir le bainistiú, aclaíocht, beatha d’ardchaighdeán, dlús stocála iomchuí, tithíocht iomchuí agus leordhóthanach a choinnítear faoi dhálaí maithe sláinteachais.

1.5.1.2.

Féadfar táirgí míochaine tréidliachta imdhíoneolaíocha a úsáid.

1.5.1.3.

Ní úsáidfear táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach lena n-áirítear antaibheathaigh agus bólais de mhóilíní ceimiceán allapatacha sintéisithe, nó antaibheathaigh le haghaidh cóireála coiscthí.

1.5.1.4.

Ní úsáidfear substaintí chun fás nó táirgeadh a spreagadh (lena n-áirítear antaibheathaigh, coicideastait agus áiseanna saorga eile chun críoch fás a spreagadh) agus toirmiscfear hormóin nó substaintí comhchosúla a úsáid chun atáirgeadh a rialú nó chun críocha eile (e.g. chun éastras a spreagadh nó a shioncronú).

1.5.1.5.

I gcás go bhfaightear beostoc ó aonaid táirgthe neamhorgánaigh, beidh feidhm ag bearta speisialta amhail tástálacha scagtha nó tréimhsí coraintín, ag brath ar na cúinsí áitiúla.

1.5.1.6.

Maidir le glantachán agus díghalrú, ní úsáidfear i bhfoirgnimh agus i suiteálacha beostoic ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach chun na críche sin. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar úsáid na dtáirgí sin, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh an táirge, cineál agus ainm an táirge, a shubstaintí gníomhacha, agus suíomh a úsáide sin. ◄

1.5.1.7.

Déanfar tithíocht, pionnaí, fearas agus gléasanna a ghlanadh agus a dhíghalrú i gceart chun tras-ionfhabhtú agus méadú ar líon na n-orgánach a iompraíonn galar a chosc. Déanfar faecas, fual agus aon bheatha nár itheadh nó a doirteadh a ghlanadh ón áit chomh minic agus is gá chun boladh a laghdú agus chun mealladh feithidí nó creimirí a sheachaint. Féadfar creimiricídí, lena n-úsáid i ngaistí amháin, agus táirgí arna n-údarú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach a úsáid chun feithidí agus lotnaidí eile a dhíbirt ó fhoirgnimh agus ó shuiteálacha eile ina gcoinnítear beostoc.

1.5.2.   Cóireáil tréidliachta

1.5.2.1.

I gcás go mbuaileann tinneas ainmhithe nó go ngortaítear iad in ainneoin beart coisctheach, cuirfear cóireáil orthu láithreach bonn.

1.5.2.2.

Cuirfear cóireáil in aghaidh galair ar fáil láithreach bonn sa chaoi nach mbeidh an t-ainmhí ag fulaingt; féadfar táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathaigh, a úsáid más gá, faoi choinníollacha diana agus faoi fhreagracht tréidlia, nuair nach iomchuí táirgí fíti-teiripeacha, táirgí hoiméapatacha agus táirgí eile a úsáid. Saineofar srianta maidir le cúrsaí cóireála agus tréimhsí aistarraingthe go háirithe.

1.5.2.3.

Úsáidfear ábhar bheatha de bhunús mianraí agus breiseáin cothaithe arna n-údarú de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánachagus táirgí fíti-teiripeacha agus hoiméapatacha de rogha ar chóireáil tréidliachta allapatach atá sintéisithe go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathaigh, ar an gcoinníoll go bhfuil éifeacht theiripeach éifeachtacht leo i leith speiceas an ainmhí sin, agus i leith an riochta ar a bhfuil an chóireáil dírithe.

1.5.2.4.

Cé is moite de vacsaínigh, cóireálacha le haghaidh seadán agus scéimeanna díothú éigeantacha i gcás gur cuireadh cóireáil ar ainmhí nó ar ghrúpa ainmhithe níos mó ná trí uaire laistigh de 12 mhí le táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathaigh, nó níos mó ná uair amháin má tá saolré táirgthe níos lú ná 1 bhliain amháin ag an ainmhí nó ag an ngrúpa ainmhithe, ní dhíolfar mar tháirgí orgánacha an beostoc sin, ná táirgí a mbaineann le beostoc den sórt sin, agus cuirfear an beostoc faoi réir na dtréimhsí tiontaithe dá dtagraítear i bpointe 1.2.

1.5.2.5.

Beidh an tréimhse aistarraingthe idir táirge míochaine tréidliachta allapatach a sintéisíodh go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathach, a úsáid den uair dheiridh ar ainmhí faoi ghnáthchionníollacha úsáide, agus bia-earraí a tháirgeadh ó ainmhí den chineál sin, dhá oiread chomh fada leis an tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE, agus 48 n-uaire an chloig ar a laghad.

1.5.2.6.

Ceadófar cóireálacha a bhaineann le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine a chosaint ar cóireálacha iad a fhorchuirtear ar bhonn reachtaíocht an Aontais.

▼M9

1.5.2.7.

Déanfaidh oibreoirí taifid nó fianaise dhoiciméadach a choimeád ar aon chóireáil a cuireadh i bhfeidhm agus, go háirithe, ar shainaithint na n-ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu, ar dháta na cóireála, ar an diagnóis, ar an bposeolaíocht, ar ainm an táirge cóireála agus, i gcás inarb infheidhme, ar an oideas tréidliachta le haghaidh cúram tréidliachta, agus ar an tréimhse tarraingthe siar a cuireadh i bhfeidhm sularbh fhéidir táirgí beostoic a mhargú agus a lipéadú mar tháirgí orgánacha.

▼B

1.6.

Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

1.6.1.

Áiritheofar le hinsliú, téamh agus aerú an fhoirgnimh go gcoinnítear aerchúrsaíocht, leibhéal dusta, teocht, bogthaise choibhneasta an aeir agus an méid gáis laistigh de theorainneacha a áirithíonn leas na n-ainmhithe. Beidh solas maith agus aerú nádúrtha fairsing san fhoirgneamh.

1.6.2.

Ní bheidh sé ina cheangal tithíocht a chur ar fáil do bheostoc i limistéir a bhfuil na dálaí aeráide iomchuí ann le gur féidir le beostoc maireachtáil lasmuigh. I gcásanna den sórt sin, beidh rochtain ag ainmhithe ar fhoscadh nó ar limistéir faoi scáth chun iad a chosaint ón drochaimsir.

1.6.3.

Déanfaidh an dlús stocála i bhfoirgnimh freastal ar chompord, folláine agus riachtanais speicis-bhunaithe na n-ainmhithe, nithe a beidh ag brath go háirithe ar speiceas, pór agus aois na n-ainmhithe. Tabharfaidh an dlús stocála aird chomh maith ar riachtanais iompraíochta na n-ainmhithe, riachtanais a bhíonn ag brath go háirithe ar mhéid an ghrúpa agus inscne na n-ainmhithe. Déanfaidh an dlús stocála leas na n-ainmhithe a áirithiú trí dhóthain spáis a chur ar fáil dóibh ionas gur féidir leo seasamh go nádúrtha, bogadh, luí síos go héasca, casadh timpeall, iad féin a chíoradh, agus gach gnáthsheasamh agus gach gluaiseacht nádúrtha a dhéanamh amhail síneadh agus sciatháin a bhualadh.

1.6.4.

Comhlíonfar na dromchlaí íosta do limistéir laistigh agus lasmuigh, agus na sonraí teicniúla a bhaineann leis an tithíocht, a leagtar síos ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(3).

1.6.5.

Féadfar limistéir taobh amuigh a chlúdach i bpáirt. Ní mheasfar gur limistéir taobh amuigh iad vearandaí.

1.6.6.

Ní rachaidh an dlús stocála ina iomláine thar theorainn 170 kg nítrigin orgánach in aghaidh na bliana agus in aghaidh an heicteáir talmhaíochta.

1.6.7.

Chun an dlús stocála iomchuí dá dtagraítear i bpointe 1.6.6. a chinneadh, leagfaidh an t-údarás inniúil amach na haonaid bheostoic atá coibhéiseach leis an teorainn dá dtagraítear i bpointe 1.6.6, ag leanúint na bhfigiúirí atá leagtha síos i ngach ceann de na riachtanais shonracha de réir táirgthe ainmhithe.

1.6.8.

Ní cheadófar caighin, boscaí ná deiceanna cothroma a úsáid chun beostoc a thógáil i gcás cineál beostoic ar bith.

1.6.9.

Nuair a chuirtear cóireáil leighis ar ainmhí aonair ar chúiseanna tréidliachta, coinneofar i spás ina bhfuil urlár soladach é agus cuirfear tuí nó easair iomchuí ar fáil dó. Beidh an t-ainmhí in ann iompú thart go héasca agus luí síos go compordach agus é sínte amach.

1.6.10.

Ní fhéadfar beostoc orgánach a thógáil i bpionna ar thalamh fliuch ná riascach.

1.7.

Leas ainmhithe

1.7.1.

Beidh an buneolas riachtanach agus scileanna riachtanacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe ag gach duine a mbeidh baint acu le hainmhithe a choinneáil agus a láimhseáil le linn a n-iompair agus a maraithe agus beidh oiliúint leordhóthanach orthu mar a cheanglaítear go háirithe i Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle ( 26 ) 1 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle ( 27 ), chun a áirithiú go gcuirtear na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo chun feidhme mar is cuí.

1.7.2.

Áiritheofar le cleachtais feirmeoireachta, lena n-áirítear dlús stocála agus dálaí tithíochta, go ndéanfar freastal ar riachtanais forbartha, fiseolaíochta agus eiteolaíocha ainmhithe.

1.7.3.

Beidh rochtain ag beostoc an t-am ar fad ar limistéir taobh amuigh, féarach más féidir, le go mbeidh na hainmhithe in ann aclaíocht a dhéanamh aon uair a cheadaíonn dálaí aimsire agus séasúracha agus riocht an talún é sin ach amháin má fhorchuirtear srianta agus oibleagáidí a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint ar bhonn reachtaíocht an Aontais.

1.7.4.

Déanfar líon an bheostoic a theorannú d’fhonn na nithe seo a leanas a laghdú: ró-innilt, pasáil ithreach, creimeadh, agus truailliú de bharr ainmhithe nó de bharr aoileach na n-ainmhithe a leathadh.

1.7.5.

Toirmiscfear ainmhithe a leithlisiú nó iad a choinneáil ar theaghrán, ach amháin i gcás ainmhithe aonair ar feadh tréimhse teoranta ama, agus sa mhéid agus atá údar leis seo ar chúiseanna tréidliachta. Ní fhéadfar leithlisiú beostoic a údarú, le haghaidh tréimhse teoranta ama, ach amháin nuair a bheidh sábháilteacht oibrithe i mbaol nó ar chúiseanna a bhaineann le leas ainmhithe. Féadfaidh údaráis inniúla a údarú gur féidir eallach ar fheirmeacha ar a bhfuil uasmhéid de 50 ainmhí (gan stoc óg san áireamh) a choinneáil ar theaghrán murar féidir an t-eallach a choinneáil i ngrúpaí atá oiriúnach dá riachtanais iompraíochta, ar an gcoinníoll go mbeidh rochtain acu ar fhéarach le linn na tréimhse innilte, agus rochtain ar limistéir amuigh faoin aer dhá uair sa tseachtain ar a laghad nuair nach féidir leo innilt a dhéanamh.

1.7.6.

Déanfar an méid ama a iompraítear ainmhithe a laghdú.

1.7.7.

Déanfar aon fhulaingt, pian nó anacair a sheachaint agus a choinneáil chomh teoranta agus is féidir le linn shaol iomlán an ainmhí, lena n-áirítear ag an am a maraítear é.

1.7.8.

Gan dochar d’fhorbairtí a dhéanfar ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe, féadfar sciotadh caorach, bearradh gob a dhéantar sa chéad 3 lá dá saoil, agus dí-adharcadh a cheadú go heisceachtúil de réir an cháis má chuirtear feabhas ar shláinte, leas nó sláinteachas an bheostoic dá bharr, nó i gcás ina gcuirtear sábháilteacht oibrithe i gcontúirt. Ní féidir dí-adharcadh a cheadú ach go díreach de réir an cháis má chuirtear feabhas ar shláinte, leas nó sláinteachas an bheostoic dá bharr, nó i gcás ina gcuirtfí sábháilteacht oibrithe i gcontúirt. Ní údaróidh údarás inniúil ach na hoibríochtaí sin nuair a chuirfidh an t-oibreoir in iúl go bhfuil údar cuí leis na hoibríochtaí agus nuair a chuirfidh sé na cúiseanna taobh thiar de sin in iúl don údarás inniúil agus ní dhéanfaidh ach pearsanra cáilithe iad.

1.7.9.

Déanfar aon fhulaingt ainmhithe a laghdú go dtí an leibhéal is ísle trí ainéistéise agus/nó anailgéise leordhóthanach a úsáid agus trí iad a chur faoin scian i ngach cás ag an aois is iomchuí ag pearsanra cáilithe, agus ag an aois sin amháin.

1.7.10.

Ceadófar coilleadh fisiciúil chun cáilíocht táirgí agus cleachtas i dtáirgeadh traidisiúnta a choimeád ach faoi na coinníollacha sin a leagtar amach i bpointe 1.7.9 agus faoi na coinníollacha sin amháin.

1.7.11.

Déanfar ainmhithe a lódáil agus a dhílódáil gan úsáid a bhaint as aon chineál spreagtha leictrigh ná aon spreagadh pianmhar eile chun iallach a chur ar na hainmhithe bogadh. Toirmiscfear suaimhneasáin allapatacha a úsáid roimh nó le linn ainmhithe a iompar.

▼M9

1.7.12.

Déanfaidh oibreoirí taifid nó fianaise dhoiciméadach a choimeád ar aon oibríocht shonrach a cuireadh i bhfeidhm agus ar an mbonn cirt atá le cur i bhfeidhm phointe 1.7.5, 1.7.8, 1.7.9 nó 1.7.10. Maidir le hainmhithe a fhágann an gabháltas, déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh, i gcás inarb ábhartha: aois, líon na n-ainmhithe, meáchan na n-ainmhithe lena marú, sainaithint iomchuí (in aghaidh an ainmhí nó de réir na baisce/an stoic/na coirceoige), dáta imeachta agus ceann scríbe.

▼B

1.8.

Táirgí neamhphróiseáilte a ullmhú

Má dhéantar oibríochtaí ullmhúcháin, seachas próiseáil ar bheostoc, beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i bpointí 1.2., 1.3, 1.4., 1.5 de Chuid IV i leith na hoibríochtaí sin.

1.9.

Rialacha ginearálta breise

1.9.1.   Bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus each-ainmhithe

1.9.1.1.   Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) 

tiocfaidh 60 % ar a laghad den bheatha ón bhfeirm féin, nó, mura bhfuil sin indéanta, déanfar an bheatha a tháirgeadh i gcomhar le haonaid táirgthe orgánacha eile nó le haonaid táirgthe atá á dtiontú agus le hoibreoirí beatha a úsáideann beatha agus ábhar beatha ón réigiún céanna. Ardófar an céatadán seo go 70 % ón ►M3  1 Eanáir 2024 ◄ ar aghaidh;

(b) 

beidh rochtain ag ainmhithe ar fhéaraigh le haghaidh innilte aon uair a mbeidh dálaí ann chuige sin;

(c) 

d’ainneoin pointe (b), beidh rochtain ag bó-ainmhithe fireanna atá níos sine ná 1 bhliain d’aois ar fhéarach nó ar limistéar taobh amuigh;

(d) 

i gcásanna ina mbíonn rochtain ag ainmhithe ar fhéarach le linn na tréimhse innilte agus i gcás ina gceadaíonn an córas tithíochta geimhridh saoirse gluaiseachta do na hainmhithe, féadfar an oibleagáid maidir le limistéir taobh amuigh a chur ar fáil le linn mhíonna an gheimhridh a tharscaoileadh;

(e) 

bunófar córais chun ainmhithe a thógáil ar an úsáid is mó is féidir a bhaint as féarach innilte de réir infhaighteachta féaraigh le linn tréimhsí éagsúla sa bhliain;

(f) 

is gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas a bheidh i 60 % ar a laghad d’ábhar tirim na gciondálacha laethúla do bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, agus each-ainmhithe. Féadfar an céatadán seo a laghdú go 50 % i gcás ainmhithe sa táirgeadh déiríochta ar feadh uastréimhse 3 mhí le linn luath-lachta.

1.9.1.2.   Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

Maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

beidh urlár mín, ach gan a bheith sleamhain sa tithíocht;

(b) 

beidh limistéar scíthe/luí atá compordach, glan agus tirim nó atá ar mhéid leordhóthanach ar fáil sa tithíocht, agus foirgníocht sholadach gan slataí a bheidh ann. Beidh easair thirim fhairsing sa limistéar scíthe. Tuí nó ábhar nádúrtha eile atá oiriúnach a bheidh san easair. Féadfar an easair a fheabhsú agus a shaibhriú le haon táirge mianraí arna údarú lena úsáid mar leasachán nó mar oiriúntóir ithreach sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 24;

(c) 

d’ainneoin pointe (a) sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) agus an dara fomhír d’Airteagal 3(1) de Threoir 2008/119/CE ón gComhairle ( 28 ), toirmiscfear laonna a chur faoi dhíon i mboscaí aonair tar éis aois aon seachtain amháin, ach amháin i gcás ainmhí aonair ar feadh tréimhse teoranta, agus sa mhéid agus atá údar leis seo ar chúiseanna tréidliachta.

(d) 

nuair a chuirtear cóireáil leighis ar lao ar chúiseanna tréidliachta, coinneofar i spás ina bhfuil urlár soladach é agus cuirfear tuí nó easair iomchuí ar fáil dó. Ní mór don lao a bheith in ann iompú thart go héasca agus luí síos go compordach agus é sínte amach.

1.9.2.   Ainmhithe fiara

1.9.2.1.   Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) 

tiocfaidh 60 % ar a laghad den bheatha ón bhfeirm féin nó, mura bhfuil sin indéanta, i gcás nach bhfuil beatha den sort sin ar fáil, déanfar an bheatha a tháirgeadh i gcomhar le haonaid táirgthe orgánacha eile nó le haonaid táirgthe atá á dtiontú agus le hoibreoirí beatha a úsáideann beatha agus ábhar beatha ón réigiún céanna. Ardófar an céatadán seo go 70 % ón ►M3  1 Eanáir 2024 ◄ ar aghaidh;

(b) 

beidh rochtain ag ainmhithe ar fhéaraigh le haghaidh innilte aon uair a mbeidh dálaí ann chuige sin;

(c) 

i gcásanna ina mbíonn rochtain ag ainmhithe ar fhéarach le linn na tréimhse innilte agus i gcás ina gceadaíonn an córas tithíochta geimhridh saoirse gluaiseachta do na hainmhithe, féadfar an oibleagáid maidir le limistéir taobh amuigh a chur ar fáil le linn mhíonna an gheimhridh a tharscaoileadh;

(d) 

bunófar córais chun ainmhithe a thógáil ar an úsáid is mó is féidir a bhaint as féarach innilte de réir infhaighteachta féaraigh le linn tréimhsí éagsúla sa bhliain;

(e) 

is gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas a bheidh i 60 % ar a laghad d’ábhar tirim na gciondálacha laethúla d’ainmhithe fiara. Féadfar an céatadán seo a laghdú go 50 % i gcás ainmhithe fiara baineanna i dtáirgeadh bainne ar feadh uastréimhse 3 mhí le linn luath-lachta;

(f) 

Áiritheofar go bhfuil féarach nádúrtha sa phionna sa tréimhse fáis. Ní cheadófar pionnaí nach mbeidh féarach ar fáil iontu mar bheatha le linn na tréimhse fáis;

(g) 

ní cheadófar beathú ach amháin i gcás ganntanas innilte mar gheall ar dhrochaimsir;

(h) 

cuirfear uisce glan, úr ar fáil d’ainmhithe a choinnítear i bpionna. Mura bhfuil foinse nádúrtha uisce a mbeidh na hainmhithe in ann teacht uirthi go héasca ar fáil, ní mór láithreacha uisce a chur ar fáil.

1.9.2.2.   Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

Maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

cuirfear áiteanna inar féidir dul i bhfolach ar fáil d’ainmhithe fiara, chomh maith le foscadáin agus claíocha nach ndéanfaidh dochar d’ainmhithe;

(b) 

I gcás pionnaí d’fhianna rua, ní mór go mbeadh na hainmhithe in ann iad féin a únfairt sa lábán chun grúmaeireacht craicinn agus rialú teochta coirp a áirithiú;

(c) 

beidh urlár mín, ach gan a bheith sleamhain, in aon tithíocht;

(d) 

beidh limistéar scíthe/luí atá compordach, glan agus tirim agus atá ar mhéid leordhóthanach ar fáil in aon tithíocht, agus foirgníocht sholadach gan slataí a bheidh ann. Beidh easair thirim fhairsing sa limistéar scíthe. Tuí nó ábhar nádúrtha eile atá oiriúnach a bheidh san easair. Féadfar an easair a fheabhsú agus a shaibhriú le haon táirge mianraí arna údarú lena úsáid mar leasachán nó mar oiriúntóir ithreach sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 24;

(e) 

Suiteálfar láithreacha beathaithe i limistéir atá faoi fhothain ón aimsir agus a bheidh insroichte ag ainmhithe agus ag na daoine a ndéanann tindeáil orthu go héasca. Beidh an ithir sna háiteanna ina bhfuil na láithreacha beathaithe comhdhlúite agus beidh díon ar an ngaireas beathaithe;

(f) 

mura féidir a áirithiú go mbeidh teacht ag na hainmhithe ar bheatha i gcónaí, déanfar na láithreacha beathaithe a dhearadh le go mbeidh na hainmhithe uile in ann iad féin a bheathú ag an am céanna.

1.9.3.   Muc-ainmhithe

1.9.3.1.   Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) 

Tiocfaidh 30 % ar a laghad den bheatha ón bhfeirm féin, nó, mura bhfuil sin indéanta, i gcás nach bhfuil beatha den sórt sin ar fáil, déanfar an bheatha a tháirgeadh i gcomhar le haonaid táirgthe orgánacha eile nó le haonaid tairgthe atá á dtiontú agus le hoibreoirí beatha a úsáideann beatha agus ábhar beatha ón réigiún céanna;

(b) 

cuirfear gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas leis an gciondálach laethúil;

(c) 

i gcás nach féidir le feirmeoirí beatha próitéine a fháil ó tháirgeadh orgánach amháin agus gur dheimhnigh an t-údarás inniúil nach bhfuil dóthain beatha orgánaí próitéine ar fáil, féadfar beatha neamhorgánach próitéine a úsáid go dtí an ►M3  31 Nollaig 2026 ◄ ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

níl an bheatha ar fáil i bhfoirm orgánach;

(ii) 

táirgtear agus ullmhaítear í gan tuaslagóirí ceimiceacha a úsáid;

(iii) 

ní úsáidtear an bheatha ach i gcás banbh atá 35 kg a bheathú le comhdhúile sonracha próitéine; agus

(iv) 

níl an t-uaschéatadán a údaraítear don tréimhse 12 mhí do na hainmhithe sin níos mó ná 5 %. Ríomhfar an céatadán d’ábhar tirim sa bheatha ar de thionscnamh talmhaíochta í.

1.9.3.2.   Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

Maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

beidh urlár mín, ach gan a bheith sleamhain, i dtithíocht;

(b) 

beidh limistéar scíthe/luí atá compordach, glan agus tirim agus atá ar mhéid leordhóthanach ar fáil i dtithíocht, agus foirgníocht sholadach gan slataí a bheidh ann. Beidh easair thirim fhairsing sa limistéar scíthe. Tuí nó ábhar nádúrtha eile atá oiriúnach a bheidh san easair. Féadfar an easair a fheabhsú agus a shaibhriú le haon táirge mianraí arna údarú lena úsáid mar leasachán nó mar oiriúntóir ithreach sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 24;

(c) 

beidh leaba a rinneadh le tuí agus ábhair fheiliúnacha eile sa phionna i gcónaí atá mór go leor le gur féidir leis na muca ar fad sa phionna luí síos ag an am céanna ar an mbealach a ghlacann an méid is mó spáis;

(d) 

coinneofar cránacha i ngrúpaí, ach amháin sna tréimhsí deireanacha den toircheas agus nuair a bhítear ag tál, sa tréimhse sin ní mór don chráin a bheith in ann gluaiseacht mar is mian léi sa phionna agus ní chuirfear srian ar a ghluaiseacht ach ar feadh tréimhsí gearra;

(e) 

gan dochar do cheanglais ar bith eile i dtaobh tuí, cúpla lá sula mbeirtear bainbh, cuirfidh dóthain tuí agus ábhair fheiliúnaigh eile ar fáil do na cránacha le go mbeidh siad in ann neadacha a dhéanamh;

(f) 

beidh deis fréamhaithe ag muc-ainmhithe i limistéir aclaíochta agus áit don aoileach. Chun críoch fréamhaithe féadfar úsáid a bhaint as substráití éagsúla.

1.9.4.   Éanlaith chlóis

1.9.4.1.   Tionscnamh ainmhithe

Chun cosc a chur ar mhodhanna diantógála, tógfar éanlaith chlóis go mbeidh íosaois bainte amach acu nó gheofar iad ó thréithchineálacha a fhásann go mall atá in oiriúint don tógáil lasmuigh.

Sainmhíneoidh an t-údarás inniúil na critéir do thréithchineálacha a fhásann go mall nó déanfaidh sé liosta de na tréithchineálacha agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil d’oibreoirí, do Bhallstáit eile agus don Choimisiún.

Seo thíos an íosaois ag an am is féidir iad a mharú iad i gcás nach tréithchineálacha éanlaithe chlóis a fhásann go mall atá in úsáid ag an bhfeirmeoir:

(a) 

81 lá i gcás sicíní;

(b) 

150 lá i gcás cábún;

(c) 

49 lá i gcás lachain Phéicing;

(d) 

70 lá i gcás musclachain bhaineanna;

(e) 

84 lá i gcás musclachain fhireanna;

▼C1

(f) 

92 lá i gcás lachain Mulard;

▼B

(g) 

94 lá i gcás éanlaith ghuine;

(h) 

140 lá i gcás turcaithe fireanna agus géanna rósta; agus

(i) 

100 lá i gcás turcaithe baineanna.

1.9.4.2.   Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) 

tiocfaidh 30 % ar a laghad den bheatha ón bhfeirm féin, nó, mura bhfuil sin indéanta nó i gcás nach bhfuil beatha den sórt sin ar fáil, déanfar an bheatha a tháirgeadh i gcomhar le haonaid táirgthe orgánacha eile nó le haonaid táirgthe atá á dtiontú agus le hoibreoirí beatha a úsáideann beatha agus ábhar beatha ón réigiún céanna;

(b) 

cuirfear gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas leis an gciondálach laethúil;

(c) 

i gcás nach féidir le feirmeoirí beatha próitéine d’éanlaith chlóis a fháil ó tháirgeadh orgánach amháin agus gur dheimhnigh an t-údarás inniúil nach bhfuil dóthain beatha orgánaí prótéine ar fáil, féadfar beatha neamhorgánach próitéine a úsáid go dtí an ►M3  31 Nollaig 2026 ◄ , ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

níl an bheatha ar fáil i bhfoirm orgánach;

(ii) 

táirgtear agus ullmhaítear í gan tuaslagóirí ceimiceacha a úsáid;

(iii) 

ní úsáidtear an bheatha ach i gcás éanlaith chlóis óg a bheathú le comhdhúile sonracha próitéine; agus

(iv) 

níl an t-uaschéatadán a údaraítear don tréimhse 12 mhí do na hainmhithe sin níos mó ná 5 %. Ríomhfar an céatadán d’ábhar tirim sa bheatha ar de thionscnamh talmhaíochta í.

1.9.4.3.   Leas ainmhithe

Toirmeascfar éanlaith chlóis atá beo a chluimhriú.

1.9.4.4.   Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

Maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

beidh dromchla soladach ar aon trian ar a laghad d’achar an urláir, is é sin le rá, nach urlár slataí ná gráta a bheidh ann, agus beidh sé clúdaithe le hábhar easrach amhail tuí, scamháin adhmaid, gaineamh nó móin;

(b) 

i dtithe le haghaidh béaróg, beidh cuid leordhóthanach d’achar an urláir ar fáil do na cearca chun aoileach na gcearc a bhailiú ann;

▼M9

(c) 

déanfar foirgnimh a fholmhú ó bheostoc idir gach baisc éanlaithe clóis a thógtar. Déanfar na foirgnimh agus na feistis a ghlanadh agus a dhífhabhtú le linn an ama sin. De bhreis air sin, i gcás ina bhfuil tógáil baisc éanlaithe clóis tógtha curtha i gcrích, ní mór na clóis a fhágáil folamh ar feadh tréimhse a shocróidh na Ballstáit chun seans a thabhairt don fhásra fás arís. Déanfaidh an t-oibreoir taifid nó fianaise dhoiciméadach a choimeád ar chur i bhfeidhm na tréimhse sin. Ní bheidh feidhm ag na riachtanais sin i gcás nach dtógtar éanlaith chlóis i mbaiscí nó nach gcoinnítear i gclóis iad, agus i gcás ina mbíonn saoirse fánaíochta i rith an lae acu;

▼B

(d) 

beidh rochtain ag éanlaith chlóis ar limistéar taobh amuigh ar feadh aon trian dá saol ar a laghad. Mar sin féin, beidh teacht ag béaróga agus ag éanlaith chríochnaitheora ar limistéar taobh amuigh ar feadh trian dá saol ar a laghad, ach amháin nuair atá srianta sealadacha forchurtha ar bhonn reachtaíocht an Aontais;

(e) 

cuirfear rochtain leanúnach taobh amuigh ar fáil ón aois is óige agus is féidir ar bhonn praiticiúil, aon uair is féidir sna dálaí fiseolaíocha agus fisiceacha, ach amháin i gcás srianta sealadacha arna bhforchur ar bhonn reachtaíocht an Aontais;

(f) 

de mhaolú ar phointe 1.6.5, maidir le héin ghoir agus eireoga atá faoi bhun 18 seachtain d’aois, tráth a gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i bpointe 1.7.3 i dtaca le srianta agus oibleagáidí a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte na n-ainmhithe a chosaint, arna bhforchur ar bhonn reachtaíocht an Aontais, agus nach dtugtar rochtain d’éin ghoir ná d’eireoga atá faoi bhun 18 seachtain d’aois ar limistéir taobh amuigh leis na coinníollacha sin, breathnófar ar vearandaí mar limistéir taobh amuigh agus i gcásanna den sórt sin, beidh fál mogalra timpeall orthu chun éin eile a choimeád amach;

(g) 

beidh éanlaith in ann teacht go héasca ar thrachanna ólacháin i limistéir taobh amuigh d’éanlaithe chlóis;

(h) 

cumhdófar limistéir taobh amuigh d’éanlaith chlóis le fásra go príomha;

(i) 

faoi dhálaí ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht beatha ón limistéar raoin, mar shampla, mar gheall ar chlúdach fadtéarmach sneachta nó aimsir thur mar shampla, beidh gairbhseach breise mar chuid d’aiste bia éanlaithe clóis;

(j) 

i gcás go gcoinnítear éanlaith chlóis taobh istigh mar gheall ar shrianta nó oibleagáidí arna bhforchur ar bhonn reachtaíocht an Aontais, beidh rochtain buan acu ar mhéideanna leordhóthanacha gairbhsí agus ábhair iomchuí chun freastal a dhéanamh ar a gcuid riachtanas eiteolaíocha;

(k) 

beidh rochtain ag éanlaith uisce ar shruth, lochán, loch nó linn aon uair atá dálaí aimsire agus sláinteachais oiriúnacha ann d’fhonn a riachtanais speicis-shonracha agus a riachtanais leasa ainmhithe a urramú; i gcás nach bhfuil na dálaí aimsire oiriúnach, beidh rochtain acu ar uisce sa chaoi is go mbeidh sé de chumas acu an ceann a chur faoin uisce chun an chluimhreach a ghlanadh;

(l) 

féadfar an méid solais nádúrtha a mhéadú le modhanna saorga chun uasmhéid 16 uaire solais a chur ar fáil in aghaidh an lae agus beidh tréimhse scíthe san oíche gan aon solas saorga ar feadh 8 n-uaire leanúnacha ar a laghad;

(m) 

ní bheidh an t-achar dromchla inúsáidte chun éanlaith chlóis a ramhrú i dtithe d’éanlaith chlóis in aonad táirgthe ar bith níos mó ná 1 600 m2;

(n) 

ní cheadófar níos mó ná 3 000 béaróg in urrann aonair i dteach éanlaithe clóis.

1.9.5.   Do choiníní

1.9.5.1.   Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) 

tiocfaidh 70 % ar a laghad den bheatha ón bhfeirm féin, nó, mura bhfuil sin indéanta, nó sa chás nach bhfuil beatha den sórt sin ar fáil, déanfar an bheatha a tháirgeadh i gcomhar le haonaid táirgthe orgánacha eile nó le haonaid atá á dtiontú agus le hoibreoirí beatha a úsáideann beatha agus ábhar beatha ón réigiún céanna;

(b) 

beidh rochtain ag coiníní ar fhéaraigh le haghaidh innilte aon uair a mbeidh dálaí ann chuige sin;

(c) 

bunófar córais chun ainmhithe a thógáil ar an úsáid is mó is féidir a bhaint as féarach innilte de réir infhaighteachta féaraigh le linn tréimhsí éagsúla sa bhliain;

(d) 

cuirfidh bia snáithíneach amhail tuí nó féar tirim ar fáil nuair nach bhfuil dóthain féir ar fáil. Foráiste a bheidh i gceist le 60 % ar a laghad den aiste bia.

1.9.5.2.   Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

Maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

beidh limistéar scíthe/luí atá compordach, glan agus tirim nó atá ar mhéid leordhóthanach ar fáil sa tithíocht, agus foirgníocht sholadach gan slataí a bheidh ann. Beidh easair thirim fhairsing sa limistéar scíthe. Tuí nó ábhar nádúrtha eile atá oiriúnach a bheidh san easair. Féadfar an easair a fheabhsú agus a shaibhriú le haon táirge mianraí arna údarú lena úsáid mar leasachán nó mar oiriúntóir ithreach sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 24;

(b) 

coinneofar coiníní i ngrúpaí.

(c) 

coinneofar pórtha láidre atá oiriúnaithe do na coinníollacha lasmuigh ar fheirmeacha coiníní;

(d) 

Beidh rochtain ag coiníní ar:

(i) 

fothain chlúdaithe lena n-áirítear áiteanna dorcha inar féidir dul i bhfolach;

(ii) 

clós taobh amuigh ina bhfuil fásra, féarach más féidir;

(iii) 

ardán ardaithe ar ar féidir leo suí, istigh nó amuigh;

(iv) 

ábhar goir do choiníní baineanna.

1.9.6.   Beacha

1.9.6.1.   Tionscnamh ainmhithe

I gcás na beachaireachta, tabharfar tosaíocht d’úsáid Apis mellifera agus a gcuid éicitíopaí áitiúla.

1.9.6.2.   Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) 

fágfar dóthain meala agus pailine do na beacha sna coirceoga ag deireadh an tséasúir táirgthe chun teacht slán ón ngeimhreadh;

▼M1

(b) 

bee colonies may only be fed where the survival of the colony is endangered due to climatic conditions. In such case, bee colonies shall be fed with organic honey, organic pollen, organic sugar syrups, or organic sugar.

▼B

1.9.6.3.   Cúram sláinte

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cúram sláinte:

(a) 

chun críocha frámaí, coirceoga agus cíora meala a chosaint, ó lotnaidí go háirithe, ní cheadófar ach creimiricídí i ngaistí amháin agus táirgí agus substaintí iomchuí arna n-údarú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach a úsáid;

(b) 

ceadófar cóireálacha fisiceacha amhail gal nó lasair dhíreach a úsáid agus beachlanna á ndíghalrú;

(c) 

ní cheadófar beacha síolraithe fireanna a scriosadh ach amháin chun fíniú Varroa destructor a leithlisiú;

(d) 

má éiríonn coilíneachtaí breoite nó ionfhabhtaithe, in ainneoin gach beart coisctheach a dhéanamh, cuirfear cóireáil orthu láithreach, agus féadfar na coilíneachtaí a chur i mbeachlanna leithlise, más gá;

(e) 

féadfar úsáid a bhaint as aigéad formach, aigéad lachtach, aigéad aicéiteach agus aigéad ocsalach chomh maith le meantól, tíomól, eoclaptól, nó camfar i gcás fínithe le Varroa destructor;

(f) 

má dhéantar cóireáil le táirgí allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathaigh, seachas táirgí agus substaintí atá údaraithe de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 24 lena n-úsáid i i dtáirgeadh orgánach cuirfear na coilíneachtaí cóireáilte i mbeachlanna leithlise ar feadh thréimhse na cóireála agus cuirfear céir de bhunús beachaireachta orgánaí in ionad na céarach go léir. Beidh feidhm ag an tréimhse tiontaithe 12 mhí atá leagtha síos i bpointe 1.2.2 ar na coilíneachtaí sin ina dhiaidh sin.

1.9.6.4.   Leas ainmhithe

Beidh feidhm ag na rialacha ginearálta breise seo a leanas maidir leis an mbeachtaireacht:

(a) 

toirmeascfar scriosadh na mbeach i gcíora mar mhodh a bhaineann le táirgí beachaireachta a bhaint;

(b) 

Beidh toirmeasc ar chiorrú amhail sciatháin na gcráinbheach a bhearradh.

1.9.6.5.   Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

Maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

lonnófar beachlanna i limistéir a n-áirithíonn go mbíonn foinsí neachtair agus pailine a thagann go bunúsach ó bharra a táirgeadh go horgánach ar fáil, nó i gcás inarb iomchuí, ó fhásra spontáineach nó ó fhoraois nó barra a bainistíodh go neamhorgánach nár cóireáladh ach le modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil;

(b) 

coinneofar beachlanna fad leordhóthanach ó fhoinsí a d’fhéadfadh táirgí beachaireachta a éilliú nó dochar a dhéanamh do shláinte na mbeach;

(c) 

lonnófar na beachlanna sa chaoi is gur foinsí neachtair agus pailine a thagann go bunúsach ó bharra a táirgeadh go horgánach nó ó fhásra spontáineach nó barra a cóireáladh le modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 iad na foinsí neachtair agus pailine laistigh de gha 3km ó na beachlanna, nach féidir tionchar a bheith acu ar cháilíocht orgánach an táirgthe beachaireachta. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás nach bhfuil aon bhláthú ag tarlú, nó i gcás go bhfuil na coilíneachtaí beach suanach;

(d) 

is as ábhair nádúrtha go bunúsach a bheidh na coirceoga agus na hábhair a mbaintear úsáid astu sa bheachaireacht, ábhair nach bhfuil aon bhaol iontu i dtaca le héilliú comhshaoil nó táirgí beachaireachta;

(e) 

is ó aonaid táirgthe orgánacha a thiocfaidh an chéir le haghaidh aonaid nua;

(f) 

ní fhéadfar ach táirgí nádúrtha amhail gliú beach, céir agus olaí planda a úsáid sna coirceoga;

(g) 

ní úsáidfear táirgí éarthacha atá sintéisithe go ceimiceach le linn oibríochtaí chun mil a asbhaint;

(h) 

ní úsáidfear cíora síolraithe chun mil a asbhaint;

(i) 

ní mheasfar gur beachaireacht orgánach atá ann nuair a dhéantar é i réigiúin nó i limistéir arna n-ainmniú ag Ballstáit mar réigiúin nó mar limistéir nach féidir beachaireacht orgánach a chleachtadh iontu.

▼M9

1.9.6.6.   Oibleagáidí maidir le taifid a choimeád

Déanfaidh oibreoirí léarscáil a choimeád ar scála iomchuí de shuíomh na gcoirceog nó déanfaidh siad a chomhordanáidí geografacha a choimeád lena soláthar don údarás rialúcháin nó don chomhlacht rialúcháin a léireoidh i dtaca leis na limistéir ar a bhfuil rochtain ag na coilíneachtaí go gcomhlíonann siad sin ceanglais an Rialacháin seo.

Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas isteach i gclár na beachlainne maidir le beathú: ainm an táirge a úsáideadh, dátaí, cainníochtaí agus na coirceoga ina n-úsáidtear an táirge.

Déanfar taifead ar chrios ina bhfuil an bheachlann suite mar aon le sainaithint na gcoirceog agus na tréimhse aistrithe.

Déanfar taifead ar na bearta go léir a chuirfear i bhfeidhm i gclár na beachlainne, lena n-áirítear na huachtair choirceoige agus na hoibríochtaí chun mil a asbhaint. Déanfar taifead freisin de mhéid na meala a bhailítear agus de na dátaí ar a mbailítear í.

▼B

Cuid III: Rialacha maidir le táirgeadh algaí agus ainmhithe dobharshaothraithe

1.   Ceanglais ghinearálta

1.1.

Beidh oibríochtaí suite i suíomhanna nach bhfuil faoi réir éilliú ó tháirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, ná faoi réir truailleán a dhéanfadh dochar do chineál orgánach na dtáirgí.

1.2.

Déanfar aonaid táirgthe orgánaigh agus neamhorgánaigh a dheighilt go leordhóthanach agus i gcomhréir leis na híosfhaid deighilte arna socrú ag na Ballstáit, i gcás ina bhfuil íosfhaid deighilte den sórt sin socraithe. Beidh na bearta deighilte sin bunaithe ar an staid nádúrtha, córais dáileacháin uisce ar leithligh, faid, tuile na taoide, agus suíomh in aghaidh srutha agus suíomh le sruth an aonaid táirgthe orgánaigh. Ní mheasfar gur táirgeadh orgánach é táirgeadh algaí agus dobharshaothraithe i gcás ina ndéantar é i suíomhanna nó i limistéir arna n-ainmniú ag údaráis na mBallstát mar shuíomhanna nó limistéir atá mí-oiriúnach do na gníomhaíochtaí sin.

1.3.

Ní mór measúnú comhshaoil atá oiriúnach leis an aonad táirgthe a dhéanamh do gach oibríocht nua ar mhaith léi táirgeadh orgánach a dhéanamh agus a bhfuil níos mó ná 20 tona de tháirgí dobharshaothraithe á dtáirgeadh aici in aghaidh na bliana, chun staid an aonaid táirgthe agus a gharthimpeallachta agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena oibriú a fhionnadh. Cuirfidh an t-oibreoir an measúnú comhshaoil faoi bhráid an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe. Beidh inneachar an mheasúnaithe comhshaoil bunaithe ar Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 29 ). Má bhí an t-aonad táirgthe faoi réir measúnú coibhéiseach cheana féin, féadfar an measúnú sin a úsáid chun na críche sin.

1.4.

Ní cheadófar mangróibh a scriosadh.

1.5.

Cuirfidh an t-oibreoir plean bainistíochta inbhuanaithe atá comhréireach leis an aonad táirgthe ar fáil do dhobharshaothrú agus do bhuaint algaí.

1.6.

Tabharfar an plean cothrom le dáta ar bhonn bliantúil agus sonrófar ann na héifeachtaí comhshaoil a bhaineann leis an oibríocht, an faireachán comhshaoil atá le déanamh, agus liostófar ann na bearta atá le déanamh chun an drochthionchar ar an timpeallacht uisceach agus talún máguaird a íoslaghdú, lena n-áirítear, más infheidhme, sceitheadh cothaitheach amach sa chomhshaol in aghaidh an timthrialla táirgthe nó in aghaidh na bliana. Déanfar an faireachán a dhéantar ar threalamh teicniúil agus an chaoi a chuirtear air a thaifeadadh sa phlean.

1.7.

Déanfar bearta cosanta agus coisctheacha a ghlacfar i gcoinne creachadóirí I gcomhréir le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle agus rialacha náisiúnta a thaifeadadh sa phlean bainistíochta inbhuanaithe.

1.8.

I gcás inarb infheidhme, beidh comhordú ar bun leis na hoibreoirí comharsanachta chun an plean bainistíochta a tharraingt suas.

1.9.

Tarraingeoidh oibreoirí ghnó an dobharshaothraithe agus algaí sceideal laghdaithe dramhaíola suas, mar chuid den phlean bainistíochta inbhuanaithe, a chuirfear i bhfeidhm an tráth a chuirfear tús leis na hoibríochtaí. Más féidir, beidh úsáid teasa iarmharaigh teoranta d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

1.10.

Táirgí neamhphróiseáilte a ullmhú

Má dhéantar oibríochtaí ullmhúcháin, seachas próiseáil ar algaí nó ar ainmhithe dobharshaothraithe, beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i bpointí 1.2, 1.3, 1.4, 1.5 agus 2.2.3 de Chuid IV i leith na hoibríochtaí sin.

▼M9

1.11.

Coimeádfaidh oibreoirí fianaise dhoiciméadach ar fáil ar aon mhaolú ar rialacha táirgthe maidir le hainmhithe dobharshaothraithe a fuarthas i gcomhréir le pointe 3.1.2.1(d) agus (e).

▼B

2.   Ceanglais d’algaí

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 11 agus 15, agus, más ábhartha, i Roinn 1 den Chuid seo, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Roinn seo maidir le halgaí a bhailiú agus a tháirgeadh go horgánach. Beidh feidhm ag na rialacha sin mutatis mutandis maidir le fíteaplanctóin a tháirgeadh.

2.1.   Tiontú

2.1.1.

Mairfidh an tréimhse thiontaithe d’aonad táirgthe do bhailiú algaí 6 mhí.

2.1.2.

Tréimhse 6 mhí nó timthriall táirgthe iomlán, cibé acu is faide, a bheidh sa tréimhse thiontaithe […] d’aonad táirgthe saothraithe algaí.

2.2.   Rialacha táirgthe d’algaí

2.2.1.

Meastar gurb ionann algaí fiáine agus codanna di a bhailiú agus táirgeadh orgánach ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil stádas ard éiceolaíoch mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/60/CE ag baint leis na limistéir fáis, nó go bhfuil cáilíocht choibhéiseach acu:

— 
leis na criosanna táirgthe atá aicmithe mar A agus B i Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 30 ), go dtí an 13 Nollaig 2019, nó
— 
leis na réimsí aicmithe comhfhreagracha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18(8) de Rialachán (AE) 2017/625, ón 14 Nollaig 2019;
(b) 

nach ndéanann an bailiú difear suntasach do chobhsaíocht an éiceachórais nádúrtha ná do chaomhnú na speiceas sa limistéar bailiúcháin.

2.2.2.

Chun táirgeadh orgánach a thabhairt air, ní mór algaí a shaothrú i limistéir lena mbaineann saintréithe comhshaoil agus sláinte atá coibhéiseach leo sin ar a laghad atá leagtha amach i bpointe 2.2.1(a). Ina theannta sin, beidh feidhm ag na rialacha táirgthe seo a leanas:

(a) 

úsáidfear cleachtais inbhuanaithe ag gach céim den táirgeadh, ó bhailiú algaí óga go baint algaí;

(b) 

chun a áirithiú go gcoinneofar raon leathan géinte, déanfar algaí óga a bhailiú san fhiántas ar bhonn rialta chun éagsúlacht an stoic shaothraithe laistigh a chaomhnú agus a mhéadú;

(c) 

ní úsáidfear leasacháin seachas i saoráidí laistigh agus ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach chun na críche sin. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar úsáid na dtáirgí sin, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh gach táirge, ainm an táirge, agus an méid de a leathadh in éineacht le faisnéis faoi na luchtóga/na humair/na himchuacha lena mbaineann. ◄

2.3.   Saothrú algaí

2.3.1.   Maidir le saothrú algaí ar farraige ní úsáidfear ach cothaithigh a bhíonn le fáil sa timpeallacht go nádúrtha, nó ó tháirgeadh orgánach ainmhithe dobharshaothraithe atá suite más féidir in aice láimhe mar chuid de chóras ilsaothraithe críche.

2.3.2.   I saoráidí ar talamh ina n-úsáidtear foinsí seachtracha cothaitheach, beifear in ann a fhíorú go bhfuil leibhéil na gcothaitheach san uisce eisilteach mar an gcéanna, nó níos ísle ná mar atá san uisce atá ina shruth isteach. Ní fhéadfar ach cothaithigh de thionscnamh plandaí nó mianrach atá údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach a úsáid. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar úsáid na dtáirgí sin, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh an táirge, ainm an táirge, agus an méid de a leathadh in éineacht le faisnéis faoi na luchtóga/na humair/na himchuacha lena mbaineann. ◄

2.3.3.   Déanfar dlús an tsaothraithe nó déine na hoibríochta a thaifeadadh agus chun sláine na timpeallachta uiscí a chaomhnú áiritheofar nach sáraíonn siad an t-uasmhéid algaí is féidir a shaothrú gan dochar a dhéanamh don timpeallacht.

2.3.4.   Más féidir, déanfar téada agus trealamh eile a úsáidtear chun algaí a fhás a athúsáid nó a athchúrsáil.

2.4.   Algaí fiáine a bhailiú ar bhealach inbhuanaithe

2.4.1.

Déanfar meastachán aonuaire ar an mbithmhais nuair a thosófar ag bailiú algaí

2.4.2.

Coinneofar cuntais dhoiciméadacha san aonad nó san áitreabh agus leis na cuntais sin beidh an t-oibreoir in ann a aithint nach bhfuil ach algaí fiáine arna dtáirgeadh i gcomhréir leis an Rialachán seo soláthraithe ag bailitheoirí algaí agus beidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe in ann sin a fhíorú.

2.4.3.

Baileofar an fómhar ar bhealach nach ndéanfaidh an méid a bailíodh dochar suntasach do staid na timpeallachta uiscí. Déanfar bearta amhail bearta a bhaineann leis an gcaoi a mbailítear an fheamainn, na híosmhéideanna, aoiseanna, timthriallta táirgthe nó méid na n-algaí atá fanta, chun a áirithiú gur féidir le halgaí fás an athuair agus go ndéantar seachghabhálacha a chosc.

2.4.4.

I gcás ina mbailítear algaí ó limistéar bailiúcháin comhchoiteann, ní mór fianaise dhoiciméadach arna tabhairt ag an údarás ábhartha arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann a bheith ar fáil, ina léirítear go bhfuiltear ag comhlíonadh an Rialacháin seo i gcás na bailiúcháin iomláine.

3.   Ceanglais maidir le hainmhithe dobharshaothraithe

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh atá leagtha síos in Airteagail 9, 10, 11, 15, agus, más ábhartha, i Roinn 1 den Chuid seo, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Roinn seo maidir le speicis éisc, crústach, eicínideirmeach agus moileasc a tháirgeadh go horgánach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha sin freisin maidir le táirgeadh zóplanctón, micreachrústaigh, rothánaigh, péisteanna agus ainmhithe uisceacha eile a úsáidtear mar bheatha.

3.1.   Ceanglais ghinearálta

3.1.1.   Tiontú

Beidh feidhm ag na tréimhsí tiontaithe seo a leanas d’aonaid táirgthe dobharshaothraithe maidir leis na cineálacha saoráidí dobharshaothraithe seo a leanas lena n-áirítear na hainmhithe dobharshaothraithe atá ann cheana:

(a) 

i gcás saoráidí nach féidir a dhraenáil, a ghlanadh agus a dhíghalrú, tréimhse tiontaithe 24 mí;

(b) 

i gcás saoráidí atá draenáilte, nó ina bhfuil branar déanta, tréimhse thiontaithe 12 mhí;

(c) 

i gcás saoráidí atá draenáilte, glanta agus díghalraithe, tréimhse thiontaithe 6 mhí;

(d) 

i gcás saoráidí in uiscí oscailte lena n-áirítear iad siúd ina dtáirgtear moilisc dhébhlaoscacha, tréimhse thiontaithe 3 mhí.

3.1.2.   Tionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe

3.1.2.1.

Maidir le tionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

beidh dobharshaothrú orgánach bunaithe ar thógáil stoic óig atá de thionscnamh stoic síolraíochta orgánach, agus aonad táirgthe orgánach;

(b) 

úsáidfear speicis a fhástar go háitiúil agus beidh sé mar aidhm leis an bpórú tréithchineálacha a tháirgeadh atá níos oiriúnaithe do na coinníollacha táirgthe, lena n-áiritheofar dea-shláinte agus leas ainmhithe agus dea-úsáid acmhainní beatha. Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi thionscnamh agus cóireáil na n-ainmhithe lena mbaineann ar fáil don údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe;

(c) 

roghnófar speicis atá láidir agus is féidir a tháirgeadh gan dochar suntasach a dhéanamh do stoic fhiáine;

(d) 

chun críocha póraithe, féadfar ainmhithe dobharshaothraithe fiáine a gabhadh nó ainmhithe dobharshaothraithe neamhorgánacha a chur i ngabháltas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo amháin i gcás nach bhfuil aon phór orgánach ar fáil nó i gcás ina gcuirtear stoc géiniteach nua san aonad táirgthe chun críocha póraithe tar éis údarú a bheith tugtha ag an údarás inniúil, d’fhonn oiriúnacht an stoic ghéinitigh a fheabhsú. Coinneofar ainmhithe den sórt sin faoi bhainistiú orgánach go ceann 3 mhí ar a laghad sula bhféadfar iad a úsáid le haghaidh pórú. Maidir le hainmhithe atá ar Liosta Dearg IUCN na speiceas i mbaol, ní fhéadfar údarú a thabhairt eiseamail fhiáine a gabhadh a úsáid ach amháin i gcomhthéacs cláir chaomhantais atá aitheanta ag an údarás poiblí ábhartha atá i gceannas ar an iarracht chaomhantais;

(e) 

le haghaidh tuilleadh fáis, tá bailiú iasc óg dobharshaothraithe fiáine teoranta do na cásanna seo a leanas:

(i) 

insreabhadh nádúrtha éisc nó larbhaí crústach agus iasc óg agus linnte, córais choimeádta agus iatáin á líonadh;

(ii) 

athstocáil geológ fiáin nó larbhaí crústach de speicis nach bhfuil ar Liosta Dearg IUCN na speiceas i mbaol i bhfeirmeoireacht dobharshaothraithe fhairsing taobh istigh de bhogaigh, amhail locháin uisce goirt, i gceantair taoide agus i murlaigh cois cósta, ar an gcoinníoll:

— 
go bhfuil an athstocáil i gcomhréir le bearta bainistíochta atá formheasta ag na húdaráis ábhartha lena áirithiú go mbeidh na speicis lena mbaineann á saothrú go hinbhuanaithe, agus
— 
go bhfuil na héisc á mbeathú go heisiach le beatha atá ar fáil go nádúrtha sa timpeallacht.

De mhaolú ar phointe (a), féadfaidh na Ballstáit tabhairt isteach uasmhéid 50 % d’ainmhithe óga neamhorgánacha de speicis nár forbraíodh mar speicis orgánacha san Aontas faoin ►M3  1 Eanáir 2022 ◄ , a údarú le haghaidh tuilleadh fáis ar aonad táirgthe orgánaigh, ar an gcoinníoll go bhfuil ar a laghad an dá thrian is deireanaí d’fhad an timthrialla táirgthe á bhainistiú faoi bhainistíocht orgánach. Féadfar an maolú sin a dheonú go ceann uastréimhse 2 bhliain agus ní bheidh sé in-athnuaite.

Maidir le gabháltais dobharshaothraithe atá suite lasmuigh den Aontas, ní fhéadfaidh ach údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 46(1) an maolú sin a dheonú i gcás speicis nár forbraíodh mar speicis orgánacha i gcríoch na tíre ina bhfuil an gabháltas lonnaithe, ná san Aontas. Féadfar an maolú sin a dheonú go ceann uastréimhse 2 bhliain agus níl sé in-athnuaite.

3.1.2.2.

Maidir le pórú, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

ní úsáidfear hormóin agus díorthaigh hormón;

(b) 

ní úsáidfear táirgeadh saorga tréithchineálacha monaighnéis, ach amháin trí shórtáil de láimh, ionduchtú polaplóideachta, hibridiú saorga agus clónáil;

(c) 

roghnófar na tréithchineálacha iomchuí.

▼M1

3.1.2.3.

Juvenile production

In the larval rearing of marine fish species, rearing systems (preferably the “mesocosm” or “large volume rearing”) may be used. Those rearing systems shall meet the following requirements:

(a) 

the initial stocking density shall be below 20 eggs or larvae per litre;

(b) 

the larval rearing tank shall have a volume of minimum 20 m3; and

(c) 

the larvae shall feed on the natural plankton developing in the tank, supplemented as appropriate by externally produced phytoplankton and zooplankton.

▼M9

3.1.2.4.

Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar thionscnamh ainmhithe, lena sainaithneofar na hainmhithe/baisc ainmhithe, an dáta teachta agus an cineál speicis, na cainníochtaí, an stádas orgánach nó neamhorgánach, agus an tréimhse thiontaithe.

▼B

3.1.3.   Cothú

3.1.3.1.

Maidir le beatha d’iasc, crústaigh agus eicínideirmigh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

déanfar ainmhithe a bheathú le beatha a fhreagraíonn do riachtanais chothaitheacha an ainmhí ag céimeanna éagsúla a fhorbartha;

(b) 

ceapfar córais bheathaithe de réir na dtosaíochtaí seo a leanas:

(i) 

sláinte agus leas ainmhithe;

(ii) 

ardcháilíocht táirgí, lena n-áirítear an comhdhéanamh cothaitheach an táirge, lena n-áiritheofar ardcháilíocht an táirge deiridh inite;

(iii) 

tionchar íseal comhshaoil;

(c) 

beidh cion plandaí na beatha orgánach agus beidh cion na beatha atá díorthaithe ó ainmhithe uisceacha de thionscnamh dobharshaothrú orgánach nó iascach atá deimhnithe mar iascach inbhuanaithe faoi scéim atá aitheanta ag an údarás inniúil i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d) 

ní úsáidfear ábhair bheatha neamhorgánacha de thionscnamh plandaí, ainmhithe, algaí nó giosta, ábhair bheatha de thionscnamh mianrach nó miocróbach, breiseáin bheatha agus áiseanna próiseála ach amháin má tá siad údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach faoin Rialachán seo.

(e) 

ní bhainfear úsáid as spreagthóirí fáis nó as aimínaigéid shintéiseacha.

3.1.3.2.

Maidir le moilisc dhébhlaoscacha agus speicis eile nach mbíonn daoine á mbeathú ach a bhíonn á mbeathú féin le planctón nádúrtha, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir:

(a) 

beidh riar a riachtanas cothaithe uile ón nádúr ag ainmhithe scagbheathaithe den sórt sin seachas i gcás ainmhithe óga den sórt sin a thógtar i ngorlanna nó in iasclanna;

(b) 

beidh stádas ard éiceolaíoch mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/60/CE ag baint leis na limistéir fáis, nó dea-stádas comhshaoil, mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/56/EC nó beidh coibhéis cáilíochta acu:

— 
leis na criosanna táirgthe atá aicmithe mar A i Rialachán (CE) Uimh. 854/2004, go dtí an 13 Nollaig 2019, nó
— 
leis na réimsí aicmithe a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18(8) de Rialachán (AE) 2017/625, amhail ón 14 Nollaig 2019,

3.1.3.3.

Rialacha sonracha maidir le beatha d’ainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha

Déanfar beatha d’ainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha a fhoinsiú faoi na tosaíochtaí seo a leanas:

(a) 

beatha orgánach de thionscnamh dobharshaothraithe;

(b) 

min éisc agus ola éisc ó fhuílleach dobharshaothraithe orgánaigh a fhaightear ó iasc, ó chrústaigh nó ó mhoilisc;

(c) 

min éisc agus ola éisc agus ábhar beatha de thionscnamh éisc atá díorthaithe ó fhuílleach éisc, crústach nó moileasc a gabhadh cheana féin lena gcaitheamh ag an duine in iascach inbhuanaithe;

(d) 

min éisc agus ola éisc agus ábhar beatha de thionscnamh éisc atá díorthaithe ó iasc, ó chrústaigh nó ó mhoilisc ina n-iomláine a gabhadh in iascach inbhuanaithe agus nach n-úsáidtear lena gcaitheamh ag an duine;

▼M1

(e) 

organic feed materials of plant or animal origin.

▼B

3.1.3.4.

Rialacha sonracha maidir le beatha d’ainmhithe dobharshaothraithe áirithe

Le linn chéim an ramhraithe, déanfar iasc in uiscí intíre, séaclaí peinéideacha agus cloicheáin fionnuisce agus iasc fionnuisce trópaiceach a bheathú mar seo a leanas:

(a) 

déanfar iad a bheathú le beatha atá ar fáil go nádúrtha i linnte agus lochanna;

(b) 

i gcás nach bhfuil beatha nádúrtha dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha, féadfar beatha orgánach de thionscnamh plandaí, a fhástar ar an bhfeirm féin más féidir, nó algaí a úsáid. Coinneoidh oibreoirí fianaise dhoiciméadach ar an ngá atá le beatha bhreise a úsáid;

(c) 

i gcás ina ndéantar beatha nádúrtha a fhorlíonadh i gcomhréir le pointe (b):

(i) 

féadfaidh an chiondáil bheatha de shéaclaí peinéideacha agus de chloicheáin fionnuisce (Macrobrachium spp.) a bheith comhdhéanta de 25 % ar a mhéad de mhin éisc agus de 10 % d’ola éisc atá díorthaithe ó iascach inbhuanaithe;

(ii) 

féadfaidh an chiondáil bheatha de chait mhara Shiamacha (Pangasius spp.) a bheith comhdhéanta de 10 % ar a mhéad de mhin éisc nó d’ola éisc atá díorthaithe ó iascach inbhuanaithe.

▼M7

Le linn chéim an ramhraithe agus sna luathchéimeanna in iasclanna agus i ngorlanna, féadfar colaistéaról orgánach a úsáid chun aistí bia na séaclaí peinéideacha agus na gcloicheán fionnuisce (Macrobrachium spp.) a fhorlíonadh, chun freastal ar a riachtanas cothaithe cainníochtúil.

▼M9

3.1.3.5.

Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar na córais bheathaithe ar leith, go háirithe, ar ainm agus ar chainníocht na beatha agus ar úsáid beatha breise, agus ar na hainmhithe/ar bhaiscí na n-ainmhithe faoi seach a bheathaítear.

▼B

3.1.4.   Cúram sláinte

3.1.4.1.   Cosc galar

Maidir le galair a chosc beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

déanfar galair a chosc trí na hainmhithe a choinneáil i ndálaí barrmhaithe trína lonnú go hiomchuí, agus aird inter alia ar riachtanais na speiceas maidir le cáilíocht mhaith uisce lena ngabhann ráta maith srutha agus malartaithe, dearadh barrmhaith na ngabháltas, cleachtais mhaithe feirmeoireachta agus bainistíochta, lena n-áirítear an t-áitreabh a ghlanadh agus a dhíghalrú go rialta, beatha ar ardcháilíocht, dlús stocála iomchuí, agus roghnú pórtha agus tréithchineálacha;

(b) 

féadfar cógais tréidliachta imdhíoneolaíocha a úsáid;

(c) 

sonrófar i bplean bainistíochta sláinte ainmhithe na cleachtais bhithshlándála agus na cleachtais maidir le galair a chosc lena n-áirítear comhaontú i scríbhinn i dtaca le comhairle sláinte, atá comhréireach leis an aonad táirgthe, a fháil ó sheirbhísí atá cáilithe le bheith ag plé le sláinte ainmhithe dobharshaothraithe, ar seirbhísí iad a thabharfaidh cuairt ar an bhfeirm ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana nó, i gcás sliogéisc dhébhlaoscacha, ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain;

(d) 

déanfar córais choinneála, trealamh agus gléasanna a ghlanadh agus a dhíghalrú i gceart;

(e) 

ní dhéanfar orgánaigh bhithscreabhacha a bhaint amach ach trí mhodhanna 2fisiceacha nó de láimh agus, más iomchuí, cuirfear ar ais san fharraige iad fad áirithe ón bhfeirm;

(f) 

ní fhéadfar ach substaintí chun trealamh agus saoráidí a ghlanadh agus a dhíghalrú atá údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 24 a úsáid;

(g) 

maidir le branrú beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i) 

cinnfidh an t-údarás inniúil nó i gcás arb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an bhfuil gá le branrú agus an tréimhse iomchuí do chur i bhfeidhm an bhranraithe tar éis gach timthrialla táirgthe i gcórais choimeádta in uiscí oscailte ar farraige agus déanfar í a dhoiciméadú;

(ii) 

ní bheidh sé éigeantach i dtaca le saothrú moileasc débhlaoscach;

(iii) 

mar chuid den bhranrú déantar an cás nó struchtúr eile a úsáidtear do tháirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe a fholmhú agus a dhíghalrú agus fágtar folamh é sula n-úsáidfear arís é;

(h) 

más iomchuí, bainfear amach beatha éisc neamhite, faecas agus ainmhithe marbha go pras chun aon bhaol go ndéanfaí damáiste suntasach don chomhshaol maidir le cáilíocht stádas an uisce a sheachaint, chun rioscaí a bhaineann le galair a íoslaghdú, agus sa chaoi nach meallfar feithidí nó creimirí;

(i) 

ní fhéadfar solas ultraivialait agus ózón a úsáid ach i ngorlanna agus in iasclanna;

(j) 

i dtaca le rialú bitheolaíoch eictisheadán tabharfar tosaíocht d’úsáid éisc níos glaine agus d’úsáid fionnuisce, uisce mara agus réiteach chlóiríd sóidiam.

3.1.4.2.   Cóireálacha tréidliachta

Maidir le cóireálacha tréidliachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

cuirfear cóireáil ar ainmhí láithreach má tá galar air sa chaoi nach mbeidh sé ag fulaingt. Féadfar táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach lena n-áirítear antaibheathaigh a úsáid más gá, faoi choinníollacha diana agus faoi fhreagracht tréidlia, nuair nach iomchuí táirgí fítiteiripeacha, táirgí hoiméapatacha agus táirgí eile a úsáid. Más iomchuí, déanfar srianta maidir le cóireálacha agus tréimhsí aistarraingthe a shainiú;

(b) 

ceadófar cóireálacha a bhaineann le cosaint shláinte an duine agus sláinte ainmhithe a fhorchuirtear ar bhonn reachtaíocht an Aontais;

(c) 

i gcás ina dtagann fadhb shláinte chun cinn, in ainneoin bearta coisctheacha chun sláinte ainmhithe a áirithiú, dá dtagraítear i bpointe 3.1.4.1, féadfar cóireálacha tréidliachta a úsáid san ord tosaíochta seo a leanas:

(i) 

substaintí ó phlandaí, ó ainmhithe nó ó mhianraí i gcaolú hoiméapatach;

(ii) 

plandaí agus a n-úisc nach mbaineann éifeachtaí ainéistéiseacha leo; agus

(iii) 

substaintí amhail riandúile, miotail, imdhíon-spreagthaigh nádúrtha nó próibhithigh údaraithe;

(d) 

beidh úsáid cóireálacha allapatacha teoranta do dhá chóireáil in aghaidh na bliana, seachas i gcás vacsaínithe agus scéimeanna éigeantacha díothaithe. I gcás timthriall táirgthe is giorra ná bliain, áfach, is cóireáil allapatach amháin a cheadófar. Má sháraítear na teorainneacha atá sonraithe do chóireálacha allapatacha ní dhéanfear na hainmhithe dobharshaothraithe a margú mar tháirgí orgánacha;

▼M7

(e) 

seachas trí scéimeanna éigeantacha rialaithe a oibríonn na Ballstáit, cuirfear teorainn le húsáid cóireálacha seadán mar a leanas:

(i) 

maidir le bradán, dhá chóireáil ar a mhéid in aghaidh na bliana, nó cóireáil amháin in aghaidh na bliana i gcás inar giorra ná 18 mí an timthriall táirgthe;

(ii) 

maidir le gach speiceas seachas bradán, dhá chóireáil in aghaidh na bliana, nó cóireáil amháin in aghaidh na bliana i gcás inar giorra ná dhá mhí dhéag an timthriall táirgthe;

(iii) 

maidir le gach speiceas, gan dul thar cheithre chóireáil in aghaidh na bliana san iomlán, beag beann ar fhad thimthriall táirgthe an speicis;

▼B

(f) 

i gcomhréir le pointe (d), beidh an tréimhse aistarraingthe i dtaca le cóireálacha tréidliachta allapatacha agus cóireálacha seadán, lena n-áirítear cóireálacha faoi scéimeanna éigeantacha rialaithe agus díothaithe, a dhá oiread níos faide ná an tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE nó, i gcás nach sonraítear an tréimhse sin, is tréimhse 48 uair an chloig a bheidh ann;

(g) 

aon uair a úsáidtear táirgí míochaine tréidliachta, ní mór an úsáid sin a fhógairt don údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe sula ndéanfar na hainmhithe a mhargú mar tháirgí orgánacha. Beidh an stoc ar tugadh cóireáil dó in-aitheanta go soiléir.

▼M9

3.1.4.3.   Taifid a choimeád ar chosc galar

Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar na bearta coisctheacha galar a cuireadh i bhfeidhm ina mbeidh sonraí maidir le branrú, le glanadh agus le cóireáil uisce, agus maidir le haon chóireáil tréidliachta agus le haon chóireáil seadán eile a cuireadh i bhfeidhm agus go háirithe, sonraí maidir le dáta na cóireála, leis an diagnóis, leis an bposeolaíocht, ainm an táirge cóireála, agus le hoideas tréidliachta le haghaidh cúram tréidliachta, i gcás inarb infheidhme, agus le tréimhsí aistarraingthe a cuireadh i bhfeidhm sularbh fhéidir táirgí dobharshaothraithe a mhargú agus a lipéadú mar tháirgí orgánacha.

▼B

3.1.5.   Tithíochta agus cleachtais feirmeoireachta

3.1.5.1.

Beidh toirmeasc ar shaoráidí athshruthúcháin dhúnta do tháirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe, seachas gorlanna agus iasclanna nó do tháirgeadh speiceas arna n-úsáid d’orgánaigh beatha orgánacha.

3.1.5.2.

Ní cheadófar téamh ná fuarú saorga uisce ach amháin i ngorlanna agus iasclanna. Féadfar uisce nádúrtha ó pholl tóraíochta a úsáid chun uisce a théamh nó a fhuarú ag gach céim táirgthe.

3.1.5.3.

Déanfar timpeallacht riartha na n-ainmhithe dobharshaothraithe a dhearadh, i gcomhréir le riachtanais shonracha an speicis, ar shlí gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na hainmhithe dobharshaothraithe:

(a) 

beidh spás leordhóthanach ar mhaithe lena leas agus an dlús stocála ábhartha acu mar atá leagtha síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(3);

(b) 

tabharfar uisce ar cháilíocht mhaith dóibh lena ngabhann, inter alia, ráta leordhóthanach srutha agus malartaithe, leibhéil ocsaigine leordhóthanacha agus lena gcoinnítear leibhéal íseal meitibilítí;

(c) 

coinneofar iad i ndálaí teochta agus solais i gcomhréir le riachtanais an speicis agus aird á tabhairt ar an suíomh geografach.

Agus éifeachtaí an dlúis stocála ar leas an éisc a tháirgtear á meas, déanfar faireachán ar staid an éisc (amhail damáiste do na heití, gortuithe eile, ráta fáis, iompraíocht agus sláinte an éisc ar an iomlán) agus ar cháilíocht an uisce, agus tabharfar aird air sin.

I gcás éisc fionnuisce, beidh dálaí an ghrinnill chomh nádúrtha is féidir.

I gcás carbáin agus speiceas comhchosúil:

— 
ithir nádúrtha a bheidh sa ghrinneall;
— 
ní dhéanfar leasú orgánach agus mianrach ar na linnte agus na locha ach le leasacháin agus oiriúntóirí ithreach atá údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus 20 kg nítrigin in aghaidh an heicteáir an t-uasmhéid is féidir a úsáid;
— 
beidh toirmeasc ar chóireálacha lena mbaineann ceimiceáin shintéiseacha chun hidrifítí agus cumhdach plandaí in uiscí táirgthe a rialú.

▼M9

Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar bhearta faireacháin agus cothabhála maidir le leas ainmhithe agus cáilíocht uisce. I gcás toirchiú linnte agus lochanna, déanfaidh na hoibreoirí taifid a choimeád ar leathadh leasachán agus ar oiriúntóirí ithreach, lena n-áirítear an dáta a úsáideadh iad, ainm an táirge, an méid de a leathadh, agus suíomh an leata lena mbaineann.

▼B

3.1.5.4.

Déanfar na córais choimeádta uisceacha a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh rátaí srutha agus paraiméadair fhisiceimiceacha ann lena dtugtar cosaint do shláinte agus folláine ainmhithe agus lena ndéantar cúram dá riachtanais iompraíochta.

Comhlíonfar na tréithe sonracha le haghaidh córais táirgthe agus córais choimeádta i gcás speiceas nó grúpa speiceasatá leagtha síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

3.1.5.5.

Comhlíonfaidh aonaid tógála ar talamh na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

i gcás córais srutha ceadófar faireachán a dhéanamh ar ráta srutha agus ar cháilíocht an uisce atá ina shruth isteach agus amach agus iad a rialú;

(b) 

beidh fásra nádúrtha le fáil in 10 % den limistéar imlíne ar a laghad (“an comhéadan talún-uisce”).

3.1.5.6.

Comhlíonfaidh córais choimeádta ar farraige na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déanfar iad a lonnú in áit a bhfuil rátaí srutha uisce, doimhneachta agus malartaithe dobharlaigh leordhóthanach chun an tionchar ar ghrinneall na farraige agus ar an dobharlach máguaird a íoslaghdú;

(b) 

beidh dearadh, tógáil agus cothabháil na gcásanna oiriúnach don timpeallacht oibriúcháin dá bhfuil siad nochtaithe.

3.1.5.7.

Déanfar córais choimeádta a dhearadh, a lonnú agus a oibriú chun an riosca go n-éalódh ainmhithe a íoslaghdú.

3.1.5.8.

I gcás ina n-éalaíonn iasc nó crústaigh, déanfar na bearta iomchuí, lena n-áirítear athghabháil, más iomchuí, chun an tionchar ar an éiceachóras áitiúil a íoslaghdú. Coinneofar taifid.

3.1.5.9.

Maidir le táirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe i linnte éisc, i ndabhcha nó i sruthchainéil, beidh cisil scagtha nádúrtha, linnte lonnaíochta, scagairí bitheolaíocha nó scagairí meicniúla le fáil ar fheirmeacha chun cothaithigh dhramhaíola a bhailiú nó chun algaí nó ainmhithe (débhlaoscaigh) a chuireann le cáilíocht an eisiltigh a úsáid. Déanfar faireachán ar eisiltigh ar bhonn rialta más iomchuí.

3.1.6.   Leas ainmhithe

3.1.6.1.

Beidh an buneolas agus na bunscileanna is gá maidir le riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe ag gach duine atá bainteach le hainmhithe dobharshaothraithe a choinneáil.

3.1.6.2.

Déanfar láimhseáil ainmhithe dobharshaothraithe a íoslaghdú, déanfar iad a láimhseáil go cuí cúramach agus úsáidfear an trealamh ceart agus na prótacail chearta chun an strus agus an díobháil fhisiceach a bhaineann le nósanna imeachta láimhseála a sheachaint. Déanfar stoc síolraíochta a láimhseáil ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an díobháil fhisiceach agus an strus agus déanfar é faoi ainéistéise más iomchuí. Déanfar oibríochtaí grádála a laghdú go dtí an méid is lú agus is gá chun leas éisc a áirithiú.

3.1.6.3.

Beidh feidhm ag na srianta seo a leanas maidir le solas saorga a úsáid:

(a) 

chun cur le fad nádúrtha an lae ní bheidh sé os cionn uasmhéid lena dtugtar aird ar riachtanais eiteolaíocha, dálaí geografacha agus sláinte ghinearálta ainmhithe; ní sháróidh an t-uasmhéid sin 14 huaire in aghaidh an lae, ach amháin i gcás inarb iomchuí chun críoch atáirgthe;

(b) 

déanfar athruithe tobanna ar ghéire an tsolais a sheachaint tráth an athraithe sin trí shoilse íslithe nó soilsiú cúlra a úsáid.

3.1.6.4.

Ceadófar aerú chun leas agus sláinte ainmhithe a áirithiú. Déantar aerthóirí meicniúla a chumhachtú le foinsí fuinnimh in-athnuaite más féidir.

3.1.6.5.

Ní fhéadfar ocsaigin a úsáid ach i gcásanna a bhaineann le riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe agus le tréimhsí ríthábhachtacha táirgthe nó iompair, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

cásanna eisceachtúla maidir le athrú teochta nó le hísliú bhrú an atmaisféir nó truailliú uisce de thaisme;

(b) 

nósanna imeachta bainistíochta stoic ócáideacha amhail sampláil agus sórtáil;

(c) 

chun a áirithiú go mairfidh an stoc feirme.

▼M9

Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar na húsáidí sin, agus léireofar cé acu faoi phointe (a), (b) nó (c) a chuirfear i bhfeidhm iad.

▼B

3.1.6.6.

Déanfar bearta iomchuí chun fad na tréimhse iompair d’ainmhithe dobharshaothraithe a íoslaghdú.

3.1.6.7.

Déanfar aon fhulaingt le linn shaol iomlán an ainmhí a choinneáil chomh teoranta agus is féidir, lena n-áirítear ag an am a maraítear é.

3.1.6.8.

Tá toirmeasc ar an súil iompróir a eisídiú, lena n_áirítear gach cleachtas comhchosúil amhail ceangal, gearradh agus pinseáil.

3.1.6.9.

Fágfaidh na teicnící maraithe éisc gan aithne agus gan mhothú láithreach. Sula marófar na héisc déanfar iad a láimhseáil ar bhealach ina seachnófar gortuithe fad a choinneofar an fhulaingt agus an strus ar an méid is lú. Cuirfear na héagsúlachtaí ó thaobh méideanna bainte, speiceas, agus suíomhanna táirgthe san áireamh agus na modhanna maraithe is fearr á meas.

3.2.   Rialacha mionsonraithe maidir le moilisc

3.2.1.   Tionscnamh an tsíl

Maidir le tionscnamh síl beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

féadfar síol fiáin ó lasmuigh de theorainneacha an aonaid táirgthe a úsáid i gcás sliogiasc débhlaoscach, ar an gcoinníoll nach ndéanfar díobháil shuntasach don chomhshaol, ar choinníoll go bhfuil sé ceadaithe ag an reachtaíocht áitiúil agus ar choinníoll go dtagann an síol fiáin as:

(i) 

leapacha lonnaíochta nach dócha a thiocfaidh slán ó aimsir an gheimhridh nó a bhfuil níos mó acu ann ná mar is gá; nó

(ii) 

lonnaíocht nádúrtha síl sliogéisc i gcoimeádáin;

(b) 

i gcás an chuasoisre, (Crassostrea gigas), tabharfar tosaíocht don stoc a dhéantar a phórú ar bhonn roghnaitheach chun sceathrach faoin bhfiántas a laghdú;

(c) 

coinneofar taifid maidir le conas a bailíodh, cén áit ar bailíodh agus cén uair a bailíodh síol fiáin ionas go mbeidh inrianaitheacht ann siar go dtí an limistéar bailithe;

(d) 

ní fhéadfar síolta fiáine a bhailiú ach amháin tar éis don údarás inniúil an t-údarú a thabhairt.

3.2.2.   Tithíochta agus cleachtais feirmeoireachta

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta:

(a) 

féadfar táirgeadh a dhéanamh sa limistéar céanna uisce le táirgeadh orgánach éisc eite agus algaí mar chuid de chóras ilsaothraithe críche a mbeidh tuairisc air sa phlean bainistíochta inbhuanaithe. Féadfar moilisc dhébhlaoscacha a fhás i dteannta moileasc gastrapódach, amhail faochain, in ilsaothrú críche;

(b) 

déanfar moilisc dhébhlaoscacha orgánacha a tháirgeadh laistigh de limistéir atá teorannaithe le poist, buimbiléid, nó marcálacha soiléire eile agus déanfar iad a shrianadh, i gcás inarb iomchuí, le málaí eangaí, cásanna nó modhanna saorga eile;

(c) 

déanfaidh feirmeacha sliogéisc orgánaigh na rioscaí atá ann do speicis atáthar ag iarraidh a chaomhnú a íoslaghdú. I gcás ina n-úsáidtear eangacha creiche beidh siad deartha sa chaoi nach ndéanfar dochar d’éin thumthacha.

3.2.3.   Saothrú

Maidir le saothrú, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

saothrú diúilicíní le téada agus saothrú trí na modhanna eile atá liostaithe sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(3), féadfar iad a úsáid i dtáirgeadh orgánach;

(b) 

ní cheadófar moilisc a shaothrú ar an ngrinneall ach i gcás nach mbíonn aon tionchar suntasach comhshaoil aige sin ar na suíomhanna bailiúcháin agus fáis. Déanfar suirbhé agus tuarascáil, lena léirítear go bhfuil an tionchar ar an gcomhshaol a ísle is féidir, a chur mar chaibidil ar leithligh leis an bplean bainistíochta inbhuanaithe agus soláthróidh an t-oibreoir don údarás inniúil, nó i gcás inarb iomchuí, don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe iad sula gcuirtear tús leis na hoibríochtaí.

3.2.4.   Bainistíocht

Maidir le bainistíocht beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

úsáidfear dlús stocála sa táirgeadh nach bhfuil níos mó ná an dlús stocála a úsáidtear do mhoilisc neamhorgánacha sa dúiche. Déanfar sórtáil, tanú agus oiriúnuithe don dlús stocála de réir na bithmhaise agus chun leas ainmhithe agus ardcháilíocht táirgí a áirithiú;

(b) 

déanfar orgánaigh bhithscreabhacha a bhaint amach trí mhodhanna fisiceacha nó de láimh agus, más iomchuí, cuirfear ar ais san fharraige iad amach ó na feirmeacha moilisc. Féadfar moilisc a chóireáil le tuaslagán aoil uair amháin le linn an timthrialla táirgthe chun orgánaigh screabhacha iomaíocha a rialú.

3.2.5.   Rialacha sonracha saothraithe maidir le hoisrí

Ceadófar saothrú i málaí ar thristéil. Beidh siad sin nó struchtúir eile ina gcoinnítear na hoisrí leagtha amach sa chaoi nach gcruthófar teorainn iomlán feadh líne an chladaigh. Déanfar an stoc a shuíomh go cúramach ar na leapacha i ndáil le tuile na taoide chun an táirgeadh a bharrfheabhsú. Comhlíonfaidh an táirgeadh na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Cuid IV: Rialacha táirgthe i dtaca le bia próiseáilte

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagal 9, Airteagal 11 agus Airteagal 16, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh orgánach bia próiseáilte.

1.   Ceanglais ghinearálta maidir le táirgeadh bia phróiseáilte

1.1.

Breiseáin bhia, áiseanna próiseála agus substaintí agus comhábhair eile a úsáidtear chun bia a phróiseáil, agus aon chleachtas próiseála a chuirtear i bhfeidhm, amhail deatú, beidh siad go léir i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le dea-chleachtas monaraíochta ( 31 ).

1.2.

Bunóidh oibreoirí a tháirgeann bia próiseáilte nósanna imeachta iomchuí agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad bunaithe ar shainaithint chórasach céimeanna próiseála ríthábhachtacha.

1.3.

Áiritheofar i gcónaí le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 1.2 go gcomhlíonann na táirgí próiseáilte táirgthe an Rialachán seo.

1.4.

Comhlíonfaidh oibreoirí na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 1.2, agus cuirfidh siad chun feidhme iad agus, go háirithe, déanfaidh siad na nithe seo a leanas gan dochar d’Airteagal 28:

▼M9

(a) 

bearta réamhchúraim a dhéanamh agus taifid a choimeád ar na bearta sin;

▼B

(b) 

cuirfidh siad bearta oiriúnacha glantacháin chun feidhme, déanfaidh siad faireachán ar a n-éifeachtacht agus déanfaidh siad na hoibríochtaí sin a thaifeadadh;

(c) 

áiritheoidh siad nach gcuirfear táirgí neamhorgánacha ar an margadh agus tásc orthu atá ag tagairt do tháirgeadh orgánach.

1.5.

Déanfar táirgí orgánacha próiseáilte, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a ullmhú go leithleach ó chéile ó thaobh ama nó spáis de. I gcás ina n-ullmhaítear nó ina stóráiltear táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú, nó táirgí neamhorgánacha san aonad ullmhúcháin lena mbaineann, déanfaidh an t-oibreoir na nithe seo a leanas:

(a) 

cuirfidh siad an t-údarás inniúil, nó i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ar an eolas dá réir;

(b) 

déanfaidh siad na hoibríochtaí go leanúnach go dtí go bhfuil an babhta táirgthe curtha i gcrích, in áit nó am ar leithligh ó oibríochtaí comhchosúla a dhéantar ar aon chineál eile táirge (táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú, táirgí neamhorgánacha);

(c) 

stórálfaidh siad táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha, roimh na hoibríochtaí agus dá n-éis, in áit nó am ar leithligh ó chéile;

(d) 

coinneoidh siad taifead cothrom le dáta ar fáil de na hoibríochtaí agus de na cainníochtaí ar fad arna bpróiseáil;

(e) 

déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go sainaithnítear na baisceanna agus chun meascáin nó malartuithe idir táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a sheachaint;

(f) 

ní dhéanfaidh siad oibríochtaí ar tháirgí orgánacha ná ar tháirgí atá á dtiontú ach amháin tar éis an trealamh táirgthe a ghlanadh go cuí.

1.6.

Ní úsáidfear táirgí, substaintí agus teicnící a athchóiríonn airíonna a chailltear le linn próiseáil agus stóráil bia orgánaigh, ná táirgí, substaintí agus teicnící a cheartaíonn torthaí mórfhaillí i bpróiseáil bia orgánaigh nó a d’fhéadfadh a bheith míthreorach ar bhealach eile i dtaca le fíorchineál na dtáirgí atá beartaithe lena gcur ar an margadh mar bhia orgánach.

▼M9

1.7.

Coimeádfaidh oibreoirí fianaise dhoiciméadach ar fáil maidir le húdaruithe chun comhábhair talmhaíochta neamhorgánacha a úsáid chun bia próiseáilte orgánach a tháirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 25 má fuair siad nó má d’úsáid siad na húdaruithe sin.

▼B

2.   Ceanglais mhionsonraithe maidir le táirgeadh bia phróiseáilte

2.1.

Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le comhdhéanamh bia phróiseáilte orgánaigh:

(a) 

déanfar an táirge a tháirgeadh ó chomhábhair thalmhaíochta go príomha nó ó tháirgí atá ceaptha lena n-úsáid mar bhia atá liostaithe in Iarscríbhinn I; chun a chinneadh an dtáirgtear táirge ó na táirgí sin, go príomha, ní chuirfear uisce agus salann breise san áireamh;

(b) 

ní bheidh comhábhar orgánach le fáil i dteannta an chomhábhair chéanna i bhfoirm neamhorgánach;

(c) 

ní bheidh comhábhar atá á thiontú le fáil i dteannta an chomhábhair chéanna i bhfoirm orgánach ná neamhorgánach.

2.2.

Táirgí agus substaintí áirithe a úsáid i bpróiseáil bia

2.2.1. 

Ní fhéadfar ach na breiseáin bhia, na háiseanna próiseála agus na comhábhair neamhorgánacha thalmhaíochta sin a údaraítear lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 24 nó Airteagal 25, agus na táirgí agus na substaintí dá dtagraítear i bpointe 2.2.2 a úsáid i bpróiseáil bhia, seachas i gcás táirgí agus substaintí in earnáil an fhíona, a mbeidh feidhm ag pointe 2 de Chuid VI maidir leo, agus cé is moite de giosta, a mbeidh feidhm ag pointe 1.3 de Chuid VII maidir leis

2.2.2. 

Ceadófar na táirgí agus na substaintí seo a leanas a úsáid i bpróiseáil bhia:

(a) 

ullmhóidí miocrorgánach agus einsímí bia a úsáidtear i bpróiseáil bhia go hiondúil; ní mór einsímí bia atá le húsáid mar bhreiseáin bhia a bheith údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, áfach;

(b) 

substaintí agus táirgí mar a shainmhínítear in Airteagal i bpointe (c) agus i bpointe (d)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 atá lipéadaithe mar shubstaintí blaistithe nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagal 16(2), (3) agus (4) den Rialachán sin;.

(c) 

dathanna chun feoil agus blaoscanna uibhe a stampáil i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(d) 

dathanna nádúrtha agus substaintí nádúrtha brataithe le haghaidh dathú maisitheach traidisiúnta an bhlaosc ar uibheacha beirithe a tháirgtear lena gcur ar an margadh ar feadh tréimhse áirithe den bhliain;

(e) 

uisce óil agus salann orgánach nó neamhorgánach (agus clóiríd sóidiam nó clóiríd photaisiam mar bhun-chomhábhair) a úsáidtear i bpróiseáil bhia i gcoitinne;

(f) 

mianraí (riandúile san áireamh), vitimíní, aimínaigéid agus micreachothaithigh ar choinníoll:

(i) 

go bhfuil a n-úsáid i mbia do ghnáthchaitheamh ina ‘ceangal dlí díreach’, sa bhrí go bhfuil sé ina cheangal díreach, ag forálacha dhlí an Aontais nó forálacha an dlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, agus é de thoradh air sin nach féidir an bia a chur ar an margadh ar chor ar bith mar bhia do ghnáthchaitheamh mura gcuirtear na mianraí, na vitimíní, na haimínaigéid nó na micreachothaithigh leis; nó

(ii) 

maidir le bia a chuirtear ar an margadh mar bhia ag a bhfuil tréithe nó éifeachtaí ar leith i ndáil leis an tsláinte nó le cothú i ndáil le riachtanais grúpaí sonracha tomhaltóirí:

— 
i dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 32 ), go bhfuil a n-úsáid údaraithe leis an Rialachán sin agus le gníomhartha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 11(1) den Rialachán sin maidir le na táirgí lena mbaineann nó
— 
táirgí arna rialáil le Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún ( 33 ) ar an gcoinníoll go bhfuil a n-úsáid údaraithe leis an Treoir sin.
2.2.3. 

Chun na críche sin, ní úsáidfear ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid sa phróiseáil. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar úsáid na dtáirgí sin, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh gach táirge, ainm an táirge, a shubstaintí gníomhacha, agus suíomh a úsáide sin. ◄

2.2.4. 

Chun críche an ríofa dá dtagraítear in Airteagal 30(5), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

ríomhfar breiseáin bhia áirithe atá údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach mar chomhábhair thalmhaíochta;

(b) 

ní ríomhfar ullmhóidí agus substaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d), (e) agus (f) de phointe 2.2.2 mar chomhábhair thalmhaíochta;

(c) 

ríomhfar giosta agus táirgí giosta mar chomhábhair thalmhaíochta.

▼M9

2.3.

Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar aon ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh bia. I gcás táirgí ilchodacha a tháirgeadh, déanfar oidis/foirmlí iomlána ina léireofar cainníochtaí an ionchuir agus an aschuir a choimeád ar fáil don údarás inniúil nó don chomhlacht rialúcháin.

▼B

Cuid V: Rialacha táirgthe i dtaca le beatha phróiseáilte

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagal 9, Airteagal 11 agus Airteagal 17, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh orgánach bia próiseáilte.

1.   Ceanglais ghinearálta maidir le táirgeadh beatha próiseáilte

1.1. Breiseáin bheatha, áiseanna próiseála agus substaintí agus comhábhair eile a úsáidtear chun beatha a phróiseáil agus aon chleachtas próiseála a úsáidtear, amhail deatú, beidh siad go léir i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le cleachtas maith monaraíochta.

1.2. Bunóidh oibreoirí a tháirgeann beatha próiseáilte nósanna imeachta iomchuí agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad bunaithe ar shainaithint chórasach céimeanna próiseála ríthábhachtacha.

1.3. Áiritheofar i gcónaí le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 1.2 go gcomhlíonann na táirgí próiseáilte táirgthe an Rialachán seo.

1.4. Comhlíonfaidh oibreoirí na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 1.2, agus cuirfidh siad chun feidhme iad agus, go háirithe, déanfaidh siad na nithe seo a leanas gan dochar d’Airteagal 28:

▼M9

(a) 

bearta réamhchúraim a dhéanamh agus taifid a choimeád ar na bearta sin;

▼B

(b) 

cuirfidh siad bearta oiriúnacha glantacháin chun feidhme, déanfaidh siad faireachán ar a n-éifeachtacht agus déanfaidh siad na hoibríochtaí sin a thaifeadadh;

(c) 

áiritheoidh siad nach gcuirfear táirgí neamhorgánacha ar an margadh agus tásc orthu atá ag tagairt do tháirgeadh orgánach.

1.5. Déanfar táirgí orgánacha próiseáilte, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a ullmhú go leithleach ó chéile ó thaobh ama nó spáis de. I gcás ina n-ullmhaítear nó ina stóráiltear táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha, nó aon teaglaim de na táirgí sin, san aonad ullmhúcháin céanna, déanfaidh an t-oibreoir na nithe seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sé an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ar an eolas dá réir;

(b) 

déanfaidh sé na hoibríochtaí go leanúnach go dtí go bhfuil an babhta táirgthe curtha i gcrích, in áit nó am ar leithligh ó oibríochtaí comhchosúla a dhéantar ar aon chineál eile táirge (táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú, nó táirgí neamhorgánacha);

(c) 

stórálfaidh sé táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha, roimh na hoibríochtaí agus dá n-éis, in áit nó am ar leithligh ó chéile;

(d) 

coinneoidh siad taifead cothrom le dáta ar fáil de na hoibríochtaí agus de na cainníochtaí ar fad arna bpróiseáil;

(e) 

déanfaidh sé na bearta is gá chun a áirithiú go sainaithnítear na baisceanna agus chun meascáin nó malartuithe idir táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a sheachaint;

(f) 

ní dhéanfaidh siad oibríochtaí ar tháirgí orgánacha ná ar tháirgí atá á dtiontú ach amháin tar éis an trealamh táirgthe a ghlanadh go cuí.

2.   Ceanglais mhionsonraithe maidir le táirgeadh beatha próiseáilte

2.1. Ní ghabhfaidh ábhair bheatha orgánacha, ná ábhair bheatha atá á dtiontú, i gcomhdhéanamh an táirge beatha orgánaigh go comhuaineach leis na hábhair bheatha chéanna a tháirgtear trí mhodhanna neamhorgánacha.

2.2. Aon ábhair bheatha a úsáidfear nó a phróiseálfar i dtáirgeadh orgánach, ní bheidh siad próiseáilte trí bhíthin tuaslagóirí atá sintéisithe go ceimiceach.

2.3. Ábhar beatha neamhorgánach de thionscnamh plandaí, algaí, ainmhithe nó giosta, ábhair bheatha de thionscnamh mianrach, agus breiseáin bheatha agus áiseanna próiseála atá údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, ní fhéadfar ach iad sin a úsáid i bpróiseáil bheatha.

2.4. Chun na críche sin, ní úsáidfear ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú lena n-úsáid sa phróiseáil de bhun Airteagal 24. ►M9  Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar úsáid na dtáirgí sin, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh gach táirge, ainm an táirge, a shubstaintí gníomhacha, agus suíomh a úsáide sin. ◄

▼M9

2.5. Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar aon ionchur a úsáidtear i dtáirgeadh beatha. I gcás táirgí ilchodacha a tháirgeadh, déanfar oidis/foirmlí iomlána ina léireofar cainníochtaí an ionchuir agus an aschuir a choimeád ar fáil don údarás inniúil nó don chomhlacht rialúcháin.

▼B

Cuid VI: Fíon

1.   Raon feidhme

1.1. I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagail 9, 10, 11, 16 agus 18, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh orgánach tháirgí na hearnála fíona dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

1.2. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ( 34 ) ón gCoimisiún agus ag Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ( 35 ) ón gCoimisiún ach amháin má dhéantar foráil shainráite dá mhalairt sa Chuid seo.

2.   Táirgí agus substaintí áirithe a úsáid

2.1. Táirgfear táirgí earnáil an fhíona ó amhábhar orgánach.

2.2. Ní fhéadfar ach táirgí agus substaintí atá údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach a úsáid chun táirgí earnáil an fhíona a dhéanamh, lena n-áirítear le linn na gcleachtas, na bpróiseas agus na gcóireálacha fíoneolaíoch, faoi réir na gcoinníollacha agus na srianta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 agus go háirithe in Iarscríbhinn IA a ghabhann leis an Rialachán deireanach sin.

▼M9

2.3. Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar aon táirge nó substaint a úsáidtear i dtáirgeadh fíona agus i ndáil le glanadh agus le dífhabhtú, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh na táirgí, ainm gach táirge, a shubstaintí gníomhacha, agus i gcás inarb infheidhme, suíomh a úsáide sin.

▼B

3.   Cleachtais fhíoneolaíocha agus srianta

3.1. Gan dochar do Roinn 1 agus do Roinn 2 den Chuid seo agus do na toirmisc shonracha agus na srianta sonracha dá bhforáiltear i bpointe 3.2, i bpointe 3.3 agus i bpointe 3.4, ní cheadófar ach cleachtais fhíoneolaíocha, próisis fhíoneolaíocha agus cóireálacha fíoneolaíocha, lena n-áirítear na srianta dá bhforáiltear in Airteagal 80 agus Airteagal 83(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, in Airteagal 3, Airteagal 5 go hAirteagal 9 agus Airteagal 11 go hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin sin, a úsáideadh roimh an 1 Lúnasa 2010.

3.2. Beidh toirmeasc ar na cleachtais fhíoneolaíocha, próisis fhíoneolaíocha agus cóireálacha fíoneolaíocha seo a leanas a úsáid:

(a) 

tiúchan páirteach trí fhuarú i gcomhréir le pointe (c) de Roinn B.1 de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b) 

dé-ocsaíd sulfair a dhíothú trí bhíthin próisis fhisiceacha i gcomhréir le pointe 8 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009;

(c) 

cóireáil leictrea-scagdhealaithe chun cobhsaíocht thartarach an fhíona i gcomhréir le pointe 36 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 a áirithiú;

(d) 

dí-alcólú páirteach fíona i gcomhréir le phointe 40 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009;

(e) 

cóireáil le caitianmhalartóirí chun cobhsaíocht thartarach an fhíona i gcomhréir le pointe 43 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 a áirithiú.

3.3. Ceadófar na cleachtais fhíoneolaíocha, próisis fhíoneolaíocha agus cóireálacha fíoneolaíocha seo a leanas a úsáid faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

i gcás cóireálacha teasa i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, fad nach bhfuil an teocht níos airde ná 75 °C;

(b) 

i gcás lártheifneoirithe agus scagacháin le hoibreán támhscagtha nó gan oibreán támhscagtha i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, fad nach bhfuil méid na bpóireanna níos lú ná 0.2 micriméadar.

3.4. Ní fhéadfaidh aon leasú a tugadh isteach tar éis an 1 Lúnasa 2010, maidir leis na cleachtais fhíoneolaíocha, na próisis fhíoneolaíocha agus na cóireálacha fíoneolaíocha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 nó Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, a bheith infheidhme i dtáirgeadh orgánach fíona ach amháin tar éis na bearta sin a bheith curtha san áireamh mar a cheadaítear sa Roinn seo agus, más gá, tar éis meastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo.

Cuid VII: Giosta a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagail 9, 11, 16, 17 agus 19, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh orgánach giosta a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha.

1.   Ceanglais ghinearálta

1.1. Ní úsáidfear ach substráití a tháirgtear go horgánach chun giosta orgánach a tháirgeadh. Go dtí an ►M3  31 Nollaig 2024 ◄ , áfach, ceadófar suas le 5 % úsc giosta neamhorgánaigh nó uathlasáite a chur leis an tsubstráit (a ríomhfar ar mheáchan an ábhair thirim) chun giosta orgánach a tháirgeadh, i gcás nach mbeidh oibreoirí in ann úsc giosta nó uathlasáite a fháil ó tháirgeadh orgánach.

1.2. Ní bheidh giosta orgánach agus giosta neamhorgánach araon le fáil i mbia ná i mbeatha orgánach.

1.3. Féadfar na táirgí agus na substaintí seo a leanas a úsáid i dtáirgeadh, in ullmhú agus i bhfoirmliú an ghiosta orgánaigh:

(a) 

áiseanna próiseála atá údaraithe de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach;

(b) 

táirgí agus substaintí dá dtagraítear i bpointe 2.2.2(a), i bpointe (b) agus i bpointe (e) de Chuid IV.

1.4. Chun na críche sin, ní úsáidfear ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid sa phróiseáil.

▼M9

1.5. Déanfaidh oibreoirí taifid a choimeád ar aon táirge nó substaint a úsáidtear chun giosta a tháirgeadh agus i ndáil le glanadh agus le dhífhabhtú, lena n-áirítear an dáta nó na dátaí ar ar úsáideadh gach táirge, ainm an táirge, a shubstaintí gníomhacha, agus suíomh a úsáide sin.

▼B




IARSCRÍBHINN III

BAILIÚ, PACÁISTIÚ, IOMPAR AGUS STÓRÁIL TÁIRGÍ

1.   Táirgí a bhailiú agus iad a iompar go dtí aonaid ullmhúcháin

Ní fhéadfaidh oibreoirí táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a bhailiú go comhuaineach ach amháin má dhéantar na bearta iomchuí chun aon mheascadh nó malartú a d’fhéadfadh tarlú idir táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a chosc agus chun sainaithint na dtáirgí orgánacha agus na dtáirgí atá á dtiontú a áirithiú. Coinneoidh an t-oibreoir ar fáil don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe an fhaisnéis maidir leis na laethanta, na huaireanta agus an chuaird bailiúcháin agus an dáta agus an t-am a fhaightear na táirgí.

2.   Pacáistíocht táirgí agus iad a iompar go dtí oibreoirí nó aonaid eile

▼M5

2.1.   Faisnéis atá le soláthar

2.1.1 Áiritheoidh oibreoirí go n-iomprófar táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú go dtí oibreoirí nó aonaid eile, lena n-áirítear mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí, i bpacáistíocht, i gcoimeádáin nó i bhfeithiclí iomchuí amháin atá dúnta ar bhealach nach féidir an t-ábhar a athrú, lena n-áirítear an t-ábhar a ionadú, gan an séala a láimhsiú nó damáiste a dhéanamh dó agus go mbeidh lipéad ag gabháil leo, gan dochar d’aon tásca eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, ar a gcuirtear na nithe seo a leanas in iúl:

(a) 

ainm agus seoladh an oibreora agus, i gcás nach ionann iad, ainm agus seoladh úinéir nó dhíoltóir an táirge;

(b) 

ainm an táirge;

(c) 

ainm nó códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhfuil an t-oibreoir faoina réir; agus

(d) 

i gcás inarb ábhartha, an comhartha sainaitheantais baisce i gcomhréir le córais mharcála arna fhormheas ar an leibhéal náisiúnta nó arna chomhaontú leis an údarás rialaithe nó leis an gcomhlacht rialaithe agus lenar féidir an bhaisc a nascadh leis na taifid dá dtagraítear in Airteagal 34(5).

2.1.2 Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh lipéad, lena sonraítear na nithe seo a leanas, i dteannta aon tásc eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, ag gabháil le beatha chumaisc atá údaraithe lena húsáid i dtáirgeadh orgánach a iompraítear go dtí oibreoirí nó gabháltais eile, lena n-áirítear mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí:

(a) 

an fhaisnéis a sholáthraítear i bpointe 2.1.1;

(b) 

i gcás inarb ábhartha, de réir mheáchan an ábhair thirim:

(i) 

céatadán iomlán na n-ábhar beatha orgánach;

(ii) 

céatadán iomlán na n-ábhar beatha atá á dtiontú;

(iii) 

céatadán iomlán na n-ábhar beatha nach gcumhdaítear le pointí (i) agus (ii);

(iv) 

céatadán iomlán na beatha de thionscnamh talmhaíochta;

(c) 

i gcás inarb ábhartha, ainmneacha na n-ábhar beatha orgánach;

(d) 

i gcás inarb ábhartha, ainmneacha na n-ábhar beatha atá á dtiontú; agus

(e) 

i gcás beatha chumaisc nach féidir a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 30(6), an tásc lena bhféadfar beatha den sórt sin a úsáid i dtáirgeadh orgánach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.1.3 Gan dochar do Threoir 66/401/CEE, agus i ndáil le lipéad an phacáistithe le haghaidh meascán síolta plandaí farae ina bhfuil síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú nó síolta neamhorgánacha speiceas plandaí éagsúla ar eisíodh údarú ina leith faoi na coinníollacha ábhartha a leagtar síos i bpointe 1.8.5. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, áiritheoidh oibreoirí go soláthrófar faisnéis ar an lipéad sin maidir le comhábhair bheachta an mheascáin, mar a léirítear le céatadán de réir mheáchan gach speicis comhábhair, agus i gcás inarb iomchuí, de réir meáchan cineálacha comhábhair.

I dteannta na gceanglas ábhartha faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 66/401/CEE, áireofar san fhaisnéis sin, chomh maith leis na tásca a cheanglaítear sa chéad mhír den phointe seo, liosta de speicis chomhábhair an mheascáin a lipéadaítear mar speicis orgánacha nó mar speicis atá á dtiontú. Is é 70 % ar a laghad an céatadán iomlán íosta de réir meáchain a bheidh sna síolta orgánacha agus sna síolta atá á dtiontú sa mheascán.

I gcás ina bhfuil síolta neamhorgánacha sa mheascán, beidh an ráiteas seo a leanas ar an lipéad freisin: “Ní cheadaítear úsáid an mheascáin ach amháin laistigh de raon feidhme an údaraithe agus ar chríoch Bhallstát an údaráis inniúil a d’údaraigh úsáid an mheascáin seo i gcomhréir le pointe 1.8.5. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.”

Ní fhéadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 2.1.1 agus 2.1.2 a léiriú ach amháin ar dhoiciméad tionlacain, más féidir an doiciméad sin a nascadh gan amhras le pacáistíocht, le coimeádán nó le hiompar feithicle an táirge. Sa doiciméad tionlacain sin, beidh faisnéis maidir leis an soláthraí nó leis an iompróir.

▼B

2.2. Ní éileofar an phacáistíocht, na coimeádáin ná na feithiclí a dhúnadh sna cásanna seo a leanas:

(a) 

iompar díreach atá idir an dá oibreoir atá beirt faoi réir an chórais rialaithe orgánaigh;

(b) 

ní áirítear ar iompar ach táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú;

(c) 

tá doiciméad ag gabháil leis na táirgí ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe 2.1; agus

(d) 

coinníonn na hoibreoirí seolta agus na hoibreoirí fála araon taifid dhoiciméadacha ar na hoibríochtaí iompair sin ar fáil don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe.

3.   Rialacha speisialta maidir le beatha a iompar go dtí aonaid táirgthe nó ullmhúcháin eile nó go dtí áitreabh stórála

Agus beatha á hiompar go dtí aonaid táirgthe nó ullmhúcháin eile nó go dtí áitreabh stórála, áiritheoidh na hoibreoirí go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

le linn iompair, déanfar beatha a tháirgtear go horgánach, beatha atá á tiontú, agus beatha neamhorgánach a dheighilt go fisiceach ar bhealach éifeachtach;

(b) 

ní fhéadfar feithiclí nó coimeádáin inar iompraíodh táirgí neamhorgánacha a úsáid chun táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú a iompar ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá bearta glantacháin oiriúnacha, a bhfuil scrúdú déanta ar a n-éifeachtacht, curtha i gcrích sula dtosaítear ar na táirgí orgánacha nó ar na táirgí atá á dtiontú a iompar agus coinneoidh na hoibreoirí taifid de na hoibríochtaí sin;

(ii) 

tá gach beart iomchuí curtha chun feidhme, ag brath ar na rioscaí a bhfuil meastóireacht déanta orthu i gcomhréir leis na socruithe rialaithe agus, más gá, áiritheoidh oibreoirí nach féidir táirgí neamhorgánacha a chur ar an margadh agus tásc ag gabháil leo a thagraíonn do tháirgeadh orgánach;

(iii) 

coinníonn an t-oibreoir taifid dhoiciméadacha ar na hoibríochtaí iompair sin ar fáil don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe;

(c) 

déanfar iompar na beatha orgánaí críochnaithe nó beatha atá á tiontú a dheighilt go fisiceach nó ó thaobh ama ó iompar táirgí críochnaithe eile;

(d) 

agus an bheatha á hiompar, déanfar cainníocht na dtáirgí ag an tús agus gach cainníocht aonair a sheachadtar le linn babhta seachadta a thaifeadadh.

4.   Iasc beo a iompar

4.1. Déanfar iasc beo a iompar i ndabhcha oiriúnacha le huisce glan a chomhlíonann a riachtanais fhiseolaíocha ó thaobh teochta agus ocsaigin thuaslagtha de.

4.2. Sula n-iomprófar iasc orgánach agus táirgí éisc orgánaigh, déanfar na dabhcha a ghlanadh, a dhíghalrú agus a shruthlú go críochnúil.

4.3. Déanfar réamhchúraimí chun an strus a laghdú. Agus iasc á iompar, ní bheidh an líon iasc níos airde ná an leibhéal a bheadh díobhálach do na speicis.

4.4. Coinneofar taifid do na hoibríochtaí dá dtagraítear i bpointe 4.1, i bpointe 4.2 agus i bpointe 4.3.

5.    ►C4  Táirgí a fháil ó oibreoirí nó aonaid eile ◄

Tar éis táirge orgánach nó táirge atá á thiontú a fháil, déanfaidh an t-oibreoir dúnadh na pacáistíochta, an choimeádáin nó na feithicle a sheiceáil, más gá, agus seiceálfaidh sé gurb ann do na tásca dá bhforáiltear i Roinn 2.

Déanfaidh an t-oibreoir an fhaisnéis ar an lipéad dá dtagraítear i Roinn 2 a chros-seiceáil leis na bhfaisnéis ar na doiciméid tionlacain. Déanfar toradh na bhfíoruithe sin a lua go sainráite sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 34(5).

6.   Rialacha speisialta maidir le táirgí a fháil ó thríú tír

I gcás ina ndéantar táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú a allmhairiú ó thríú tír, déanfar iad a iompar i bpacáistíocht nó i gcoimeádáin iomchuí, a dhúnfar ar bhealach nach féidir an t-ábhar a ionadú agus lena ngabhann sainaitheantas an onnmhaireora agus aon chomharthaí agus uimhreacha eile chun an bhaisc a shainaithint agus beidh an deimhniú rialaithe maidir le hallmhairiú ó thríú tíortha ag gabháil leis na táirgí orgánacha sin i gcás inarb iomchuí.

Tar éis táirge orgánach nó táirge atá á thiontú a allmhairíodh ó thríú tír a fháil, déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach, a seachadtar an choinsíneacht allmhairithe chuige agus a fhaigheann í d’fhonn í a ullmhú nó a mhargú tuilleadh, déanfaidh sé dúnadh na pacáistíochta nó an choimeádáin a sheiceáil agus, i gcás na dtáirgí arna n-allmhairiú i gcomhréir le pointe (b)(iii) d’Airteagal 45(1), déanfaidh sé a fhíorú go gcumhdaítear sa deimhniú cigireachta dá dtagraítear san Airteagal sin an cineál táirge atá sa choinsíneacht. Déanfar toradh na bhfíoruithe sin a lua go sainráite sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 34(5).

7.   Táirgí a stóráil

7.1. Maidir le táirgí a stóráil, déanfar limistéir a bhainistiú sa chaoi go n-áiritheofar go ndéanfar baisceanna a shainaithint agus chun aon mheascadh le táirgí nó substaintí nach gcomhlíonann na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, nó aon éilliú uathu, a sheachaint. Beidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú in-aitheanta go soiléir i gcónaí.

7.2. Tá toirmeasc ar tháirgí agus substaintí ionchuir a stóráil sna haonaid táirgthe plandaí orgánacha agus beostoic orgánaigh nó aonaid táirgthe plandaí agus beostoic atá á dtiontú, seachas na táirgí ionchuir sin atá údaraithe de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach.

7.3. Féadfaidh táirgí míochaine tréidliachta allapatacha, lena n-áirítear antaibheathaigh, a stóráil i ngabháltais talmhaíochta agus dobharshaothraithe ar an gcoinníoll go bhfuil siad ordaithe ag tréidlia i dtaca le cóireáil dá dtagraítear i bpointe 1.5.2.2 de Chuid II agus i bpointe 3.1.4.2(a) de Chuid III d’Iarscríbhinn II, go stóráiltear iad i suíomh faoi mhaoirseacht agus go gcuirtear isteach sna taifid iad dá dtagraítear in Airteagal 34(5).

7.4. I gcás ina láimhseálann oibreoirí táirgí orgánacha, nó táirgí atá á dtiontú nó táirgí neamhorgánacha i gcomhcheangal ar bith agus go stóráiltear na táirgí orgánacha nó na táirgí atá á dtiontú i saoráidí stórála ina stóráiltear táirgí nó earraí bia talmhaíochta eile freisin:

(a) 

coinneofar na táirgí orgánacha nó na táirgí atá á dtiontú amach ó na táirgí nó earraí bia talmhaíochta eile;

(b) 

déanfar gach beart chun a áirithiú go sainaithnítear coinsíneachtaí agus chun meascáin nó malartuithe idir táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a sheachaint;

(c) 

déanfar bearta glantacháin oiriúnacha, a bhfuil a n-éifeachtacht fíoraithe, sula ndéanfar na táirgí orgánacha nó na táirgí atá á dtiontú a stóráil agus déanfaidh na hoibreoirí na hoibríochtaí sin a thaifeadadh.

7.5. Chun na críche sin, ní úsáidfear ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú de bhun Airteagal 24 lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach i saoráidí stórála.




IARSCRÍBHINN IV

TÉARMAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 30

BG

:

биологичен.

ES

:

ecológico, biológico, orgánico.

CS

:

ekologické, biologické.

DA

:

økologisk.

DE

:

ökologisch, biologisch.

ET

:

mahe, ökoloogiline.

EL

:

βιολογικό.

EN

:

organic.

FR

:

biologique.

GA

:

orgánach.

HR

:

ekološki.

IT

:

biologico.

LV

:

bioloģisks, ekoloģisks.

LT

:

ekologiškas.

LU

:

biologesch, ökologesch.

HU

:

ökológiai.

MT

:

organiku.

NL

:

biologisch.

PL

:

ekologiczne.

PT

:

biológico.

RO

:

ecologic.

SK

:

ekologické, biologické.

SL

:

ekološki.

FI

:

luonnonmukainen.

SV

:

ekologisk.




IARSCRÍBHINN V

LÓGÓ AN AONTAIS EORPAIGH MAIDIR LE TÁIRGEADH ORGÁNACH AGUS CÓDUIMHREACHA

1.   Lógó

1.1. Comhlíonfaidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach an tsamhail thíos:

image

1.2. Is é an dath tagartha Pantone Uaine Pantone Uimh. 376 agus Uaine (50 % Cian + 100 % Buí), i gcás ina n-úsáidtear próiseas ceithre dhath.

1.3. Ní fhéadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid i ndubh agus bán, mar atá léirithe, ach amháin mura bhfuil sé praiticiúil an leagan daite a úsáid:

image

1.4. Má tá dath cúlra na pacáistíochta nó an lipéid dorcha, féadfar na siombailí a úsáid i bhformáid dhiúltach, ina n-úsáidtear dath cúlra na pacáistíochta nó an lipéid.

1.5. Má úsáidtear lógó daite ar chúlra daite, rud atá deacair a fheiceáil, féadfar imlíne teormharcála a úsáid timpeall an lógó chun an chodarsnacht leis na dathanna cúlra a fheabhsú.

1.6. I gcás ina bhfuil tásca i ndath amháin ar an bpacáistíocht, féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sa dath céanna.

1.7. Beidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach chomh hard le 9 mm ar a laghad agus chomh leathan le 13.5 mm ar a laghad; beidh an cóimheas comhréire airde/leithid 1:1.5 i gcónaí. I gcásanna eisceachtúla, féadfar an íosmhéid a laghdú go dtí airde 6 mm do phacáistí an-bheag.

1.8. Féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a chomhcheangal le heilimintí grafacha nó téacsúla a thagraíonn do tháirgeadh orgánach, ar an gcoinníoll nach ndéantar modhnú ná athrú ar chineál an lógó ná ar aon cheann de na tásca a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 32. Agus é comhcheangailte le lógónna náisiúnta nó príobháideacha agus dath uaine in úsáid atá difriúil ón dath tagartha dá bhforáiltear i bpointe 1.2, féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sa dath neamhthagartha sin.

2.   Códuimhreacha

Beidh formáid ghinearálta na gcóduimhreacha mar seo a leanas:

AB-CDE-999

áit arb ionann:

(a) 

áit a bhfuil ‘AB’ beidh cód ISO na tíre ina ndéantar na rialuithe;

(b) 

téarma a bheidh in “CDE”, a bheidh trí litir ar fad agus atá le cinneadh ag an gCoimisiún nó ag gach Ballstát, amhail “bio” nó “öko” nó “org” nó “eko” lena mbunaítear nasc le táirgeadh orgánach; agus

(c) 

is é “999” an uimhir thagartha, arna léiriú le trí dhigit ar a mhéad, atá le sannadh:

(i) 

ag údarás inniúil gach Ballstáit do na húdaráis rialaithe nó do na comhlachtaí rialaithe a bhfuil cúraimí rialaithe tarmligthe chucu acu;

(ii) 

ag an gCoimisiún:

— 
do na húdaráis rialaithe agus do na comhlachtaí rialaithe atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 46,
— 
d’údaráis rialaithe tríú tíortha atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 48.

▼M12




IARSCRÍBHINN VI

SAMHAIL AN DEIMHNITHE

Deimhniú de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha

Cuid I:    Eilimintí éigeantacha



1.  Uimhir an doiciméid

2.  (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

— An tOibreoir

— Grúpa oibreoirí – féach pointe 9

3.  Ainm agus seoladh an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí:

4.  Ainm agus seoladh údarás inniúil, nó, i gcás inarb iomchuí, údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí agus an chóduimhir más údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe atá i gceist:

5.  Gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

— Táirgeadh

— Ullmhúchán

— Dáileadh/Cur ar an margadh

— Stóráil

— Allmhairiú

— Onnmhairiú

6.  Catagóir nó catagóirí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus modhanna táirgthe (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

(a)  plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí

An modh táirgthe:

□  táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

□  táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

□  táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(b)  beostoc agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

□  táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

□  táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

□  táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(c)  algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

□  táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

□  táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

□  táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(d)  táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia

An modh táirgthe:

□  táirgeadh táirgí orgánacha

□  táirgeadh táirgí atá á dtiontú

□  táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(e)  beatha

An modh táirgthe:

□  táirgeadh táirgí orgánacha

□  táirgeadh táirgí atá á dtiontú

□  táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(f)  fíon

An modh táirgthe:

□  táirgeadh táirgí orgánacha

□  táirgeadh táirgí atá á dtiontú

□  táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(g)  táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo

An modh táirgthe:

□  táirgeadh táirgí orgánacha

□  táirgeadh táirgí atá á dtiontú

□  táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

Eisíodh an doiciméad seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí) an Rialachán sin.

7.  Dáta, áit

Ainm agus síniú thar ceann an údaráis inniúil eisiúna, nó, i gcás inarb iomchuí, thar ceann an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, nó ríomhshéala cáilithe:

8.  Deimhniú bailí ó…[cuir isteach an dáta] go dtí…[cuir isteach an dáta]

(1)   

Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

9. 

Liosta de bhaill an ghrúpa oibreoirí mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848



Ainm an bhaill

Seoladh nó modh eile chun ball a shainaithint

 

 

 

 

 

 

Cuid II:    Eilimintí roghnacha sonracha

Eilimint amháin nó níos mó atá le líonadh isteach má chinneann an t-údarás inniúil é nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848.

1.   Eolaire táirgí



Ainm an táirge agus/nó an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (1) ón gComhairle le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

□  Orgánach

□  Atá á thiontú

 

 

 

 

 

 

(1)   

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 faoin ainmníocht taraife agus staitistiúil agus faoin Taraif Chustaim Choiteann (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

2.   Cainníocht na dtáirgí



Ainm an táirge agus/nó cód AC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

□  Orgánach

□  Atá á thiontú

Cainníocht arna meas i gcileagraim, i lítir nó, i gcás inarb ábhartha, i líon na n-aonad

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.   Faisnéis maidir leis an talamh



Ainm an táirge

□  Orgánach

□  Atá á thiontú

□  Neamhorgánach

Dromchla i heicteáir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   Liosta áitreabh nó aonad ina ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an ghníomhaíocht



Seoladh nó geoshuíomh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

5.   Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí agus cé acu an ndéanann sé an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ar a shon féin nó mar fhochonraitheoir a dhéanann an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí a dhéantar



Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

□  Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí ar a shon féin

□  Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhochonraitheoir d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó as na gníomhaíochtaí a dhéantar

 

 

 

 

 

 

6.   Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a rinne an tríú páirtí ar fochonradh i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2018/848



Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

□  Leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach

□  Is é an tríú páirtí ar fochonradh atá freagrach

 

 

 

 

 

 

7.   Liosta na bhfochonraitheoirí a dhéanann gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2018/848, gníomhaíochtaí a leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach astu a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus nár aistrigh sé an fhreagracht sin ina leith chuig an bhfochonraitheoir



Ainm agus seoladh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

8.   Faisnéis maidir le creidiúnú an chomhlachta rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán (AE) 2018/848

(a) 

ainm an chomhlachta creidiúnaithe;

(b) 

hipearnasc chuig deimhniú an chreidiúnaithe.

9.   Faisnéis eile



 



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 69/464/CEE ón gComhairle, Treoir 74/647/CEE ón gComhairle, Treoir 93/85/CEE ón gComhairle, Treoir 98/57/CE ón gComhairle, Treoir 2000/29/CE ón gComhairle, Treoir 2006/91/CE ón gComhairle agus Treoir 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).

( 4 ) Treoir 1999/74/CE ón gComhairle an 19 Iúil 1999 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint; (IO L 203, 3.8.1999, lch. 53).

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

( 6 ) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Creat-Treoir um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú (IO L 168, 28.6.2007, lch. 1).

( 8 ) Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).

( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (IO L 31, 01.02.2002, lch. 1).

( 10 ) Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoir 82/471/CEE ón gComhairle, Treoir 83/228/CEE ón gComhairle, Treoir 93/74/CEE ón gComhairle, Treoir 93/113/CE ón gComhairle agus Treoir 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).

( 11 ) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

( 12 ) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12 2008, lch. 16).

( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

( 14 ) Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).

( 15 ) Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7)

( 16 ) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sabháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).

( 17 ) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas bia-ábhair (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

( 18 ) Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).

( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

( 20 ) Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ón gComhairle agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

( 21 ) Treoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 i dtaca le ceanglais maidir le sláinte ainmhithe d’ainmhithe uisceacha agus táirgí uathu, agus maidir le cosc agus rialú galar áirithe in ainmhithe uisceacha, leagtar síos rialacha sonracha maidir le hainmhithe uisceacha (IO L 328, 24.11.2006, lch. 14).

( 22 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 23 ) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8 2008, lch. 30).

( 24 ) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 165/94 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

( 25 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena ndéantar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh le ceanglais nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt d’údaráis rialúcháin agus do chomhlachtaí rialúcháin atá inniúil ar rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpa oibreoirí orgánacha deimhnithe agus ar tháirgí orgánacha i dtaca le tríú tíortha agus lena ndéantar an Rialachán sin a fhorlíonadh le rialacha maidir le maoirseacht na gceanglas sin agus leis na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialúcháin agus ag na comhlachtaí rialúcháin sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7).

( 26 ) Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).

( 27 ) 2. Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1).

( 28 ) Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun laonna a chosaint (IO L 10, 15.1.2009, lch. 7).

( 29 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

( 30 ) Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de thionscnamh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 139, 30.4.2004, lch. 206).

( 31 ) Cleachtais mhaithe mhonaraíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le cleachtas maith monaraíochta d’ábhair agus d’earraí eile atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia (IO L 384, 29.12.2006, lch. 75).

( 32 ) Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

( 33 ) Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2006 maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga (IO L 339, 6.12.2006, lch. 16).

( 34 ) Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle maidir le catagóirí táirgí fíniúna, cleachtais fhíoneolaíocha agus na srianta is infheidhme (IO L 193, 24.7.2009, lch. 1).

( 35 ) Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, téarmaí traidisiúnta, lipéadú agus cur i láthair táirgí áirithe earnáil an fhíona (IO L 193, 24.7.2009, lch. 60).