02018R0842 — GA — 16.05.2023 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 156 19.6.2018, lch. 26)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2023/857 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Aibreán 2023

  L 111

1

26.4.2023




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



▼M1

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit i dtaca leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Rannchuidíonn sé leis an sprioc fhadtéarmach aeráidneodracht san Aontas a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi sin, rannchuidíonn sé le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) (“an Dlí Aeráide Eorpach”) agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát ó thaobh a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh.

▼B

Airteagal 2

Raon Feidhme

▼M1

1.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóirí foinse IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíocha, úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), lena n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, seachas an ghníomhaíocht “muiriompar” agus gníomhaíochtaí nach liostaítear ann ach amháin chun críocha Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Treoir sin.

▼B

2.  
Gan dochar d’Airteagal 7 agus d’Airteagal 9(2) den Rialachán seo, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/841.
3.  
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar nach dtáirgeann catagóir foinse IPCC “1.A.3.A eitlíocht shibhialta” astaíochtaí CO2 ar bith.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa” astaíochtaí, i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 de dhé-ocsaíd charbóin (CO2), de mheatán (CH4), d’ocsaíd nítriúil (N2O), de hidreafluaracarbóin (HFCanna), de shárfhluaracarbóin (PFCanna), de thrífhluairíd nítrigine (NF3) agus de heicseafluairíd sulfair (SF6) arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus a thagann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo;

(2) 

ciallaíonn “leithdháiltí bliantúla astaíochtaí” na hastaíochtaí uasta gás ceaptha teasa is ceadmhach gach bliain idir 2021 agus 2030 arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 10;

(3) 

ciallaíonn “lamháltas EU ETS”“lamháltas” mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 4

Leibhéil bhliantúla astaíochtaí don tréimhse ó 2021 go 2030

▼M1

1.  
In 2030, déanfaidh gach Ballstát a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú ag cloí, ar a laghad, leis an gcéatadán a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I i ndáil lena astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2005, arna gcinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
2.  

Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus faoi réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) den Rialachán seo, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát:

(a) 

nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa, sna blianta 2021 agus 2022, an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn ar bhonn mheán astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin in 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; tosóidh conair líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don Bhallstát sin mar thoradh ar an ríomh sin;

(b) 

nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don Bhallstát sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c) 

nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn ar mheán astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin in 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; tosóidh conair líneach Ballstáit ag naoi dhéagú den achar ama ó 2023 go 2024.

3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí líneacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005, 2016, 2017 agus 2018, a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, agus léireoidh sé luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005 a úsáideadh chun na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí sin a chinneadh.

Do na blianta 2023, 2024 agus 2025, cinnfidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar an luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005, arna léiriú de bhun an dara fomhír den mhír seo agus ar luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír sin.

Do na blianta 2026 go 2030, cinnfidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar an luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005 arna léiriú de bhun an dara fomhír den mhír seo agus athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999.

4.  
Sonrófar freisin sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, bunaithe ar na céatadáin ar thug na Ballstáit fógra fúthu de bhun Airteagal 6(3), (3a) agus (3b), na cainníochtaí iomlána a fhéadfar a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh Ballstáit faoi Airteagal 9 idir 2021 agus 2030. Má sháraíonn suim iomlán na gcainníochtaí a bhíonn ag na Ballstáit ar fad an t-iomlán comhpháirteach de 100 milliún, déanfar na cainníochtaí iomlána do gach Ballstát a laghdú ar bhonn pro rata ionas nach sárófar an t-iomlán comhpháirteach.

▼B

5.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14.

▼M1

6.  
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí á ndéanamh acu chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú faoi mhíreanna 1 agus 2, breithneoidh na Ballstáit an gá atá le haistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách. Féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint chun tacú leis na Ballstáit ina leith sin.

▼B

Airteagal 5

Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe

▼M1

1.  
I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 7,5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

▼B

2.  
I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

▼M1

3.  

Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe faoi bhun a leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain sin, féadfaidh sé, agus úsáid na solúbthachtaí de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 6 á cur san áireamh, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 75 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do 2021 a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus

(b) 

i ndáil leis na blianta ó 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 25 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas go dtí an bhliain sin a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

4.  
Féadfaidh Ballstát suas le 10 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 15 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

▼B

5.  
I gcás Ballstát a bhfuil líon athbhreithnithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa aige do bhliain áirithe faoi bhun an leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain áirithe sin, féadfaidh an Ballstát sin, agus an úsáid a bhaintear as solúbthachtaí de bhun mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 6 á cur san áireamh, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain lena mbaineann nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

▼M1

5a.  
Sula ndéanfaidh sé leithdháiltí bliantúla astaíochtaí ar bith a aistriú de bhun mhíreanna 4 agus 5, cuirfidh Ballstát an Coiste um Athrú Aeráide, arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999, ar an eolas, i bhfoirm leictreonach, go bhfuil rún aige cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do bhliain ar leith a aistriú.

▼M1

6.  
Ba cheart do na Ballstáit ioncam, nó a choibhéis mar luach airgeadais, a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhíreanna 4 agus 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i bhfoirm a bhfuil rochtain éasca uirthi.

▼B

7.  
I dtaca le haon aistriú de leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a dhéantar de bhun mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh tionscadal nó clár a bhaineann le gás ceaptha teasa a mhaolú nó clár arna chur ar siúl sa Bhallstát díolacháin agus arna mhaoiniú ag an mBallstát glactha a bheith ina shiocair leis an aistriú sin, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint agus an inrianaitheacht a áirithiú.
8.  
Féadfaidh na Ballstáit creidmheasanna ó thionscadail, arna n-eisiúint de bhun Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE, a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, gan aon teorainn chainníochtúil, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint.

Airteagal 6

Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar lamháltais EU ETS

1.  
I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar cealú teoranta dar luach suas le 100 milliún lamháltas faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a thabhairt san áireamh go comhpháirteach ina leith i dtaca le comhlíonadh an Rialacháin seo. Bainfear an cealú sin as na méideanna a bhaineann le ceantáil lamháltas an Bhallstáit lena mbaineann de bhun Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE.
2.  
Cuirfear na lamháltais EU ETS a úsáidtear faoi mhír 1 den Airteagal seo san áireamh mar lamháltais EU ETS i gcúrsaíocht chun críocha Airteagal 1(4) de Chinneadh (AE) 2015/1814.

Sa chéad athbhreithniú a dhéanfaidh sé de bhun Airteagal 3 den Chinneadh sin, measfaidh an Coimisiún cé acu an gcoimeádfar nó nach gcoimeádfar an chuntasaíocht a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

3.  
I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi 31 Nollaig 2019 má bhíonn rún acu úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse 2021 go 2030 do gach Ballstát lena mbaineann, i dtaca le comhlíonadh an Bhallstáit faoi Airteagal 9.

▼M1

I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. I gcás mar sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.

▼M1

3a.  
Tabharfaidh Málta fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023 má tá rún aige úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais CTA AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse ó 2025 go 2030 le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9.
3b.  
In ainneoin a bhfuil i mír 3, i gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil fógra tugtha acu don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 go bhfuil rún acu úsáid nó lánúsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais CTA AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023 má tá rún acu úsáid a bhaint as an gcealú teoranta lamháltais CTA AE sin nó úsáid bhreise a bhaint as, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse ó 2025 go 2030 do gach Ballstát lena mbaineann, le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9.

▼M1

4.  
Arna iarraidh sin do Bhallstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach a ainmníodh de bhun Airteagal 20(1) de Threoir 2003/87/CE (“an Riarthóir Lárnach”) san áireamh méid suas leis an gcainníocht iomlán arna cinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo. Déanfar an deichiú cuid de lamháltais CTA AE, arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2021 go 2030 i gcás an Bhallstáit sin. Déanfar an séú cuid de lamháltais CTA AE arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2025 go 2030 i gcás na mBallstáit a mbeidh fógra tugtha acu don Choimisiún de bhun mhíreanna 3a agus 3b den Airteagal seo.
5.  
I gcás ina bhfuil Ballstát, i gcomhréir le mír 3, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoina chinneadh an céatadán ar thug sé fógra ina leith roimhe sin a athbhreithniú, déanfar cainníocht chomhfhreagrach níos ísle nó níos airde de lamháltais CTA AE a chur ar ceal i gcás an Bhallstáit sin i ndáil le gach bliain ó 2026 go 2030 nó ó 2028 go 2030, faoi seach.

▼B

Airteagal 7

▼M1

Úsáid bhreise glanaistrithe ó LULUCF

1.  

A mhéid a sháróidh astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do bhliain áirithe, lena n-áirítear aon leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chuirtear i dtaisce de bhun Airteagal 5(3) den Rialachán seo, féadfar cainníocht suas le suim na nglanaistrithe iomlána agus na nglanastaíochtaí iomlána ó chatagóirí cuntasaíochta talún comhcheangailte a airítear le raon feidhme Rialachán (AE) 2018/841 a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo don bhliain sin, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach sáróidh an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta ó 2021 go 2025 leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;

(aa) 

nach sáróidh an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta ó 2026 go 2030 leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;

▼B

(b) 

gur mó an chainníocht sin ná na ceanglais atá ar an mBallstát sin faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841;

(c) 

nach bhfuil níos mó glan-aistrithe faighte ag an mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/841 ó Bhallstáit eile ná mar atá aistrithe aige féin;

(d) 

go bhfuil an Ballstát tar éis Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh; agus

(e) 

gur thíolaic an Ballstát tuairisc ar an úsáid a bheartaítear a bhaint as an tsolúbthacht atá ar fáil faoin mír seo de bhun an dara fhomhír d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

▼M1 —————

▼M1

Airteagal 8

Gníomhaíocht cheartaitheach

1.  

Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus á chur san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a) 

míniú mionsonraithe ar an bhfáth nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag an mBallstát sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh;

(b) 

measúnú ar an gcaoi ar thacaigh cistiú ón Aontas le hiarrachtaí an Bhallstáit sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige an cistiú sin a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh chun iad a bhaint amach;

(c) 

gníomhaíochtaí breise, lena gcomhlánaítear plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit sin de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 nó lena dtreisítear a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad atá le cur chun feidhme chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, trí bheartais agus bearta náisiúnta agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme, lena ngabhfaidh measúnú mionsonraithe, a bhfuil sonraí cainníochtúla mar bhonn taca leis, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, maidir leis na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá beartaithe mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin;

(d) 

clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas.

I gcás ina bhfuil comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta bunaithe ag Ballstát, féadfaidh sé a chomhairle a lorg chun na gníomhaíochtaí riachtanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a shainaithint.

2.  
I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de 4 mhí ón tráth a gheobhaidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar an tuairim ón gCoimisiún nó ar chuid shuntasach di, soláthróidh an Ballstát sin réasúnú don Choimisiún.
4.  

Déanfaidh gach Ballstát a phlean gníomhaíochta ceartaithí dá dtagraítear i mír 1 agus aon réasúnú dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil go poiblí. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim dá dtagraítear i mír 3 ar fáil go poiblí.

▼B

Airteagal 9

Seiceáil maidir le comhlíonadh

1.  

In 2027 agus 2032, má sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí d’aon bhliain shonrach den tréimhse sin, agus mír 2 den Airteagal seo agus na solúbthachtaí arna n-úsáid de bhun Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 á gcur san áireamh, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:

(a) 

méadú ar fhigiúr astaíochta gás ceaptha teasa an Bhallstáit don bhliain ina dhiaidh sin arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 12; agus

(b) 

cuirfear toirmeasc sealadach ar an mBallstát aon chuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstát eile go dtí go mbeidh Airteagal 4 á chomhlíonadh aige.

Cuirfidh an Riarthóir Lárnach an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo chun feidhme i gClárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.

▼M1

2.  
Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse ó 2021 go 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann le méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.

▼B

Airteagal 10

Coigeartuithe

1.  

Déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a choigeartú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a) 

coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a eisíodh de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE de thoradh athrú ar na foinsí a chumhdaítear leis an Treoir sin, i gcomhréir leis na Cinntí ón gCoimisiún a glacadh de bhun na Treorach sin maidir le formheas deiridh na bpleananna náisiúnta leithdháiliúcháin don tréimhse ó 2008 go 2012;

(b) 

coigeartuithe ar líon lamháltas nó creidmheasa faoi seach faoi EU ETS a eisítear de bhun Airteagal 24 agus Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i mBallstát; agus

(c) 

coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha arna n-eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse atá siad eisiata.

2.  
Déanfar an méid atá in Iarscríbhinn IV a chur leis an leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain 2021 i gcás gach Ballstát dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.
3.  
Foilseoidh an Coimisiún na figiúirí a eascróidh as na coigeartuithe sin.

Airteagal 11

Cúlchiste sábháilteachta

1.  
Déanfar cúlchiste sábháilteachta ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 105 mhilliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1. Beidh an cúlchiste sábháilteachta ar fáil i dteannta na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7.
2.  

Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as an gcúlchiste sábháilteachta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

bhí OTI per capita an Bhallstáit de réir margadhphraghsanna in 2013, arna bhfoilsiú ag Eurostat i mí Aibreáin 2016, faoi bhun mheán an Aontais;

(b) 

tá astaíochtaí gás ceaptha teasa carntha an Bhallstáit do na blianta ó 2013 go 2020 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi bhun a leithdháiltí carnacha bliantúla astaíochtaí do na blianta ó 2013 go 2020; agus

(c) 

sáraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse 2026 go 2030, cé gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

tá na solúbthachtaí ídithe aige de bhun Airteagal 5(2) agus (3);

(ii) 

tá an úsáid is mó is féidir bainte aige as glan-aistrithe de réir Airteagal 7 fiú más lú an chainníocht sin ná an leibhéal a leagtar síos in Iarscríbhinn III; agus

(iii) 

níl aon ghlan-aistriú déanta aige chuig Ballstáit eile faoi Airteagal 5.

3.  
Aon Bhallstát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, tabharfar dó, as an gcúlchiste sábháilteachta, cainníocht bhreise is ionann agus a ghannchion, lena húsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9. Ní rachaidh an chainníocht sin os cionn 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020.

Más rud é go sáraíonn an chainníocht charnach sin a bheidh le fáil ag na Ballstáit go léir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo an teorainn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar an chainníocht a bheidh le fáil ag gach ceann de na Ballstáit sin a laghdú ar bhonn pro rata.

4.  
Aon mhéid a bheidh fanta sa chúlchiste sábháilteachta tar éis an dáilte sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfar é a dháileadh i measc na mBallstát dá dtagraítear san fhomhír sin i gcomhréir le heasnamh gach Ballstáit ach gan dul thairis. I gcás gach Ballstáit acu sin, féadfaidh an chainníocht sin a bheith sa bhreis ar an gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
5.  
Tar éis dó an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a dhéanamh don bhliain 2020, foilseoidh an Coimisiún, i gcás gach Ballstát a chomhlíonann na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 den Airteagal seo, na méideanna dar luach 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020 dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 12

Clárlann

1.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh d’fhonn a áirithiú go dtabharfar cuntas cruinn faoin Rialachán seo trí Chlárlann an Aontais, i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) 

na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí;

(b) 

na solúbthachtaí a fheidhmítear faoi Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7;

(c) 

seiceálacha maidir le comhlíonadh faoi Airteagal 9;

(d) 

coigeartuithe faoi Airteagal 10; agus

(e) 

an cúlchiste sábháilteachta faoi Airteagal 11.

2.  
Déanfaidh an Riarthóir Lárnach seiceáil uathoibrithe ar gach idirbheart i gClárlann an Aontais a thagann as an Rialachán seo agus, más gá, cuirfidh sé nó sí cosc ar idirbhearta chun a áirithiú nach mbíonn aon neamhrialtachtaí ann.
3.  
An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 1 agus i mír 2, beidh fáil ag an bpobal uirthi.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.  
Déanfaidh an Coiste um an Athrú Aeráide, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼M1

Airteagal 15

Athbhreithniú

1.  
Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar an Rialachán seo agus cuirfear san áireamh, inter alia, imthosca náisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.
2.  
Laistigh de 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir soláthar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus éileamh orthu, chomh maith le hoiriúnacht na spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2021/1119 agus le haidhmeanna Chomhaontú Pháras. Áireofar sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar an ngá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise na laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá don Aontas agus dá Bhallstáit i gcomhthéacs iar-2030. Áireofar ann freisin measúnú ar chonair laghdaithe astaíochtaí le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheadh comhoiriúnach le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, agus buiséad táscach réamh-mheasta maidir le gás ceaptha teasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 á chur san áireamh chomh maith leis an tábhacht a ghabhann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát agus costéifeachtúlacht chun an cuspóir sin a bhaint amach. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

Cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír straitéisí fadtéarmacha na mBallstát arna n-ullmhú agus arna dtíolacadh de bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus an measúnú orthu arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 15(9) den Rialachán sin.

▼M1

Airteagal 15a

Comhairle eolaíoch

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) (“an Bord Comhairleach”), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar nó tuarascálacha a eisiúint maidir le bearta an Aontais, spriocanna aeráide, leibhéil bhliantúla astaíochtaí agus solúbthachtaí faoin Rialachán seo. Breithneoidh an Coimisiún comhairle agus tuarascálacha ábhartha an Bhoird Chomhairligh, go háirithe a mhéid a bhaineann le bearta amach anseo a bheidh dírithe ar laghduithe breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

▼B

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 535/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa) 

ó 2023 amach, a n-astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) don bhliain X-2, i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ina dtuarascálacha, déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas gach bliain i gcás ina mbíonn rún acu úsáid a bhaint as na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) agus in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842, chomh maith leis an úsáid a bhainfear as ioncam i gcomhréir le Airteagal 5(6) den Rialachán sin. Laistigh de 3 mhí ón am a bhfaighidh sé faisnéis den sórt sin ó na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chur ar fáil don choiste dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán seo.”;

(2) 

i bpointe (c) d’Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(ix) 

ó 2023 amach, faisnéis faoi bheartais náisiúnta agus faoi bhearta náisiúnta a cuireadh chun feidhme chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus faisnéis faoi bheartais náisiúnta bhreise atá pleanáilte agus bearta atá beartaithe d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú sa bhreis ar a ngealltanais de réir an Rialacháin sin;”;

(3) 

in Airteagal 14(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f) 

ó 2023 amach, líon iomlán na réamh-mheastachán gás ceaptha teasa, agus na meastacháin ar leith d’astaíochtaí réamh-mheasta gás ceaptha teasa do na foinsí astaíochtaí arna gclúdach faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus faoi Threoir 2003/87/CE.”;

(4) 

in Airteagal 21(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(c) 

oibleagáidí faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/842. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht an dul chun cinn a rinneadh maidir le beartais agus bearta an Aontais agus an fhaisnéis ó na Ballstáit. Gach ré bliain, cuirfear san áireamh sa mheastóireacht dul chun cinn réamh-mheasta an Aontais i dtreo rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta a chur chun feidhme maidir le Comhaontú Pháras (a mbeidh gealltanas an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair le fáil ann) agus dul chun cinn réamh-mheasta na mBallstát i dtreo chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin.”.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M1




IARSCRÍBHINN I

LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA NA mBALLSTÁT DE BHUN AIRTEAGAL 4(1)



 

Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát in 2030 i ndáil lena leibhéil in 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3)

 

Colún 1

Colún 2

An Bheilg

-35  %

-47  %

An Bhulgáir

-0  %

-10  %

An tSeicia

-14  %

-26  %

An Danmhairg

-39  %

-50  %

An Ghearmáin

-38  %

-50  %

An Eastóin

-13  %

-24  %

Éire

-30  %

-42  %

An Ghréig

-16  %

-22,7  %

An Spáinn

-26  %

-37,7  %

An Fhrainc

-37  %

-47,5  %

An Chróit

-7  %

-16,7  %

An Iodáil

-33  %

-43,7  %

An Chipir

-24  %

-32  %

An Laitvia

-6  %

-17  %

An Liotuáin

-9  %

-21  %

Lucsamburg

-40  %

-50  %

An Ungáir

-7  %

-18,7  %

Málta

-19  %

-19  %

An Ísiltír

-36  %

-48  %

An Ostair

-36  %

-48  %

An Pholainn

-7  %

-17,7  %

An Phortaingéil

-17  %

-28,7  %

An Rómáin

-2  %

-12,7  %

An tSlóivéin

-15  %

-27  %

An tSlóvaic

-12  %

-22,7  %

An Fhionlainn

-39  %

-50  %

An tSualainn

-40  %

-50  %

▼B




IARSCRÍBHINN II



BALLSTÁIT A bhFÉADFAÍ CEALÚ TEORANTA AR LAMHÁLTAIS EU ETS A CHUR SAN ÁIREAMH INA gCÁS MAIDIR LE COMHLÍONADH DE BHUN AIRTEAGAL 6

 

Céatadán uasta astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3)

An Bheilg

2  %

An Danmhairg

2  %

Éire

4  %

Lucsamburg

4  %

▼M1

Málta

7  %

▼B

An Ísiltír

2  %

An Ostair

2  %

An Fhionlainn

2  %

An tSualainn

2  %




IARSCRÍBHINN III



▼M1

GLANAISTRITHE IOMLÁNA Ó NA CATAGÓIRÍ TALÚN A CHUMHDAÍTEAR LE RIALACHÁN (AE) 2018/841 AR FÉIDIR LEIS NA BALLSTÁIT IAD A CHUR SAN ÁIREAMH MAIDIR LE COMHLÍONADH DON TRÉIMHSE Ó 2021 GO 2030 DE BHUN PHOINTÍ (a) AGUS (aa) D’AIRTEAGAL 7(1) DEN RIALACHÁN SEO

▼B

 

An t-uasmhéid arna shloinneadh i milliúin tona de choibhéis CO2

An Bheilg

3,8

An Bhulgáir

4,1

Poblacht na Seice

2,6

An Danmhairg

14,6

An Ghearmáin

22,3

An Eastóin

0,9

Éire

26,8

An Ghréig

6,7

An Spáinn

29,1

An Fhrainc

58,2

An Chróit

0,9

An Iodáil

11,5

An Chipir

0,6

An Laitvia

3,1

An Liotuáin

6,5

Lucsamburg

0,25

An Ungáir

2,1

Málta

0,03

An Ísiltír

13,4

An Ostair

2,5

An Pholainn

21,7

An Phortaingéil

5,2

An Rómáin

13,2

An tSlóivéin

1,3

An tSlóvaic

1,2

An Fhionlainn

4,5

An tSualainn

4,9

▼M1 —————

▼B

An méid iomlán:

►M1  262,2  ◄




IARSCRÍBHINN IV



MÉID COIGEARTAITHE DE BHUN AIRTEAGAL 10(2)

 

Tonaí de choibhéis CO2

An Bhulgáir

1 602 912

Poblacht na Seice

4 440 079

An Eastóin

145 944

An Chróit

1 148 708

An Laitvia

1 698 061

An Liotuáin

2 165 895

An Ungáir

6 705 956

Málta

774 000

An Pholainn

7 456 340

An Phortaingéil

1 655 253

An Rómáin

10 932 743

An tSlóivéin

178 809

An tSlóvaic

2 160 210



( 1 ) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).

( *1 ) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156 an 19.6.2018. lch. 26).”;