02017R0821 — GA — 19.11.2020 — 001.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2017/821 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Bealtaine 2017 (IO L 130 19.5.2017, lch. 1) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2017/821 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Bealtaine 2017
lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Tá gach tairseach méide socraithe ag leibhéal a áirithíonn go bhfuil formhór mór ach gan níos lú ná 95 % d'iomlán na méideanna a allmhairítear isteach san Aontas de gach mianra agus miotal faoin gcód Ainmníochta Chomhcheangailte faoi réir oibleagáidí allmhaireoirí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “mianraí” an méid seo a leanas mar a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I:
ciallaíonn “miotail” miotail ina bhfuil stán, tantalam agus tungstan nó ór mar a liostaítear i gcuid B d'Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “slabhra soláthair mianraí” an córas gníomhaíochtaí, eagraíochtaí, gníomhaithe, teicneolaíochta, faisnéise, acmhainní agus seirbhísí a bhíonn ag plé le mianraí a aistriú agus a phróiseáil ó shuíomh an eastósctha ar aghaidh go dtí a n-ionchorprú sa táirge deiridh;
ciallaíonn “dícheall cuí sa slabhra soláthair” na hoibleagáidí atá ar allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór i ndáil lena gcórais bainistithe, bainistithe riosca, iniúchóireachtaí tríú páirtí neamhspleácha agus nochta faisnéise d’fhonn rioscaí iarbhír agus ionchasacha a bhaineann le limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus le limistéir ardriosca a shainaithint agus dul i ngleic leo chun ain-iarmhairtí a leanann as a ngníomhaíochtaí foinsithe a chosc nó a laghdú;
ciallaíonn “córas inrianaitheachta slabhra coimeádta nó slabhra soláthair” taifead de na hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil coimeád mianraí agus miotal acu agus iad ag dul tríd an slabhra soláthair;
ciallaíonn “limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó limistéir ardriosca” limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha, nó atá leochaileach tar éis coinbhleachta chomh maith le limistéir ina bhfuil an rialachas agus an tslándáil lag nó gan a bheith ann ar chor ar bith, amhail stáit theipthe, agus ina sáraítear go forleitheadach agus go córasach an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear sáruithe ar chearta an duine;
ciallaíonn “grúpaí armtha agus fórsaí slándála” grúpaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht CCFE um Dhícheall Cuí;
ciallaíonn “bruithneoir agus athleádóir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá i mbun cineálacha de mhiotalóireacht eastóscach ina ndéantar céimeanna próiseála éagsúla agus é mar aidhm aige miotal a tháirgeadh as mianach;
ciallaíonn “bruithneoirí nó athleádóirí freagracha domhanda” bruithneoirí nó athleádóirí atá suite laistigh den Aontas nó lasmuigh de agus a meastar go gcomhlíonann siad oibleagáidí an Rialacháin seo;
ciallaíonn “réamhtheachtach” an slabhra soláthair mianach ó shuíomhanna an eastósctha ar aghaidh go dtí na bruithneoirí nó na hathleádóirí, iad araon san áireamh;
ciallaíonn “iartheachtach” an slabhra soláthair miotail ón gcéim tar éis na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí ar aghaidh go dtí an táirge deiridh;
ciallaíonn “allmhaireoir de chuid an Aontais” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhearbhaíonn mianraí nó miotail lena scaoileadh chun saorchúrsaíochta de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar thar a cheann a dhéantar an dearbhú sin, mar a léirítear in eilimintí sonraí 3/15 agus i mír sonraí 3/16 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún ( 2 );
ciallaíonn “scéim díchill chuí sa slabhra soláthair” nó “scéim díchill chuí” teaglaim de nósanna imeachta, uirlisí agus sásraí saorálacha díchill chuí sa slabhra soláthair, lena n-áirítear iniúchóireachtaí tríú páirtí neamhspleácha, arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag rialtais, comhlachais thionsclaíocha, nó grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara;
ciallaíonn “údaráis inniúla na mBallstát” an t-údarás nó na húdaráis ainmnithe atá ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhfuil saineolas acu maidir le hamhábhair, próisis thionsclaíocha agus iniúchóireacht;
ciallaíonn “Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí” Treoraíocht ECFE i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca (an Dara hEagrán, ECFE 2013), lena n-áirítear a hIarscríbhinní agus a Forlíontaí go léir;
ciallaíonn “sásra casaoide” sásra feasachta riosca luathrabhaidh lenar féidir le haon pháirtí leasmhar, lena n-áirítear sceithirí, ábhar imní atá acu a chur in iúl i dtaobh imthosca ina bhfuil mianraí á n-eastóscadh, á dtrádáil, á láimhseáil agus á n-onnmhairiú i limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó i limistéir ardriosca;
ciallaíonn “beartas don slabhra soláthair eiseamláireach” beartas don slabhra soláthair atá i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí ina leagtar amach rioscaí ain-iarmhartacha móra a d'fhéadfadh bheith ag gabháil le heastóscadh, trádáil, láimhseáil agus onnmhairiú mianraí ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó ó limistéir ardriosca;
ciallaíonn “plean bainistithe riosca” freagairt i scríbhinn ó allmhaireoir de chuid an Aontais ar na rioscaí aitheanta sa slabhra soláthair bunaithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;
ciallaíonn “miotail athchúrsáilte” táirgí úsáideora deiridh nó iarthomhaltais athshlánaithe, nó dramh-mhiotail phróiseáilte a rinneadh le linn monarú táirgí; folaíonn “miotail athchúrsáilte” ábhair bhreise, imithe i léig, lochtacha agus dramh-mhiotail, ina bhfuil miotail athleáite nó phróiseáilte atá oiriúnach lena n-athchúrsáil i dtáirgeadh stáin, tantalaim, tungstain nó óir. Chun críocha an tsainmhínithe seo, ní mheastar mianraí atá próiseáilte go páirteach, neamhphróiseáilte nó ar fotháirge iad de mhian eile a bheith ina miotail athchúrsáilte;
ciallaíonn “fotháirge” mianra nó miotal a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a fuarthas as mianra nó miotal a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo a phróiseáil, agus nach bhfaighfí an fotháirge sin gan an mianra nó an miotal príomhúil a phróiseáil a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo;
ciallaíonn “dáta infhíoraithe” dáta is féidir a fhíorú trí chigireacht a dhéanamh ar dhátstampaí fisiciúla ar tháirgí nó ar liostaí fardail.
Airteagal 3
Oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair a bheith á gcomhlíonadh ag allmhaireoirí de chuid an Aontais
Airteagal 4
Oibleagáidí maidir le córais bhainistíochta
Déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail na nithe seo a leanas:
beartas slabhra soláthair maidir le mianraí agus na miotail a d'fhéadfadh a bheith de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca a ghlacadh agus faisnéis cothrom le dáta faoi a chur in iúl go soiléir do sholáthróirí agus don phobal;
caighdeáin a ndéanfar an dícheall cuí sa slabhra soláthair ina leith a ionchorprú sa slabhra soláthair a ionchorprú sna caighdeáin a leagtar amach sa samhailbheartas don slabhra soláthair in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;
struchtúr a gcórais bhainistíochta inmheánach faoi seach a cheapadh sa chaoi is go dtacóidh sé le dícheall cuí sa slabhra soláthair trína chur de chúram ar bhainistíocht shinsearacha, i gcásanna nuair nach duine nádúrtha é an t-allmhaireoir de chuid an Aontais, den fhoireann maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas díchill chuí sa slabhra soláthair agus taifid a choimeád de na córais sin ar feadh cúig bliana ar a laghad;
a gcomhar le soláthróirí a neartú trína mbeartais slabhra soláthair a ionchorprú i gconarthaí agus i gcomhaontuithe le soláthróirí, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;
sásra casaoide a bhunú a bheidh ina chóras feasachta riosca luathrabhaidh nó an sásra sin a sholáthar trí shocruithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha nó le heagraíochtaí eile, nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlachta sheachtraigh amhail ombudsman;
i dtaca le mianraí, córas inrianaitheachta sa slabhra coimeádta nó sa slabhra soláthair a oibriú, a thabharfaidh, agus doiciméadacht ag gabháil léi, an fhaisnéis seo a leanas:
tuairisc ar an mianra, lena n-áirítear a ainm trádála agus a chineál;
ainm agus seoladh sholáthróir an allmhaireora de chuid an Aontais;
tír thionscnaimh na mianraí;
cainníochtaí agus dátaí eastósctha, má tá siad ar fáil, arna sloinneadh de réir méide nó meáchain;
i gcás ina bhfuil na mianraí de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca, nó i gcás ina bhfuil rioscaí eile sa slabhra soláthair mar a liostaítear i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí fionnta ag an allmhaireoir de chuid an Aontais, soláthrófar faisnéis bhreise, i gcomhréir leis na moltaí sonracha d'oibreoirí eacnamaíocha iartheachtacha a leagtar amach i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, amhail an mianach as ar baineadh an mianra; suíomhanna ina ndéantar mianraí a bhailiú, a thrádáil agus a phróiseáil; agus cánacha, táillí agus ríchíosanna arna n-íoc;
i dtaca le miotail, córas inrianaitheachta sa slabhra coimeádta nó sa slabhra soláthair a oibriú, a thabharfaidh, agus doiciméadacht ag gabháil léi, an fhaisnéis seo a leanas:
tuairisc ar an miotal, lena n-áirítear a ainm trádála agus a chineál;
ainm agus seoladh sholáthróir an allmhaireora;
ainm agus seoladh na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí i slabhra soláthair an allmhaireora de chuid an Aontais;
má tá siad ar fáil, taifid ar thuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí, nó fianaise ar scéim díchill chuí sa slabhra soláthair, arna haithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8, a bheith á comhlíonadh;
mura bhfuil na taifid dá dtagraítear i bpointe (iv) ar fáil:
maidir le fotháirgí, faisnéis a sholáthar arna tacú le doiciméadacht amhail ó phointe tionscnaimh na dtáirgí sin, eadhon an pointe ina ndéantar an fotháirge mianra nó miotail a dheighilt ar dtús óna mhianra príomhúil nó ó mhiotal lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 5
Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca
Déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí an méid seo a leanas:
na rioscaí go dtiocfaidh ain-iarmhairtí as a shlabhra soláthair mianraí a shainaithint agus a mheasúnú ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun Airteagal 4 de réir chaighdeáin a bheartais slabhra soláthair, i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus moltaí maidir le dícheall cuí atá i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;
straitéis a chur chun feidhme chun déileáil leis na rioscaí a aithníodh, ionas gur féidir ain-iarmhairtí a chosc nó a laghdú tríd an méid seo a leanas:
torthaí an mheasúnaithe riosca ar an slabhra soláthair a thuairisciú dá bhainistíocht shinsearach atá ainmnithe chun na críche sin, i gcásanna nuair nach duine nádúrtha é an t-allmhaireoir de chuid an Aontais;
bearta maidir le bainistiú riosca a ghlacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus leis na moltaí díchill chuí i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, ag cur san áireamh a gcumas tionchar a imirt, agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar sholáthróirí ar féidir leo an riosca a chosc nó a mhaolú ar an dóigh is éifeachtaí, ionas gur féidir ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
an plean bainistithe riosca a chur chun feidhme, rianú agus faireachán a dhéanamh ar a fheabhas atá na bearta um maolú riosca ag cruthú, tuairisciú don bhainistíocht shinsearach atá ainmnithe chun na críche sin, i gcásanna nuair nach duine nádúrtha é an t-allmhaireoir de chuid an Aontais, agus cuimhneamh ar scor de bheith ag déileáil le soláthróir nó an déileáil a dhéantar leis a fhionraí má theipeann ar na bearta um maolú riosca;
tuilleadh measúnuithe riosca agus faisnéise a dhéanamh i gcás rioscaí nach mór a mhaolú, nó tar éis athrú ar imthosca.
Airteagal 6
Oibleagáidí maidir le hiniúchóireachtaí tríú páirtí
San iniúchóireacht tríú páirtí déanfar an méid seo a leanas:
gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile an allmhaireora Aontais a úsáidtear chun an dícheall cuí a chur chun feidhme sa slabhra soláthair i dtaca le mianraí agus miotail atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo a áireamh faoi raon feidhme na hiniúchóireachta, lena n-áirítear córas bainistíochta an allmhaireora Aontais, bainistiú riosca, agus nochtadh faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7 faoi seach;
a bheith mar chuspóir aige cleachtais díchill chuí i slabhra soláthair an allmhaireora de chuid an Aontais a chinntiú i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7;
moltaí a dhéanamh don allmhaireoir de chuid an Aontais maidir le conas feabhas a chur ar a chleachtais díchill chuí ina shlabhra soláthair; agus
prionsabail iniúchóireachta an neamhspleáchais, na hinniúlachta agus na cuntasachta mar a leagtar amach i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí a urramú.
Measfar an ceanglas d'fhianaise shubstainteach bheith comhlíonta i gcás ina dtaispeánann allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhiotail go bhfuil siad ag foinsiú go huile agus go hiomlán ó bhruithneoirí agus ó athleádóirí arna liostú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9.
Airteagal 7
Oibleagáidí maidir le nochtadh
I gcás inar féidir le hallmhaireoir de chuid an Aontais teacht ar an tátal le réasún go bhfuil miotail á díorthú as foinsí athchúrsála nó ó fhoinsí dramh-mhiotail, agus iadsan amháin, déanfaidh sé, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht, an méid seo a leanas:
a thátal a nochtadh go poiblí; agus
tuairisc réasúnta mionsonraithe a thabhairt ar na bearta díchill chuí sa slabhra soláthair a fheidhmíonn sé chun teacht ar an tátal sin.
Airteagal 8
Aitheantas do scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair
Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le haitheantas a thabhairt do scéim díchill chuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cleachtais éagsúla an tionscail atá clúdaithe ag an scéim sin agus ina theannta sin tabharfaidh sé aird ar an gcur chuige agus modh riosca-bhunaithe atá in úsáid ag an scéim sin chun limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca a shainaithint, agus na torthaí liostaithe díobh sin. Beidh na torthaí liostaithe sin nochtaithe ag an úinéir scéime.
Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
Más rud é nach ndéanann an t-úinéir na gníomhaíochtaí feabhais atá riachtanach nó go ndiúltaíonn sé iad a dhéanamh, agus i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcuirfeadh an mhainneachtain nó na heasnaimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo as d'ábaltacht an allmhaireora Aontais scéim a chur chun feidhme chun go gcomhlíonfadh sé an Rialachán seo, nó i gcás ina bhfuil cásanna suntasacha nó cásanna atá ann arís agus arís eile de neamhchomhlíonadh ó oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim chun feidhme bainteach le heasnaimh sa scéim, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), agus tarraingeoidh sé siar an t-aitheantas don scéim.
Airteagal 9
Liosta de na bruithneoirí agus de na hathleádóirí freagracha domhanda
Déanfar an liosta sin a tharraingt suas agus aird á tabhairt ar na bruithneoirí agus na hathleádóirí freagracha domhanda atá cumhdaithe ag scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8 agus ar an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit isteach de bhun Airteagal 17(1).
Airteagal 10
Údaráis inniúla na mBallstát
Déanfaidh na Ballstáit faoin 9 Nollaig 2017 ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 11
Seiceálacha ex post ar allmhaireoirí de chuid an Aontais
Áireofar na nithe seo a leanas, inter alia, sna seiceálacha ex post dá dtagraítear i mír 1:
scrúdú ar an gcaoi a bhfuil na hoibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme ag an allmhaireoir de chuid an Aontais, lena n-áirítear an córas bainistíochta, bainistiú riosca, iniúchadh tríú páirtí agus nochtadh;
scrúdú ar dhoiciméadúchán agus ar thaifid a léiríonn comhlíonadh cuí na n-oibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a);
scrúdú ar oibleagáidí iniúchta i gcomhréir leis an raon feidhme, an cuspóir agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 6.
Ba cheart go n-áireofaí cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear ag áitreabh an allmhaireora de chuid an Aontais, sna seiceálacha ex post dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 12
Taifid ar sheiceálacha ex post ar allmhaireoirí de chuid an Aontais
Coimeádfaidh údaráis inniúla na mBallstát taifid de na seiceálacha ex post dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus luafar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí seiceálacha den sórt sin, chomh maith le taifid d'aon fhógra faoi ghníomhaíochtaí feabhais arna eisiúint faoi Airteagal 16(3).
Coinneofar taifid de na seiceálacha ex post dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar feadh cúig bliana ar a laghad.
Airteagal 13
Comhar agus malartú faisnéise
Airteagal 14
Treoirlínte
Airteagal 15
Nós imeachta coiste
I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
Airteagal 16
Rialacha is infheidhme maidir le sárú
Airteagal 17
Tuarascálacha agus athbhreithniú
Airteagal 18
Modheolaíocht chun tairseacha a ríomh
Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, agus ar bhonn faisnéise custaim maidir le méideanna bliantúla allmhairithe de réir allmhaireora de chuid an Aontais agus de réir an chóid Ainmníochta Comhcheangailte arna liostú in Iarscríbhinn I ina gcríocha faoi seach a soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún arna iarraidh sin dó, déanfaidh an Coimisiún an méid bliantúil allmhairithe is airde de réir allmhaireora de chuid an Aontais agus de réir cóid Ainmníochta Comhcheangailte a bheidh ag comhfhreagairt do líon nach mbeidh níos lú ná 95 % de mhéid iomlán bliantúil na n-allmhairithe isteach san Aontas don chód Ainmníochta Comhcheangailte sin a roghnú mar an tairseach a bheidh le cur isteach in Iarscríbhinn I. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag brath ar an bhfaisnéis allmhairithe in aghaidh gach allmhaireora de chuid an Aontais a sholáthraíonn na Ballstáit don dá bhliain roimhe sin.
Airteagal 19
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta mianraí agus miotal a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin (AE) 2017/821 atá aicmithe faoin Ainmníocht Chomhcheangailte
Cuid A: Mianraí
|
Cur síos |
Cód CN |
Foroinn TARIC |
Tairseach méide (kg) |
|
Mianta stáin agus tiúcháin díobh |
2609 00 00 |
|
5 000 |
|
Mianta tungstain agus tiúcháin díobh |
2611 00 00 |
|
250 000 |
|
Mianta tantalaim nó niaibiam agus tiúcháin díobh |
ex 2615 90 00 |
10 |
Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18 |
|
Mianta óir agus tiúcháin díobh |
ex 2616 90 00 |
10 |
Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18 |
|
Ór, neamhshaoirsithe nó i bhfoirmeacha leathmhonaraithe, nó i bpúdar le tiúchan óir níos ísle ná 99,5 % nach bhfuil imithe níos faide ná céim an mhínghlanta |
ex 71 08 (*1) |
|
100 |
|
(*1)
Chun críche an tairseach seo a leasú, socrófar an méid a allmhairítear, arna fháil trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta agus na gcritéar d'Airteagal 18, ina tairseach don dá líne tharaife ex 71 08 atá ar áireamh in Iarscríbhinn I. |
|||
Cuid B: Miotail
|
Cur síos |
Cód CN |
Foroinn TARIC |
Tairseach méide (kg) |
|
Ocsaídí agus hiodrocsaídí tungstain |
2825 90 40 |
|
100 000 |
|
Ocsaídí agus hiodrocsaídí stáin |
ex 2825 90 85 |
10 |
Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18 |
|
Clóirídí stáin |
2827 39 10 |
|
10 000 |
|
Tungstáití |
2841 80 00 |
|
100 000 |
|
Tantaláití |
ex 2841 90 85 |
30 |
Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18 |
|
Cairbídí tungstain |
2849 90 30 |
|
10 000 |
|
Cairbídí tantalaim |
ex 2849 90 50 |
10 |
Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18 |
|
Ór, neamhshaoirsithe nó i bhfoirmeacha leathmhonaraithe, nó i bpúdar le tiúchan óir níos airde ná 99,5 % atá imithe níos faide ná céim an mhínghlanta |
ex 71 08 (*1) |
|
100 |
|
Fearótungstan agus fearóisileacatungstan |
7202 80 00 |
|
25 000 |
|
Stán, neamhshaoirsithe |
8001 |
|
100 000 |
|
Barraí, slata, próifílí agus sreanga stáin |
8003 00 00 |
|
1 400 |
|
Stán, earraí eile |
8007 00 |
|
2 100 |
|
Tungstan, púdair |
8101 10 00 |
|
2 500 |
|
Tungstan neamhshaoirsithe, lena n-áirítear barraí agus slata nach bhfuarthas ach trína sintéarú |
8101 94 00 |
|
500 |
|
Sreang thungstain |
8101 96 00 |
|
250 |
|
Barraí agus slata tungstain, seachas na cinn nach bhfuarthas ach trína sintéarú, próifílí, plátaí, leatháin, stiallacha agus scragall, agus eile |
8101 99 |
|
350 |
|
Tantalam, neamhshaoirsithe lena n-áirítear barraí agus slata nach bhfuarthas ach trína sintéarú; púdair |
8103 20 00 |
|
2 500 |
|
Barraí agus slata tantalaim, seachas na cinn nach bhfuarthas ach trína sintéarú, próifílí, sreang, plátaí, leatháin, stiallacha agus scragall, agus eile |
8103 90 |
|
150 |
|
(*1)
Chun críche an tairseach seo a leasú, socrófar an méid a allmhairítear, arna fháil trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta agus na gcritéar d'Airteagal 18, ina tairseach don dá líne tharaife ex 71 08 atá ar áireamh in Iarscríbhinn I. |
|||
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad do liosta na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí freagracha domhanda dá dtagraítear in Airteagal 9
|
Colún A: |
Ainmneacha na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí in ord aibítre |
|
Colún B: |
Seoladh an bhruithneora nó an athleádóra |
|
Colún C: |
* táscaire, má tá mianraí á bhfoinsiú ag an mbruithneoir nó athleádóir ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca |
|
A |
B |
C |
IARSCRÍBHINN III
Teimpléad don liosta d'údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 10
|
Colún A: |
Ainmneacha na mBallstát in ord aibítre |
|
Colún B: |
Ainm an údaráis inniúil |
|
Colún C: |
Seoladh an údaráis inniúil |
|
A |
B |
C |
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
( 2 ) Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe i leith forálacha áirithe de (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).
( 3 ) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).