02017D0253 — GA — 19.02.2026 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

COMMISSION IMPLEMENTING DECISION (EU) 2017/253

of 13 February 2017

laying down procedures for the notification of alerts as part of the early warning and response system established in relation to serious cross-border threats to health and for the information exchange, consultation and coordination of responses to such threats pursuant to Decision No 1082/2013/EU of the European Parliament and of the Council

(Text with EEA relevance)

(IO L 037 14.2.2017, lch. 23)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/858 ÓN gCOIMISIÚN  an 27 Bealtaine 2021

  L 188

106

28.5.2021

►M2

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1212 ÓN gCOIMISIÚN  an 22 Iúil 2021

  L 263

32

23.7.2021

►M3

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/220 ÓN gCOIMISIÚN  an 29 Eanáir 2026

  L 220

1

30.1.2026




▼B

COMMISSION IMPLEMENTING DECISION (EU) 2017/253

of 13 February 2017

laying down procedures for the notification of alerts as part of the early warning and response system established in relation to serious cross-border threats to health and for the information exchange, consultation and coordination of responses to such threats pursuant to Decision No 1082/2013/EU of the European Parliament and of the Council

(Text with EEA relevance)



Article 1

EWRS competent authorities

1.  
The Commission shall grant to the EWRS competent authorities, designated in accordance with Article 15(1)(b) of Decision No 1082/2013/EU, access to the early warning and response system established pursuant to Article 8 of Decision No 1082/2013/EU.
2.  
Member States shall ensure that effective communication channels are established between the EWRS competent authorities and any other relevant competent authorities within their jurisdiction in order to promptly identify serious cross-border threats to health fulfilling the criteria laid down in Article 9(1) and (2) of Decision No 1082/2013/EU.

▼M1

Airteagal 1a

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn ‘foirm aimsithe paisinéirí’ (‘PLF’) foirm a líontar amach ar iarraidh ó údaráis sláinte poiblí ina mbailítear ar a laghad na sonraí paisinéirí a shonraítear in Iarscríbhinn I agus lena gcuidítear leis na húdaráis sin teagmhas sláinte poiblí a bhainistiú trína chur ar a gcumas dóibh rianú a dhéanamh ar phaisinéirí a thrasnaíonn teorainneacha agus a bhféadfadh sé gur nochtadh iad do dhuine atá ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2;

(b) 

ciallaíonn ‘sonraí maidir le foirm aimsithe paisinéirí’ (‘sonraí PLF’) sonraí pearsanta a bhailítear trí PLF;

(c) 

ciallaíonn ‘pointe iontrála digiteach’ suíomh aonair digiteach lenar féidir le húdaráis inniúla EWRS a gcórais náisiúnta dhigiteacha PLF a nascadh go slán leis an ardán malartaithe PLF;

(d) 

ciallaíonn ‘turas’ an taisteal trasteorann a dhéanann duine, trí iompar comhchoiteann ina bhfuil suíocháin réamhshainithe, ag féachaint d’áit imeachta tosaigh agus do cheann scríbe deiridh an duine sin, ag a bhfuil céim amháin nó níos mó.

(e) 

ciallaíonn ‘céim’ aon taisteal trasteorann a dhéanann paisinéir gan aon nasc ná aon athrú idir eitilt, traein, soitheach nó feithicil;

(f) 

ciallaíonn ‘paisinéir atá ionfhabhtaithe’ paisinéir a chomhlíonann an critéar saotharlainne maidir le hionfhabhtú SARS-CoV-2;

(g) 

ciallaíonn ‘duine a nochtadh’ paisinéir nó duine eile a bhí i ndlúth-theagmháil le paisinéir atá ionfhabhtaithe;

(h) 

ciallaíonn ‘foláireamh’ fógra ina n-úsáidtear an Córas Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chinneadh 1082/2013/CE.

▼M3 —————

▼M1

Airteagal 2a

Ardán chun sonraí PLF a mhalartú

1.  
►M2  Faoi EWRS bunaítear ardán chun sonraí PLF faoi phaisinéirí atá ionfhabhtaithe agus daoine a nochtadh a mhalartú go slán chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 a dhéanann údaráis inniúla EWRS ar dhaoine a nochtadh, agus chun na críche sin amháin, mar chomhlánú ar an bhfeidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha atá sa chóras sin cheana féin. ◄

Le hardán malartaithe PLF, cuirfear pointe iontrála digiteach ar fáil d’údaráis inniúla EWRS chun a gcórais náisiúnta dhigiteacha PLF a cheangal go slán nó chun ceangal a dhéanamh trí Chomhchóras Digiteach an Aontais Eorpaigh maidir le Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (“EUdPLF”), chun malartú sonraí a bhailítear trí PLFanna a chumasú.

Beidh údaráis inniúla EWRS in ann an t-ardán malartaithe PLF a úsáid chun sonraí breise a mhalartú, is é sin le rá sonraí eipidéimeolaíocha chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 ar dhaoine a nochtadh, agus é sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 2b(5).

2.  
Is é ECDC a oibreoidh an t-ardán malartaithe PLF.
3.  
D’fhonn a n-oibleagáidí faoi Airteagal 2 a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a shainaithnítear i gcomhthéacs bhailiú sonraí PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS na mBallstát a bhfuil sé de cheanglas orthu an PLF a chomhlánú tacar sonraí PLF, faoi mar a shonraítear in Airteagal 2b, a mhalartú tríd an ardán malartaithe PLF.
4.  
Féadfaidh údaráis inniúla EWRS leanúint dá n-oibleagáidí faoi Airteagal 9(1) agus 9(3) de Chinneadh 1082/2013/AE a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a shainaithnítear i gcomhthéacs sonraí PLF a bhailiú trí na bealaí cumarsáide eile atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo, ar bhonn sealadach agus ar choinníoll nach dtiocfadh sé salach ar chuspóir an rianaithe teagmhálaithe.
5.  
Ní dhéanfaidh an t-ardán malartaithe PLF na sonraí PLF ná na sonraí eipidéimeolaíocha breise a stóráil. Ní cheadóidh sé ach d’údaráis inniúla EWRS sonraí a fháil, sonraí a chuir údaráis inniúla eile de chuid EWRS chucu chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 agus chun na críche sin amháin. Ní bheidh rochtain ag ECDC ar na sonraí ach amháin chun dea-fheidhmiú an ardáin malartaithe PLF a áirithiú.
6.  
Ní choimeádfaidh údaráis inniúla EWRS na sonraí PLF ná na sonraí eipidéimeolaíocha a fhaigheann siad tríd an ardán malartaithe PLF ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse choinneála is infheidhme i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí rianaithe teagmhálaithe náisiúnta maidir le SARS-CoV-2.
7.  
Comhoibreoidh an Coimisiún le ECDC i gcomhlíonadh na gcúraimí a leagtar air faoin gCinneadh seo, go háirithe maidir le bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le húsáid, cur chun feidhme, oibriú, cothabháil agus tuilleadh forbartha ar an ardán malartaithe PLF.
8.  
Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in ardán malartaithe PLF chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 agus chun na críche sin amháin, déanfar na sonraí sin a phróiseáil go dtí an 31 Bealtaine 2022 nó dtí go mbeidh sé dearbhaithe ag Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, éigeandáil atá mar thoradh ar SARS-CoV-2, cibé acu is luaithe.

Airteagal 2b

Na sonraí atá le malartú

▼M2

1.  

Agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh san ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta an phaisinéara nó áit chónaithe an phaisinéara, i gcás nach ionann an áit chónaithe agus áit chéad imeachta, nó chuig Ballstát imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe, i gcás nach n-éileoidh an Ballstát ach PLF a líonadh isteach le haghaidh chéim dheiridh an turais:

▼M1

(a) 

céadainm;

(b) 

sloinne;

(c) 

dáta breithe;

(d) 

uimhir ghutháin (líne thalún agus/nó fón póca);

(e) 

seoladh ríomhphoist;

(f) 

seoladh na háite cónaithe.

▼M2

1a.  
Déanfaidh údaráis inniúla EWRS na sonraí PLF dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na daoine a nochtadh a tharchur freisin, tríd an ardán malartaithe PLF, chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstáit chéad imeachta nó cónaithe na ndaoine sin, nó chuig Ballstát imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe i gcás nach n-éileoidh an Ballstát ach PLF a líonadh isteach le haghaidh chéim dheiridh an turais, ar choinníoll gur bailíodh na sonraí sin i gcomhthéacs na mbeart rianaithe teagmhálaithe a rinneadh tar éis paisinéir ionfhabhtaithe a shainaithint, agus ar choinníoll gur gá iad a tharchur chun críche rianaithe teagmhálaithe.
1b.  
Déanfaidh údaráis inniúla EWRS atá ag tarchur na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 1a a chur in iúl cibé acu an ndéanann siad tagairt do phaisinéir atá ionfhabhtaithe nó do dhuine a nochtadh.

▼M2

2.  
Féadfaidh údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta nó imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe nó an duine a nochtadh na sonraí PLF a fhaightear a tharchur chuig Ballstát imeachta seachas an Ballstát atá dearbhaithe sa PLF mar Bhallstát an imeachta, i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise ann a thugann le fios gur cheart don Bhallstát sin an rianú teagmhálaithe a dhéanamh.

▼M1

3.  

►M2  Más gá chun daoine a nochtadh a shainaithint, agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh san ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur, i ndáil le gach céim de thuras an phaisinéara sin atá ar fáil, chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát uile: ◄

▼M2

(a) 

áit imeachta gach aistir lena mbaineann, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);

(b) 

ceann scríbe gach aistir lena mbaineann, mura féidir an áit sin a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);

▼M1

(c) 

dáta imeachta gach aistir lena mbaineann;

(d) 

cineál gach iompair lena mbaineann (e.g. eitleán, traein, cóiste, bád farantóireachta, long);

(e) 

uimhir aitheantais gach iompair lena mbaineann (e.g. uimhir na heitilte, uimhir na traenach, uimhirphláta an chóiste, ainm an bháid farantóireachta nó ainm na loinge);

(f) 

uimhir an tsuíocháin/an chábáin i ngach iompar lena mbaineann;

▼M2

(g) 

am imeachta gach aistir lena mbaineann, mura féidir an t-am a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e).

▼M1

4.  
I gcás inar féidir le húdaráis inniúla EWRS an Bhallstát atá ag tabhairt fógra faoin bhfoláireamh na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil dóibh, déanfaidh siad na sonraí a liostaítear i mír 3 a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát sin amháin.
5.  

Beidh údaráis inniúla EWRS in ann na sonraí eipidéimeolaíocha seo a leanas a sholáthar, i gcás inar gá sin chun rianú éifeachtach teagmhálaithe a dhéanamh:

(a) 

an cineál tástála a rinneadh;

(b) 

athraitheach den víreas SARS-CoV-2;

(c) 

dáta na samplála;

(d) 

dáta tosaithe na siomptóm.

▼M2

6.  
I gcás nach mbeidh fáil ar chóras náisiúnta PLF Ballstáit go sealadach, féadfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit a bhailigh na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, mír 3 agus mír 5 ó na hiompróirí, ón bpaisinéir atá ionfhabhtaithe nó ón duine a nochtadh, ar bhonn an dlí náisiúnta, na sonraí sin a tharchur tríd an ardán malartaithe PLF chun críoch rianaithe teagmhálaithe, le linn na tréimhse sealadaí nach mbeidh fáil ar an gcóras PLF.

▼M1

Airteagal 2c

Freagrachtaí údaráis inniúla EWRS agus ECDC maidir le próiseáil sonraí PLF

1.  
Na húdaráis inniúla EWRS a mhalartaíonn sonraí PLF agus na sonraí in Airteagal 2b(5) le chéile, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhair iontráil agus tarchur na sonraí sin, go dtí go bhfaighfear iad tríd an ardán malartaithe PLF. Déanfar freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha a leithdháileadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach i malartú trasteorann sonraí PLF tríd an ardán malartaithe PLF, tabharfaidh sé fógra do ECDC sula nglacfaidh sé páirt sa mhalartú sin faoina chuspóir agus faoina údarás inniúil EWRS atá ainmnithe mar an rialaitheoir freagrach.
2.  
Beidh ECDC ina phróiseálaí ar shonraí a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF. Cuirfidh sé an t-ardán malartaithe PLF ar fáil agus áiritheoidh sé slándáil na próiseála, lena n-áirítear sonraí a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF a tharchur, agus comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí próiseálaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
3.  
ECDC agus údaráis inniúla EWRS atá údaraithe chun rochtain a fháil ar an ardán malartaithe PLF, déanfaidh siad tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta ar éifeachtacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil maidir le slándáil na próiseála sonraí PLF a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF a áirithiú.
4.  
Rachaidh ECDC i dteagmháil leis an gCoimisiúin mar fhophróiseálaí agus áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna a leagtar amach sa Chinneadh seo maidir leis an gCoimisiún.

▼B

Article 3

Other Union rapid alert and information systems

1.  
The alert notification referred to in Article 2(1) shall specify whether the threat identified has previously been notified through other alert or information systems at Union level or under the Euratom Treaty.
2.  
Where a serious cross-border threat to health is communicated through more than one Union alert or information system, the Commission shall indicate through the EWRS the lead system for the specific type of information exchange.
3.  
For the purposes of this Article, other alert and information systems at Union level or under the Euratom Treaty shall include the systems set out in ►M1  Iarscríbhinn IV ◄ .

▼M3 —————

▼B

Article 7

Repeal of Decision 2000/57/EC

1.  
Decision 2000/57/EC is repealed.
2.  
References to the repealed Decision shall be construed as references to this Decision.

Article 8

Entry into force

This Decision shall enter into force on the twentieth day following that of its publication in the Official Journal of the European Union.

▼M1




IARSCRÍBHINN I

TACAR ÍOSTA SONRAÍ PLF ATÁ LE BAILIÚ TRÍD AN PLF NÁISIÚNTA

Beidh na sonraí PLF seo a leanas ar a laghad sa PLF:

(1) 

céadainm;

(2) 

sloinne;

(3) 

dáta breithe;

(4) 

uimhir ghutháin (líne thalún agus/nó uimhir fóin póca);

(5) 

Seoladh ríomhphoist;

(6) 

seoladh na háite cónaithe;

▼M2 —————

(8) 

▼M2

an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach céim de thuras ar ina leith a éilíonn an Ballstát PLF a líonadh isteach:

(a) 

an áit imeachta, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);

(b) 

an ceann scríbe, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);

▼M1

(c) 

dáta imeachta;

(d) 

an cineál iompair (e.g. eitleán, traein, cóiste, bád farantóireachta, long);

▼M2

(e) 

am imeachta, mura féidir an t-am a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);

▼M1

(f) 

uimhir aitheantais an mhodha iompair (e.g. uimhir na heitilte, uimhir na traenach, uimhirphláta an chóiste, ainm an bháid farantóireachta nó ainm na loinge);

(g) 

uimhir an tsuíocháin/an chábáin.




IARSCRÍBHINN II

FREAGRACHTAÍ NA mBALLSTÁT RANNPHÁIRTEACH MAR RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA AR AN ARDÁN MALARTAITHE PLF

ROINN 1

Roinnt na bhfreagrachtaí

(1) Áiritheoidh gach údarás inniúil EWRS gur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) a dhéanfar an phróiseáil ar shonraí PLF agus ar na sonraí eipidéimeolaíocha breise a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF. Thar aon ní eile, áiritheoidh sé gur sonraí cruinn iad na sonraí a iontrálann sé san ardán malartaithe PLF agus na sonraí a tharchuireann sé tríd, sonraí atá teoranta do na sonraí a leagtar síos in Airteagal 2b den Chinneadh seo.

(2) Is é údarás inniúil EWRS an t-aon rialaitheoir atá ann le bailiú, úsáid agus nochtadh sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a dhéanamh, agus aon phróiseáil eile ina leith, rud a dhéantar lasmuigh den ardán malartaithe PLF. Áiritheoidh gach údarás inniúil EWRS gur i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a shonraítear le haghaidh an ardáin mhalartaithe PLF a dhéanfar na sonraí a tharchur.

(3) Is ó phointe teagmhála aon cheann de na rialaitheoirí comhpháirteacha a chuirfear treoracha chuig an bpróiseálaí, i gcomhaontú leis na rialaitheoirí comhpháirteacha eile.

(4) Ní fhéadfaidh ach daoine atá údaraithe ag údaráis inniúla EWRS rochtain a fháil ar shonraí PLF agus ar shonraí eipidéimeolaíocha breise a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF.

(5) Bunóidh gachúdarás inniúil EWRS pointe teagmhála ag a bhfuil bosca ríomhphoist feidhmiúil a fheidhmeoidh mar dheis chumarsáide idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí. Is í Meitheal Choiste Slándála Sláinte EWRS a rialaíonn próiseas cinnteoireachta na Rialaitheoirí Comhpháirteacha.

(6) Scoirfidh gach údarás inniúil EWRS de bheith ina rialaitheoir comhpháirteach ó dháta tharraingt siar a chuid rannpháirtíochta san ardán malartaithe PLF. Leanfaidh sé de bheith freagrach, áfach, as bailiú agus as tarchur sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise ar an ardán malartaithe PLF, sonraí a iontráladh sular tharraing sé siar.

(7) Coimeádfaidh gach údarás inniúil EWRS taifead de na gníomhaíochtaí próiseála a thagann faoi scáth a chuid freagrachta. Féadfar an rialú comhpháirteach a léiriú ar an taifead.

ROINN 2

Freagrachtaí agus róil maidir le hiarrataí ar na ábhair sonraí a láimhseáil agus iad a chur ar an eolas

(1) Déanfaidh gach údarás inniúil EWRS a bhfuil PLF de dhíth air faisnéis a sholáthar do na paisinéirí trasteorann (‘na hábhair sonraí’) maidir leis na cúinsí a bhaineann le malartú a gcuid sonraí PLF agus a gcuid sonraí eipidéimeolaíocha ar an ardán malartaithe PLF chun críche an rianaithe teagmhála, i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679.

(2) Gníomhóidh gach údarás inniúil EWRS mar phointe teagmhála le haghaidh na n-ábhar sonraí agus láimhseálfaidh sé na hiarrataí a bhaineann le feidhmiú a gceart gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, iarrataí a chuirfidh siad féin nó a n-ionadaithe isteach. Ainmneoidh gach údarás inniúil EWRS pointe teagmhála sonrach a bheidh tiomnaithe d’iarrataí a gheofar ó ábhair sonraí. Má fhaigheann údarás inniúil EWRS iarraidh ó ábhar sonraí, iarraidh nach dtagann faoina fhreagracht féin, cuirfidh sé an iarraidh sin ar aghaidh go pras chuig an údarás inniúil EWRS atá freagrach, agus cuirfidh sé ECDC ar an eolas ina leith. Má iarrtar sin, tabharfaidh údaráis inniúla EWRS cúnamh dá chéile chun iarrataí na n-ábhar sonraí a bhaineann leis an rialaitheoir comhpháirteach a láimhseáil agus freagróidh siad dá chéile gan moill mhíchuí agus laistigh de 15 lá ar a dhéanaí ón iarraidh ar chúnamh a fháil.

(3) Déanfaidh gach údarás inniúil EWRS ábhar na hIarscríbhinne seo a chur ar fáil do na hábhair sonraí, lena n-áirítear na socruithe a leagtar síos i bpointí 1 agus 2.

ROINN 3

Bainistiú teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta

(1) Ina gcáil mar rialaitheoirí comhpháirteacha, tabharfaidh údaráis inniúla EWRS, cúnamh dá chéile chun aon teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a shainaithint agus a láimhseáil, ar teagmhais iad atá nasctha le próiseáil PLF agus le sonraí eipidéimeolaíocha a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF.

(2) Go háirithe, tabharfaidh siad fógra dá chéile agus do ECDC maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

aon riosca féideartha nó iarbhír d’infhaighteacht, rúndacht agus/nó sláine an PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha a bhfuil próiseáil á déanamh orthu san ardán malartaithe PLF;

(b) 

aon sárú ar shonraí pearsanta, na hiarmhairtí is dócha a bheidh ag an sárú ar shonraí agus an measúnú ar an riosca atá ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, agus aon bhearta a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar shonraí pearsanta agus chun an riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a mhaolú;

(c) 

aon sárú ar choimircí teicniúla agus/nó eagraíochtúla na hoibríochta próiseála san ardán malartaithe PLF.

(3) Déanfaidh údaráis inniúla EWRS aon sárú ar shonraí maidir leis an oibríocht próiseála san ardán malartaithe PLF a chur in iúl do ECDC, do na húdaráis mhaoirseachta inniúla agus, i gcás inar gá, do na hábhair sonraí, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/679 nó tar éis fógra a fháil ó ECDC.

(4) Cuirfidh gach údarás inniúil EWRS bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme, ar bearta iad a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

slándáil, sláine agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseálann siad i gcomhpháirt a áirithiú agus a chosaint;

(b) 

aon sonraí pearsanta atá ina sheilbh a chosaint ar aon phróiseáil, caillteanas, úsáid, nochtadh nó fáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach;

(c) 

a áirithiú nach ndéanfar rochtain ar na sonraí pearsanta a nochtadh ná a cheadú d’aon duine seachas na faighteoirí nó na próiseálaithe.

ROINN 4

Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

Má tá faisnéis ó rialaitheoir eile ag teastáil ó rialaitheoir d’fhonn a oibleagáidí a shonraítear in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, seolfaidh sé iarraidh shonrach chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil dá dtagraítear i bhForoinn 1(5) de Roinn 1. Déanfaidh an rialaitheoir eile sin a dhícheall an fhaisnéis sin a chur ar fáil.




IARSCRÍBHINN III

FREAGRACHTAÍ ECDC MAR PHRÓISEÁLAÍ SONRAÍ AR AN ARDÁN MALARTAITHE PLF

(1) Bunóidh agus áiritheoidh ECDC bonneagar cumarsáide slán iontaofa lena ndéanfar údaráis inniúla EWRS na mBallstát atá rannpháirteach san ardán malartaithe PLF a idirnascadh.

Tá an méid seo a leanas i gceist leis an bpróiseáil a dhéanann ECDC ar an ardán malartaithe PLF:

(a) 

Tacar íosta na gceanglas teicniúil a shainiú ionas go bhféadfar bunachair sonraí náisiúnta PLF a úsáid go mín slán;

(b) 

idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí PLF náisiúnta a áirithiú ar bhealach slán agus uathoibrithe.

(2) Chun a oibleagáidí mar phróiseálaí sonraí ar an ardán malartaithe PLF a chomhlíonadh, rachaidh ECDC i dteagmháil leis an gCoimisiúin mar fhophróiseálaí agus áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna, mar a leagtar amach sa Chinneadh seo, maidir leis an gCoimisiún.

Féadfaidh ECDC údarú a thabhairt don Choimisiún tríú páirtithe a fhostú mar fhophróiseálaithe breise.

Má fhostaíonn an Coimisiún fophróiseálaithe, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(a) 

a áirithiú go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna, faoi mar a leagtar amach sa Chinneadh seo, maidir leis na fophróiseálaithe sin;

(b) 

na rialaitheoirí a chur ar an eolas faoi aon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le fophróiseálaithe eile a thabhairt isteach nó a chur in ionad fophróiseálaithe eile, ionas go mbeadh deis ag na rialaitheoirí agóid i gcoinne athruithe den chineál sin trí thromlach simplí.

(3) Déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(a) 

bonneagar cumarsáide slán iontaofa a bhunú agus a áirithiú, bonneagar lena ndéanfar údaráis inniúla EWRS na mBallstát atá rannpháirteach san ardán malartaithe PLF a idirnascadh;

(b) 

sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a phróiseáil, bunaithe ar threoracha doiciméadaithe amháin ó na rialaitheoirí, mura rud é go gceanglaítear air an méid sin a dhéanamh le dlí an Aontais; sa chás sin, cuirfidh ECDC na rialaitheoirí ar an eolas faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin má choisctear an fhaisnéis sin a chur isteach faoin dlí sin ar fhoras tábhachtach arb é leas an phobail é.

(c) 

plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i ndiaidh tubaiste a chur i bhfeidhm.

(d) 

na bearta is gá a dhéanamh chun sláine PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a phróiseáiltear a chaomhnú;

(e) 

gach beart úrscothach slándála eagraíochtúil, fisiceach agus leictreonach a dhéanamh chun an t-ardán malartaithe PLF a choinneáil ar bun; chuige sin, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(i) 

eintiteas a bheidh freagrach as bainistiú slándála a ainmniú ar leibhéal an ardáin mhalartaithe PLF, a fhaisnéis teagmhála a chur in iúl do na rialaitheoirí agus a áirithiú go mbeidh an t-eintiteas sin ar fáil chun freagairt do bhagairtí slándála;

(ii) 

freagracht a ghlacadh as slándáil an ardáin mhalartaithe PLF;

(iii) 

a áirithiú go mbeidh gach duine dá ndeonófar rochtain ar an ardán malartaithe PLF faoi réir oibleagáide rúndachta conarthaí, gairmiúla nó reachtúla;

(f) 

gach beart slándála is gá a dhéanamh le nach gcuirfear feidhmiú mín oibríochtúil an ardáin mhalartaithe PLF i mbaol; chuige sin, cuirfidh ECDC nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm a bhaineann le feidhmiú an ardáin mhalartaithe PLF agus an nasc idir na freastalaithe cúil agus ardán malartaithe PLF; áirítear leis sin:

(i) 

nós imeachta maidir le measúnú riosca chun bagairtí féideartha don chóras a aithint agus a mheas;

(ii) 

nós imeachta iniúchta agus athbhreithnithe ar maithe le:

1) 

an comhfhreagras idir na bearta slándála a chuirtear chun feidhme agus an beartas slándála is infheidhme a sheiceáil;

2) 

sláine chomhaid an chórais, paraiméadair slándála agus údaruithe deonaithe a rialú go rialta;

3) 

sáruithe slándála agus ionsánna a bhrath, agus faireachán a dhéanamh orthu;

4) 

athruithe a chur chun feidhme chun laigí slándála atá ann cheana a mhaolú;

5) 

foráil maidir le feidhmiú iniúchtaí neamhspleácha agus a bheith rannpháirteach ann, lena n-áirítear cigireachtaí agus athbhreithnithe ar bhearta slándála, lena n-áirítear arna iarraidh sin don rialaitheoirí, faoi réir coinníollacha lena n-urramaítear Prótacal (Uimh. 7) a ghabhann le CFAE ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh (2);

(iii) 

an nós imeachta rialaithe a athrú chun doiciméadú a dhéanamh ar an tionchar atá ag athrú sula gcuirtear i bhfeidhm é agus é a thomhas agus na rialaitheoirí a choimeád ar an eolas maidir le haon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chumarsáid lena mbonneagar agus/nó do shlándáil a mbonneagair;

(iv) 

nós imeachta cothabhála agus deisiúcháin a leagan síos lena sonrófar na rialacha agus na coinníollacha atá le hurramú nuair is ceart trealamh a chothabháil agus/nó a dheisiú;

(v) 

nós imeachta um theagmhais slándála a leagan síos chun an scéim tuairiscithe agus géaraithe a shainiú, na rialaitheoirí a chur ar an eolas gan mhoill ionas go dtabharfaidh siad fógra do na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta um chosaint sonraí faoi aon sárú ar shonraí pearsanta, agus próiseas araíonachta a shainiú chun déileáil le sáruithe slándála;

(g) 

bearta úrscothacha slándála agus/nó leictreonacha a ghlacadh le haghaidh na saoráidí ina bhfuil trealamh an ardáin mhalartaithe PLF agus le haghaidh rialuithe ar rochtain sonraí agus slándála; chun na críche sin, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(i) 

slándáil fhisiceach a fhorfheidhmiú chun imlíne slándála soiléire a shuí agus chun sáruithe a bhrath;

(ii) 

an rochtain ar na saoráidí a rialú agus clár cuairteoirí a choinneáil ar bun chun críocha an rianaithe;

(iii) 

a áirithiú go ndéanfaidh foireann chuí-údaraithe daoine seachtracha a thionlacan dá dtugtar rochtain ar an áitreabh;

(iv) 

a áirithiú nach féidir trealamh a thabhairt chun an áitribh, trealamh a ionadú nó trealamh a chur den láthair gan údarú a fháil roimh ré ó na comhlachtaí freagracha ainmnithe;

(v) 

an rochtain idir na córais PLF náisiúnta agus an t-ardán malartaithe PLF a rialú;

(vi) 

a áirithiú go ndéanfar daoine a fhaigheann rochtain ar an ardán malartaithe PLF a shainaithint agus a fhíordheimhniú;

(vii) 

athbhreithniú ar na cearta údaraithe a bhaineann le rochtain ar an ardán malartaithe PLF i gcás sárú slándála ar an mbonneagar sin;

(viii) 

bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun rochtain neamhúdaraithe ar shonraí PLF agus ar shonraí eipidéimeolaíocha a chosc;

(ix) 

bearta a chur chun feidhme, nuair is gá, chun bac a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar an ardán malartaithe PLF ó fhearann na n-údarás náisiúnta (i.e.: bac ar shuíomh/seoladh IP);

(h) 

bearta a dhéanamh chun a fhearann a chosaint, lena n-áirítear gearradh na gceangal, i gcás ina mbeidh diall substaintiúil ó na prionsabail agus ó na coincheapa maidir le cáilíocht nó slándáil;

(i) 

plean bainistithe riosca a choinneáil a bhaineann lena réimse freagrachta;

(j) 

faireachán– i bhfíor-am – ar fheidhmíocht chomhpháirteanna uile an ardáin mhalartaithe PLF, staitisticí a chur ar fáil go rialta agus taifid a choimeád;

(k) 

a chinntiú go bhfuil an tseirbhís ar fáil 24/7, leis an aga neamhfhónaimh inghlactha chun críocha cothabhála;

(l) 

tacaíocht a chur ar fáil do gach seirbhís ardáin malartaithe PLF i mBéarla, ar an bhfón, trí ríomhphost nó ar an Tairseach Gréasáin agus glacadh le glaonna ó ghlaoiteoirí údaraithe: comhordaitheoirí an ardáin mhalartaithe PLF agus a ndeasc cabhrach féin, a n-Oifigigh Tionscadail agus a ndaoine ainmnithe ó ECDC;

(m) 

cuidiú leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2016/679;

(n) 

tacú leis na rialaitheoirí trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis an ardán malartaithe PLF, d’fhonn na hoibleagáidí de bhun Airteagail 32, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur chun feidhme;

(o) 

a áirithiú go mbeidh sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha a tharchuirtear tríd an ardán malartaithe PLF dothuigthe d’aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil air, go háirithe trí chriptiú láidir a chur i bhfeidhm;

(p) 

gach beart ábhartha a dhéanamh ionas nach mbeidh rochtain neamhúdaraithe ag oibreoirí an ardáin mhalartaithe PLF ar shonraí tarchurtha PLF agus eipidéimeolaíocha;

(q) 

bearta a dhéanamh chun an idir-inoibritheacht agus an chumarsáid a éascú idir rialaitheoirí ainmnithe an ardáin mhalartaithe PLF;

(r) 

taifead a choinneáil de na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar thar ceann na rialaitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.




▼M1

IARSCRÍBHINN IV

▼B

Non-exhaustive list of alert and Information Systems at union level to be progressively linked with EWRS

This Annex lists rapid alert and information systems which are currently in place at Union level or under the Euratom Treaty and which may be relevant for receiving alerts of and information on events which are or may pose a serious cross border threat to health:

— 
Animal Disease Notification System (ADNS), to register and document the situation of important infectious animal diseases;
— 
Commission's cross sectoral warning system (ARGUS), a Commission internal Rapid Alert System allowing all Commission Directorate-Generals to share key information in the event of an emergency/crisis and to enable internal coordination;
— 
Common Emergency Communication and Information System (CECIS), for civil protection and marine pollution accidents;
— 
European Community Urgent Radiological Information Exchange (ECURIE), to notify counter-measures to protect against the effects of a radiological or nuclear accident;
— 
Major Accident Reporting System (EMARS), to facilitate the exchange of lessons learned from accidents and near misses involving dangerous substances in order to improve chemical accident prevention and mitigation of potential consequences;
— 
European Notification System for Plant Health Interceptions (EUROPHYT), dealing with interceptions for plant health reasons of consignments of plants and plant products imported into the Union or being traded within the Union;
— 
Rapid Alert for Blood and Blood Components (RAB), for the exchange of information to prevent or contain cross-border incidents linked to blood transfusions;
— 
Rapid Alert System for Non-food Dangerous Products (RAPEX), for the exchange of information on products posing a risk to health and safety of consumers;
— 
Rapid Alert System for Food and Feed (RASFF) platform, for the notification of risks to human health deriving from food or feed;
— 
Rapid Alert for Tissues and Cells (RATC) platform for the exchange of information and measures related to human tissues or cells transferred across borders for patients;
— 
European Information Network on Drugs and Drug Addiction (Reitox), to collect and report information on the drug phenomenon across Europe.



( 1 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).