02017R1938 — GA — 22.06.2026 — 006.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2017/1938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 280 28.10.2017, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/517 ÓN gCOIMISIÚN an 18 Samhain 2021 |
L 104 |
53 |
1.4.2022 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2022/1032 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Meitheamh 2022 |
L 173 |
17 |
30.6.2022 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2024/1789 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 |
L 1789 |
1 |
15.7.2024 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2025/1733 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Iúil 2025 |
L 1733 |
1 |
10.9.2025 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2026/261 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Eanáir 2026 |
L 261 |
1 |
2.2.2026 |
|
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/146 ÓN gCOIMISIÚN an 22 Eanáir 2026 |
L 146 |
1 |
2.6.2026 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2017/1938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Deireadh Fómhair 2017
maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear forálacha a bhfuil sé mar aidhm acu slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú trí dhea-fheidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh don ghás a áirithiú, trína cheadú gur féidir bearta eisceachtúla a chur chun feidhme nuair nach féidir leis an margadh na soláthairtí gáis a bhfuil gá leo a sholáthar a thuilleadh, lena n-áirítear beart dlúthpháirtíochta a dhéanfar mar rogha dheiridh, agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le freagrachtaí maidir le gníomhaíocht choisctheach agus maidir le freagairt a thabhairt ar shuaitheadh nithiúil soláthair gáis araon a shainiú go soiléir agus iad a leithdháileadh orthu go soiléir i measc gnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát agus an Aontais. Leis an Rialachán seo, bunaítear freisin sásraí trédhearcacha, de mheon na dlúthpháirtíochta, i dtaca le comhordú a dhéanamh ar an bpleanáil le haghaidh éigeandálaí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
▼M3 —————
ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe 24 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
“custaiméir teaghlaigh” custaiméir teaghlaigh mar a shainmhínítear i bpointe 25 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “seirbhís shóisialta riachtanach” seirbhís a bhaineann le cúram sláinte, cúram sóisialta riachtanach, riarachán éigeandála, slándála, oideachais nó poiblí;
ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint” custaiméir teaghlaigh atá nasctha le gréasán dáileacháin gáis agus, ina theannta sin, i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, ar choinníoll nach ionann na fiontair nó na seirbhísí sin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), i gcomhpháirt, agus níos mó ná 20 % den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán sa Bhallstát sin:
gnóthas beag nó meánmhéide, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis;
seirbhís shóisialta riachtanach, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis nó le gréasán tarchurtha gáis;
suiteáil téimh ceantair sa mhéid go soláthraíonn sé téamh do chustaiméirí teaghlaigh, do ghnóthais bheaga nó mheánmhéide, nó do sheirbhísí sóisialta riachtanacha, ar choinníoll nach bhfuil suiteáil den sórt sin in ann athrú go breoslaí eile seachas gás;
ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht” custaiméir teaghlaigh atá nasctha le gréasán dáileacháin gáis, agus, ina theannta sin, féadfaidh sé ceann amháin díobh seo a leanas nó an dá cheann a áireamh:
suiteáil téimh ceantair más custaiméir atá faoi chosaint é sa Bhallstát ábhartha agus a mhéid go soláthraíonn sí teas do theaghlaigh nó do sheirbhísí sóisialta riachtanacha seachas seirbhísí oideachais agus seirbhísí riaracháin phoiblí, agus a mhéid sin amháin;
seirbhís shóisialta riachtanach más custaiméir atá faoi chosaint é sa Bhallstát ábhartha, seachas seirbhísí oideachais agus seirbhísí riaracháin phoiblí;
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtasach náisiúnta nó údarás rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát chun cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú;
ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “gnóthas gáis nádúrtha” gnóthas gáis nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “conradh soláthair gáis” conradh soláthair gáis mar a shainmhínítear i bpointe 34 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “tarchur” tarchur mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe 4 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “dáiliúchán” dáiliúchán mar a shainmhínítear i bpointe 5 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe 6 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “idirnascaire” idirnascaire mar a shainmhínítear i bpointe 17 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “conairí soláthair éigeandála” bealaí soláthair gáis an Aontais lena gcabhraítear leis na Ballstáit maolú níos fearr a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ar aon suaitheadh soláthair nó bonneagair a d'fhéadfadh tarlú;
ciallaíonn acmhainn stórála acmhainn stórála mar a shainmhínítear i bpointe 28 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;
ciallaíonn “acmhainn theicniúil” acmhainn theicniúil mar a shainmhínítear i bpointe 18 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;
ciallaíonn “acmhainn dhocht” acmhainn dhocht mar a shainmhínítear i bpointe 16 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;
ciallaíonn “acmhainn in-idirbhriste” acmhainn in-idirbhriste mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;
ciallaíonn “acmhainn saoráide GNL” acmhainn saoráide GNL mar a shainmhínítear i bpointe 24 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;
ciallaíonn “saoráid GNL” saoráid GNL mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “saoráid stórála” saoráid stórála mar a shainmhínítear i bpointe 9 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “córas” córas mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “úsáideoir córais” úsáideoir córais mar a shainmhínítear i bpointe 23 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha” seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear i bpointe 14 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;
ciallaíonn “conair líonta” sraith spriocanna idirmheánacha táscacha le haghaidh saoráidí stórála gáis faoi thalamh gach Ballstáit, lena léirítear plean líonta an Bhallstáit sin, a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 6a(7);
ciallaíonn “sprioc líonta” sprioc cheangailteach maidir leis an leibhéal líonta maidir le hacmhainn chomhiomlán saoráidí stórála gáis faoi thalamh;
mórghanntanas soláthair;
suaitheadh sa soláthar; nó
éigeandáil a fhógairt dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c);
ciallaíonn “stoc comhardúcháin” gás nádúrtha neamhleachtaithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
ceannaíonn agus bainistíonn oibreoirí córais tarchurtha nó eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát é agus stórálann siad é faoi thalamh, chun críoch feidhmeanna oibreoirí córais tarchurtha a dhéanamh agus chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus chun na gcríoch sin amháin; agus
ní sheoltar é ach amháin i gcás inar gá sin chun an córas a choinneáil ag oibriú faoi dhálaí slána inbhraite i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (AE) Uimh. 312/2014;
ciallaíonn “saoráid stórála gáis faoi thalamh” saoráid stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2009/73/CE a úsáidtear le haghaidh gás nádúrtha a stocáil, lena n-áirítear stoc comhardúcháin, agus atá ceangailte le córas tarchurtha nó dáileacháin, seachas stóráil sféarúil os cionn talún nó stóráil línephacála;
ciallaíonn “gás” gás nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1788 ( 1 );
ciallaíonn “foráil lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta” foráil chonarthach lena gceanglaítear ar an gceannaitheoir glacadh le seachadadh íoscháinníochta sonraí gáis laistigh de thréimhse áirithe, nó de rogha air sin, íoc as, gan beann ar cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas an gás i ndáiríre;
ciallaíonn “foráil lena ngabhann dearbhoibleagáid seachadta” foráil chonarthach lena gceanglaítear ar an díoltóir fíneáil chonarthach a íoc i gcás nach ndéantar gás a sheachadadh.
Airteagal 3
Freagracht as slándáil an tsoláthair gáis
Leagtar amach in Iarscríbhinn I an liosta de na grúpaí riosca sin agus a gcomhdhéanamh. Ní chuirfidh comhdhéanamh na ngrúpaí riosca sin cosc ar fhoirm ar bith eile de chomhar réigiúnach a théann chun tairbhe shlándáil an tsoláthair.
Airteagal 4
An Grúpa Comhordaithe Gáis
Rachfar i gcomhairle leis GCG agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún go háirithe maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
slándáil an tsoláthair gáis, aon tráth agus, go sonrach, i gcás éigeandála;
an fhaisnéis uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;
na dea-chleachtais agus na treoirlínte a d'fhéadfadh a bheith ann do na páirtithe go léir lena mbaineann;
leibhéal shlándáil an tsoláthair gáis, tagarmharcálacha agus modheolaíochtaí don mheasúnú;
cásanna eiseamláireacha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus tástáil ar na leibhéil ullmhachta;
an measúnú ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála, comhleanúnachas i measc na bpleananna éagsúla, agus cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear iontu;
comhordú na mbeart le déileáil le héigeandáil Aontais, le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus le tríú tíortha eile;
an cúnamh a bhfuil gá ag na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh leis.
Airteagal 5
An caighdeán bonneagair
Ní dochar an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo d'fhreagracht na n-oibreoirí córas tarchurtha na hinfheistíochtaí comhfhreagracha a dhéanamh agus d'oibleagáidí na n-oibreoirí córais tarchurtha de réir mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus i dTreoir 2009/73/CE.
Cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha faoi deara go mbeidh buanacmhainn fhisiceach ann chun gás a iompar sa dá threo (“acmhainn dhéthreoch”) ar na hidirnaisc go léir idir na Ballstáit, ach amháin:
i gcás nasc le saoráidí táirgthe, le saoráidí GNL agus le gréasáin dáiliúcháin; nó
i gcás inar tugadh díolúine ón oibleagáid sin, tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh agus tar éis dul i gcomhairle le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn III.
Chun go ndéanfaidh an nós imeachta acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ar idirnasc nó chun díolúine a fháil ón oibleagáid sin nó a fhadú, beidh feidhm ag Iarscríbhinn III maidir leis. Déanfaidh an Coimisiún liosta na ndíolúintí a chur ar fáil don phobal agus a choimeád á nuashonrú.
Beidh san áireamh i dtogra maidir le hacmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú nó in iarraidh ar dhíolúine a thabhairt nó a fhadú anailís costas agus sochar arna hullmhú ar bhonn na modheolaíochta de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus bunófar é ar na heilimintí seo a leanas:
measúnú ar éileamh margaidh;
ionchais le haghaidh éilimh agus soláthair;
an tionchar eacnamaíoch a d'fhéadfadh a bheith ar an mbonneagar atá ann faoi láthair;
staidéar féidearthachta;
na costais a bhaineann leis an acmhainn dhéthreoch, lena n-áirítear an t-athneartú is gá a dhéanamh ar an gcóras tarchurtha; agus
na sochair do shlándáil an tsoláthair gáis, agus an méid a d'fhéadfadh acmhainn dhéthreoch a bheith ina cuidiú agus an caighdeán bonneagair a leagtar amach san Airteagal seo á chomhlíonadh á gcur san áireamh.
Mar chuid den mheasúnú riosca, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas, agus idirnascadh na gcóras gáis agus leictreachais á gcur san áireamh acu, an bhfuil tranglaim inmheánacha ann agus an mbeidh an acmhainn iontrála náisiúnta agus na bonneagair, go háirithe gréasáin tarchurtha, in ann na sreafaí gáis náisiúnta agus trasteorann a oiriúnú don chás eiseamláireacha ina dtarlódh suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó ar an leibhéal náisiúnta agus sa bhonneagar gáis comhleasa is mó don ghrúpa riosca, de réir mar a shainaithneofar sa mheasúnú riosca iad.
Beidh feidhm ag an eisceacht maidir le Lucsamburg ar choinníoll:
go bhfuil dhá idirnascaire ar a laghad aige le Ballstáit eile;
go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aige; agus
nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ar a chríoch aige.
Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSlóivéin ar choinníoll:
go bhfuil idirnascaire ar a laghad aici le Ballstáit eile;
go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aici; agus
nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ná saoráid GNL ar a críoch aici.
Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSualainn ar choinníoll:
nach bhfuil aon idirthuras gáis chuig Ballstáit eile ar a críoch aici;
go bhfuil olltomhaltas gáis intíre bliantúil aici atá níos lú ná 2 Mtoe; agus
go dtagann níos lú ná 5 % den tomhaltas fuinnimh phríomha iomlán ó ghás.
Cuirfidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú a dhéanfaidh difear do na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Scoirfidh an eisceacht a leagtar síos sa mhír seo d'fheidhm a bheidh aici i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha sin a thuilleadh.
Mar chuid den mheasúnú riosca náisiúnta a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(3), déanfaidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn cur síos ar an staid i ndáil leis na coinníollacha faoi seach a leagtar síos sa mhír seo agus ar chomhlíonadh ionchasach na hoibleagáide i mír 1 den Airteagal seo, agus aird á tabhairt ar an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an gcaighdeán bonneagair a chomhall, ar fhorbairt an mhargaidh gáis agus ar thionscadail bonneagar gáis sa ghrúpa riosca. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa mheasúnú riosca náisiúnta agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo á gcomhlíonadh fós, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir leis an eisceacht leanúint d'fheidhm a bheith aige ar feadh 4 bliana eile. I gcás ina ndéantar cinneadh dearfach, déanfar an nós imeachta a leagtar amach san fhomhír seo a chur i gcrích arís tar éis 4 bliana.
Airteagal 6
An caighdeán soláthair gáis
Ceanglóidh an t-údarás inniúil ar na gnóthais gáis nádúrtha a shainaithneoidh sé bearta a dhéanamh chun an soláthar gáis a áirithiú do chustaiméirí atá faoi chosaint an Bhallstáit i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
teochtaí foircneacha ar feadh buaicthréimhse 7 lá a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
aon tréimhse 30 lá ina bhfuil éileamh ard urghnách ar ghás agus a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
ar feadh tréimhse 30 lá i gcás suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó faoi ghnáthdhálaí geimhridh.
Faoin 2 Feabhra 2018, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, toirteanna bliantúla tomhaltais gáis na gcustaiméirí atá faoi chosaint agus an céatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán atá i gceist leis na toirteanna tomhaltais sin sa Bhallstát sin. I gcás ina gcuimsíonn Ballstát na catagóirí dá dtagraítear i bpointe 5(a) nó (b) d'Airteagal 2 ina shainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint, déanfaidh sé na toirteanna tomhaltais gáis a chomhfhreagraíonn do chustaiméirí atá sna catagóirí sin a shonrú maille leis an gcéatadán den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán a ghabhann le gach ceann de na grúpaí custaiméirí sin.
Déanfaidh an t-údarás inniúil na gnóthais gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shainaithint agus iad a shonrú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach.
Aon bhearta nua nach bhfuil margadhbhunaithe a bheidh beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an caighdeán soláthair gáis an nós imeachta arna bhunú in Airteagal 9(4) go (9).
Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid a leagtar síos sa chéad mhír a chomhlíonadh trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme nó trí fhoinse eile fuinnimh, inter alia foinsí fuinnimh in-athnuaite, a chur in ionad an gháis a mhéid a bhainfear amach an leibhéal céanna cosanta.
Maidir le haon mhéadú ar an gcaighdeán soláthair gáis a leanfaidh ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 nó maidir le haon oibleagáid bhreise a fhorchuirfear ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis, beidh siad bunaithe ar an measúnú riosca, déanfar iad a léiriú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus:
comhlíonfaidh siad Airteagal 8(1);
ní bheidh tionchar diúltach acu ar chumas aon Bhallstáit eile gás a sholáthar dá chuid custaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás éigeandáil náisiúnta, éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais; agus
comhlíonfaidh siad Airteagal 12(5) i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.
Féadfaidh an Coimisiún údar a iarraidh lena léirítear go gcomhlíonann aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha a leagtar síos inti. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a thugann an beart isteach údar den sórt sin a chur ar fáil don phobal.
Ina theannta sin, aon bheart nach bhfuil margadhbhunaithe de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, a ghlacfar an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, comhlíonfaidh sé an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 9(4) go (9).
Airteagal 6a
Spriocanna líonta a agus conairí líonta
Faoi réir mhíreanna 2 go 5f, comhlíonfaidh na Ballstáit na spriocanna líonta seo a leanas le haghaidh acmhainn chomhiomlán na saoráidí stórála gáis faoi thalamh uile atá lonnaithe ar a gcríoch agus atá idirnasctha go díreach le limistéar margaidh ina gcríoch agus le haghaidh saoráidí stórála a liostaítear in Iarscríbhinn Ib aon tráth idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig gach bliain:
i gcás 2022: 80 %;
ó 2023: 90 %.
Chun an mhír seo a chomhlíonadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an cuspóir maidir le slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 1.
Féadfaidh Ballstát an sprioc líonta a chomhlíonadh i bpáirt trí GNL atá stóráilte go fisiceach agus ar fáil i saoráidí GNL na mBallstát a chomhaireamh i gcás ina mbainfear amach an dá choinníollacha a leanas:
áirítear sa chóras gáis acmhainn shuntasach stórála GNL, arb ionann é go bliantúil agus níos mó ná 4 % de mheántomhaltas náisiúnta thar an 5 bliana roimhe sin;
tá oibleagáid forchurtha ag an mBallstát ar sholáthróirí gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí GNL i gcomhréir Airteagal 6b(1), pointe (a).
D’ainneoin mhír 1, sa bhreis ar dhiall a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir le mír 5a agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh imeacht suas le cúig phointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1, pointe (b), más rud é:
gur mó a tháirgeadh náisiúnta gáis ná a mheántomhaltas bliantúil gáis sa 2 bhliain roimhe sin; nó
maidir le saintréithe teicniúla sonracha saoráide stórála aonair faoi thalamh ag a bhfuil acmhainn theicniúil os cionn 40 TWh atá suite ar a críoch, tá gá le ráta insteallta mall lena gcruthaítear tréimhse insteallta an-fhada agus atá níos faide ná 115 lá.
Ní fhéadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as na solúbthachtaí dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír ach amháin ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar chumas na mBallstát atá nasctha go díreach gás a sholáthar dá gcustaiméirí atá faoi chosaint nó nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit a úsáideann na solúbthachtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, measúnú ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le cur chun feidhme na solúbthachtaí sin, agus cuirfidh sé GCG ar an eolas láithreach.
I gcás Ballstáit a laghdaítear an sprioc líonta ina leith go dtí 35 % dá meán-tomhaltas gáis bliantúil de bhun mhír 2, déanfar spriocanna idirmheánacha na conaire líonta a laghdú dá réir sin.
Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas gan moill mhíchuí faoi na conairí líonta comhiomlánaithe arna gcur isteach ag na Ballstáit.
Airteagal 6b
Na spriocanna líonta a chur chun feidhme
Sa mhéid go dtagann aon bheart dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi dhualgais agus faoi chumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE, is iad na húdaráis rialála náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta sin a dhéanamh.
Féadfaidh aon bhearta arna ghlacadh de bhun na míre seo an méid a leanas, go háirithe, a áireamh:
ceangal a chur ar sholáthraithe gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála, lena n-áirítear i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí stórála GNL, na toirteanna sin a chinneadh ar bhonn líon an gháis arna sholáthar ag soláthróirí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint;
ceangal a chur ar oibreoirí córais stórála a n-acmhainn a thairiscint do rannpháirtithe sa mhargadh;
ceangal a chur ar oibreoirí córais tarchurtha nó ar eintitis arna n-ainmniú ag an mBallstát stoc comhardúcháin a cheannach agus a bhainistiú go heisiach chun a bhfeidhmeanna mar oibreoirí córais tarchurtha a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, lena bhforchuirtear oibleagáid ar eintitis ainmnithe eile chun slándáil an tsoláthair gáis i gcás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), a choimirciú;
ionstraimí comhordaithe a úsáid, amhail ardáin chun GNL a cheannach, in éineacht le Ballstáit eile chun úsáid GNL a uasmhéadú agus chun bacainní bonneagair agus rialála ar úsáid chomhroinnte GNL a laghdú chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh;
sásraí deonacha do sholáthar comhpháirteach gás nádúrtha a úsáid, maidir lena gcur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, más gá, treoir a eisiúint ina leith faoin 1 Lúnasa 2022.
dreasachtaí airgeadais a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear oibreoirí córais stórála, amhail conarthaí difríochta, nó cúiteamh a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh as gannchion in ioncaim nó as costais arna dtabhú acu mar thoradh ar oibleagáidí ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear oibreoirí córais stórála nach féidir a sheasamh le hioncam;
ceangal a chur ar shealbhóirí acmhainne stórála acmhainní atá curtha in áirithe acu a úsáid nó na hacmhainní sin atá gan úsáid a scaoileadh uathu, agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar shealbhóir na hacmhainne stórála nach n-úsáideann an acmhainn stórála an praghas a comhaontaíodh a íoc ar feadh théarma iomlán an chonartha stórála;
ionstraimí éifeachtacha a ghlacadh chun stóráil straitéiseach a cheannach agus a bhainistiú ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha, ar choinníoll nach ndéanann ionstraimí den sórt sin an iomaíocht nó dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh a shaobhadh;
eintiteas tiomnaithe a cheapadh dá sannfar an tasc an sprioc líonta a chomhlíonadh i gcás nach gcomhlíonfar an sprioc líonta murach sin;
lascainí ar na taraifí stórála a sholáthar;
na hioncaim is gá a bhailiú chun na caiteachais chaipitil agus oibríochtúla a bhaineann le saoráidí stórála rialáilte a aisghabháil mar tharaifí stórála agus mar mhuirear tiomnaithe a ionchorpraítear i dtaraifí tarchurtha, nach mbailítear ach amháin ó phointí scoir chuig custaiméirí deiridh atá lonnaithe sna Ballstáit, ar choinníoll nach bhfuil na hioncaim a bhailítear trí tharaifí níos mó ná na hioncaim cheadaithe.
Airteagal 6c
Socruithe stórála agus sásra comhroinnte ualaigh
I gcás nach gceadaítear, leis na teorainneacha teicniúla, do Bhallstát an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go bhfuil oibleagáid i bhfeidhm ag an mBallstát sin breoslaí eile a stóráil in ionad gáis, féadfar an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh go heisceachtúil le hoibleagáid choibhéiseach breoslaí eile seachas gás a stóráil. Léireoidh an Ballstát lena mbaineann teorainneacha teicniúla agus coibhéis an bhirt.
Bunófar an sásra comhroinnte ualaigh ar shonraí ábhartha an mheasúnaithe riosca is déanaí de bhun Airteagal 7 agus cuirfear san áireamh leis na paraiméadair uile seo a leanas:
costas na tacaíochta airgeadais chun an sprioc líonta a bhaint amach, gan na costais a bhaineann le haon oibleagáidí stórála straitéiseacha a chomhlíonadh;
na toirteanna gáis is gá chun freastal ar éileamh na gcustaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 6(1);
aon teorainneacha teicniúla, lena n-áirítear an acmhainn stórála faoi thalamh atá ar fáil, an acmhainn tarchurtha theicniúil trasteorann agus rátaí aistarraingthe.
Léireoidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go gcomhlíonfaidh siad mír 1 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún dá réir.
D’ainneoin mhír 1, i gcás ina bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ag Ballstáit lonnaithe ar a chríoch féin agus ina bhfuil acmhainn chomhiomlán na saoráidí sin níos mó ná tomhaltas gáis bliantúil an Bhallstáit sin, deanfaidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu agus a bhfuil rochtain acu ar na saoráidí sin ceann amháin den mhéid seo a leanas:
áiritheoidh siad, tráth ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig, go gcomhfhreagraíonn toirteanna stórála, ar a laghad, do mheánúsáid na hacmhainne stórála sna 5 bliana roimhe sin, arna cinneadh, inter alia, tríd na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe thar na 5 bliana roimhe sin ó na Ballstáit ina bhfuil na saoráidí stórála lonnaithe; nó
léireoidh siad gur cuireadh in áirithe an acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a).
Más féidir leis an mBallstát nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu a léiriú gur cuireadh acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a) den chéad fhomhír in áirithe, beidh feidhm ag mír 1.
Beidh teorainn 15 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát lena mbaineann leis an oibleagáid faoin mír seo.
▼M4 —————
Airteagal 6d
Faireachán agus forfheidhmiú
Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) cuidiú le faireachán den sórt sin.
Caomhnóidh an Coimisiún, na húdaráis rialála náisiúnta agus na Ballstáit rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a gheofar chun críocha a n-oibleagáid a chomhlíonadh.
Airteagal 7
Measúnú riosca
Déanfaidh na húdaráis inniúla laistigh de gach grúpa riosca sásra comhair a chomhaontú chun an measúnú riosca comhchoiteann a dhéanamh agus déanfaidh siad é a thuairisciú do GCG 11 mhí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann agus faoi na nuashonruithe air. Arna iarraidh sin d'údarás inniúil, féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhúchán an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn, go háirithe i dtaobh an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla laistigh de ghrúpa riosca ar chomhaontú maidir le sásra comhair, molfaidh an Coimisiún sásra comhair don ghrúpa riosca sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú maidir le sásra comhair don ghrúpa riosca sin agus aird iomlán á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún.
Deich mí roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoin measúnú riosca comhchoiteann nó faoi nuashonruithe air, déanfaidh gach údarás inniúil na sonraí náisiúnta uile is gá chun an measúnú riosca comhchoiteann a ullmhú a roinnt agus iad a nuashonrú, faoi chuimsiú an tsásra comhair chomhaontaithe, go háirithe le haghaidh na cásanna eiseamláireacha éagsúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a rith.
Déanfar na measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, de réir mar is ábhartha, tríd an méid seo a leanas:
na caighdeáin a shonraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a úsáid. Tabharfar tuairisc sa mheasúnú riosca ar ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé ríomh fhoirmle N – 1 ar leibhéal réigiúnach san áireamh freisin. Cuirfidh an measúnú riosca na toimhdí a úsáidfear san áireamh freisin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na toimhdí a úsáidfear chun foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach, mar aon leis na sonraí is gá le haghaidh ríomh den sórt sin. Beidh ag gabháil le ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta ionsamhlúchán ina léireofar an dóigh a gcuirfeadh suaitheadh isteach ar an mbonneagar gáis is mó trí shamhaltú hiodrálach a úsáid don chríoch náisiúnta agus freisin trí fhoirmle N – 1 a ríomh agusr leibhéal an gháis atá á stóráil, ar leibhéal 30 % agus 100 % den toirt uasta oibre á bhreithniú;
na himthosca ábhartha náisiúnta agus trasnáisiúnta ar fad a chur san áireamh, go háirithe méid an mhargaidh, cumraíocht an ghréasáin, na sreafaí iarbhír, lena n-áirítear an t-eis-sreabhadh ó na Ballstáit lena mbaineann, an fhéidearthacht go mbeidh sreafaí fisiceacha gáis sa dá threo ann, lena n-áirítear an gá a d'fhéadfadh a bheith ann an córas tarchurtha a athneartú dá bharr, acmhainní táirgthe agus stórála a bheith ann agus ról an gháis i measc na bhfoinsí éagsúla fuinnimh, go háirithe i ndáil le téamh ceantair agus giniúint leictreachais agus ar mhaithe le hoibriú na dtionscal, agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht agus le cáilíocht an gháis;
cásanna eiseamláireacha éagsúla a rith i leith éileamh urghnách ar ghás agus suaitheadh an tsoláthair gáis, lena gcuirfear san áireamh stair, dóchúlacht, séasúr, minicíocht agus fad na gcásanna sin, agus measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí is dóigh a bheidh acu, amhail:
suaitheadh an bhonneagair is ábhartha i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, go háirithe an bonneagar tarchurtha, stórtha nó críochfoirt GNL, lena n-áirítear an bonneagar gáis is mó arna shainaithint chun foirmle N – 1 a ríomh; agus
suaitheadh soláthairtí ó sholáthróirí tríú tíortha, chomh maith le rioscaí geopholaitiúla, i gcás inarb iomchuí;
idirghníomhú agus comhghaolú na rioscaí i measc na mBallstát sa ghrúpa riosca agus le Ballstáit eile nó grúpaí riosca eile a shainaithint, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann le hidirnaisc, soláthairtí trasteorann, rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus acmhainn dhéthreoch;
rioscaí a chur i gcuntas a bhaineann le rialú ar bhonneagar atá ábhartha do shlándáil an tsoláthair gáis a mhéid a bhféadfadh, inter alia, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú an éagsúlaithe, mí-úsáid an bhonneagair atá ann faoi láthair, lena n-áirítear cnapaireacht acmhainne stórála, nó sárú ar dhlí an Aontais a bheith i gceist leo;
uasacmhainn idirnaisc gach pointe iontrála agus fágála trasteorann agus leibhéil éagsúla líonta na stórála a chur san áireamh;
agus cásanna ina bhféadfaí foinsí aonair soláthair a shuaitheadh go fadtréimhseach á gcur san áireamh.
Airteagal 8
Pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú
▼M3 —————
Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit, tar éis dó dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna custaiméirí teaghlaigh gáis agus custaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais, le hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais, agus, i gcás nach é an t-údarás inniúil é, leis an údarás rialála náisiúnta, na nithe seo a leanas a bhunú:
plean um ghníomhaíocht choisctheach ina mbeidh na bearta is gá chun na rioscaí a shainaithneofar sna measúnuithe riosca comhchoiteanna agus sna measúnuithe riosca náisiúnta agus i gcomhréir le hAirteagal 9 a dhíothú nó a mhaolú, rioscaí ar a n-áirítear éifeachtaí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus na mbeart atá dírithe ar an éileamh;
plean éigeandála ina mbeidh na bearta a bheidh le déanamh chun an tionchar a bheadh ag suaitheadh soláthair gáis a dhíothú nó a mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 10.
Déanfaidh gach Ballstát sa ghrúpa riosca na caibidlí réigiúnacha a fhorbairt go comhpháirteach sula gcuirfear isteach sna pleananna náisiúnta faoi seach iad. Gníomhóidh an Coimisiún mar éascaitheoir chun go mbeidh na caibidlí réigiúnacha, le chéile, in ann slándáil an tsoláthair gáis a fheabhsú san Aontas, agus nach n-eascróidh aon chontrárthacht astu, agus chun aon bhac ar an gcomhar a shárú.
Beidh sna caibidlí réigiúnacha bearta iomchuí agus éifeachtacha trasteorann, lena n-áirítear i ndáil le stóráil gáis agus GNL, faoi réir comhaontú idir na Ballstáit sin a dhéanfaidh na bearta ón ngrúpa riosca céanna nó ó na grúpaí riosca céanna a ndéanann an beart difear dóibh a chur chun feidhme ar bhonn an ionsamhlúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus ar bhonn an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn.
Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhú an phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus an phlean éigeandála, go háirithe chun an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla laistigh de ghrúpa riosca ar chomhaontú maidir le sásra comhair, molfaidh an Coimisiún sásra comhair don ghrúpa riosca sin. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an sásra comhair don ghrúpa riosca sin agus aird á tabhairt acu ar an togra ón gCoimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme an phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus an phlean éigeandála.
Cúig mhí ar a dhéanaí roimh an spriocdháta chun na dréachtphleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na dréachtphleananna éigeandála a thíolacadh, malartóidh údaráis inniúla gach grúpa riosca na dréachtphleananna sin ina mbeidh tograí le haghaidh comhair.
Comhaontóidh na Ballstáit uile sa ghrúpa riosca na leaganacha críochnaitheacha de na caibidlí réigiúnacha dá dtagraítear i mír 3. Beidh sna pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus sna pleananna éigeandála freisin na bearta náisiúnta is gá chun na bearta trasteorann a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú sna caibidlí réigiúnacha.
Laistigh de cheithre mhí ón am a dtabharfaidh na húdaráis inniúla an fógra, déanfaidh an Coimisiún na pleananna a mheasúnú, agus aird á tabhairt aige ar na tuairimí arna gcur in iúl sa GCG.
Tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh don údarás inniúil ina mbeidh moladh plean um ghníomhaíocht choisctheach nó plean éigeandála a athbhreithniú má tá feidhm ag ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:
níl sé éifeachtach i dtaca leis na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca a mhaolú;
níl sé i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha riosca a measúnaíodh nó le pleananna de chuid Ballstáit eile nó de chuid grúpa riosca;
ní chomhlíonann sé an ceanglas a leagtar síos i mír 1 gan saobhadh míchuí a dheanamh ar iomaíocht ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh;
ní chomhlíonann sé forálacha an Rialacháin seo nó forálacha eile dhlí an Aontais.
I gcás easaontas a bhaineann le gnéithe dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de cheithre mhí tar éis don údarás inniúil freagra a thabhairt, a iarraidh a tharraingt siar nó féadfaidh sé an t-údarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, GCG, a thionól, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe atá aige maidir le haon leasú a iarraidh ar an bplean um ghníomhaíocht choisctheach nó ar an bplean éigeandála. Tabharfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann aird iomlán ar fháthanna mionsonraithe an Choimisiúin.
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, gan mhoill, an plean leasaithe um ghníomhaíocht choisctheach nó an plean éigeandála leasaithe a leasú agus a chur ar fáil don phobal.
I gcás ina gclaonfaidh seasamh críochnaitheach an údaráis inniúil lena mbaineann ó fháthanna mionsonraithe an Choimisiúin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin an t-údar is bunús lena sheasamh a sholáthar agus a chur ar fáil don phobal, mar aon lena sheasamh agus le fáthanna mionsonraithe an Choimisiúin, laistigh de 2 mhí tar éis fáthanna mionsonraithe an Choimisiúin a fháil.
Airteagal 8a
Bearta maidir leis an gcibearshlándáil
Airteagal 9
Inneachar na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach
Beidh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach:
torthaí an mheasúnaithe riosca mar aon le hachoimre ar na cásanna eiseamláireacha a breithníodh faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (c) d'Airteagal 7(4).
an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint agus an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi sa dara fomhír d'Airteagal 6(1);
na bearta, toirteanna agus acmhainní is gá chun na caighdeáin bonneagair agus soláthair gáis a chomhlíonadh, mar a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid is féidir le bearta atá dírithe ar an éileamh cúiteamh leordhóthanach a thabhairt, go tráthúil, as suaitheadh an tsoláthair gáis dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an bonneagar gáis comhleasa is mó a shainaithint i gcás ina gcuirfear Airteagal 5(3) i bhfeidhm, na toirteanna gáis is gá in aghaidh an chatagóire de chustaiméirí atá faoi chosaint agus in aghaidh an cháis eiseamláirigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), agus aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe faoi Airteagal 6(2), lena n-áirítear aon údar a léiríonn go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) agus tuairisc ar shásra lena laghdaítear go sealadach aon chaighdeán soláthair gáis méadaithe nó aon oibleagáid bhreise i gcomhréir le hAirteagal 11(3);
oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha, ar ghnóthais leictreachais, i gcás inarb iomchuí, agus ar chomhlachtaí ábhartha eile ar dócha tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le hoibriú sábháilte an chórais gáis;
bearta coisctheacha eile arna gceapadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca amhail mar shampla, na cinn a bhaineann leis an ngá feabhas a chur ar na hidirnaisc idir Ballstáit chomharsanacha, chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh, cnapaireacht acmhainne a chosc, agus chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus leis an bhféidearthacht bealaí gáis agus foinsí soláthair gáis a éagsúlú, mar aon le húsáid réigiúnach acmhainne stórála agus GNL atá ann cheana, más iomchuí, ionas go ndéanfar an soláthar gáis a choimeád ar bun do gach custaiméir a mhéid is féidir;
faisnéis faoi thionchar eacnamaíoch, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart a bheidh sa phlean, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);
tuairisc ar éifeachtaí na mbeart sa phlean maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus margaí náisiúnta, lena n-áirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);
tuairisc ar thionchar na mbeart ar an gcomhshaol agus ar chustaiméirí;
na sásraí a úsáidfear le haghaidh comhar le Ballstáit eile, lena n-áirítear na sásraí chun pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú agus a chur chun feidhme;
faisnéis faoi na hidirnaisc agus an bonneagar atá ann cheana agus faoi na hidirnaisc agus an bonneagar a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear na hidirnaisc agus an bonneagar sin a sholáthraíonn rochtain ar an margadh inmheánach, ar shreafaí trasteorann, ar rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus ar shaoráidí GNL agus ar an acmhainn dhéthreoch, go háirithe i gcás éigeandála;
faisnéis faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go léir a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis;
faisnéis ar bhearta a bhaineann leis an gcibearshlándáil, dá dtagraítear in Airteagal 8a.
Faisnéis ríthábhachtach a bhaineann le pointe (a), le pointe (c) agus le pointe (d) den chéad fhomhír, ar faisnéis í a d'fhéadfadh slándáil an tsoláthair gáis a chur i gcontúirt dá nochtfaí í, féadfar í a eisiamh.
Cuimseofar an méid seo a leanas ar a laghad i measúnú tionchair de bhun mhír 6:
an tionchar féideartha ar fhorbairt an mhargaidh náisiúnta gáis agus ar an iomaíocht ar an leibhéal náisiúnta;
an tionchar féideartha ar an margadh inmheánach gáis;
an tionchar féideartha ar shlándáil sholáthar gáis na mBallstát comharsanachta, go háirithe i gcás na mbeart sin a d'fhéadfadh an leachtacht sna margaí réigiúnacha a laghdú nó bac a chur ar shreafaí i dtreo na mBallstát comharsanachta;
na costais agus na sochair, a dhéantar a mheasúnú i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe malartacha;
measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe féideartha;
tuiscint ar an amhlaidh an ndéanann an beart comhdheiseanna a áirithiú do gach rannpháirtí sa mhargadh;
straitéis i gcomhair céimniú amach, an t-achar ama chun an beart atá beartaithe a dhéanamh agus amscála iomchuí le haghaidh athbhreithniú.
Is é an t-údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an anailís dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b). Déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú tionchair a chur ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith.
Ní thiocfaidh an beart arna ghlacadh i bhfeidhm ach amháin nuair a dhéanfaidh an Coimisiún é a fhormheas nó go dtí go ndéanfar é a leasú i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún.
Is ar an lá tar éis an dáta a bhfaighfear fógra críochnaitheach a thosóidh an tréimhse 4 mhí. Féadfaidh an tréimhse 4 mhí a fhadú le toiliú an Choimisiúin agus an údaráis inniúil araon.
Is ar an lá tar éis an dáta a gheofar fógra críochnaitheach a thosóidh an tréimhse 4 mhí. Féadfaidh an tréimhse4 mhí a fhadú le toiliú an Choimisiúin agus an údaráis inniúil araon.
Airteagal 10
Inneachar na bpleananna éigeandála
Déanfaidh an plean éigeandála:
forbairt ar na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
ról agus freagrachtaí na ngnóthas gáis nádúrtha, na n-oibreoirí córais tarchurtha don leictreachas, más ábhartha, agus na gcustaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais ábhartha, a shainiú agus a mhéid a chuireann suaitheadh an tsoláthair gáis isteach orthu á chur san áireamh, mar aon leis an idirghníomhú leis na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis rialála náisiúnta ag gach ceann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
ról agus freagrachtaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí eile a ndearnadh cúraimí a tharmligean chucu, dá dtagraítear in Airteagal 3(2), a shainiú ar gach ceann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
a áirithiú go dtabharfar deis leordhóthanach do ghnóthais gáis nádúrtha agus do chustaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí ábhartha leictreachais, freagairt a thabhairt ar na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
i gcás inarb iomchuí, na bearta agus na gníomhaíochtaí a shainaithint a bheidh le déanamh chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar théamh ceantair agus ar an soláthar gáis leictreachais a ghintear ó ghás, lena n-airítear trí bhreathnú ar bhealach comhtháite ar oibríochtaí na gcóras fuinnimh, idir leictreachas agus ghás, más ábhartha;
nósanna imeachta mionsonraithe agus bearta mionsonraithe a bhunú a bheidh le leanúint i gcás na leibhéal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;
bainisteoir géarchéime a ainmniú agus a ról a shainiú;
rannchuidiú na mbeart margadhbhunaithe a shainaithint chun déileáil leis an staid ar an leibhéal foláirimh agus chun an staid a mhaolú ar an leibhéal éigeandála;
rannchuidiú na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus atá beartaithe le bheith curtha chun feidhme nó a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal éigeandála a shainaithint, agus measúnú a dhéanamh ar an méid is gá na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe sin a úsáid chun dul i ngleic le géarchéim. Déanfar measúnú ar éifeachtaí na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus déanfar nósanna imeachta lena gcur chun feidhme a shainiú. Ní úsáidfear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe ach amháin nuair nach féidir le sásraí margadhbhunaithe amháin soláthairtí a áirithiú a thuilleadh, go háirithe soláthairtí do chustaiméirí faoi chosaint, nó chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm;
tuairisc a thabhairt ar na sásraí a úsáidtear le haghaidh comhar le Ballstáit eile le haghaidh na leibhéal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus ar shocruithe maidir le malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla;
na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na gnóthais leictreachais ar an leibhéal foláirimh agus ar an leibhéal éigeandála a mhionsonrú;
tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla nó dlíthiúla atá i bhfeidhm chun tomhaltas míchuí gáis na gcustaiméirí atá nasctha le gréasán dáileacháin nó tarchurtha gáis ach nach custaiméirí atá faoi chosaint iad a chosc;
tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais atá i bhfeidhm chun na hoibleagáidí dlúpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 13 a chur i bhfeidhm;
meastachán a thabhairt ar na toirteanna gáis a d'fhéadfadh custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a thomhailt a chumhdóidh ar a laghad na cásanna a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 6(1);
liosta a bhunú de ghníomhaíochtaí réamhshainithe chun go mbeidh gás ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a mbeidh baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus na sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí sin, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht faisnéise íogaire. D'fhéadfadh comhaontuithe trasteorann idir Ballstáit agus/nó gnóthais gáis nádúrtha a bheith i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin.
D'fhonn tomhaltas míchuí gáis a sheachaint le linn éigeandála, dá dtagraítear i bpointe (l) den chéad fhomhír, nó le linn chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus in Airteagal 13, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann in iúl do na custaiméirí sin nach bhfuil faoi chosaint iad go gceanglaítear orthu cor dá dtomhaltas gáis nó é a laghdú gan staideanna a bheadh neamhshábháilte go teicniúil a chruthú.
Airteagal 11
Géarchéim a fhógairt
Seo a leanas na 3 leibhéal géarchéime a bheidh ann:
leibhéal luathrabhaidh (“luathrabhadh”): i gcás ina mbeidh faisnéis nithiúil, dháiríre agus iontaofa ann go bhféadfadh teagmhas tarlú ar dóigh dó a bheith ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis agus ar dóigh gurb é a leanfadh as an leibhéal foláirimh nó an leibhéal éigeandála a ghníomhachtú; féadfar an leibhéal luathrabhaidh a ghníomhachtú le sásra luathrabhaidh;
leibhéal foláirimh (“foláireamh”): i gcás ina mbeidh suaitheadh sa soláthar gáis nó éileamh ard urghnách ar ghás ann, a bheidh ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis, ach an margadh a bheith fós in ann an suaitheadh sin nó an t-éileamh sin a bhainistiú gan gá dul i muinín beart nach bhfuil margadhbhunaithe;
leibhéal éigeandála (“éigeandáil”): i gcás éileamh ard urghnách ar ghás, nó suaitheadh suntasach sa soláthar gáis nó meath suntasach eile i staid an tsoláthair gáis agus i gcás ina mbeifear tar éis na bearta margadhbhunaithe uile a chur chun feidhme ach nach leordhóthanach an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh gáis a bheidh fágtha sa chaoi nach mór bearta breise nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach, go háirithe d'fhonn soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint a choimirciú i gcomhréir le Airteagal 6.
Scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo d'fheidhm a bheith acu a luaithe a chuirfidh an t-údarás inniúil deireadh leis an bhfógra éigeandála, nó a luaithe a chinneann an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 8, nach bhfuil údar leis an bhfógra éigeandála, nó nach bhfuil údar leis a thuilleadh.
Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, na húdaráis inniúla:
nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfidh srian míchuí ar an sreabhadh gáis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth;
nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus
go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte, i gcomhréir leis an bplean éigeandála.
Le linn éigeandála agus ar fhorais réasúnacha, arna iarraidh sin don oibreoir ábhartha córais tarchurtha leictreachais nó gáis, féadfaidh Ballstát a chinneadh tosaíocht a thabhairt don soláthar gáis do ghléasraí ríthábhachtacha áirithe cumhachta gásadhainte seachas don soláthar gáis do chatagóirí áirithe de chustaiméirí atá faoi chosaint más amhlaidh, mar thoradh ar an easpa soláthair gáis do na gléasraí ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte sin:
go bhféadfaí damáiste tromchúiseach a dhéanamh d'fheidhmiú an chórais leictreachais; nó
go gcuirfí bac ar tháirgeadh gáis agus/nó ar iompar gáis.
Déanfaidh na Ballstáit aon bheart den sórt sin a bhunú ar an measúnú riosca.
Déanfar na gléasraí ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint go soiléir mar aon leis na toirteanna gáis féideartha a bheadh faoi réir beart den sórt sin agus a chuirfí san áireamh i gcaibidlí réigiúnacha na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála. Déanfar iad a shainaithint i ndlúthchomhar le hoibreoirí córais tarchurtha chóras leictreachais agus chóras gáis an Bhallstáit lena mbaineann.
De mhaolú ar Airteagal 6(1), (2) agus (3), Airteagal 6b(1), an tríú fomhír, pointe (a), Airteagal 6c(2), an dara fomhír, pointe (b), agus Airteagal 10(1), pointe (l), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn eisceachtúil, bearta sealadacha a ghlacadh chun tomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú, go háirithe i gcás ina ndearbhaítear ceann de na leibhéil ghéarchéime de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais de bhun Airteagal 12. Beidh bearta sealadacha den sórt sin teoranta do thomhaltas neamhriachtanach gáis agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh iontu:
tionchar an tsuaite ar shlabhraí soláthair atá criticiúil don tsochaí;
na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile, go háirithe ar shlabhraí soláthair na n-earnálacha iartheachtacha atá criticiúil don tsochaí;
an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha;
na féidearthachtaí maidir le tomhaltas a laghdú agus táirgí ionadacha a úsáid san Aontas.
Ní fhéadfar bearta eisceachtúla den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla maidir leis na coinníollacha chun na toirteanna neamhriachtanacha gáis sin a chinneadh.
Mar thoradh ar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, seachnófar an laghdú ar thomhaltas neamhriachtanach gáis ag custaiméirí leochaileacha, mar a shainmhíníonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2024/1788.
Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an t-údarás inniúil na bearta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás deireanach sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú, féadfaidh sé an t-údarás inniúil lena mbaineann nó, más iomchuí, na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, más é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá leis, GCG a thionól. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnú ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an t-údarás inniúil na fáthanna is bonn leis an gcinneadh sin.
Airteagal 12
Freagairtí éigeandála réigiúnacha agus Aontais
Fógróidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, de réir mar is iomchuí, arna iarraidh sin do 2 údarás inniúla ar a laghad a mbeidh éigeandáil fógartha acu agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(8), agus i gcás ina mbeidh nasc idir cúiseanna na n-éigeandálaí sin.
I ngach cás, nuair a fhógróidh sé éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, déanfaidh an Coimisiún, trí úsáid a bhaint as an modh cumarsáide is oiriúnaí don staid, tuairimí na n-údarás inniúil eile a bhailiú agus tabharfaidh sé dá aire go cuí an fhaisnéis ábhartha uile arna soláthar ag na húdaráis inniúla eile. Nuair a chinneann an Coimisiún, tar éis measúnaithe, nach bhfuil údar ann a thuilleadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais a fhógairt, fógróidh sé go bhfuil deireadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais agus tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoina chinneadh.
I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht na n-údarás inniúil a chomhordú, agus aird iomlán á tabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha ón gcomhairliúchán leis GCG agus ar na torthaí a éireoidh as. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
malartú faisnéise a áirithiú;
comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i dtaca leis an ngníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal réigiúnach i gcoibhneas le leibhéal an Aontais;
na gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le tríú tíortha.
Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas:
nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfidh srian míchuí ar an sreabhadh gáis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth, go háirithe an sreabhadh gáis go dtí na margaí a mbeidh difear á ndéanamh dóibh;
nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus
go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte, i gcomhréir leis an bplean éigeandála.
Laistigh de 3 lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an Ballstáit nó an t-údarás inniúil a ghníomhaíocht agus cuirfidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna a n-easaontaíonn sé leis an iarraidh. Sa dara cás, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 lá tar éis dó bheith curtha ar an eolas, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó féadfaidh sé an Ballstát nó an t-údarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, GCG a thionól chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon mhodhnuithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Modhnóidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil a ghníomhaíocht nó déanfaidh sé beart chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 5 a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte ar mhaithe le sláine an chórais gáis. Cuirfidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a glacadh.
Airteagal 13
Dlúthpháirtíocht
In imthosca eisceachtúla agus ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón oibreoir ábhartha córais tarchurtha leictreachais nó gáis ar a údarás inniúil, féadfar leanúint freisin de ghás a sholáthar do ghléasraí áirithe ríthábhachtacha cumhachta gásadhainte mar a shainítear de bhun Airteagal 11(7) iad sa Bhallstát a bhfuil an dlúthpháirtíocht á soláthar, más rud é go ndéanfaí damáiste tromchúiseach d'fheidhmiú an chórais leictreachais nó go gcuirfí bac ar tháirgeadh gáis agus/nó ar iompar gáis mura ndéanfaí gás a sholáthar do na gléasraí sin.
Déanfar beart dlúthpháirtíochta mar rogha dheiridh agus beidh feidhm aige ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith an Bhallstáit iarrthaigh:
dhearbhaigh sé stádas éigeandála faoi Airteagal 11;
ní raibh sé in ann an t-easnamh sa soláthar gáis dá custaiméirí atá faoi chosaint a chumhdach d’ainneoin chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 11(3) nó i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach ag custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 11(7a), na toirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;
na bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha) ar fad, na bearta neamh-mhargadhbhunaithe ar fad (bearta éigeantacha) agus bearta eile atá ina phlean éigeandála a bheith ídithe aige;
thug sé fógra faoi iarraidh shainráite don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát go léir lena mbaineann lena bhfuil nasc aige go díreach nó, de bhun mhír 2, trí thríú tír, agus tuairisc ar na bearta a cuireadh chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo in éineacht leis an iarraidh.
I gcás nach leor na bearta margadhbhunaithe don Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht chun an t-easnamh sa soláthar gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach a chumhdach, féadfaidh an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach d’fhonn na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a chomhlíonadh.
Soláthrófar an dlúthpháirtíocht faoin Rialachán seo ar bhonn cúitimh. Íocfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht go pras, nó áiritheoidh sé go n-íocfar go pras, cúiteamh cóir leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht.
I gcás inar tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá de bhun mhír 10 (comhaontú dlúthpháirtíochta), cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad leis an gcúiteamh cóir sin:
an gás a sheachadtar chuig críoch an Bhallstáit iarrthaigh;
gach costas ábhartha agus réasúnta eile a thabhaítear agus an dlúthpháirtíocht á soláthar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, costais na mbeart sin, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe roimh ré;
aisíocaíocht ar aon chúiteamh a eascraíonn as imeachtaí breithiúnacha, imeachtaí eadrána, nó imeachtaí agus socraíochtaí comhchosúla agus costais ghaolmhara —imeachtaí den sórt sin lena bhfuil baint ag an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht i leith eintitis a bhfuil baint acu le soláthar dlúthpháirtíocht den sórt sin.
San áireamh leis an gcúiteamh cóir de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, beidh, inter alia, na costais réasúnta uile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc de bhua na gceart bunúsach a ráthaítear le dlí an Aontais agus de bhua na n-oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme, mar aon le costais bhreise réasúnta a thabhaítear agus cúiteamh á íoc de bhun na rialacha náisiúnta cúitimh.
Glacfaidh na mBallstáit na bearta is gá, go háirithe na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais de bhun mhír 10, chun an chéad, an dara agus an tríú fomhír den mhír seo a chur chun feidhme. Le bearta den sórt sin, féadfar foráil a dhéanamh do na socruithe praiticiúla maidir le híocaíocht phras.
Ní rachaidh an cúiteamh as an mbeart dlúthpháirtíochta thar chostais réasúnacha. Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a mhalairt, beidh an méid seo a leanas san áireamh sa chúiteamh:
an praghas ar ghás sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht;
na costais stórála agus iompair;
costais dlíthíochta le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó eadrána gaolmhara ina bhfuil an Ballstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht páirteach;
costais indíreacha eile nach gcumhdaítear leis an bpraghas ar ghás, cosúil le haisíocaíocht damáistí airgeadais nó damáistí eile a eascraíonn as sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht custaiméirí a bhaineann le soláthar dlúthpháirtíochta.
Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát atá ag soláthar na dlúthpháirtíochta ar phraghas eile, beidh praghas an gháis a sholáthraítear don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ag freagairt do phraghas an mhargaidh lá roimh ré sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht nó an praghas margaidh lá roimh ré comhfhreagrach ag an malartú is gaire inrochtana, ag an bpointe trádála fíorúil malairte inrochtana is gaire, nó ag mol comhaontaithe an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht. Cúiteamh ar na toirteanna gáis a sheachadtar i gcomhthéacs iarrata dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht é a íoc go díreach leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó leis an eintiteas a shonraíonn an dá Bhallstát ina bhfreagra ar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh.
Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta dírithe air an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an t-am seachadta a sonraíodh don iarraidh. Féadfaidh Ballstát diúltú dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ar choinníoll go léiríonn an Ballstát a ndéantar an iarraidh air an méid seo a leanas:
nach bhfuil dóthain gáis aige i gcomhair na dtoirteanna atá le soláthar do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht; nó
nach bhfuil acmhainn idirnaisc leordhóthanach ar fáil aige, mar a leagtar amach in Airteagal 13(7), nó go bhfuil sreafaí gáis srianta trí thríú tír.
Beidh diúltú den sórt sin teoranta go docht do na toirteanna gáis a ndéanann ceann amháin nó an dá cheann de na srianta dá dtagraítear sa cheathrú fomhír difear dóibh.
Sa bhreis ar na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo, féadfaidh na Ballstáit socruithe teicniúla agus an comhordú ar sholáthar na dlúthpháirtíochta a chomhaontú. Beidh an mhír seo gan dochar do shocruithe atá ann cheana maidir le hoibriú sábháilte iontaofa an chórais gáis.
I gcás nár chomhaontaigh dhá Bhallstát na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun mhír 10 trí bhíthin comhaontú dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann na bearta dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm iarraidh ar dhlúthpháirtíocht a eisiúint do Bhallstát eile, ina léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit;
i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála oibreoirí córais tarchuir ábhartha an Bhallstáit;
i gcás inarb ábhartha, sonraí teagmhála an tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit;
tréimhse seachadta lena n-áirítear uainiú an chéad seachadta fhéideartha agus fad measta na seachadtaí;
na pointí seachadta agus idirnaisc;
toirt an gháis in kWh do gach pointe idirnaisc;
caighdeán an gháis.
Seolfar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht go comhuaineach chuig na Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith in ann bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g).
Seolfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh dlúthpháirtíochta freagra ina léireofar na sonraí teagmhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), agus an toirt agus an cháilíocht is féidir a sholáthar do na pointí idirnaisc ag an am a iarrtar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) go (g). Mura leor an toirt is féidir a sholáthar trí bhearta deonacha, léireofar sa fhreagairt an toirt a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chiorrú féideartha, ar scaoileadh stoc straitéiseach nó ar chur i bhfeidhm beart eile.
Déanfar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht a chur isteach 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta sonraithe do ghás.
Beidh éifeacht ag an bhfreagairt ar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht laistigh de 18 uair an chloig. Beidh éifeacht ag an dearbhú maidir leis an toirt atá le glacadh ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht laistigh de 6 huaire an chloig tar éis an tairiscint dlúthpháirtíochta a fháil agus ar a laghad 24 uair an chloig roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Féadfar an iarraidh a chur isteach ar feadh tréimhse lae nó roinnt laethanta, agus beidh an freagra ag teacht leis an bhfad a iarradh. I gcás ina bhfuil roinnt Ballstát ag soláthar na dlúthpháirtíochta agus ina bhfuil socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ag ceann amháin nó níos mó acu, ba cheart tosaíocht a bheith ag na socruithe sin idir na Ballstáit a bhfuil comhaontú déthaobhach acu. Ní bheidh na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo infheidhme ach amháin i ndáil leis na Ballstáit eile a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.
Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme dlúthpháirtíochta a éascú, go háirithe trí bhíthin teimpléid atá inrochtana ar ardán slán ar líne chun gur féidir iarrataí agus tairiscintí a tharchur i bhfíor-am.
I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ar chomhaontú maidir le ríomh mhéid deiridh an chúitimh chóir, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ábhartha, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill. Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal iomchuí an chúitimh chóir as na costais indíreacha mar thoradh ar an dlúthpháirtíocht a sholáthar a ríomh agus tabharfaidh sí tuairim fhíorasach laistigh de thrí 3 ó dháta an tarchuir chuig an nGníomhaireacht. Sula ndéanfar tuairim fhíorasach den sórt sin a sholáthar, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis húdaráis inniúla ábhartha.
Féadfar síneadh 2 mhí sa bhreis a chur leis an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír má iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Rachfar i gcomhairle leis an mBallstát iarrthach agus tabharfaidh sé a thuairim ar thabhairt i gcrích an rialaithe ex post. Tar éis an Chomhairliúcháin leis an mBallstát iarrthach, tá an t-údarás a dhéanann an rialú ex post sin i dteideal ceartú ar mhéid an chúitimh a cheangal, agus tuairim an Bhallstáit iarrthaigh á tabhairt san áireamh. Déanfar conclúidí an rialaithe ex post sin a tharchur chuig an gCoimisiún, a chuirfidh san áireamh iad ina thuarascáil ar an éigeandáil de bhun Airteagal 14(3).
Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar gás do chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht sa Bhallstát iarrthach i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus déanfaidh siad a ndícheall teacht ar chomhaontú maidir le socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais. Déanfar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chomhaontú idir na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu lena chéile nó, i gcomhréir le mír 2, a bhfuil nasc eatarthu trí thríú tír, agus tuairisceofar iad sna pleananna éigeandála faoi seach a bheidh acu. Féadfar na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chuimsiú sna socruithe sin:
sábháilteacht oibríochtúil na líonraí;
cur i bhfeidhm praghsanna gáis agus an mhodheolaíocht chun iad a shocrú, agus aird á tabhairt ar an tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh;
idirnaisc a úsáid, lena n-áirítear acmhainn dhéthreoch agus gás a stóráil faoi thalamh;
na toirteanna gáis nó an mhodheolaíocht chun iad a shocrú;
catagóirí na gcostas a chaithfear a chumhdach trí chúiteamh cothrom, pras, a bhféadfaí damáistí do thionsclaíocht chiorraithe a bheith ar áireamh ann;
léiriú ar conas a d’fhéadfaí an cúiteamh cóir a ríomh.
Beidh ar áireamh sa socrú airgeadais a chomhaontaítear idir na Ballstáit sula n-iarrtar an dlúthpháirtíocht forálacha lenar féidir an cúiteamh cóir a ríomh i leith na gcostas ábhartha réasúnta uile, ar a laghad, a thabhaítear agus dlúthpháirtíocht á soláthar agus gealltanas go n-íocfar an cúiteamh sin.
Soláthrófar, le sásra cúitimh ar bith, dreasachtaí chun páirt a ghlacadh i réitigh mhargadhbhunaithe amhail ceantanna agus sásraí maidir le freagairt ar éileamh. Ní chruthófar dreasachtaí saobha leis, lena n-áirítear i dtéarmaí airgeadais, do rannpháirtithe sa mhargadh chun a gcuid gníomhaíochta a chur siar go dtí go gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm. Déanfar gach sásra cúitimh, nó achoimre orthu ar a laghad, a áireamh sna pleananna éigeandála.
I gcás ina dtiocfaidh costais réasúnacha nua shuntasacha chun cinn, mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha de bhun mhír 8, an dara fomhír, pointe (c), tar éis an rialú ex post a thabhairt i gcrích, cuirfidh an Ballstát is soláthraí an Ballstát iarrthach ar an eolas láithreach. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, an Ghníomhaireacht, rialú ex post nua de bhun mhír 8c. Tá toradh an rialaithe nua ex post sin gan dochar don oibleagáid atá ar Bhallstát is soláthraí cúiteamh a thabhairt do chustaiméirí faoin dlí náisiúnta agus don cheart atá acu cúiteamh cóir a fháil.
▼M3 —————
Airteagal 13a
Comhar idir na Ballstáit a bhfuil nasc indíreach acu agus a úsáideann bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha)
Déanfar iarrataí de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo a chur faoi bhráid na mBallstát a bhfuil nasc indíreach acu agus a d’fhéadfadh a bheith in ann toirteanna gáis a sholáthar ar bhonn bearta deonacha, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Áireofar sna hiarrataí sin ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(8b).
Na Ballstáit a gheobhaidh an iarraidh de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo, tabharfaidh siad freagra don Bhallstát iarrthach, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), ar an eolas laistigh de 18 n-uair an chloig, agus cuirfidh siad in iúl an féidir leo tairiscint a dhéanamh le haghaidh toirteanna gáis ar bhonn bearta deonacha. Áireofar sa fhreagra ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(8a). Féadfaidh na Ballstáit freagairt trína léiriú nach bhfuil siad in ann rannchuidiú le bearta margadhbhunaithe a úsáid.
Nuair is mó suim na dtoirteanna gáis de thoradh na dtairiscintí de bhun Airteagal 13(1) agus (2) agus na dtairiscintí de bhun an Airteagail seo ná na toirteanna a éilítear, cuirfear tairiscintí de bhun an Airteagail seo san áireamh le linn roghnú na dtairiscintí de bhun Airteagal 13(4), agus déanfaidh an Ballstát iarrthach, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit uile lena mbaineann, an tairiscint is buntáistí, nó meascán de thairiscintí i measc tairiscintí de bhun Airteagal 13 nó an Airteagail seo, a lorg ar bhonn costais, luas seachadta, iontaofachta agus éagsúlaithe. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit iarrthacha ranníocaíochtaí faoin Airteagal seo, laghdófar an iarraidh de bhun Airteagal 13(1) agus (2) dá réir sin.
Cuirfidh an Ballstát iarrthach in iúl do na Ballstáit lena mbaineann cé na toirteanna a roghnaigh sé laistigh de 6 huaire an chloig tar éis dó an tairiscint a fháil agus ar a laghad 24 uair an chloig roimh an am seachadta gáis atá luaite.
Airteagal 14
Malartú faisnéise
I gcás inar fhógair Ballstát aon cheann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), déanfaidh na gnóthais gáis nádúrtha lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas go háirithe a chur ar fáil d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann ar bhonn laethúil:
réamhaisnéisí do na 3 lá ina dhiaidh sin faoin soláthar laethúil gáis agus faoin éileamh laethúil gáis i milliún méadair chiúbacha in aghaidh an lae (mmc/d);
an sreabhadh laethúil gáis ag na pointí iontrála agus fágála trasteorann go léir agus, chomh maith leis sin, ag na pointí go léir a nascann saoráid táirgthe, saoráid stórála nó críochfort GNL leis an ngréasán, i milliún méadair chiúbacha in aghaidh an lae (mmc/d);
an tréimhse, arna sloinneadh i laethanta, ar lena linn atáthar ag súil gur féidir an soláthar gáis sin a áirithiú do na custaiméirí atá faoi chosaint.
I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dó gan mhoill:
an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1;
faisnéis faoi na bearta a bheartaítear a dhéanamh agus faoi na bearta sin atá curtha chun feidhme cheana féin ag an údarás inniúil chun an éigeandáil a mhaolú, agus faisnéis faoi éifeachtacht na mbeart sin;
na hiarrataí atá déanta ar bhearta breise a bheidh le déanamh ag údaráis inniúla eile;
na bearta atá curtha chun feidhme arna iarraidh sin d'údaráis inniúla eile.
Déanfaidh an Coimisiún anailís ar mheasúnuithe na n-údarás inniúla agus cuirfidh sé na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus GCG ar an eolas maidir le torthaí a anailíse i bhfoirm chomhiomlán.
Le gur féidir leis na húdaráis inniúla agus an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar shlándáil staid an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, déanfaidh gach gnóthas gáis nádúrtha fógra a thabhairt:
don údarás inniúil lena mbaineann faoi na sonraíochtaí seo a leanas maidir le conarthaí soláthair gáis a bhfuil gné trasteorann acu agus a mhaireann níos faide ná bliain amháin, ar conarthaí iad a thug sé i gcrích chun gás a fháil:
fad an chonartha;
toirteanna bliantúla conarthaithe;
toirteanna conraithe laethúla uasta i gcás práinne nó éigeandála;
pointí seachadta conraithe;
toirteanna íosta laethúla agus míosúla gáis;
coinníollacha is gá chun seachadtaí gáis a chur ar fionraí;
léiriú i dtaobh an ionann an conradh, ar bhonn aonair nó i dteannta a chuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus an tairseach de 28 % dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 6 sa Bhallstát is mó a ndéantar difear dó, nó an níos mó ná an tairseach sin é;
d'údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó, go díreach tar éis iad a thabhairt i gcrích nó a mhodhnú, faoina chonarthaí soláthair gáis ar faide a ré ná aon bhliain, arna dtabhairt i gcrích nó arna modhnú an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, arb ionann iad, ar bhonn aonair nó i dteannta a gcuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus 28 % nó níos mó den tomhaltas bliantúil gáis sa Bhallstát sin, a ríomhfar ar bhonn na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil. Lena chois sin, faoin 2 Samhain 2018, tabharfaidh gnóthais gáis nádúrtha fógra don údarás inniúil faoi gach conradh atá ann cheana lena bhfuil na coinníollacha céanna á gcomhlíonadh. Ní chumhdófar faisnéis faoi na praghsanna leis an oibleagáid fógra a thabhairt agus ní bheidh feidhm aici maidir leis na modhnuithe a mbeidh baint acu le praghas an gháis amháin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le gach comhaontú tráchtála atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích seachas faisnéis faoi na praghsanna;
don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoin bhfaisnéis seo a leanas a bhaineann le conarthaí soláthair gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise:
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );
faisnéis faoi na cainníochtaí atá le soláthar agus le tógáil, lena n-áirítear solúbthacht fhéideartha faoi fhorálacha lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta nó forálacha lena ngabhann dearbhoibleagáid seachadta;
sceidil seachadta (GNL) nó ainmniúcháin (gás píblíne);
solúbthacht chonarthach fhéideartha a bhaineann leis na cainníochtaí bliantúla ar conradh, lena n-áirítear cainníochtaí chun an difríocht a dhéanamh suas;
coinníollacha le haghaidh seachadtaí gáis a chur ar fionraí nó deireadh a chur leo, lena n-áirítear forálacha force majeure;
faisnéis faoi cén dlí a rialaíonn an conradh agus cén sásra eadrána a roghnaíodh;
príomhghnéithe aon chomhaontuithe tráchtála eile atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích, seachas faisnéis faoin bpraghas.
Déanfaidh an t-údarás inniúil na sonraí a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a chur in iúl don Choimisiún i bhfoirm anaithnid. I gcás ina dtabharfar conarthaí nua i gcrích nó ina ndéanfar athruithe ar chonarthaí atá ann cheana, déanfar an tsraith iomlán sonraí a chur in iúl don Choimisiún faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair na bliana ábhartha. I gcás ina mbeidh amhras ar an údarás inniúil i dtaobh an gcuireann conradh ar leith a fuarthas faoi phointe (b) den chéad fhomhír slándáil an tsoláthair gáis i mBallstát nó i réigiún i mbaol, tabharfaidh sé fógra faoin gconradh don Choimisiún.
Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír tráth nach déanaí ná an 4 Márta 2026 agus maidir le gach conradh i gcodanna níos lú, lena n-áirítear na codanna ábhartha téacs ina n-iomláine, seachas faisnéis faoin bpraghas, go háirithe i gcás ina bhfuil eolas iomlán ar fhoirmliú na bhforálacha conarthacha ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis nó i gcás ina bhfuil baint ag forálacha conarthacha ar leith lena chéile.
Soláthróidh soláthraithe seirbhísí críochfoirt GNL faisnéis don Choimisiún a bhaineann le seirbhísí arna gcur in áirithe ag custaiméirí ó Chónaidhm na Rúise nó ag custaiméirí faoi rialú gnóthas ó Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear seirbhísí ar conradh, na cainníochtaí atá i gceist agus fad an chonartha.
Airteagal 15
Rúndacht ghairmiúil
Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil maidir leis na daoine seo a leanas a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo:
daoine atá ag obair nó a d'oibrigh don Choimisiún;
iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ón gCoimisiún;
daoine atá ag obair nó a d'oibrigh do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis rialála náisiúnta nó d'údaráis ábhartha eile;
iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ó údaráis inniúla agus ó údaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis ábhartha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 16
Comhar le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh
Airteagal 17
Faireachán an Choimisiúin
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhearta i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis agus tuairisceoidh sé go tráthrialta do GCG.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar neamhchosaint chóras fuinnimh an Aontais ar sholáthairtí gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise agus trí thríú tíortha freisin, go háirithe ar bhonn na faisnéise ar tugadh fógra don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla fúithi i gcomhréir le hAirteagal 14(6), pointe (c).
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a gcuirtear deireadh de réir a chéile le gás de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise faoi Rialachán (AE) 2026/261 ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais ar bhonn na bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán sin agus cuirfidh sé an measúnú uaidh faoi bhráid an Ghrúpa Chomhordaithe Gháis.
Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa tríú mír, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil, ina dtabharfar forléargas cuimsitheach ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit ó thaobh a bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis a chur chun feidhme.
I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis plean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis a bheith curtha isteach, moladh a eisiúint ina sainaithneofar na gníomhaíochtaí agus na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar éagsúlú ar an soláthar gáis ar bhealach slán agus go gcuirfear deireadh tráthúil de réir a chéile le gás de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise.
Ar bhonn an mholta sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann a phlean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis cothrom le dáta laistigh de 3 mhí, agus an moladh ón gCoimisiún á chur san áireamh.
Airteagal 17a
Tuairisciú ón gCoimisiún
Faoin 28 Feabhra 2023 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina mbeidh an méid seo a leanas:
forléargas ar na bearta a rinne na Ballstáit chun na hoibleagáidí stórála a chomhlíonadh;
forléargas ar an méid ama is gá don nós imeachta deimhniúcháin a leagtar amach in Airteagal 3a de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;
forléargas ar na bearta a d’iarr an Coimisiún chun comhlíonadh na gconairí líonta agus na spriocanna líonta a áirithiú;
anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar phraghasanna gáis agus ar na coigiltí gáis a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le hAirteagal 6b(4);
an fhaisnéis faoin sciar gáis de thionscnamh na Rúise atá á stóráil i saoráidí stórála an Aontais, arna soláthar ag na Ballstáit, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, de bhun Airteagal 6d(2).
Airteagal 18
Fógra a thabhairt
Tabharfar fógra don Choimisiún faoin measúnú riosca, faoi na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach, faoi na pleananna éigeandála agus faoi gach doiciméad eile go leictreonach ar an ardán CIRCABC.
Déanfar gach comhfhreagras a mbeidh baint aige le fógra a thabhairt a chur go leictreonach.
▼M4 —————
Airteagal 19
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 20
Maolú
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Málta ná maidir leis an gCipir fad nach mbeidh aon ghás á sholáthar ar a gcríocha faoi seach. Maidir le Málta agus leis an gCipir, déanfar na hoibleagáidí a leagtar síos sna forálacha seo a leanas, agus na roghanna a mbeidh sé de cheart ag na Ballstáit sin a dhéanamh de bhun na bhforálacha sin, a chomhlíonadh agus déanfar sin laistigh den am a shonraítear arna ríomh ón dáta ar a sholáthrófar gás den chéad uair ar a gcríocha sin faoi seach:
i gcás phointe 5 d'Airteagal 2, Airteagal 3(2), Airteagal 7(5) agus phointe (a) d'Airteagal 14(6): 12 mhí;
i gcás Airteagal 6(1): 18 mí;
i gcás Airteagal 8(7): 24 mhí;
i gcás Airteagal 5(4): 36 mhí;
i gcás Airteagal 5(1): 48 mí.
D'fhonn an oibleagáid atá in Airteagal 5(1) a chomhlíonadh, féadfaidh Málta agus an Chipir na forálacha atá in Airteagal 5(2) a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh.
Airteagal 21
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IX.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 1 Samhain 2017.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 13(1) go (6), ag an gcéad mhír agus ag an dara mír d'Airteagal 13(8), agus ag Airteagal 13(14) agus (15) ón 1 Nollaig 2018.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (27) go (31), Airteagail 6a go 6d, Airteagal 16(3), Airteagal 17a, Airteagal 20(4) agus Iarscríbhinn Ib go dtí an 31 Nollaig 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
An comhar réigiúnach
Is iad seo a leanas grúpaí riosca na mBallstát atá mar bhonn don chomhar a mhéid a bhaineann le rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7):
Grúpa riosca soláthair GNL:
An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn.
Grúpa riosca maidir le soláthar gáis ón Muir Thuaidh:
An Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Fhionlainn, an tSualainn.
Grúpa riosca maidir le soláthar gáis ón Afraic Thuaidh:
An Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin.
Grúpa riosca maidir le soláthar gáis ón Oirdheisceart:
An Bhulgáir, an tSeicia, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ostair, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic.
▼M4 —————
IARSCRÍBHINN Ib
Freagracht chomhroinnte maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta
Maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta de bhun Airteagal 6a, comhroinneann Poblacht na Slóvaice agus an tSeicia an fhreagracht a bhaineann le saoráidí stórála Dolní Bojanovice. Tá cóimheas cruinn agus fairsinge na freagrachta sin de chuid Phoblacht na Slóvaice agus na Seicia faoi réir an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir na Ballstáit sin.
Gan dochar d’Airteagal 13 agus i gcomhréir le hAirteagal 11(6), pointe (b), áiritheoidh Poblacht na Slóvaice agus an tSeicia, nuair a fhógraítear géarchéim de bhun an Rialacháin seo, nach dtabharfar isteach aon bhearta a dhéanfaidh difear do shaoráid stórála Dolní Bojanovice ar dócha go gcuirfear staid an tsoláthair gáis i mbaol go mór leo nó go mbainfear an bonn ó chumas gnóthas gáis nádúrtha gás a sholáthar do chustaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir leis an gcaighdeán soláthair gáis náisiúnta.
IARSCRÍBHINN II
Foirmle N – 1 a ríomh
1. Sainmhíniú ar fhoirmle N – 1
Tuairisc is ea foirmle N – 1 ar an méid is féidir le hacmhainn theicniúil an bhonneagair gáis an t-éileamh iomlán ar ghás sa limistéar arna ríomh a shásamh i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.
Is cuid den bhonneagar gáis é an gréasán tarchurtha gáis lena n-áirítear idirnascairí, chomh maith le saoráidí táirgthe, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá nasctha leis an limistéar arna ríomh.
Acmhainn theicniúil na mbonneagar gáis eile uile a mbeidh fáil orthu i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó, beidh sí comhionann, ar a laghad, le suim an éilimh laethúil iomláin ar ghás sa limistéar arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.
Beidh torthaí fhoirmle N – 1, mar atá ríofa thíos, comhionann, ar a laghad, le 100 %.
2. Modh ríofa fhoirmle N – 1
Na paraiméadair a úsáidfear don ríomh, tabharfar tuairisc shoiléir orthu agus údar soiléir leo.
Chun EPm a ríomh, déanfar liosta mionsonraithe de na pointí iontrála agus dá n-acmhainn aonair a sholáthar.
3. Sainmhínithe ar pharaiméadair fhoirmle N – 1
Ciallaíonn “limistéar arna ríomh” limistéar geografach a ríomhtar foirmle N – 1 ina leith, de réir mar a chinnfidh an t-údarás inniúil é.
Ciallaíonn “Dmax ” éileamh laethúil iomlán (in mcm/d) an limistéir arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.
4. Foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh
Ciallaíonn “Deff ”an chuid sin (in mcm/d) de Dmax is féidir a chumhdach go leordhóthanach agus go tráthúil i gcás suaitheadh an tsoláthair gáis le bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 9(1) agus le hAirteagal 5(2).
5. Foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach
Déanfar an limistéar ríofa dá dtagraítear i bpointe 3 a leathnú go dtí an leibhéal réigiúnach iomchuí, i gcás inarb infheidhme é, de réir mar a chinnfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Is féidir an ríomh a leathnú go dtí leibhéal réigiúnach an ghrúpa riosca freisin, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca. Chun foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach, is é an bonneagar gáis comhleasa is mó a úsáidfear. Is é atá sa bhonneagar gáis comhleasa is mó i réigiún an bonneagar gáis is mó sa réigiún sin a chuireann go díreach nó go hindíreach leis an soláthar gáis chuig Ballstáit an réigiúin sin agus déanfar é a shainiú sa mheasúnú riosca.
Féadfar ríomh fhoirmle N – 1 ar leibhéal réigiúnach a úsáid in ionad ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta i gcás ina mbeidh an bonneagar gáis comhleasa is mó ríthábhachtach do gach Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an measúnú riosca comhchoiteann, agus sa chás sin amháin.
Ar leibhéal an ghrúpa riosca, i gcás na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 7(4), is é an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca atá liostaithe in Iarscríbhinn I a úsáidfear.
IARSCRÍBHINN III
Buanacmhainn dhéthreoch
1. Chun na forálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta gníomhú mar údarás inniúil má chinneann an Ballstát sin.
2. Chun acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ar idirnascaire nó chun díolúine ón oibleagáid sin a fháil nó a shíneadh, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha ar an dá thaobh den idirnascaire an méid seo a leanas a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil (“na húdaráis inniúla lena mbaineann”) agus a n-údarás rialála (“na húdaráis rialála lena mbaineann”) tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na hoibreoirí córais tarchurtha uile a d'fhéadfadh go mbainfeadh sé leo:
togra lena gcumasófaí buanacmhainn fhisiceach chun gás a iompar sa dá threo le haghaidh buanacmhainn dhéthreoch i dtaca leis an gcúltreo (“acmhainn fhisiciúil sreafa cúltreo”); nó
iarraidh ar dhíolúine ón oibleagáid acmhainn dhéthreoch a chumasú.
Féachfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha le togra comhpháirteach nó iarraidh ar dhíolúine a thíolacadh. I gcás togra chun acmhainn dhéthreoch a chumasú, féadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha togra a bhfuil bunús maith leis a dhéanamh le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann. Déanfar an méid sin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil an 1 Nollaig 2018 ar a dhéanaí i gcás na n-idirnasc uile atá ann an 1 Samhain 2017 agus tar éis an staidéar féidearthachta a chríochnú ach roimh thús a chur le céim an deartha theicniúil mhionsonraithe i gcás idirnascairí nua.
3. Tar éis dóibh an togra nó an iarraidh ar dhíolúine a fháil, rachaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhairle, gan mhoill, le húdaráis inniúla an Bhallstáit sin a d'fhéadfadh, i gcomhréir leis an measúnú riosca, tairbhe a bhaint as an acmhainn sreafa cúltreo agus, i gcás nach iad na húdaráis inniúla iad, le húdaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin, leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún maidir leis an togra nó an iarraidh ar dhíolúine. Féadfaidh na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo tuairim a eisiúint faoi cheann 4 mhí ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil.
4. Laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an togra comhpháirteach a fháil, de bhun Airteagal 5(6) agus (7) agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, glacfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinntí comhordaithe maidir le leithdháileadh trasteorann na gcostas infheistíochta atá le híoc ag gach oibreoir córais tarchurtha de chuid an tionscadail. I gcás nach mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann tar éis teacht ar chomhaontú laistigh den spriocdháta sin, cuirfidh siad sin iúl do na húdaráis inniúla lena mbaineann gan mhoill.
5. Glacfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cinneadh comhordaithe ar bhonn an mheasúnaithe riosca, na faisnéise a liostaítear in Airteagal 5(5) den Rialachán seo agus na dtuairimí a fuarthas tar éis dul i mbun comhairliúchán i gcomhréir le pointe 3 den Iarscríbhinn seo agus slándáil an tsoláthair gáis agus a mhéid a chuireann sé leis an margadh inmheánach gáis á gcur san áireamh acu. Déanfar an cinneadh comhordaithe sin laistigh de 2 mhí. Tosóidh an tréimhse 2 mhí tar éis na tréimhse 4 mhí a cheadaítear do na tuairimí dá dtagraítear faoi phointe 3 den Iarscríbhinn seo, mura rud é go bhfuarthas na tuairimí uile roimh, nó tar éis na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo a thugtar d'údaráis rialála lena mbaineann chun cinneadh comhordaithe a ghlacadh. Leis an gcinneadh comhordaithe:
glacfar leis an togra maidir le hacmhainn dhéthreoch. Sa chinneadh sin beidh anailís costas agus sochar, amlíne le haghaidh cur chun feidhme agus na socruithe le haghaidh a úsáide ina dhiaidh sin agus beidh an cinneadh comhordaithe maidir leis an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i bpointe 4 agus arna ullmhú ag na húdaráis rialála lena mbaineann ag gabháil leis; nó;
díolúine shealadach a thabhairt nó a shíneadh ar feadh uastréimhse 4 bliana, más rud é go léiríonn an anailís costas agus sochar a ghabhann leis an gcinneadh nach gcuirfeadh an acmhainn sreafa cúltreo le slándáil soláthair gáis aon Bhallstát ábhartha nó más rud é gur mhó go mór a bheadh na costais infheistíochta ná na sochair a d'fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair gáis; nó
éileamh ar na hoibreoirí córais tarchurtha a dtogra nó a n-iarraidh ar dhíolúine a leasú agus a chur isteach arís laistigh d'uastréimhse 4 mhí.
6. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an cinneadh comhordaithe a chur, gan mhoill, faoi bhráid na n-údarás inniúil agus na n-údarás rialála náisiúnta a thíolaic tuairim i gcomhréir le pointe 3, na n-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann, na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin lena n-áirítear na tuairimí a fuarthas tar éis an chomhairliúcháin i gcomhréir le pointe 3.
7. Laistigh de 2 mhí tar éis dóibh an cinneadh comhordaithe a fháil, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe 6 a n-agóidí i gcoinne an chinnidh chomhordaithe a chur in iúl agus iad a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann a ghlac an cinneadh sin, agus faoi bhráid na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin. Ní bheidh sna hagóidí ach fíricí agus measúnú, go háirithe leithdháileadh trasteorann costais nach raibh faoi réir comhairliúcháin i gcomhréir le pointe 3.
8. Laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an cinneadh comhordaithe a fháil i gcomhréir le pointe 6, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a thabhairt uaithi maidir le gnéithe an chinnidh chomhordaithe, ag cur san áireamh aon agóid a d'fhéadfaí a dhéanamh, agus cuirfidh sí an tuairim faoi bhráid na n-údarás inniúil uile lena mbaineann agus na n-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe 6 agus faoi bhráid an Choimisiúin.
9. Laistigh de 4 mhí tar éis dóibh an tuairim a thugann an Ghníomhaireacht uaithi de bhun phointe 8 a fháil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh ina n-iarrtar modhnuithe ar an gcinneadh comhordaithe. Aon chinneadh dá leithéid ón gCoimisiún, glacfar é ar bhonn an méid a leanas: na critéir a leagtar amach i bpointe 5, na cúiseanna leis an gcinneadh ó na húdaráis lena mbaineann agus tuairim na Gníomhaireachta. Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an iarraidh ón gCoimisiún trína gcinneadh a leasú laistigh de thréimhse 4 seachtaine.
I gcás nach ngníomhóidh an Coimisiún laistigh den tréimhse 4 mhí sin a luaitear thuas, measfar nach ndearna sé aon agóid i gcoinne chinneadh na n-údarás inniúil lena mbaineann.
10. Mura raibh na húdaráis inniúla lena mbaineann in ann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh faoin sprioc a leagtar amach i bpointe 5 nó mura raibh na húdaráis rialála náisiúnta in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an leithdháileadh costas faoin sprioc a leagtar amach i bpointe 4, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas an lá a rachaidh an sprioc in éag, ar a dhéanaí. Laistigh de 4 mhí tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis comhairliúchán a d'fhéadfadh a bheith aige leis an nGníomhaireacht, lena gcumhdófar gach gné de chinneadh comhordaithe a liostaítear i bpointe 5, cé is moite de leithdháileadh costas trasteorann agus cuirfidh sé an cinneadh sin faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann agus faoi bhráid na Gníomhaireachta.
11. Má cheanglaítear acmhainn dhéthreoch faoin gcinneadh ón gCoimisiún de bhun phointe 10 den Iarscríbhinn seo, glacfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh lena gcumhdaítear leithdháileadh costas trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 5(7) den Rialachán seo laistigh de 3 mhí tar éis di an cinneadh ón gCoimisiún a fháil. Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann agus leis na hoibreoirí córais tarchurtha. Féadfar síneadh 2 mhí eile a chur leis an tréimhse 3 mhí sin i gcás go gcaithfidh an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise a iarraidh. Tosóidh an tréimhse bhreise ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.
12. Caomhnóidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na húdaráis inniúla, na húdaráis rialála náisiúnta agus na hoibreoirí córais tarchurtha rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
13. Beidh díolúintí ón oibleagáid chun acmhainn dhéthreoch a chumasú, arna tabhairt faoi Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, fós bailí seachas i gcás go n-iarrann an Coimisiún nó an Ballstát eile lena mbaineann athbhreithniú nó go dtéann fad ama na ndíolúintí in éag.
IARSCRÍBHINN IV
Teimpléad don mheasúnú riosca comhchoiteann
Líonfar an teimpléad a leanas i dteanga arna comhaontú laistigh den ghrúpa riosca.
Eolas ginearálta
1. Tuairisc ar an gcóras
Tabhair tuairisc ghairid ar chóras gáis an ghrúpa riosca, ina gcumhdaítear:
tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis sa ghrúpa riosca: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach sa réigiún agus ag pointí fágála amach as an réigiún i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;
miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh ( 12 );
tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don ghrúpa riosca, lena n-áirítear rochtain trasteorann:
an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;
an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);
tuairisc ar ról an táirgthe baile sa ghrúpa riosca:
méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;
an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;
tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán).
2. An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)
Tabhair tuairisc ar ríomh na foirmle (foirmlí) N – 1 ar leibhéal réigiúnach don ghrúpa riosca, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca, agus ar na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:
foirmle N – 1
an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca a shainaithint;
foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach;
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna mbreithniú faoin bparaiméadar seo);
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
acmhainn dhéthreoch
Tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;
Tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);
Tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.
3. Rioscaí a shainaithint
Tabhair tuairisc ar an bpríomhriosca trasnáisiúnta ar cruthaíodh an grúpa ina leith agus ar na fachtóirí riosca a d'fhéadfadh, i roinnt mhaith cásanna, a bheith ina gcúis leis an riosca teacht as, ar an dóchúlacht a bhaineann leo, agus ar na hiarmhairtí.
Liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de na fachtóirí riosca nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú, i gcás inarb infheidhme de réir an údaráis inniúil ábhartha agus sa chás sin amháin:
rioscaí polaitiúla
rioscaí teicneolaíocha
rioscaí tráchtála/margaidh/airgeadais
rioscaí sóisialta
rioscaí nádúrtha
Anailís
tabhair tuairisc ar an bpríomhriosca trasnáisiúnta nó ar aon fhachtóir riosca ábhartha eile don ghrúpa riosca, lena n-áirítear an dóchúlacht a bhaineann leo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu mar aon le hidirghníomhú agus comhghaolú rioscaí i measc na mBallstát, de réir mar is iomchuí;
tabhair tuairisc ar na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an bhfuil córas neamhchosanta ar rioscaí arda/neamh-inghlactha;
leag síos liosta de chásanna eiseamláireacha riosca ábhartha i gcomhréir le foinsí na rioscaí agus tabhair tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh iad;
luaigh a mhéid a breithníodh na cásanna eiseamláireacha a d'ullmhaigh ENTSOG.
4. Anailís riosca agus measúnú ar riosca
Déan anailís ar an tacar cásanna eiseamláireacha riosca ábhartha a sainaithníodh faoi phointe 3. Cuir san áireamh in ionsamhlúchán na rioscaí féideartha na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, amhail an caighdeán bonneagair arna ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle N – 1 mar a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, más iomchuí agus an caighdeán soláthair gáis. I gcás gach cás eiseamláireach riosca ar leith:
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an cás eiseamláireach riosca, lena n-áirítear na toimhdí uile agus, más infheidhme, na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh;
Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar thorthaí na n-ionsamhlúchán arna ndéanamh, lena n-áirítear cainníochtú ar an tionchar (e.g. na toirteanna gáis nár seachadadh, an tionchar socheacnamaíoch, tionchar ar théamh ceantair, tionchar ar ghiniúint leictreachais).
5. Conclúidí
Tabhair tuairisc ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn, áirítear leis sin na cásanna eiseamláireacha riosca féideartha ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith a lua.
IARSCRÍBHINN V
Teimpléad don mheasúnú riosca náisiúnta
Eolas ginearálta
Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú ( 13 ).
1. Tuairisc ar an gcóras
|
1.1. |
Cuir tuairisc chomhdhlúite ghairid ar fáil ar an gcóras gáis réigiúnach do gach grúpa riosca ( 14 ) ina bhfuil an Ballstát rannpháirteach, lena gcumhdaítear an méid a leanas:
(a)
(b)
tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis nó na gcóras gáis sna grúpaí riosca ábhartha: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach i réigiún nó réigiúin na ngrúpaí riosca agus ag pointí fágála amach as réigiún nó réigiúin na ngrúpaí riosca agus i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;
(c)
miondealú, a mhéid is féidir, ar an gcéatadán d'fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh ( 17 );
(d)
tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don ghrúpa riosca, lena n-áirítear rochtain trasteorann:
(i)
an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;
(ii)
an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach na leibhéil nuair a bhíonn sé lán agus éilimh ag deireadh an tséasúir);
(e)
tuairisc ar ról an táirgthe baile sa ghrúpa nó sna grúpaí riosca:
(i)
méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;
(ii)
an acmhainn táirgeachta uasta laethúil agus tuairisc ar an gcaoi ar féidir léi an tomhaltas laethúil uasta a chumhdach;
(f)
tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán). |
|
1.2. |
Tabhair tuairisc ghairid ar chóras gáis an Bhallstáit, ina gcumhdaítear:
(a)
na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis: tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara, buaicéileamh (mcm/d);
(b)
tuairisc ar fheidhmiú an chórais gás ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bonneagair (sa mhéid is nach bhfuil seo cumhdaithe faoi phointe 1.1.(b)). Más infheidhme, trácht ar an gcóras L-gás freisin;
(c)
an bonneagar is tábhachtaí ó thaobh shlándáil an tsoláthair gáis de a shainaithint;
(d)
miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis ar an leibhéal náisiúnta, in aghaidh na tíre tionscnaimh;
(e)
tuairisc ar ról na stórála agus cuir an méid seo a leanas san áireamh:
(i)
an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;
(ii)
an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);
(f)
tuairisc ar ról an táirgthe baile agus tabhair freisin:
(i)
méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;
(ii)
an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;
(g)
tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán). |
2. An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:
foirmle N – 1
an bonneagar gáis is mó a shainaithint;
foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);
má úsáideadh modheolaíochtaí agus chun na paraiméadair bhhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
míniú ar thorthaí ríomh fhoirmle N – 1 i bhfianaise na leibhéal stórála ag 30 % agus 100 % den uastoirt oibre;
míniú ar phríomhthorthaí ionsamhlúchán chás fhéideartha fhoirmle N – 1 trí shamhail hiodrálach a úsáid;
má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:
ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha fhoirmle N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:
acmhainn dhéthreoch:
tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;
tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);
tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.
3. Rioscaí a shainaithint
Tabhair tuairisc ar na fachtóirí riosca a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa Bhallstát, ar an dóchúlacht a bhaineann leo, agus ar na hiarmhairtí.
Liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de na cineálacha fachtóirí riosca is gá a chur san áireamh sa mheasúnú, i gcás inarb infheidhme agus sa chás sin amháin de réir an údaráis inniúil:
rioscaí polaitiúla
rioscaí teicneolaíocha
rioscaí tráchtála/margaidh/airgeadais
rioscaí sóisialta
rioscaí nádúrtha
Anailís:
sainaithin na fachtóirí riosca ábhartha i gcás an Bhallstáit, lena n-áirítear an dóchúlacht a bhaineann leo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu;
tabhair tuairisc ar na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an bhfuil córas neamhchosanta ar rioscaí arda/neamh-inghlactha;
leag síos liosta de rioscaí féideartha ábhartha i gcomhréir leis na fachtóirí riosca agus an dóchúlacht a bhaineann leo agus tabhair tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh iad.
4. Anailís riosca agus measúnú ar riosca:
Déan anailís ar an tacar cás eiseamláireach rioscaí féideartha ábhartha a tugadh faoi phointe 3. Cuir san áireamh in ionsamhlúchán na cásanna eiseamláireacha riosca féideartha na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, amhail an caighdeán bonneagair arna ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle N – 1 mar a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, agus an caighdeán soláthair gáis. In aghaidh an cháis eiseamláirigh gach riosca féideartha ar leith:
tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an gcás eiseamláireach riosca, lena n-áirítear na toimhdí uile agus, más infheidhme, na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh;
tabhair tuairisc mhionsonraithe ar thorthaí na n-ionsamhlúchán arna ndéanamh, lena n-áirítear cainníochtú ar an tionchar (e.g. na toirteanna gáis nár seachadadh, an tionchar socheacnamaíoch, tionchar ar théamh ceantair, tionchar ar ghiniúint leictreachais).
5. Conclúidí
Tabhair tuairisc ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn ina raibh na Ballstáit páirteach, áirítear leis sin na cásanna eiseamláireacha riosca ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith a lua.
IARSCRÍBHINN VI
Teimpléad don phlean um ghníomhaíocht choisctheach
Eolas ginearálta
1. Tuairisc ar an gcóras
|
1.1. |
Cuir tuairisc chomhdhlúite ghairid ar fáil ar na córais gáis réigiúnacha do gach grúpa ( 19 ) ina bhfuil an Ballstát rannpháirteach, lena gcumhdaítear an méid a leanas:
(a)
(b)
tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis sna grúpaí riosca ábhartha: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach i réigiún nó réigiúin an ghrúpa riosca agus ag pointí fágála amach as réigiún nó réigiúin an ghrúpa riosca agus i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;
(c)
miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh ( 22 );
(d)
tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don réigiún, lena n-áirítear rochtain trasteorann:
(i)
an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;
(ii)
an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);
(e)
tuairisc ar ról an táirgthe baile sa réigiún:
(i)
méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;
(ii)
an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;
(f)
tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán);
(g)
tuairisc ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus a n-éifeacht ar an tomhaltas gáis bliantúil deiridh. |
|
1.2. |
Tabhair tuairisc ghairid ar an gcóras gáis i ngach Ballstáit, ina gcumhdaítear:
(a)
na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis: tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara, buaicéileamh (mcm/d);
(b)
tuairisc ar fheidhmiú an chórais gás ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bonneagair (sa mhéid is nach bhfuil seo cumhdaithe faoi phointe 1.1.(b));
(c)
an bonneagar is tábhachtaí ó thaobh shlándáil an tsoláthair de a shainaithint;
(d)
miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis ar an leibhéal náisiúnta, in aghaidh na tíre tionscnaimh;
(e)
tuairisc ar ról na stórála sa Bhallstát agus cuir san áireamh:
(i)
an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;
(ii)
an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);
(f)
tuairisc ar ról an táirgthe baile agus tabhair freisin:
(i)
méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;
(ii)
an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;
(g)
tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán);
(h)
tuairisc ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus a n-éifeacht ar an tomhaltas gáis bliantúil deiridh. |
2. Achoimre ar an measúnú tionchair
Tabhair tuairisc ghairid ar thorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn agus náisiúnta is ábhartha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7, agus an méid a leanas san áireamh:
liosta de na cásanna eiseamláireacha a ndearnadh measúnú orthu agus tuairisc ghairid ar na toimhdí a úsáideadh maidir le gach ceann acu mar aon leis na rioscaí/na heasnaimh a sainaithníodh;
príomhchonclúidí an mheasúnaithe riosca.
3. An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)
Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:
3.1. Foirmle N – 1
an bonneagar gáis comhleasa is mó sa réigiún a shainaithint;
foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach;
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás Epm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt).
3.2. Leibhéal náisiúnta
foirmle N – 1
an bonneagar gáis is mó a shainaithint;
foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);
na modheolaíochtaí úsáideadh, mas ann dóibh, chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:
ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha chaighdeán N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó leis na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:
acmhainn dhéthreoch
tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;
tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);
tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.
4. Comhlíonadh an chaighdeáin soláthair (Airteagal 6)
Tabhair tuairisc ar na bearta a glacadh chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh chomh maith le haon chaighdeán soláthair méadaithe nó oibleagáid bhreise, arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:
an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint a úsáideadh, lena n-áirítear na catagóirí custaiméirí atá cumhdaithe agus a dtomhaltas gáis bliantúil (in aghaidh na catagóire, an glanluach agus céatadán an tomhaltais gáis bhliantúil deiridh náisiúnta);
na toirteanna gáis is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);
an acmhainn is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);
an beart nó na bearta atá i bhfeidhm chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh:
tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;
na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;
tabhair tuairisc ar aon chóras faireacháin ex ante, más ann dó, i gcomhar faireachán ar chomhlíonadh an chaighdeáin soláthair;
córas smachtbhannaí, más infheidhme;
tabhair tuairisc, i gcás gach birt, ar an méid seo a leanas:
i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):
slándáil soláthair Ballstát eile;
an margadh náisiúnta;
an margadh inmheánach;
i gcás beart a tugadh isteach an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, tabhair achoimre ghearr ar an measúnú tionchair nó nasc chuig an measúnú tionchair poiblí i gcomhair an bhirt/na mbeart arna dhéanamh/arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9(4);
más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:
tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;
sásra chun é a laghdú go dtí na gnáthluachanna de mheon na dlúthpháirtíochta agus i gcomhréir le hAirteagal 13;
más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nua nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis arna nglacadh an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh;
na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;
toirteanna agus acmhainní gáis lena mbaineann;
léirigh an chaoi a gcomhlíonann an beart sin na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6(2).
5. Bearta coisctheacha
Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó le glacadh:
Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sonraíodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:
an ghné náisiúnta nó réigiúnach;
an tionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;
an tionchar ar chustaiméirí.
Más iomchuí, tabhair freisin:
Tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair do Bhallstát an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha.
I gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):
tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
slándáil soláthair Ballstát eile;
an margadh náisiúnta;
an margadh inmheánach;
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair;
6. Bearta agus oibleagáidí eile (e.g. feidhmiú slán an chórais)
Tabhair tuairisc ar bhearta agus ar oibleagáidí eile a forchuireadh ar ghnóthais gáis nádúrtha agus ar chomhlachtaí ábhartha eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le feidhmiú slán an chórais, agus tabhair freisin na páirtithe a ndéanfadh an oibleagáid sin difear dóibh agus na toirteanna gáis lena mbaineann. Mínigh go beacht cathain a bheadh feidhm ag na bearta sin agus cén chaoi.
7. Tionscadail bhonneagair
tabhair tuairisc ar thionscadail bhonneagair a dhéanfar amach anseo, lena n-áirítear Tionscadail Leas Coiteann sna grúpaí riosca ábhartha, agus luaigh an t-am a mheastar a thógfaidh sé chun iad a chur ag obair, a n-acmhainn agus an tionchar a mheastar a mbeidh acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa ghrúpa riosca;
léirigh an chaoi a gcuirtear san áireamh sna tionscadail bonneagair PFGDB uile-Aontas, plean a d'fhorbair ENTSOG de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
8. Oibleagáidí seirbhíse poiblí i dtaca le slándáil an tsoláthair
Luaigh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá ann cheana i dtaca le slándáil an tsoláthair agus tabhair tuairisc ghairid orthu (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt). Mínigh go soiléir cé air a bhfuil sé na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus cén chaoi. Más infheidhme, tabhair tuairisc ar an gcaoi a ndéanfaí na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sin a thionscnamh agus cathain a dhéanfaí sin.
9. Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán seo, tabhair tuairisc ar an sásra arna úsáid chun an plean agus an plean éigeandála a fhorbairt, agus torthaí na gcomhairliúchán i gcás:
gnóthais gháis;
eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar theaghlaigh;
eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí tionsclaíocha gáis, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais;
údarás rialála náisiúnta.
10. Gné réigiúnach
Luaigh aon chúinsí náisiúnta agus bearta náisiúnta is ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair nár cumhdaíodh sna ranna thuas den phlean.
Luaigh an bealach ar measadh na barúlacha a d'fhéadfadh go bhfuarthas tar éis an chomhairliúcháin a thugtar tuairisc air in Airteagal 8(2).
11.1. N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca má thagann údaráis inniúla an ghrúpa riosca ar chomhaontú ina leith sin
Foirmle N – 1
an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca a shainaithint;
foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca;
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna meas faoin bparaiméadar seo);
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt).
11.2. Sásraí arna bhforbairt ar mhaithe leis an gcomhar
Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar idir na Ballstáit sna grúpaí riosca ábhartha, lena n-áirítear chun bearta trasteorann a fhorbairt sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála.
Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar le Ballstáit eile chun na forálacha a cheapadh agus a ghlacadh a bhfuil gá leo chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm.
11.3. Bearta coisctheacha
Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó atá le glacadh sa ghrúpa riosca nó mar thoradh ar chomhaontuithe réigiúnacha:
Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sainaithníodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:
a dtionchar ar Bhaill an ghrúpa riosca;
a dtionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;
a dtionchar ar an gcomhshaol;
a dtionchar ar chustaiméirí.
Más iomchuí, tabhair freisin:
tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair don ghrúpa riosca;
i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):
tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil gá leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
slándáil soláthair Ballstát eile;
an margadh náisiúnta;
an margadh inmheánach;
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair.
IARSCRÍBHINN VII
Teimpléad don phlean éigeandála
Eolas ginearálta
Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean reatha a ullmhú ( 23 )
1. Na leibhéil éigeandála a shainiú
tabhair an comhlacht atá freagrach as gach leibhéal éigeandála a fhógairt agus na nósanna imeachta atá le leanúint i ngach cás nuair a dhéantar na fógraí sin;
más ann dóibh, tabhair anseo na táscairí nó na paraiméadair a úsáidtear chun a mheas an mbeidh meath suntasach ar shlándáil an tsoláthair de dheasca teagmhais, agus lena chinneadh cén leibhéal éigeandála a fhógrófar.
2. Bearta atá le glacadh de réir an leibhéil éigeandála ( 24 )
2.1. Luathrabhadh
Tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:
tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann.
2.2. Leibhéal Foláirimh
tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:
tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic leis an leibhéal foláirimh;
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha nuair atá an leibhéal foláirimh ann.
2.3. Leibhéal Éigeandála
leag síos liosta gníomhaíochtaí réamhshainithe ó thaobh soláthair agus éilimh de chun gás a chur ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí;
tabhair tuairisc ar na bearta margadhbhunaithe atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:
tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint;
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú;
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá beartaithe nó atá le cur chun feidhme nuair atá an leibhéal éigeandála ann, lena n-áirítear, i gcás gach birt:
tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
measúnú ar an ngá atá le beart den chineál sin chun dul i ngleic le géarchéim, lena n-áirítear an méid úsáide a bhainfear as;
tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta leis an mbeart a chur chun feidhme (e.g. cad é a dhéanfadh an beart seo a thionscain, cé a dhéanfadh an cinneadh);
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú mar chomhlánú ar bhearta margadhbhunaithe;
déan éifeachtaí eile an bhirt a mheasúnú;
léirigh go gcomhlíonann an beart na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(6);
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha.
3. Bearta sonracha maidir le leictreachas agus téamh ceantair
téamh ceantair
tabhair go hachomair an tionchar is dealraitheach a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis in earnáil an téimh ceantair;
tabhair na bearta agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an tionchar a mhaolú a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar théamh cheantair. De rogha air sin, mínigh cén fáth nach iomchuí bearta ar leith a ghlacadh;
soláthar leictreachais arna ghiniúint ó ghás
tabhair go hachomair an tionchar is dealraitheach a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis in earnáil an leictreachais;
tabhair na bearta agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an tionchar mhaolú a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar earnáil an leictreachais a mhaolú. De rogha air sin, mínigh cén fáth nach iomchuí bearta ar leith a ghlacadh;
tabhair na sásraí/na forálacha atá ann cheana chun comhordú iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear malartú faisnéise, idir na príomhghníomhaithe in earnálacha an gháis agus an leictreachais, go háirithe oibreoirí córais tarchurtha nuair atá leibhéil éagsúla géarchéime ann.
4. Bainisteoir géarchéime nó foireann ghéarchéime
Sonraítear cé hé an bainisteoir géarchéime agus sainítear a ról.
5. Róil agus freagrachtaí gníomhaithe éagsúla
i gcás gach leibhéil géarchéime, sainigh na róil agus na freagrachtaí, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí leis na húdaráis inniúla agus, nuair is iomchuí, leis an údarás rialála náisiúnta, atá ag:
gnóthais gáis nádúrtha;
custaiméirí tionsclaíocha;
táirgeoirí leictreachais ábhartha;
i gcás gach leibhéil géarchéime, sainigh róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí ar tarmligeadh na cúraimí chucu.
6. Bearta maidir le tomhaltas míchuí ag custaiméirí nach custaiméirí atá faoi chosaint iad
Tabhair tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm chun cosc a chur le custaiméirí nach custaiméirí atá faoi chosaint iad an soláthar gáis atá beartaithe do chustaiméirí atá faoi chosaint a thomhailt le linn éigeandála, a mhéid is féidir agus gan oibriú sábháilte agus iontaofa an chórais gáis a chur i mbaol nó staideanna neamhshábháilte a chruthú. Sonraigh an cineál birt atá ann (beart riaracháin, teicniúil, etc.), na príomhghníomhaithe agus na nósanna imeachta a thiocfaidh ina dhiaidh.
7. Tástálacha éigeandála
tabhair an t-amchlár le haghaidh ionsamhlúcháin freagartha fíor-ama na staideanna éigeandála;
tabhair na gníomhaithe a bhí páirteach ann, na nósanna imeachta a ionsamhlaíodh agus na cásanna eiseamláireacha mórthionchair agus meántionchair a ionsamhlaíodh.
Do na nuashonruithe ar an bplean éigeandála: tabhair tuairisc ghairid ar na tástálacha a rinneadh ón uair a cuireadh an plean éigeandála deireanach isteach, agus príomhthorthaí na dtástálacha sin. Sonraigh na bearta a glacadh mar thoradh ar na tástálacha sin.
8. Gné Réigiúnach
8.1. Bearta atá le glacadh de réir an leibhéil éigeandála:
8.1.1. Luathrabhadh
Tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:
tabhair tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann.
8.1.2. Leibhéal Foláirimh
tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:
tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha nuair atá an leibhéal foláirimh ann.
8.1.3. Leibhéal Éigeandála
leag síos liosta gníomhaíochtaí réamhshainithe ó thaobh soláthair agus éilimh de chun gás a chur ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí;
tabhair tuairisc ar na bearta margadhbhunaithe atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:
tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint;
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú;
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá beartaithe nó atá le cur chun feidhme nuair atá an leibhéal éigeandála ann, lena n-áirítear, i gcás gach birt:
tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;
measúnú ar an ngá atá le beart den chineál sin chun dul i ngleic le géarchéim, lena n-áirítear an méid úsáide a bhainfear as;
tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta leis an mbeart a chur chun feidhme (e.g. cad é a dhéanfadh an beart a thionscain, cé a dhéanfadh an cinneadh);
luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú mar chomhlánú ar bhearta margadhbhunaithe;
déan éifeachtaí eile an bhirt a mheasúnú;
léirigh go gcomhlíonann an beart na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(6);
tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;
tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha.
8.2. Sásraí comhair
tabhair tuairisc ar na sásraí atá i bhfeidhm le haghaidh comhar i ngach ceann de na grúpaí riosca ábhartha agus chun comhordú iomchuí a áirithiú i gcás gach leibhéil géarchéime. Más ann do nósanna imeachta cinnteoireachta atá ceaptha gníomhú iomchuí ar leibhéal réigiúnach a áirithiú i gcás gach leibhéil géarchéime, ach nár cumhdaíodh i bpointe 2 iad, tabhair tuairisc orthu;
tabhair tuairisc ar na sásraí atá i bhfeidhm chun dul i gcomhar le Ballstáit eile lasmuigh den ghrúpa riosca agus chun gníomhaíochtaí a chomhordú i gcás gach leibhéil géarchéime.
8.3. Dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát
tabhair tuairisc ar na socruithe a comhaontaíodh idir na Ballstáit atá nasctha go díreach chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal na dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13;
más infheidhme, tabhair tuairisc ar na socruithe a comhaontaíodh idir na Ballstáit atá nasctha le chéile trí thríú tír chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal na dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13.
IARSCRÍBHINN VIII
Liosta de bhearta nach bhfuil margadhbhunaithe i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis
Le linn don údarás inniúil an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a fhorbairt, ní dhéanfaidh sé an méid a chuirfeadh an liosta táscach agus neamhchuimsitheach seo a leanas de bhearta leis na pleananna sin a bhreithniú ach amháin i gcás éigeandála:
bearta atá dírithe ar an soláthar:
bearta atá dírithe ar an éileamh:
IARSCRÍBHINN IX
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 9 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 12 |
|
— |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 4 |
|
— |
Airteagal 15 |
|
— |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 17 |
|
— |
Airteagal 18 |
|
— |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 20 |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 22 |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 7 |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn IV |
Iarscríbhinn I |
|
— |
Iarscríbhinn IV |
|
— |
Iarscríbhinn V |
|
— |
Iarscríbhinn VI |
|
— |
Iarscríbhinn VII |
|
Iarscríbhinn II |
— |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn VIII |
|
— |
Iarscríbhinn IX |
( 1 ) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj.)
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
( 3 ) Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le sásraí leithdháilte acmhainneachta i gcórais tarchuir gáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 984/2013 (IO L 72, 17.3.2017, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
( 5 ) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).
( 6 ) Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj).
( 7 ) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
( 8 ) Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Eanáir 2026 maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis agus ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 (IO L, 2026/261, 2.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/261/oj).
( 9 ) I gcás inar tharmlig aon údarás inniúil an tasc seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an measúnú riosca seo thar ceann an údaráis sin.
( 10 ) I gcás an chéad mheasúnaithe, tabhair sonraí ón 2 bhliain dheireanacha. I gcás nuashonruithe, tabhair sonraí ón 4 bliana deireanacha.
( 11 ) Áirítear leis seo custaimeirí tionsclaíocha, giniúint leictreachais, téamh ceantair, custaiméirí baile agus seirbhísí agus eile (sonraigh le do thoil an cineál custaiméara sa chás seo). Sonraigh freisin an méid a thomhlaíonn na custaiméirí atá faoi chosaint.
( 12 ) Tabhair tuairisc ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm.
( 13 ) I gcás inar tharmlig an t-údarás inniúil an tasc seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú thar ceann an údaráis sin.
( 14 ) Ar mhaithe le simplíocht, cuir an fhaisnéis i láthair ar an leibhéal is airde de na grúpaí riosca más féidir agus déan na mionsonraí a chumasc de réir mar is gá.
( 15 ) I gcás an chéad mheasúnaithe, tabhair sonraí ón 2 bhliain dheireanacha. I gcás nuashonruithe, tabhair sonraí ón 4 bliana deireanacha.
( 16 ) Áirítear leis seo custaiméirí tionsclaíocha, giniúint leictreachais, téamh ceantair, custaiméirí baile agus seirbhísí agus eile (sonraigh an cineál custaiméara sa chás seo). Sonraigh freisin an méid a thomhlaíonn na custaiméirí atá faoi chosaint.
( 17 ) Tabhair tuairisc ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm.
( 18 ) I gcás inar tharmlig an t-údarás inniúil an tasc seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú thar ceann an údaráis sin.
( 19 ) Ar mhaithe le simplíocht, cuir an fhaisnéis i láthair ar an leibhéal is airde de na grúpaí riosca más féidir agus déan na mionsonraí a chumasc de réir mar is gá.
( 20 ) I gcás an chéad mheasúnaithe, tabhair sonraí ón 2 bhliain dheireanacha. I gcás nuashonruithe, tabhair sonraí ón 4 bliana deireanacha.
( 21 ) Áirítear leis seo custaiméirí tionsclaíocha, giniúint leictreachais, téamh ceantair, custaiméirí baile agus seirbhísí agus eile (sonraigh an cineál custaiméara sa chás seo). Sonraigh freisin an méid a thomhlaíonn na custaiméirí atá faoi chosaint.
( 22 ) Tabhair tuairisc ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm.
( 23 ) I gcás inar tharmlig aon údarás inniúil an cúram seo, tabhair ainm an chomhlachta/na gcomhlachtaí atá freagrach as an bplean seo a ullmhú thar ceann an údaráis sin.
( 24 ) Tabhair bearta réigiúnacha agus náisiúnta.
( 25 ) Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).