02016R1624 — GA — 04.12.2019 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meán Fómhair 2016

maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle

(IO L 251 16.9.2016, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/1896 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 13 Samhain 2019

  L 295

1

14.11.2019




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meán Fómhair 2016

maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle



▼M1 —————



▼B

Airteagal 20

Comhdhéanamh agus imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a imscaradh mar bhaill d'Fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta chuig oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann agus faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce. Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe a imscaradh óna mbaill foirne féin.

2.  Ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta, trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, cinneadh maidir le próifílí agus líon foriomlán na ngardaí teorann agus na mball foirne ábhartha eile a chuirfear ar fáil d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na próifílí agus ar líon iomlán na ngardaí teorann. Rannchuideoidh na Ballstáit le foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta trí bhíthin díorma náisiúnta agus é sin ar bhonn na bpróifílí éagsúla sainithe trí ghardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a ainmniú de réir na bpróifílí sin atá ag teastáil.

3.  Déanfar pleanáil i leith rannchuidiú na mBallstát maidir lena ngardaí teorann a chur ar iasacht chuig oibríochtaí comhpháirteacha ar leith bunaithe ar chaibidlíocht dhéthaobhach bhliantúil agus ar chomhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit na gardaí teorann ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar iarraidh den sórt sin 21 lá oibre ar a laghad roimh an imscaradh atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát staid eisceachtúil den sórt sin a agairt, soláthróidh sé cúiseanna agus faisnéis atá cuimsitheach chuig an nGníomhaireacht i scríbhinn, ar cúiseanna agus faisnéis iad a ndéanfar a n-inneachar a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 12.

4.  Ó thaobh mear-idirghabhálacha teorann, ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta, trí thromlach de thrí cheathrú, cinneadh maidir le próifílí agus líon íosta na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile a chomhfhreagraíonn do na próifílí sin a chuirfear ar fáil do dhíorma mearfhreagartha d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ina dhiaidh sin ar phróifílí agus ar líon iomlán na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile sa díorma mearfhreagartha. Rannchuideoidh na Ballstáit leis an díorma mearfhreagartha trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe ar bhonn na bpróifílí éagsúla sainithe trí ghardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile a ainmniú de réir na bpróifílí sin atá ag teastáil.

5.  Is é a bheidh sa díorma mearfhreagartha buanchór a chuirfear ar fáil láithreach don Ghníomhaireacht agus ar féidir é a imscaradh ó gach Ballstát laistigh de chúig lá oibre ón uair a chomhaontaíonn an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach an plean oibríochta. Chun na críche sin, déanfaidh gach Ballstát, ar bhonn bliantúil, líon áirithe de ghardaí teorann nó de bhaill foirne ábhartha eile a chur ar fáil don Ghníomhaireacht. Is mar a bheidh sé sa chinneadh ón mbord bainistíochta a bheidh a bpróifílí. Is é 1 500 garda teorann nó ball foirne ábhartha eile ar a íosmhéid a bheidh i líon iomlán na foirne curtha ar fáil ag na Ballstáit. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a fhíorú an gcomhfhreagraíonn na gardaí teorann a bheidh molta ag na Ballstáit do na próifílí sainithe. Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar Bhallstát garda teorann a bhaint den díorma i gcás mí-iompair nó sárú ar na rialacha is infheidhme.

6.  Beidh gach Ballstát freagrach as an rannchuidiú le líon na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile, dá dtagraítear i mír 5, i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

7.  Na gardaí teorann agus/nó na baill foirne ábhartha eile ón díorma mearfhreagartha, cuirfidh na Ballstáit ar fáil lena n-imscaradh iad arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht. I gcás ina léirítear in anailís riosca agus in aon mheasúnú leochaileachta go bhfuil staid ann i mBallstát lena ndéanfaí difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta, is leath dá rannchuidiú a shocraítear in Iarscríbhinn I a bheidh i rannchuidiú an Bhallstáit sin le haghaidh mear-idirghabháil teorann a imscaradh. Ballstát óstach ina bhfuiltear i mbun mear-idirghabháil teorann, ní dhéanfaidh sé foireann is cuid dá rannchuidiú seasta leis an díorma mearfhreagartha a imscaradh. Más ann d'easpa foirne lena himscaradh sa mhear-idirghabháil teorann, cinnfidh an bord bainistíochta, ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, conas a líonfar an easpa sin.

8.  Más gá, déanfar imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta ón díorma mearfhreagartha a fhorlíonadh láithreach le foirne breise Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Chun na críche sin, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, cuirfidh na Ballstáit in iúl láithreach líon, ainmneacha agus próifílí gardaí teorann agus ball foirne ábhartha eile óna ndíorma náisiúnta a fhéadfaidh siad a chur ar fáil laistigh de sheacht lá oibre ó thús na mear-idirghabhála teorann. Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Má dhéanann Ballstát staid eisceachtúil den sórt sin a agairt, soláthróidh sé cúiseanna agus faisnéis atá cuimsitheach maidir leis an staid chuig an nGníomhaireacht i scríbhinn, ar cúiseanna agus faisnéis iad a ndéanfar a n-inneachar a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 12.

9.  Má tharlaíonn sé go bhfuil gá le níos mó gardaí ná mar a fhoráiltear dóibh faoi mhír 5 agus faoi mhír 8, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas láithreach. Chomh maith leis sin, iarrfaidh sé nó sí ar an gComhairle gealltanais a lorg ó na Ballstáit chun an easpa a líonadh.

10.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na gardaí teorann agus na baill foirne ábhartha eile a rannchuidíonn siad i gcomhoiriúint leis na próifílí agus an líon a chinn an bord bainistíochta. Is é an Ballstát baile a chinnfidh fad thréimhse an imscartha ach ní lú ná 30 lá an fad sin aon chás, seachas má bhíonn tréimhse is giorra ná 30 lá ag an oibríocht a bhfuil an t-imscaradh mar chuid di.

11.  Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta le gardaí teorann inniúla nó le baill foirne ábhartha eile atá fostaithe sa Ghníomhaireacht ar iasacht ó na Ballstáit mar shaineolaithe náisiúnta. Déanfar rannchuidiú na mBallstát maidir lena ngardaí teorann nó lena mbaill foirne ábhartha eile a chur ar iasacht chuig an nGníomhaireacht don bhliain ina dhiaidh sin, déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh na Ballstáit gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile ar fáil le bheith curtha ar iasacht, mura rud é go ndéanfadh sé sin difear tromchúiseach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh Ballstáit na gardaí teorann nó na baill foirne ábhartha eile atá curtha ar iasacht acu a athghairm.

12 mhí nó níos mó a bheidh sna tréimhsí ar iasacht sin ach ní bheidh tréimhsí níos lú ná trí mhí iontu in aon chás. Na gardaí teorann agus na baill foirne ábhartha eile atá ar iasacht, measfar mar bhaill na foirne iad agus beidh na cúraimí agus cumhachtaí a bheidh ag baill a bhfoirne acu. An Ballstát a bhfuil na gardaí teorann sin nó na baill foirne ábhartha eile sin ar iasacht aige, measfar gurb é a mBallstát baile é.

Ní dhéanfar baill foirne eile atá fostaithe ag an nGníomhaireacht ar bhonn sealadach agus nach bhfuil cáilithe chun feidhmeanna rialaithe ag teorainneacha a fheidhmiú a imscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha ach amháin ar chúraimí maidir le comhordú agus ar chúraimí eile nach n-éileofar oiliúint iomlán garda teorann leo. Ní bheidh siad mar chuid d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta.

12.  Cuirfidh an Ghníomhaireacht líon na ngardaí teorann a bheidh tiomnaithe ag gach Ballstát d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta agus líon na ngardaí teorann a bheidh imscartha iarbhír a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Liostófar sa tuarascáil sin na Ballstáit a d'agair an staid eisceachtúil dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 8 sa bhliain roimhe sin. Áireofar inti freisin na cúiseanna agus an fhaisnéis a sholáthair an Ballstát lena mbaineann.

▼M1 —————



▼B

Airteagal 30

Díorma tionlacaithe don fhilleadh éigeantach

1.  Cruthóidh an Ghníomhaireacht díorma tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ó chomhlachtaí inniúla náisiúnta a dhéanann oibríochtaí um fhilleadh i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus (5) de Threoir 2008/115/CE agus ar cuireadh oiliúint orthu i gcomhréir le hAirteagal 36 den Rialachán seo.

2.  Cinnfidh an bord bainistíochta, ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, próifíl agus líon na dtionlacaithe don fhilleadh éigeantach atá le cur ar fáil don díorma sin. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bpróifíl agus ar an líon iomlán. Cuirfidh na Ballstáit leis an díorma trí thionlacaithe don fhilleadh éigeantach a ainmniú de réir na próifíle sainithe. Déanfar tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí a áireamh sa díorma.

3.  Rannchuidiú na mBallstát de thionlacaithe don fhilleadh éigeantach le hoibríochtaí um fhilleadh agus le hidirghabhálacha um fhilleadh don bhliain ina dhiaidh sin, pleanálfar an rannchuidiú sin ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit na tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanfaidh difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar an iarraidh sin ar a laghad 21 lá oibre roimh an imscaradh atá beartaithe, nó cúig lá oibre i gcás mear-idirghabháil um fhilleadh.

4.  Arna iarraidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht na tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ar fáil do Bhallstáit rannpháirteacha chun fillithe a thionlacan thar a gceann agus chun páirt a ghlacadh in oibríochtaí agus idirghabhálacha um fhilleadh. Cuirfidh sé ar fáil tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí d'aon oibríochtaí um fhilleadh a bhfuil baint acu le leanaí.

5.  Leanfaidh tionlacaithe don fhilleadh éigeantach de bheith faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit baile le linn oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh.

Airteagal 31

Díorma speisialtóirí don fhilleadh

1.  Cruthóidh an Ghníomhaireacht díorma speisialtóirí don fhilleadh ó chomhlachtaí inniúla náisiúnta agus ó bhaill foirne na Gníomhaireachta, a bhfuil na scileanna agus an saineolas is gá acu chun gníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh a dhéanamh agus ar cuireadh oiliúint orthu i gcomhréir le hAirteagal 36. Cuirfear na speisialtóirí sin ar fáil chun cúraimí ar leith a dhéanamh, amhail grúpaí áirithe náisiúnach tríú tíortha a shainaithint, doiciméid ó thríú tíortha a fháil agus comhar consalach a éascú.

2.  Cinnfidh an bord bainistíochta, ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, próifíl agus líon na speisialtóirí don fhilleadh atá le cur ar fáil don díorma sin. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bpróifíl agus ar an líon iomlán daoine. Cuirfidh na Ballstáit leis an díorma trí speisialtóirí a ainmniú de réir na próifíle sainithe. Déanfar speisialtóirí don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint sonraí a áireamh sa díorma.

3.  Rannchuidiú na mBallstát de speisialtóirí don fhilleadh le hoibríochtaí um fhilleadh agus le hidirghabhálacha um fhilleadh don bhliain ina dhiaidh sin, pleanálfar an rannchuidiú sin ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus ar bhonn comhaontuithe bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit na speisialtóirí don fhilleadh ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar an iarraidh sin ar a laghad 21 lá oibre roimh an imscaradh atá beartaithe, nó cúig lá oibre i gcás mear-idirghabháil um fhilleadh.

4.  Arna iarraidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht na speisialtóirí don fhilleadh ar fáil do Bhallstáit atá rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh agus chun páirt a ghlacadh in idirghabhálacha um fhilleadh. Cuirfidh sé ar fáil speisialtóirí don fhilleadh ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí d'aon oibríochtaí um fhilleadh a bhfuil baint acu le leanaí.

5.  Leanfaidh speisialtóirí don fhilleadh de bheith faoi réir bhearta araíonachta na Gníomhaireachta nó a mBallstáit bhaile le linn oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh.

▼M1 —————