02017R1004 — GA — 14.07.2021 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/1004 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle

(athmhúnlú)

(IO L 157 20.6.2017, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2021/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021

  L 247

1

13.7.2021




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/1004 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle

(athmhúnlú)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
D’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanann an Rialachán seo rialacha a bhunú maidir le sonraí bitheolaíocha, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha in earnáil an iascaigh a bhailiú agus a bhainistiú, mar a fhoráiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
2.  
Ní dhéanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú ach amháin mura bhfuil aon oibleagáid ann iad a bhailiú faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais seachas an Rialachán seo.
3.  
Maidir le sonraí a bhfuil gá leo do bhainistíocht iascaigh a bhailítear faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, ní dhéanann an Rialachán seo ach rialacha d’úsáid agus tarchur na sonraí sin a shainiú.

Airteagal 2

Cosaint sonraí

I gcás inarb iomchuí, comhlíonfaidh próiseáil, bainistiú agus úsáid na sonraí a bhailítear faoin Rialachán seo Treoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus beidh siad gan dochar dóibh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “earnáil an iascaigh” gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaigh tráchtála, iascaigh áineasa, dobharshaothrú agus tionscail phróiseála táirgí iascaigh;

(2) 

ciallaíonn “iascaigh áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear achmhainní bitheolaíocha mara chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(3) 

ciallaíonn “réigiún muirí” limistéar geografach a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, limistéar arna bhunú ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh nó limistéar atá sainmhínithe sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(11);

(4) 

ciallaíonn “sonraí príomhúla” na sonraí a bhaineann le soithí aonair, daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó samplaí aonair;

(5) 

ciallaíonn “meiteashonraí” sonraí lena dtugtar faisnéis cháilíochtúil nó chainníochtúil faoi na sonraí príomhúla a bailíodh;

(6) 

ciallaíonn “sonraí mionsonraithe” sonraí atá bunaithe ar shonraí príomhúla i bhfoirm a fhágann nach féidir daoine nádúrtha ná eintitis dhlítheanacha a aithint go díreach ná go hindíreach astu;

(7) 

ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe” an t-aschur a thagann as achoimre a dhéanamh ar na sonraí príomhúla nó mionsonraithe chun críocha sonracha anailíse;

(8) 

ciallaíonn “breathnóir eolaíoch” duine a ainmnítear chun breathnú ar oibríochtaí iascaireachta i gcomhthéacs sonraí a bhailiú chun críocha eolaíoch agus atá ainmnithe ag comhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta do bailiú sonraí;

(9) 

ciallaíonn “sonraí eolaíocha” sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a bhailítear, a bhainistítear nó a úsáidtear faoin Rialachán seo.



CAIBIDIL II

SONRAÍ A BHAILIÚ AGUS A BHAINISTIÚ FAOI CHUIMSIÚ CHREAT NA gCLÁR ILBHLIANTÚIL AN AONTAIS



ROINN 1

Cláir Ilbhliantúla an Aontais

Airteagal 4

Clár ilbhliantúil de chuid an Aontais a bhunú

1.  
Déanfaidh an Coimisiún clár ilbhliantúil de chuid an Aontais a bhunú do bhailiú agus bainistiú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i gcomhréir leis an inneachar agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 5.

Déanfaidh an Coimisiún an chuid de chlár ilbhliantúil an Aontais a chumhdaíonn nithe dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1) a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24.

Déanfaidh an Coimisiún an chuid de chlár ilbhliantúil an Aontais a chumhdaíonn nithe dá bhforáiltear i bpointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 5(1) a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

2.  
Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na grúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9, leis an CETEI agus aon chomhlacht eolaíoch iomchuí eile dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 5

Inneachar agus critéir do bhunú chlár ilbhliantúil an Aontais

1.  

Bunófar i gclár ilbhliantúla an Aontais:

(a) 

liosta mionsonraithe de na ceanglais sonraí arb é is aidhm leo cuspóirí Airteagal 2 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghnóthú;

(b) 

liosta de na suirbhéanna taighde éigeantacha ar muir;

(c) 

tairseacha ar faoina mbun nach bhfuil sé éigeantach do Bhallstáit sonraí a bhailiú bunaithe ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe nó suirbhéanna taighde ar muir a dhéanamh.

2.  

Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1:

(a) 

sonraí bitheolaíocha i leith gach stoc a ghabhtar nó a fhoghabhtar in iascaigh thráchtála agus, i gcás inarb iomchuí, iascaigh áineasa an Aontais in uiscí laistigh agus lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear eascann agus bradán in uiscí intíre ábhartha, chomh maith le speicis eile d’éisc dhédhrómacha a bhfuil leas tráchtála ag gabháil leo, chun cur chuige bunaithe ar éiceachóras a chumasú i dtaca le bainistiú agus caomhnú iascaigh de réir mar is gá le haghaidh oibriú an Chomhbheartais Iascaigh;

(b) 

sonraí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar iascaigh an Aontais ar an éiceachóras muirí in uiscí an Aontais agus in uiscí lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear sonraí faoi fhoghabhálacha speiceas nach spriocspeicis iad, go háirithe speicis atá cosanta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, sonraí maidir leis na tionchair atá ag iascaigh ar ghnáthóga muirí lena n-áirítear limistéir mhuirí leochaileacha agus sonraí maidir leis na tionchair atá ag iascaigh ar ghréasáin bhia;

(c) 

sonraí maidir le gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí laistigh agus lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear leibhéil iascaireachta agus iarrachta agus acmhainneacht chabhlach an Aontais;

(d) 

sonraí socheacnamaíocha maidir le hiascaigh chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch earnáil iascaigh an Aontais;

(e) 

sonraí socheacnamaíocha agus sonraí inbhuanaitheachta maidir le dobharshaothrú muirí ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch agus ar inbhuanaitheacht earnáil dobharshaothraithe an Aontais, lena n-áirítear tionchar na hearnála sin ar an gcomhshaol;

(f) 

sonraí socheacnamaíocha maidir leis an earnáil próiseála éisc chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch na hearnála sin.

3.  
Sa bhreis air sin, féadfar a áireamh sna sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 sonraí socheacnamaíocha agus sonraí inbhuanaitheachta maidir le dobharshaothrú fionnuisce ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch agus ar inbhuanaitheacht earnáil dobharshaothraithe an Aontais, lena n-áirítear tionchar na hearnála ar an gcomhshaol.
4.  

Chun críche clár ilbhliantúil an Aontais a bhunú, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:

(a) 

riachtanais faisnéise le haghaidh bhainistiú agus chur chun feidhme éifeachtach an Chomhbheartais Iascaigh, d’fhonn a chuspóirí, a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a ghnóthú. Beifear in ann na spriocanna is gá chun cur chun feidhme na bpleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán sin a chinntiú leis an bhfaisnéis sin;

(b) 

an gá atá le sonraí atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun críche cinntí maidir le bainistiú iascach agus cosaint éiceachóras lena n-áirítear speicis agus gnáthóga leochaileacha;

(c) 

an gá atá le sonraí agus ábharthacht na sonraí sin le haghaidh forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe ar leibhéal an Aontais, ag cur san áireamh gur tionchair áitiúla go príomha a bheadh aige sin;

(d) 

an gá atá le tacaíocht a thabhairt do mheasúnuithe tionchair ar bhearta beartais;

(e) 

costais agus sochair, agus aird á tabhairt ar na réitigh is costéifeachtaí chun cuspóir an bhailithe sonraí a bhaint amach;

(f) 

an gá atá le cur isteach ar na hamshraitheanna reatha a sheachaint;

(g) 

an gá atá le simpliú a dhéanamh agus dúbailt a sheachaint sa bhailiú sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 1;

(h) 

i gcás inarb ábhartha, an gá atá le sonraí chun iascaigh a chumhdach, ar iascaigh iad atá easnamhach ó thaobh sonraí de;

(i) 

sainiúlachtaí réigiúnacha agus comhaontuithe réigiúnacha arna dtabhairt i gcrích sna grúpaí um chomhordú réigiúnach;

(j) 

oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta a Bhallstát;

(k) 

cumhdach spáis agus ama na ngníomhaíochtaí bailithe sonraí.

5.  

Déanfar liosta na suirbhéanna éigeantacha taighde ar muir dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a tharraingt suas agus na ceanglais seo a leanas á gcur san áireamh:

(a) 

riachtanais faisnéise le haghaidh bhainistiú an Chomhbheartais Iascaigh, d’fhonn a chuspóirí, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a ghnóthú;

(b) 

riachtanais faisnéise a eascraíonn as comhordú agus cuíchóiriú arna chomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c) 

riachtanais faisnéise chun meastóireacht a dhéanamh ar phleananna bainistíochta;

(d) 

riachtanais faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar athróga éiceachóras;

(e) 

riachtanais faisnéise ó thaobh ceantair stoic a chumhdach go leormhaith;

(f) 

an gá atá le dúbailt a sheachaint idir na suirbhéanna taighde ar muir; agus

(g) 

an gá atá le cur isteach ar amshraitheanna a sheachaint.

6.  
I gcás stoc atá faoi réir teorainneacha gabhála, beidh na rialacha maidir le rannpháirtíocht na mBallstát éagsúil sna suirbhéanna taighde ar muir, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, bunaithe ar sciar na mBallstát ábhartha i ngabhálacha iomlána incheadaithe atá ar fáil don Aontas do na stoc lena mbaineann. I gcás stoc nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála, beidh na rialacha sin bunaithe ar sciar coibhneasta na mBallstát ábhartha i saothrú iomlán na stoc lena mbaineann.
7.  
I gcás stoc atá faoi réir teorainneacha gabhála, déanfar an tairseach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a leagan ar bhonn sciar na mBallstát lena mbaineann sna gabhálacha iomlána incheadaithe atá ar fáil don Aontas le haghaidh an stoic lena mbaineann. I gcás stoc nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála, déanfar an tairseacha sin a leagan ar bhonn sciar coibhneasta na mBallstát ábhartha i saothrú iomlán na stoc lena mbaineann. Maidir leis an earnáil dobharshaothraithe agus phróiseála beidh na tairseacha sin bunaithe ar mhéid atá coibhéiseach leis na hearnálacha sin sa Bhallstát.



ROINN 2

Cur chun feidhme chlár ilbhliantúil an Aontais ag na Ballstáit

Airteagal 6

Pleananna oibre náisiúnta

▼M1

1  
Gan dochar do na hoibleagáidí bailithe sonraí atá orthu faoi láthair faoi dhlí an Aontais, baileoidh na Ballstáit sonraí faoi chuimsiú clár oibre arna tharraingt suas i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais (“an plean oibre náisiúnta”). Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna oibre náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin trí mheán leictreonach faoin 15 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain a mbeidh feidhm ag an bplean oibre náisiúnta, ach amháin má tá plean atá ann cheana fós i bhfeidhm, agus sa chás sin, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin méid sin.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheastar na pleananna oibre náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain a mbeidh feidhm ag an bplean oibre náisiúnta. Agus na pleananna oibre náisiúnta á bhformheas aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an mheastóireacht arna déanamh ag CETEI i gcomhréir le hAirteagal 10. Má thugann an mheastóireacht sin le fios nach gcomhlíonann an plean oibre náisiúnta an tAirteagal seo nó nach n-áirithíonn sé ábharthacht eolaíoch na sonraí nó cáilíocht leordhóthanach na modhanna agus nósanna imeachta atá beartaithe, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas láithreach agus molfaidh sé na leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach ar an bplean oibre sin. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann plean oibre náisiúnta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin.

▼B

3.  

Beidh cur síos mionsonraithe i bpleananna oibre náisiúnta ar na nithe seo a leanas:

(a) 

na sonraí atá le bailiú i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais;

(b) 

an dáileadh ama agus spáis agus an mhinicíocht lena mbaileofar na sonraí;

(c) 

foinse na sonraí, na nósanna imeachta agus na modhanna arb é is aidhm leo na sonraí a bhailiú agus iad a phróiseáil ina dtacair sonraí a chuirfear ar fáil d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha;

(d) 

an creat dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta arb é is aidhm leis a áirithiú go mbeidh cáilíocht leordhóthanach sna sonraí i gcomhréir le hAirteagal 14;

(e) 

an fhormáid ina gcaithfear na sonraí a chur ar fáil agus cathain a chaithfear na sonraí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha, ag cur san áireamh riachtanais sainithe úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha, más eol iad;

(f) 

na socruithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha maidir le comhar agus comhordú, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha arna gcur i gcrích chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú; agus

(g) 

an chaoi ar cuireadh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus a mBallstát san áireamh.

4.  
Agus a phlean oibre náisiúnta á ullmhú aige, faoi chuimsiú na ngrúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9, oibreoidh gach Ballstát i gcomhar leis na Ballstáit eile agus déanfaidh sé a iarrachtaí a chomhordú leo, go háirithe leis na Ballstáit sin sa réigiún muirí céanna, chun a áirithiú go mbeidh cumhdach leordhóthanach éifeachtúil ann agus chun dúbailt a sheachaint sna gníomhaíochtaí bailithe sonraí. Sa phróiseas sin, beidh sé d’aidhm ag Ballstáit tathant ar pháirtithe leasmhara ábhartha páirt a ghlacadh ar an leibhéal iomchuí. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an comhar agus an comhordú seo tarlú lasmuigh de chreat na ngrúpaí um chomhordú réigiúnach.

▼M1

5  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáid agus amchláir i ndáil leis na pleananna oibre náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

▼B

Airteagal 7

Comhfhreagraithe náisiúnta

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát comhfhreagraí náisiúnta agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina thaobh. Feidhmeoidh an comhfhreagraí náisiúnta mar lárphointe don mhalartú faisnéise idir an Coimisiún agus an Ballstát a mhéid a bhaineann le hullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta.
2.  

Thairis sin, déanfaidh an comhfhreagraí náisiúnta, go háirithe, na cúraimí seo a leanas:

(a) 

ullmhú na tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11 a chomhordú;

(b) 

tarchur faisnéise a áirithiú laistigh den Bhallstát; agus

(c) 

comhordú a dhéanamh ar fhreastal saineolaithe ábhartha ar chruinnithe sainghrúpa arna n-eagrú ag an gCoimisiún agus ar rannpháirtíocht sna grúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9.

3.  
Má tá roinnt comhlachtaí i mBallstát rannpháirteach i gcur chun feidhme an phlean oibre náisiúnta, beidh an comhfhreagraí náisiúnta freagrach as comhordú na hoibre sin.
4.  
Áiritheoidh gach Ballstáit go mbeidh sainordú leordhóthanach ag a gcomhfhreagraí náisiúnta ionas go mbeidh ar a chumas ionadaíocht a dhéanamh ar a Bhallstát sna grúpaí um chomhordú réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 8

Comhar laistigh den Aontas

Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí chun feabhas breise a chur ar cháilíocht, ar thráthúlacht agus ar chumhdach a sonraí agus ar an gcaoi sin cuirfear feabhas breise ar iontaofacht na modhanna bailithe sonraí, d’fhonn feabhas a chur ar a ngníomhaíochtaí bailithe sonraí.

Airteagal 9

Comhar agus comhordú réigiúnach

1.  
Amhail dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, deanfaidh na Ballstáit a ngníomhaíochtaí bailithe sonraí a chomhordú leis na Ballstáit eile sa réigiún muirí céanna agus déanfaidh siad gach iarracht a ngníomhaíochtaí a chomhordú le tríú tíortha a bhfuil ceannasacht nó dlínse acu ar uiscí sa réigiún muirí céanna.
2.  
Chun comhordú réigiúnach a éascú, bunóidh na Ballstáit ábhartha grúpaí um chomhordú réigiúnach le haghaidh gach réigiúin muirí.
3.  
Beidh sé d’aidhm ag na grúpaí um chomhordú réigiúnach nósanna imeachta, modhanna, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme do bhailiú agus do phróiseáil sonraí d’fhonn feabhas breise a chur ar iontaofacht na comhairle eolaíche. Chun na críche sin, beidh sé d’aidhm ag na grúpaí um chomhordú réigiúnach bunachair sonraí réigiúnacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
4.  
Beidh na grúpaí um chomhordú réigiúnach comhdhéanta de shaineolaithe arna n-ainmniú ag Ballstáit, lena n-áirítear comhfhreagraithe náisiúnta, agus an Coimisiún.
5.  
Déanfaidh na grúpaí um chomhordú réigiúnach rialacha nós imeachta dá gcuid gníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chomhaontú.
6.  
Rachaidh na grúpaí um chomhordú réigiúnach i mbun comhordaithe le chéile agus leis an gCoimisiún i gcásanna ina bhfuil saincheisteanna ann a dhéanann difear do roinnt réigiún muirí.
7.  
Iarrfar ar ionadaithe úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha, lena n-áirítear comhlachtaí eolaíocha iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, eagraíochtaí bainistithe na n-iascach réigiúnach, Comhairlí Comhairleacha, agus tríú tíortha, freastal ar chruinnithe na ngrúpaí um chomhordú réigiúnach mar bhreathnóirí, i gcás inar gá sin.
8.  
Féadfaidh grúpaí um chomhordú réigiúnach dréachtphleananna oibre réigiúnacha a ullmhú, a bheidh i gcomhréir leis an Rialacháin seo agus le clár ilbhliantúil an Aontais. Féadfar a áireamh na dréacht-phleananna oibre réigiúnacha sin nósanna imeachta, modhanna, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 agus i mír 5 d’Airteagal 5, straitéisí samplála arna gcomhordú ar bhonn réigiúnach agus na coinníollacha a ghabhann le soláthar na sonraí sna bunachair sonraí réigiúnacha. Féadfaidh socruithe le haghaidh comhroinnt na gcostas a bhaineann leis an rannpháirtíocht sna suirbhéanna taighde ar muir a bheith i iontu freisin.
9.  
I gcás ina n-ullmhófar dréachtphlean oibre réigiúnach, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain ina mbeidh feidhm ag an bplean oibre réigiúnach, ach amháin má tá plean reatha fós i bhfeidhm, agus sa chás sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra é sin in iúl don Choimisiún ina leith. Féadfaidh an Coimisiún na dréachtphleananna oibre réigiúnacha a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, meastóireacht CETEI dá dtagraítear in Airteagal 10. Má thugann an mheastóireacht sin le fios nach bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh ag dréachtphlean oibre réigiúnach nó nach n-áirithíonn sé ábharthacht eolaíoch na sonraí nó cáilíocht leordhóthanach na modhanna agus nósanna imeachta atá beartaithe, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach agus molfaidh sé leasuithe ar an dréachtphlean oibre sin ar leasuithe iad a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach. Ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann dréachtphlean oibre réigiúnach athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin.
10.  
Measfar plean oibre réigiúnach a bheith ag teacht in ionad nó ag forlíonadh na gcodanna ábhartha de phleananna oibre náisiúnta gach Ballstáit lena mbaineann.
11.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, socruithe le haghaidh comhroinnt na gcostas a bhaineann le rannpháirtíocht sna suirbhéanna taighde ar muir, limistéar an réigiúin mhuirí chun críche an bhailithe sonraí, agus formáidí agus tráthchláir maidir leis na pleananna oibre réigiúnacha a chur faoina bhráid agus a fhormheas, amhail dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 10

Meastóireacht ar phleananna oibre ag CETEI

Déanfaidh CETEI meastóireacht ar na pleananna oibre náisiúnta agus ar na dréachtphleananna oibre réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus Airteagal 9. Chun na críche sin cuirfidh sé na nithe seo a leanas san áireamh:

(a) 

go bhfuil na pleananna oibre agus aon leasuithe orthu i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 9; agus

(b) 

ábharthacht eolaíoch na sonraí atá cumhdaithe ag na pleananna oibre chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1) agus cáilíocht na modhanna agus na nósanna imeachta atá beartaithe.

Airteagal 11

Meastóireacht agus formheas ar thorthaí na bpleananna oibre náisiúnta

1.  
Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún gach bliain i ndáil le cur chun feidhme a bpleananna oibre náisiúnta. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáidí agus tráthchláir maidir le tuarascálacha bliantúla a chur faoina bhráid agus a fhormheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
2.  

I gcomhréir le hAirteagal 10, déanfaidh CETEI meastóireacht orthu seo a leanas:

(a) 

forghníomhú na bpleananna oibre náisiúnta; agus

(b) 

cáilíocht na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a) 

meastóireacht CETEI; agus

(b) 

an comhairliúchán leis na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh iomchuí a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach nó ina bhreathnóir iontu agus leis na comhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta ábhartha.



ROINN 3

Ceanglais i dtaca leis an bpróiseas bailithe sonraí

Airteagal 12

Rochtain ar na láithreacha samplála

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag bailitheoirí sonraí, arna n-ainmniú ag an gcomhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme an phlean oibre náisiúnta ar gach gabháil, gach soitheach agus láthair samplála eile, gach clár gnó agus aon sonraí eile is gá chun a gcuid dualgas a dhéanamh.
2.  
Ligfidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais do bhreathnóirí eolaíocha teacht ar bord agus oibreoidh siad i gcomhar leo chun go mbeidh siad in ann a gcuid dualgas a dhéanamh agus iad ar bord soithí iascaireachta an Aontais, chomh maith le húsáid modhanna eile bailithe sonraí i gcás inarb iomchuí, a leagtar amach i bpleananna oibre náisiúnta, gan dochar do na hoibleagáidí idirnáisiúnta.
3.  
Ní fhéadfaidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais gan ligean do na breathnóirí eolaíocha atá ag oibriú faoin scéim um fhaireachán ar muir teacht ar bord ach amháin de dhroim easpa shoiléir slí a bheith ar an soitheach nó ar chúiseanna sábháilteachta atá i gcomhréir le dlí náisiúnta. Sna cásanna sin, baileofar na sonraí trí mhodhanna eile bailithe sonraí a leagtar amach i bpleananna oibre náisiúnta agus déanfaidh an comhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme na bpleananna oibre náisiúnta na modhanna sin a cheapadh agus a rialú.



ROINN 4

An próiseas bainistithe sonraí

Airteagal 13

Stóráil sonraí

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

áiritheoidh siad go ndéanfar na sonraí príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta a stóráil go sábháilte i mbunachair sonraí ríomhairithe agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcaithfear leo mar shonraí rúnda;

(b) 

áiritheoidh siad go ndéanfar meiteashonraí a bhaineann leis na sonraí socheacnamaíocha príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta a stóráil go sábháilte i mbunachair sonraí ríomhairithe;

(c) 

déanfaidh siad gach beart teicniúil is gá chun sonraí den sórt sin a chosaint ar aon scriosadh timpisteach nó aindleathach, ar aon chaillteanas timpisteach, ar mheathlú, nó ar iad a cheadú go neamhúdaraithe nó ar dháileadh.

Airteagal 14

Rialú cáilíochta agus bailíochtú sonraí

1.  
Beidh freagracht ar na Ballstáit as cáilíocht agus iomláine na sonraí príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta, agus as na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe arna ndíorthú astu a tharchuirtear chuig úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit:

(a) 

go ndéanfar na sonraí príomhúla arna mbailiú faoi na pleananna oibre náisiúnta a sheiceáil go cuí féachaint an bhfuil earráidí iontu, trí bhíthin nósanna imeachta iomchuí um rialú cáilíochta;

(b) 

go mbailíochtófar na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe arna ndíorthú ó na sonraí príomhúla a bhailítear faoi na pleananna oibre náisiúnta sula ndéanfar iad a tharchur chuig úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha;

(c) 

go ndéanfar na nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a chuirtear i bhfeidhm ar na sonraí príomhúla, mionsonraithe agus comhiomlánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a fhorbairt i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna nglacadh ag na comhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta, ag na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, ag CETEI agus ag na grúpaí um chomhordú réigiúnach.



CAIBIDIL III

ÚSÁID SONRAÍ

Airteagal 15

Rochtain ar shonraí príomhúla agus tarchur na sonraí sin

1.  
Chun críche fíorú a dhéanamh go bhfuil na sonraí príomhúla arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ann, seachas sonraí socheacnamaíocha, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar na bunachair sonraí náisiúnta ríomhairithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13.
2.  
Chun críche fíorú a dhéanamh ar na sonraí socheacnamaíocha arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ann, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar na bunachair sonraí náisiúnta ríomhairithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit comhaontuithe leis an gCoimisiún chun rochtain éifeachtach agus gan bhac a áirithiú don Choimisiún ar a mbunachair sonraí náisiúnta ríomhairithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, gan dochar do na hoibleagáidí atá bunaithe faoi rialacha eile an Aontais.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí príomhúla a bhaileofar faoi na suirbhéanna taighde ar muir a tharchur chuig na heagraíochtaí eolaíocha idirnáisiúnta agus chuig comhlachtaí eolaíocha iomchuí laistigh de na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát.

Airteagal 16

Sonraí príomhúla a phróiseáil

1.  

Déanfaidh na Ballstáit na sonraí príomhúla a phróiseáil agus tacair de sonraí mionsonraithe nó comhiomlánaithe a dhéanamh díobh i gcomhréir le:

(a) 

caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, i gcás inarb infheidhme;

(b) 

prótacail arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta nó réigiúnach, i gcás inarb infheidhme.

2.  
Tabharfaidh an Ballstát tuairisc d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus don Choimisiún, aon uair is gá, ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí a iarradh a phróiseáil agus ar airíonna staidrimh na modhanna sin.

Airteagal 17

An nós imeachta chun a áirithiú go mbeidh sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe ar fáil

1.  
Bunóidh na Ballstáit próisis agus teicneolaíochtaí leictreonacha leormhaithe chun a áirithiú go gcuirfear Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus an Rialachán seo, i bhfeidhm go héifeachtach. Staonfaidh siad ó aon srianta nach bhfuil gá leo ar shonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe a scaipeadh ar úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus ar pháirtithe leasmhara eile.
2.  
Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh coimircí iomchuí ann, i gcás ina mbeidh faisnéis a bhaineann le daoine nádúrtha nó eintitis dhlítheanacha sainaitheanta nó insainaitheanta sna sonraí. Féadfaidh Ballstát a dhiúltú na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe ábhartha a tharchur má tá an baol ann go bhféadfaí daoine nádúrtha nó eintitis dhlítheanacha a shainaithint, agus sa chás sin féadfaidh an Ballstát lena mbaineann modhanna eile a mholadh chun riachtanais úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha a chomhlíonadh a dhéanfaidh anaithnideacht a áirithiú.
3.  
Sa chás ina ndéanfaidh úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha iarrataí a bheadh le húsáid mar bhonn do chomhairle a chuirfí ar lucht bainistithe iascach, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar na sonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe cothrom le dáta agus go gcuirfear iad ar fáil d’úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha laistigh de na sprioc-amanna a leagfar síos san iarraidh, agus ní fhéadfaidh an tréimhse sin a bheith níos giorra ná aon mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar na sonraí sin.
4.  
Sa chás iarrata seachas na hiarratais dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh Ballstáit go dtabharfar na sonraí ábhartha cothrom le dáta agus go gcuirfear iad ar fáil d’úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha agus do pháirtithe leasmhara eile laistigh de thréimhse ama réasúnta. Laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh, cuirfidh na Ballstáit an té a d’iarr na sonraí ar an eolas faoin méid ama a thógfaidh sé iad a sholáthar, agus beidh sé sin comhréireach le raon feidhme an iarratais, agus leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí a iarradh.
5.  
I gcás ina mbeidh gá tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí a bailíodh cheana, ar sonraí iad arna n-iarraidh ag úsáideoirí deiridh eile na sonraí eolaíocha seachas na húsáideoirí dá dtagraítear i mír 3 nó páirtithe leasmhara eile, féadfaidh na Ballstáit na costais iarbhír a bhainfidh le próiseáil bhreise a dhéanamh ar na sonraí is gá a ghearradh ón bpáirtí iarrthach sula ndéanfaidh an Ballstát na sonraí sin a tharchur.
6.  
I gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a údarú go ndéanfar an sprioc-am dá dtagraítear i mír 3 a fhadú.
7.  
I gcás ina n-iarrtar sonraí lena bhfoilsiú i bhfoilseacháin eolaíochta, féadfaidh na Ballstáit, ar mhaithe le leasanna gairmiúla na mbailitheoirí sonraí a chosaint, ar bailitheoirí sonraí iad a d’ainmnigh an comhlacht atá i gceannas ar chur chun feidhme an phlean oibre náisiúnta, ceangal a leagan síos go gcuirfear moill trí bliana ar fhoilsiú na sonraí ón dáta dá dtagraíonn na sonraí. Cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chinneadh den sórt sin agus maidir leis na cúiseanna atá leis.

Airteagal 18

Córais chomhoiriúnacha stórála agus malartaithe sonraí

1.  
D’fhonn costais a laghdú agus rochtain ar shonraí mionsonraithe agus comhiomlánaithe a éascú d’úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus do pháirtithe leasmhara eile, oibreoidh na Ballstáit, an Coimisiún, comhlachtaí comhairleacha eolaíocha agus aon úsáideoirí deiridh ábhartha na sonraí eolaíocha i gcomhar le chéile chun córais chomhoiriúnacha stórála agus malartaithe sonraí a fhorbairt, agus forálacha Threoir 2007/2/CE á gcur san áireamh acu. Éascóidh na córais sin scaipeadh faisnéise chuig páirtithe leasmhara eile freisin. Féadfaidh na córais sin a bheith ina mbunachair sonraí réigiúnacha. Féadfar na pleananna oibre réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 9(8) den Rialachán seo a úsáid mar bhonn chun teacht ar chomhaontú faoi chórais den sórt sin.
2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáidí, cóid agus amchláir a bheidh le húsáid chun comhoiriúnacht na gcóras stórála agus malartaithe sonraí a áirithiú, agus chun coimircí a bhunú, i gcás inarb iomchuí, sa chás go mbeadh faisnéis san áireamh sna córais stórála agus malartaithe sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar sonraí iad a bhaineann le daoine nádúrtha sainaitheanta nó insainaitheanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 19

Athbhreithniú ar dhiúltú sonraí a sholáthar

Má dhiúltaíonn Ballstát sonraí a sholáthar faoi Airteagal 17(7), féadfaidh úsáideoir deiridh na sonraí eolaíocha a iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an diúltú. Má fhionnann an Coimisiún nach diúltú cuí-réasúnaithe an diúltú, féadfaidh sé ceangal a chur ar an mBallstát na sonraí a sholáthar d’úsáideoir deiridh na sonraí eolaíocha laistigh d’aon mhí amháin.

Airteagal 20

Oibleagáidí ar úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus ar pháirtithe leasmhara eile

1.  

Úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha agus páirtithe leasmhara:

(a) 

ní úsáidfidh siad na sonraí ach chun na críche a bheidh sonraithe san iarraidh ar fhaisnéis uathu i gcomhréir le hAirteagal 17;

(b) 

déanfaidh siad foinsí na sonraí a admháil mar is cuí;

(c) 

beidh siad freagrach as úsáid chuí oiriúnach a bhaint as na sonraí ó thaobh na heitice eolaíochta de;

(d) 

cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoi aon fhadhbanna a mheastar a bheith ag roinnt leis na sonraí;

(e) 

soláthróidh siad tagairtí do na torthaí ar úsáid na sonraí do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún;

(f) 

ní sheolfaidh siad na sonraí a iarradh ar aghaidh chuig tríú páirtithe gan toiliú an Bhallstáit lena mbaineann;

(g) 

ní dhíolfaidh siad na sonraí le haon tríú páirtí.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon neamhchomhlíonadh a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh na sonraí eolaíocha nó páirtithe leasmhara eile.
3.  
I gcás nach gcomhlíonann úsáideoirí deiridh ná sonraí eolaíocha aon cheann de na ceanglais a leagtar amach i mír 1, féadfaidh an Coimisiún cead a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann rochtain na n-úsáideoirí sonraí ar na sonraí a theorannú nó a dhiúltú.



CAIBIDIL IV

TACAÍOCHT A THABHAIRT DO CHOMHAIRLE EOLAÍOCH

Airteagal 21

Rannpháirtíocht i gcruinnithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh a gcuid saineolaithe náisiúnta páirt i gcruinnithe ábhartha d’eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach nó ina bhreathnóir iontu agus de chomhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta.

Airteagal 22

Comhordú agus comhar idirnáisiúnta

1.  
Comhordóidh na Ballstáit agus an Coimisiún a gcuid iarrachtaí agus rachaidh siad i gcomhar le chéile chun feabhas breise a chur ar cháilíocht, ar thráthúlacht agus ar chumhdach na sonraí ionas gur féidir feabhas breise a chur ar iontaofacht na comhairle eolaíche agus ar cháilíocht phleananna oibre agus mhodhanna oibre na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach nó ina bhreathnóir iontu agus de chomhlachtaí eolaíocha idirnáisiúnta.
2.  
Déanfar an comhordú agus an comhar sin gan dochar do dhíospóireacht oscailte eolaíoch agus beidh sé mar aidhm aige comhairle eolaíoch neamhchlaonta a chur chun cinn.



CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23

Faireachán

1.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le CETEI, faireachán ar dhul chun cinn na bpleananna oibre sa Choiste um iascach agus dobharshaothrú dá dtagraítear in Airteagal 25.
2.  
Faoin 11 Iúil 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana ón 10 Iúil 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

Nós imeachta coiste

1.  
Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfaidh an Coiste um iascach agus dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 26

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.  
Déantar leis seo Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 a aisghairm le héifeacht ón 10 Iúil 2017.
2.  

D’ainneoin mhír 1:

(a) 

beidh feidhm fós ag na forálacha aisghairthe i leith cláir náisiúnta arna bhformheas roimh an 10 Iúil 2017.

(b) 

clár ilbhliantúil an Aontais a bheidh i bhfeidhm an 10 Iúil 2017, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, fanfaidh sé i bhfeidhm don tréimhse a mhairfidh sé nó go dtí go mbeidh glactha le clár ilbhliantúil nua don Aontas faoin Rialachán seo, cibé acu is túisce.

3.  
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN



Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh 199/2008

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2

Airteagal 2(a), (c) go (h)

Airteagal 3(1) go (7)

Airteagal 2(b), (i), (j), (k),

Airteagal 3(8) agus (9))

Airteagal 3

Airteagal s 4 agus 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal s 8 agus 9

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 7

Airteagal 11

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 12(1)

Airteagal 11

Airteagal 12(2) agus (3)

Airteagal 12

Airteagal 5(1)(b) agus (5)

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagail 18, 19 agus 20

Airteagal 17

Airteagal 21

Airteagal 19

Airteagal 22

Airteagal 20

Airteagal 23

Airteagal 21

Airteagal 24

Airteagal 22

Airteagail 25 agus 27

Airteagail 24 agus 25

Airteagal 26

Airteagal 23(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 28

Airteagal 26

Airteagal 29

Airteagal 27

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn