02017R2402 — GA — 09.04.2021 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2017/2402 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 12 Nollaig 2017 (IO L 347 28.12.2017, lch. 35) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2021/557 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Márta 2021 |
L 116 |
1 |
6.4.2021 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2017/2402 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2017
lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “urrúsú” idirbheart nó scéim ina ndéantar tráinsiú ar an riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó comhthiomsú neamhchosaintí, lena mbaineann na tréithe seo a leanas ar fad:
braitheann na híocaíochtaí san idirbheart nó sa scéim ar fheidhmíocht na neamhchosanta nó an chomhthiomsaithe neamhchosaintí;
is de réir fo-ordú na dtráinsí a shocraítear dáileadh na gcaillteanas ar feadh shaolré leanúnach an idirbhirt nó na scéime;
ní chruthaíonn an t-idirbheart nó an scéim neamhchosaintí a bhfuil na saintréithe uile acu a liostaítear in Airteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
ciallaíonn “eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin” nó “SSPE” corparáid, iontaobhas nó eintiteas eile, seachas tionscnóir nó urraitheoir, arna bhunú chun urrúsú amháin nó níos mó a dhéanamh, a bhfuil a ghníomhaíochtaí teoranta do na gníomhaíochtaí sin is iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach, a bhfuil a struchtúr ceaptha chun oibleagáidí an SSPE a scaradh ó oibleagáidí an tionscnóra;
ciallaíonn “tionscnóir” eintiteas a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:
bhí sé páirteach é féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí, nó an fhéichiúnaí ionchais, as ar tháinig na neamhchosaintí atá á n-urrúsú; nó
eintiteas a cheannaíonn neamhchosaintí tríú páirtí ar a chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin;
ciallaíonn “ath-urrúsú” urrúsú ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na neamhchosaintí foluiteacha ina suíomh urrúsúcháin;
ciallaíonn “urraitheoir” institiúid chreidmheasa, is cuma an bhfuil sé lonnaithe san Aontas nó nach bhfuil, mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE seachas tionscnóir:
a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó urrúsúchán eile a cheannaíonn neamhchosaintí ó eintitis tríú páirtí, nó
a bhunaíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó urrúsú eile lena gceannaítear neamhchosaintí ó eintitis tríú páirtí agus lena ndéantar bainistiú gníomhach ar phunann ó lá go lá a tharmligean chuig eintiteas atá údaraithe le gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE nó Treoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “tráinse” deighleog, arna bunú de réir conartha, den riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó comhthiomsú neamhchosaintí, i gcás ina mbaineann riosca caillteanais chreidmheasa le suíomh sa deighleog atá níos mó nó níos lú ná an riosca a bhaineann le suíomh den mhéid céanna i ndeighleog eile, gan aird a thabhairt ar chosaint chreidmheasa arna cur ar fáil go díreach ag tríú páirtithe do shealbhóirí suíomh sa deighleog sin nó i ndeighleoga eile;
ciallaíonn “clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “clár ABCP” clár urrúsúcháin ar i bhfoirm páipéir tráchtála shócmhainn-bhunaithe ag a bhfuil aibíocht tosaigh aon bhliana nó níos lú atá na hurrúis arna n-eisiúint aige den chuid is mó;
ciallaíonn “idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “idirbheart ABCP” urrúsú faoi chlár ABCP;
ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta” urrúsú a bhaineann le haistriú an leasa eacnamaíoch sna neamhchosaintí atá á n-urrúsú trí úinéireacht na neamhchosaintí sin a aistriú ón tionscnóir go SSPE nó trí fho-rannpháirtíocht SSPE i gcás nach ionann na hurrúis a eisíodh agus oibleagáidí íocaíochta an tionscnóra;
ciallaíonn “urrúsú sintéiseach” urrúsú i gcás ina mbaintear aistriú riosca amach trí dhíorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí a úsáid, agus ina bhfágtar na neamhchosaintí atá á n-urrúsú mar neamhchosaintí ag an tionscnóir;
ciallaíonn “infheisteoir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil suíomh urrúsúcháin ina sheilbh aige;
ciallaíonn ’“infheisteoir institiúideach” infheisteoir ar ceann díobh seo a leanas é:
gnóthas árachais mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
gnóthas athárachais mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) i gcomhréir le hAirteagal 2 di, ach amháin sa chás gur roghnaigh Ballstát gan iomlán na Treorach sin, nó codanna de, a chur i bhfeidhm ar an institiúid sin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin; nó bainisteoir infheistíochta nó eintiteas údaraithe arna cheapadh ag institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2016/2341;
ciallaíonn bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE a bhainistíonn agus/nó a mhargaíonn cistí infheistíochta malartacha san Aontas;
gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d’Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/65/CE;
UCITS a bhainistítear go hinmheánach, ar cuideachta infheistíochta é a údaráitear i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus nár ainmnigh cuideachta bainistithe arna húdarú faoin Treoir sin le haghaidh a bhainistithe;
institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun críocha an Rialacháin sin nó gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin;
ciallaíonn “seirbhíseoir” eintiteas a bhainistíonn comhthiomsú d’earraí infhaighte ceannaithe nó na neamhchosaintí creidmheasa foluiteacha ar bhonn laethúil;
ciallaíonn “saoráid leachtachta” an suíomh urrúsúcháin a thagann as comhaontú conarthach le haghaidh cistiú a chur ar fáil chun tráthúlacht sreafaí airgid chuig infheisteoirí a áirithiú;
ciallaíonn “neamhchosaint imrothlach” neamhchosaint lena gceadaítear iarmhéideanna “iasachtaithe” atá gan íoc a luainiú, bunaithe ar a gcuid cinntí iasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn chomhaontaithe;
ciallaíonn “urrúsú imrothlach” urrúsú i gcás ina n-imrothlaíonn an struchtúr urrúsúcháin féin trí neamhchosaintí a bheith á gcur leis an gcomhthiomsú neamhchosaintí nó a bheith á mbaint as is cuma cé acu an imrothlaíonn nó nach n-imrothlaíonn na neamhchosaintí;
►C1 ciallaíonn ‘foráil luath-amúchta’ clásal conarthach ◄ laistigh d’urrúsú de neamhchosaintí imrothlacha nó d’urrúsú imrothlach lena gceanglaítear, i gcás ina dtarlaíonn teagmhais shainithe, go ndéanfar suíomhanna urrúsúcháin infheisteoirí a fhuascailt roimh aibíocht tosaigh luaite na suíomhanna sin;
ciallaíonn “tráinse céadchaillteanais” an tráinse is fo-ordaithe atá ann in urrúsú arb é an chéad tráinse é a thabhóidh caillteanas ar na neamhchosaintí urrúsaithe agus trína soláthraítear cosaint don dara caillteanas, agus nuair is iomchuí, do thráinsí ar chéim níos airde;
ciallaíonn “suíomh urrúsúcháin” neamhchosaint ar urrúsú;
ciallaíonn “iasachtóir bunaidh” eintiteas a thug é féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, an comhaontú bunaidh i gcrích lenar cruthaíodh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí, nó an fhéichiúnaí ionchais, as ar tháinig na neamhchosaintí atá á n-urrúsú;
ciallaíonn “clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht” clár ABCP a dtacaíonn a urraitheoir leis go díreach agus go hiomlán trí shaoráid leachtachta a chur ar fáil do SSPE(nna) lena gcumhdaítear an méid seo a leanas ar fad ar a laghad:
rioscaí leachtachta agus creidmheasa uile an chláir ABCP;
aon rioscaí caolúcháin ar na neamhchosaintí urrúsaithe;
aon chostais eile ar leibhéal an idirbhirt ABCP agus aon chostais eile ar leibhéal an chláir ABCP má tá siad riachtanach chun láníocaíocht aon mhéid faoin ABCP a ráthú don infheisteoir;
ciallaíonn “idirbheart ABCP dá dtugtar lántacaíocht” idirbheart ABCP, ar leibhéal idirbhirt nó ar leibhéal cláir ABCP, dá dtugtar tacaíocht le saoráid leachtachta, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas ar fad ar a laghad:
gach riosca leachtachta agus creidmheasa an idirbhirt ABCP;
aon rioscaí caolúcháin ar na neamhchosaintí urrúsaithe san idirbheart ABCP;
aon chostais eile ar leibhéal an idirbhirt ABCP agus aon chostais eile ar leibhéal an chláir ABCP atá riachtanach chun láníocaíocht aon mhéid faoin ABCP a ráthú don infheisteoir;
ciallaíonn “stór urrúsúcháin” duine dlítheanach a dhéanann taifid ar urrúsuithe a bhailiú agus a chothabháil go lárnach.
Chun críche Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfar tagairtí in Airteagail 61, 64, 65, 66, 73, 78, 79 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 do “stór trádála” a fhorléiriú mar thagairtí do “stór urrúsúcháin”;
ciallaíonn “neamhchosaint neamhthuillmheach” nó “NPE” rísíocht a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
ciallaíonn “urrúsú NPE” urrúsú le tacaíocht ó chomhthiomsú de neamhchosaintí neamhthuillmheacha nach lú luach ainmniúil na neamhchosaintí sin ná 90 % de luach ainmniúil iomlán an chomhthiomsaithe tráth a thionscanta agus tráth ar bith níos déanaí i gcás ina gcuirtear sócmhainní leis an gcomhthiomsú foluiteach nó i gcás ina a mbaintear iad den chomhthiomsú sin mar gheall ar athshlánú, athstruchtúrú nó aon chúis ábhartha eile;
ciallaíonn “comhaontú cosanta creidmheasa” comhaontú a thugtar i gcrích idir an tionscnóir agus an t-infheisteoir chun riosca creidmheasa na neamhchosaintí urrúsaithe a aistriú ón tionscnóir chuig an infheisteoir trí bhíthin díorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí, lena ngeallann an tionscnóir méid, ar a dtugtar préimh cosanta creidmheasa, a íoc leis an infheisteoir agus lena ngeallann an t-infheisteoir méid, ar a dtugtar íocaíocht cosanta creidmheasa, a íoc leis an tionscnóir i gcás ina dtarlaíonn ceann de na teagmhais chreidmheasa a shainítear go conarthach;
ciallaíonn “préimh cosanta creidmheasa” an méid atá geallta ag an tionscnóir íoc leis an infheisteoir faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa as an gcosaint chreidmheasa a gheall an t-infheisteoir;
ciallaíonn “íocaíocht cosanta creidmheasa” an méid atá geallta ag an infheisteoir íoc leis an tionscnóir faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa i gcás ina dtarlaíonn teagmhas creidmheasa a shainítear sa chomhaontú cosanta creidmheasa;
ciallaíonn “barrachas an raoin difríochta shintéisigh” an méid, de réir na doiciméadachta ar urrúsú sintéiseach, atá ainmnithe go conarthach ag an tionscnóir chun caillteanais na neamhchosaintí urrúsaithe a chumhdach a d’fhéadfadh tarlú roimh dháta aibíochta an idirbhirt;
ciallaíonn “tosca inbhuanaitheachta” tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha” an difríocht idir iarmhéid gan íoc na neamhchosaintí sa chomhthiomsú foluiteach agus an praghas ag a ndíolann an tionscnóir na neamhchosaintí sin le SSPE, i gcás nach ndéantar an tionscnóir ná an t-iasachtóir bunaidh a aisíoc i leith na difríochta sin.
Airteagal 3
Urrúsuithe a dhíol le cliaint mhiondíola
Ní dhéanfaidh díoltóir suíomhanna urrúsúcháin suíomh den sórt sin a dhíol le cliant miondíola, mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
rinne díoltóir an tsuímh urrúsúcháin tástáil oiriúnachta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE;
tá díoltóir an tsuímh urrúsúcháin sásta, ar bhonn na tástála dá dtagraítear i bpointe (a), go bhfuil an suíomh urrúsúcháin oiriúnach don chliant miondíola sin;
déanann díoltóir an tsuímh urrúsúcháin toradh na tástála oiriúnachta in a chur in iúl láithreach don chliant miondíola i dtuarascáil.
Airteagal 4
Ceanglais ar SSPEnna
Ní bhunófar SSPEnna i dtríú tír a bhfuil féidhm ag aon cheann díobh seo a leanas ina leith:
liostaítear an tríú tír mar thríú tír ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
liostaítear an tríú tír in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach;
Níor shínigh an tríú tír comhaontú le Ballstát le háirithiú go gcomhlíonann an tríú tír sin na caighdeáin dá bhforáiltear in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le hIoncam agus le Caipiteal nó i Samhail-chomhaontú ECFE um Malartú Faisnéise maidir le Cúrsaí Cánach, agus go n-áirithíonn sí malartú éifeachtach faisnéise maidir le cúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha.
Maidir le SSPE arna bhunú, tar éis an 9 Aibreán 2021, i ndlínse a luaitear in Iarscríbhinn II chun córas cánach dochrach a oibriú, tabharfaidh an t-infheisteoir fógra faoin infheistíocht in urrúis arna n-eisiúint ag an SSPE sin d’údaráis chánach inniúla an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an infheisteoir chun críoch cánach.
CAIBIDIL 2
FORÁLACHA ATÁ INFHEIDHME MAIDIR LE GACH URRÚSÚ
Airteagal 5
Ceanglais an díchill chuí i gcomhair infheisteoirí institiúideacha
Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, an méid seo a leanas a fhíorú:
i gcás nach institiúid chreidmheasa ná gnólacht infheistíochta é an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh atá bunaithe san Aontas, faoi mar a shainmhínítear institiúid chreidmheasa agus gnólacht infheistíochta i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir sin agus na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán seo;
i gcás ina bhfuil an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar creidmheas a dheonú ar bhonn measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí;
i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe san Aontas, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuirtear an choinneáil riosca in iúl don infheisteoir institiúideach i gcomhréir le hAirteagal 7;
i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha nach mbeidh, i gcás ar bith, níos lú ná 5 % arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuireann sé an choinneáil riosca in iúl d’infheisteoirí institiúideacha;
go mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7 curtha ar fáil ag an tionscnóir, ag an urraitheoir nó ag an SSPE, nuair is infheidhme, i gcomhréir leis an minicíocht agus leis na módúlachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin;
i gcás neamhchosaintí neamhthuillmheacha, go gcuirtear caighdeáin fhónta i bhfeidhm agus neamhchosaintí á roghnú agus á bpraghsáil.
Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, dícheall cuí ionas go mbeidh sé in ann na rioscaí a bhaineann leis an suíomh a mheasúnú. Sa mheasúnú sin measfar ar a laghad an méid seo a leanas:
saintréithe riosca an tsuímh urrúsúcháin aonair agus na neamhchosaintí foluiteacha;
gnéithe struchtúracha uile an urrúsaithe a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin, lena n-áirítear na tosaíochtaí conarthacha íocaíochta agus an tosaíocht maidir le truicir atá bainteach le híocaíocht, feabhsuithe creidmheasa, feabhsuithe leachtachta, truicir maidir leis an margadhluach, agus sainmhínithe ar mhainneachtain a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta;
maidir le hurrúsú ar fógraíodh go raibh sé STS i gcomhréir le hAirteagal 27, go gcomhlíonann an t-urrúsú sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 19 go dtí Airteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26, agus in Airteagal 27. Féadfaidh infheisteoirí institiúideacha iontaoibh iomchuí a chur san fhógra STS de bhun Airteagal 14(1) agus san fhaisnéis arna nochtadh ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag an SSPE maidir le comhlíonadh na gceanglas STS, gan bheith ag brath go meicníoch ar an bhfógra sin nó ar an bhfaisnéis sin, agus gan bheith ag brath orthu sin amháin.
D’ainneoin phointe (a) agus do phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, breathnóidh infheisteoirí institiúideacha sna páipéir tráchtála a d’eisigh an clár ABCP sin ar ghnéithe an chláir ABCP agus ar an tacaíocht leachtachta iomlán.
Déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, a bhfuil suíomh urrúsúcháin aige, an méid seo a leanas ar a laghad:
bunóidh siad nósanna imeachta cuí agus comhréireacha i scríbhinn, atá coibhéiseach i ndáil le próifíl riosca an tsuímh urrúsúcháin, agus, i gcás inarb ábhartha, le leabhar trádála agus le leabhar neamhthrádála an infheisteora institiúidigh, d’fhonn faireachán a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar chomhlíonadh mhír 1 agus mhír 3 agus ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin agus ar na neamhchosaintí foluiteacha.
Nuair is ábhartha i ndáil leis na hurrúsúcháin agus na neamhchosaintí foluiteacha, áireofar leis na nósanna imeachta i scríbhinn sin faireachán ar an gcineál neamhchosanta, an céatadán de na hiasachtaí atá níos mó ná 30, 60 agus 90 lá thar téarma, rátaí mainneachtana, rátaí réamhíocaíochta, iasachtaí atá á bhforiamh, rátaí téarnaimh, athcheannach, modhnuithe ar iasachtaí, sosanna íocaíochta, cineál comhthaobhachta agus áitíocht na comhthaobhachta, agus dáileadh minicíochta na scór creidmheasa nó modhanna eile chun acmhainneacht creidmheasa a thomhas thar neamhchosaintí foluiteacha, éagsúlú tionscail agus tíreolaíoch, dáileadh minicíochta na gcóimheasa iasachta i gcoinne luacha le bandaleithid a éascaíonn anailís íogaireachta leormhaith. I gcás inar urrúsuithe iontu féin iad na neamhchosaintí foluiteacha, mar a cheadaítear faoi Airteagal 8, déanfaidh infheisteoirí institiúideacha faireachán freisin ar na neamhchosaintí a fholuíonn na suíomhanna sin;
i gcás urrúsaithe seachas clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar na sreafaí airgid agus ar na luachanna comhthaobhachta a thacaíonn leis na neamhchosaintí foluiteacha, nó, in éagmais sonraí leordhóthanacha maidir le sreafai airgid agus luachanna comhthaobhachta, tástálacha struis ar thoimhdí caillteanais, agus cineál, scála agus castacht riosca an tsuímh urrúsúcháin á gcur san áireamh;
i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar shócmhainneacht agus leachtacht an urraitheora;
áiritheoidh siad go ndéantar tuairisciú inmheánach dá chomhlacht bainistithe sa dóigh is go bhfuil an comhlacht bainistithe ar an eolas faoi na rioscaí ábhartha a eascraíonn as an suíomh urrúsúcháin agus sa dóigh is go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar na rioscaí sin;
arna iarraidh sin, beidh siad in ann a léiriú dá údaráis inniúl,arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint chuimsitheach chruinn aige ar an suíomh urrúsúcháin agus ar neamhchosaintí foluiteacha an tsuímh sin agus go bhfuil beartais agus nósanna imeachta i scríbhinn curtha chun feidhme aige maidir le bainistiú riosca an tsuímh urrúsúcháin agus maidir le taifid a choinneáil i ndáil leis na fíorúcháin agus leis an dícheall cuí i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus maidir le haon fhaisnéis ábhartha eile; agus
i gcás neamhchosaintí ar chlár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, a bheith in ann a thaispeáint dá údaráis inniúla, arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint bheacht chuimsitheach aige ar cháilíocht chreidmheasa an urraitheora agus ar théarmaí na saoráide leachtachta a chuirtear ar fáil.
Airteagal 6
Rioscaí a choinneáil
Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar gur tionscnóir eintiteas má bunaíodh an t-eintiteas nó má tá sé ag feidhmiú chun neamhchosaintí a urrúsú agus chun na críche sin amháin.
Agus an glanleas eacnamaíoch ábhartha á thomhas, déanfaidh an coinneálaí aon táillí a chur san áireamh a bhféadfaí úsáid a bhaint astu, i gcleachtas, chun laghdú a dhéanamh ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír.
I gcás urrúsuithe traidisiúnta NPE, féadfaidh an seirbhíseoir ceanglas na míre seo a chomhlíonadh freisin ar choinníoll gur féidir leis an seirbhíseoir a léiriú go bhfuil saineolas aige maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí atá comhchosúil leis na neamhchosaintí urrúsaithe agus go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca i bhfeidhm aige atá dea-dhoiciméadaithe agus leormhaith a bhaineann le seirbhísiú a dhéanamh ar neamhchosaintí.
An méid seo a leanas amháin a bheidh cáilithe mar choinneáil nach lú ná 5 % de ghlanleas eacnamaíoch ábhartha de réir bhrí mhír 1:
coinneáil nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig na hinfheisteoirí;
i gcás urrúsuithe imrothlacha nó urrúsuithe neamhchosaintí imrothlacha, coinneáil leas an tionscnóra nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe;
coinneáil neamhchosaintí arna roghnú go randamach, atá coibhéiseach le méid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe, sa chás ina mbeadh neamhchosaintí neamhurrúsaithe den sórt sin urrúsaithe laistigh den urrúsú in imthosca eile, ar an gcoinníoll nach lú ná 100 líon na neamhchosaintí a d’fhéadfadh a bheith urrúsaithe tráth an tionscanta;
coinneáil an tráinse céadchaillteanais agus, más gá, i gcás nach 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe í an choinneáil sin, coinneáil tráinsí eile a bhfuil an phróifíl riosca chéanna nó próifíl riosca níos déine acu ná iad sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo agus nach dtiocfaidh in aibíocht níos luaithe ná na cinn sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo, ionas nach lú an choinneáil ina hiomlán ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe; nó nó
coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais nach lú ná 5 % de gach neamhchosaint urrúsaithe san urrúsú.
Déanfar glanluach na neamhchosanta neamhthuillmhí a ríomh tríd an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha, a comhaontaíodh ar leibhéal na neamhchosanta urrúsaithe aonair tráth a tionscanta nó, i gcás inarb infheidhme, sciar comhfhreagrach den lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a comhaontaíodh ar leibhéal an chomhthiomsaithe de neamhchosaintí foluiteacha tráth a tionscanta a asbhaint as luach ainmniúil na neamhchosanta nó, i gcás inarb infheidhme, as an luach gan íoc atá uirthi tráth a tionscanta. Thairis sin, chun glanluach na neamhchosaintí neamhthuillmheacha urrúsaithe a chinneadh, féadfar a áireamh leis an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha an difríocht idir méid ainmniúil thráinsí urrúsú NPE arna fhrithghealladh ag an tionscnóir chun iad a dhíol ina dhiaidh sin agus an praghas ar a ndíoltar na tráinsí sin den chéad uair le tríú páirtithe neamhghaolmara.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcloíonn na hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais a chruthaigh na neamhchosaintí urrúsaithe leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 79 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus i gcás inagcuireann siad an fhaisnéis is gá chun na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Rialachán seo a chomhlíonadh ar fáil in am trátha don tionscnóir nó don urraitheoir agus do mháthairinstitiúid chreidmheasa an Aontais, don chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó do chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe san Aontas.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar neamhchosaintí maidir leo seo a leanas iad na neamhchosaintí urrúsaithe i gceist nó inar neamhchosaintí iad atá ráthaithe go hiomlán, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe:
ag rialtais láir nó bainc cheannais;
ag rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis de chuid na hearnála poiblí, sna Ballstáit, de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
ag institiúidí dá sanntar ualú riosca 50 % nó níos lú faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
ag bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó institiúidí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ); nó
ag na bainc forbartha iltaobhacha atá liostaithe in Airteagal 117 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar leis an ÚEUM agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an ceanglas maidir le coinneáil riosca a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:
na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhír 3, lena n-áirítear comhlíontacht trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála;
leibhéal na coinneála dá dtagraítear i mír 1 a thomhas;
fálú nó díol an leasa atá á choinneáil a thoirmeasc;
na coinníollacha a bhaineann le coinneáil ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 4;
na coinníollacha a bhaineann le hidirbhearta a dhíolmhú bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana dá dtagraítear i mír 6;
na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhíreanna 3 agus 3a i gcás urrúsuithe NPE;
iarmhairt na dtáillí arna n-íoc leis an gcoinneálaí ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír de réir bhrí mhír 1.
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 7
Ceanglais trédhearcachta do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus do SSPEnna
I gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do shealbhóirí suímh urrúsúcháin, do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha:
faisnéis maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ar bhonn ráithiúil, nó, i gcás ABCP, faisnéis maidir leis na hearraí infhaighte foluiteacha nó na héilimh chreidmheasa fholuiteacha ar bhonn míosúil;
an doiciméadacht fholuiteach eile ar fad atá riachtanach chun an t-idirbheart a thuiscint, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
an doiciméad tairisceana deiridh nó an réamheolaire tairisceana deiridh mar aon le doiciméid a bhaineann le dúnadh an idirbhirt, cé is moite de thuairimí dlíthiúla;
i gcás urrúsú traidisiúnta, an comhaontú maidir le sócmhainní a dhíol, an comhaontú maidir le sannadh, nuachan nó aistriú agus aon ráiteas muiníne ábhartha;
na comhaontuithe maidir le díorthaigh agus na comhaontuithe maidir le ráthaíochtaí, mar aon le haon doiciméid ábhartha maidir le socruithe i dtaobh soláthair urrúis chomhthaobhaigh i gcás inar neamhchosaintí de chuid an tionscnóra i gcónaí iad na neamhchosaintí atá a n-urrúsú;
na comhaontuithe maidir le seirbhísiú, seirbhísiú cúltaca, riarachán agus bainistiú airgid;
an gníomhas iontaobhais, an gníomhas gealltáin, an comhaontú gníomhaireachta, an comhaontú bainc maidir leis an gcuntas, an conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe, na téarmaí ionchorpraithe, máistirchreat iontaobhais nó máistir-chomhaontú maidir le sainmhínithe, nó doiciméadacht dhlíthiúil eile a bhfuil stádas coibhéiseach dlí aici; agus
aon chomhaontuithe ábhartha idir creidiúnaithe, doiciméadacht faoi dhíorthaigh, comhaontuithe maidir le hiasachtaí fo-ordaithe, comhaontuithe maidir le hiasachtaí do ghnólachtaí nuathionscanta agus comhaontuithe maidir le saoráidí leachtachta;
Áireofar cur síos mionsonraithe ar ord tosaíochta íocaíochtaí an urrúsaithe ar an doiciméadacht fholuiteach sin;
i gcás nár dréachtaíodh réamheolaire i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), achoimre ar na hidirbhearta nó forléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe, lena n-áirítear, nuair is infheidhme:
mionsonraithe maidir le struchtúr an idirbhirt, lena n-áirítear na léaráidí struchtúir lena dtugtar forléargas ar an idirbheart, ar na sreafaí airgid agus ar an struchtúr úinéireachta;
mionsonraithe maidir le saintréithe na neamhchosanta, na sreafaí airgid, an chascáid chaillteanais, feabhsú creidmheasa agus gnéithe den tacaíocht leachtachta;
mionsonraithe maidir le cearta vótála shealbhóirí suíomhanna urrúsúcháin agus an caidreamh atá acu le creidiúnaithe urraithe eile; agus
liosta de na truicir agus na teagmhais ar fad dá dtagraítear sna doiciméid a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (b), ar truicir agus teagmhais iad a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin;
i gcás urrúsuithe STS, an fógra STS dá dtagraítear in Airteagal 27;
tuarascálacha ráithiúla don infheisteoir, nó, i gcás ABCP, tuarascálacha míosúla don infheisteoir, ina sonraítear an méid seo a leanas:
na sonraí ábhartha go léir maidir le cáilíocht an chreidmheasa agus feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha;
faisnéis faoi theagmhais a thruicearaíonn athruithe ar ord tosaíochta na n-íocaíochtaí nó athsholáthar contrapháirtithe uaidh; agus, i gcás urrúsú nach idirbheart ABCP é, sonraí maidir leis na sreafaí airgid arna nginiúint trí na neamhchosaintí foluiteacha agus trí dhliteanais an urrúsaithe;
faisnéis faoin riosca arna choinneáil, lena n-áirítear faisnéis a léiríonn na modúlachtaí a cuireadh i bhfeidhm as measc na modúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(3), i gcomhréir le hAirteagal 6.
aon fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann leis an urrúsú a bhfuil oibleagáid ar an tionscnóir, ar an urraitheoir nó ar SSPE í a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh;
i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (f), aon teagmhas suntasach amhail:
sárú ábhartha ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna doiciméid a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear aon leigheas, tarscaoileadh nó toiliú arna ndéanamh ina dhiaidh sin i ndáil le sárú den sórt sin;
athrú ar na gnéithe structúracha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;
athrú ar shaintréithe riosca an urrúsaithe nó ar shaintréithe riosca na neamhchosaintí foluiteacha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;
i gcás urrúsuithe STS, mura gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS a thuilleadh nó má dhéanann na húdaráis inniúla bearta feabhais nó bearta riaracháin;
aon leasú ábhartha ar dhoiciméid idirbhirt.
Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír ar fáil roimh an bpraghsáil.
Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil i gcomhthráth gach ráithe, mí ar a dhéanaí tar éis an dáta dlite i gcomhair íocaíocht úis nó, i gcás idirbhearta ABCP, ar a dhéanaí mí tar éis dheireadh na tréimhse a chlúdaítear leis an tuarascáil.
I gcás ABCP, déanfar an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a), i bpointe (c)(ii) agus i bpointe (e)(i) den chéad fhomhír a chur ar fáil i bhfoirm chomhiomlán do shealbhóirí suímh urrúsúcháin agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha. Déanfar sonraí ar leibhéal an iasachta a chur ar fáil don urraitheoir agus, arna iarraidh sin, do na húdaráis inniúla.
Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (f) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír ar fáil gan mhoill.
Agus iad ag cloí leis an mír seo, comhlíonfaidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais lena rialaítear an chosaint a thugtar maidir le rúndacht na faisnéise agus maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ionas nach sárófar aon dlí den sórt sin agus maidir le haon oibleagáid rúndachta a bhaineann leis an gcustaiméir, leis an iasachtóir bunaidh nó le faisnéis don fhéichiúnaí, mura bhfuil faisnéis rúnda den chineál sin gan ainm nó comhiomlánaithe.
Go háirithe, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus an SSPE achoimre ar na doiciméid lena mbaineann a chur ar fáil.
Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 in ann a iarraidh go gcuirfear faisnéis rúnda den chineál sin ar fáil dóibh chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
Cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh i gcomhréir leis an gcéad hfomhír faisnéis le haghaidh idirbheart urrúsúcháin ar fáil trí bhíthin stór urrúsúcháin.
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear sa dara fomhír ná sa cheathrú fomhír maidir le hurrúsuithe i gcás nach bhfuil gá le réamheolaire a dhréachtú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE.
I gcás nach gcláraítear stór urrúsúcháin i gcomhréir le Airteagal 10, cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh an fhaisnéis ar fáil ar shuíomh gréasáinarb amhlaidh;
go n-áireofar ann córas dea-fheidhmiúil um rialú cáilíochta na sonraí;
go mbeidh sé faoi réir na gcaighdeán iomchuí rialachais agus go mbeidh struchtúr eagraíochtúil cuí i bhfeidhm agus á chothabháil chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an tsuímh gréasáin a áirithiú;
go mbeidh sé faoi réir córais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí lena sainaithneofar gach foinse ábhartha riosca oibriúcháin;
go n-áireofar ann córais chun cosaint agus sláine na faisnéise a fhaightear a áirithiú agus chun taifeadadh pras na faisnéise sin a áirithiú; agus
go bhfágfaidh sé go mbeidh sé indéanta an fhaisnéis a choinneáil ann ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dháta aibíochta an urrúsaithe.
Sonrófar sa doiciméadacht maidir leis an urrúsú cén t-eintiteas atá freagrach as an bhfaisnéis a thuairisciú agus an stór urrúsúcháin ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Eanáir 2019.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 8
Toirmeasc ar ath-urrúsú
De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas:
aon urrúsú ar eisíodh a chuid urrús roimh an 1 Eanáir 2019; agus
aon urrúsú, a bheidh le húsáid chun críocha dlisteanacha mar a leagtar amach i mír 3 ar eisíodh a chuid urrús roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh 1 Eanáir 2019.
Maidir leis an eintiteas sin atá faoi mhaoirseacht, i gcás gur institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é, mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rachaidh an t-údarás inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcomhairle leis an údarás réitigh, agus le haon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, sula dtabharfar cead dó na suíomhanna urrúsúcháin a bheith aige i measc neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú. Ní mhairfidh an comhairliúchán sin níos faide ná 60 lá ón dáta ar thug an t-údarás inniúil fógra don údarás réitigh, agus d’aon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, go raibh gá le comhairliúchán.
I gcás gur cinneadh a bhí mar thoradh ar an gcomhairliúchán chun cead a thabhairt suíomhanna urrúsúcháin a bheith i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi sin do ÚEUM.
Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur críocha dlisteanacha iad na críocha seo a leanas:
foirceannadh institiúide creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais a éascú;
a áirithiú go mbeidh institiúid chreidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais ina gnóthas leantach inmharthana nó ina ghnóthas leantach inmharthana chun a foirceannadh nó a fhoirceannadh a sheachaint; nó
i gcás na neamhchosaintí foluiteacha iasachtaí a bheith neamhthuillmheacha, leasanna na n-infheisteoirí a bhuanchoimeád.
Cuirfidh ÚBE aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 9
Critéir maidir le creidmheas a dheonú
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir le neamhchosaintí foluiteacha a bhí ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha tráth ar cheannaigh an tionscnóir iad ón tríú páirtí ábhartha, beidh feidhm ag caighdeáin fhónta maidir leis na neamhchosaintí a roghnú agus a phraghsáil.
Ní bheidh feidhm ag mír 3 más rud é:
go ndearnadh an comhaontú bunaidh, a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí nó an fhéichiúnaí ionchasaigh, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2014/17/AE; agus
go gcomhlíonann an tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí foluiteacha tríú páirtí dá chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin na hoibleagáidí a raibh sé de cheangal ar na hinstitúidí tionscnaimh iad a chomhlíonadh faoi Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 625/2014 roimh 1 Eanáir 2019.
CAIBIDIL 3
COINNÍOLLACHA AGUS NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE STÓR URRÚSÚCHÁIN A CHLÁRÚ
Airteagal 10
Stór urrúsúcháin a chlárú
Cuirfidh stór urrúsúcháin ceann díobh seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:
iarratas ar chlárú;
iarratas ar chlárú a leathnú chun críocha Airteagal 7 den Rialachán seo i gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi Chaibidil III de Theideal I, de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ).
I gcás nach mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoina mbeidh ar an stór urrúsúcháin faisnéis bhreise a sholáthar.
Tar éis do ÚEUM a mheasúnú a dhéanamh go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór urrúsúcháin.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na nithe uile seo a leanas:
na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá le cur i bhfeidhm ag stórtha urrúsúcháin chun iomláine agus comhsheasmhacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dóibh faoi Airteagal 7(1) a fhíorú;
an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;
iarratas simplithe ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar formáid an dá ní seo a leanas:
an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;
an t-iarratas ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, forbróidh ÚEUM formáid shimplithe lena seachnófar dúbláil nósanna imeachta.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 18 Eanáir 2019.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 11
Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú nó roimh clárú a leathnú
Airteagal 12
An t-iarratas a scrúdú
Airteagal 13
Fógra a thabhairt faoi chinntí ÚEUM i ndáil le clárú nó le síneadh a chur le clárú
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(1) faoina chinneadh.
Airteagal 14
Cumhachtaí ÚEUM
Airteagal 15
Clárú a tharraingt siar
Gan dochar d’Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfaidh ÚEUM clárú stóir urrúsúcháin a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:
go dtréigeann sé an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na 6 mhí roimhe sin;
gur ghnóthaigh an stór urrúsúcháin an clárú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile; nó
nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh.
Airteagal 16
Táillí maoirseachta
Beidh na táillí sin i gcomhréir le láimhdeachas an stóir urrúsúcháin lena mbaineann agus clúdóidh siad ina iomláine an caiteachas riachtanach a bheidh ag ÚEUM maidir le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu maille le haisíoc aon chostas a thabhóidh na húdaráis inniúla mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 14(1) den Rialachán seo. A mhéid a thagraíonn Airteagal 14(1) den Rialachán seo d’Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfar tagairtí d’Airteagal 72(3) den Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 2 den Airteagal seo.
I gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi Chabidil III de Theideal I de Rialachán (AE) 2015/2365, ní dhéanfar na táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú ach amháin chun an caiteachas breise is gá a léiriú mar aon leis na costais a bhaineann le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 17
Infhaighteacht na sonraí atá á gcoinneáil i stór urrúsúcháin
Gan dochar d’Airteagal 7(2), baileoidh stór urrúsúcháin na sonraí a bhaineann leis an urrúsú agus coinneoidh sé iad. Tabharfaidh sé rochtain dhíreach agus láithreach saor in aisce do gach ceann de na heintitis seo a leanas chun cur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe agus a n-oibleagáidí faoi seach a chomhlíonadh:
ÚEUM;
ÚBE;
ÚEÁPC;
BERS;
comhaltaí ábhartha an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 á gcomhlíonadh aige;
na húdaráis ábhartha a gclúdóidh a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach idirbhearta, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );
an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh.806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 );
na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 29;
infheisteoirí agus infheisteoirí ionchasacha.
Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, agus aird á tabhairt ar na riachtanais atá ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:
sonraí an urrúsaithe dá dtagraítear i mír 1 a chuirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar fáil chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 7(1);
na caighdeáin oibriúcháin is gá, chun go gceadófar an méid seo a leanas a dhéanamh, ar bhealach tráthúil, struchtúraithe agus cuimsitheach:
bailiú sonraí arna dhéanamh ag stórtha urrúsúcháin; agus
sonraí ó stórtha urrúsúcháin éagsúla a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid;
mionsonraí na faisnéise a bhfuil rochtain le bheith ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 uirthi, agus a sainordú agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh;
na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach agus láithreach le fáil ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 ar shonraí atá á gcoimeád i stórtha urrúsúcháin.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 4
URRÚSÚ SIMPLÍ TRÉDHEARCACH CAIGHDEÁNAITHE
Airteagal 18
Úsáid an ainmnithe “urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe”
Ní fhéadfadh tionscnóirí, urraitheoirí nó SSPEnna úsáid a bhaint as an ainmniú “STS” nó “simplí trédhearcach caighdeánaithe” nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin don urrúsú ach sna cásanna seo a leanas:
déanann an t-urrúsú na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 1, 2, nó 2a den Chaibidil seo a chomhlíonadh, agus tugadh fógra do ÚEUM de bhun Airteagal 27(1); agus
áirítear an t-urrúsú sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 27(5).
An tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE a bheidh rannpháirteach in urrúsú a measfar gur urrúsú STS é, is san Aontas a bheidh siad bunaithe.
ROINN 1
Ceanglais le haghaidh urrúsú traidisiúnta simplí trédhearcach caighdeánaithe neamh-ABCP
Airteagal 19
Urrúsú traidisiúnta simplí trédhearcach caighdeánaithe neamh-ABCP
Airteagal 20
Ceanglais maidir le simplíocht
Chun críocha mhír 1, dianfhoráil aisghlámtha a bheidh in aon cheann de na forálacha seo a leanas:
forálacha lena gceadaítear do leachtaitheoir an díoltóra díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú ar an mbonn amháin gur tugadh i gcrích é laistigh de thréimhse áirithe roimh dearbhú dhócmhainneacht an díoltóra;
forálacha ina bhfuil sé leagtha síos nach féidir le SSPE an neamhbhailíochtú dá dtagraítear i bpointe (a) a chosc ach amháin más féidir leis a chruthú nach raibh sé ar an eolas faoi dhócmhainneacht an díoltóra tráth an díola.
I gcás ina ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí shannachán ach nach dtugtar an t-aistriú sin chun foirfeachta go dtí tar éis dhúnadh an idirbhirt, beidh na teagmhais seo ar a laghad sna truicir chun an tabhairt chun foirfeachta sin a bhaint amach:
mórmheath ar sheasamh an díoltóra maidir le cáilíocht an chreidmheasa;
dócmhainneacht an díoltóra; agus
sáruithe déanta ag an díoltóir ar oibleagáidí conarthacha nár leigheasadh, mainneachtain an díoltóra san áireamh.
Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha ar féidir méid inathraitheach a bheith ina dtráthchodanna maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhíocaíochtaí nó íocaíochtaí úis, nó maidir le haon cheart eile ioncam a fháil ó shócmhainní a thacaíonn le híocaíochtaí den sórt sin. Féadfaidh na neamhchosaintí foluiteacha fáltais a ghiniúint ó dhíol aon sócmhainní maoinithe nó léasaithe.
Ní áireofar urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE cé is moite de bhannaí corparáideacha nach liostaítear ar ionad trádála.
I gcás urrúsú inar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha, ní bheidh aon iasacht sa chomhthiomsú iasachtaí ina hiasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir.
Beidh an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE mír 1 go mír 4, i bpointe (a) de mhír 5 agus i mír 6 d’Airteagal 18 de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, beidh sé i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.
Beidh taithí ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu.
Déanfar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú chuig SSPE tar éis an roghnaithe gan mhoill mhíchuí, agus ní áireofar iontu, tráth an roghnaithe, aon neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná aon neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:
dearbhaíodh é bheith dócmhainneach nó dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáistí airgid dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé sna 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é i ndáil lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha sna 3 bliana roimh an dáta a ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh do SSPE, ach amháin más rud é:
nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint athstruchtúraithe fholuiteach ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar gá a bheith déanta ar a laghad 1 bhliain roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh; agus
go leagtar amach go soiléir san fhaisnéis a sholáthraíonn an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE i gcomhréir le pointe (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus sonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;
go raibh sé, tráth an tionscanta, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann d’aon chlár poiblí creidmheasa mar sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh; nó
tugann an measúnú ar a chreidmheas nó a scór creidmheasa le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfaí íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha cuid mhaith níos airde ina chás-sa ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra nach bhfuil urrúsaithe.
Maidir le haisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin a ndéantar a neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú le sócmhainní a bhfuil a luach ráthaithe go hiomlán, nó a bhfuil sé maolaithe trí oibleagáid go n-athcheannóidh díoltóir nó tríú páirtí eile na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, ní mheasfar iad a bheith ag brath ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha sin a urrúsú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 21
Ceanglais maidir le caighdeánú
I gcás ina ndéanfar fógra maidir le forfheidhmiú nó maidir le luasghéarú a sheachadadh:
ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú sa SSPE thar a bhfuil riachtanach le feidhmiú oibríochtúil SSPE a áirithiú nó le haisíocaíocht ordúil na n-infheisteoirí a áirithiú i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe, mura n-éilítear le cúinsí eisceachtúla go ndéanfar suim a ghaistiú d’fhonn í a úsáid ar mhaithe le leasanna na n-infheisteoirí, le haghaidh caiteachas chun go seachnófar meath ar cháilíocht creidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha;
cuirfear na príomhfháltais ó na neamhchosaintí foluiteacha ar aghaidh chuig infheisteoirí trí amúchadh seicheamhach na suíomhanna urrúsúcháin, arna chinneadh le sinsearacht an tsuímh urrúsúcháin;
ní athrófar ord aisíoctha na suíomhanna urrúsúcháin i ndáil lena sinsearacht; agus
ní cheanglófar leachtú uathoibríoch ar na neamhchosaintí foluiteacha ar luach an mhargaidh le haon fhoráil.
I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireofar forálacha iomchuí luath-amúchta nó truicir maidir le deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach i gcás inar urrúsú imrothlach é an t-urrúsú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin;
má tharlaíonn teagmhas a bhaineann le dócmhainneacht i dtaca leis an tionscnóir nó leis an seirbhíseoir;
má thiteann luach na neamhchosaintí foluiteacha atá i seilbh an SSPE faoi bhun tairseach réamhshocraithe (teagmhas luath-amúchta); agus
má mhainnítear neamhchosaintí foluiteacha nua leordhóthanacha a ghiniúint atá i gcomhréir leis an gcáilíocht chreidmheasa réamhshocraithe (truicear chun deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach).
Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt:
oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an tseirbhíseora agus an iontaobhaí, más ann dó, agus soláthraithe fosheirbhíse eile;
na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfear deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain a dhéanann seirbhíseoir nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora, amhail clásal athsholáthair lena bhféadfar an seirbhíseoir a athsholáthar i gcás mar sin; agus
forálacha lena áirithiú go n-athsholáthraítear contrapháirtithe díorthaigh, soláthraithe leachtachta agus banc an chuntais i gcás a mainneachtana nó a mhainneachtana, a ndócmhainneachta nó a dhócmhainneachta, agus teagmhais shonraithe eile, nuair is infheidhme.
Airteagal 22
Ceanglais maidir le trédhearcacht
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh tionscnóirí, ón 1 Meitheamh 2021, cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le drochthionchair phríomha na sócmhainní arna maoiniú ag neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú.
I gcás inarb ábhartha, leis na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar na caighdeáin theicniúla arna bhforbairt de bhun an tsainordaithe a tugadh do ÚMEnna i Rialachán (AE) 2019/2088, go háirithe in Airteagal 2a agus in Airteagal 4(6) agus (7) de, nó tarraingeofar ar na caighdeáin sin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
ROINN 2
Ceanglais le haghaidh urrúsú le haghaidh urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe ABCP
Airteagal 23
Urrúsú ABCP simplí trédhearcach caighdeánaithe
Chun críocha na roinne seo, ciallaíonn “díoltóir”“tionscnóir” nó “iasachtóir bunaidh”.
Airteagal 24
Ceanglais ar leibhéal an idirbhirt
Chun críocha mhír 1, dianfhoráil aisghlámtha a bheidh in aon cheann de na forálacha seo a leanas:
forálacha lena gceadaítear do leachtaitheoir an díoltóra díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú ar an mbonn amháin gur tugadh i gcrích é laistigh de thréimhse áirithe roimh dhearbhú dhócmhainneacht an díoltóra;
forálacha ina bhfuil sé leagtha síos nach féidir leis an SSPE an neamhbhailíochtú dá dtagraítear i bpointe (a) a chosc ach amháin más féidir leis a chruthú nach raibh sé ar an eolas faoi dhócmhainneacht an díoltóra tráth an díola.
I gcás ina ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí shannachán ach nach dtugtar an t-aistriú sin chun foirfeachta go dtí tar éis dhúnadh an idirbhirt, beidh na teagmhais seo ar a laghad sna truicir chun an tabhairt chun forifeachta sin a bhaint amach:
mórmheath ar sheasamh an díoltóra maidir le cáilíocht an chreidmheasa;
dócmhainneacht an díoltóra; agus
sáruithe arna ndéanamh ag an díoltóir ar oibleagáidí conarthacha nár leigheasadh, mainneachtain an díoltóra san áireamh.
Aistreofar na neamhchosaintí foluiteacha chuig an SSPE tar éis an roghnaithe gan mhoill mhíchuí agus ní áireofar iontu, tráth an roghnaithe, neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:
dearbhaíodh é bheith dócmhainneach nó dheonaigh cúirt ceart forfheidhmithe nó damáistí airgid dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé sna 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi réir próiseas athstruchtúraithe fiachais é sna 3 bliana roimh an dáta a ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh do SSPE, seachas i gcás:
nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint athstruchtúraithe fholuiteach ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar gá a bheith déanta ar a laghad aon bhliain amháin roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh; agus
go leagtar amach go soiléir san fhaisnéis a sholáthraíonn an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE i gcomhréir le pointe (a) agus (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 7, an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus sonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;
go raibh sé, tráth an tionscanta, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach bhfuil aon chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó mar iasachtóir bunaidh; nó
tugann an measúnú ar a chreidmheas nó a scór creidmheasa le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfaí íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha cuid mhaith níos airde ina chás-sa ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra nach bhfuil urrúsaithe.
Maidir le haisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin a ndéantar a neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú le sócmhainní a bhfuil a luach ráthaithe go hiomlán, nó a bhfuil sé maolaithe trí oibleagáid go n-athcheannóidh díoltóir nó tríú páirtí eile na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, ní mheasfar go mbeidh sí ag brath ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha sin a urrúsú.
Beidh meánré ualaithe iarmhair ag an gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha nach faide ná 1 bhliain agus ní bheidh aibíocht iarmhair is faide ná 3 bliana ag ceann ar bith de na neamhchosaintí foluiteacha,
De mhaolú ar an dara fomhír seachas i gcás comhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin agus léasanna gluaisteáin agus idirbhearta léasa gluaisteáin ag a mbeidh meánré ualaithe iarmhair nach faide ná 3 bliana go leith agus ní bheidh aibíocht iarmhair is mó ná 6 bliana ag ceann ar bith díobh.
Ní áireofar sna neamhchosaintí foluiteacha iasachtaí arna n-urrúsú le morgáistí cónaithe nó tráchtála ná iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Beidh oibleagáidí ag baint leis na neamhchosaintí foluiteacha atá ceangailteach de réir conartha agus infhorfheidhmithe, ar féidir leo dul ar iontaoibh féichiúnaithe agus a bhfuil sruthanna íocaíochta sainithe acu maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhíocaíochtaí nó íocaíochtaí úis, nó maidir le haon cheart eile ioncam a fháil ó shócmhainní a fhágann go ndéantar íocaíochtaí den sórt sin. Féadfaidh na neamhchosaintí bunúsacha, fáltais a ghiniúint ó dhíol aon sócmhainní maoinithe nó léasaithe. Ní áireofar urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1),de Threoir 2014/65/AE cé is moite de bhannaí corparáideacha, nach liostaítear ar ionad trádála iad.
I gcás mhainneachtain an díoltóra nó teagmhas luathaithe:
ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú sa SSPE thar a bhfuil riachtanach le feidhmiú oibríochtúil SSPE a áirithiú nó le haisíocaíocht ordúil na n-infheisteoirí a áirithiú i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe mura n-éilítear, le himthosca eisceachtúla, go ndéanfar suim a ghaistiú a bheidh le húsáid, ar mhaithe le leasanna-na n-infheisteoirí, le haghaidh caiteachas, chun meath ar cháílíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha a sheachaint;
cuirfear na príomhfháltais ó na neamhchosaintí foluiteacha ar aghaidh chuig infheisteoirí a bhfuil suíomh urrúsúcháin acu trí íocaíocht sheicheamhach na suíomhanna urrúsúcháin, arna chinneadh de réir shinsearacht an tsuímh urrúsúcháin; agus
ní cheanglófar leachtú uathoibríoch ar na neamhchosaintí foluiteacha ar luach an mhargaidh le haon fhoráil.
Nuair is urrúsú imrothlach an t-idirbheart ABCP, áireofar i ndoiciméadacht an idirbhirt truicir chun deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin; agus
má tharlaíonn teagmhas a bhaineann le dócmhainneacht i dtaca leis an díoltóir nó leis an seirbhíseoir.
Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt:
oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an urraitheora, an tseirbhíseora agus an iontaobhaí, más ann dó, agus soláthraithe fosheirbhíse eile;
na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfí deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora; agus
forálacha chun athsholáthar contrapháirtithe díorthaigh agus an chuntais bhainc a áirithiú, nuair is infheidhme, i gcás a mainneachtana, adócmhainneachta agus, i gcás inarb infheidhme, teagmhais shonraithe eile; agus
an chaoi a gcomhlíonann an t-urraitheoir ceanglais Airteagal 25(3).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 25
Urraitheoir ar chlár ABCP
Measfar gur comhlíonadh an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcás ina mbeidh sé cinnte ag an údarás inniúil ar bhonn an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 97(3) de Threoir 2013/36/AE, go n-áirithítear bainistiú fónta agus cumhdach a chuid rioscaí leis na socruithe, straitéisí, nósanna imeachta agus sásraí a chuir an institiúid chreidmheasa chun feidhme agus leis na cistí dílse maille leis an leachtacht atá ag an institiúid chreidmheasa.
Beidh an t-urraitheoir freagrach as comhlíonadh Airteagal 7 ar leibhéal an chláir ABCP agus as an méid seo a leanas a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha sula ndéanfar praghsáil, arna iarraidh sin dóibh:
an fhaisnéis chomhiomlán a cheanglaítear le hAirteagal 7(1) (a);
an fhaisnéis sin a cheanglaítear le pointí (b) go (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad.
Airteagal 26
Ceanglais ar leibhéal an chláir
De mhéid comhiomlán na neamhchosaintí sin atá mar bhonn leis na hidirbhearta ABCP agus atá maoinithe ag an gclár ABCP, féadfaidh 5 % díobh ar a mhéid gan ceanglais Airteagal 24 (9), (10) agus (11) a chomhlíonadh, go sealadach, gan cur isteach ar stádas STS an chláir ABCP.
Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, déanfaidh páirtí neamhspleách iomchuí sampla de na neamhchosaintí foluiteacha a chur go tráthrialta faoi réir fíorú seachtrach maidir le comhlíonadh.
Sa doiciméadacht a bhaineann leis an gclár ABCP sonrófar go soiléir na nithe seo a leanas:
freagrachtaí an iontaobhaí agus eintiteas eile, más ann dóibh, a bhfuil cúraimí muiníneacha orthu i leith infheisteoirí;
oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an urraitheora a mbeidh saineolas aige ar chreidmheas a fhrithghealladh agus oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an iontaobhaí, más ann dó agus soláthraithe fosheirbhísí eile;
na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfí deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora;
na forálacha maidir le hathsholáthar contrapháirtithe díorthaigh agus an chuntais bhainc ar leibhéal an chláir ABCP i gcás mainneachtana, dócmhainneachta nó teagmhais shonraithe eile, i gcás nach gcumhdaíonn an tsaoráid leachtachta teagmhais den sórt sin.
i gcás teagmhais shonraithe, nó i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an urraitheora, beidh forálacha ann maidir le bearta feabhais a dhéanamh lena áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar urrúis chomhthaobhaigh a sholáthar don ghealltanas maoinithe nó go ndéanfar soláthraí saoráide leachtachta nua a sholáthar; agus
i gcás nach ndéanann an t-urraitheoir an gealltanas maoinithe maidir leis an tsaoráid leachtachta a nuashonrú laistigh dá dáta éaga, déanfar an tsaoráid leachtachta a tharraingt anuas agus aisíocfar na hurrúis atá ag teacht in aibíocht.
ROINN 2a
Ceanglais le haghaidh urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe laistigh den chlár comhardaithe
Airteagal 26a
Urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe laistigh den chlár comhardaithe
Airteagal 26b
Ceanglais maidir le simplíocht
Tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí tríú páirtí ar a chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin, cuirfidh sé i bhfeidhm beartais maidir le creidmheas, bailiúchán, fiachas a oibriú amach agus seirbhísiú a chuirtear i bhfeidhm i leith na neamhchosaintí sin atá chomh dian céanna leo sin a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm i leith neamhchosaintí inchomparáide nár ceannaíodh.
Chun críocha na míre seo, is é a bheidh i ngrúpa ná ceachtar den dá rud seo a leanas:
grúpa eintiteas dlíthiúil atá faoi réir comhdhlúthú stuamachta i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE.
Soláthróidh an tionscnóir uiríll agus barántaí gur comhlíonadh na ceanglais seo a leanas:
tá teideal dlíthiúil iomlán agus bailí ag an tionscnóir nó ag eintiteas an ghrúpa lena mbaineann an tionscnóir ar na neamhchosaintí foluiteacha agus ar na cearta coimhdeacha comhlachaithe a ghabhann leo;
i gcás inar institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an tionscnóir, nó i gcás inar gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE é, coinníonn an tionscnóir, nó eintiteas a áirítear i raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, riosca creidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha laistigh dá chlár comhardaithe;
comhlíonann gach neamhchosaint fholuiteach, ar an dáta a áirítear iad sa phunann urrúsaithe, na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha uile le haghaidh íocaíocht cosanta creidmheasa, cé is moite de tharlú teagmhais creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(1), i gcomhréir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa atá laistigh de dhoiciméadacht an urrúsúcháin;
chomh fada agus is eol don tionscnóir, sa chonradh maidir le gach neamhchosaint fholuiteach tá oibleagáid dhlithiúil, bhailí, cheangailteach agus in-fhorfheidhmithe ar an bhféichiúnaí na suimeanna airgid a shonraítear sa chonradh sin a íoc;
comhlíonann na neamhchosaintí foluiteacha na critéir fhrithgheallta atá chomh dian céanna leis na critéir fhrithgheallta chaighdeánacha a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe;
chomh fada agus is eol don tionscnóir, ní raibh sárú ábhartha ná mainneachtain déanta ag aon duine de na féichiúnaithe ar aon oibleagáid a bhí orthu i leith neamhchosaint fholuiteach ar an dáta a áirítear an neamhchosaint fholuiteach sin sa phunann urrúsaithe;
chomh fada agus is eol don tionscnóir, níl aon fhaisnéis bhréagach maidir le mionsonraí na neamhchosaintí foluiteacha i ndoiciméadacht an idirbhirt;
tráth a dhúntar an t-idirbheart nó nuair a dhéantar neamhchosaint fholuiteach a áireamh sa phunann urrúsaithe, níl leasú déanta ar an gconradh idir an féichiúnaí agus an t-iasachtóir bunaidh i ndáil leis an neamhchosaint fholuiteach sin ar bhealach lena ndéantar difear d’in-fhorfheidhmitheacht nó d’inbhailitheacht na neamhchosanta foluití sin.
Chun críocha na míre seo, maidir le hionadú neamhchosaintí lena ndéantar sárú ar uiríll nó ar bharántaí nó, i gcás ina n-áirítear tréimhse athshlánaithe san urrúsú, ní mheasfar na neamhchosaintí a chuirtear leis lena gcomhlíontar na coinníollacha athshlánaithe sainithe mar bhainistiú gníomhach punainne.
Le haon neamhchosaint a chuirfear leis i ndiaidh dháta deiridh an idirbhirt, comhlíonfar critéir incháilitheachta atá chomh dian céanna leis na critéir a cuireadh i bhfeidhm le linn roghnú tosaigh na neamhchosaintí foluiteacha.
Féadfar neamhchosaint fholuiteach a dhíchur ón idirbheart sna cásanna seo a leanas maidir leis an neamhchosaint fholuiteach sin:
aisíocadh ina hiomláine í nó d’aibigh sí ar shlí eile;
diúscraíodh í le linn ghnáthchúrsa gnó an tionscnóra, ar choinníoll nach ionann an diúscairt sin agus tacaíocht intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
tá sí faoi réir leasú nach bhfuil faoi thionchar creidmheasa, amhail fiachas a athmhaoiniú nó a athstruchtúrú, agus ar leasú é a tharlaíonn le linn ghnáthchúrsa seirbhísithe na neamhchosanta foluití sin; nó
níor comhlíonadh léi na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh í san idirbheart.
Sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh oibleagáidí atá ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh iomlán na bhféichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, na ráthóirí.
Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar féidir éagsúlacht a bheith ag baint le méideanna a dtráthchodanna, a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí cíosa, príomhshuime nó úis, nó le haon cheart eile maidir le hioncam a fháil ó shócmhainní lena dtugtar tacaíocht do na híocaíochtaí sin. Féadfaidh na neamhchosaintí foluiteacha fáltais a ghiniúint freisin as díolachán aon sócmhainní atá maoinithe nó atá ar léas.
Ní áireofar urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, seachas bannaí corparáideacha nach ndéantar a liostáil ar ionad trádála.
I gcás urrúsuithe inar iasachtaí cónaithe na neamhchosaintí foluiteacha, ní áireofar sa chomhthiomsú iasachtaí aon iasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir.
Leis an measúnú ar acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE nó in Airteagal 18(1) go (4), pointe (a) d’Airteagal 18(5) agus Airteagal 18(6) de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.
Beidh saineolas ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh i ndáil le neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leis na neamhchosaintí a ndearnadh urrúsú orthu.
Le neamhchosaintí foluiteacha, tráth a roghnófar iad, ní áireofar neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí nó ráthóir ag a bhfuil fadhbanna creidmheasa a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:
dearbhaíodh go raibh sé dócmhainneach nó gur dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáiste ábhartha dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé laistigh de 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é maidir lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha laistigh de 3 bliana roimh an dáta a rinneadh na neamhchosaintí foluiteacha a roghnú, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
ní raibh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint fholuiteach athstruchtúraithe ón dáta a rinneadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é nárbh fholáir dó a bheith déanta 1 bhliain amháin ar a laghad roimh an dáta ar a roghnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha; agus
leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an tionscnóir i gcomhréir le pointí (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), leagtar amach go soiléir an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus mionsonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;
bhí sé, tráth thionscanta na neamhchosanta foluití, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann do chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh; nó
tá measúnú creidmheasa nó scór creidmheasa aige lena dtugtar le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfar íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha i bhfad níos airde ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra agus nach bhfuil urrúsaithe.
Beidh íocaíocht amháin ar a laghad déanta ag féichiúnaithe tráth a áireofar na neamhchosaintí foluiteacha, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
urrúsú imrothlach é an t-urrúsú, le tacaíocht ó neamhchosaintí atá iníoctha in aon tráthchuid amháin nó a bhfuil aibíocht de níos lú ná 1 bhliain amháin ag gabháil leis, lena n-áirítear íocaíochtaí míosúla gan teorannú ar chreidmheasanna imrothlacha; nó
tá an neamhchosaint ina athmhaoiniú ar neamhchosaint a áirítear san idirbheart cheana féin.
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 26c
Ceanglais maidir le caighdeánú
I gcás urrúsú lena mbaintear úsáid as SSPE, beidh méid dliteanais SSPE a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí úis do na hinfheisteoirí, ag gach dáta íocaíochta, cothrom le méid ioncam SSPE ón tionscnóir agus le haon socruithe comhthaobhachta, nó níos lú ná na méideanna sin.
Ní bheidh díorthaigh san áireamh sa chomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha ach amháin chun rioscaí maidir leis an ráta úis nó rioscaí airgeadra na neamhchosaintí foluiteacha a fhálú. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
Maidir le haon íocaíochtaí ráta úis dá dtagraítear i ndáil leis an idirbheart, bunófar ar cheachtar de na nithe seo a leanas iad:
rátaí úis an mhargaidh a úsáidtear go ginearálta, nó rátaí earnála a úsáidtear go ginearálta lena léirítear na costais a bhaineann le cistí, agus nach ndéantar tagairt d’fhoirmlí casta nó do dhíorthaigh chasta leo;
ioncam a ghintear leis an gcomhthaobhacht lena ndaingnítear oibleagáidí an infheisteora faoin gcomhaontú cosanta.
Maidir le haon íocaíochtaí úis dá dtagraítear atá dlite faoi na neamhchosaintí foluiteacha, bunófar iad ar rátaí úis an mhargaidh a úsáidtear go ginearálta, nó ar rátaí earnála a úsáidtear go ginearálta lena léirítear na costais a bhaineann le cistí, agus ní dhéanfar tagairt d’fhoirmlí casta nó do dhíorthaigh chasta leo.
I gcás urrúsú lena mbaintear úsáid as SSPE, nuair a sheachadfar fógra um fhorfheidhmiú nó fógra um fhoirceannadh maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, ní dhéanfar aon mhéid airgid thirim a ghaistiú in SSPE thar a bhfuil riachtanach chun feidhmiú oibríochtúil an SSPE sin a áirithiú, chun íocaíocht na n-íocaíochtaí cosanta le haghaidh neamhchosaintí foluiteacha a mhainnigh atáthar fós á n-oibriú amach tráth an fhoirceanta, nó chun a áirithiú go n-aisíocfar go hordúil na hinfheisteoirí i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe.
Cuirfear amúchadh seicheamhach i bhfeidhm maidir le gach tráinse chun méid gan íoc na dtráinsí a chinneadh ag gach dáta íocaíochta, ag tosú ón tráinse is sinsearaí.
De mhaolú ar an dara fomhír, áireofar ar na hidirbhearta a bhfuil tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí ina gné díobh truicir a bhaineann le feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha a bhfuil mar thoradh leo tosaíocht íocaíochtaí lena ndéanfar íocaíochtaí seicheamhacha de réir ord sinsearachta a thabhairt ar ais i gcás an amúchta. Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna truicir sin a bhaineann le feidhmíocht:
an méadú ar mhéid carnach na neamhchosaintí a mhainnigh nó an méadú ar na caillteanais charnacha ar mó iad ná céatadán áirithe de mhéid gan íoc na punainne foluití;
aon truicear breise siarbhreathnaitheach amháin eile; agus
aon truicear réamhbhreathnaitheach amháin.
Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le sonraíocht na dtruicear a bhaineann le feidhmíocht agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le calabrú na dtruicear sin.
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2021.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
De réir mar a amúchfaidh tráinsí, déanfar méid áirithe na comhthaobhachta atá cothrom le méid amúchadh na dtráinsí sin a thabhairt ar ais do na hinfheisteoirí, ar choinníoll go bhfuil na tráinsí sin comhthaobhaithe ag na hinfheisteoirí.
I gcás inar tharla teagmhas creidmheasa, dá dtagraítear in Airteagal 26e, i ndáil le neamhchosaintí foluiteacha agus nár cuireadh i gcrích oibriú amach an fhiachais i leith na neamhchosaintí sin, beidh méid na cosanta creidmheasa atá fágtha ar aon dáta íocaíochta coibhéiseach le méid ainmniúil gan íoc na neamhchosaintí foluiteacha sin, ar a laghad, lúide méid aon íocaíochta eatramhaí a dhéanfar i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha sin.
I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireofar forálacha iomchuí luath-amúchta nó truicir maidir leis an tréimhse imrothlach a fhoirceannadh, i gcás inar urrúsú imrothlach é urrúsú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
meath ar cháilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin;
méadú ar chaillteanais atá os cionn tairseach réamhshocraithe;
mainneachtain i dtaca le neamhchosaintí foluiteacha nua leordhóthanacha a ghiniúint lena gcomhlíontar an cháilíocht chreidmheasa réamhshocraithe laistigh de thréimhse shonraithe.
I ndoiciméadacht an idirbhirt, sonrófar an méid seo a leanas go soiléir:
oibleagáidí conarthacha, dualgais chonarthacha agus freagrachtaí conarthacha an tseirbhíseora, an iontaobhaí agus na soláthraithe fosheirbhíse eile, de réir mar is infheidhme, agus an ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 26e(4);
na forálacha lena n-áirithítear ionadú ar an seirbhíseoir, ar an iontaobhaí, ar na soláthraithe fosheirbhíse eile nó ar an ngníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 26e(4) i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ceachtar de na soláthraithe seirbhíse sin, i gcás ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse sin éagsúil ón tionscnóir, ar bhealach nach gcuirfear deireadh le soláthar na seirbhísí sin;
na nósanna imeachta seirbhísithe a bhfuil feidhm acu maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ag dáta deiridh an idirbhirt agus ina dhiaidh sin agus na cúinsí faoina bhféadfar na nósanna imeachta sin a mhodhnú;
na caighdeáin sheirbhísithe a mbeidh sé d’oibleagáid ar an seirbhíseoir a chomhlíonadh agus na neamhchosaintí foluiteacha á seirbhísiú aige laistigh de shaolré iomlán an urrúsaithe.
Cuirfidh an seirbhíseoir nósanna imeachta um sheirbhísiú i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha atá ar a laghad chomh dian céanna leis na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag an tionscnóir maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe.
Airteagal 26d
Ceanglais maidir le trédhearcacht
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh tionscnóirí, ón 1 Meitheamh 2021, a chinneadh an fhaisnéis atá ar fáil maidir le drochthionchair phríomha na sócmhainní arna maoiniú ag na neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú.
I gcás inarb ábhartha, leis na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, léireofar na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt de bhun an tsainordaithe a tugadh do ÚMEnna i Rialachán (AE) 2019/2088, go háirithe in Airteagal 2a, agus in Airteagal 4(6) agus (7) de, nó tarraingeofar ar na caighdeáin sin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 26e
Ceanglais maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí agus barrachas an raoin difríochta shintéisigh
Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, cumhdófar ar a laghad na teagmhais chreidmheasa seo a leanas:
i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as ráthaíochtaí, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 215(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as díorthaigh chreidmheasa, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 216(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar gach teagmhas creidmheasa a dhoiciméadú.
Maidir le bearta staonta de réir bhrí Airteagal 47b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha, ní dhéanfaidh siad cosc a chur ar theagmhais chreidmheasa incháilithe a spreagadh.
Déanfar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa 6 mhí ar a dhéanaí tar éis do theagmhas creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 tarlú i gcásanna nach bhfuil oibriú amach an fhiachais i leith na gcaillteanas don neamhchosaint fholuiteach ábhartha curtha i gcrích faoi dheireadh na tréimhse 6 mhí sin. Socrófar an íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa ar an gceann is airde ar a laghad díobh seo a leanas:
méid an chaillteanais ionchasaigh atá coibhéiseach leis an lagú arna thaifeadadh ag an tionscnóir ina ráitis airgeadais i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme tráth a dhéantar an íocaíocht eatramhach, ag glacadh leis nach ann don chomhaontú cosanta creidmheasa agus nach gcumhdaítear aon chaillteanais leis;
i gcás inarb infheidhme, méid an chaillteanais ionchasaigh arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina ndéantar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa, déanfar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun an socrú eatramhach maidir le caillteanais a oiriúnú don chaillteanas réadaithe iarbhír.
Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, sonrófar an modh chun íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh cosanta creidmheasa a ríomh.
Beidh an íocaíocht cosanta creidmheasa comhréireach le sciar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosanta foluití comhfhreagraí a chumhdaítear leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa.
Beidh ceart an tionscnóra i dtaca le híocaíocht cosanta creidmheasa a fháil in-fhorfheidhmithe. Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, déanfar na méideanna atá iníoctha ag infheisteoirí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a leagan amach go soiléir agus beidh teorainn leis na méideanna sin. Beifear in ann na méideanna sin a ríomh i ngach cúinse. Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, déanfar na cúinsí a leagan amach go soiléir faoina mbeidh ceanglas ar infheisteoirí íocaíochtaí a dhéanamh. Déanfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i mír 4 measúnú i dtaobh ar tharla na cúinsí sin.
Ríomhfar méid na híocaíochta cosanta creidmheasa ar leibhéal na neamhchosanta foluití aonair ar tharla teagmhas creidmheasa ina leith.
I gcás ina ndéantar an comhaontú cosanta creidmheasa a fhoirceannadh, leanfar le hoibriú amach an fhiachais i leith aon teagmhas creidmheasa gan íoc a tharla roimh an bhfoirceannadh sin ar an gcaoi céanna agus a thuairiscítear sa chéad fhomhír.
Déanfar na préimheanna cosanta creidmheasa atá le híoc faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a struchtúrú ag brath ar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosaintí tuillmheacha urrúsaithe tráth na híocaíochta agus léireofar leo riosca an tráinse chosanta. Chun na gcríoch sin, leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, ní shonrófar préimheanna ráthaithe, íocaíochtaí préimhe tosaigh, sásraí lacáiste nó sásraí eile a d'fhéadfadh leithdháileadh iarbhír caillteanas ar infheisteoirí a sheachaint nó a laghdú nó sciar de na préimheanna íoctha a íoc ar ais leis an tionscnóir tar éis aibíocht an idirbhirt.
De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, ceadófar íocaíochtaí préimhe tosaigh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis an Státchabhair, i gcás ina ndéantar foráil shonrach maidir leis an scéim ráthaíochta i ndlí náisiúnta Ballstáit agus ina mbaineann sé leas as frithráthaíocht d’aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I ndoiciméadacht an idirbhirt, tabharfar tuairisc ar an mbealach a ríomhtar an phréimh cosanta creidmheasa agus aon dearbháin nóta, más ann dóibh, i dtaca le gach dáta íocaíochta le linn shaolré iomlán an urrúsaithe.
Beidh cearta na n-infheisteoirí i dtaca le préimheanna cosanta creidmheasa a fháil in-fhorfheidhmithe.
Déanfaidh an tionscnóir gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh roimh dháta deiridh an idirbhirt. I gcás gach neamhchosanta foluití a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, déanfaidh gníomhaire fíoraithe an tríú páirtí gach ceann de na nithe seo a leanas a fhíorú ar a laghad:
gur teagmhas creidmheasa mar a shonraítear i dtéarmaí an chomhaontaithe cosanta é an teagmhas creidmheasa dá dtagraítear san fhógra teagmhais creidmheasa;
gur áiríodh an neamhchosaint fholuiteach sa phunann tagartha tráth a tharla an teagmhas creidmheasa lena mbaineann;
gur comhlíonadh, leis an neamhchosaint fholuiteach, na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh sa phunann tagartha í;
i gcás inar cuireadh neamhchosaint fholuiteach leis an urrúsú mar thoradh ar athshlánú, gur comhlíonadh, leis an athshlánú sin, coinníollacha an athshlánaithe;
go bhfuil méid an chaillteanais deiridh comhsheasmhach leis na caillteanais arna dtaifeadadh ag an tionscnóir ina ráiteas brabúis agus caillteanais;
go bhfuil, tráth a dhéantar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, na caillteanais i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha leithdháilte i gceart ar na hinfheisteoirí.
Beidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ar SSPE agus glacfaidh sé leis an gceapachán mar ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí faoi dháta deiridh an idirbhirt.
Féadfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí an fíorú a dhéanamh ar bhonn samplála seachas ar bhonn gach neamhchosanta foluití aonair dá n-iarrtar íocaíocht cosanta creidmheasa. Féadfaidh infheisteoirí fíorú incháilitheacht aon neamhchosanta foluití faoi leith a iarraidh, áfach, i gcás nach bhfuil siad sásta leis an bhfíorú ar bhonn samplála.
I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireoidh an tionscnóir gealltanas go gcuirfidh sé an fhaisnéis uile is gá ar fáil don ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí chun na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír a fhíorú.
Ní fhéadfaidh tionscnóir idirbheart a fhoirceannadh roimh aibíocht sceidealaithe an idirbhirt sin ar aon chúis ach amháin sna teagmhais seo a leanas:
dócmhainneacht an infheisteora;
mainneachtain an infheisteora aon suimeanna a íoc atá dlite faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa nó sárú an infheisteora ar aon oibleagáid ábhartha a leagtar síos i ndoiciméid an idirbhirt;
teagmhais rialála ábhartha, lena n-áirítear:
athruithe ábhartha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, athruithe ábhartha arna ndéanamh ag údaráis inniúla ar léirmhíniúcháin ar na dlíthe sin atá foilsithe go hoifigiúil, i gcás inarb infheidhme, nó athruithe ábhartha ar láimhseáil an idirbhirt ó thaobh cánachais nó cuntasaíochta de, athruithe a bhfuil éifeacht dhíobhálach ábhartha acu ar éifeachtúlacht eacnamaíoch idirbhirt, agus é sin, i ngach cás, i gcomparáid lena rabhthas ag súil leis tráth a rinneadh an t-idirbheart agus nárbh fhéidir a bheith ag súil go réasúnach leis an tráth sin;
cinneadh ó údarás inniúil nach bhfuil cead, nó nach bhfuil cead a thuilleadh, ag an tionscnóir nó ag aon chleamhnaí de chuid an tionscnóra aistriú riosca creidmheasa shuntasaigh a aithint i gcomhréir le hAirteagal 245(2) nó (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis an urrúsú;
feidhm a bhaint as rogha chun an t-idirbheart a ghlaoch ag am ar leith (glao-ama), nuair a bheidh an tréimhse ama, arna tomhas ó dháta deiridh an idirbhirt, cothrom le meánré ualaithe na punainne tagartha tosaigh, nó níos mó ná sin, ag dáta deiridh an idirbhirt;
feidhm a bhaint as céadrogha ar cheannach farasbairr mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
i gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe, ní cháilíonn an t-infheisteoir a thuilleadh mar sholáthraí cosanta incháilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 8.
Le doiciméadacht an idirbhirt, sonrófar cibé an gcuirtear san áireamh san idirbheart lena mbaineann aon cheann de na cearta ar ghlaonna dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) agus an dóigh ina ndéantar cearta ar ghlaonna den sórt sin a struchtúrú.
Chun críocha phointe (d), ní dhéanfar struchtúrú ar an nglao-ama ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa nó ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí ná ní dhéanfar é a struchtúrú ar bhealach eile lena soláthrófaí feabhsú creidmheasa.
Nuair a bhaintear feidhm as an nglao-ama, déanfaidh na tionscnóirí fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, lena n-áirítear údar maith maidir le húsáid an ghlao-ama agus cuntas inchreidte lena léirítear nach meath ar cháilíocht na sócmhainní foluiteacha is cúis le feidhm a bhaint as an nglao.
I gcás cosaint creidmheasa cistithe, tráth fhoirceannadh an chomhaontaithe cosanta creidmheasa, déanfar comhthaobhacht a thabhairt ar ais do na hinfheisteoirí in ord shinsearacht na dtráinsí faoi réir fhorálacha ábhartha an dlí dócmhainneachta, de réir mar is infheidhme maidir leis an tionscnóir.
Féadfaidh an tionscnóir barrachas an raoin difríochta shintéisigh a ghealladh, rud a bheidh ar fáil mar fheabhsú creidmheasa do na hinfheisteoirí, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
sonraítear, i ndoiciméadacht an idirbhirt, méid bharrachas an raoin difríochta shintéisigh a gheallann an tionscnóir a úsáid mar fheabhsú creidmheasa ag gach tréimhse íocaíochta agus sloinntear é mar chéatadán socraithe d’iarmhéid iomlán gan íoc na punainne ag tús na tréimhse íocaíochta ábhartha (barrachas socraithe an raoin difríochta shintéisigh);
barrachas an raoin difríochta shintéisigh nach n-úsáidtear chun caillteanais chreidmheasa a chumhdach a thagann chun cinn le linn gach tréimhse íocaíochta, déanfar é a thabhairt ar ais don tionscnóir;
maidir le tionscnóirí a bhaineann úsáid as Cur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní bheidh an méid iomlán a ghealltar in aghaidh na bliana níos airde ná suimeanna rialála na gcaillteanas ionchasach 1 bhliana amháin ar na neamhchosaintí foluiteacha uile le haghaidh na bliana sin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158 den Rialachán sin;
maidir le tionscnóirí nach mbaineann úsáid as Cur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar ríomh an chaillteanais ionchasaigh 1 bhliana amháin den phunann fholuiteach a chinneadh go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt;
sonraítear, i ndoiciméadacht an idirbhirt, na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.
Beidh comhaontú cosanta creidmheasa i bhfoirm ceann díobh seo a leanas:
ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-aistrítear an riosca creidmheasa chuig aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcáilíonn na neamhchosaintí i dtaca leis an infheisteoir le haghaidh ualú riosca de 0 % faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin;
ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Teideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhaineann tairbhe as frithráthaíocht d’aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó
cosaint chreidmheasa eile nach dtagraítear di i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfoirm ráthaíochta, díorthach creidmheasa nó nótaí creidmheas-nasctha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go bhfuil oibleagáidí an infheisteora urrúsaithe ag comhthaobhacht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 9 agus 10 den Airteagal seo.
Le cosaint chreidmheasa eile dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 8, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
is ceart in-fhorfheidhmithe é ceart an tionscnóra an chomhthaobhacht a úsáid chun oibleagáidí an infheisteora maidir le híocaíochtaí creidmheasa a chomhlíonadh, agus áirithítear in-fhorfheidhmitheacht an chirt sin trí shocruithe comhthaobhachta iomchuí;
is ceart in-fhorfheidhmithe é ceart na n-infheisteoirí, i gcás ina leachtaítear an t-urrúsú nó de réir mar a amúchtar na tráinsí, aon chomhthaobhacht a aisíoc nár baineadh úsáid aisti chun íocaíochtaí cosanta a dhéanamh;
i gcás ina n-infheistítear an chomhthaobhacht in urrúis, leagtar amach le doiciméadacht an idirbhirt na critéir incháilitheachta agus an socrú coimeádta maidir leis na hurrúis sin.
Sonrófar le doiciméadacht an idirbhirt cibé an bhfuil infheisteoirí fós neamhchosanta ar riosca creidmheasa an tionscnóra.
Gheobhaidh an tionscnóir tuairim ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhneofar in-fhorfheidhmitheacht na cosanta creidmheasa i ngach dlínse ábhartha.
I gcás ina soláthraítear cosaint chreidmheasa eile i gcomhréir le pointe (c) de mhír 8 den Airteagal seo, rachaidh an tionscnóir agus an t-infheisteoir ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán, a bheidh i gceann amháin den dá rud seo a leanas:
comhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais a bhfuil ualach riosca 0 % orthu dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá uastréimhse aibíochta 3 mhí fós ag gabháil leis na hurrúis fiachais sin nach mbeidh níos faide ná an tréimhse atá fágtha go dtí an chéad dáta íocaíochta eile;
is féidir na hurrúis fiachais sin a fhuascailt in airgead tirim i méid atá cothrom le hiarmhéid gan íoc an tráinse chosanta;
tá na hurrúis fiachais sin i seilbh coimeádaí atá neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí;
comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim atá á coinneáil ag institiúid creidmheasa tríú páirtí lena mbaineann céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó os a cionn i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoi réir an toilithe shainráite i ndoiciméadacht deiridh an idirbhirt ag an infheisteoir tar éis a dhícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar aon neamhchosaint ábhartha ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí, is é an tionscnóir, agus an tionscnóir amháin, a fhéadfaidh dul ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán i bhfoirm airgead tirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid, ar a laghad, le haghaidh chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Féadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 29(5), tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, comhthaobhacht a cheadú i bhfoirm airgid thirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid le haghaidh chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar dheacrachtaí margaidh, ar bhaic oibiachtúla a bhaineann leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa arna sannadh ar an mBallstát den institiúid, nó ar fhadhbanna comhchruinnithe suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann sa Bhallstát lena mbaineann mar gheall ar chur i bhfeidhm íoscheanglas chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa dara fomhír.
I gcás nach gcáilíonn an institiúid creidmheasa tríú páirtí ná an tionscnóir ná cleamhnaí dá chuid le haghaidh na céime íosta den cháilíocht chreidmheasa, aistreofar an chomhthaobhacht laistigh de 9 mí chuig institiúid creidmheasa tríú páirtí ag a bhfuil céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó níos airde nó déanfar an chomhthaobhacht a infheistiú in urrúis a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír.
Measfar na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo a bheith comhlíonta i gcás infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag an tionscnóir, i gcomhréir le hAirteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm na gcleachtas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh faoin Airteagal seo, agus aird ar leith á tabhairt ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais eile na n-infheisteoirí a eascraíonn as cleachtais den sórt sin maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh.
Déanfaidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh a chuid torthaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Aibreán 2023.
Faoin 10 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn na tuarascála sin de chuid ÚBE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird ar leith á tabhairt ar an riosca carntha iomarcaigh de riosca creidmheasa an chontrapháirtí sa chóras airgeadais, in éineacht le togra reachtach chun an tAirteagal seo a leasú, más iomchuí.;
ROINN 3
Fógra STS
Airteagal 27
Ceanglais fógartha STS
I bhfógra STS, beidh míniú ón tionscnóir agus ón urraitheoir ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS a leagtar amach in Airteagail 20 go 22, Airteagail 24 go 26 nó Airteagail 26b go 26e.
Foilseoidh ÚEUM an fógra STC ar a shuíomh gréasáin oifigiúil de bhun mhír 5. Cuirfidh tionscnóirí agus urraitheoirí urrúsaithe a gcuid údarás inniúil ar an eolas faoin bhfógra STS agus ainmneoidh siad eintiteas amháin as a measc féin, eintiteas a bheidh ina chéadphointe teagmhála d’infheisteoirí agus d’údaráis inniúla.
►M1 I gcás ina mbaineann an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas as seirbhísí tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú, beidh ráiteas san áireamh i bhfógra STS gur dheimhnigh an tríú páirtí údaraithe sin gur comhlíonadh critéir STS. ◄ San fhógra, sonrófar ainm an tríú páirtí, an áit a bhfuil sé bunaithe agus ainm an údaráis inniúil a d’údaraigh é.
I ndáil leis an tionscnóir nó leis an iasachtóir bunaidh, murar institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá bunaithe san Aontas, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra de bhun mhír 1 den Airteagal seo:
deimhniú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh go ndéanann sé a chuid deonaithe creidmheasa ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus próisis atá bunaithe go soiléir chun creidmheasanna a cheadú, a leasú, a athnuachan agus a mhaoiniú agus go bhfuil córais éifeachtacha i bhfeidhm ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh chun na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo; agus
dearbhú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh an bhfuil an deonú creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir maoirseachta.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 28
Comhlíonadh STS á fhíorú ag tríú páirtí
►M1 Údaróidh an t-údarás inniúil do thríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 27(2) measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil critéir STS dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26 nó Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsuithe. ◄ Tabharfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
ní ghearrann an tríú páirtí ach muirir neamh-idirdhealaitheacha agus táillí atá bunaithe ar chostais amháin ar na tionscnóirí, na hurraitheoirí nó ar SSPEnna atá bainteach leis na hurrúsuithe a ndéanann an tríú páirtí measúnú orthu gan idirdhealú a dhéanamh idir na táillí, de réir thorthaí a mheasúnaithe nó i gcomhchoibhneas leo;
ní eintiteas rialáilte é an tríú páirtí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ná ní gníomhaireacht rátála creidmheasa é mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus ní bhaineann feidhmíocht ghníomhaíochtaí eile an tríú páirtí ó neamhspleáchas ná ó shláine a mheasúnaithe;
ní chuirfidh an tríú páirtí seirbhís chomhairleach, iniúchóireachta nó seirbhís choibhéiseach de chineál ar bith ar fáil don tionscnóir, don urraitheoir ná do SSPE atá bainteach leis na hurrúsuithe ar a ndéanann an tríú páirtí measúnú;
tá cáilíochtaí gairmiúla, eolas gairmiúil agus taithí ghairmiúil ag comhaltaí bhord bainistíochta an tríú páirtí atá leordhóthanach do chúram an tríú páirtí agus tá dea-chlú orthu agus tá siad macánta;
is stiúrthóirí neamhspleácha a bheidh in aon tríú cuid de chomhlacht bainistíochta an tríú páirtí, agus beidh ar a laghad beirt stiúrthóirí neamhspleácha ar an gcomhlacht bainistíochta sin;
déanann an tríú páirtí gach is gá lena áirithiú nach gcuirfear isteach ar an bhfíorú ar chomhlíonadh STS mar thoradh ar aon choinbhleacht leasa nó aon chaidreamh gnó atá ag baint nó a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tríú páirtí, a gheallsealbhóirí nó a chomhaltaí, nó bainisteoirí, fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a chuireann seirbhísí ar fáil don tríú páirtí nó atá faoina smacht. Chun na críche sin, déanfaidh an tríú páirtí córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú lena rialófar cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta d’fhonn coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chosc. I gcás go sainaithnítear coinbhleachtaí leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfar iad a dhíchur nó a mhaolú agus a nochtadh gan mhoill. Déanfaidh an tríú páirtí nósanna imeachta agus próisis leordhóthanacha a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú chun a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar chomhlíonadh STS ar bhonn neamhspleách. Déanfaidh an tríú páirtí faireachán agus athbhreithniú go tréimhsiúil ar na bearta agus ar na nósanna imeachta sin d’fhonn a n-éifeachtúlacht a mheas agus féachaint ar cheart iad a nuashonrú; agus
féadfaidh an tríú páirtí a thaispeáint go bhfuil coimircí oibriúcháin agus próisis inmheánacha iomchuí aige lenar féidir leis measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh STS.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a aistarraingt nuair a mheasann sé nach gcomhlíonann tríú páirtí an chéad fhomhír ó thaobh ábhair de.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 5
MAOIRSEACHT
Airteagal 29
Údaráis inniúla a ainmniú
Maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo is iad na húdaráis inniúla a leanas a dhéanfaidh é a mhaoirsiú i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha ábhartha dlí:
maidir le gnóthais árachais agus athárachais, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le pointe (10) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
maidir le bainisteoirí cistí infheistíochtaí malartacha, an t-údarás inniúil freagrach arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 44 de Threoir 2011/61/AE;
maidir le GCUI agus cuideachtaí bainistíochta GCUI, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 97 de Threoir 2009/65/CE;
maidir le hinstitiúidíle haghaidh soláthar scoir ceirde, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 6 de Threoir 2003/41/cé ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );
maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta, an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE i ndáil le cúraimí ar leith a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
Airteagal 30
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Áireofar an méid seo a leanas go háirithe leis an athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
na próisis agus na sásraí chun an glanleas eacnamaíoch ábhartha a thomhas i gceart agus a chaomhnú ar bhonn leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus bailiú agus nochtadh tráthúil na faisnéise uile atá le cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7;
i gcás neamhchosaintí nach bhfuil mar chuid d’urrúsú NPE:
na critéir deonaithe creidmheasa arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí tuillmheacha i gcomhréir le hAirteagal 9;
na caighdeáin fhónta do roghnú agus praghsáil arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí foluiteacha atá ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1);
i gcás urrúsuithe STS nach urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear go gcomhlíonfar Airteagal 20(7) go (12), Airteagal 21(7), agus Airteagal 22; agus
i gcás urrúsuithe STS ar urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear, maidir le hidirbhearta ABCP, go gcomhlíonfar comhlíonadh ceanglais Airteagal 24 agus, maidir le cláir ABCP, go gcomhlíonfar na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 26(7) agus (8);
i gcás urrúsuithe NPE, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagal 9(1) a áirithiú lena gcuirtear cosc ar aon drochúsáid den mhaolú dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1); agus
i gcás urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagail 26b go 26e a áirithiú.
Mar chuid dá mhaoirseacht stuamachta i réimse an urrúsúcháin, déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán, de réir mar is infheidhme, ar an tiochar sonrach a imríonn rannpháirtíocht sa mhargadh urrúsúcháin ar chobhsaíocht na hinstitiúide airgeadais sin a fheidhmíonn mar iasachtóir bunaidh nó mar thionscnóir, urraitheoir nó infheisteoir agus cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh, gan dochar do rialáil earnálach níos déine:
méid na maolán caipitil;
méid na maolán leachtachta agus;
an riosca leachtachta d’infheisteoirí mar gheall ar neamhréir aibíochta idir a gcuid maoinithe agus infheistíochtaí.
I gcásanna ina n-aithneoidh an t-údarás inniúil riosca ábhartha do chobhsaíocht airgeadais institiúid airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomlán, beag beann ar a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 36, gníomhóidh sé chun na rioscaí sin a mhaolú, tuairisceoidh sé a thorthaí don údarás ainmnithe atá inniúil maidir le hionstraimí stuamachta ar an macraileibhéal faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus don BERS.
Airteagal 31
Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an margadh urrúsúcháin
Cuirfear san áireamh i dtuarascáil BERS dá dtagraítear sa chéad fhomhír na gnéithe sonracha d’urrúsú sintéiseach, eadhon a shaintréith shaincheaptha agus phríobháideach sna margaí airgeadais, agus déanfar scrúdú ann maidir le cibé an bhfuil láimhseáil urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe fabhrach do laghdú foriomlán ar rioscaí sa chóras airgeadais agus do mhaoiniú níos fearr ar an bhfíorgheilleagar.
Agus a thuarascáil á ullmhú aige, bainfidh BERS úsáid as foinsí sonraí ábhartha éagsúla, amhail:
sonraí arna mbailiú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 7(1);
toradh na n-athbhreithnithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 30(2); agus
sonraí arna gcoimeád i stórtha urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10.
Laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an moladh a tharchur, déanfaidh seolaí an mholta, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar an moladh a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS agus tabharfaidh sé údar maith le haon neamhghníomhaíocht.
Airteagal 32
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais
Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur de bhun Airteagal 34, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena mbunófar smachtbhannaí riaracháin iomchuí, i gcás sárú a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí, agus bearta feabhais a bheidh infheidhme ar a laghad i gcásanna:
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 a chomhlíonadh;
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh;
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chomhlíonadh;
inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 a chomhlíonadh;
inar ainmníodh urrúsú mar STS agus inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE an urrúsaithe sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 22, Airteagail 23 go 26, nó Airteagail 26a go 26e a chomhlíonadh;
ina dtugann tionscnóir nó urraitheoir fógra míthreorach de bhun Airteagal 27(1).
inar mhainnigh tionscnóir nó urraitheoir na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27(4) a chomhlíonadh; nó
inar mhainnigh tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 fógra a thabhairt faoi athruithe ábhartha ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1), nó ar aon athruithe eile a bhféadfaí a mheas le réasún go ndéanann siad tionchar a imirt ar mheasúnú a údaráis inniúil.
Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear smachtbhannaí riaracháin agus/nó bearta feabhais chun feidhme go héifeachtach.
Beidh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht d’údaráis inniúla na smachtbhannaí agus na bearta seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:
ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 37;
ordú ina n-éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;
toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tionscnóra, an urraitheora nó SSPE nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den chineál sin;
i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (e) nó (f) de mhír 1 den chéad fhomhír den Airteagal seo, toirmeasc sealadach ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir lena gcuirtear cosc air fógra a thabhairt faoi Airteagal 27(1) á rá go gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 19 go 22, in Airteagail 23 go 26 nó in Airteagail 26a go 26e.
i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Eanáir 2018;
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 17 Eanáir 2018, nó suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), is éard a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh;
smachtbhannaí airgid riaracháin uasta de ar a laghad dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna i bpointe (e) agus i bpointe (f); agus
i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, aistarraingt shealadach an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 28 don tríú páirtí atá údaraithe chun a mheasúnú an bhfuil Airteagail 19 go 22 nó Airteagail 23 go 26, Airteagail 26a go 26e á gcomhlíonadh ag urrúsú.
Airteagal 33
Feidhmiú na cumhachta chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur
Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 32 a fheidhmiú i gcomhréir lena gcreataí náisiúnta dlí, de réir mar is iomchuí:
go díreach;
i gcomhar le húdaráis eile;
faoina bhfreagracht trí tharmligean d’údaráis eile;
trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
Agus cineál agus leibhéal an smachtbhanna riaracháin nó an bhirt feabhais a fhorchuirfear faoi Airteagal 32 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an d’aon ghnó nó de thoradh ar fhaillí a dhéantar an sárú maille leis na cúinsí ábhartha eile go léir, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, iad seo a leanas:
ábharthacht, tromaíocht agus fad an tsáraithe;
leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;
acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;
méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
leibhéal comhoibrithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá faoi aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
sáruithe roimhe sin a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.
Airteagal 34
Smachtbhannaí coiriúla
Airteagal 35
Dualgais fógartha
Tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na ndlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin lena gcuirtear an Chaibidil seo chun feidhme, lena n-áirítear aon fhorálacha ábhartha den dlí coiriúil, don Choimisiún, ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC faoin 18 Eanáir 2019. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC gan mhoill mhíchuí faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.
Airteagal 36
Comhar idir na hudaráis inniúla agus na hESAnna
I gcás nach bhféadfaidh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 1 mhí. Le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, measfar i gcónaí gur STS de bhun Chaibidil 4 den Rialachán seo urrúsú a bheidh le feiceáil ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 den Rialachán seo agus coimeádfar ar an liosta sin é.
I gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann go mbaineann an sárú le neamh-chomhlíonadh Airteagal 18 de mheon macánta, féadfaidh siad a chinneadh tréimhse suas le 3 mhí a thabhairt don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE leis an sárú a aithníodh a leigheas, agus cuirfear tús leis an tréimhse sin an lá a gcuireann an t-údarás inniúil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar an eolas faoin sárú. Le linn na tréimhse sin, leanfar d’urrúsú atá ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 a mheas mar STS de bhun Chaibidil 4 agus déanfar iad a choimeád ar an liosta sin.
I gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann den tuairim nach ndearnadh an sárú a leigheas mar ba chuí laistigh den tréimhse a leagtar amach sa tríú fomhír í, beidh feidhm ag an chéad fhomhír.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Eanáir 2019.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 37
Foilsiú na smachtbhannaí riaracháin
I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlíthiúla, nó céannacht agus sonraí pearsanta, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú cás ar chás a dhéanamh, nó i gcás ina measann an t-údarás inniúil go gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe coiriúla leanúnacha i mbaol leis an bhfoilsiú nó más rud é go ndéanfaí, a mhéad a fhéadfar a chinneadh, díobháil neamhréireach don duine lena mbaineann mar thoradh ar an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:
moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh maidir leis an smachtbhanna riaracháin a fhorchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú;
an cinneadh lena bhforchuirtear an smachtbhanna riaracháin a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó
gan an cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin a fhorchur a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás ina meastar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid seo a leanas a áirithiú:
nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó
comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.
CAIBIDIL 6
LEASUITHE
Airteagal 38
Leasú ar Threoir 2009/65/CE
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50a de Threoir 2009/65/CE:
“Airteagal 50a
I gcás go mbeidh neamhchosaint ag cuideachtaí bainistíochta GCUI nó GCUIanna a bhainistítear go hinmheánach ar urrúsú nach gcomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), gníomhóidh siad ar mhaithe le leas na n-infheisteoirí sa GCUI ábhartha agus déanfaidh siad gníomhaíocht ceartaitheach, más iomchuí.
Airteagal 39
Leasú ar Threoir 2009/138/CE
Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar seo a leanas:
in Airteagal 135, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.”
scriostar Airteagal 308b(11).
Airteagal 40
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar seo a leanas:
In aithris 22 agus in aithris 41, in Airteagal 8c agus i bpointe 1 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, cuirtear “ionstraim urrúsúcháin” in ionad “ionstraim airgeadais struchtúraithe”.
In aithris 34 agus aithris 40, in Airteagal 8(4), 8c, Airteagal 10(3) agus Airteagal 39(4) chomh maith leis an cúigiú fomhír de phointe 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn I, teideal agus pointe 2 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, pointí 8, 24 agus 45 de Chuid I d’Iarscríbhinn III agus pointe 8 de Chuid III d’Iarscríbhinn III cuirtear “ionstraimí urrúsúcháin” in ionad “ionstraimí airgeadais struchtúraithe”.
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír
“Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí d’eisitheoirí, agus do thríú páirtithe gaolmhara atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí urrúsúcháin.”
in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):
ciallaíonn “ionstraim urrúsúcháin” ionstraim airgeadais nó sócmhainní eile a eascraíonn ó idirbheart nó scéim urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2017/2402 [Rialachán urrúsúcháin].”
scriostar Airteagal 8b.
i bpointe (b) d’Airteagal 4(3), i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 5(6) agus in Airteagal 25a, scriostar an tagairt d’Airteagal 8b.
Airteagal 41
Leasú ar Threoir 2011/61/AE
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 de Threoir 2011/61/AE:
“Airteagal 17
“I gcás go mbeidh neamhchosaint ag AIFManna ar urrúsú nach gcomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ), gníomhóidh siad ar mhaithe le leas na n-infheisteoirí sna AIFManna ábhartha agus déanfaidh siad gníomhaíocht ceartaitheach, más iomchuí.”
Airteagal 42
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 mar a leanas:
in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
ciallaíonn “banna faoi chumhdach” banna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”
ciallaíonn “eintiteas banna faoi chumhdach” eisitheoir an bhanna faoi chumhdach nó comhthiomsú cumhdaigh banna faoi chumhdach.”
in Airteagal 4, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar a thabharfar i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó a chuirfear i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) ( *4 ) ar choinníoll:
i gcás eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, nach n-eiseoidh an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin ach urrúsuithe a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin];
nach n-úsáidfear an conradh díorthach thar an gcuntar ach chun neamhréireanna ráta úis nó airgeadra a fhálú faoin mbanna faoi chumhdach nó urrúsú; agus
go maolóidh na socruithe faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú riosca creidmheasa contrapháirtí go leordhóthanach i ndáil leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thug an t-eintiteas banna faoi chumhdach nó an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i gcrích i dtaca leis an mbanna faoi chumhdach nó an t-urrúsú.
Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Iúil 2018.
Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh, atá riachtanach chun go gcomhlíonfar mír 3;
na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6 go mír 10 i bhfeidhm;
na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.
Déanfar an leibhéal agus an cineál comhthaobhachta i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó arna gcur i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 4(5) den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18, agus in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 agus de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin] a chinneadh agus cuirfear san áireamh aon bhaic ar chomhthaobhacht a mhalartú maidir le socruithe comhthaobhachta a bheidh ann cheana faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú.
Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Eanáir 2018.
Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”
Airteagal 43
Forálacha idirthréimhseacha
Measfar gur “STS” iad urrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh an 1 Eanáir 2019, seachas suíomhanna urrúsúcháin a bhaineann le hidirbheart nó clár ABCP, más fíor an méid seo a leanas:
gur chomhlíon siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20(1) go (5), (7) go (9) agus (11) go (13) agus Airteagal 21(1) agus (3), tráth eisiúna na n-urrúsuithe sin; agus
go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20(6) agus (10), Airteagal 21(2) agus Airteagal 21(4) go (10) agus Airteagal 22(1) go (5), tráth a dtugtar an fhógra de bhun Airteagal 27(1) agus ó shin i leith.
Chun críocha phointe (b) de mhír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
in Airteagal 22(2), meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1) faoi na hurrúis” in ionad “sula n-eisítear na hurrúis”;
in Airteagal 22(3)’ meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),” in ionad “roimh phraghsáil an urrúsaithe”;
in Airteagal 22(5):
sa dara habairt, meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),”in ionad “roimh an bpraghsáil”;
meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),” in ionad “roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh”;
ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa cheathrú habairt;
forléireofar na tagairtí do chomhlíonadh Airteagal 7 amhail is dá mbeadh feidhm ag Airteagal 7 i gcás na n-urrúsuithe sin, d’ainneoin Airteagal 43(1).
Airteagal 43a
Forálacha idirthréimhseacha maidir le hurrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
Measfar gur STS iad urrúsuithe ar cruthaíodh na chéad suíomhanna urrúsúcháin dóibh roimh an 9 Aibreán 2021 ar choinníoll:
gur chomhlíon siad, tráth na chéad suíomhanna urrúsúcháin a chruthú, na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b(1) go (5), (7) go (9) agus (11) agus (12), Airteagail 26c(1) agus (3), Airteagal 26e(1), an chéad fhomhír d'Airteagal 26e(2), an tríú agus an cheathrú fomhír d’Airteagal 26e(3), agus Airteagail 26e(6) go (9); agus
go gcomhlíonann siad, tráth a thugtar an fhógra de bhun Airteagal 27(1) agus ó shin i leith, na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 26b(6) agus (10), Airteagail 26c(2) agus (4) go (10), Airteagail 26d(1) go (5) agus an dara go dtí an seachtú fomhír d’Airteagal 26e(2), an chéad fhomhír agus an dara agus an cúigiú fomhír d’Airteagal 26e(3) agus Airteagail 26e(4) agus (5) .
Chun críocha phointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
in Airteagal 26d(2), measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “sula ndúnfar an t-idirbheart”;
in Airteagal 26d(3), measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “roimh phraghsáil an urrúsaithe”;
in Airteagal 26d(5):
sa dara habairt, measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “roimh an bpraghsáil”;
sa tríú habairt, measfar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1)” in ionad “roimh an bpraghsáil, i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad”;
ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa cheathrú habairt;
forléireofar tagairtí do chomhlíonadh Airteagal 7 amhail is dá mbeadh feidhm ag Airteagal 7 maidir leis na hurrúsuithe sin d’ainneoin Airteagal 43(1).
Airteagal 44
Tuarascálacha
Faoin 1 Eanáir 2021 agus gach 3 bliana uaidh sin ar aghaidh, foilseoidh Comhchoiste na ÚEManna tuarascáíl maidir leis an méid seo a leanas:
cur chun feidhme na gceanglas STS dá bhforáiltear in Airteagal 18 go 27 iad;
measúnú ar na gníomhartha atá déanta ag údaráis inniúla, ar rioscaí ábhartha agus ar leochaileachtaí nua a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn agus ar ghníomhartha rannpháirtithe margaidh chun tuilleadh caighdeánaithe a dhéanamh ar dhoiciméadacht urrúsúcháin;
feidhmiú na gceanglas díchill chuí dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus na gceanglas trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus leibhéal trédhearcachta an mhargaidh urrúsúcháin san Aontas, lena n-áirítear maidir lenar leor na ceanglais trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 chun forléargas leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla ar an margadh lena gcuid sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh;
na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6, lena n-áirítear go gcomhlíonfadh rannpháirtithe sa mhargadh an tAirteagal sin agus na módúlachtaí coinneála riosca de bhun Airteagal 6(3);
suíomh geografach SSPEnna.
Bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar dó gach 3 bliana faoi phointe (e), soláthróidh an Coimisiún measúnú ar na cúiseanna le rogha an tsuímh, lena n-áirítear, faoi réir infhaighteacht agus inrochtaineacht na faisnéise, a mhéid atá ról criticiúil ag córas fabhrach cánach agus rialála a bheith ann.
▼M1 —————
Airteagal 45a
Creat urrúsúcháin inbhuanaithe a fhorbairt
Faoin 1 Samhain 2021, déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le ÚEÁPC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le creat urrúsúcháin inbhuanaithe a fhorbairt chun ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hinbhuanaitheacht a lánpháirtiú sa Rialachán seo. Sa tuarascáil sin, déanfar measúnú cuí ar na nithe seo a leanas, go háirithe:
cur chun feidhme ceanglas maidir le nochtadh comhréireach agus dícheall cuí a bhaineann le dea-thionchair agus drochthionchair ionchasacha na sócmhainní arna maoiniú ag na neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta;
inneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise maidir le tosca inbhuanaitheachta i ndáil le dea-thionchair agus drochthionchair ar ábhair chomhshaoil, shóisialta agus ábhair a bhaineann le rialachas;
conas creat sonrach urrúsúcháin inbhuanaithe a bhunú lena léirítear na táirgí airgeadais a chumhdaítear faoi Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (AE) 2019/2088 nó lena dtarraingítear ar na táirgí airgeadais sin, agus lena gcuirtear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 );
na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag creat urrúsúcháin inbhuanaithe ar chobhsaíocht airgeadais, ar an uas-scálú ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais agus ar acmhainneacht iasachtaithe bainc.
Airteagal 46
Athbhreithniú
Faoin 1 Eanáir 2022 ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.
Measfar go háirithe, sa tuarascáil sin, torthaí na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 44, agus déanfar an méid seo a leanas a mheas inti:
tionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear an t-ainmniúchán urrúsúcháin STS a thabhairt isteach, ar fheidhmiú an mhargaidh d’urrúsuithe san Aontas, an méid a chuireann urrúsú leis an bhfíorgheilleagar, go háirithe ar rochtain ar chreidmheas do FBManna agus ar infheistíochtaí, agus idirnascthacht idir institiúidí airgeadais agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais;
na difríochtaí idir úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), bunaithe ar na sonraí arna dtuaraisciú de bhun phointe (e)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 7 (1). Má léirítear sna torthaí go bhfuil méadú ar na rioscaí stuamachta de bharr úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) agus (e) d’Airteagal 6(3), ba cheart féachaint le cúiteamh cuí a chur ar fáil;
an é go raibh ardú neamhréireach i líon na n-idirbheart dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7, ó cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an ndearna rannpháirtithe sa mhargadh idirbhearta a struchtúrú ar bhealach ar leith chun dul timpeall ar an oibleagáid faoi Airteagal 7 go gcuirfí faisnéis ar fáil trí stórtha urrúsúcháin;
an gá na ceanglais maidir le nochtadh faoi Airteagal 7 a leathnú chun na hidirbhearta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(2) agus seasaimh infheisteoirí a chumhdach;
an bhféadfaí córas coibhéise a thabhairt isteach, i réimse na n-urrúsuithe STS, do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus SSPEnna tríú tír, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimse na n-urrúsuithe, go háirithe tionscnaimh maidir le hurrúsuithe simplí, trédhearcacha inchomparáide;
cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 22(4) agus 26d(4) agus cibé an bhféadfar iad a leathnú chuig urrúsú i gcás nach iasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna gluaisteáin iad na neamhchosaintí foluiteacha, d’fhonn nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais a phríomhshruthú;
a iomchuí atá an córas fíorúcháin tríú páirtí dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus Airteagal 28, agus cibé a chothaítear go leor iomaíochais i measc tríú páirtithe leis an gcóras údarúcháin do thríú páirtithe dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus an meastar an gá athruithe a dhéanamh ar an gcreat maoirseachta d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú; agus
an bhfuil gá leis an gcreat maidir le hurrúsuithe a leagtar amach leis an Rialachán seo a chomhlánú trí chóras banc ar cheadúnas teoranta a bhunú, a dhéanfadh feidhmeanna SSPEnna agus a mbeadh an ceart eisiach aige neamhchosaintí a cheannach ó thionscnóirí agus éilimh arna mbunú ar na neamhchosaintí a ceannaíodh a dhíol le hinfheisteoirí; agus
an fhéidearthacht maidir le caighdeánú breise agus ceanglais i ndáil le nochtadh i bhfianaise dea-chleachtais margaidh atá ag forbairt, eadhon trí úsáid a bhaint as teimpléid, le haghaidh urrúsuithe traidisiúnta agus sintéiseacha araon, lena n-áirítear le haghaidh urrúsuithe saincheaptha príobháideacha i gcás nach gcaithfear réamheolaire a tharraingt suas ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ).
Airteagal 47
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 48
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
( 2 ) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
( 3 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
( 4 ) Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).
( 5 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 6 ) Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).
( 7 ) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
( 8 ) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
( 9 ) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
( 10 ) Rialachán (AE) 2015/2365 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
( 11 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 le creat a bhunú um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoir 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
( 12 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
( 13 ) Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um sholáthar scoir cheirde. (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).
( 14 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
( 15 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( *1 ) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347 ,28.12.2017, Ich. 35)”
( *2 ) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017. Ich. 35)”
( *3 ) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, Ich. 35)”
( *4 ) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, Ich. 35)”
( 16 ) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
( 17 ) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).