02017R2107 — GA — 08.04.2024 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2017/2107 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Samhain 2017 (IO L 315 30.11.2017, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2019/1154 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 188 |
1 |
12.7.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2053 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meán Fómhair 2023 |
L 238 |
1 |
27.9.2023 |
|
RIALACHÁN (AE) 2024/897 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Márta 2024 |
L 897 |
1 |
19.3.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2017/2107 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2017
lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe i dtaca le speicis éisc mhór-imirceacha arna mbainistiú ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).
Airteagal 2
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa agus a oibríonn i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus, i gcás trasloingsithe, lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT má thrasloingsíonn siad speicis a ghabhtar sa limistéar sin;
soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt na mBallstát agus a mbíonn speicis ICCAT á n-iompar acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh na speiceas sin nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafoirt;
soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír atá ag gabháil d'iascaigh áineasa a oibríonn in uiscí an Aontais.
Airteagal 3
Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais
Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na forálacha seo a leagtar síos i Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 1 ) agus i Rialachán (AE) 2016/1627.
Beidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa bhreis orthu siúd dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “speicis ICCAT” speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “tuinnín trópaiceach” tuinnín mórshúileach, tuinnín buí agus boiníotó aigéanach;
ciallaíonn “mairlín” speicis den fhine Istiophoridae atá á mbainistiú ag ICCAT;
ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach atá feistithe chun saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara nó atá feistithe le gaiste tuinnín ghoirm;
ciallaíonn “soitheach gabhála” soitheach a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha mara a ghabháil;
ciallaíonn“soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;
ciallaíonn “údarú iascaireachta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;
ciallaíonn “údarú iascaireachta speisialta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le trealamh ar leith le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;
ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach eile;
ciallaíonn “iascach áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;
ciallaíonn “sonraí Thasc I” sonraí atá sainmhínithe ag ICCAT mar shonraí Thasc I sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;
ciallaíonn “sonraí Thasc II” sonraí atá sainmhínithe ag ICAAT mar shonraí Thasc II sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;
ciallaíonn “CPC” páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta;
ciallaíonn “limistéar Choinbhinsiún ICCAT” uiscí uile an Aigéin Atlantaigh agus na farraigí máguaird;
ciallaíonn “comhaontú comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe” comhaontú idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe 37 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
ciallaíonn “fad soithigh” an fad arna thomhas i líne dhíreach idir an pointe is mó chun tosaigh ar an gceann go dtí an pointe is mó chun deiridh ar an deireadh;
ciallaíonn “soitheach spiléir peiligeach mórscála” soitheach spiléir peiligeach ar mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;
ciallaíonn “soitheach iascaireachta mórscála” soitheach iascaireachta ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;
ciallaíonn “soitheach gabhála mórscála” soitheach gabhála ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;
ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iascaireachta mórscála” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí iascaireachta mórscála atá údaraithe díriú ar speicis ICCAT i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;
ciallaíonn “soitheach tacaíochta” soitheach seachas árthach atá ar bord nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil feistithe air agus a éascaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta, a chuidíonn leo nó a ullmhaíonn iad, lena n-áirítear trí sholáthairtí a sholáthar do shoitheach gabhála agus feiste comhthiomsaithe éisc a imscaradh, a sheirbhísiú agus a aisghabháil;
ciallaíonn “soitheach iompair” soitheach tacaíochta atá i mbun trasloingsithe agus atá ag fáil speicis ICCAT ó shoitheach spiléir peiligeach mórscála;
ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iompair” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí atá údaraithe trasloingsiú a fháil ar muir ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;
ciallaíonn “taifead ICCAT maidir le soithí atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICATT de shoithí iascaigh mórscála atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;
ciallaíonn “ní snámhach” nó “FOB” aon ní nádúrtha nó saorga atá ar snámh (i.e. ar an dromchla nó ar an bhfodhromchla) nach bhfuil ar a chumas gluaiseacht as féin; is feistí comhbhailithe éisc (FADanna) iad FOBanna atá de dhéantús an duine agus a chuirtear amach d’aon ghnó agus/nó a rianaítear d’aon ghnó; is loga iad FOBanna a chailltear de thaisme ó fhoinsí antraipeacha agus nádúrtha;
ciallaíonn “feiste comhthiomsaithe éisc” nó “FAD” ní, struchtúr nó feiste buan, leathbhuan nó sealadach d’aon ábhar, bíodh sé de dhéantús an duine nó nádúrtha, a chuirtear amach nó a rianaítear, agus a úsáidtear chun éisc a chomhthiomsú lena ngabháil ina dhiaidh sin; is féidir le FADanna a bheith ar ancaire (aFADanna) nó ar fuaidreamh (dFADanna);
ciallaíonn “cur FAD” trealamh iascaireachta a shocrú timpeall scoil tuinnín atá bainteach le FAD;
ciallaíonn “iascaireacht NNN” gníomhaíochtaí iascaireachta a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
ciallaíonn “liosta NNN ICCAT” liosta de shoithí a mheasann ICCAT go raibh siad i mbun iascaireacht NNN;
ciallaíonn “spiléir” trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) a bhfuil a bhfad agus a spásáil ag brath ar an speiceas a bhfuiltear ag díriú air;
ciallaíonn “spiléir éadomhain” spiléir ina bhfuil tromlach na nduán ag doimhneacht níos lú ná 100 méadar nuair a chuirtear amach iad;
ciallaíonn “peaslíonta saighne” líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;
ciallaíonn “duán” píosa de shreang cruach agus é lúbtha faobhraithe;
ciallaíonn “duán ciorclach” duán a bhfuil pointe aige atá casta siar go hingearach i gcoinne na lorga chun cruth ciorclach nó ubhchruthach a dhéanamh; níor cheart frithchúiteamh níos mó ná 10 gcéim a bheith ag duáin chiorclacha;
ciallaíonn “baoi oibríochtúil” aon bhaoi gléasta, a gníomhachtaíodh, a casadh air nó a cuireadh amach roimhe ar muir, a tharchuireann suíomh agus aon fhaisnéis eile atá ar fáil amhail meastacháin sondála fuaime.
TEIDEAL II
BEARTA BAINISTÍOCHTA, CAOMHNAITHE AGUS RIALAITHE MAIDIR LE SPEICIS ÁIRITHE
CAIBIDIL I
Tuinníní trópaiceacha
Airteagal 5
Srianta ar líon na soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais
a dhíríonn ar thuinníní mórshúileacha Maidir le líon agus acmhainn iomlán in olltonnáiste (GT) soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais a dhíríonn ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT:
measfar gurb é a bheidh ann meánlíon agus meánacmhainn, in GT, na soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT le linn na tréimhse 1991 go 1992; agus
ar bhonn an tsriain a bhí ar líon na soithí gabhála a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach in 2005 mar a cuireadh in iúl do ICCAT ar an 30 Meitheamh 2005.
Airteagal 5a
Teorainn acmhainneachta maidir le tuinnín trópaiceach
Airteagal 6
Údaruithe sonracha do shoithí gabhála mórscála a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha agus do shoithí tacaíochta
Airteagal 6a
Toirmeasc ar aischur tuinníní trópaiceacha arna ngabháil ag soithí peas-saighne de chuid an Aontais
De mhaolú ar mhír 1, féadfar tuinníní trópaiceacha a aischur sna cásanna seo a leanas:
i gcás ina gcinnfidh an máistir go bhfuil na tuinníní trópaiceacha a gabhadh i bhfostú nó brúite sa pheas-saighean, go ndearnadh damáiste dóibh mar gheall ar fhoghail, nó go bhfuair siad bás agus gur lobh siad san eangach i ngeall ar chliseadh trealaimh a chuir cosc leis na gnáthghníomhaíochtaí maidir leis an eangach a aisghabháil, maidir leis an iascaireacht agus maidir leis na héisc a scaoileadh saor beo;
i gcás ina gcinnfidh máistir an tsoithigh gur gabhadh na tuinníní trópaiceacha le linn an chuir deiridh agus nach bhfuil dóthain acmhainneachta stórála ann chun na tuinníní trópaiceacha a gabhadh sa chur sin a stóráil; ní fhéadfar na héisc sin a aischur ach amháin ar choinníoll:
go bhféachfaidh an máistir nó na baill den chriú leis na tuinníní a scaoileadh saor beo a luaithe is féidir; agus
nach ndéanfar aon oibríocht iascaireachta eile tar éis an t-aschur a bheith déanta, go dtí go ndéanfar na tuinníní ar bord an tsoithigh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.
Airteagal 7
Taifead ICCAT ar shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha
Airteagal 8
Liosta de na soithí a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha aon bhliain ar leith
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain liosta de na soithí údaraithe, a mbíonn a mbratach ar foluain orthu, a rinne tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT nó a thug aon chineál tacaíochta don ghníomhaíocht iascaireachta (soithí tacaíochta) sa bhliain féilire roimhe sin. I gcás soithí peas-saighne, áireofar ar an liosta sin freisin na soithí tacaíochta a thacaigh leis an ngníomhaíocht iascaireachta, gan beann ar a mbratach. Faoin 31 Iúil gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT faoi na liostaí a fuarthas ó na Ballstáit.
Airteagal 8a
Tearcúsáid nó barrachas tuinnín mórshúileach
Airteagal 9
Pleananna bainistíochta i ndáil le feistí um chomhbhailiú éisc
Beidh an méid seo d'aidhm ag pleananna bainistíochta dá dtagraítear i mír 1:
feabhas a chur ar an eolas ar thréithe FAD, tréithe baoi, iascaireacht le FAD, lena n-áirítear iarracht iascaireachta, agus ar an tionchar gaolmhar a imrítear ar spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad;
bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar imscaradh agus aisghabháil FADanna agus rabhchán agus ar an bhféidearthacht go gcaillfí iad;
tionchar FADanna agus iascaireacht FAD ar an éiceachóras a laghdú agus a theorannú, agus sin a dhéanamh, nuair is iomchuí, trí bhearta a dhéanamh i leith gnéithe éagsúla den ráta báis san iascaireacht (e.g. an líon FADanna a imscartar, lena n-áirítear an líon cur FAD de réir líon soithí peas-saighne, acmhainn iascaireachta, líon soithí tacaíochta).
Airteagal 10
Ceanglais ar FADanna
Comhlíonfaidh FADanna na ceanglais seo a leanas:
ní bheidh struchtúr dromchlach an FAD clúdaithe le hábhar ar bith nó déanfar é a chlúdach le hábhar is lú baol go rachadh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus leis an ábhar sin amháin; agus
beidh na comhpháirteanna fodhromchlacha déanta d'ábhar nach rachaidh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus d'ábhar den chineál sin amháin.
Agus FADanna á n-úsáid nó á ndearadh acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
a áirithiú nach rachaidh na FADanna uile a chuirtear amach i bhfostú, i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn X;
déanfaidh siad iarracht a áirithiú go ndéanfar gach FAD as ábhair in-bhithdhíghrádaithe, mar shampla neamhphlaistigh, cé is moite d’ábhair a úsáidfear chun baoithe rianaithe FAD a dhéanamh.
Airteagal 11
Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag soithí
Gach uair a dhéanfar FAD a imscaradh, déanfaidh soithí peaslíon saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:
suíomh FAD;
dáta imscartha FAD;
an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD saorga le sruth);
aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó an t-aitheantas rabhcháin, an cineál baoi, e.g., baoi simplí, nó baoi a ghabhann le sondálaí fuaime), nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a aithint;
tréithe dearaidh FAD (toisí agus ábhar na páirte a bhíonn ar snámh agus an strúchtúr a bhíonn ar crochadh faoi uisce, agus gné fostúcháin an strúchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce).
Gach uair a théann soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais chuig FAD, má dhéantar cur ina dhiaidh sin nó mura ndéantar, déanfaidh siad an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:
cineál cuairte (tarraingt, aisghabháil, obair ar threalamh leictreonach);
suíomh an FAD;
dáta cuairte;
an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD nadúrtha le sruth, FAD saorga le sruth);
tuairisc loga nó aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD agus aitheantas baoithe nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a shainaithint);
má dhéantar cur tar éis dul chuig an FAD, torthaí an chuir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, is cuma cé acu ar coinníodh iad nó an ndearnadh iad a aischur, beo nó marbh, nó, mura ndéantar cur tar éis dul chuig an FAD, an chúis atá leis an gcinneadh sin (mura bhfuil a dhóthain iasc ann nó má tá na héisc róbheag, mar shampla);
aitheantas baoithe.
Gach uair a dhéanfar FAD a chailleadh, déanfaidh soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta uile an Aontais, an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:
an suíomh deireanach a cláraíodh;
an dáta ar cláraíodh an suíomh deireanach;
aitheantóir FAD (i.e., marcáil FAD agus aitheantas baoithe).
Airteagal 12
Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag na Ballstáit
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain, 15 lá roimh an sprioc-am arna shocrú ag ICCAT don bhliain sin, i dtreo is go bhféadfar í a chur ar fáil do Rúnaíocht ICCAT:
an líon FADanna a imscartar iarbhír, ar bhonn ráithiúil, de réir chineál FAD, agus é tugtha le fios arbh ann nó as do rabhchán/do bhaoi nó do shondálaí fuaime a ghabhann leis an FAD;
líon agus cineál na rabhchán/na mbaoithe (e.g. raidió, sonóir amháin, sonóir le sondálaí fuaime) a imscartar ar bhonn míosúil i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II;
meánlíon na rabhchán/mbaoithe a ghníomhachtaítear agus a dhíghníomhachtaítear ar bhonn míosúil a lean gach soitheach;
meánlíon FADanna a chailltear ar bhonn míosúil ag a bhfuil baoithe gníomhacha;
i ndáil le gach soitheach tacaíochta, an líon laethanta a caitheadh ar muir, in aghaidh gach limistéir greille 1o, in aghaidh na míosa agus de réir Ballstát brataí;
gabhálacha agus iarracht na soithí peas-saighne agus na mbád baoite, agus líon na gcur (i gcás peas-saighní) de réir modh iascaireachta (scoileanna a bhaineann le FOBanna agus iascaigh scoile saoire) i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II;
nuair a dhéantar gníomhaíochtaí soithí peas-saighne i gcomhar le báid bhaoite, tuairiscí maidir le gabhálacha agus iarracht soithí peas-saighne a bhaineann le báid bhaoite i gcomhréir le ceanglais sonraí Thascanna I agus II.
Airteagal 13
Logleabhair
Áiritheoidh na Ballstáit:
go ndéanfar logleabhair iascaigh pháipéir agus leictreonacha, mar aon le logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, a bhailiú gan mhoill agus a chur ar fáil d'eolaithe an Aontais;
go gcuirfear an fhaisnéis arna bailiú ó logleabhair iascaigh nó logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, san áireamh i sonraí Thasc II a tharchuirfear chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 50.
Airteagal 14
Cumhdach breathnóra agus toirmeasc ar FAD a chur amach i ndáil le hógánaigh a chosaint
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach cumhdach breathnóra íosta a bhunú, mar a leanas:
maidir lena soithí spiléireachta atá 20 méadar ar fad nó níos faide, áiritheoidh siad cumhdach breathnóra 10 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta faoi 2022, trí bhreathnóir daonna a bheith ar bord i gcomhréir le hIarscríbhinn IV nó trí chóras faireacháin leictreonach formheasta;
maidir lena soithí peas-saighne, cumhdach breathnóra 100 % ar an iarracht iascaireachta, trí bhreathnóir a bheith ar bord i gcomhréir le hIarscríbhinn IV nó trí chóras faireacháin leictreonach formheasta.
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhailigh na breathnóirí nó an córas faireacháin leictreonach formheasta ón mbliain roimhe sin a thuairisciú do Rúnaíocht ICCAT agus do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh faoin 30 Aibreán agus na ceanglais rúndachta dá dtagraítear in Airteagal 72 á gcur san áireamh.
Airteagal 15
Tuinníní trópaiceacha a iascach in uiscí áirithe de chuid na Portaingéile
Beidh toirmeasc ar aon chainníocht de thuinníní trópaiceacha arna ngabháil le peaslíonta saighne in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Portaingéile i bhfolimistéar ICES X atá suite ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 36°30′ ó thuaidh nó i limistéir CECAF ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 31° ó thuaidh agus lastoir den líne domhanfhad 17°30′ thiar, beidh toirmeasc ar aon chainníochtaí de na tuinníní trópaiceacha sin a choinneáil ar bord, agus ar dhíriú ar speicis den chineál sin sna limistéir sin leis an trealamh sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.
Airteagal 16
Iascaireacht NNN a shainaithint
Má chuireann Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT an Coimisiún ar an eolas faoi shárú a d'fhéadfadh a bheith déanta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar Airteagal 7(2) nó Airteagal 14 (1) nó (2), cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát brataí lena mbaineann gan mhoill. Déanfaidh an Ballstát sin an cás a imscrúdú láithreach agus, má bhíonn an soitheach ag iascaireacht i gcomhar le nithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhbhailiúcháin éisc, lena n-áirítear FADanna, le linn na tréimhse coiscthe, iarrfaidh sé ar an soitheach scor den iascaireacht agus, más gá, an limistéar a fhágáil gan mhoill. Tuairisceoidh an Ballstát brataí lena mbaineann don Choimisiún gan mhoill faoi thorthaí a chuid imscrúduithe agus na bearta a rinneadh mar thoradh orthu. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Stát cósta agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT.
CAIBIDIL II
Tuinnín colgach
Airteagal 17
Srianta ar an líon soithí
Measfar gurb é a bheidh sa mheánlíon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag iascach tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh mar spriocspeiceas le linn na tréimhse 1993 go 1995, gurb é a bheidh ann an t-uaslíon soithí gabhála de chuid an Aontais a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
Airteagal 17a
Údaruithe sonracha le haghaidh soithí gabhála mórscála a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas
Airteagal 17b
Tearcúsáid agus barrachas thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas
Airteagal 17c
Taifead ar ghabhálacha thuinnín colgach an Atlantaigh Theas
Ballstáit bhrataí na soithí a dhéanann tuinnín colgach an Atlantaigh Theas a iascach, tuairisceoidh siad gabháil chruinn agus bhailíochtaithe thuinnín colgaca an Atlantaigh Theas do Rúnaíocht ICCAT mar chuid de shonraí Thascanna I agus II dá dtagraítear in Airteagal 50.
Airteagal 17d
Iascaigh áineasa le haghaidh thuinníní colgacha na Meánmhara
CAIBIDIL III
Colgáin
Airteagal 18
Pleananna bainistíochta le haghaidh cholgán an Atlantaigh Thuaidh
Na Ballstáit ar cionroinneadh cuóta orthu agus a ndéanann soithí dá gcuid iascaireacht ar cholgáin an Atlantaigh Thuaidh, cuirfidh siad a bplean bainistíochta faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.
Airteagal 18a
Údaruithe sonracha le haghaidh soithí gabhála mórscála a dhíríonn ar cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas
Airteagal 18b
Tearcúsáid cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas
Airteagal 19
Íosmhéid le haghaidh colgán an Atlantaigh Thuaidh
CAIBIDIL IV
Mairlín, colgán na ndealg, mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach
Airteagal 27
Mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach a ghabhtar beo a scaoileadh saor
Airteagal 28
Mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach a thabhairt i dtír de bhreis ar na deiseanna iascaireachta
Nuair atá a chuóta ídithe ag Ballstát, áiritheoidh an Ballstát sin nach ndíolfar agus nach gcuirfear ar an margadh mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha arna dtabhairt i dtír, ar mairlíní iad a bhí marbh tráth a tugadh isteach go taobh an tsoithigh iad. Ní bhainfear tabhairt i dtír dá leithéid de theorainneacha gabhála an Bhallstáit mar a leagtar amach iad ar bhonn theorainn an Aontais maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar síos i mír 2 de Mholadh ICCAT 19-05 iad, ar choinníoll go mínítear toirmeasc mar sin go soiléir sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo.
Airteagal 29
Iascach áineasa mairlín ghoirm, mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh
Airteagal 29a
Sonraí a bhailiú maidir le colgán na ndealg
Baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le gabhálacha cholgán na ndealg, lena n-áirítear ábhar muirí aischurtha atá beo agus marbh, agus tuairisceoidh siad na sonraí sin gach bliain mar chuid de thíolacadh sonraí Thascanna I agus II chun tacú leis an bpróiseas measúnaithe ar stoc.
Airteagal 29b
Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le mairlín, mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach
CAIBIDIL V
Siorcanna
Airteagal 30
Forálacha ginearálta
Airteagal 31
Craosairí (Lamna nasus)
Airteagal 32
Sionnaigh mhara mhórshúileacha (Alopias superciliosus)
Airteagal 33
Siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh (Isurus oxyrinchus)
Airteagal 33a
Siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas (Isurus oxyrinchus)
Airteagal 34
Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus)
Airteagal 35
Siorcanna ceann casúir
Airteagal 36
Síodsiorcanna (Carcharhinus falciformis)
Airteagal 36a
Sonraí a bhailiú maidir le siorcanna
Airteagal 37
Sampláil speiceas siorcanna arna déanamh ag breathnóirí eolaíochta agus daoine aonair údaraithe eile
De mhaolú ar an toirmeasc ar chraosairí, sionnaigh mhara mhórshúileacha, siorcanna bána aigéanacha, siorcanna ceann casúir (de phór Sphyrnidae, ach amháin Sphyrna tiburo) agus síodsiorcanna a choinneáil ar bord, mar a leagtar amach in Airteagail 31, 32, 34, 35 agus 36, beidh de chead ag breathnóirí eolaíochta, nó ag daoine aonair a mbeidh údarú faighte acu ó CPC, samplaí bitheolaíocha a bhailiú le linn oibríochtaí iascaireachta tráchtála ar na coinníollacha seo a leanas:
nach mbailítear samplaí bitheolaíocha ach ó ainmhithe atá marbh tráth a thugtar ar bord iad;
go nglactar na samplaí mar chuid de chreat tionscadail taighde a cuireadh in iúl do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh agus a forbraíodh agus na tosaíochtaí taighde a mhol an Coiste sin á gcur san áireamh. Ba cheart doiciméad mionsonraithe a bheith san áireamh leis an tionscadal taighde ina dtugtar tuairisc ar chuspóir an tionscadail, na modheolaíochtaí atá le húsáid, líon agus cineál na samplaí atá le bailiú agus am agus limistéar na samplála;
coinnítear na samplaí bitheolaíocha ar bord go dtí go dtugtar i dtír iad ag an gcalafort nó go dtí go dtrasloingsítear iad; agus
ní mór údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air nó, i gcás soithí cairtfhostaithe, údarú ó CPC cairtfhostaithe agus údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air, dul in éineacht le gach sampla arna bhailiú i gcomhréir leis an Airteagal seo go dtí an calafort deiridh a dtugtar éisc i dtír ann. Ní chuirfear na samplaí sin nó codanna eile d'eiseamail na siorcanna a samplaíodh ar an margadh ná ní dhíolfar iad.
CAIBIDIL VI
Éanlaith mhara
Airteagal 38
Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mharasa limistéar idir 20° ó Dheas agus 25° ó Dheas
Soithí spiléir atá ag díriú ar cholgáin trí úsáid a bhaint as trealamh spiléir aonfhiliméid, tá siad díolmhaithe ó cheanglais mhíreanna 1, 2 agus 3, faoi réir na coinníollacha seo a leanas:
cuirtear amach spiléir san oíche, agus déantar an oíche a shainmhíniú mar an tréimhse idir coineascar muirí agus camhaoir mhuirí dá dtagraítear san almanag loingseoireachta le haghaidh an limistéir iascaireachta i gceist; agus
úsáidtear íosmheáchan 60 g ar sclóin agus é suite laistigh de 3 mhéadar ón duán chun na rátaí suncála is fearr a bhaint amach.
Ballstáit brataí na soithí atá faoi réir an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad na torthaí eolaíocha a fuarthas mar gheall ar an gclúdach breathnóra ar na soithí sin in iúl don Choimisiún.
Airteagal 39
Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mhara sa limistéar ar an taobh ó dheas de 25° ó dheas
Úsáidfidh soithí spiléir dhá cheann ar a laghad de na bearta maolaithe seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais agus leis na treorlínte forlíontacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V:
líonta a chur san oíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá;
línte scanraithe éan;
meáchan a chur ar na línte.
Airteagal 40
Oibleagáidí tuairiscithe maidir le héanlaith mhara
CAIBIDIL VII
Turtair mhara
Airteagal 41
Forálacha ginearálta maidir le turtair mhara
Ceanglóidh na Ballstáit ar na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a bhíonn ag iascaireacht le spiléir éadomhain an méid seo a leanas a dhéanamh:
gan ach duáin mhóra chiorclacha a úsáid;
gan ach baoite éisc eite a úsáid; nó
bearta eile a úsáid a bhfuil athbhreithniú déanta orthu agus a mheas ICCAT a bheith éifeachtach agus a d’fhormheas ICCAT chun ráta idirghníomhaíochta na dturtar mara in iascaigh spiléir éadomhain a laghdú.
Déanfaidh na Ballstáit é seo a leanas:
a áirithiú go laghdófar na hidirghníomhaíochtaí le turtair mhara agus go gcuirfear deireadh leo a mhéid is féidir, i gcás inar doiciméadaíodh teagmháil le turtair mhara agus ina dtugtar tuairisc do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh ina leith, trí úsáid a bhaint as ceann amháin ar a laghad de na bearta maolaithe foghabhálacha seo a leanas nó trí leanúint dá n-úsáid:
cineálacha trealaimh mhalartacha nó nua agus mionathruithe trealaimh;
srianta iascaireachta amlimistéir agus tréimhsí coiscthe i gcásanna ina bhfuil riosca níos mó ann d’dirghníomhaíochtaí le turtair mhara;
marcáil éifeachtach trealamh eangaí statach lenar féidir le turtair mhara iad a bhrath, mar shampla, dathanna eangaí, frithchaiteoirí éighníomhacha éadroma, trastomhas sreangáin thiubha, coirc nó ábhair eile laistigh den líon a úsáid;
modhnuithe ar iompraíocht iascaireachta agus ar straitéis iascaireachta (e.g. laghdú ar an am maothaithe, etc.);
a cheangal ar shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:
ciorclú turtar mara a sheachaint a mhéid is féidir;
turtair mhara chiorclaithe nó atá i bhfostú a scaoileadh saor, lena n-áirítear turtair mhara atá i bhfostú ar FADanna, i gcás inarb indéanta; agus
a áirithiú go dtógtar FADanna a imscartar i gcomhréir le hIarscríbhinn X chun deireadh a chur go héifeachtach le rioscaí dul i bhfostú na dturtar mara;
gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor go sábháilte turtair mhara ar bhealach a uasmhéadóidh an dóchúlacht go dtiocfaidh siad slán tríd an méid seo a leanas a cheangal:
déanfaidh soithí peas-saighne agus soithí spiléireachta, agus cineálacha eile soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a úsáideann trealamh a d’fhéadfadh turtair mhara a chur i bhfostú, uirlisí bainte duáin, gearrthóirí dorú agus cliabhán ardaithe nó eangacha cochaill a iompar ar bord, de réir mar is iomchuí do gach cineál trealaimh agus atá i gcomhréir leis na “Cleachtais is Fearr maidir le turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor” de Threoirlínte FAO chun básmhaireacht na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta (2009) (“treoirlínte FAO”);
úsáideann úinéirí, oibreoirí agus baill de chriú na soithí dá dtagraítear i bpointe (i), chomh maith le haon bhreathnóirí ar bord, an trealamh dá dtagraítear sa phointe sin i gcomhréir leis na cleachtais um láimhseáil shabháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh turtair mhara in Iarscríbhinn VI, agus i gcomhréir le treoirlínte FAO;
go spreagfar úinéirí, oibreoirí agus baill de chriú na soithí dá dtagraítear i bpointe (i) dul faoi oiliúint ar úsáid an trealaimh dá dtagraítear sa phointe sin;
a cheangal ar a n-iascairí ar shoithí atá ag díriú ar speicis a chumhdaítear le Coinbhinsiún ICCAT aon turtar mara arna ghabháil agus atá i dtámhshuan nó neamhghníomhach a thabhairt ar bord, más indéanta, a luaithe is féidir agus a théarnamh a chothú, lena n-áirítear é a athbheochan, i gcomhréir le Roinn C d’Iarscríbhinn VI sula gcuirfear ar ais san uisce é;
a áirithiú go bhfuil iascairí ar an eolas faoi theicnící cuí maolaithe agus láimhseála, mar a chuirtear síos orthu in Iarscríbhinn VI, agus go n-úsáideann siad na teicnící sin.
D‘ainneoin na chéad fhomhíre, maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fhad ina n-iomláine, i gcás ina bhféadfadh imní urghnách a bheith ann maidir le sábháilteacht a fhágann nach féidir breathnóir a chur amach ar bord, féadfaidh Ballstát cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid lena mbaileofar sonraí atá coibhéiseach leis na sonraí sin a shonraítear sa Rialachán seo ar bhealach a áiritheoidh clúdach comparáideach. Aon bhealaí cur chuige malartacha a chuirfear chun feidhme de bhun na fomhíre seo, beidh siad faoi réir fhormheas ICCAT ag an gcruinniú bliantúil roimh a gcur chun feidhme.
Sa Mheánmhuir:
ní bheidh feidhm ag mír 2a;
beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 ón 1 Eanáir 2026.
Airteagal 42
Oibleagáidí tuairiscithe maidir le turtair mhara
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir le hidirbhearta a soitheach le turtair mhara in iascaigh ICCAT de réir an chineáil trealaimh a bhailiú agus a tharchur chuig an gCoimisiún, faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. San fhaisnéis sin beidh an méid seo a leanas:
rátaí gabhála, gnéithe trealaimh, amanna agus suíomhanna, spriocspeicis agus stádas aischuir (i.e. caite thar bord agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha);
miondealú maidir le hidirbhearta le speicis turtair mhara; agus
an dóigh ar gabhadh ar dhuán nó san eangach é (lena n-áirítear le FADanna), cineál baoite, méid agus cineál an duáin, agus méid an ainmhí.
TEIDEAL III
BEARTA RIALÁLA COITEANNA
CAIBIDIL I
Údaruithe
Airteagal 44
Taifead ICCAT ar shoithí iascaigh mórscála
Airteagal 44a
Córas um fhaireachán soithí
I gcás ina mbeidh feistí rianaithe suiteáilte in soithí iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feistí rianaithe na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu ag feidhmiú go buan agus go leanúnach agus go mbaileofar agus go dtarchuirfear an fhaisnéis chuig údaráis inniúla an Bhallstáit uair amháin gach uair an chloig ar a laghad i gcás soithí peas-saighne agus ar a laghad uair amháin gach 2 uair an chloig i gcás gach soithigh eile atá dírithe ar speicis ICCAT.
I gcás cliseadh teicniúil nó neamhoibriú an fheiste rianaithe atá feistithe ar bord soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, déanfar an feiste a dheisiú nó feiste eile a chur ina ionad a luaithe is féidir nó i gcás ar bith laistigh de 1 mhí amháin ó tharla an teagmhas, ach amháin mura bhfuil an soitheach á oibriú i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a thuilleadh. Ní chuirfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais tús le turas iascaireachta gan an feiste rianaithe a bheith deisithe nó feiste eile a bheith curtha ina ionad.
CAIBIDIL II
Cairtfhostú
Airteagal 45
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le socruithe um chairtfhostú, nach mbaineann le cairtfhostú lom, idir soithí gabhála de chuid an Aontais agus soithí gabhála de chuid CPCanna, i gcás nach ndéanann na soithí gabhála de chuid an Aontais lena mbaineann a mbratach a athrú.
Airteagal 46
Forálacha ginearálta
Ní bheidh de chead ag soithí gabhála de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach i socrú um chairtfhostú arna chur i gcrích i gcomhar le CPCanna ach mar shoithí cairtfhostaithe, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
beidh údarú iascaireachta ag na soithí cairtfhostaithe arna eisiúint ag CPC cairtfhostaithe agus ní bheidh siad ar liosta NNN ICCAT;
ní bheidh na soithí údaraithe iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná aon socrú amháin maidir le cairtfhostú ag an am céanna;
déanfar gabhálacha na soithí cairtfhostaithe a dhíluchtú go heisiach i gcalafoirt na CPCanna cairtfhostaithe, mura ndéantar fóráil ar bith eile ina leith sa socrú maidir le cairtfhostú; agus
bunófar an chuideachta chairtfhostaithe go dleathach sa CPC cairtfhostaithe.
Airteagal 47
Fógra a thabhairt
CAIBIDIL III
Gabhálacha a rialú
Airteagal 48
Cuótaí agus ceanglais maidir le híosmhéid a chomhlíonadh
Airteagal 49
Gabhálacha a shampláil
Airteagal 50
Fógra a thabhairt maidir le gabháil agus iarracht iascaireachta
Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc I) chuig an gCoimisiún:
faisnéis faoi thréithe a gcabhlaigh don bhliain roimhe sin;
meastacháin ar shonraí na gabhála bliantúla ainmniúla (lena n-áirítear de réir foghabhála agus sonraí faoi ábhar aischurtha) a bhaineann le speicis ICCAT don bhliain roimhe sin.
Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc II) maidir le speicis ICCAT chuig an gCoimisiún:
sonraí maidir le gabháil agus leis an iarracht iascaireachta don bhliain roimhe, ina dtugtar miondealú mionsonrach spásúil-ama; áireofar sna sonraí sin meastacháin ar ábhar aischurtha agus ábhar scaoilte agus stádas na n-iasc á léiriú orthu (marbh nó ina mbeatha);
léireofar aon sonraí atá acu faoi ghabhálacha in iascaigh áinleasa don bhliain roimhe.
CAIBIDIL IV
Trasloingsiú
Airteagal 51
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe seo a leanas:
oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin; agus
oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin, agus a gabhadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
Airteagal 52
Trasloingsiú i gcalafort
Airteagal 53
Trasloingsiú ar muir
Trasloingsiú ar muir a dhéanann soithí spiléir peiligeacha mórscála, déanfar é i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 60.
Airteagal 54
Taifead ICCAT ar shoithí iompair
Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:
Airteagal 55
Údarú do shoithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú a dhéanamh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT
Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaíocht ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:
Airteagal 56
Réamhúdarú le haghaidh trasloingsiú ar muir
Chun na réamhúdaruithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a fháil, ní mór do mháistir nó d'úinéir an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d'údaráis a Bhallstáit bhrataí agus don CPC cósta, ar a laghad 24 uair an chloig roimh an trasloingsiú atá beartaithe:
ainm an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála agus an uimhir atá air i dtaifid ICCAT ar na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir;
ainm an tsoithigh iompair agus an uimhir atá air i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair;
an táirge atá le trasloingsiú, de réir speicis, más eol sin, agus, más féidir, de réir stoic;
cainníochtaí speiceas ICCAT atá le trasloingsiú, más féidir, de réir stoic;
cainníochtaí speiceas eile a ghabhtar i gcomhar le speicis ICCAT atá le trasloingsiú speiceas ar speiceas, más eol sin;
dáta agus suíomh an trasloingsithe;
suíomh geografach na ngabhálacha de réir speicis agus, más iomchuí, de réir stoic, i gcomhréir le limistéir staidrimh ICCAT.
Airteagal 57
Dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú
Airteagal 58
Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir
Article 58a
Sláinte agus sábháilteacht na mbreathnóirí i gclár breathnóra réigiúnacha ICCAT le haghaidh trasloingsiú ar muir
I gcás soithí ar a mbeidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar bord, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach soitheach a bhfuil a mbratach ar foluain orthu sin feistithe leis an trealamh sábháilteachta iomchuí le haghaidh fad iomlán gach turais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
rafta tarrthála ina mbeidh toilleadh leordhóthanach le haghaidh gach duine ar bord agus ag a mbeidh deimhniú cigireachta a bheidh bailí ar feadh na tréimhse a bheidh an breathnóir ar bord an tsoithigh;
dóthain seaicéad tarrthála nó forchultacha sábháilteachta do gach duine ar bord, a chomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha; agus
rabhchán raidió lena léirítear suíomh éigeandála (EPRIB) a bheidh cláraithe i gceart agus trasfhreagróir cuardaigh agus tarrthála (SART) nach rachaidh in éag go dtí go dtiocfaidh deireadh le tréimhse an bhreathnóra ar bord an tsoithigh.
Airteagal 59
Oibleagáidí maidir le tuairisciú
Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu agus Ballstáit na soithí iompair a bhfuil trasloingsithe faighte acu le linn na bliana roimhe sin, cuirfidh siad an méid seo a leanas chuig an gCoimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain:
cainníochtaí ghabhálacha speicis ICCAT, de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;
cainníochtaí speiceas eile a gabhadh i gcomhar le speicis ICCAT, más eol sin, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;
liosta de na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu le linn na bliana roimhe;
tuarascáil chuimsitheach ina ndéantar measúnú ar inneachar agus ar chonclúidí thuarascálacha bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT ar sannadh soithí iompair dóibh, soithí a bhfuil trasloingsiú faighte acu ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála.
Airteagal 60
Comhsheasmhacht sonraí tuairiscithe
Ballstát brataí an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála atá ag gabháil do thrasloingsithe ar muir, déanfaidh sé an fhaisnéis arna fáil a athbhreithniú de bhun an Rialacháin seo chun an méid seo a leanas a mheas: an chomhsheasmhacht idir gabhálacha agus trasloingsithe tuairiscithe gach soithigh, agus an méid a thuairiscítear go dtugann gach soitheach i dtír, lena n-áirítear an méid a dhéantar i gcomhar leis an Stát ina dtugtar éisc i dtír más gá. Déanfar an fíorú sin ar dhóigh a áiritheoidh go mbeidh an oiread is lú den chur isteach nó den mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar díghrádú ar chaighdeán an éisc.
CAIBIDIL V
Cláir Breathnóirí Eolaíochta
Airteagal 61
Cláir breathnóirí eolaíochta intíre a bhunú
Bunóidh na Ballstáit cláir breathnóirí eolaíochta intíre chun an méid seo a leanas a áirithiú:
cumhdach breathnóra 5 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, peas-saighne, agus na hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite, gaistí, eangacha geolbhaigh agus trálaeir, agus sin dírithe ar speicis ICCAT;
maidir le soithí cairtfhostaithe, de mhaolú ar phointe (a), clúdach breathnóra de 10 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, pheaslíonta saighne agus bháid baoite;
maidir le hoibriú an chabhlaigh, go mbeidh clúdach ama agus spásúil ionadaíoch ann chun a áirithiú go ndéanfar sonraí leordhóthanacha iomchuí a bhailiú, agus tréithe na gcabhlach agus na n-iascach á gcur san áireamh;
go mbaileofar sonraí faoi gach gné den oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an ghabháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 63(1).
Déanfar céatadán an chumhdaigh breathnóra dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a ríomh mar seo a leanas:
maidir le hiascach peas-saighne, de réir líon na gcur nó líon na dturas;
maidir le hiascach spiléir peiligeach, de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur, nó líon na dturas;
maidir le hiascach ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite agus le gaistí, de réir laethanta iascaireachta;
maidir le hiascach ina ndéantar iascaireacht le heangacha geolbhaigh, de réir uaireanta iascaireachta nó laethanta iascaireachta; agus
maidir le hiascaigh a dhéantar le trálaeir, de réir gabhálacha iascaireachta nó laethanta iascaireachta.
Airteagal 62
Cáilíochtaí breathnóirí eolaíochta
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiliúint is gá curtha ar bhreathnóirí, go mbeidh na cáilíochtaí cuí acu agus go ndéanfar iad a fhormheas sula n-imscarfar iad. Beidh na cáilíochta seo a leanas ag breathnóirí:
eolas agus taithí leordhóthanach le bheith in ann speicis a shainaithint agus faisnéis a bhailiú maidir le cumraíochtaí éagsúla de threalamh iascaireachta;
eolas sásúil faoi bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT;
bheith in ann breathnú agus taifead cruinn a dhéanamh ar shonraí atá le bailiú faoin gclár;
bheith in ann samplaí bitheolaíocha a bhailiú;
gan a bheith ina bhall de chriú an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú; agus
gan a bheith ina fhostaí de chuideachta soithigh iascaireachta a bhfuil baint aige nó aici leis an iascach a bhfuiltear ag breathnú air.
Airteagal 63
Cúraimí breathnóirí eolaíocha
Cuirfidh gach Ballstát de cheangal ar bhreathnóirí na cúraimí seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:
faisnéis faoi ghníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a breathnaíodh a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:
bailiú sonraí, lena n-áirítear spriocghabháil iomlán, foghabháil agus ábhar muirí aischurtha (lena n-áirítear siorcanna, turtair mhara, mamaigh farraige agus éanlaith mhara) a chainníochtú, comhdhéanamh na méideanna a mheas agus a thomhas a oiread is indéanta, stádas diúscartha (i.e. ábhar coinnithe ar bord, aischurtha agus é marbh, nó scaoilte saor ina bheatha) agus bailiú samplaí bitheolaíocha le haghaidh staidéir saolréime (e.g. gónaid, otailití, dealga, lanna);
faisnéis maidir le na clibeanna uile a aimsíodh;
faisnéis maidir le hoibríocht iascaireachta, lena n-áirítear suíomh na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid, faisnéis faoi iarracht iascaireachta (e.g. líon na dtacar, líon na nduán), dáta gach oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, amanna tosaithe agus stoptha na gníomhaíochta iascaireachta, úsáid rudaí um chomhbhailiú éisc, lena n-áirítear FADanna, agus riocht ginearálta na n-ainmhithe a scaoiltear saor a bhaineann le rátaí marthanais (i.e. marbh nó beo, gortaithe);
breathnú agus taifead a dhéanamh ar úsáid na mbeart maolaithe chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus faisnéis ábhartha eile;
breathnú ar dhálaí comhshaoil agus iad a thuairisciú, a mhéid is féidir (e.g. staid na farraige, aeráid agus paraiméadair hidreolaíocha,);
breathnú ar FADanna agus iad a thuairisciú, i gcomhréir le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a glacadh faoin gclár ilbhliantúil um chaomhnú agus um bainistiú tuinnín trópaiceach; agus
aon chúraimí eolaíocha eile a dhéanamh mar a mhol Buanchoiste ICAAT um Thaighde agus um Staidreamh agus mar a chomhaontaigh an Coimisiún.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh breathnóirí an méid seo a leanas:
ní chuirfidh siad isteach ar threalamh leictreonach an tsoithigh;
beidh siad eolach ar nósanna imeachta práinne atá i bhfeidhm ar bord an tsoithigh, lena n-áirítear suíomh na raftaí tarrthála, na múchtóirí dóiteáin agus na bhfearas garchabhrach;
déanfaidh siad cumarsáid, de réir mar is gá, leis an máistir faoi shaincheisteanna agus cúraimí ábhartha an bhreathnóra;
ní chuirfidh siad bac ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ná ar ghnáthoibríochtaí an tsoithigh ná ní chuirfidh siad isteach orthu sin;
glacfaidh siad páirt i seisiúin faisnéisithe in éineacht leis na hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre atá freagrach as clár na mbreathnóirí a chur chun feidhme.
Máistir an tsoithigh ar chuige a shannfar an breathnóir, déanfaidh sé nó sí an méid seo a leanas:
rochtain iomchuí a cheadú ar an soitheach agus ar oibríochtaí an tsoithigh;
a cheadú don bhreathnóir na gcúraimí breathnóra a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
rochtain iomchuí a sholáthar ar threalamh an tsoithigh, ar an doiciméadacht (lena n-áirítear logleabhair leictreonacha agus pháipéir), agus ar an ngabháil;
cumarsáid a dhéanamh tráth ar bith le hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre;
a áirithiú go mbeidh rochtain ag an mbreathnóir ar an leictreonaic agus ar threalamh eile a bhaineann leis an iascaireacht, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
a áirithiú nach ndéanfaidh aon duine ar bord an tsoithigh a breathnaíodh crioscaíl le trealamh ná le doiciméadacht an bhreathnóra ná nach scriosfaidh sé nó sí trealamh ná doiciméadacht an bhreathnóra, nach gcuirfidh sé nó sí bac nó treampán ar an mbreathnóir nó nach ngníomhóidh sé nó sí ar bhealach eile a d’fhéadfadh cosc gan ghá a chur ar an mbreathnóir chúraimí breathnóra a dhéanamh;
cóiríocht a sholáthar, lena n-áirítear calú, bia agus áiseanna leordhóthanacha sláintíochta agus leighis, do na breathnóirí, a bheidh ar chomhchaighdeán le cóiríocht na n-oifigeach;
spás leordhóthanach a sholáthar ar an droichead nó sa teach píolóta don bhreathnóir chun cúraimí breathnóra a dhéanamh, chomh maith le spás ar an deic a bheidh leordhóthanach chun cúraimí breathnóra a dhéanamh.
Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:
ceanglóidh sé, i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbeidh breathnóir eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu agus speicis ICCAT á n-iascach acu;
déanfaidh sé maoirseacht ar shábháilteacht a chuid breathnóirí;
spreagfaidh sé a institiúid eolaíoch nó a údarás intíre, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, le comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eolaíocha nó le húdaráis intíre i mBallstáit nó in CPCanna eile chun tuarascálacha breathnóirí agus sonraí ó bhreathnóirí a mhalartú eatarthu;
soláthróidh sé faisnéis shonrach maidir le cur chun feidhme Mholadh ICCAT 16-14 ina thuarascáil bhliantúil lena húsáid ag an gCoimisiún agus ag an mBuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh, lena n-áireofar:
na mionsonraí maidir le struchtúr agus dearadh a gclár breathnóirí eolaíocha, lena n-áirítear, inter alia:
an líon soithí ar a ndéanfar faireachán, an leibhéal cumhdaigh a bhainfear amach de réir chineál an iascaigh agus de réir chineál an trealaimh, agus sonraí maidir leis an gcaoi a ndearnadh na leibhéil chumhdaigh sin a ríomh;
tar éis an fhaisnéis a thíolacadh den chéad uair a cheanglaítear faoi mhír (d)(i), athruithe ar struchtúr agus ar dhearadh a chlár breathnóirí a thuairisciú ina thuarascálacha bliantúla i gcás ina dtarlóidh na hathruithe sin, agus sa chás sin amháin; agus leanúint de bheith ag tuairisciú na faisnéise is gá de bhun phointe (d)(ii) don Choimisiún gach bliain;
gach bliain, agus úsáid á baint as na formáidí leictreonacha ainmnithe arna bhforbairt ag an mBuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh, tuairisceoidh sé don choiste sinfaisnéis arna bailiú trí chláir breathnóirí intíre lena húsáid ag an gCoimisiún, go háirithe le haghaidh an mheasúnaithe a dhéanfar ar an stoc agus chun críocha eolaíocha eile, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le ceanglais eile i leith tuairisciú sonraí agus atá comhsheasmhach le ceanglais rúndachta intíre;
áiritheoidh sé go gcuirfidh a chuid breathnóirí prótacail láidre maidir le bailiú sonraí chun feidhme, le linn dóibh a gcúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i gcrích, lena n-áirítear, de réir mar is gá agus is iomchuí, grianghrafadóireacht a úsáid.
Airteagal 64
Faisnéis arna bailiú a sheoladh
Seolfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bailíodh faoina gclár breathnóra eolaíochta intíre chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.
CAIBIDIL VI
Soithí iascaireachta tríú tír a rialú i gcalafoirt na mBallstát
Airteagal 65
Oibleagáidí tuairiscithe maidir le calafoirt ainmnithe agus pointí teagmhála
Na Ballstáit ar mian leo rochtain ar a gcuid calafort a thabhairt do shoithí tríú tír a bhfuil speicis ICCAT ar bord acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh speiceas nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafort, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
a gcuid calafort ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach iontu a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
pointe teagmhála a ainmniú chun críocha réamhfhógra a fháil de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;
pointe teagmhála a ainmniú chun críocha tuarascálacha cigireachta de chuid na gcalafort a tharchur de bhun Airteagal 66 den Rialachán seo.
Airteagal 66
Oibleagáidí tuairiscithe maidir le cigireachtaí calafoirt
CAIBIDIL VII
Forfheidhmiú
Airteagal 66a
Soithí a amharc
I gcás ina n-amharcfar soitheach de bhun mhír 1, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann (“an Ballstát amhairc”) fógra gan moill mhíchuí d’údaráis iomchuí Bhallstát brataí an tsoithigh a amharcadh, CPC brataí an tsoithigh a amharcadh nó pháirtí comhoibritheach neamhchonarthach brataí an tsoithigh a amharcadh agus soláthróidh sé aon íomhá thaifeadta den soitheach dóibh, agus:
i gcás ina mbeidh bratach Ballstáit ar foluain ar an soitheach a amharcadh, déanfaidh an Ballstát brataí, gan moill mhíchuí, gníomhaíocht iomchuí i ndáil leis an soitheach lena mbaineann; an Ballstát amhairc agus Ballstát brataí an tsoithigh a amharcadh, soláthróidh siad araon faisnéis maidir leis an amharc don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), lena n-áirítear sonraí i dtaca le haon ghníomhaíocht leantach a dhéanfar;
i gcás ina mbeidh bratach CPC eile, bratach pháirtí comhoibritheach neamhchonarthach brataí eile nó bratach neamhchinntithe ar foluain ar an soitheach a amharcadh nó i gcás nach mbeidh náisiúntacht aici soláthróidh an Ballstát amhairc gach faisnéis iomchuí a bhaineann leis an amharc don Choimisiún agus do EFCA, gan moill mhíchuí; tabharfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis amhairc do Rúnaíocht ICCAT.
Airteagal 67
Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag na Ballstáit
Airteagal 68
Dréachtliosta NNN ICCAT
Déanfaidh na Ballstáit monatóireacht ghéar ar na soithí a áirítear i ndréachtliosta NNN de chuid ICCAT arna scaipeadh ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT, chun gníomhaíochtaí agus athruithe féideartha ainmneacha, brataí nó úinéara cláraithe na soithí sin a chinneadh.
Airteagal 69
Neamhchomhlíontachtaí líomhnaithe arna dtuairisciú ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT
Airteagal 69a
Soithí NNN
Áiritheoidh na Ballstáit nach n-údarófar do shoithí atá san áireamh ar liosta NNN ICCAT tabhairt i dtír, trasloingsiú, athbhreoslú, athsholáthar ná gabháil d’idirbhearta tráchtála eile.
Airteagal 70
Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag CPC
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 71
Tuarascáil bhliantúil
Airteagal 72
Rúndacht
Na sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear laistigh de chreat an Rialacháin seo, caithfear leo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 73
An nós imeachta i gcomhair leasuithe
I gcás inar gá d'fhonn leasuithe ar mholtaí ICCAT atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ar leasuithe iad a bheidh ceangailteach ar an Aontas, a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar mholtaí ICCAT, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun an méid seo a leanas a leasú:
Iarscríbhinní I go X;
na teorainneacha acmhainneachta maidir le tuinníní trópaiceacha faoi Airteagal 5a a bhaineann le pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta a thuairisciú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin, chomh maith leis an líon soithí tacaíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin;
na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 7(1), Airteagal 8, Airteagal 9(1), Airteagal 14(1), Airteagal 18, Airteagal 20(2), (3), agus (4), Airteagal 22(2), Airteagal 23(1) agus (2), Airteagal 26(1) agus (3), Airteagal 40(1), Airteagal 42(1), Airteagal 44(3), Airteagal 47(2), Airteagal 48(1) agus (2), Airteagal 50(1) agus (2), Airteagal 56(3), Airteagal 57(1), (2) agus (3), Airteagal 59(1) agus (2), Airteagal 64, Airteagal 65(2), Airteagal 66(1) agus (2), Airteagal 67(1) agus (2), Airteagal 69(2), Airteagal 70(2), (3) agus (5), agus Airteagal 71(1);
tabhairt anonn bhliantúil an tuinnín mhórshúiligh faoi Airteagal 8a;
na ceanglais le haghaidh FADanna faoi Airteagal 10(1) agus (2);
na tagairtí do mholtaí ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 10(2), Airteagal 28, Airteagal 27(3), Airteagal 29b(2) agus (3), Airteagal 36a(2), Airteagal 58a(2) agus (4), Airteagal 63(4), pointe (d), agus Airteagal 66a(2);
an cumhdach breathnóra íosta faoi Airteagal 14(2);
na srianta ar an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh faoi Airteagal 17;
tabhairt anonn bhliantúil thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas faoi Airteagal 17b;
pleananna bainistíochta um cholgán an Atlantaigh Thuaidh faoi Airteagal 18;
tabhairt anonn bhliantúil cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas faoi Airteagal 18b;
na híosmhéideanna a leagtar síos ina Airteagal 19(1) agus (2), Airteagal 24(2), agus Airteagal 29(2) agus (3);
na lamháltais a leagtar síos in Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 21 agus Airteagal 24(3);
na sonraíochtaí teicniúla maidir le duáin agus spiléir a leagtar síos in Airteagal 25 agus i bpointe (b) d'Airteagal 38(5);
an clúdach breathnóirí eolaíochta a leagtar síos in Airteagal 29(1), agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 61(1);
an cineál faisnéise agus sonraí a leagtar síos in Airteagail 11(1), (2) agus (3), Airteagal 12, Airteagal 20(2), Airteagal 26(1) agus Airteagal 42(1), Airteagal 50(1) agus (2) agus Airteagal 54(4), Airteagal 55(4), Airteagal 56(3) agus Airteagal 59(1);
an líon uasta baoithe uirlise a leagtar síos in Airteagal 9(4);
na ceanglais chun go dtiocfaidh a oiread turtar mara agus is féidir slán faoi Airteagal 41;
tomhas chéatadán an ríomha faoi Airteagal 61(2).
Airteagal 74
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 75
Nós Imeachta Coiste
Airteagal 76
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001
I Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, scriostar Airteagail 4, 5, 6, 6a, 7, 8a, 8b, 8c, 9, 9a agus 10 go 19.
Airteagal 77
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 mar a leanas:
in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
“(g) |
soitheach iascaireachta mórscála : soitheach iascaireachta a bhfuil fad 20 méadar ann san iomlán nó níos mó; |
(h) |
soitheach spiléir peiligeach mórscála : soitheach spiléir peiligeach a bhfuil fad 24 mhéadar ann san iomlán nó níos mó.”; |
in Airteagal 4(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(c) más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní ghlacfar leis sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;
in Airteagal 5(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(c) más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní bhailíochtófar sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;
i gCaibidil 2, cuirtear an Roinn seo a leanas leis:
Ceanglais do na Ballstáit maidir le táirgí trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT
Airteagal 7a
Doiciméid agus tuairisciú staidrimh
Airteagal 78
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007
I Rialachán (CE) Uimh. 520/2007, déantar Airteagal 4(1), Teideal II agus Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a scriosadh.
Airteagal 79
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
SPEICIS ICCAT
Fine |
An t-ainm Laidine |
An t-ainm Gaeilge |
Scombridae |
Acanthocybium solandri |
an Wahoo |
Allothunnus fallai |
an Tuinnín caol |
|
Auxis rochei |
an Tuinnín piléir |
|
Auxis thazard |
an Tuinnín frigéid |
|
Euthynnus alletteratus |
an Tuinnín beag |
|
Gasterochisma melampus |
Rí-iasc féileacáin |
|
Katsuwonus pelamis |
Boiníotó aigéanach |
|
Orcynopsis unicolor |
an Boiníotó aondathach |
|
Sarda sarda |
an Boiníotó Atlantach |
|
Scomberomorus brasiliensis |
an Ronnach buí Brasaíleach |
|
Scomberomorus cavalla |
an Rí-ronnach |
|
Scomberomorus maculatus |
an Ronnach buí Atlantach |
|
Scomberomorus regalis |
an Ronnach rí-úil |
|
Scomberomorus tritor |
Ronnach buí na hAfraice Thiar |
|
Thunnus alalunga |
an Tuinnín colgach |
|
Thunnus albacares |
an Tuinnín buí |
|
Thunnus atlanticus |
an Tuinnín dubheite |
|
Thunnus maccoyii |
an Tuinnín gorm deisceartach |
|
Thunnus obesus |
an Tuinnín mórshúileach |
|
Thunnus thynnus |
an Tuinnín gorm |
|
Istiophoridae |
Istiophorus albicans |
Colgán na ndealg Atlantach |
Makaira indica |
an Mairlín dubh |
|
Makaira nigricans |
An Mairlín gorm Atlantach |
|
Tetrapturus albidus |
an Mairlín geal Atlantach |
|
Tetrapturus belone |
Mairlín meánmhuirí |
|
Tetrapturus georgii |
Mairlín cruinnghainneach |
|
Tetrapturus pfluegeri |
Mairlín gobfhada |
|
Xiphiidae |
Xiphias gladius |
an Colgán |
Alopiidae |
Alopias superciliosus |
an Siorc súisteála mórshúileach |
Alopias vulpinus |
an Siorc súisteála |
|
Carcharhinidae |
Carcharhinus falciformis |
an Síodsiorc |
Carcharhinus galapagensis |
Siorc Oileáin Galapagos |
|
Carcharhinus longimanus |
an Siorc bán aigéanach |
|
Prionace glauca |
an Siorc gorm |
|
Lamnidae |
Carcharodon carcharias |
an Siorc bán mór |
Isurus oxyrinchus |
an Mácó biorshrónach |
|
Isurus paucus |
Siorc mácó fadeiteach |
|
Lamna nasus |
an Craosaire |
|
Sphyrnidae |
Sphyrna lewini |
an Ceann casúir scolbach |
Sphyrna mokarran |
an Siorc ceann casúir |
|
Sphyrna zygaena |
an Ceann casúir coiteann |
|
Rhincodontidae |
Rhincodon typus |
an Míolsiorc |
Pseudocarchariidae |
Pseudocarcharias kamoharai |
an Siorc crogallach |
Cetorhinidae |
Cetorhinus maximus |
an Liamhán gréine |
Dasyatidae |
Pteroplatytrygon violacea |
Roc peiligeach an gha nimhe |
Mobulidae |
Manta alfredi |
N/A (1) |
Manta birostris |
Roc na caille |
|
Mobula hypostoma |
an Diabhalroc Atlantach |
|
Mobula japonica |
N/A (1) |
|
Mobula mobular |
Roc an diabhail |
|
Mobula tarapacana |
an Diabhalroc Sileach |
|
Mobula thurstoni |
an Roc mínearrach |
|
(1)
Níl gnáthainm ar fáil. |
IARSCRÍBHINN II
TREOIRLÍNTE MAIDIR LE PLEANANNA BAINISTÍOCHTA I NDÁIL LE FEISTÍ UM CHOMHBHAILIÚ ÉISC (FAD) A ULLMHÚ
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith mar chuid den phlean bainistíochta FAD maidir le cabhlaigh pheaslíonta saighne CPC agus cabhlaigh bád baoite CPC:
Tuairisc
Cineálacha FAD: AFAD = ar ancaire; DFAD = a imíonn le sruth
Cineálacha rabhcháin/baoi
An líon uasta FAD a dhéanfar a imscaradh in aghaidh an pheaslín saighne agus in aghaidh an chineáil FAD
An fad íosta idir AFADanna
Beartas um fhoghabhálacha a laghdú agus a úsáid
Idirghníomhaíocht le cineálacha eile trealaimh a chur san áireamh
Ráiteas nó beartas maidir le “húinéireacht FAD”
Socruithe institiúideacha
Freagrachtaí institiúideacha maidir leis an bplean bainistíochta FAD
Próisis iarratais maidir le formheas a iarraidh ar imscaradh FAD
Oibleagáidí úinéirí agus máistrí soithí i dtaca le FAD a imscaradh agus a úsáid
Beartas maidir le hathsholáthar FAD
Oibleagáidí breise tuairiscithe thar an Rialachán seo
Beartas maidir le réiteach coinbhleachtaí i dtaca le FADanna
Mionsonraí maidir le limistéir nó tréimhsí atá iata, mar shampla uiscí teorann, lánaí loingseoireachta, gaireacht d'iascaigh ar mhionscála, etc.
Sonraíochtaí agus ceanglais maidir le tógáil FAD
Tréithe dearaidh FAD (tuairisc)
Ceanglais soilsiúcháin
Frithchaiteoirí radair
Fad infheicthe
Marcanna agus aitheantóir FAD
Marcanna agus aitheantóir baoithe raidió (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)
Marcanna agus aitheantóir baoithe sondálaí fuaime (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)
Trasghlacadóirí satailíte
Taighde a dhéantar ar FADanna in-bhithdhíghrádaithe
Cailliúint nó tréigean FADanna a chosc
Aisghabháil FADanna a bhainistiú.
Tréimhse infheidhme an phlean bainistíochta FAD
Modhanna chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean bainistíochta FAD
IARSCRÍBHINN III
LIOSTA DE FADANNA IMSCARTHA AR BHONN RÁITHIÚIL
Aitheantóir FAD |
Cineálacha FAD agus trealaimh leictreonaigh |
Tréithe dearaidh FAD |
Breathnóireacht |
|||||
Marcáil FAD |
Rabhchán atá gaolmhar Aitheantas |
Cineál FAD |
Cineál an rabhcháin atá gaolmhar agus/nó gléasanna leictreonacha |
Páirt den FAD a bhíonn ar snámh |
Struchtúr den FAD a bhíonn ar crochadh faoi uisce |
|||
Toisí |
Ábhair |
Toisí |
Ábhair |
|||||
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
… |
(1)
Má tá an mharcáil FAD agus na sonraí aitheantais ón rabhchán atá gaolmhar leis in easnamh nó doléite, luaigh é sin agus soláthair an fhaisnéis ar fad atá ar fáil, faisnéis a bheadh ina cabhair chun úinéir an FAD a aithint.
(2)
FAD ar ancaire, FAD nadúrtha a imíonn le sruth nó FAD saorga a imíonn le sruth.
(3)
Mar shampla, GPS, sondálaí, etc. Mura bhfuil gléas leictreonach bainteach leis an FAD, déan nóta de go bhfuil an trealamh in easnamh.
(4)
Mar shampla, leithead, fad, airde, doimhneacht, mogallmhéideanna, etc.
(5)
Luaigh cén t-ábhar atá sa struchtúr agus sa chumhdach agus an bhfuil an t-ábhar in-bhithdhíghrádaithe.
(6)
Mar shampla, líonta, rópaí, duilleoga pailme, etc. agus luaigh freisin gnéithe fostúcháin agus/nó in-bhithdhíghrádaithe an ábhair.
(7)
Déanfar na sonraíochtaí soilsiúcháin, na frithchaiteoirí radair agus na faid infheicthe a thuairisciú sa roinn seo. |
IARSCRÍBHINN IV
NA CEANGLAIS MAIDIR LE CLÁR BREATHNÓIRÍ I DTACA LE SOITHÍ ATÁ AG IASCAIREACHT LE HAGHAIDH TUINNÍNÍ TRÓPAICEACHA SNA LIMISTÉIR GHEOGRAFACHA LE LINN AN IAIMH AMA AGUS LIMISTÉIR
1. Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:
2. Ní bheidh na breathnóirí ina mbaill de chriú an tsoithigh iascaireachta a bhfuil breathnóireacht á déanamh air agus:
beidh siad ina náisiúnaigh de cheann amháin de na tíortha CPC;
beidh siad in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 3 a dhéanamh;
ní bheidh aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha acu in iascach an tuinnín ghoirm.
Dualgais bhreathnóra
3. Seo a leanas, go háirithe, na dualgais a bheidh le déanamh ag an mbreathnóir:
déanfaidh sé faireachán ar a mhéid a chomhlíonann na soithí iascaireachta na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT.
Go háirithe, déanfaidh na breathnóirí an méid seo a leanas:
taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar;
breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;
soithí a aimsiú a d'fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;
suíomh an tsoithigh agus é i mbun gníomhaíocht gabhála a fhíorú;
obair eolaíochta amhail sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ó ICCAT, ar bhonn na dtreoracha ó Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh;
agus aird chuí á tabhairt acu ar a sábháilteacht féin, déanfaidh siad tuairisciú gan mhoill ar aon ghníomhaíocht iascaireachta atá bainteach le FADanna a dhéanann soitheach sa limistéar agus le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11;
cuirfidh siad tuarascálacha ginearálta i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe 3 seo agus deis a thabhairt don mháistir aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin.
4. Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus trasloingsithe na soithí iascaireachta mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh siad leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena gceapachán mar bhreathnóirí.
5. Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.
6. Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon leis na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.
Oibleagáidí na mBallstát brataí
7. I measc na bhfreagrachtaí maidir le breathnóirí na mBallstát brataí de na soithí iascaireachta agus a máistrí, áireofar, go háirithe, an méid seo a leanas:
beidh cead rochtana ag na breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh agus ar an bhfearas agus an trealamh;
tabharfar cead rochtana freisin do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 3 a éascú:
trealamh loingseoireachta satailíte;
scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;
modhanna leictreonacha cumarsáide;
cuirfear cóiríocht ar fáil do na breathnóirí, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh;
cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do na breathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh; agus
áiritheoidh an Ballstát brataí nach gcuirfidh máistrí, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.
IARSCRÍBHINN V
ÍOSCHAIGHDEÁIN THEICNIÚLA MAIDIR LE BEARTA MAOLAITHE
Beart maolaithe |
Tuairisc |
Sonraíochtaí |
Doruithe a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá |
Gan doruithe a chur idir camhaoir agus coineascar muirí. Gan ach a laghad is gá de shoilsiú deice a bheith ann |
Déantar coineascar muirí agus camhaoir mhuirí a shainmhíniú faoi mar a leagtar amach iad i dtáblaí an Almanaig Loingseoireachta maidir leis an domhanleithead, am áitiúil agus dáta ábhartha. Níor cheart don soilsiú íosta deice na híoschaighdeáin sábháilteachta agus loingseoireachta a shárú. |
Línte scanraithe éan |
Déanfar línte scanraithe éan a imscaradh nuair atá trealamh spiléir in úsáid chun an ruaig a chur ar éin ó theacht i ngiorracht don snúda |
I gcás soithí atá níos faide ná nó cothrom le 35 m: — is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh. Moltar do na soithí an dara cuaille agus an dara líne scanraithe éan a úsáid, más indéanta, tráth a bhíonn cuid mhór éan ann nó cuid mhór gníomhaíochta éan ann; is ceart an dá líne scanraithe éan a imscaradh an tráth céanna, ceann ar gach taobh den dorú atá á chur; — caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 100 m; — is ceart úsáid a bhaint as sraoilleáin fhada atá sách fada le go sínfeadh siad chomh fada le barr na farraige agus í ina calm; — ní mór gan na sraoilleáin fhada a bheith níos faide ná 5 m óna chéile. I gcás soithí atá níos giorra na 35 m: — is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh; — caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 75 m; — is gá sraoilleáin atá fada agus/nó gearr (ach níos faide ná 1 m ar fad) a úsáid agus iad a bheith ceangailte den líne mar seo a leanas: — — Gearr: gan de bhearna níos faide ná 2 m a bheith eatarthu. — Fada: gan de bhearna níos faide ná 5 m a bheith eatarthu den chéad 55 m de líne scanraithe éan. Gheofar treoirlínte breise maidir le dearadh agus imscaradh línte scanraithe éan sna Treoirlínte Forlíontacha maidir le Dearadh agus Imscaradh línte scanraithe éan anseo thíos. |
|
Meáchain líne a chur ar an snúda sula gcuirfear san uisce é |
Níos mó ná 45 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 1 m ón duán; nó Níos mó ná 60 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 3,5 m ón duán; nó Níos mó ná 98 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 4 m ón duán. |
TREOIRLÍNTE FORLÍONTACHA MAIDIR LE DEARADH AGUS IMSCARADH LÍNTE SCANRAITHE ÉAN
Brollach
Tá teacht ar íoschaighdeáin theicniúla maidir le himscaradh línte scanraithe éan sa Tábla thuas. Tá na treoirlínte forlíontacha seo ceaptha chun cuidiú le rialacháin maidir le línte scanraithe éan i gcás soithí spiléir a ullmhú agus a chur chun feidhme. D'ainneoin go bhfuil na treoirlínte seo sách soiléir, moltar éifeachtúlacht na línte scanraithe éan a fheabhsú trí thástáil a dhéanamh laistigh de cheanglais an Tábla thuas. Cuirtear san áireamh sna treoirlínte athróga comhshaoil agus oibríochtúla, ina measc dálaí aimsire mar aon leis an luas lena gcuirtear amach na línte iascaireachta agus méid na loinge, ar fachtóirí iad uile a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht agus ar dhearadh na línte scanraithe le baoití a chosaint ar éin. D'fhonn na hathróga sin a chur san áireamh féadfaidh athrú teacht ar dhearadh na línte scanraithe éan agus ar an úsáid a bhaintear astu ar choinníoll nach ndéanfar dochar d'fheidhmíocht na líne. Tá sé beartaithe feabhas leanúnach a chur ar dhearadh na línte scanraithe éan agus, dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte seo amach anseo.
Dearadh na línte scanraithe éan
1. Gléas tarraingthe iomchuí ar an gcuid sin den líne scanraithe éan atá san uisce, féadfaidh gléas den chineál sin fairsinge aeir na líne a fheabhsú.
2. Ba cheart go mbeadh an chuid sin den líne atá os cionn an uisce sách éadrom chun nach bhféadfadh na héin a gluaiseachtaí a thuar nó nach rachadh siad i dtaithí uirthi agus ba cheart go mbeadh an líne sách trom chun nach gcuirfeadh an ghaoth dá treo í.
3. Is fearr an líne a cheangal den soitheach le sclóin láidir bhairille chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin.
4. Ba cheart go mbeadh na sraoilleáin déanta as ábhar atá feiceálach agus a bhogann go beoga ar bhealach nach féidir a thuar (mar shampla, líne fhíneálta láidir atá cumhdaithe le feadánra polúireatáin dearg) atá ar crochadh ó sclóin láidir trí bhealach (chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin) agus iad ceangailte den líne scanraithe éan.
5. Ba cheart dhá dhual nó níos mó a bheith i ngach sraoilleán.
6. Ba cheart go mbeifí in ann an sraoilleán a bhaint trí bhíthin fáiscín sa chaoi gur éifeachtúla stuáil na líne.
Línte scanraithe éan a imscaradh
1. Ba cheart an líne a bheith ar crochadh ó chuaille atá feistithe den soitheach. Ba cheart an cuaille scanraithe éan a shocrú chomh hard agus is féidir sa chaoi go ndéanfadh an líne baoití a bhfuil fad maith idir iad agus cúl an tsoithigh a chosaint agus nach rachadh sí i bhfostú sa trealamh iascaireachta. Dá airde an cuaille is fearr an chosaint baoití. Mar shampla, thabharfadh cuaille atá tuairim agus 7 méadar os cionn na huiscelíne thart ar 100 méadar de chosaint baoití.
2. Mura bhfuil ach líne amháin scanraithe éan in úsáid ag soithí, is ceart í a chur taobh na gaoithe de bhaoití báite. Má chuirtear amach duáin bhaoiteáilte taobh amuigh den mharbhshruth, is ceart pointe ceangail na líne scanraithe éan den soitheach a bheith suite roinnt méadar taobh amuigh de thaobh an tsoithigh ar a ndéantar na baoití a imscaradh. Má tá dhá líne scanraithe éan in úsáid ag soithí, ní mór na duáin bhaoiteáilte a imscaradh taobh istigh den limistéar idir an dá líne scanraithe éan.
3. Moltar go ndéanfar iliomad línte scanraithe éan a imscaradh chun cosaint bhreise ar éin a thabhairt do bhaoití.
4. Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ba cheart línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus le cinntiú gur féidir leanúint d'oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh. Is féidir scaoilteán a bheith mar chuid den líne scanraithe éan chun fadhbanna sábháilteachta agus oibríochtúla a laghdú sa chás go dtéann snámhán spiléir in achrann nó i bhfostú i bhfairsinge uisce na líne scanraithe éan.
5. Nuair a bhíonn meaisín caite amach baoití (BCM) in úsáid ag iascairí, ní mór dóibh a áirithiú go ndéantar comhordú ar na línte scanraithe éan agus an meaisín trína áirithiú go mbíonn teilgean BCM go díreach faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan. Agus BCM (nó BCManna iomadúla) in úsáid a chaitheann amach baoití ar clébhord agus ar deasbhord, ba cheart dhá líne scanraithe éan a úsáid.
6. Nuair a bhíonn an snúda á chaitheamh amach de lámh, ní mór do na hiascairí a áirithiú go gcaitear amach na duáin bhaoiteáilte agus na codanna corntha den snúda faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan agus go seachnaítear an tsuaiteacht liáin a mhoilleodh an ráta suncála.
7. Moltar d'iascairí crainn tochrais láimhe, leictreacha nó hiodrálacha a shuiteáil chun imscaradh agus aisghabháil na línte scanraithe éan a éascú.
IARSCRÍBHINN VI
Cleactais um láimhseáil shabháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh turtair mhara
A. Láimhseáil shabháilte agus scaoileadh sábháilte peas-saighne
1. Aon uair a amharctar turtar mara san eangach, déanfar gach iarracht réasúnach an turtar mara a tharrtháil sula rachaidh sé i bhfostú san eangach.
2. Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, ná a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce.
3. Má bhíonn turtar mara i bhfostú le linn rollála lín, stopfar an rolláil lín a luaithe a thiocfaidh an turtar as an uisce; déanfar an eangach a bhaint den turtar gan é a ghortú sula n-atosófar ar an rolláil lín.
4. Más rud é, d’ainneoin na mbeart a rinneadh, go ndéantar turtar mara a thabhairt de thaisme ar bord an tsoithigh agus é beo agus gníomhach, nó marbh, scaoilfear saor an turtar mara chomh tapa agus is féidir.
5. Má thugtar turtar mara ar bord an tsoithigh agus má tá sé i dtámhshuan nó neamhghníomhach, déanfar iarracht ar athbheochan i gcomhréir le Roinn C.
B. Láimhseáil shabháilte agus scaoileadh sábháilte an tsoithigh spiléir
1. Nuair is indéanta, agus má tá an t-oibreoir nó baill den chriú ar bord oilte go cuí, tabharfar turtair mhara i dtámhshuan ar bord láithreach.
2. Tar éis turtar mara a amharc, cuirfear moill ar luas an tsoithigh agus an ríl eangaí agus déanfar treo an tsoithigh a choigeartú chun bogadh i dtreo an turtair mhara, agus an teannas ar an líne a laghdú a oiread is féidir.
3. Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, ná a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce.
4. Má tá turtar mara rómhór nó má tá duán ann sa chaoi nach féidir bordáil go sábháilte gan damáiste breise a dhéanamh don turtar mara nó é a ghortú tuilleadh, úsáidfear bearrthóirí eangaí chun an líne a ghearradh agus an oiread líne agus is féidir a bhaint sula scaoilfear an turtar mara.
5. Má bhreathnaítear go bhfuil duán sa turtar mara nó go bhfuil sé á chur i bhfostú ag trealamh spiléireachta le linn oibríochtaí tarlaithe, scoirfidh oibreoir an tsoithigh d’oibríochtaí tarlaithe láithreach go dtí go mbainfear an turtar mara den trealamh spiléireachta nó go dtí go dtabharfar ar bord an tsoithigh é.
6. Má bheidh duán seachtrach sa turtar mara nó duán atá go hiomlán infheicthe, bainfear an duán den turtair mhara chomh tapa agus chomh cúramach agus is féidir. Mura féidir duán a bhaint de thurtar mara (e.g. ionghafa nó ar díon béil), gearrfar an líne chomh gar agus is féidir don duán.
7. Déanfar turtair mhara bheo a chur ar ais san fharraige tar éis iad a láimhseáil mar seo a leanas:
inneall an tsoithigh a chur sa ghiar neodrach ionas go mbeidh an lián dícheangailte agus go stopfar an soitheach, agus an turtar mara a scaoileadh saor ón bhfearas atá imscartha; agus
a thabhairt faoi deara go bhfuil an turtar mara i bhfad go leor ón soitheach sula rachfar i mbun an liáin agus sula leanfaidh sé ar aghaidh.
8. Má thugtar an turtar mara ar bord an tsoithigh atá i dtámhshuan nó neamhghníomhach, déanfar iarracht ar athbheochan i gcomhréir le Roinn C.
C. Turtar mara ar bord a athbheochan
1. Agus turtar mara á láimhseáil, déanfar iarracht an t-ainmhí a choinneáil ag an mblaosc, gan teagmhaigh le réigiún an chinn agus an mhuiníl, agus na lapaí.
2. Déanfar iarracht aon earraí coimhthíocha a bhaint agus/nó a fhuascail den turtar mara, mar shampla aon earraí plaisteacha, líontán, nó duáin leabaithe, etc.
3. Cuirfear an turtar mara ar a bhlaosc íochtar (plastrón) ionas go mbeidh an turtar mara ag seasamh mar is ceart, leithlisithe go sábháilte agus doghluaiste ar dhromchla stuáilte, mar shampla bonn gluaisteán gan imeall, cúisín bád, nó corna rópa. Is é príomhchuspóir an dromchla stuáilte an turtar mara a ardú ón deic chun cabhrú le srian a chur air. A ceathrúna deiridh a ardú ar a laghad 6 orlach (15 cm) ar feadh tréimhse 4 uair an chloig go 24 uair an chloig. Braitheann a airde sin ar mhéid an turtair; tá arduithe níos mó ag teastáil le haghaidh turtair mhara níos mó. Go tréimhsiúil, déan an turtar farraige a luascadh go réidh ó chlé go deas agus ó dheas go clé trí ghreim a choinneáil ar imeall seachtrach na blaoisce (carapás) agus taobh amháin a ardú thart ar 3 orlach (8 cm), ansin déan an rud céanna ar an taobh eile. Déan teagmháil go réidh leis an tsúil agus bain pinse as an eireaball (tástáil frithluaile) go tréimhsiúil chun a fháil amach an bhfuil freagairt ann.
4. Déanfar turtair mhara atá á n-athbheochan a chur faoi scáth agus a choinneáil tais ach ní dhéanfar iad a chur i gcoimeádán uisce ar chúinse ar bith. Is é tuáille uisciúil, a chuirtear thar an ceann, a charapás, agus a lapaí an modh is éifeachtaí chun turtar mara a choinneáil tais.
5. Turtair mhara a athbheoitear agus a thagann chun bheith gníomhach, ní scaoilfear saor iad thar phosta an bháid ach amháin nuair nach bhfuil trealamh iascaireachta in úsáid (i.e. nach bhfuil sé á chur ná á tharraingt go gníomhach), nuair atá giaranna an innill sa ghiar neodrach, agus i limistéir nach dócha go ndéanfaidh soithí iad a athghabháil ná a ghortú.
6. Turtair mhara nach bhfreagraíonn don tástáil frithluaile nó nach ngluaiseann laistigh de 4 uair an chloig (suas le 24 uair an chloig, más féidir), cuirfear ar ais san uisce iad ar an mbealach céanna leis an turtair mhara atá ag gluaiseacht go gníomhach.
IARSCRÍBHINN VII
TRASLOINGSIÚ I GCALAFORT
1. |
Nuair a dhéantar trasloingsiú i gcalafort ar shoithí ón Aontas nó i gcalafoirt an Aontais ar thuinnín nó ar speicis atá cosúil le tuinnín agus ar aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT, leanfar na nósanna imeachta seo a leanas: Oibleagáidí i dtaobh fógra a thabhairt 2. Soitheach iascaireachta
3. Soitheach glactha
Comhar idir an calafort agus an Stát tabhartha i dtír
Tuairisciú
|
IARSCRÍBHINN VIII
CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT MAIDIR LE TRASLOINGSIÚ AR MUIR
1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na soithí iompair a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus a thrasloingsíonn ar muir, breathnóir réigiúnach ICCAT a thabhairt leo tráth gach oibríochta trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
2. Déanfaidh ICCAT breathnóirí a cheapadh agus cuirfear iad ar bord na soithí iompair atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála (LSPLVanna) a mbíonn bratach CPCanna ina gcuirtear clár breathnóirí réigiúnach ICCAT chun feidhme ar foluain orthu.
Breathnóirí a ainmniú
3. Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ainmnithe ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:
Oibleagáidí an bhreathnóra
4. Ní mór do bhreathnóirí:
an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT a bheith déanta acu;
gan a bheith ina náisiúnaigh ná ina saoránaigh de Stát brataí an tsoithigh iompair ghlactha;
a bheith in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh;
a bheith ar an liosta de bhreathnóirí arna choimeád ag ICCAT;
gan a bheith ina mball de chriú ar an LSPLV ná ar an soitheach iompair ná ina bhfostaí den chuideachta ar léi an LSPLV nó an soitheach iompair.
5. Déanfaidh an breathnóir faireachán féachaint an gcloíonn an LSPLV agus an soitheach iompair leis na bearta caomhnaithe agus bainistithe atá glactha ag ICCAT. Seo a leanas go háirithe na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag na breathnóirí:
I gcás LSPLV a bhfuil sé beartaithe trasloingsiú a dhéanamh uaidh chuig soitheach iompair, agus na hábhair imní a léirítear i bpointe 9 á gcur san áireamh, rachaidh an breathnóir ar bord sula ndéanfar an trasloingsiú, chun:
seiceáil a dhéanamh ar bhailíocht údarú nó ceadúnas an tsoithigh tuinnín agus speicis atá cosúil le tuinnín a ghabháil agus aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;
cigireacht a dhéanamh ar údaruithe an tsoithigh iascaireachta roimhe seo trasloingsiú ar muir a dhéanamh, údarú arna eisiúint ag an CPC brataí agus, más iomchuí, an Stát cósta;
seiceáil agus taifead a dhéanamh ar chainníocht iomlán na gabhála ar bord de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, agus ar na cainníochtaí atá le trasloingsiú chuig an soitheach iompair;
seiceáil a dhéanamh go bhfuil an córas um fhaireachán soithí (VMS) ag feidhmiú agus an logleabhar a iniúchadh agus iontrálacha a fhíorú, más féidir;
fíorú an é gur aistríodh ó shoithí eile aon chuid den ghabháil ar bord, agus seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid a bhaineann le haistrithe den chineál sin;
i gcás ina léirítear go ndearnadh sárú a bhaineann leis an soitheach iascaireachta, déanfaidh an breathnóir an sárú (na sáruithe) a thuairisciú do mháistir an tsoithigh iompair (agus aird chuí á tabhairt ar chúrsaí sábháilteachta) agus do chomhlacht cur chun feidhme an chláir breathnóirí, agus déanfaidh an comhlacht an tuairisc a chur ar aghaidh chuig údaráis CPC brataí an tsoithigh iascaireachta; agus
taifead a dhéanamh ar thorthaí na ndualgas sin ar an soitheach iascaireachta i dtuarascáil an bhreathnóra.
Breathnóidh sé ar ghníomhaíochtaí an tsoithigh iompair agus déanfaidh sé:
taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí trasloingsithe a dhéantar;
suíomh an tsoithigh agus é i mbun trasloingsithe a fhíorú;
breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den tuinnín agus de na speicis atá cosúil le tuinnín a dhéantar a thrasloingsiú de réir speicis, más eol, agus, más féidir, de réir stoic;
breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí de speicis eile a ghabhtar in éineacht le tuinnín nó speicis atá cosúil le tuinnín de réir speicis, más eol sin;
fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an LSPLV lena mbaineann;
na sonraí atá sa dearbhú ar thrasloingsiú a fhíorú, lena n-áirítear trí chomparáid a dhéanamh le logleabhar an LSPLV, i gcás inar féidir;
na sonraí sa dearbhú ar thrasloingsiú a dheimhniú;
an dearbhú ar thrasloingsiú a chomhshíniú; agus
breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den táirge de réir speicis tráth a dhíluchtaithe sa chalafort ina gcuirtear an breathnóir i dtír chun fíorú an bhfuil siad ag teacht leis na cainníochtaí a fuarthas le linn trasloingsiú ar muir.
Ina theannta sin, déanfaidh an breathnóir:
tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí trasloingsithe an tsoithigh iompair;
tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le dualgais an bhreathnóra agus deis a thabhairt don chaptaen aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin;
na tuarascálacha ginearálta dá dtagraítear i bpointe (b) a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT laistigh de 20 lá tar éis dheireadh na tréimhse breathnóireachta;
aon fheidhm eile arna sainiú ag ICCAT a fheidhmiú.
6. Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta na LSPLVanna agus úinéirí na LSPLVanna mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir.
7. Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí agus, más ábhartha, an Stáit chósta, a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.
8. Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon lena gcuid oibleagáidí mar a leagtar amach i bpointe 9, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.
Freagrachtaí Stáit bhrataí na soithí iompair
9. Ar na coinníollacha a bhaineann le cur chun feidhme an chláir breathnóirí réigiúnacha i dtaca le Stáit bhrataí na soithí iompair agus a gcaptaein, beidh an méid seo a leanas, go háirithe:
Beidh cead rochtana ag breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha agus ar an bhfearas agus an trealamh;
Tabharfar cead rochtana do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 5 a éascú:
trealamh loingseoireachta satailíte;
scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;
modhanna leictreonacha cumarsáide; agus
scála a úsáidtear chun táirge trasloingsithe a mheá.
Cuirfear cóiríocht ar fáil don bhreathnóir, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh.
Cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do bhreathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.
Beidh sé de chead ag an mbreathnóir cinneadh a dhéanamh maidir leis an ionad agus an modh is buntáistí chun breathnú ar na hoibríochtaí trasloingsithe agus meastachán a dhéanamh ar na speicis/stoic agus na cainníochtaí a thrasloingsítear. I ndáil leis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iompair, ag féachaint go hiomchuí do chúiseanna imní sábháilteachta agus praiticiúla, freastal ar riachtanais bhreathnóirí, lena n-áirítear, arna iarraidh sin dó, táirge a chur amach go sealadach ar dheic an tsoithigh iompair chun go ndéanfaidh breathnóirí cigireacht air agus am leordhóthanach a thabhairt do na breathnóirí a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanfar an bhreathnóireacht i gcaoi a gcuirfear isteach a laghad is féidir ar oibríochtaí an tsoithigh agus a seachnófar cáilíocht na dtáirgí arna dtrasloingsiú a chur i mbaol.
I bhfianaise fhorálacha phointe 10, áiritheoidh máistir an tsoithigh iompair go dtugtar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta a áirithiú má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó. agus
Áiritheoidh na Stáit bhrataí nach gcuirfidh captaein, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.
Freagrachtaí na LSPLVanna le linn trasloingsithe
10. Beidh sé de chead ag breathnóirí dul ar bord an tsoithigh iascaireachta, má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó, agus beidh cead rochtana acu ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha uile, agus ar limistéir an tsoithigh ar gá rochtain a bheith acu orthu má tá siad lena ndualgais a leagtar amach i bpointe 5 a chomhlíonadh. Áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go dtabharfar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte a áirithiú dó idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta. Mura féidir leis an mbreathnóir dul ar bord an LSPLV roimh thús na n-oibríochtaí trasloingsithe de bharr tosca a bheadh ina riosca do-ghlactha dá shábháilteacht, féadfar na hoibríochtaí sin a dhéanamh mar sin féin.
Táillí breathnóra
11. Déanfaidh CPCanna brataí na LSPLVanna ar mian leo gabháil d'oibríochtaí trasloingsithe maoiniú ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme an chláir. Déanfar an táille a ríomh ar bhonn chostais iomlána an chláir. Íocfar an táille sin isteach i gcuntas speisialta de chuid Rúnaíocht ICCAT agus déanfaidh Rúnaíocht ICCAT an cuntas a bhainistiú chun an clár a chur chun feidhme.
12. Ní fhéadfaidh LSPLV páirt a ghlacadh sa chlár trasloingsithe ar muir mura n-íocfar na táillí mar a cheanglaítear faoi phointe 11.
IARSCRÍBHINN IX
Íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo le haghaidh siorcanna mako biorshrónacha an atlantaigh thuaidh agus an atlantaigh theas
Leis an Iarscríbhinn seo, leagtar amach íoschaighdeáin maidir le cleachtais um láimhseáil shábháilte do shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas agus áirítear leis moltaí sonracha maidir le hiascaigh spiléireachta agus pheas-saighne araon.
Tá na híoschaighdeáin sin oiriúnach do shiorcanna mácó biorshrónacha beo nuair a scaoiltear saor iad, bídís faoi bheartais neamhchoinneála, nó nuair a scaoiltear go deonach iad. Ní thagann na híoschaighdeáin sin in ionad aon rialacha sábháilteachta níos déine a d’fhéadfadh a bheith bunaithe faoin dlí náisiúnta.
Tús áite don tsábháilteacht: Déanfar na híoschaighdeáin sin a mheas i bhfianaise na sábháilteachta agus na praiticiúlachta do bhaill den chriú. Tabharfar tús áite i gcónaí do shábháilteacht bhaill den chriú. Ar a laghad, caithfidh baill an chriú lámhainní oiriúnacha agus ní bheidh cead acu a bheith ag obair gar do bhéal siorcanna.
Oiliúint: Tá ábhair oiliúna ar fáil do na Ballstáit sna trí theanga oifigiúla de chuid ICCAT.
Modh scaoilte: A mhéid is féidir, na siorcanna uile atá á scaoileadh saor, fanfaidh siad san uisce i gcónaí ach amháin más gá siorcanna a ardú chun speicis a shainaithint. Áirítear leis sin an líne a ghearradh chun an siorc a scaoileadh saor agus é fós san uisce, trí úsáid a bhaint as gearrthóir boltaí nó as feistí bainte duáin chun an duán a bhaint más féidir, nó an líne a ghearradh chomh gar don duán agus is féidir (agus mar sin a lú de líne shraoilleach agus is féidir a fhágáil).
Bí ullamh: Ullmhófar uirlisí roimh ré (e.g., canbhás nó slisní eangaí, sínteáin ar mhaithe le hiompar nó ardú, eangach mór mogaill nó greille chun haistí nó coimeadáin in iascaigh pheas-saighne agus i ngearrthóirí a bhfuil hanla fada acu a chlúdach agus uirlisí bainte duáin in iascaigh spiléireachta, a liostaítear faoi Roinn E).
A. Moltaí ginearálta do gach iascach
1. Má tá sé sábháilte ó thaobh oibríochta de déanamh amhlaidh, an soitheach a stopadh nó a luas a laghdú go suntasach.
2. Nuair a bhíonn an siorc i bhfostú (in eangach, líne iascaireachta, etc.), gearr an eangach/an líne go cúramach saor ón ainmhí, má tá sé sábháilte amhlaidh a dhéanamh, agus scaoil saor chun na farraige é a luaithe is féidir, gan é a bheith i bhfostú in aon rud.
3. Más féidir, agus an siorc á choimeád san uisce, déan iarracht fad an tsiorc a thomhas.
4. Chun greamanna a chosc, cuir rud ar nós iasc nó bata mór/cuaille adhmaid, sa ghiall.
5. Más rud é, ar chúis ar bith, go gcaithfear siorc a thabhairt ar an deic, déan é a chur ar ais san uisce chomh tapa agus is féidir chun an deis mharthanais a mhéadú agus chun rioscaí do bhaill den chriú a laghdú.
B. Cleachtais láimhseála sábháilte shonracha maidir le hiascaigh spiléireachta
1. Tabhair an siorc chomh gar don soitheach agus is féidir gan an iomarca teannais a chur ar líne thitimeáin chun go seachnófar an fhéidearthacht go bhféadfadh duán scaoilte nó línte titimeáin bhriste duáin, meáchain agus codanna eile a scaoileadh i dtreo na soithí agus bhaill den chriú ar ardluas.
2. Daingnigh an taobh thall den phríomhlíne spiléir chuig an mbád ionas nach dtarraingeoidh aon fhearas atá fágtha san uisce ar an líne agus ar an siorc.
3. Má bhíonn duán san ainmhí, agus an duán le feiceáil sa chorp nó sa bhéal, bain úsáid as feiste bainte duáin nó gearrthóir líne a bhfuil hanla fada air chun an frídín duáin a bhaint, agus bain an duán ina dhiaidh sin.
4. Mura féidir an duán a bhaint nó mura féidir an duán a fheiceáil, gearr líne an riain (nó an snúda, an treoraí) chomh gar agus is féidir don duán (más féidir, a lú de líne agus/nó ábhar treoraí agus is féidir a fhágáil agus gan aon mheáchain a cheangal leis an siorc).
C. Cleachtais láimhseála sábháilte shonracha maidir le hiascaigh pheas-saighne
1. I gcás ina bhfuil siad sa pheas-saighne: Déan an eangach a shíneadh amach chomh fada chun tosaigh agus is féidir chun aon siorcanna a fheiceáil go luath chun freagairt go tapa. Ná hardaigh siorcanna san eangach i dtreo na hulóige meicniúla. Laghdaigh luas an tsoithigh chun teannas na heangaí a mhaolú agus chun go mbeifear in ann an siorc atá i bhfostú a bhaint den eangach. Más gá, bain úsáid as clipéar chun an eangach a ghearradh.
2. I gcás ina bhfuil siad i dtéada beaga nó ar deic: Bain úsáid as eangach lasta saintógtha mór-mhogall nó slisne canbháis nó feiste den chineál céanna. Má cheadaítear amhlaidh le leagan amach an tsoithigh, d’fhéadfaí na siorcanna a scaoileadh freisin trí na téada beaga a fholmhú go díreach ar choimeádán agus trí rampa scaoilte atá á choinneáil suas ar uillinn a nascann le bearna ar ráille na deice bairr, gan gá do bhaill den chriú é a ardú nó a láimhseáil.
D. Moltaí sonracha agus cleachtais um láimhseáil shábháilte do gach iascach
1. A mhéid is féidir, ná hardaigh siorcanna as an uisce ag baint úsáid as an líne thitimeáin, go háirithe má tá duán iontu ach amháin más gá siorcanna a ardú chun speicis a shainaithint.
2. Ná hardaigh siorcanna trí shreanga nó cáblaí tanaí a úsáid, nó leis an eireaball amháin.
3. Ná buail siorc ar dhromchla ar bith, mar shampla chun an t-ainmhí a bhaint den líne.
4. Ná déan iarracht aon duán a bhogadh atá ionghafa go domhain agus nach bhfuil le feiceáil.
5. Ná déan iarracht duán a bhaint trí tharraingt go géar ar an líne thitimeáin.
6. Ná gearr an t-eireaball nó aon chuid eile den chorp.
7. Ná gearr nó ná cuir poill sa siorc.
8. Ná déan an siorc a gheafáil nó a chiceáil, nó lámha a chur isteach sna scoilteanna geolbhaigh.
9. Ná nocht an siorc don ghrian ar feadh tréimhsí fada.
10. Ná cuir do mhéara ná do lámha san eangach agus siorc á thabhairt ar an mbád (d’fhéadfadh gortú tromchúiseach a bheith mar thoradh air).
E. Uirlisí úsáideacha le haghaidh láimhseáil shábháilte agus scaoileadh sábháilte:
lámhainní (tá craiceann siorcanna garbh; áirithíonn lámhainní go ndéanfar siorcanna a láimhseáil go sábháilte agus go gcosnófar lámha bhaill den chriú ó ghreamanna);
tuáille nó éadach (is féidir tuáille nó éadach fliuctha i sáile a chur ar shúile an tsiorca chun an siorc a shuaimhniú);
feistí bainte duáin (e.g. gearrthóir líne eireabaill muice, gearrthóirí boltaí nó greamairí gearrtha);
úim nó sínteán siorcanna (más gá);
rópa eireaball (chun siorc a bhfuil duán ann a dhaingniú más gá é a bhaint den uisce);
píobán sáile (má táthar ag súil go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ná 5 nóiméad ag teastáil chun siorc a scaoileadh, cuir píobán isteach ina bhéal ionas go sreabhfaidh an sáile isteach ann go measartha; déan cinnte go bhfuil an caidéil deice ar siúl ar feadh roinnt nóiméad sula gcuirfear é i mbéal siorca);
feiste nó modh tomhais (e.g. déan cuaille, treoraí agus snámhán a mharcáil, nó téip tomhais);
bileog sonraí chun gach gabháil a thaifeadadh;
trealamh clibeála (más infheidhme).
IARSCRÍBHINN X
Treoirlínte maidir le tionchar éiceolaíoch FADanna in iascaigh ICCAT a laghdú
1. Ní chlúdófar struchtúr dromchla FAD, nó má chlúdaítear é, ní clúdófar é ach amháin le hábhar lena mbainfí an riosca is lú go ndéanfaí speicis foghabhála a chur i bhfostú ann a chlúdaítear é.
2. Beidh comhpháirteanna fodhromchla an FAD comhdhéanta go heisiach d’ábhar nach rachaidh i bhfostú (e.g. gan téada nó canbhás).
3. Agus FADanna á ndearadh, tabharfar tosaíocht d’úsáid ábhar in-bhithmhillte.
( 1 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.
( 2 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.
( 3 ) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
( 4 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.
( 5 ) Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).
( 6 ) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2016 lena nglactar clár ilbhliantúil de chuid an Aontais maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus san earnáil dhobharshaothraithe don tréimhse 2017-2019 (IO L 207, 1.8.2016, lch. 113).
( 7 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.
( 8 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.
( *1 ) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).”.