02017R0852 — GA — 30.07.2024 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2017/852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 137 24.5.2017, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2526 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Meán Fómhair 2022 |
L 328 |
66 |
22.12.2022 |
|
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2049 ÓN gCOIMISIÚN an 14 Iúil 2023 |
L 236 |
21 |
26.9.2023 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2024/1849 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 |
L 1849 |
1 |
10.7.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) 2017/852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Bealtaine 2017
maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóir
Leis an Rialachán seo bunaítear bearta agus coinníollacha a bhaineann le úsáid agus stóráil agus trádáil mearcair, comhdhúl mearcair agus meascán mearcair, agus monarú, úsáid agus trádáil táirgí ar cuireadh mearcair leo agus bainistiú dramhaíola mearcair chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol ó astaíochtaí antrapagaineacha agus scaoileadh mearcair agus comhdhúile mearcair.
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, ceanglais níos déine ná iad siúd a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le CFAE.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “mearcair” mearcair miotalach (Hg, CAS RN 7439-97-6);
ciallaíonn “comhdhúil mhearcair” aon substaint atá comhdhéanta d'adaimh mearcair agus adamh amháin nó níos mó de dhúile ceimiceacha eile is féidir a dheighilt i gcomhdhúile éagsúla trí imoibrithe ceimiceacha, agus tríothu sin amháin;
ciallaíonn “meascán” meascán nó tuaslagán atá comhdhéanta de dhá shubstaint nó níos mó;
ciallaíonn “táirge ar cuireadh mearcair leis” táirge nó comhchuid de tháirge a bhfuil mearcair agus/nó comhdhúl mearcair ann a cuireadh leis d'aon ghnó;
ciallaíonn “dramhaíl mhearcair” mearcair miotalach atá cáilithe mar dhramhaíl, arna sainmhíniú i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
ciallaíonn “onnmhairiú” aon cheann de na nithe seo a leanas:
onnmhairiú buan nó sealadach mearcair, comhdhúl mearcair, meascán mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) CFAE;
ath-onnmhairiú mearcair, comhdhúl mearcair, meascán mearcair agus táirgí ar cuireach mearcair leo nach gcomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) CFAE agus atá curtha faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais seachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch chustaim an Aontais;
ciallaíonn “allmhairiú” mearcair, comhdhúile mearcair, meascáin mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a thabhairt isteach go fisiciúil chuig críoch chustaim an Aontais agus a chuirtear faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais seachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch chustaim an Aontais;
ciallaíonn “diúscairt” diúscairt mar a shainmhínítear i bpointe (19) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
ciallaíonn “mianadóireacht phríomha mearcair” mianadóireacht inarb é an mearcair an príomhábhar atá á lorg;
ciallaíonn “comhshó” claochlú ceimiceach ar staid fhisiceach mearcair ó staid leachtach chuig suilfíd mhearcair nó ceimiceán atá inchomparáide atá chomh cobhsaí céanna nó níos cobhsaí agus chomh hintuaslagtha céanna nó nach bhfuil chomh intuaslagtha céanna in uisce agus nach mó an ghuais don chomhshaol nó don tsláinte ná suilfíd mhearcair.
ciallaíonn “cur ar an margadh” soláthar nó cur ar fáil, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce, do thríú páirtí. Measfar gur cur ar an margadh is ea allmhairiú;
CAIBIDIL II
SRIANTA TRÁDÁLA AGUS MONARAITHE A BHAINEANN LE MEARCAIR, COMHDHÚILE MEARCAIR, MEASCÁIN MEARCAIR AGUS TÁIRGÍ AR CUIREADH MEARCAIR LEO
Airteagal 3
Srianta ar onnmhairiú
Airteagal 4
Srianta ar allmhairiú
Gan dochar d'Airteagal 11 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den Airteagal seo, déanfar allmhairiú mearcair agus allmhairiú meascain mhearcair a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh úsáid a cheadaítear i mBallstát a cheadú i gcás ina mbeidh a thoiliú i scríbhinn tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don allmhairiú i gceachtar de na himthosca seo a leanas:
tá an tír onnmhairithe ina Pháirtí sa Choinbhinsiún agus ní eascraíonn mearcair onnmhairithe ó mhianadóireacht phríomha mearcair mar a thoirmisctear faoi Airteagal 3(3) agus (4), den Choinbhinsiún sin; nó
thug an tír onnmhairithe nach bhfuil ina Páirtí don Choinbhinsiún deimhniú nach n-eascraíonn mearcair ó mhianadóireacht phríomha mearcair.
Gan dochar d'aon bearta náisiúnta a ghlactar i gcomhréir le CFAE, measfar úsáid a cheadaítear de bhun reachtaíocht an Aontais a bheith ina húsáid a cheadaítear i mBallstát chun críocha na míre seo.
Airteagal 5
Onnmhairiú, allmhairiú agus monarú táirgí ar cuireadh mearcair leo
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in i mír 1 maidir le haon cheann de na táirgí seo a leanas ar cuireadh mearcair leo:
táirgí atá bunriachtanach le haghaidh úsáidí cosanta shibhialta agus úsáidí míleata;
táirgí le haghaidh taighde, le haghaidh calabrú ionstraimíochta, nó atá ceaptha lena n-úsáid mar chaighdeán tagartha.
Airteagal 6
Foirmeacha le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú
Déanfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun na foirmeacha a shonrú a bheidh le húsáid chun críche Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
CAIBIDIL III
SRIANTA AR ÚSÁID AGUS STÓRÁIL MEARCAIR, COMHDHÚL MEARCAIR AGUS MEASCÁIN MEARCAIR
Airteagal 7
Gníomhartha tionsclaíocha
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach ceanglais theicniúla a leagan amach le haghaidh stóráil eatramhach mearcair, comhdhúl mearcair agus meascán mearcair, ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, i gcomhréir leis na cinntí arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 10(3) agus Airteagal 27 den Choinbhinsiún, ar choinníol gur thacaigh an tAontas leis an gCinneadh lena mbaineann trí bhíthin chinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin arna dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialacháin seo.
Airteagal 8
Táirgí nua ar cuireadh mearcair leo agus próisis monaraithe nua
Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír seo maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
trealamh is gá chun leasanna bunriachtanacha shlándáil na mBallstát a chosaint, lena n-airítear airm, muinsin agus ábhair chogaidh atá ceaptha chun críocha míleata go sonrach;
trealamh atá ceaptha lena chur sa spás;
feabhsuithe teicniúla nó athdhearadh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a bhí á monarú roimh 1 Eanáir 2018, agus, ar choinníoll go dtiocfaidh de na feabhsuithe nó den athdhearadh sin níos lú mearcair a bheith in úsáid sna táirgí sin.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír seo maidir le próisis lena monaraítear nó ina n-úsáidtear táirgí ar cuireadh mearcair leo faoi réir an toirmisc a leagtar síos i mír 1.
I gcás ina mbeidh sé de rún ag oibreoir eacnamaíoch cur isteach ar chinneadh de bhun mír 6 chun monarú nó táirge nua ar cuireadh mearcair leis a chur ar an margadh nó próiseas monaraithe nua a sholáthródh tairbhí suntasacha comhshaoil nó sláinte, nach mbainfeadh aon rioscaí suntasach leo don chomhshaol nó do shláinte an duine, agus i gcás nach mbeadh aon roghanna eile saor ó mhearcair ar fáil a bheadh indéanta go teicniúil a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo, tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fógra d'údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis seo a leanas dóibh:
tuairisc theicniúil ar an táirge nó ar an bpróiseas lena mbaineann;
measúnú ar na tairbhí agus ar na rioscaí don chomhshaol agus don tsláinte a bhaineann leis an táirge;
fianaise lena léirítear roghanna eile saor ó mhearcair a bheadh praiticiúil go teicniúil lena soláthraítear tairbhí suntasacha don chomhshaol agus don tsláinte a bheith in easnamh;
míniú mionsonraithe ar an mbealach atá an próiseas le hoibriú nó an táirge le monarú, le húsáid agus a dhiúscairt tar éis a úsáide mar dhramhaíl, chun a áirithiú go ndéantar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar ardleibhéal.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna ina measann siad nár comhlíonadh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 6.
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe.
Déanfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a shonrú an bhfuil an táirge ábhartha nua ar cuireadh mearcair leis nó an próiseas monaraithe nua údaraithe.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Airteagal 9
Mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseáil
Airteagal 10
Malgam fiaclóireachta
Agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sheachadadh, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír, i mBallstáit inarb é malgam fiaclóireachta an t-aon ábhar a aisíoctar go poiblí ar ráta 90 % ar a laghad faoin dlí náisiúnta d’othair nach bhfuil incháilithe d’ábhair aisíoctha eile de líonadh fiaclóireachta agus do dhaoine ar ioncam íseal a mbeidh tionchar díréireach socheacnamaíoch acu faoi dháta céimnithe amach an 1 Eanáir 2025, féadfar malgam fiaclóireachta a úsáid le haghaidh cóireáil fiaclóireachta go dtí an 30 Meitheamh 2026. Déanfaidh na Ballstáit a sholáthar agus a chur ar fáil go poiblí mínithe réasúnaithe maidir le húsáid a bhaint as an maolú seo, lena n-áirítear na bearta iomchuí atá le cur chun feidhme faoin 30 Meitheamh 2026, agus tabharfaidh siad fógra ina leith don Choimisiún faoin 31 Lúnasa 2024.
Cuirfidh na Ballstáit a gcuid pleananna náisiúnta ar fáil ar an idirlíon don phobal agus déanfaidh siad iad a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta a nglactha.
Áiritheoidh na hoibreoirí go ndéanfaidh:
deighilteoirí malgam a chuirfear i seirbhís ón 1 Eanáir 2018 leibhéal coinneála de 95 % ar a laghad de na cáithní malgaim;
gach deighilteoir a bheidh in úsáid an leibhéal coinneála a shonraítear i bpointe (a) a áirithiú, ón 1 Eanáir 2021.
Déanfar deighilteoirí malgam a chothabháil i gcomhréir le treoracha an mhonaróra chun an leibhéal coinneála is fearr is féidir a áirithiú.
Ní dhéanfaidh cleachtóirí fiaclóireachta an dramhaíl mhalgaim sin a scaoileadh isteach go díreach nó go hindíreach sa chomhshaol in imthosca ar bith.
Ón 1 Iúil 2026, ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar mhalgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, ligfear malgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú le haghaidh na riachtanas sonrach liachta dá dtagraítear i mír 2a, an chéad fhomhír.
CAIBIDIL IV
DRAMHAÍL AGUS DRAMHAIL MHEARCAIR A DHIÚSCAIRT
Airteagal 11
Dramhaíl
Gan dochar do phointe (5) d'Airteagal 2 den Rialachán seo, measfar go bhfuil mearcair agus comhdhúile mearcair, bídís i bhfoirm íon nó ina meascáin, ó aon cheann de na foinsí móra seo a leanas ina ndramhaíl de réir bhrí Treoir 2008/98/CE agus déanfar iad a dhiúscairt gan sláinte an duine a chur i mbaol ná dochar a dhéanamh don chomhshaol i gcomhréir leis an Treoir sin:
an tionscal clór-alcaileach;
glanadh gáis nádúrtha;
oibríochtaí mianadóireachta agus bruithnithe miotail neamhfheiriúla;
asbhaint as ór cionnabair san Aontas.
Ní bheidh aon fhoirm d'aisghabháil mhearcair mar thoradh ar an diúscairt sin.
Airteagal 12
Tuairisciú ar fhoinsí móra
Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha sna hearnálacha tionscail dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 11, cuirfidh siad an méid seo a leanas, faoin 31 Bealtaine gach bliain, chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:
sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair atá stóráilte i ngach ceann dá gcuid suiteáil;
sonraí maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair a cuireadh chuig saoráidí aonair a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú nó dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú;
suíomh agus sonraí teagmhála gach saoráid dá dtagraítear i bpointe (b);
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 14(1);
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(2);
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó a stóráil go buan agus, más infheidhme, a sholadú, i gcomhréir le hAirteagal 14(3).
Airteagal 13
Dramhaíl mhearcair a stóráil
Scoirfidh an maolú a leagtar amach sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2026.
Ní dhéanfar dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, a dhiúscairt go buan ach amháin sna saoráidí stórála buaine seo a leanas atá ceadúnaithe le haghaidh diúscairt dramhaíola mearcair:
mianaigh salainn atá oiriúnaithe do stóráil bhuan dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó, nó foirmíochtaí carraige crua atá go domhain faoi thalamh ina bhfuil leibhéal sábháilteachta agus insrianaithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna mianaigh salainn sin nó atá níos airde ná an leibhéal sin; or
saoráidí os cionn talún atá tiomnaithe do stóráil bhuan dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus faoi sholadú agus atá feistithe lena haghaidh agus ina bhfuil leibhéal sábháilteachta agus insrianaithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna saoráidí dá dtagraítear i bpointe (a) nó atá níos airde ná an leibhéal sin.
Áiritheoidh oibreoirí saoráidí stórála buaine go gcuirtear an dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú aisti féin ó dhramhaíl eile agus i mbaisceanna diúscartha i seomra stórála atá séalaithe. Maidir le saoráidí stórála buaine áiritheoidh na hoibreoirí sin go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 1999/31/CE, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir le stóráil shealadach dramhaíola mearcair a bhunaítear sa tríú agus sa chúigiú fleasc de Roinn 8 d'Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i ndáil lena saoráidí stórála buaine.
Airteagal 14
Inrianaitheacht
Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, bunóidh siad clár ina n-áireofar na nithe seo a leanas:
i gcás gach lastais dramhaíola mearcair atá faighte:
tionscnamh agus méid na dramhaíolasin;
ainm agus sonraí teagmhála sholáthróir agus úinéir na dramhaíola sin;
i gcás gach lastais mearcair a fhágann an tsaoráid:
an méid dramhaíola sin agus a cion mearcair;
ceann scríbe agus oibríocht diúscartha bheartaithe na dramhaíola sin;
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl a chomhshó agus, más infheidhme, soladú na dramhaíola sin, dá dtagraítear i mír 2;
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl mhearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú a stóráil go buan dá dtagraítear i mír 3;
an méid dramhaíola mearcair arna stóráil sa tsaoráide ag deireadh gach míosa.
Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a stóráil go sealadach, eiseoidh siad, a luaithe a thógfar an dramhaíl mhearcair amach as stóráil shealadach, deimhniú lena ndeimhnítear gur seoladh an dramhaíl mhearcair chuig saoráid ina ndéantar oibríochtaí diúscartha a chumhdaítear faoin Airteagal seo.
A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.
Aon oibreoirí saoraidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, bunóidh siad clár ina n-áireofar na nithe seo a leanas:
i gcás gach lastais dramhaíola mearcair atá faighte:
tionscnamh agus méid na dramhaíolasin;
ainm agus sonraí teagmhála sholáthróir agus úinéir na dramhaíola sin;
i gcás gach lastais dramhaíola mearcair a chuaigh faoi chomhshó agus, más infheidhme, faoi sholadú agus í ag fágáil na suiteála:
an méid dramhaíola sin agus a cion mearcair;
ceann scríbe agus oibríocht diúscartha bheartaithe na dramhaíola sin;
cóip an deimhnithe a sholáthair oibreoir na saoráide a dhéanann an dramhaíl sin dá dtagraítear i mír 3;
an méid dramhaíola mearcair arna stóráil sa tsaoráid ag deireadh gach míosa.
Aon oibreoirí saoráidí a dhéanann dramhaíl mhearcair a chomhshó agus, más infheidhme, a sholadú, eiseoidh siad, a luaithe a bheidh oibríocht chomhshó agus, más infheidhme, soladaithe an lastais iomláin tugtha i gcrích, deimhniú lena ndeimhnítear go bhfuil lastas iomlán na dramhaíola mearcair comhshóite agus, más infheidhme, soladaithe.
A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.
A luaithe a eiseofar deimhniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar cóip de a tharchur gan mhoill chuig oibreoirí na saoráidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo agus chuig na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 12.
Airteagal 15
Láithreacha éillithe
CAIBIDIL V
PIONÓIS, ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS TUAIRISCIÚ
Airteagal 16
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoi na dátaí faoi seach maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 17
Údaráis inniúla
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach as oibleagáidí a eascróidh as an Rialachán seo a chur i gcrích.
Airteagal 18
Tuarascáil
Faoin 1 Eanáir 2020 agus ag eatraimh iomchuí ina dhiaidh sin, ullmhóidh agus foilseoidh na Ballstáit tuarascáil ar líne, agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus don phobal í, ina mbeidh an méid seo a leanas:
faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
faisnéis a bhfuil gá léi chun gur féidir leis an Aontas an oibleagáid tuairiscithe arna faoi Airteagal 21 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh;
achoimre ar an bhfaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo;
faisnéis maidir le mearcair atá suite ina gcríocha:
liosta de na láithreacha ina bhfuil stoic mearcair, seachas dramhaíl mhearcair, atá níos mó ná 50 tona méadrach suite chomh maith leis an méid mearcair i ngach láthair;
liosta de na láithreacha ina bhfuil níos mó ná 50 tona méadrach dramhaíola mearcair carntha chomh maith leis an méid dramhaíola mearcair i ngach láthair; agus
liosta d'fhoinsí a sholáthraíonn níos mó ná 10 dtona mhéadracha mearcair sa bhliain, i gcás inar cuireadh na Ballstáit ar an eolas fúthu;
achoimre ar an bhfaisnéis a bailíodh i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo chomh maith leis an bhfaisnéis faoi na méideanna mearcair a úsáidtear le haghaidh na riachtanas sonrach leighis dá dtagraítear in Airteagal 10(2a); agus
faisnéis faoi na bearta a cuireadh chun feidhme ar bhonn na treorach ón gCoimisiúin maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí dá dtagraítear in Airteagal 19(2a), pointe (a).
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan aon chuid den fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go poiblí ar aon cheann de na forais a luaitear in Airteagal 4 (1) agus (2) de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), faoi réir an dara fomhír d'Airteagal 4(2) den Treoir sin.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun ceistneoirí iomchuí a bhunú chun an t-inneachar, an fhaisnéis agus na táscairí feidhmíochta lárnacha a shonrú ionas go gcomhlíonfar na ceanglais faoimír 1 chomh maith le formáid agus minicíocht na tuarascála dá dtagraítear i mír 1. Ní dhéanfaidh na ceistneoirí sin dúbláil ar oibleagáidí tuairiscithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Airteagal 19
Athbhreithniú
Faoin 30 Meitheamh 2020 tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh a mheasúnaithe maidir leis na nithe seo a leanas:
an gá go rialálfadh an tAontas astaíochtaí mearcair agus comhdhúl mearcair ó chréamatóiriamaí;
a indéanta a bheadh sé deireadh a chur le húsáid malgaim fiaclóireachta de réir a chéile san fhadtéarma, agus faoi 2030 más féidir, agus na pleananna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) á gcur i gcuntas agus lánurraim á léiriú d'inniúlachtaí na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú agus a sheachadadh; agus
an tairbhe a dhéanfaí don chomhshaol agus a indéanta a bheadh sé Iarscríbhinn II a ailíniú tuilleadh le reachtaíocht ábhartha an Aontais lena rialáiltear táirgí ar cuireadh mearcair leo a chur ar an margadh.
Faoin 31 Nollaig 2029, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo a leanas:
cur chun feidhme agus tionchar na treorach, arna bhforbairt ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2025, maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí arna gcur i bhfeidhm sna Ballstáit;
an gá atá leis an díolúine ón toirmeasc ar úsáid malgaim fiaclóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2a), an chéad fhomhír, a choinneáil ar bun, agus an tionchar ar shláinte na n-othar i gcoitinne agus na n-othar atá ag brath ar líonadh malgaim á chur san áireamh, agus an gá atá leis an maolú a choinneáil ar bun maidir le malgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 10(7), an tríú fomhír;
na forbairtí faoin gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le céimniú amach úsáide neamhdhleathaí mearcair i gcosmaidí, agus faisnéis arna soláthar ag Páirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le Cinneadh MC-5/5 ó Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tuarascáil ar chosmaidí a ullmhú á cur san áireamh;
an gá atá le húsáidí mearcair atá fós ann a chéimniú amach;
an gá atá le cur leis an liosta d’fhoinsí dramhaíola mearcair a leagtar amach in Airteagal 11;
an gá atá le cur leis an liosta de chomhdhúile mearcair a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí chlóiríd asainíde mhearcair (HgNH2Cl), mar shampla, a chur leis.
CAIBIDIL VI
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 20
Na hIarscríbhinní a leasú
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní I, II, III agus IV chun iad a ailíniú le cinntí arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 27 den Choinbhinsiún, ar choinníol gur thacaigh an tAontas leis an gcinneadh lena mbaineann trí bhíthin cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE.
Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 22
Nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA DEIREANACHA
Airteagal 23
Aisghairm
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2018.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.
Beidh feidhm ag Cuid I, pointe (d) d'Iarscríbhinn III ón 11 Nollaig 2017, áfach.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Comhdhúile mearcair faoi réir Airteagal 3(2) agus (3) agus Airteagal 7(3) agus meascáin mhearcair atá faoi réir Airteagal 3(2), Airteagal 4(1) agus Airteagal 7(3)
Comhdhúile mearcair a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú ón 1 Eanáir 2018:
Comhdhúile mearcair a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú ón 1 Eanáir 2020:
Meascáin mearcair a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú agus a n-allmhairiú ón 1 Eanáir 2018:
IARSCRÍBHINN II
Táirgí ar cuireadh mearcair leo dá dtagraítear in Airteagal 5
Cuid A — Táirgí ar cuireadh mearcair leo
|
Táirgí ar cuireadh mearcair leo |
An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo |
|
1. Ceallraí nó taisc-cheallraí ina bhfuil níos mó ná 0,0005 % mearcair de réir meáchain. |
31.12.2020 |
|
2. Lasca agus athsheachadáin, seachas droichid tomhais toillis agus caillteanais ardchruinnis agus lasca agus athsheachadáin radaimhinicíochta ardmhinicíochta in uirlisí monatóireachta agus rialaithe ina bhfuil uaschion mearcair 20 mg in aghaidh an droichid, na laisce nó an athsheachadáin. |
31.12.2020 |
|
3. Dlúthlampaí fluaraiseacha (CFLanna) chun críocha gnáthshoilsiú: (a) CFL.i ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa; (b) CFL.ni ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 3,5 mg in aghaidh an dóire lampa. |
31.12.2018 |
|
3a. Dlúthshoilse fluaraiseacha a bhfuil ballasta comhtháite iontu (CFL.i) chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa. |
31.12.2025 |
|
3b. Gach dlúthlampa fluaraiseach (CFL) eile chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontrálacha 3 agus 3a |
31.12.2025 |
|
4. Na lampaí fluaraiseacha líneacha (LFLs) seo a leanas chun críocha gnáthshoilsiú: (a) Fosfar Triband < 60 vata ina bhfuil cionn mearcair níos mó ná 5 mg in aghaidh an lampa; (b) Fosfar Halafosfáite ≤ 40 vata ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 10 mg in aghaidh an lampa. |
31.12.2018 |
|
4a. Lampaí fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (a). |
31.12.2026 |
|
4b. Lampaí fosfair halafosfáite chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (b). |
31.12.2025 |
|
4c. Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha. |
31.12.2026 |
|
4d. Lampaí fosfair halafosfáite neamhlíneacha. |
31.12.2025 |
|
5. Lampaí gaile ardbhrú mearcair (HPMVanna), chun críocha gnáthshoilsiú. |
31.12.2018 |
|
5a. Lampaí (gaile) sóidiam ardbhrú (HPSanna) chun críoch soilsithe ghinearálta le: (a) P ≤ 105 W is mó ná 16 mg Hg; (b) 105 W < P ≤ 155 W is mó ná 20 mg Hg; (c) P > 155 W is mó ná 25 mg Hg. |
31.12.2025 |
|
6. Na lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) ar cuireadh mearcair leo, le haghaidh taispeántais leictreonacha seo a leanas: (a) gearrfhad (≤ 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 3,5 mg in aghaidh an lampa; (b) meánfhad (> 500 mm agus ≤ 1 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 5 mg in aghaidh an lampa; (c) mórfhad (> 1 500 mm) ina bhfuil cion mearcair níos mó ná 13 mg in aghaidh an lampa. |
31.12.2018 |
|
6a. Na lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) den uile fhad le haghaidh taispeántais leictreonacha, nach n-áirítear in iontráil 6. |
31.12.2025 |
|
7. Cosmaidí ina bhfuil mearcair agus comhdhúile mearcair, seachas na cásanna speisialta úd a áirítear in iontráil 16 agus iontráil 17 d'Iarscríbhinn V de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
31.12.2020 |
|
8. Lotnaidicídí, bithicídí agus antaiseipteáin logánta. |
31.12.2020 |
|
9. Na feistí tomhais neamhleictreonacha seo a leanas: (a) baraiméadair; (b) taismhéadair; (c) manaiméadair; (d) teirmiméadair agus feidhmchláir theirmiméadracha neamhleictreonacha eile; (e) sfigmeamanaiméadair; (f) straidhntomhsairí atá le húsáid le pleitismeagraif; (g) picniméadair mearcair; (h) feistí méadraithe mearcair chun an bogphointe a chinneadh. Ní chumhdaíonn an iontráil seo na feistí tomhais seo a leanas: — feistí tomhais neamhleictreonacha atá suiteáilte i dtrealamh mórscála nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh tomhas ardchruinnis i gcás nach bhfuil gléas oiriúnach atá saor ó mhearcair le fáil; — feistí tomhais a bhí níos sine ná 50 bliain ar an 3 Deireadh Fómhair 2007; — feistí tomhais a thaispeánfar i dtaispeántais phoiblí ar chúiseanna cultúrtha agus staire. |
31.12.2020 |
|
10. Na feistí tomhais leictreacha agus leictreonacha seo a leanas seachas na cinn siúd atá suiteáilte i dtrealamh mórscála nó iad siúd a úsáidtear le haghaidh tomhas ardchruinnis i gcás nach bhfuil gléas oiriúnach atá saor ó mhearcair le fáil: (a) trasduchtóirí brú leáite; (b) tarchuradóirí brú leáite; (c) braiteoirí brú leáite. |
31.12.2025 |
|
11. Táirgí eile ar cuireadh mearcair leo: (a) Folúschaidéil mearcair; (b) Cothromóirí boinn agus meáchain rotha; (c) Scannán agus páipéar fótagrafach; (d) Tiomántán le haghaidh satailítí agus spásárthaí. |
31.12.2025 |
|
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59). |
|
Cuid B — Táirgí eile nach n-áirítear sa liosta i gCuid A den Iarscríbhinn seo
Lasca agus athsheachadáin, lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (CCFLanna agus EEFLanna) le haghaidh taispeántais leictreonacha agus feistí tomhais, nuair a úsáidtear iad chun comhpháirt de threalamh atá níos mó a ionadú agus ar choinníoll nach bhfuil aon mhalairt fhéideartha atá saor ó mhearcair ar fáil don chomhpháirt sin, i gcomhréir le Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus le Treoir 2011/65/AE.
IARSCRÍBHINN III
Ceanglais a bhaineann le mearcair is infheidhme maidir le próisis mhonaraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2)
Cuid I: Úsáid thoirmiscthe mearcair nó comhdhúl mearcair, bídís i bhfoirm íon nó ina meascáin, i bpróisis mhonaraithe
ón 1 Eanáir 2018: próisis táirgthe ina n-úsáidfear mearcair nó comhdhúl mearcair mar chatalaíoch;
de mhaolú ar phointe (a), toirmiscfear monaiméir de chlóiríd vinile a tháirgeadh ón 1 Eanáir 2022.
ón 1 Eanáir 2022: próisis mhonaraithe ina n-úsáidfear mearcair mar leictreoid;
de mhaolú ar phointe (c), ón 11 Nollaig 2017: le haghaidh táirgeadh clór-alcaileach i gcás ina n-úsáidfear mearcair mar leictreoid;
De mhaolú ar phointe (c), toirmiscfear meitioláit nó eitioláit photaisiam nó sóidiam a tháirgeadh ón 1 Eanáir 2028.
ón 1 Eanáir 2018: táirgeadh polúireatáin, a mhéid nach bhfuil srianta nó toirmiscthe cheana féin i gcomhréir le hiontráil 62 d'Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
Cuid II: Próisis mhonaraithe faoi réir srianta ar úsáid agus scaoileadh mearcair agus comhdhúl mearcair
Meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh
Déanfar meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh i gcomhréir le pointe (e) de Chuid I agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
ní úsáidfear mearcair as mianadóireacht phríomha mearcair;
déanfar laghdú 50 % ar scaoileadh díreach agus indíreach mearcair agus comhdhúl mearcair san aer, san uisce agus sa talamh in aghaidh an aonaid táirgthe, faoin mbliain 2020 i gcomparáid le 2010;
tacófar le taighde agus forbairt i ndáil le próisis monaraithe atá saor ó mhearcair; agus
ón 13 Meitheamh 2017, ní mhéadófar toilleadh na suiteálacha a úsáideann mearcair agus comhdhúile mearcair chun meitioláit nó eitioláit sóidiam nó photaisiam a tháirgeadh agus a bhí ag oibriú roimh an dáta sin agus ní cheadófar aon suiteálacha nua.
IARSCRÍBHINN IV
Ábhar an phlean náisiúnta maidir le mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 9
Áireofar sa phlean náisiúnta an fhaisnéis seo a leanas:
cuspóirí náisiúnta agus spriocanna maidir le laghdú chun úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair a dhíchur;
bearta chun na nithe seo a leanas a dhíchur:
malgamú méine iomláine;
dó oscailte malgaim nó malgaim phróiseáilte;
dó malgaim i limistéir chónaithe; agus
láisteadh ciainíde i moirt, i mian nó i bhfuíoll ar cuireadh mearcair leis gan an mearcair a bhaint ar dtús;
céimeanna chun cur ar bhonn foirmiúil nó rialáil earnáil na mianadóireachta óir ceardaíochta agus mionscála agus na próiseála a éascú;
meastacháin bhonnlíne ar na cainníochtaí mearcair a úsáidtear agus na cleachtais a úsáidtear i mianadóireacht agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála laistigh dá chríoch;
straitéisí chun gur féidir laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar scaoileadh mearcair, agus risíocht do mhearcair, i mianadóireacht agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála, lena n-áirítear modhanna saor ó mhearcair;
straitéisí chun trádáil a bhainistiú agus cosc a chur ar atreorú mearcair agus comhdhúl mearcair ó fhoinsí eachtracha agus ó fhoinsí intíre araon, lena n-úsáid i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus i bpróiseáil óir cheardaíochta agus mhionscála;
straitéisí chun go mbeidh geallsealbhóirí rannpháirteach i gcur chun feidhme agus i bhforbairt leanúnach an phlean náisiúnta;
straitéis sláinte poiblí maidir le risíocht mianadóirí óir ceardaíochta agus mionscála agus a bpobail do mhearcair, agus ina n-áireofar, inter alia, sonraí sláinte a thiomsú, oiliúint a chur ar oibrithe cúraim sláinte agus ardú feasachta trí shaoráidí sláinte;
straitéisí chun risíocht pobal soghonta, go háirithe leanaí agus mná atá in aois toirchis, go mór mór mná atá torrach, do mhearcair a úsáidtear i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála agus próiseála;
straitéisí chun faisnéis a chur ar fáil do mhianadóirí óir ceardaíochta agus mionscála agus do na pobail dá ndéantar difear;
sceideal chun an plean náisiúnta a chur chun feidhme.
IARSCRÍBHINN V
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 3(1) agus (2) |
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 3(3) |
|
Airteagal 1(3) |
Airteagal 3(4) |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 3(1)(a) |
Airteagal 13(3)(a) |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír |
Airteagal 13(1), an chéad fhomhír agus Airteagal 13(3), an tríú fomhír |
|
Airteagal 3(2) |
— |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 13(1) |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 13(1) |
|
Airteagal 4(3) |
— |
|
Airteagal 5(1) |
— |
|
Airteagal 5(2) |
— |
|
Airteagal 5(3) |
— |
|
Airteagal 6(1)(a) |
— |
|
Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 6(1)(b) |
Airteagal 12(1)(a) |
|
Airteagal 6(1)(c) |
Airteagal 12(1)(b) agus (c) |
|
Airteagal 6(2)(a) |
Airteagal 12(1)(a) |
|
Airteagal 6(2)(b) |
Airteagal 12(1)(b) agus (c) |
|
Airteagal 6(3) |
Airteagal 12(1) |
|
Airteagal 6(4) |
— |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 8(1) |
— |
|
Airteagal 8(2) |
— |
|
Airteagal 8(3) |
— |
|
Airteagal 8(4) |
— |
|
Airteagal 8(5) |
— |
|
Airteagal 9 |
— |
( 1 ) Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
( 2 ) Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88)
( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lch. 1).
( 4 ) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena leasaítear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
( 5 ) Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).