02017D1775 — GA — 14.12.2024 — 014.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

COUNCIL DECISION (CFSP) 2017/1775

of 28 September 2017

concerning restrictive measures in view of the situation in Mali

(IO L 251 29.9.2017, lch. 23)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

COUNCIL IMPLEMENTING DECISION (CFSP) 2019/29 of 9 January 2019  (*)

  L 8

30

10.1.2019

 M2

COUNCIL IMPLEMENTING DECISION (CFSP) 2019/1216 of 17 July 2019  (*)

  L 192

26

18.7.2019

 M3

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN GCOMHAIRLE (CBES) 2020/9 an 7 Eanáir 2020

  L 4I

7

8.1.2020

 M4

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/118 ÓN GCOMHAIRLE  an 27 Eanáir 2020

  L 22

55

28.1.2020

 M5

CINNEADH (CBES) 2021/2208 ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2021

  L 446

44

14.12.2021

 M6

CINNEADH (CBES) 2022/157 ÓN gCOMHAIRLE  an 4 Feabhra 2022

  L 25I

7

4.2.2022

 M7

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/2187 ÓN gCOMHAIRLE  an 8 Samhain 2022

  L 288

82

9.11.2022

►M8

CINNEADH (CBES) 2022/2440 ÓN gCOMHAIRLE  an 12 Nollaig 2022

  L 319

68

13.12.2022

►M9

CINNEADH (CBES) 2023/431 ÓN gCOMHAIRLE  an 25 Feabhra 2023

  L 59I

434

25.2.2023

 M10

CINNEADH (CBES) 2023/726 ÓN gCOMHAIRLE  an 31 Máta 2023

  L 94

48

3.4.2023

►M11

CINNEADH (CBES) 2023/2799 ÓN gCOMHAIRLE  an 11 Nollaig 2023

  L 2799

1

12.12.2023

 M12

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2024/215 ÓN gCOMHAIRLE  an 4 Eanáir 2024

  L 215

1

5.1.2024

►M13

CINNEADH (CBES) 2024/1204 ÓN GCOMHAIRLE  an 22 Aibreán 2024

  L 1204

1

23.4.2024

►M14

CINNEADH (CBES) 2024/3149 ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2024

  L 3149

1

13.12.2024


Arna cheartú le:

 C1

Ceartúchán, IO L 047I, 20.2.2020, lch.  9 (2020/116)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

COUNCIL DECISION (CFSP) 2017/1775

of 28 September 2017

concerning restrictive measures in view of the situation in Mali



▼M13

Airteagal 1

1.  

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:

(a) 

atá freagrach as na gníomhaíochtaí nó na beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó atá comhpháirteach iontu, nó a bhí ag gabháil dóibh, go díreach nó go hindíreach, amhail na nithe seo a leanas:

(i) 

páirt a ghlacadh in ionsaithe a phleanáil, a stiúradh, a urrú, nó a dhéanamh in aghaidh na ndreamanna seo a leanas:

— 
na Náisiúin Aontaithe agus pearsanra gaolmhar i Mailí;
— 
láithreachtaí slándála idirnáisiúnta i Mailí;
(ii) 

bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Mhailí, nó ar rochtain ar chúnamh daonnúil i Mailí, nó ar dháileadh cúnaimh dhaonnúil i Mailí;

(iii) 

gníomhartha lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhartha lena ndírítear ar shibhialtaigh, lena n-áirítear mná agus leanaí, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Mailí, trí ghníomhartha foréigin a dhéanamh (lena n-áirítear marú, martrú, céasadh, nó éigniú nó foréigean gnéis eile), fuadach, fuadach forfheidhmithe, easáitiú éigeantais, nó ionsaithe ar scoileanna, ospidéil, láithreáin reiligiúnacha, nó suíomhanna ina bhfuil tearmann á lorg ag sibhialtaigh;

(iv) 

leanaí a úsáid nó a earcú ag grúpaí armtha nó ag fórsaí armtha, ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme é, i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha i Mailí;

(v) 

taisteal duine liostaithe a éascú go feasach de shárú ar na srianta taistil;

(b) 

a chuireann bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó a bhaineann an bonn de, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó ar an aistriú cumhachta chuig údaráis thofa nó trí dhochar a dhéanamh dóibh; nó

(c) 

tá baint acu le daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b).

Liostaítear na daoine ainmnithe dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn.

2.  
Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.
3.  

Beidh mír 1 gan dochar don chás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, eadhon:

(a) 

mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b) 

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c) 

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d) 

de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.  
Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcás ina mbeidh Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).
5.  
Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina ndeonóidh an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 a dheonú i gcás ina mbeidh údar leis ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach.
7.  
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 a dheonú i gcás ina bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.
8.  
Tabharfaidh Ballstát ar mian leis díolúintí dá dtagraítear i míreanna 6 nó 7 a dheonú fógra i scríbhinn don Chomhairle ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.
9.  
I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6 nó 7, ina n-údaróidh Ballstát teacht isteach ina chríoch, nó idirthuras trína chríoch do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige a thugtar é agus do na daoine lena mbaineann sin go díreach.

▼M13 —————

▼M13

Airteagal 2

1.  

Déanfar gach ciste agus acmhainn eacnamaíoch atá faoi úinéireacht nó faoi rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí seo a leanas a reo:

(a) 

tá siad freagrach as na gníomhaíochtaí nó na beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó atá comhpháirteach iontu, nó a bhí ag gabháil dóibh, go díreach nó go hindíreach, amhail na nithe seo a leanas:

(i) 

páirt a ghlacadh in ionsaithe a phleanáil, a stiúradh, a urrú, nó a dhéanamh in aghaidh na ndreamanna seo a leanas:

— 
Na Náisiúin Aontaithe agus pearsanra gaolmhar i Mailí;
— 
láithreachtaí slándála idirnáisiúnta i Mailí;
(ii) 

bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Mhailí, nó ar rochtain ar chúnamh daonnúil i Mailí, nó ar dháileadh cúnaimh dhaonnúil i Mailí;

(iii) 

gníomhartha lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhartha lena ndírítear ar shibhialtaigh, lena n-áirítear mná agus leanaí, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Mailí, trí ghníomhartha foréigin a dhéanamh (lena n-áirítear marú, martrú, céasadh, nó éigniú nó foréigean gnéis eile), fuadach, fuadach forfheidhmithe, easáitiú éigeantais, nó ionsaithe ar scoileanna, ospidéil, láithreáin reiligiúnacha, nó suíomhanna ina bhfuil tearmann á lorg ag sibhialtaigh;

(iv) 

leanaí a úsáid nó a earcú ag grúpaí armtha nó ag fórsaí armtha, is sárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme é, i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha i Mailí;

(v) 

taisteal duine liostaithe a éascú go feasach de shárú ar na srianta taistil.

(b) 

cuireann siad bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó a dhéanann dochar dó, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó ar an aistriú cumhachta chuig údaráis thofa nó trí dhochar a dhéanamh dóibh; nó

(c) 

tá baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b).

Liostaítear na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó comhlachtaí ainmnithe dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn.

2.  
Ní chuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear ar fáil iad do thairbhe iad sin.
3.  

De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a) 

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus bunriachtanais bhaill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b) 

go gceaptar iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c) 

go gceaptar iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d) 

go bhfuil gá leo i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain, ar a laghad, roimh an údarú; nó

(e) 

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

4.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b) 

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c) 

ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d) 

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

5.  
Le mír 1, ní chuirfear cosc ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.
6.  

Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a) 

ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin;

(b) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c) 

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

ar choinníoll go bhfanfaidh aon ús den sórt sin, tuilleamh agus íocaíochtaí eile faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1.

7.  

Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cúnamh daonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le bunriachtanais an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a) 

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena sainghníomhaireachtaí agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b) 

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c) 

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d) 

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e) 

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f) 

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g) 

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

8.  
Gan dochar do mhír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cúnamh daonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le bunriachtanais an duine.
9.  
Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.
10.  
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna dheonú faoi mhíreanna 8 agus 9 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.

▼M13 —————

▼M13

Airteagal 3

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.

Airteagal 4

1.  
Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.
2.  
I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, déanfaidh an Chomhairle a cinneadh athbhreithniú agus cuirfidh sí an duine nó an t-eintiteas lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 5

1.  
Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear inti a liostú.
2.  
Beidh san Iarscríbhinn chomh maith, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; cláruimhir; agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

Airteagal 6

1.  

Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a) 

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b) 

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.  
Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.
3.  
Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 7

Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht, nó banna, ráthaíocht nó slánaíocht a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, gan beann ar an bhfoirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 8

▼M14

1.  
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2(1) agus (2) go dtí an 14 Nollaig 2025 agus déanfar athbhreithniú leanúnach orthu. Déanfar iad a athnuachan, nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a gcuspóirí.

▼M13

2.  
Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(7) agus (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta agus, ar a laghad, gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M13 —————




▼M13

IARSCRÍBHINN

▼M14

A.   Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1(1)

▼M8



 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

DIAW, Malick

Áit bhreithe: Ségou

Dáta breithe: 2.12.1979

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: B0722922 bailí go dtí an 13.8.2018

Inscne: fireann

Post: Uachtarán an National Transition Council (orgán reachtach aistriú polaitiúil Mhailí), Coirnéal

Tá Malick Diaw ina bhall lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta. Agus é ina cheann foirne ar an tríú réigiún míleata, is é sin Kati, bhí sé ar dhuine de ghríosóirí agus de cheannairí an coup a rinneadh an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué, an Coirnéal Assimi Goïta, an Coirnéal Sadio Camara agus an Coirnéal Modibo Koné.

Tá Malick Diaw freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Is príomhghníomhaí i gcomhthéacs aistriú polaitiúil Mhailí é Malick Diaw freisin agus é ina Uachtarán ar an National Transition Council (CNT), comhlacht reachtach an Aistrithe, ó mhí na Nollag 2020.

Níor éirigh le CNT na “misin” atá cumhdaithe sa Chairt Idirthréimhseach dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2020 (“Cairt Idirthréimhseach”) agus ba cheart a chríochnú laistigh de 18 mí a chur i gcrích in am trátha, mar is léir ón moill a bhí ar CNT an dréachtbhille toghcháin a fhormhuiniú. Chuidigh an moill sin le moill a chur ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, moill ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil. Ina theannta sin, leis an mbille nua toghcháin, a ghlac CNT ar deireadh an 17 Meitheamh 2022 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht Mhailí an 24 Meitheamh 2022, ceadaítear don Uachtarán Idirthréimhseach, don Leas-Uachtarán Idirthréimhseach agus do chomhaltaí an Rialtais Idirthréimhsigh a bheith ina n-iarrthóirí sna toghcháin uachtaránachta agus reachtacha, rud atá ag teacht salach ar an gCairt Idirthréimhseach.

Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Malick Diaw) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Dá bhrí sin, tá Malick Diaw ag cur bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus ag baint an bhoinn den chur i gcrích sin.

4.2.2022

▼M14

2.

WAGUÉ, Ismaël

Áit bhreithe: Bamako

Dáta breithe: 2.3.1975

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta AA0193660 bailí go dtí an 15.2.2023

Inscne: fireann

Post: An tAire Athmhuintearais, Maor-Choirnéal

Tá an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué ina chomhalta lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta, agus bhí sé ar dhuine de ghríosóirí an coup an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an gCoirnéal Goïta, an Coirnéal Sadio Camara, an Coirnéal Modibo Koné agus an Coirnéal Malick Diaw.

An 19 Lúnasa 2020, d’fhógair sé go raibh an t-arm tagtha i gcumhacht, agus bhí sé ansin ina urlabhraí don Choiste Náisiúnta um Shlánú na nDaoine (Comité national pour le salut du peuple, CNSP).

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Agus é ina Aire Athmhuintearais ar an Rialtas Idirthréimhseach ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Ismaël Wagué i gceannas ar an gComhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí a chur i bhfeidhm.

Trína ráiteas i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus trína easaontú gan staonadh le comhaltaí an Bhuanchreata Straitéisigh (Cadre Stratégique Permanent, CSP), chuidigh sé le bac a chur ar Choiste Faireacháin an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí (Comité de suivi de l’accord, CSA), rud a d’fhág gur cuireadh cruinnithe CSA ar fionraí ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go mí Mheán Fómhair 2022. Chuir an staid sin bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin, a bhí ar cheann de “misin” aistriú polaitiúil Mhailí dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chairt Idirthréimhseach.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach.Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ismaël Wagué) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol, agus tá sé freagrach freisin as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil, agus as an mbonn a bhaint de thabhairt chun críche an aistrithe sin.

4.2.2022

3.

MAÏGA, Choguel

Áit bhreithe: Tabango, Gao, Mailí

Dáta breithe: 31.12.1958

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta DA0004473, a d’eisigh Mailí, víosa Schengen eisithe chuige

Inscne: fireann

Post: Iar-Phríomh-Aire

Ina cháil mar Phríomh-Aire ó mhí an Mheithimh 2021 go dtí mí na Samhna 2024, ba é Choguel Maïga a bhí i gceannas ar Rialtas Idirthréimhseach Mhailí a bunaíodh tar éis coup an 24 Bealtaine 2021.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar amchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh roimhe seo leis an gComhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair sé i mí an Mheithimh 2021 atheagrú na gComhairliúchán Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la refondation, ANRanna) mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta, mar a d’fhógair Choguel Maïga, agus cuireadh moill ar na toghcháin ansin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseacha (lena n-áirítear Choguel Maïga) i mí na Samhna 2021 mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseach úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

An 21 Samhain 2024, bhris ceannaire an junta, an Cornal Assimi Goïta, Choguel Maïga as a phost mar Phríomh-Aire tar éis do Choguel Maïga an junta míleata a cháineadh.

Ina cháil mar Phríomh-Aire, bhí Choguel Maïga freagrach go díreach as na toghcháin dá bhforáiltear sa Chairt Idirthréimhseach a chur siar. Bhí Choguel Maïga freagrach go díreach freisin as séanadh an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus as na bearta forlámhacha a achtaíonn an Rialtas Idirthréimhseach. Dá bhrí sin, chuir sé bac ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus bhain sé an bonn den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa, agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

4.

MAÏGA, Ibrahim Ikassa

Áit bhreithe: Tondibi, réigiún Gao, Mailí

Dáta breithe: 5.2.1971

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí

Inscne: fireann

Post: Aire um an Athbhunú

Is comhalta de choiste straitéiseach M5-RFP é Ibrahim Ikassa Maïga (Mouvement du 5 juin - Rassemblement des forces patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita.

Mar an tAire um an Athbhunú ó mhí an Mheithimh 2021 i leith, bhí Ibrahim Ikassa Maïga freagrach as na Comhairliúcháin Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la Refondation, ANR), a d’fhógair an Príomh-Aire Choguel Maïga, a phleanáil.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar an amchlár le haghaidh athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh leis an gComhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS roimhe sin i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ibrahim Ikassa Maïga) i mí na Samhna 2021, mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Ina cháil mar Aire um an Athbhunú, tá bac á chur ag Ibrahim Ikassa Maïga ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

▼M11 —————

▼M9

6.

Ivan Aleksandrovitch MASLOV

Иван Александрович МАСЛОВ

Dáta breithe: 11.7.1982 nó 3.1.1980

Áit bhreithe: Arkhangelsk / Chuguevka village, Chuguev district, Primorsky territory

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceann an Ghrúpa Wagner i Mailí

Seoladh: Anaithnid, cláraithe sa bhaile Shatki, sa réigiún Nizhni Novgorod de réir “All eyes on Wagner”

Is é Ivan Aleksandrovitch Maslov ceann an Ghrúpa Wagner i Mailí, a bhfuil a láithreacht sa tír méadaithe ó dheireadh 2021 i leith.

Cuireann láithreacht Wagner i Mailí síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol. Go háirithe, bhí saighdiúirí tuarastail Wagner páirteach i ngníomhartha foréigin agus i sáruithe iomadúla chearta an duine i Mailí, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, mar a rinneadh le linn an “Moura massacre” ag deireadh mhí an Mhárta 2022.

Mar cheannaire áitiúil an Ghrúpa Wagner, dá bhrí sin, tá Ivan Maslov freagrach as gníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhailí i mbaol, go háirithe rannpháirtíocht an ghrúpa sin i ngníomhartha foréigin agus i sáruithe chearta an duine.

25.2.2023

▼M14

B.   Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)

▼M8



 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

DIAW, Malick

Áit bhreithe: Ségou

Dáta breithe: 2.12.1979

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: B0722922 bailí go dtí an 13.8.2018

Inscne: fireann

Post: Uachtarán an National Transition Council (orgán reachtach aistriú polaitiúil Mhailí), Coirnéal

Tá Malick Diaw ina bhall lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta. Agus é ina cheann foirne ar an tríú réigiún míleata, is é sin Kati, bhí sé ar dhuine de ghríosóirí agus de cheannairí an coup a rinneadh an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué, an Coirnéal Assimi Goïta, an Coirnéal Sadio Camara agus an Coirnéal Modibo Koné.

Tá Malick Diaw freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Is príomhghníomhaí i gcomhthéacs aistriú polaitiúil Mhailí é Malick Diaw freisin agus é ina Uachtarán ar an National Transition Council (CNT), comhlacht reachtach an Aistrithe, ó mhí na Nollag 2020.

Níor éirigh le CNT na “misin” atá cumhdaithe sa Chairt Idirthréimhseach dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2020 (“Cairt Idirthréimhseach”) agus ba cheart a chríochnú laistigh de 18 mí a chur i gcrích in am trátha, mar is léir ón moill a bhí ar CNT an dréachtbhille toghcháin a fhormhuiniú. Chuidigh an moill sin le moill a chur ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, moill ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil. Ina theannta sin, leis an mbille nua toghcháin, a ghlac CNT ar deireadh an 17 Meitheamh 2022 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht Mhailí an 24 Meitheamh 2022, ceadaítear don Uachtarán Idirthréimhseach, don Leas-Uachtarán Idirthréimhseach agus do chomhaltaí an Rialtais Idirthréimhsigh a bheith ina n-iarrthóirí sna toghcháin uachtaránachta agus reachtacha, rud atá ag teacht salach ar an gCairt Idirthréimhseach.

Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Malick Diaw) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Dá bhrí sin, tá Malick Diaw ag cur bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus ag baint an bhoinn den chur i gcrích sin.

4.2.2022

▼M14

2.

WAGUÉ, Ismaël

Áit bhreithe: Bamako

Dáta breithe: 2.3.1975

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta AA0193660 bailí go dtí an 15.2.2023

Inscne: fireann

Post: An tAire Athmhuintearais, Maor-Choirnéal

Tá an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué ina chomhalta lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta, agus bhí sé ar dhuine de ghríosóirí an coup an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an gCoirnéal Goïta, an Coirnéal Sadio Camara, an Coirnéal Modibo Koné agus an Coirnéal Malick Diaw.

An 19 Lúnasa 2020, d’fhógair sé go raibh an t-arm tagtha i gcumhacht, agus bhí sé ansin ina urlabhraí don Choiste Náisiúnta um Shlánú na nDaoine (Comité national pour le salut du peuple, CNSP).

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

Agus é ina Aire Athmhuintearais ar an Rialtas Idirthréimhseach ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Ismaël Wagué i gceannas ar an gComhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí a chur i bhfeidhm.

Trína ráiteas i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus trína easaontú gan staonadh le comhaltaí an Bhuanchreata Straitéisigh (Cadre Stratégique Permanent, CSP), chuidigh sé le bac a chur ar Choiste Faireacháin an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí (Comité de suivi de l’accord, CSA), rud a d’fhág gur cuireadh cruinnithe CSA ar fionraí ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go mí Mheán Fómhair 2022. Chuir an staid sin bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin, atá ar cheann de “misin” aistriú polaitiúil Mhailí dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chairt Idirthréimhseach.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ismaël Wagué) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol, agus tá sé ag cur bac ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil, agus tá an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin.

4.2.2022

3.

MAÏGA, Choguel

Áit bhreithe: Tabango, Gao, Mailí

Dáta breithe: 31.12.1958

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta DA0004473, a d’eisigh Mailí, víosa Schengen eisithe chuige

Inscne: fireann

Post: iar-Phríomh-Aire

Ina cháil mar Phríomh-Aire ó mhí an Mheithimh 2021 go dtí mí na Samhna 2024, ba é Choguel Maïga a bhí i gceannas ar Rialtas Idirthréimhseach Mhailí a bunaíodh tar éis coup an 24 Bealtaine 2021.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar amchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh roimhe seo le Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair sé i mí an Mheithimh 2021 atheagrú na gComhairliúchán Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la refondation, ANRanna) mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta, mar a d’fhógair Choguel Maïga, agus cuireadh moill ar na toghcháin ansin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach.Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseacha (lena n-áirítear Choguel Maïga) i mí na Samhna 2021 mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseach úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

An 21 Samhain 2024, bhris ceannaire an junta, an Cornal Assimi Goïta, Choguel Maïga as a phost mar Phríomh-Aire tar éis do Choguel Maïga an junta míleata a cháineadh.

Ina cháil mar Phríomh-Aire, bhí Choguel Maïga freagrach go díreach as na toghcháin dá bhforáiltear sa Chairt Idirthréimhseach a chur siar. Bhí Choguel Maïga freagrach go díreach freisin as séanadh an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus as na bearta forlámhacha a achtaíonn an Rialtas Idirthréimhseach. Dá bhrí sin, chuir sé bac ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus bhain sé an bonn den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa, agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

4.

MAÏGA, Ibrahim Ikassa

Áit bhreithe: Tondibi, réigiún Gao, Mailí

Dáta breithe: 5.2.1971

Náisiúntacht: Mailíoch

Pasuimhir: pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí

Inscne: fireann

Post: Aire um an Athbhunú

Is comhalta de choiste straitéiseach M5-RFP é Ibrahim Ikassa Maïga (Mouvement du 5 juin - Rassemblement des forces patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita.

Mar an tAire um an Athbhunú ó mhí an Mheithimh 2021 i leith, bhí Ibrahim Ikassa Maïga freagrach as na Comhairliúcháin Náisiúnta um an Athbhunú (Assises nationales de la Refondation, ANR), a d’fhógair an Príomh-Aire Choguel Maïga, a phleanáil.

Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar an amchlár le haghaidh athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh le Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) roimhe seo i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na hÚdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Mar thoradh ar amchlár athbhreithnithe a tíolacadh i mí an Mheithimh 2022, inar foráladh go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach an 21 Meán Fómhair 2023 go gcuirfí na toghcháin siar arís.

An 25 Eanáir 2024, cháin an Rialtas Idirthréimhseach an Comhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí agus dhearbhaigh sé go gcuirfí deireadh leis láithreach. Ón dáta sin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar na srianta forlámhacha atá á bhforchur ag an Rialtas Idirthréimhseach.

Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ibrahim Ikassa Maïga) i mí na Samhna 2021, mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus ar chur i gcrích aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseach úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

Ina cháil mar Aire um an Athbhunú, tá bac á chur ag Ibrahim Ikassa Maïga ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

4.2.2022

▼M11 —————

▼M9

6.

Ivan Aleksandrovitch MASLOV

Иван Александрович МАСЛОВ

Dáta breithe: 11.7.1982 nó 3.1.1980

Áit bhreithe: Arkhangelsk / Chuguevka village, Chuguev district, Primorsky territory

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceann an Ghrúpa Wagner i Mailí

Seoladh: Anaithnid, cláraithe sa bhaile Shatki, sa réigiún Nizhni Novgorod de réir “All eyes on Wagner”

Is é Ivan Aleksandrovitch Maslov ceann an Ghrúpa Wagner i Mailí, a bhfuil a láithreacht sa tír méadaithe ó dheireadh 2021 i leith.

Cuireann láithreacht Wagner i Mailí síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol. Go háirithe, bhí saighdiúirí tuarastail Wagner páirteach i ngníomhartha foréigin agus i sáruithe iomadúla chearta an duine i Mailí, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, mar a rinneadh le linn an “Moura massacre” ag deireadh mhí an Mhárta 2022.

Mar cheannaire áitiúil ar an ngrúpa Wagner, dá bhrí sin, tá Ivan Maslov freagrach as gníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhailí i mbaol, go háirithe rannpháirtíocht an ghrúpa sin i ngníomhartha foréigin agus i sáruithe chearta an duine.

25.2.2023



( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).