02016R1011 — GA — 09.01.2024 — 004.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2016/1011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 171 29.6.2016, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2019/2089 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 27 Samhain 2019 |
L 317 |
17 |
9.12.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 |
L 334 |
1 |
27.12.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2021/168 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 10 Feabhra 2021 |
L 49 |
6 |
12.2.2021 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 |
L |
1 |
20.12.2023 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2016/1011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2016
maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Tugtar isteach leis an Rialachán seo creat coiteann chun cruinneas agus sláine na n-innéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais a áirithiú, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta san Aontas a thomhas. Dá bhrí sin, cuireann an Rialachán seo le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh chomh maith le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí.
Airteagal 2
Raon Feidhme
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
banc ceannais;
údarás poiblí, i gcás ina rannchuidíonn sé sonraí le tagarmharcanna chun críocha beartas poiblí, ina soláthraíonn sé tagarmharcanna den sórt sin nó ina rialaíonn sé an soláthar sin, chun na gcríoch sin, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíocht eacnamaíochta, agus boilsciú;
contrapháirtí lárnach (CPL), i gcás ina soláthraíonn sé praghsanna tagartha nó praghsanna socraíochta a úsáidtear chun críocha bhainistíocht riosca CPLanna nó socraíochta;
praghas tagartha aonair a sholáthar d'aon ionstraim airgeadais a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
an preas, na meáin agus iriseoirí eile más rud é nach ndéanann siad ach tagarmharc a fhoilsiú nó tagairt do thagarmharc mar chuid dá ngníomhaíochtaí iriseoireachta gan aon smacht acu ar sholáthar an tagarmhairc sin;
duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas i gcúrsa thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, nó a gheallann é sin a dhéanamh, gan ach sa mhéid ina bhfoilsíonn an duine sin rátaí iasachta athraitheacha nó seasta féin an duine sin, nó ina gcuireann sé ar fáil don phobal iad, ar rátaí iad arna socrú trí chinntí inmheánacha agus gan feidhm a bheith acu ach amháin maidir le conarthaí airgeadais arna ndéanamh ag an duine sin nó ag cuideachta laistigh den ghrúpa céanna lena gcuid cliant faoi seach;
tagarmharc tráchtearraí bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht a bhformhór agus a bhfuil feidhm ag an dá choinníoll seo a leanas ina leith:
tá an tagarmharc faoi thagairt ag na hionstraimí airgeadais nach bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála déanta ina leith ach ar ionad trádála amháin, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, nó nach ndéantar a thrádáil ach ar ionad trádála amháin den sórt sin;
nach mó luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc ná EUR 100 milliún;
soláthróir innéacsanna i ndáil le hinnéacs arna sholáthar ag an soláthróir sin más rud é go bhfuil an soláthróir innéacsanna sin aineolach agus nach bhfuil sé réasúnta go bhféadfadh sé a bheith eolach go n-úsáidtear an t-innéacs sin chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 3(1);
spot-tagarmharc malairte eachtraí a d’ainmnigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18a(1).
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “innéacs” aon fhigiúr:
a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil don phobal;
a chinntear go rialta:
go hiomlán nó i bpáirt, trí fhoirmle a chur i bhfeidhm nó trí aon mhodh ríomha eile, nó trí mheasúnú; agus
ar bhonn luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó praghsanna, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta, luachana agus luachana geallta, nó luachanna eile nó suirbhéanna;
ciallaíonn “soláthróir innéacsanna” an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar innéacs a sholáthar;
ciallaíonn “tagarmharc” aon innéacs ar faoina threoir a dhéantar an méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais, nó luach ionstraime airgeadais, a chinneadh, nó innéacs a úsáidtear chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas arb é is cuspóir dó tuairisceán innéacs den sórt sin a rianú nó leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú nó na táillí feidhmíochta a ríomh;
ciallaíonn “fine tagarmharcanna” grúpa tagarmharcanna a sholáthraíonn an riarthóir céanna agus a chinntear ó shonraí ionchuir den chineál céanna a sholáthraíonn tomhais shonracha ar an margadh céanna nó ar mhargadh comhchosúil nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch;
ciallaíonn “tagarmharc a sholáthar”:
na socruithe a riar chun tagarmharc a chinneadh;
sonraí ionchuir a bhailiú, a phróiseáil nó anailís a dhéanamh orthu ar mhaithe le tagarmharc a chinneadh; agus
tagarmharc a chinneadh trí fhoirmle nó modh ríofa eile a cur i bhfeidhm nó trí mheasúnú a dhéanamh ar shonraí ionchuir a soláthraíodh chun na críche sin;
ciallaíonn “riarthóir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar sholáthar tagarmhairc;
ciallaíonn “úsáid tagarmhairc”:
eisiúint ionstraime airgeadais a dhéanann tagairt d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna;
cinneadh faoin méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais trí thagairt a dhéanamh d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna.
is páirtí do chonradh airgeadais a dhéanann tagairt d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna;
ráta iasachta mar a shainítear i bpointe (j) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE a sholáthar, ar ráta é arna ríomh mar raon nó marcáil suas thar innéacs nó teaglaim innéacsanna agus nach n-úsáidtear ach mar thagairt i gconradh ar páirtí ann an creidiúnaí;
feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas trí innéacs nó trí theaglaim innéacsanna chun tuairisceán innéacs den sórt sin nó teaglama innéacsanna den sórt sin a rianú, nó trí leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú, nó trí na táillí feidhmíochta a ríomh;
ciallaíonn “sonraí ionchuir a rannchuidiú” aon sonraí ionchuir nach bhfuil fáil orthu go héasca a sholáthar do riarthóir, nó do dhuine eile chun iad a chur ar aghaidh chuig riarthóir, ar sonraí iad atá de dhíth i ndáil le tagarmharc a chinneadh, agus a sholáthraítear chun na críche sin;
ciallaíonn “rannchuiditheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a rannchuidíonn sonraí ionchuir;
ciallaíonn “rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht” eintiteas faoi mhaoirseacht a rannchuidíonn sonraí ionchuir le riarthóir atá lonnaithe san Aontas;
ciallaíonn “aighnitheoir” duine nádúrtha atá fostaithe ag an rannchuiditheoir chun na críche sonraí ionchuir a rannchuidiú;
ciallaíonn “measúnóir” fostaí riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a sheirbhísí nó a seirbhísí ar fáil don riarthóir nó faoi rialú an riarthóra, agus atá freagrach as modheolaíocht nó breithiúnas a chur i bhfeidhm ar shonraí ionchuir agus ar fhaisnéis eile chun teacht ar mheasúnú críochnaitheach faoi phraghas tráchtearra áirithe;
ciallaíonn “breithiúnas saineolach” lánrogha a bheith á feidhmiú ag riarthóir nó ag rannchuiditheoir maidir le sonraí a úsáid agus tagarmharc á chinneadh, lena n-áirítear luachanna a eachtarshuí ó idirbhearta roimhe sin nó idirbhearta gaolmhara, luachanna a choigeartú le haghaidh tosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht sonraí amhail imeachtaí margaidh nó lagú ar cháilíocht creidmheasa ceannaitheora nó díoltóra, agus ualú tairiscintí daingne ceannaigh nó tairiscintí díola ar mó iad ná idirbheart ar leith atá tugtha i gcrích;
ciallaíonn “sonraí ionchuir” na sonraí i ndáil le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó, nó i ndáil le praghsanna, lena n-áirítear praghsanna measta, luachana, luachana geallta nó luachanna eile, a úsáideann riarthóir chun tagarmharc a chinneadh;
ciallaíonn “sonraí idirbhirt” praghsanna, rátaí, innéacsanna nó luachanna inbhraite atá ina dtuairiscí ar idirbhearta idir contrapháirtithe nach bhfuil cleamhnaithe i margadh gníomhach atá faoi réir fórsaí iomaíocha soláthair agus éilimh;
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” aon cheann de na hionstraimí a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE lenar iarradh cead isteach i gcomhair trádáil ar ionad trádála ina leith, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, nó a dhéantar a thrádáil ar ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó trí inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) den Treoir sin;
ciallaíonn “eintiteas faoi mhaoirseacht” aon cheann de na nithe seo a leanas:
institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
gnóthas athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/65/CE nó, i gcás inarb infheidhme, cuideachta bhainistíochta GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) den Treoir sin;
bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
institiúid um chóir ar scor ceirde mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 6 de Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
creidiúnaí mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE chun críocha na gcomhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 den Treoir sin;
institiúid neamhchreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/17/AE chun críocha na gcomhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4 den Treoir sin;
oibreoir margaidh mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
CPL mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
stór trádála mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
riarthóir;
ciallaíonn “conradh airgeadais”:
aon chomhaontú creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE;
aon chomhaontú creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/17/AE;
ciallaíonn “ciste infheistíochta” AIF mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, nó GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;
ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht nó comhlachtaí riarthóra nó eintitis eile faoi mhaoirseacht a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar comhlachtaí iad a chumhachtaítear straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bainistíochta agus a n-áirítear iontu na daoine a stiúrann gnó an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht go hiarbhír;
ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí airgeadais a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de cheird, gnó nó gairm an duine sin;
ciallaíonn “tagarmharc ráta úis” tagarmharc a chinntear, chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, ar bhonn an ráta a bhféadfaidh bainc iasachtaí a thabhairt do bhainc eile nó iasachtaí a fháil uathu, nó iasachtaí a thabhairt do ghníomhairí eile seachas bainc nó iasachtaí a fháil uathu, sa mhargadh airgeadais;
ciallaíonn “spot-tagarmharc malairte eachtraí” tagarmharc lena léirítear an praghas, arna shloinneadh in airgeadra amháin, atá ar airgeadra eile nó ar bhascaed airgeadraí eile, le seachadadh ar an dáta luacha is luaithe is féidir;
ciallaíonn “tagarmharc tráchtearraí” tagarmharc ar tráchtearra de réir bhrí phointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún ( 6 ) í an bhunsócmhainn chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, agus na lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE á n-eisiamh;
ciallaíonn “Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE” tagarmharc atá lipéadaithe mar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo agus Airteagal 19b, déantar a sócmhainní foluiteacha a roghnú, a ualú nó a eisiamh sa chaoi go bhfuil an phunann tagarmhairc a eascraíonn uaidh ar chonair dhícharbónaithe; agus
déantar é i gcomhréir leis na caighdeáin íosta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2);
ciallaíonn “Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras” tagarmharc atá lipéadaithe mar Thagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo agus an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19c, déantar a sócmhainní foluiteacha a roghnú, a ualú nó a eisiamh sa chaoi go bhfuil astaíochtaí carbóin na punainne tagarmhairc a eascraíonn uaidh ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, a d’fhormheas an tAontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 ( 7 ) (“Comhaontú Pháras”);
déantar é i gcomhréir leis na caighdeáin íosta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2); agus
ní dhéanann na gníomhaíochtaí a bhaineann lena bhunsócmhainní dochar mór do chuspóirí eile comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG);
ciallaíonn “conair dhícharbónaithe” conair intomhaiste, atá bunaithe ar an eolaíocht agus atá srianta ó thaobh ama de i dtreo an ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras trí astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 1, 2 agus 3 dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn III a laghdú;
ciallaíonn “tagarmharc sonraí rialáilte” tagarmharc arna chinneadh trí fhoirmle ó na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:
sonraí ionchuir arna rannchuidiú go hiomlán agus go díreach ó na nithe seo a leanas:
ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é nó ionad trádála i dtríú tír a bhfuil an Coimisiún tar éis cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina leith á rá go meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta na tíre sin laistigh de bhrí Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) nó Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó chun margadh rialáilte measta a bheith coibhéiseach faoi Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ach i ngach cás le tagairt do shonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais, agus leis an tagairt sin amháin;
socrú foilsithe formheasta mar a shainmhínítear i bpointe (52) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó soláthraí téipe comhdhlúite mar a shainmhínítear i bpointe (53) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála, ach amháin ag tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála;
sásra tuairiscthe formheasta mar a shainmhínítear i bpointe (54) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin ag tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach mór a nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála;
malartú leictreachais dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 37(1) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );
malartán gáis nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (j) d'Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );
ardán ceant dá dtagraítear in Airteagal 26 nó in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún ( 11 );
soláthraí seirbhíse ar chuige a sheachfhoinsigh an riarthóir tagarmhairc an bailiúchán sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10, seachas pointe (f) d’Airteagal 10(3), ar choinníoll go bhfaighidh an soláthraí seirbhíse na sonraí go hiomlán agus go hiomlán ón eintiteas dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (vi) den phointe seo;
glanluachanna sócmhainní cistí infheistíochta;
ciallaíonn “tagarmharc criticiúil” tagarmharc seachas tagarmharc sonraí rialáilte a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus atá ar an liosta arna bhunú ag an Coimisiún de bhun an Airteagail sin;
ciallaíonn “tagarmharc suntasach” tagarmharc a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24(1);
ciallaíonn “tagarmharc neamhshuntasach” tagarmharc nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus Airteagal 24(1);
ciallaíonn “lonnaithe”, i ndáil le duine dlítheanach, an tír ina bhfuil oifig chláraithe nó seoladh oifigiúil eile an duine sin suite agus, i ndáil le duine nádúrtha, an tír ina bhfuil an duine sin ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir chun críocha cánach;
ciallaíonn “údarás poiblí”:
aon rialtas nó riarachán poiblí eile, lena n-áirítear na heintitis a bhfuil de chúram orthu idirghabháil i mbainistiú an fhiachais phoiblí;
aon eintiteas nó duine, bíodh sé nó sí ag feidhmiú feidhmeanna riaracháin phoiblí faoin dlí náisiúnta, nó a bhfuil freagrachtaí nó feidhmeanna poiblí air nó uirthi nó a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus boilsciú, faoi rialú eintiteas de réir bhrí phointe (a).
I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
TEIDEAL II
SLÁINE AGUS IONTAOFACHT TAGARMHAIRC
CAIBIDIL 1
Rialachas agus rialú riarthóirí
Airteagal 4
Ceanglais maidir le rialachas agus le coinbhleacht leasa
Glacfaidh riarthóirí céimeanna leormhaithe chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú eatarthu féin, lena n-áirítear a mbainisteoirí, a bhfostaithe nó aon duine a bhfuil baint dhíreach aige nó aici leo trí rialú agus trí rannchuiditheoirí nó úsáideoirí, agus chun a áirithiú, i gcás ina n-éileofar aon bhreithiúnas nó lánrogha sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, go ndéanfar an breithiúnas nó an lánrogha sin a fheidhmiú go neamhspleách agus go hionraic.
Déanfaidh riarthóir beartais agus nósanna imeachta leormhaithe, chomh maith le socruithe eagraíochtúla éifeachtacha, a bhunú agus a oibriú do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint coinbhleachtaí leasa chun sláine agus neamhspleáchas cinntí tagarmharcanna a chosaint. Déanfar beartais agus nósanna imeachta den sórt sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Déanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta na coinbhleachtaí leasa, méid na lánrogha arna feidhmiú sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna agus na rioscaí a bhaineann leis an tagarmharc a chur san áireamh, agus rachaidh siad i ngleic leo, agus déanfar:
rúndacht na faisnéise a rannchuidíodh leis an riarthóir nó a tháirg an riarthóir, faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh agus trédhearcacht faoin Rialachán seo, a áirithiú; agus
maolú go sonrach ar na coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra, nó mar gheall ar leasanna eile i ngrúpa an rialthóra nó mar thoradh ar dhaoine eile a bhféadfadh tionchar nó rialú a bheith acu ar an riarthóir i ndáil leis an tagarmharc a chinneadh.
Maidir le fostaithe riarthóirí agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil do riarthóirí nó atá faoi rialú ag riarthóirí agus a bhfuil baint dhíreach acu le tagarmharc a sholáthar, áiritheoidh riarthóirí:
go bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an taithí is gá acu do na dualgais atá sannta dóibh agus go bhfuil siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach;
nach bhfuil siad faoi réir tionchar míchuí nó coinbhleachtaí leasa agus nach gcruthaíonn meastóireacht cúitimh agus feidhmíochta na ndaoine sin coinbhleachtaí leasa nó nach gcuireann siad isteach ar dhóigh eile ar shláine an phróisis faoina gcinntear tagarmharcanna;
nach bhfuil aon leasanna nó naisc ghnó acu a chuireann gníomhaíochtaí an riarthóra lena mbaineann i gcontúirt;
go bhfuil cosc orthu rannchuidiú le cinneadh tagarmhairc trí ghabháil do thairiscintí ceannaigh, do thairiscintí díola agus do thrádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, ach amháin i gcás ina n-éilítear so sainráite rannchuidiú ar an mbealach sin mar chuid den mhodheolaíocht tagarmhairc agus atá faoi réir rialacha sonracha ann; agus
go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise le fostaithe eile a rialú, ar fostaithe iad a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a fhéadfaidh riosca de choinbhleachtaí leasa a chruthú, nó chun malartú faisnéise le tríú páirtithe a rialú, nó sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bhfaisnéis sin ar an tagarmharc.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.
Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 5
Ceanglais um fheidhm formhaoirseachta
Oibreoidh an fheidhm formhaoirseachta le hionracas agus beidh na freagrachtaí seo a leanas aici, a dhéanfaidh an riarthóir a choigeartú bunaithe ar chastacht, úsáid agus leochaileacht an tagarmhairc:
athbhreithniú a dhéanamh, go bliantúil ar a laghad, ar shainmhíniú agus ar mhodheolaíocht an tagarmhairc;
formhaoirseacht a dhéanamh ar aon athruithe ar mhodheolaíocht an tagarmhairc agus a bheith in ann iarraidh ar an riarthóir comhairliúchán a dhéanamh maidir le hathruithe den sórt sin;
formhaoirseacht a dhéanamh ar chreat rialaithe an riarthóra, ar bhainistiú agus ar oibriú an tagarmhairc, agus, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15;
athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta a bhaineann le scor an tagarmhairc, lena n-áirítear aon chomhairliúchán faoi scor, agus iad a fhormheas;
formhaoirseacht a dhéanamh ar aon tríú páirtí a bhfuil baint aige nó aici i soláthar an tagarmhairc, lena n-áirítear gníomhairí ríofa nó scaipthe;
meastóireacht a dhéanamh ar iniúchtaí nó athbhreithnithe inmheánacha agus seachtracha, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí aitheanta feabhais;
i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, faireachán a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus na rannchuiditheoirí agus gníomhaíochtaí an riarthóra le linn agóid a dhéanamh i gcoinne rannchuidithe de shonraí ionchuir nó na rannchuidithe sin a bhailíochtú;
i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, bearta éifeachtacha a ghlacadh i leith aon sáruithe ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15; agus
aon mhí-iompar ó rannchuiditheoirí, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, nó ó riarthóirí a bhfuil lucht na feidhme formhaoirseachta ar an eolas faoi, agus aon sonraí ionchuir aimhrialta nó amhrasta a thuairisciú do na húdaráis inniúla ábhartha.
Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh na difríochtaí i struchtúr úinéireachta agus rialaithe na riarthóirí, cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc, agus riosca agus tionchar an tagarmhairc, i bhfianaise chóineasú idirnáisiúnta an chleachtais maoirseachta i ndáil le ceanglais rialachais tagarmharcanna freisin. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 6
Ceanglais maidir le creat rialaithe
Áireofar sa chreat rialaithe:
riosca oibríochtúil a bhainistiú;
pleananna leormhaithe agus éifeachtacha leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste;
nósanna imeachta teagmhasacha a bheidh i bhfeidhm i gcás cur isteach ar an bpróiseas maidir leis an tagarmharc a sholáthar.
Bunóidh riarthóir bearta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
a áirithiú go gcloíonn rannchuiditheoirí leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15 agus go gcomhlíonann siad na caighdeáin infheidhme do shonraí ionchuir;
faireachán a dhéanamh ar shonraí ionchuir lena n-áirítear, i gcás inarb indéanta, faireachán a dhéanamh ar shonraí ionchuir roimh fhoilsiú an tagarmhairc agus sonraí ionchuir a bhailíochtú i ndiaidh foilsiú chun earráidí agus aimhrialtachtaí a shainaithint.
Airteagal 7
Ceanglais um chreat cuntasachta
Airteagal 8
Ceanglais maidir le coimeád taifead
Coimeádfaidh riarthóir taifid ar na nithe seo a leanas:
na sonraí ionchuir go léir, lena n-áirítear úsáid sonraí den sórt sin;
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun tagarmharc a chinneadh;
aon bhreithiúnas nó lánrogha a bheith á fheidhmiú nó á feidhmiú ag an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ag measúnóirí, agus tagarmharc á chinneadh, lena n-áirítear an réasúnaíocht don bhreithiúnas nó don lánrogha sin;
neamhshuim d'aon sonraí ionchuir, go háirithe más rud é gur chomhlíon siad ceanglais na modheolaíochta tagarmhairc, agus an réasúnaíocht a bhaineann le neamhshuim den sórt sin;
athruithe eile ó nósanna imeachta agus modheolaíochtaí caighdeánacha, nó aon imeacht uathu, lena n-áirítear iad siúd a rinneadh le linn tréimhsí nuair a bhí strus sa mhargadh nó cur isteach ar an margadh;
céannachtaí na n-aighnitheoirí agus na ndaoine nádúrtha atá fostaithe ag an riarthóir chun tagarmharc a chinneadh;
gach doiciméad a bhaineann le haon ghearán, lena n-áirítear na doiciméid sin a chuir gearánach isteach; agus
comhráite teileafóin nó cumarsáid leictreonach maidir le tagarmharc idir aon duine atá fostaithe ag an riarthóir agus rannchuiditheoirí nó aighnitheoirí.
Airteagal 9
Sásra láimhseála gearán
Áiritheofar le sásra láimhseála gearán den sórt sin:
go gcuirfidh an riarthóir ar fáil an beartas láimhseála gearán trína bhféadfar gearáin a chur isteach i dtaobh an bhfuil cinneadh tagarmhairc shonraigh ionadaíoch ar luach an mhargaidh, i dtaobh athrú molta ar an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, i dtaobh chur i bhfeidhm na modheolaíochta i ndáil le cinneadh tagarmhairc shonraigh, agus i dtaobh cinntí eile i ndáil leis an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna;
go ndéanfar imscrúdú ar ghearáin ar bhealach tráthúil agus cothrom agus go gcuirfear toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánaí laistigh de thréimhse réasúnach ama, mura mbeadh cur in iúl den sórt sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó do Rialachán (AE) Uimh 596/2014; agus
go ndéanfar an fiosrúchán go neamhspleách ar aon phearsanra a bhféadfadh baint a bheith acu le hábhar an ghearáin.
Airteagal 10
Seachfhoinsiú
I gcás ina ndéanfar seachfhoinsiú, áiritheoidh an riarthóir go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil;
cuireann an riarthóir ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha céannacht agus cúraimí an tsoláthraí seirbhíse a ghlacann páirt sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna;
déanann an riarthóir gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach nach bhféadfaidh sé go bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme;
coimeádann an riarthóir an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú;
nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don riarthóir a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme;
comhoibríonn an soláthraí seirbhíse leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, agus tá rochtain éifeachtach ag an riarthóir agus ag an údarás inniúil ábhartha ar shonraí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, mar aon le háitreabh gnó an tsoláthraí seirbhíse, agus tá an t-údarás inniúil ábhartha in ann na cearta rochtana sin a fheidhmiú;
tá an riarthóir in ann na socruithe seachfhoinsithe a fhoirceannadh i gcás inar gá sin;
déanann an riarthóir bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna a sheachaint.
CAIBIDIL 2
Sonraí ionchuir, modheolaíocht agus sáruithe a thuairisciú
Airteagal 11
Sonraí ionchuir
Beidh soláthar tagarmhairc faoi rialú na gceanglas seo a leanas maidir lena shonraí ionchuir:
beidh na sonraí ionchuir leordhóthanach chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc.
Sonraí idirbhirt a bheidh sna sonraí ionchuir, má tá siad ar fáil agus más iomchuí. Sa chás nach leor na sonraí idirbhirt nó nach iomchuí iad chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, is féidir úsáid a bhaint as sonraí ionchuir nach sonraí idirbhirt iad, lena n-áirítear pragsanna measta, luachana agus luachana geallta, nó luachanna eile;
beidh na sonraí ionchuir dá dtagraítear i bpointe (a) infhíoraithe;
déanfaidh an riarthóir treoirlínte soiléire maidir leis na cineálacha sonraí ionchuir, maidir le tosaíocht úsáide na gcineálacha éagsúla sonraí ionchuir agus feidhmiú breithiúnais shaineolaíoch a tharraingt suas agus a fhoilsiú, i gcomhréir le pointe (a) agus leis an modheolaíocht;
i gcás ina mbeidh an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, gheobhaidh an riarthóir, i gcás inarb iomchuí, na sonraí ionchuir ó phainéal iontafa agus ionadaíoch nó ó shampla iontaofa agus ionadaíoch rannchuiditheoirí chun a áirithiú go mbeidh an tagarmharc a gheofar mar thoradh air sin iontaofa agus ionadaíoch ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc;
ní bhainfidh riarthóir úsáid as sonraí ionchuir ó rannchuiditheoir más rud é gur léir don riarthóir nach gcloíonn an rannchuiditheoir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, agus i gcás den sórt sin gheobhaidh sé sonraí poiblí ionadaíocha atá ar fáil go poiblí.
Áiritheoidh riarthóirí go mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh ina gcuid rialuithe i ndáil le sonraí ionchuir:
critéir lena gcinntear cé a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir agus próiseas chun rannchuiditheoirí a roghnú;
próiseas chun meastóireacht a dhéanamh ar shonraí ionchuir de chuid rannchuiditheora agus chun stop a chur leis an rannchuiditheoir tuilleadh sonraí ionchuir a sholáthar, nó chun pionóis eile a chur i bhfeidhm i ndáil le neamhchomhlíonadh i gcoinne an rannchuiditheora, i gcás inarb iomchuí; agus
próiseas chun sonraí ionchuir a bhailíochtú, lena n-áirítear i gcoinne táscairí nó sonraí eile, lena sláine agus cruinneas a áirithiú.
I gcás ina ndeanfar sonraí ionchuir tagarmhairc a rannchuidiú ó fheidhm oifig thosaigh, rud a chiallaíonn aon roinn, rannóg, grúpa, nó pearsanra rannchuiditheoirí nó aon cheann dá gcleamhnaithe a dhéanann aon ghníomhaíochtaí trádála, praghsála, díolacháin, margaíochta, fógraíochta, sirtheoireachta, struchtúraithe nó bróicéireachta, déanfaidh an riarthóir:
sonraí a fháil ó fhoinsí eile a chomhthacaíonn leis na sonraí ionchuir sin; agus
a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta leormhaithe maoirseachta agus fíoraithe inmheánacha i bhfeidhm ag rannchuiditheoirí.
Cuirfidh ÚEUM san áireamh na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo, cineál na sonraí ionchuir, saintréithe an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch agus prionsabal na comhréireachta, leochaileacht na dtagarmharcanna i leith cúblála, chomh maith leis an gcóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas idirnáisiúnta i ndáil leis na tagarmharcanna.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 12
Modheolaíocht
Bainfidh riarthóir úsáid as modheolaíocht chun tagarmharc a chinneadh, ar fíor an méid seo a leanas i leith na modheolaíochta:
tá sí láidir agus iontaofa;
tá rialacha soiléire aici lena sainaithneofar conas agus cathain is féidir lánrogha a fheidhmiú agus an tagarmharc sin á chinneadh;
tá sí dian, leanúnach agus inbhailíochtaithe lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí iarthástáil a dhéanamh i gcoinne sonraí idirbhirt atá ar fáil;
tá sí athléimneach agus áirithíonn sí gur féidir an tagarmharc a ríomh sa mhéid is leithne imthosca agus is féidir, gan cur isteach ar a shláine;
tá sé inrianaithe agus infhíoraithe.
Nuair a bheidh an mhodheolaíocht tagarmhairc á forbairt, déanfaidh riarthóir tagarmhairc an méid seo a leanas:
cuirfidh sé tosca éagsúla san áireamh lena n-áirítear méid agus gnáth-leachtacht an mhargaidh, trédhearcacht na trádála agus suímh rannpháirtithe sa mhargadh, comhchruinniú margaidh, dinimic an mhargaidh, agus leormhaitheas aon sampla chun léiriú a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé beartaithe é a thomhas leis an tagarmharc;
cinneadh i dtaobh cad is margadh gníomhach ann chun críocha an tagarmhairc sin; agus
an tosaíocht a thabhartar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir a bhunú.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 13
Trédhearcacht na modheolaíochta
Déanfaidh riarthóir an tagarmharc agus an mhodheolaíocht a fhorbairt, a oibriú agus a riar go trédhearcach. Chuige sin, foilseoidh an riarthóir an fhaisnéis seo a leanas, nó cuirfidh sé ar fáil iad:
príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear;
mionsonraí maidir leis an athbhreithniú inmheánach agus maidir le modheolaíocht ar leith a fhormheas, chomh maith le minicíocht athbhreithniú den sórt sin;
na nósanna imeachta chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le haon athrú ábhartha arna bheartú i modheolaíocht an riarthóra agus an réasúnaíocht a bhaineann le hathrú den sórt sin, lena n-áirítear sainmhíniú ar cad is athrú ábhartha ann agus na himthosca ina dtabharfaidh an riarthóir fógra d'úsáideoirí faoi aon athruithe den sórt sin;
míniú ar an gcaoi a léiríonn príomheilimintí na modheolaíochta a leagtar síos i bpointe (a) tosca ESG le haghaidh gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna, ach amháin tagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí.
Comhlíonfaidh riarthóirí tagarmharcanna an ceanglas a leagtar síos i bpointe (d) den chéad fhomhír faoin 30 Aibreán 2020.
Déanfar foráil sna nósanna imeachta a éilítear faoi phointe (c) de mhír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
réamhfhógra, le hamchlár soiléir, a thugann deis anailís agus tuairim a thabhairt ar thionchar athruithe ábhartha molta den sórt sin; agus
na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, agus freagairt an riarthóra ar na tuairimí sin, tuairimí a chuirfear ar fáil i ndiaidh aon chomhairliúcháin, ach amháin sa chás gur iarr tionscnóir na dtuairimí rúndacht.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 14
Sáruithe a thuairisciú
Déanfaidh údarás inniúil an riarthóra, i gcás inarb infheidhme, faisnéis den sórt sin a tharchur chuig an údarás ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh 596/2014.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.
Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 3
Cód iompair agus ceanglais le haghaidh rannchuiditheoirí
Airteagal 15
Cód iompair
Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chód iompair:
tuairisc shoiléir ar na sonraí ionchuir a bheidh le soláthar agus na ceanglais is gá chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir á soláthar i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 14;
na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir a aithint agus na nósanna imeachta chun céannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheoirí a fhíorú, chomh maith le húdarú aon aighnitheoirí a rannchuidíonn sonraí ionchuir thar ceann an rannchuiditheora;
beartais chun a áirithiú go soláthraíonn rannchuiditheoir na sonraí ionchuir ábhartha ar fad;
na córais agus na rialuithe nach mór do rannchuiditheoir a bhunú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
nósanna imeachta chun sonraí ionchuir a rannchuidiú, lena n-áirítear ceanglais ar an rannchuiditheoir a shonrú an sonraí idirbhirt iad na sonraí ionchuir agus i dtaobh an bhfuil riachtanais an riarthóra á gcomhlíonadh ag sonraí ionchuir;
beartais maidir le húsáid lánrogha agus sonraí ionchuir á rannchuidiú;
aon cheanglas a bhaineann le sonraí ionchuir a bhailíochtú sula gcuirtear ar fáil don riarthóir iad;
beartais coimeádta taifead;
ceanglais maidir tuairisciú a bhaineann le sonraí ionchuir amhrasta;
ceanglais a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú.
Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir agus sna modheolaíochtaí, an baol go ndéanfar cúbláil ar na sonraí ionchuir agus cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 16
Ceanglais rialachais agus rialuithe do rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht
Beidh feidhm ag na ceanglais rialachais agus rialaithe seo a leanas maidir le rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht:
áiritheoidh an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht nach mbeidh tionchar ag coinbhleacht leasa, atá ann cheana ná ceann féideartha, ar sholáthar sonraí ionchuir, agus má tá lánrogha de dhíth, go bhfeidhmeofar í sin go neamhspleách agus go hionraic bunaithe ar fhaisnéis ábhartha i gcomhréir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15;
beidh creat rialaithe i bhfeidhm ag an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht lena ndéanfar sláine, cruinneas agus iontaofacht na sonraí ionchuir a áirithiú agus lena ndéantar na sonraí ionchuir a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15.
Beidh córais agus rialuithe éifeachtacha i bhfeidhm ag rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht chun sláine agus iontaofacht na sonraí ionchuir uile a thugtar don riarthóir a áirithiú, lena n-áirítear:
rialuithe a bhaineann leis na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a chur faoi bhráid riarthóra, lena n-áirítear, má tá sé sin comhréireach, próiseas chun deis a thabhairt do dhuine nádúrtha a bhfuil post níos sinsearaí aige nó aici ná an ceann atá ag an aighnitheoir síniú;
oiliúint iomchuí d'aighnitheoirí, lena gcumhdófar, ar a laghad, an Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;
bearta maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, lena n-áirítear fostaithe a scaradh go heagraíochtúil i gcás inarb iomchuí agus cinneadh maidir le conas deireadh a chur le dreasachtaí, ar dreasachtaí iad a cruthaíodh le beartais luacha saothair, chun clúbláil a dhéanamh ar thagarmharc;
taifead a choimeád, ar feadh tréimhse iomchuí ama, ar chumarsáid i ndáil le soláthar sonraí ionchuir, ar an bhfaisnéis go léir a úsáidtear chun a chumasú don rannchuiditheoir gach aighneacht a dhéanamh, agus ar gach coinbhleacht reatha nó féideartha lena n-áirítear neamhchosaint an rannchuiditheora ar ionstraimí airgeadais a úsáideann tagarmharc mar thagairt, ach gan a bheith teoranta don méid sin;
taifead a choimeád ar iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha.
Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir a chuirtear ar fáil agus sna modheolaíochtaí a úsáidtear, na rioscaí i ndáil le cúbláil a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht, agus na forbairtí i dtagarmharcanna agus i margaí airgeadais i bhfianaise cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL III
CEANGLAIS DO CHINEÁLACHA ÉAGSÚLA TAGARMHARCANNA
CAIBIDIL 1
Tagarmharcanna sonraí rialáilte
Airteagal 17
Tagarmharcanna sonraí rialáilte
CAIBIDIL 2
Tagarmharcanna ráta úis agus spot-tagarmharcanna malairte eachtraí
Airteagal 18
Tagarmharcanna rátaí úis
Beidh feidhm ag na riachtanais shainiúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le tagarmharcanna rátaí úis a sholáthar agus rannchuidiú leo sa bhreis ar cheanglais Theideal II, nó ina n-ionad.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26 maidir le soláthar tagarmharcanna rátaí úis ná le rannchuidiú leo.
Airteagal 18a
Spot-tagarmharcanna ráta malairte eachtraí
Féadfaidh an Coimisiún spot-tagarmharc malairte eachtraí a riarann riarthóirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a ainmniú i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas araon:
leis an spot-tagarmharc malairte eachtraí déantar tagairt do spotráta malairte in airgeadra tríú tír nach féidir a chomhshó go héasca; agus
úsáidtear an spot-tagarmharc malairte eachtraí ar bhonn rialta, córasach agus tráthrialta chun fálú in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha sa ráta malairte eachtraí
CAIBIDIL 3
Tagarmharcanna tráchtearraí
Airteagal 19
Tagarmharcanna tráchtearraí
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26 maidir le soláthar tagarmharcanna tráchtearraí ná le rannchuidiú leo.
CAIBIDIL 3a
Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras
Airteagal 19a
Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin íosta le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a leagan síos chun an méid seo a leanas a shonrú:
na critéir maidir leis na sócmhainní foluiteacha a roghnú, lena n‐áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon chritéar maidir le sócmhainní a eisiamh;
na critéir agus an modh chun na sócmhainní foluiteacha sa tagarmharc a ualú;
an conair dhícharbónaithe le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE a chinneadh.
Airteagal 19b
Ceanglais maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE
Déanfaidh riarthóirí Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE sócmhainní foluiteacha arna n‐eisiúint ag cuideachtaí a leanann conair dícharbónaithe a roghnú, a ualú, nó a eisiamh faoin 31 Nollaig 2022, i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
nochtann na cuideachtaí laghdú intomhaiste ar spriocanna astaíochtaí carbóin atá le baint amach laistigh de fhrámaí ama sonracha;
nochtann na cuideachtaí laghdú ar astaíochtaí carbóin atá imdhealaithe síos go dtí leibhéal na bhfochuideachtaí oibriúcháin ábhartha;
nochtann na cuideachtaí faisnéis bhliantúil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna sin;
ní dhéanann na gníomhaíochtaí maidir leis na sócmhainní foluiteacha dochar suntasach do chuspóirí eile ESG.
Airteagal 19c
Eisiaimh maidir le Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras
Airteagal 19d
An iarracht Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE a sholáthar
Faoin 1 Eanáir 2022, riarthóirí atá lonnaithe san Aontas agus a sholáthraíonn tagarmharcanna suntasacha arna gcinneadh ar bhonn luach ceann amháin nó níos mó de shócmhainní nó de phraghsanna forluiteacha, déanfaidh siad iarracht ceann amháin nó níos mó de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE a sholáthar.
CAIBIDIL 4
Tagarmharcanna criticiúla
Airteagal 20
Tagarmharcanna criticiúla
Déanfaidh an Coimisiún, gach dhá bhliain ar a laghad, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun liosta de thagarmharcanna, arna soláthar ag riarthóirí atá lonnaithe laistigh den Aontas agus ar tagarmharcanna criticiúla iad, a bhunú agus a athbhreithniú, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
go n-úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme;
go bhfuil an tagarmharc bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí a bhfuil a bhformhór suite i mBallstát amháin agus go n-aithnítear é a bheith criticiúil sa Bhallstát sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo;
go gcomhlíonann an tagarmharc na critéir uile seo a leanas:
go n-úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 400 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, ach gan dul thar an luach dá bhforáiltear i bpointe (a);
nach bhfuil ionadaithe oiriúnacha ar bith faoi stiúir an mhargaidh ag an tagarmharc, nó gur fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige;
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhochracha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Más rud é go gcomhlíonann tagarmharc na critéir a leagtar amach i bpointe (c)(ii) agus (iii) ach nach gcomhlíonann sé an critéar a leagtar amach i bpointe (c)(i), féadfaidh údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann in éineacht le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir bunaithe comhaontú gur cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhofmhír seo. I gcás ar bith, rachaidh údarás inniúil an riarthóra i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.I gcás easaontas idir na húdaráis inniúla, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra cinneadh i dtaobh ar cheart an tagarmharc a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhfomhír seo, agus na cúiseanna don easaontas á gcur san áireamh. Déanfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás easaontais, údarás inniúil an riarthóra, an measúnú a tharchur chuig an gCoimisiún. Tar éis dó an measúnú a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an mír seo. Ina theannta sin, i gcás easaontais, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra a mheasúnú a tharchur chuig ÚEUM a fhéadfaidh tuairim a fhoilsiú.
Tar éis dó an iarraidh doiciméadaithe sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 1.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a mheasúnú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a annaimhe, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú don Choimisiún agus tarchuirfidh sé chuige é.
Chun críocha mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh scor an tagarmhairc nó soláthar an tagarmhairc ar bhonn sonraí ionchuir nó painéal rannchuiditheoirí nach bhfuil ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch, an mbeadh tionchar dochrach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas ina Bhallstát. Cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh ina mheasúnú:
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a n-ábharthacht maidir le luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais gan íoc sa Bhallstát;
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a ábharthacht maidir le holltáirgeacht náisiúnta an Bhallstáit;
aon fhigiúr eile chun measúnú a dhéanamh ar bhonn oibiachtúil ar thionchar féideartha ar neamhleanúnachas nó ar neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sa Bhallstát.
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú nua d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé chuige é.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
a shonrú conas a dhéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais, seachas díorthaigh, méid barúlach díorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú, lena n-áirítear i gcás tagairt indíreach do thagarmharc laistigh de theaglaim de thagarmharcanna, chun iad a chur i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) d'Airteagal 24(1);
athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú tagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó cistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar do na tairseacha; tarlóidh athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2018;
a shonrú conas na critéir dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, agus aon sonraí lena ligtear measúnú a dhéanamh ar fhorais oibiachtúla ar thionchar féidearthach neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit á chur san áireamh.
I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta.
Airteagal 21
Riarachán éigeantach ar thagarmharc criticiúil
Má tá sé beartaithe ag riarthóir tagarmhairc chriticiúil scor de thagarmharc den sórt sin a sholáthar, déanfaidh an riarthóir an méid seo a leanas:
fógra a thabhairt dá údarás inniúil láithreach; agus
laistigh de cheithre seachtaine tar éis fógra den sórt sin a thabhairt, measúnú a chur isteach faoi conas a dhéanfar an méid seo a leanas maidir leis an tagarmharc:
é a thrasdul chuig riarthóir nua; nó
scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 28(1) á chur san áireamh.
Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar.
Tar éis measúnú an riarthóra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
ÚEUM agus an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46 a chur ar an eolas;
tar éis an measúnú sin a fháil, a mheasúnú féin a dhéanamh, faoi cheann ceithre seachtaine, ar conas a bheidh an tagarmharc le trasdul chuig riarthóir nua nó a scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.
Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar gan toiliú i scríbhinn ó ÚEUM nó ón údarás inniúil, nuair is ábhartha sin.
Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a chríochnú, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú an tagarmhairc go dtí:
go mbeidh soláthar an tagarmhairc aistrithe chuig riarthóir nua;
go bhféadfar scor den tagarmharc a sholáthar ar bhealach rianúil; nó
nach bhfuil an tagarmharc criticiúil a thuilleadh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, ní faide ná 12 mhí an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an t-údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú a tagarmhairc.
Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t‐údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh iallach a chur ar an riarthóir leanúint d’fhoilsiú an tagarmhairc. Féadfaidh an t‐údarás inniúil, i gcás inar gá, an tréimhse ama sin a fhadú ar feadh tréimhse ama iomchuí nach faide ná 12 mhí bhreise. Ní faide ná 5 bliana san iomlán uastréimhse an riaracháin éigeantaigh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.
Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 22
Maolú ar chumhacht margaidh riarthóirí tagarmharcanna criticiúla
Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais, le linn dó nó di tagarmharc criticiúil a sholáthar, glacfaidh an riarthóir bearta leormhaithe chun a áirithiú go soláthrófar ceadúnais an tagarmharic, agus an fhaisnéis a bhaineann leis, do na húsáideoirí go léir ar bhonn cóir, réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
Airteagal 23
Rannchuidiú éigeantach le tagarmharc criticiúil
Cuirfidh údarás inniúil riarthóir an tagarmhairc chriticiúil an t-údarás inniúil ar an eolas faoin rannchuiditheoir sin faoi mhaoirseacht agus , i gcás inarb infheidhme , cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh an riarthóir faoi bhráid an údaráis inniúil measúnú ar impleachtaí maidir le cumas an tagarmhairc chriticiúil an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas a luaithe is féidir ach gan é a bheith níos déanaí ná 14 lá tar éis an fhógra a thug an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht.
I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, i ndiaidh na tréimhse a shonraítear i mír 5 agus ar bhonn a mheasúnaithe féin dá dtagraítear i mír 4, go bhfuil iondaithe tagarmhairc chriticiúil curtha i mbaol, beidh sé de chumhacht aige:
a cheangal ar eintitis faoi mhaoirseacht, arna roghnú i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear eintitis nach rannchuiditheoirí cheana leis an tagarmharc criticiúil iad, sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir i gcomhréir le modheolaíocht an riarthóra, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15 agus rialacha eile. Beidh ceanglas den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí ón dáta ina mbeidh an cinneadh tosaigh déanta lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach de bhun mhír 5, nó do na heintitis sin nach rannchuiditheoirí fós iad, ón dáta a dhéantar an cinneadh lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach faoin bpointe seo;
tréimhse an rannchuidithe éigeantaigh a fhadú le tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí, tar éis athbhreithniú faoi mhír 9 ar aon bhearta a ghlactar de bhun phointe (a) den mhír seo;
foirm agus sprioc-am a chinneadh maidir le rannchuidiú aon sonraí ionchuir, gan oibleagáid a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht trádáil nó gealltanas a thabhairt trádáil;
a cheangal ar an riarthóir an mhodheolaíocht, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, nó rialacha eile an tagarmhairc chriticiúil a athrú.
Ní faide ná 5 bliana uastréimhse an rannchuidithe éigeantaigh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír.
Faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 6, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra athbhreithniú ar na bearta a bheidh glactha faoi mhír 6. Déanfaidh sé aon cheann acu a chúlghairm má mheasann sé:
gur dealraitheach go leanfaidh na rannchuiditheoirí de bheith ag rannchuidiú sonraí ionchuir ar feadh bliain amháin ar a laghad dá ndéanfaí an beart a chúlghairm, agus tabharfar fianaise ar an méid sin leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
tiomantas i scríbhinn ó na rannchuiditheoirí chuig an riarthóir agus chuig an údarás inniúil go leanfar de bheith ag rannchuidiú sonraí ionchuir don tagarmharc criticiúil ar feadh bliain amháin ar a laghad má dhéantar an beart a chúlghairm;
tuarascáil i scríbhinn ón riarthóir chuig an údarás inniúil lena soláthraítear fianaise dá mheasúnú gur féidir inmharthanacht leantach an thagarmhairc chriticiúil a áirithiú tar éis an rannchuidiú éigeantach a chúlghairm;
is féidir le soláthar an tagarmhairc leanúint ar aghaidh a luaithe a bheidh na rannchuiditheoirí a bhfuil sainordú tugtha dóibh sonraí ionchuir a rannchuidiú tar éis scor de bheith ag rannchuidiú;
go bhfuil tagarmharc ionadach inghlactha ar fáil agus gur féidir le húsáideoirí an tagarmhairc chriticiúil athrú chuig an gceann ionadach seo gan ach na costais is ísle a bheith orthu, arna fhianú sin, ar a laghad, le tuarascáil i scríbhinn ón riarthóir ina mbeidh mionsonraí faoin modh trasdula chuig tagarmharc ionadach agus an cumas atá ag úsáideoirí trasdul chuig an tagarmharc sin chomh maith le costais an trasdula; nó
nach féidir aon rannchuidithe malartacha a shainaithint agus go ndéanfadh scor rannchuidithe ó na heintitis ábhartha faoi mhaoirseacht lagú ar an tagarmharc an oiread is go gcaithfí scor den tagarmharc.
CAIBIDIL 4A
Athsholáthar reachtúil tagarmhairc
Airteagal 23a
Raon feidhme athsholáthair reachtúil tagarmhairc
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
aon chonradh, nó aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, lena ndéantar tagairt do thagarmharc agus atá faoi réir an dlí de cheann de na Ballstáit; agus
aon chonradh, a bhfuil na páirtithe ar fad ann bunaithe san Aontas, lena ndéantar tagairt do thagarmharc agus atá faoi réir dlí tríú tír agus i gcás nach bhforáiltear le dlí an tríú tír sin do chlabhsúr ordúil tagarmhairc.
Airteagal 23b
Athsholáthar tagarmhairc le dlí an Aontais
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
tagarmharcanna a ainmnítear a bheith criticiúil ag gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 20(1);
tagarmharcanna bunaithe ar rannchuidiú na sonraí ionchuir dá mba rud é go gcuirfí isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas mar thoradh ar a scor nó a gclabhsúr; agus
tagarmharcanna tríú tír dá mba rud é go gcuirfí isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais nó riosca sistéamach ann d’fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas mar thoradh ar a scor nó a gclabhsúr.
Féadfaidh an Coimisiún athsholáthair le haghaidh tagarmharc amháin nó níos mó a ainmniú ar choinníoll go bhfuil aon cheann de na himeachtaí seo a leanas tar éis tarlú:
tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin ina bhfógraítear nach léirítear a thuilleadh an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin; i gcás tagarmharc arna ainmniú mar chriticiúil ag gníomh cur chun feidhme de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 20(1), tabharfaidh údarás inniúil an tagarmharc chriticiúil sin fógra tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 23, nach léirítear an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin fós, agus sa chás sin amháin;
tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag riarthóir an tagarmhairc sin, nó ag duine atá ag gníomhú thar ceann an riarthóra sin nó rinneadh ráiteas poiblí den sórt sin nó foilsíodh faisnéis den sórt sin, ina bhfógraítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis, nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar;
tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin nó aon eintiteas ag a bhfuil údarás dócmhainneachta nó réitigh ar riarthóir den sórt sin, ina léirítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe an tagarmhairc sin nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar; nó
déanann an t-údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 35, nó an t-aitheantas a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 32(8) nó ceanglaíonn sé go ndéanfar an formhuiniú a scor i gcomhréir le hAirteagal 33(6), ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a dhéanfar an tarraingt siar nó an fhionraíocht, nó formhuiniú an scoir, a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar agus tosóidh riarthóir an tagarmhairc sin clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte.
Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, déanfar an t-athsholáthar le haghaidh tagarmharc a chur in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc i gconarthaí agus in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23a i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis na hionstraimí agus conarthaí sin:
nach ann d’fhoráil chúltaca; nó
nach ann d’fhorálacha cúltaca oiriúnacha;
Chun críoch phointe (b) de mhír 3, measfar forálacha cúltaca bheith mí-oiriúnach sna cásanna seo a leanas:
ní dhéantar foráil leo maidir le hathsholáthair buan le haghaidh tagarmharc ar scor; nó
tá gá le toiliú breise ó thríú páirtithe dá gcur i bhfeidhm, ar toiliú é a diúltaíodh; nó
déantar foráil leis maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc nach léirítear a thuilleadh nó tá difríocht shuntasach ann maidir lena chur i bhfeidhm ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil an tagarmharc ar scor ceaptha é a thomhas, agus go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag a chur i bhfeidhm ar an gcobhsaíocht airgeadais.
Le hathsholáthair le haghaidh tagarmhairc a comhaontaíodh mar ráta cúltaca conarthach, ní léirítear a thuilleadh nó ímítear go suntasach ón mbunmhargadh nó ón bhfíorchás eacnamaíoch atá an targarmharc ar scor ceaptha a thomhas, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthionchar leis an gcur i bhfeidhm sin ar chobhsaíocht airgeadais sna cásanna seo a leanas:
i gcás ina mbunaítear í ag an údarás náisiúnta ábhartha ar bhun mheasúnú cothrománach ar chineál sonrach de shocrú conarthach a cuireadh i gcrích tar éis páirtí leasmhar ar a laghad arna iarraidh sin, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha;
tar éis measúnú i gcomhréir le pointe (a), gur chuir ceann de na páirtithe sa chonradh nó ionstraim airgeadais i gcoinne na forála cúltaca a comhaontaíodh de réir conartha 3 mhí ar a dhéanaí roimh scor buan an tagarmhairc; agus
tar éis cur i gcoinne de bhun phoine (b), níor tháinig na páirtithe sa chonradh nó ionstraim airgeadais ar chomhaontú maidir le hathsholáthar malartach le haghaidh tagarmhairc lá amháin oibre ar a dhéanaí roimh scor buan an tagarmhairc sin.
Áireofar i ngníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 8 an méid seo a leanas:
an t-athsholáthar nó na hathsholáthairtí le haghaidh tagarmhairc;
an coigeartú corrlaigh, lena n-áirítear an modh chun coigeartú corrlaigh den sórt sin a chinneadh, atá le cur i bhfeidhm maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc ar scor ar dháta an athsholáthair le haghaidh gach téarma ar leith chun aird a thabhairt ar éifeachtaí an aistrithe nó an athraithe ón tagarmharc atá le scor go dtí an athsholáthar;
na hathruithe riachtanacha comhfhreagracha chun críche comhréireachta a bhaineann le hathsholáthar le haghaidh tagarmhairc a úsáid nó a chur i bhfeidhm agus a bhfuil gá réasúnta leo chuige sin; agus
an dáta óna mbeidh feidhm ag athsholáthar nó na hathsholáthairtí le haghaidh tagarmhairc.
Airteagal 23c
Athsholáthar tagarmhairc le dlí náisiúnta
Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid Ballstáit, ina bhfuil tromlach na rannchuiditheoirí lonnaithe, tagarmharc athsholáthair amháin nó níos mó amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20(1) a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil aon cheann de na himeachtaí seo a leanas tar éis tarlú:
tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin, ina bhfógraítear nach léirítear a thuilleadh an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin; ní thabharfaidh an t-údarás inniúil fógra den sórt sin ach amháin, tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 23, nach léirítear an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin fós;
tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag riarthóir tagarmhairc, nó ag duine atá ag gníomhú thar ceann an riarthóra sin, nó rinneadh ráiteas poiblí den sórt sin nó foilsíodh faisnéis den sórt sin ina bhfógraítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe an tagarmhairc sin ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis, nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar;
tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag an údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin nó aon eintiteas ag a bhfuil údarás dócmhainneachta nó réitigh ar riarthóir an tagarmhairc sin ina léirítear go dtosóidh an riarthóir sin clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe an tagarmhairc sin nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis, nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar; nó
déanann an t-údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 35, ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a tharraingeofar an t-údarú siar é a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar agus tosóidh a riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte.
Déanfar an t-athsholáthar le haghaidh tagarmharc a chur in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc sin i gconarthaí agus in ionstraimí airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 23a i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
tagraítear sna conarthaí nó sna ionstraimí airgeadais sin an tagarmharc ar scor ar an dáta a thagann an dlí náisiúnta lena n-ainmnítear an t-athsholáthar le haghaidh tagarmhairc chun bheith infheidhme; agus
nach bhfuil foráil chúltaca sna conarthaí ná sna hionstraimí airgeadais sin nó go bhfuil foráil chúltaca iontu nach ndéantar foráil maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc ar scor.
CAIBIDIL 5
Tagarmharcanna suntasacha
Airteagal 24
Tagarmharcanna suntasacha
Tagarmharc nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1), tá sé suntasach nuair:
a úsáidtear é go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil meánluach iomlán de EUR 50 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, in imeacht tréimhse de shé mhí; nó
nach bhfuil ionadaithe oiriúnacha ar bith faoi stiúir an mhargaidh aige, nó gur fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige agus, sa chás go scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, go mbeadh tionchair shuntasacha agus dhochracha ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Airteagal 25
Díolúintí ó cheanglais shonracha le haghaidh tagarmharcanna suntasacha
Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh go ndéanfaidh riarthóir tagarmhairc shuntasaigh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 4(7), i bpointe (b) d'Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(2) a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin féin más rud é go measann sé go mbeadh an méid sin iomchuí, agus cineál nó tionchar na dtagarmharcanna nó méid an riarthóra á gcur san áireamh. Déanfaidh an t-údarás inniúil ina mheasúnú, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh soláthraithe ag an riarthóir, na critéir seo a leanas a chur san áireamh:
leochaileacht an tagarmhairc ó thaobh cúblála de;
cineál na sonraí ionchuir;
an leibhéal de choinbhleachtaí leasa;
leibhéal de lánrogha atá ag an riarthóir;
tionchar an tagarmhairc ar na margaí;
cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc;
tábhacht an tagarmhairc don chobhsaíocht airgeadais;
luach na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí airgeadais nó na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc;
méid, foirm eagraíochtúil nó struchtúr an riarthóra.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 6
Tagarmharcanna neamhshuntasacha
Airteagal 26
Tagarmharcanna neamhshuntasacha
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.
Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL IV
TRÉDHEARCACHT AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ
Airteagal 27
Ráiteas tagarmhairc
I gcás ina dtosaíonn an riarthóir sin ar thagarmharc nua nó ar fhine tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29 a sholáthar, déanfaidh an riarthóir, laistigh de dhá sheachtain agus ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú i leith gach tagarmhairc nua nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine nua tagarmharcanna.
Déanfaidh an riarthóir athbhreithniú agus, i gcás inar gá sin, nuashonrú ar an ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna sa chás go dtarlaíonn athruithe ar an bhfaisnéis atá le soláthar faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé an méid sin gach dhá bhliain ar a laghad.
Maidir leis an ráiteas tagarmhairc:
beidh ann sainmhíniú soiléir agus gan athbhrí ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá á thomhas leis an tagarmharc agus na cúinsí ina bhféadfadh sé go mbeidh tomhas den sórt sin neamhiontaofa;
leagfar síos ann sonrúcháin theicniúla lena sainaithnítear go soiléir agus gan athbhrí na heilimintí sin de ríomh an tagarmhairc arb ina leith a fhéadfar lánrogha a chur i bhfeidhm, na critéir is infheidhme i leith fheidhmiú na lánrogha sin agus post na ndaoine ar féidir leo lánrogha a fheidhmiú agus conas a d'fhéadfaí an lánrogha sin a mheas ina dhiaidh sin.
tabharfar ann fógra go bhféadfadh fachtóirí a bheith ann, lena n-áirítear fachtóirí seachtracha nach bhfuil smacht ag an riarthóir orthu, a d'fhágfadh go mbeadh gá le hathruithe ar thagarmharc, nó an tagarmhac a scor; agus
cuirfear in iúl ann d'úsáideoirí go bhféadfadh tionchar a bheith ag athruithe ar thagarmharc nó ag scor tagarmhairc ar na conarthaí airgeadais agus ar na hionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc nó do thomhas ar fheidhmíocht cistí infheistíochta.
Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, i ráiteas tagarmhairc:
na sainmhínithe ar na príomhthéarmaí ar fad a bhaineann leis an tagarmharc;
an réasúnaíocht a bhaineann le glacadh modheolaíochta tagarmhairc agus le glacadh nósanna imeachta chun an mhodheolaíocht a fhormheas agus chun athbhreithniú a dhéanamh uirthi;
na critéir agus na nósanna imeachta a úsáidtear chun an tagarmharc a chinneadh, lena n-áirítear tuairisc ar na sonraí ionchuir, an tosaíocht a thugtar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir, na sonraí íosta is gá chun tagarmharc a chinneadh, úsáid aon samhlacha nó modhanna eachtarshuímh agus aon nós imeachta chun comhchodanna innéacs tagarmhairc a athchothromú;
na rialuithe agus na rialacha a rialaíonn aon fheidhmiú breithiúnais nó lánrogha ag an riarthóir nó ag aon rannchuiditheoirí, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le húsáid breithiúnais nó lánrogha den sórt sin;
na nósanna imeachta a rialaíonn cinneadh an tagarmhairc i dtréimhsí struis nó i dtréimhsí ina bhféadfadh foinsí sonraí idirbhirt a bheith neamhleor, míchruinn nó neamhiontaofa agus teorainneacha féideartha an tagarmhairc sna tréimhsí sin;
na nósanna imeachta chun déileáil le hearráidí sna sonraí ionchuir nó i gcinneadh an tagarmhairc, lena n-áirítear nuair a bheidh athchinneadh ar an tagarmharc de dhíth; agus
sainaithint na dteorainneacha féideartha atá ag tagarmharc, lena n-áirítear oibriú an tagarmhairc i margaí neamhleachtacha nó ilroinnte agus comhchruinniú féideartha na n-ionchur.
I gcás nach bhfuil aon Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ar fáil i bpunann an riarthóra tagarmhairc aonair sin, nó i gcás nach bhfuil aon tagarmharcanna ag an riarthóir tagarmharcanna aonair a shaothraíonn cuspóirí ESG nó a chuireann tosca ESG san áireamh, déanfar é sin a lua sna ráitis tagarmhairc de gach tagarmharc a sholáthraíonn an riarthóir sin. Maidir le tagarmharcanna suntasacha cothromais agus bannaí, chomh maith le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, déanfaidh na riarthóirí tagarmharcanna a nochtadh ina ráitis tagarmhairc mionsonraí an bhfuil nó nach bhfuil leibhéal foriomlán ailínithe leis an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú á bhaint amach agus a mhéid atáthar ag áirithiú go bhfuil cuspóirí Chomhaontú Pháras á mbaint amach, agus déanfar an méid sin uile i gcomhréir leis na rialacha maidir le nochtadh do tháirgí airgeadais in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).
Faoin 31 Nollaig 2021, áireoidh na riarthoirí tagarmhairc i ráiteas tagarmhairc gach tagarmhairc nó i gcás inarb iomchuí, gach fine tagarmharcanna, ach amháin tagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí, míniú ar conas atá an mhodheolaíocht a úsáideann siad ailínithe leis an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú nó cuspóirí Chomhaontú Pháras a ghnóthú.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear sa ráiteas tagarmhairc de bhun mhír 2a den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, chomh maith leis an bhformáid chaighdeánach atá le húsáid do thagairtí do thosca ESG, chun rannpháirtithe sa mhargadh a chumasú chun go mbeidh siad in ann roghanna feasacha a dhéanamh agus chun indéantacht theicniúil chomhlíonadh na míre sin a áirithiú.
Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh prionsabal na comhréireachta.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 28
Athruithe ar thagarmharc agus tagarmharc a scor
Airteagal 28a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) …/…+;
i gcás daoine dlítheanacha, méid an riarthóra de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san áireamh san fhaisnéis.
Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL V
ÚSÁID TAGARMHARCANNA SAN AONTAS
Airteagal 29
Tagarmharc a úsáid
Airteagal 30
Coibhéis
Ionas go bhféadfaidh tagarmharc nó teaglaim de thagarmharcanna a sholáthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29(1), cuirfear an tagarmharc agus an riarthóir ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36. Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas chun go bhféadfar iad a chur ar áireamh sa chlár:
glacann an Coimisiún cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo;
tá an riarthóir údaraithe nó cláraithe sa tríú tír i dtrácht, agus faoi réir maoirseacht inti;
tugann an riarthóir fógra d'ÚEUM go dtoilíonn sé go bhféadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a thagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a úsáid san Aontas, chomh maith le liosta na dtagarmharcanna a bhfuil toiliú tugtha acu ina leith a úsáid san Aontas agus an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht air sa tríú tír; agus
tá na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i mbun oibríochta.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go ndéanann creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír an méid seo a leanas a áirithiú:
go gcomhlíonann riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus
go bhfuil na ceanglais cheangailteacha faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.
Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Mar rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh á rá:
go bhfuil ceanglais cheangailteacha i dtríú tír i ndáil le riarthóirí sonracha nó tagarmharcanna sonracha nó finí sonracha tagarmharcanna coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus
go bhfuil na riarthóirí sonracha sin nó na tagarmharcanna sonracha nó na finí sonracha tagarmharcanna faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.
Déanfar cinnead cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 den Airteagal seo. Agus na socruithe sin á mbunú aige, déanfaidh ÚEUM , i gcomhréir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ), a thabhairt san áireamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tríú tír ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis ábhartha a iarrann ÚEUM faoin riarthóir atá údaraithe sa tríú tír sin;
an sásra chun fógra pras a thabhairt d'ÚEUM má mheasann údarás inniúil tríú tír go bhfuil an riarthóir údaraithe atá faoi mhaoirseacht aige sa tríú tír sin ag sárú coinníollacha a údaraithe nó reachtaíocht náisiúnta eile sa tríú tír;
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear, cigireachtaí ar an láthair.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 31
Clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar
Déanfaidh ÚEUM clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar tríd an riarthóir sin a bhaint den chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 más rud é go bhfuil cúiseanna maithe aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, go bhfuil an riarthóir:
ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d'fheidhmiú rianúil na margaí; nó
tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta sa tríú tír nó ar fhorálacha eile is infheidhme ina leith sa tríú tír agus ar ar a bhonn sin a ghlac an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 30(2) nó (3).
Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo leanas:
gur chuir ÚEUM an cheist faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nár ghlac an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí atá ag teastáil chun infheisteoirí agus feidhmiú rianúil na margaí san Aontas a chosaint nó gur mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an riarthóir lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír;
gur chuir ÚEUM, 30 lá ar a laghad roimh é a tharraingt siar, in iúl don údarás inniúil sa tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige clárú an riarthóra a tharraingt siar.
Airteagal 32
Aitheantas do riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír
Chun a chinneadh an bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh, agus chun comhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, a mheasúnú, féadfaidh ÚEUM a chur san áireamh measúnú ó iniúchóir seachtrach neamhspleách nó deimhniú a sholáthraíonn údarás inniúil an riarthóra sa tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.
Más rud é go bhfuil an riarthóir in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé ná tagarmharc sonraí rialáilte nó tagarmharc tráchtearraí nach bhfuil bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór, ní bheidh aon oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17 agus in Airteagal 19(1) faoi seach a chomhlíonadh.
▼M2 —————
Faoi cheann 90 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, fíoróidh ÚEUM go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta.
I gcás ina measfaidh ÚEUM nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:
i gcás ina mbeidh riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirsiú, gurb ann do shocrú comhair iomchuí idir ÚEUM agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gurb ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a chuireann ar chumas údarás inniúil an tríú tír sin a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
nach bhfuil cosc ar fheidhmiú éifeachtach fheidhmeanna maoirseachta ÚEUM faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údaráis inniúil an tríú tír sin.
▼M2 —————
Déanfaidh ÚEUM an t-aitheantas arna thabhairt i gcomhréir le mír 5 a fhionraí nó a tharraingt siar, más iomchuí, más rud é go bhfuil cúiseanna maithe ann, atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe a mheas:
go bhfuil an riarthóir ag gníomhú ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d’fheidhmiú rianúil na margaí;
gur sháraigh an riarthóir ar bhealach tromchúiseach na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo;
go ndearna an riarthóir ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh mírialta eile chun an t-aitheantas a fháil.
I gcás ina ndéantar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin a fhorbairt, cuirfidh ÚEUM iad faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 33
Tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú
Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, nó aon eintiteas eile faoi mhaoirseacht atá lonnaithe san Aontas ag a bhfuil ról soiléir agus dea-shainithe laistigh de chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra de chuid tríú tír atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig an údarás inniúil ábhartha á iarraidh tagarmharc nó fine tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír lena n-úsáid san Aontas a fhormhuiniú, ar choinníoll go gcomlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá sé fíordheimhnithe ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile faoi mhaoirseacht, agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach dá údarás inniúil, go gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú, ar bhonn sainordaitheach nó deonach, ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo;
tá an saineolas is gá ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag an eintiteas eile faoi mhaoirseacht chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht i ndáil le tagarmharc a sholáthar i dtríú tír agus chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí gaolmhara;
tá cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar i dtríú tír agus an tagarmharc nó fine tagarmharcanna sin a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas.
Chun críche phointe (a), agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh údarás inniúil a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh sholáthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna le prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le prionsbail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
TEIDEAL VI
RIARTHÓIRÍ A ÚDARÚ, A CHLÁRÚ AGUS A MHAOIRSIÚ
CAIBIDIL 1
Údarú agus clárú
Airteagal 34
Riarthóir a údarú agus a chlárú
Duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas agus a bhfuil sé ar intinn aige nó aici gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé nó sí iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe, chun go bhfaighidh an duine sin:
údarú má sholáthraíonn sé innéacsanna nó más rud é go bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid de réir bhrí an Rialacháin seo;
clárú más eintiteas faoi mhaoirseacht é, taobh amuigh de riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó a bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear mar thagarmharcanna nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme i leith an eintitis faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna a sholáthraítear mar thagarmharc criticiúil; nó
clárú mura soláthraíonn sé nó mura bhfuil sé ar intinn aige a sholáthar ach innéacsanna a cháileodh mar thagarmharcanna neamhshuntasacha.
Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha:
an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus glacfaidh sé cinneadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de cheithre mhí ó iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a fháil;
an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus cinneadh a ghlacadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de 45 lá oibre ó iarratas a bheidh comhlánaithe ina iomláine a fháil.
Laistigh de chúig lá oibre ó chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh sin don iarratasóir. I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil an t-iarratasóir a údarú nó a chlárú, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 35
Údarú nó clárú a tharraingt siar nó a fhionraí
Féadfaidh údarás inniúil údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí más amhlaidh i gcás an riarthóra:
go ndéanann sé an t-údarú nó an clárú a thréigean go sainráite nó nach bhfuil tagarmharc ar bith curtha ar fáil aige sa 12 mhí roimhe sin;
go bhfuil an t-údarú nó an clárú faighte aige, nó tagarmharc formhuinithe aige, trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;
nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh nó faoinar cláraíodh é; nó
gur sháraigh sé forálacha an Rialacháin seo go tromchúiseach nó arís agus arís eile.
Déanfaidh ÚEUM an clár dá bhforáiltear in Airteagal 36 a nuashonrú go pras.
Airteagal 36
Clár riarthóirí agus tagarmharcanna
Bunóidh agus cothabhálfaidh ÚEUM clár poiblí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
céannachtaí na riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34 agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu;
céannachtaí na riarthóirí a chomhlíonann coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30(1), an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 30(1) agus na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu;
céannachtaí na riarthóirí a fuair aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 32(7) agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu;
na tagarmharcanna atá formhuinithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33, céannachtaí riarthóirí na dtagarmharcanna sin, agus céannachtaí na riarthóirí formhuiniúcháin nó na n-eintiteas faoi mhaoirseacht formhuiniúcháin.
CAIBIDIL 2
Comhar maoirseachta
Airteagal 37
Cúraimí a tharmligean idir údaráis inniúla
Tabharfaidh údaráis inniúla fógra d'ÚEUM maidir le haon tarmligean beartaithe 60 lá sula ngabhfaidh éifeacht leis na tarmligean sin.
Airteagal 38
Faisnéis ó Bhallstát eile a nochtadh
Ní fhéadfaidh údarás inniúil faisnéis a fhaigheann sé ó údarás inniúil eile a nochtadh ach amháin:
má tá comhaontú an údaráis inniúil sin faighte aige i scríbhinn agus nach nochtar an fhaisnéis sin ach amháin chun na gcríoch lenar chomhaontaigh an t-údarás inniúil sin leo; nó
sa chás go mbeadh nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.
Airteagal 39
Comhar i ndáil le cigireachtaí agus imscrúduithe ar an láthair
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé:
an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir an iarraidh isteach páirt a ghlacadh sa chigireacht nó san imscrúdú ar an láthair;
iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, nó chun tacú leis an gcigireacht nó imscrúdú sin.
CAIBIDIL 3
Ról na n-údarás inniúil
Airteagal 40
Údaráis inniúla
Chun críoch an Rialacháin seo, beidh ÚEUM ina údarás inniúil le haghaidh:
riarthóirí tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(1);
riarthóirí na dtagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 32;
Airteagal 41
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
rochtain a bheith acu ar dhoiciméad agus ar shonraí eile ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh;
faisnéis a iarraidh nó a éileamh ó dhuine ar bith a bhfuil baint aige nó aici le soláthar tagarmhairc agus le rannchuidiú le tagarmharc, lena n-áirítear aon soláthróir seirbhíse chuig a mbeidh feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí maidir le soláthar tagamhairc seachfhoinsithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 10, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d'fhonn faisnéis a fháil;
faisnéis a iarraidh, maidir le tagarmharcanna tráchtearraí, ó rannchuiditheoirí faoi spotmhargaí gaolmhara de réir, i gcás inarb infheidhme, formáidí caighdeánaithe agus tuarascálacha ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;
cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh, ag suímh seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha;
dul isteach in áitribh daoine dlítheanacha, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, chun doiciméid agus sonraí eile i bhformáid ar bith a urghabháil, nuair atá amhras réasúnta ann gur ann do dhoiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. I gcás ina bhfuil réamhúdarú ag teastáil ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, is tar éis an réamhúdarú sin a fháil amháin a úsáidfear cumhacht den sórt sin;
ceangal a chur maidir le taifid de chomhráite teileafóin, cumarsáidí leictreonacha nó taifid tráchta sonraí eile atá ann cheana agus atá i seilbh eintitis faoi mhaoirseacht;
calcadh nó forlámhú sócmhainní a iarraidh, nó an dá cheann;
ceangal a chur go scoirfí go sealadach aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith mar shárú ar an Rialachán seo;
toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;
gach beart is gá a ghlacadh lena áirithiú go bhfuil eolas cruinn ag an bpobal ar sholáthar tagarmhairc, lena n-áirítear trína cheangal ar an riarthóir ábhartha nó ar dhuine a d'fhoilsigh nó a scaip an tagarmharc, nó a cheangal orthu araon, ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú maidir le rannchuidithe don tagarmharc roimhe seo nó maidir le figiúirí an tagarmhairc.
Feidhmeoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, ar aon cheann de na slite seo leanas:
go díreach;
i gcomhoibriú le húdaráis eile nó le gnóthais sa mhargadh;
faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis sin nó chuig gnóthais sa mhargadh;
trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
Chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, cuirfidh údaráis inniúla coimircí leormhaithe agus éifeachtúla i bhfeidhm maidir leis an gceart chun cosaint a fháil agus maidir le cearta bunúsacha.
Airteagal 42
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n‐údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, agus ceart na mBallstát foráil a dhéanamh do phionóis coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla chun pionóis riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:
aon sárú ar Airteagal 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 19a,19b, 19c, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 nó 34 i gcás ina bhfuil feidhm acu; agus
aon mhainneachtain comhoibriú le himscrúdú nó le cigireacht nó iarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41 nó imscrúdú, cigireacht nó iarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41 a chomhlíonadh.
Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
I gcás sárú dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile seo a leanas ar a laghad a fhorchur:
ordú lena gceanglaítear ar an riarthóir nó eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;
aon bhrabús a fuarthas nó aon chaillteanas a seachnaíodh de thoradh an tsáraithe a fhorghéilleadh nuair is féidir iad sin a chinneadh;
rabhadh poiblí ina luaitear an riarthóir nó an t-eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe;
údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí;
toirmeasc sealadach ar aon duine nádúrtha a gheofar freagrach as sárú den sórt sin feidhmeanna bainistíochta riarthóra nó rannchuiditheora faoi mhaoirseacht a fheidhmiú;
smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de thrí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, ar a laghad, a fhorchur i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;
i leith duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:
i gcás sáruithe ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, ar phointí (a), (b), (c) agus (e) d'Airteagal 11(1), ar Airteagal 11(2) agus (3), agus ar Airteagail 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus 34, EUR 500 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016; nó
i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4), EUR 100 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016;
i leith duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:
i gcás sáruithe ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, ar phointí (a), (b), (c) agus (e) d'Airteagal 11(1), ar Airteagal 11(2) agus (3), agus ar Airteagail 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus 34, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde; nó
i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4), EUR 250 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde.
Chun críocha phointe (h)(i) agus (ii), más máthairghnóthas nó fochuideachta de mháthairghnóthas nach mór cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ) an duine dlítheanach, is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le Treoir 86/635/CE ón gComhairle ( 16 ) i gcás banc agus i gcomhréir le Treoir 91/674/CE ón gComhairle ( 17 ) i gcás comhlachtaí árachais de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais dheiridh ná más comhlachas an duine, 10 % de láimhdeachais chomhiomlána a gcuid ball.
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin amhail dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear sa mhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, déanfaidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sa dlí coiriúil a chur in iúl don Choimisiún agus d'ÚEUM in éineacht leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus d'ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.
Airteagal 43
Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus smachtbhannaí a fhorchur
Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú acui gcomhréir le hAirteagal 40(2) san áireamh na cúinsí ábhartha uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:
a thromchúisí atá an sárú agus fad an tsáraithe;
a chriticiúla atá an tagarmharc don chobhsaíocht airgeadais agus don fhíorgheilleagar;
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach;
neart airgeadais an duine atá freagrach, arna léiriú, go háirithe, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh fhreagraigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha fhreagraigh;
leibhéal an bhrabúis a ghnóthaigh nó leibhéal an chaillteanais a sheachain an duine atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
leibhéal comhair an duine atá freagrach leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;
sáruithe a bhí déanta cheana ag an duine lena mbaineann;
bearta déanta, tar éis an tsáraithe, ag duine freagrach ionas nach dtarlódh an sárú arís.
Airteagal 44
Oibleagáid maidir le comhar
Airteagal 45
Cinntí a fhoilsiú
Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta ar bearta de chineál imscrúdaitheach iad.
I gcás ina measann údarás inniúil go mbeadh foilsiú chéannacht an duine dhlítheanaigh, nó foilsiú sonraí pearsanta duine nádúrtha, míréireach tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol le foilsiú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil aon cheann de na nithe seo a leanas:
foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
an cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann le foilsiú i ndíth ainm den sórt sin.
gan an cinneadh a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás gurb é tuairim an údaráis inniúil go mbeidh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) neamhleor chun a áirithiú:
nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó
go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a nádúir iad.
I gcás ina gcinneann údarás inniúil cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos do sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, cuirfidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus i ndíth ainm maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí coiriúla uile a forchuireadh ar fáil d'ÚEUM ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ÚEUM sonraí i dtaobh smachtbhannaí coiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
Airteagal 46
Coláistí
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil a bheith ina chomhalta de choláiste, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid údarás inniúil an riarthóra ina mbeidh fianaise go bhfuil ceanglais na chéad fhomhíre den mhír seo comhlíonta. Déanfaidh údaráis inniúil ábhartha an riarthóra an iarraidh a mheas agus tabharfaidh sé fógra don údarás iarrthach laistigh de 20 lá oibre ón iarraidh a fháil á rá an measann sé nó nach measann go bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh. I gcás ina measann sé nach bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh, féadfaidh an t-údarás iarrthach an cás a chur faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le mír 9.
I gcás ina ngníomhaíonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a mhéid a bhaineann le tagarmharc criticiúil, áiritheoidh sé go mbeidh malartú faisnéise agus comhar iomchuí ann le comhaltaí eile an choláiste.
I gcás ina soláthraíonn riarthóir níos mó ná tagarmharc criticiúil amháin, féadfaidh údarás inniúil an riarthóra sin coláiste aonair a bhunú i ndáil le gach tagarmharc arna soláthar ag an riarthóir sin.
Bunóidh údarás inniúil riarthóra comhshocruithe i scríbhinn faoi chuimsiú an choláiste i ndáil leis na nithe seo leanas:
an fhaisnéis atá le malartú idir na húdaráis inniúla;
an próiseas déanta cinntí idir na húdaráis inniúla agus an creat ama ar laistigh de nach mór gach cinneadh a dhéanamh;
na cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;
an comhar atá le soláthar faoi Airteagal 23(7) agus (8).
Aon chinneadh a dhéanfaidh údarás inniúil an riarthóra bearta den sórt sin a dhéanamh, cuirfear san áireamh ann an tionchar ar na Ballstáit eile i dtrácht, go háirithe an tionchar féideartha ar chobhsaíocht a gcóras airgeadais.
Maidir leis an gcinneadh údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 35, aon uair gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar thagarmharc a scor, nó go ndéanfadh sé téarmaí conartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin san Aontas a chur ó rath nó a shárú ar aon slí eile, de réir na brí a shonraíonn an Coimisiún in aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(6), déanfaidh na húdaráis inniúla sa choláiste a mheas an nglacfaidh siad bearta chun na héifeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo a mhaolú, lena n-áirítear:
athrú ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, ar an modheolaíocht nó ar rialacha eile an tagarmhairc;
tréimhse idirthréimhseach, ar lena linn a bheidh feidhm ag na nós imeachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 28(2).
In éagmais comhaontú idir comhaltaí coláiste, féadfaidh údaráis inniúla aon cheann de na cásanna seo a leanas a tharchur chuig ÚEUM:.
i gcás nach bhfuil faisnéis bhunriachtanach curtha in iúl ag údarás inniúil;
i gcás, tar éis iarraidh a rinneadh faoi mhír 3, go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an riarthóra don údarás iarrthach nach bhfuil ceanglais na míre sin á gcomhlíonadh nó mura ghníomhaigh sé ar scór na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnta ama;
i gcás gur mhainnigh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir leis na nithe a leagtar amach i mír 6;
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 34, le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 42;
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(6);
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 8 den Airteagal seo.
Déanfar an tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 34(6) a fhionraí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig ÚEUM go dtí an tráth a mbeidh cinneadh déanta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
I gcás ina measann ÚEUM gur ghlac údarás inniúil an riarthóra aon bhearta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo agus a bhféadfadh sé nach bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais, gníomhóidh sé i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Féadfar cumhacht údarás inniúil riarthóra faoi Airteagal 23(6) a fheidhmiú go dtí go mbeidh a chinneadh foilsithe ag ÚEUM.
Airteagal 47
Comhar le hÚEUM
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48
Rúndacht ghairmiúil
CAIBIDIL 4
Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM
Airteagal 48 a
Feidhmiú cumhachtaí ag ÚEUM
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM, d’aon duine de chuid oifigigh ÚEUM nó d’aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 48b go hAirteagal 48d, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 48b
Iarraidh ar fhaisnéis
Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
daoine atá bainteach le soláthar, na dtagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 40(1);
tríú páirtithe a ndearna na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 10;
daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a).
I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus tar éis don ÚEUM sin a iarraidh, cuirfidh údaráis inniúla an iarraidh ar fhaisnéis chuig rannchuiditheoirí le tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(1) den Rialachán seoagus roinnfidh siad gan mhoill mhíchuí an fhaisnéis a fhaightear le ÚEUM.
Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
cuspóir na hiarrata sin a lua;
an fhaisnéis a éilítear a shonrú;
teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n-iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 48f i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
cuspóir na hiarrata sin a lua;
an fhaisnéis a éilítear a shonrú;
teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
sonróidh sé cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;
sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 48f, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;
a shonrú an ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 48k den Rialachán seo agus le hAirteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48c
Imscrúduithe ginearálta
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;
cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
aon duine de na daoine sin nó a n-ionadaithe, nó daoine dá bhfoireann, a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
go bhfuil an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 barántúil;
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48d
Cigireachtaí ar an láthair
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 5 barántúil;
go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48e
Bearta maoirseachta ag ÚEUM
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;
cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneálacha de bhun Airteagal 48f;
fógraí poiblí a eisiúint.
Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
fad agus minicíocht an tsáraithe;
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.
Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48f
Fíneálacha
Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1:
i gcás duine dlítheanach, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde;
i gcás duine nádúrtha, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, EUR 250 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála a ghearrfar i gcás sáruithe ar phointe (d) d’Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4) nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde i gcás daoine dlítheanacha, agus EUR 100 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016 i gcás daoine nádúrtha.
Chun críocha phointe (a), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
Airteagal 48g
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:
ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (a) d’Airteagal 48e(1);
ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1):
faisnéis iomlán a sholáthar ar iarradh í le cinneadh de bhun Airteagal 48b;
géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 48ca chomhlánú agus a cheartú;
géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 48d.
Airteagal 48h
Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar an forfheidhmiú.
Airteagal 48i
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
Airteagal 48j
Éisteacht na ndaoine atá faoi réir imscrúdú
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 48e chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
Airteagal 48k
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
Airteagal 48 l
Táillí maoirseachta
Airteagal 48m
ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar údarú na dtagarmharcanna criticiúla a tharmligean.
Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:
raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus
tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.
Airteagal 48n
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM
Mar sin féin, ní dhéanfar iarratais ar údarú ag riarthóirí tagarmhairc chriticiúil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 20(1) agus iarratais ar aitheantas i gcomhréir le Airteagal 32 a fuair údaráis inniúla roimh an 1 Deireadh Fómhair 2021 a aistriú chuig ÚEUM, agus glacfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an cinneadh chun údarás inniúil a údarú nó chun aitheantas a thabhairt dó.
TEIDEAL VII
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 49
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 50
Nós imeachta coiste
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 51
Forálacha idirthréimhseacha
Faoin 1 Eanáir 2020, beidh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil soláthróir innéacsanna atá ag déanamh iarratais ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 34 lonnaithe an chumhacht cinneadh a dhéanamh an soláthróir innéacsanna sin a chlárú mar riarthóir fiú murab eintiteas faoi mhaoirseacht é, faoi na coinníollacha seo a leanas:
ní sholáthraíonn an soláthróir innéacsanna tagarmharc criticúil;
tá a fhios ag an údarás inniúil, ar bhonn réasúnach, nach bhfuil an t-innéacs nó na hinnéacsanna atá á sholáthar nó á soláthar ag an soláthróir innéacsanna in úsáid go forleathan, de réir bhrí an Rialacháin seo, sa Bhallstát ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe chomh maith le i mBallstáit eile.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh a bheidh glactha aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Coimeádfaidh an t-údarás inniúil fianaise de na cúiseanna a bhí aige lena chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, agus beidh an fhianaise sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta a thuiscint go hiomlán meastóireachtaí an údaráis inniúil nach bhfuil an t-innéacs ná na hinnéacsanna arna sholáthar nó arna soláthar ag an solathróir innéacsanna in úsáid go forleathan, lena n-áirítear aon sonraí margaidh, aon bhreithiúnas nó aon fhaisnéis eile, mar aon le faisnéis a bheidh faighte ón soláthróir innéacsanna.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóirí a athlonnaíonn as an Aontas chuig tríú tír le linn na hidirthréimhse. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA i gcomhréir le hAirteagal 35. Déanfaidh ESMA liosta de thagarmharcanna tríú tír nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír ina leith a tharraingt suas.
Airteagal 52
Sprioc-am chun nuashonrú ar dhéanamh ar eolairí agus ar phríomhdhoiciméid faisnéise
Tá Airteagal 29(2) gan dochar d'aon eolairí reatha atá formheasta faoi Threoir 2003/71/CE roimh an 1 Eanáir 2018. Maidir le heolairí a bheidh formheasta roimh an 1 Eanáir 2018 faoi Threoir 2009/65/CE, déanfar na doiciméid fholuiteacha a nuashonrú ar an gcéad deis a bheidh ann chun sin a dhéanamh, nó ar a dhéanaí laistigh de 12 mhí tar éis an data sin.
Airteagal 53
Athbhreithnithe de chuid ÚEUM
Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig gach údarás inniúil a d’fhormhuinigh tagarmharc tríú tír, tuairim ina ndéanfar measúnú ar conas a a chuireann an t-údarás inniúil sin ceanglais ábhartha Airteagal 33 i bhfeidhm, agus ar cheanglais aon ghnímh tharmligthe ábhartha agus ar aon chaighdeán teicniúil ábhartha rialála nó cur chun feidhme bunaithe ar an Rialachán seo.
Airteagal 54
Athbhreithniú
Faoin 1 Eanáir 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an Rialachán seo, agus maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:
feidhmiú agus éifeachtacht na gcóras maidir le tagarmharcanna criticiúla, riarachán éigeantach agus rannchuidiú éigeantach faoi Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 23 agus an sainmhíniú ar thagarmharc criticiúil i bpointe (25) d'Airteagal 3(1);
éifeachtacht chóras údarú, chlárú agus mhaoirsiú na riarthóirí faoi Theideal VI agus na gcoláistí faoi Airteagal 46 agus a oiriúnaí atá an mhaoirseacht ar thagarmharcanna áirithe ag comhlacht de chuid an Aontais;
feidhmiú agus éifeachtacht Airteagal 19(2), go háirithe raon feidhme a chur i bhfeidhm.
Airteagal 55
Fógra i dtaobh tagarmharcanna tagartha agus a riarthóirí
Nuair a bhíonn tagarmharc tagartha in ionstraim airgeadais atá cuimsithe le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh ar áireamh sna fógraí faoi Airteagal 4(1) den Rialachán sin ainm an tagarmhairc tagartha agus ainm a riarthóra.
Airteagal 56
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 596/2014 mar a leanas:
Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
An oibleagáid fógartha dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aici maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais atá nasctha le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina gcomhlíontar, tráth an idirbhirt, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de na sócmhainní arna sealbhú ag an ngnóthas comhinfheistíochta;
go soláthraíonn an ionstraim airgeadais neamhchosaint ar phunann sócmhainní ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de shócmhainní na punainne;
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn sí neamhchosaint ar phunann sócmhainní agus nach feasach don duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó do dhuine atá i ndlúthchomhlachas le duine den sórt sin, agus nach bhféadfadh sé go mbeadh fios acu, cad é comhdhéanamh nó neamhchosaint infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta sin nó na punainne sócmhainní a mhéid a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora, agus thairis sin nach bhfuil aon chúis ann chun go gcreidfeadh an duine sin go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora níos airde ná na tairseacha i bpointe (a) nó i bpointe (b).
Má tá faisnéis maidir le comhdhéanamh infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta nó maidir le neamhchosaint na punainne sócmhainní ar fáil, ansin déanfaidh an duine ar a bhfuil an fhreagracht bhainistíochta nó duine atá i ndlúthchomhlachas leis an duine sin gach dícheall réasúnach an fhaisnéis sin a fháil iad féin.”;
i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:
“Chun críocha phointe (b), idirbhearta a fhorghníomhaítear i scaireanna nó in ionstraimí fiachais de chuid eisitheora nó i ndíorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo ag bainisteoirí gnóthais comhinfheistíochta ina bhfuil infheistiú déanta ag an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ag duine atá i ndlúthchomhlachas leis, ní gá iad a fhógairt sa chás ina bhfuil bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta ag feidhmiú dá lánrogha agus gur rud é sin a fhágann nach bhfuil an bainisteoir ag fáil aon teagaisc ná moltaí, go díreach nó go hindíreach ó infheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta sin, i dtaobh chomhdhéanamh na punainne.”.
Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
i mír (2) agus i mír (3), cuirtear “, in Airteagal 19(13) agus (14) agus in Airteagal 38” in ionad an fhrása “agus in Airteagal 19(13) agus (14)”;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):
In Airteagal 38, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach leis:
“Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal na dtairseacha a leagtar amach in Airteagal 19(1a)(a) agus (b) i dtaca le hidirbhearta bainisteoirí i gcás ina bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ina gcuid de ghnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn siad neamhchosaint ar phunann sócmhainní, d'fhonn a mheasúnú an bhfuil an leibhéal sin iomchuí nó ar cheart é a choigeartú.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena gcoigeartaítear na tairseacha in Airteagal 19(1a)(a) agus (b), má chinneann sé sa tuarascáil sin gur cheart na tairseacha sin choigeartú.”.
Airteagal 57
Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE
Leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:
In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:
“I gcás ina ndéanann an comhaontú creidmheasa tagairt do thagarmharc faoi mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), déanfaidh an creidiúnóir, nó i gcás inarb infheidhme, an t-idirmheánaí creidmheasa, ainm an tagarmhairc agus a riarthóra mar aon leis na himpleachtaí féideartha ar an tomhaltóir a sholáthar don tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh, a fhéadfar a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an bhfoirm don Fhaisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.
In Airteagal 27(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:
“Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun Airteagal 5(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”.
Airteagal 58
Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE
Leasaítear Treoir 2014/17/AE mar a leanas:
Sa dara fomhír d'Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(ea) i gás ina bhfuil conarthaí a dhéanann tagairt do thagarmharc faoi mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ) ar fáil, ainmneacha na dtagarmharcanna agus a riarthóirí mar aon leis na himpleachtaí féideartha ar an tomhaltóir;
In Airteagal 42(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:
“Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”;
In Airteagal 43(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
“Ní bheidh feidhm ag pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) maidir le comhaontuithe creidmheasa a bhí ann roimh an 1 Iúil 2018.”.
Airteagal 59
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.
In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3(2), 5(5), 11(5), 13(3), 15(6), 16(5), Airteagal 20 (cé is moite de phointe (b) d'fhomhír (6)), Airteagal 21 agus Airteagal 23, Airteagail 25(8), 25(9), 26(5), 27(3), 30(5), 32(9), 33(7), 34(8), Airteagal 46, agus Airteagal 47(3) agus Airteagal 51(6) amhail ón 30 Meitheamh 2016.
In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 56 amhail ón 3 Iúil 2016.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
TAGARMHARCANNA RÁTA ÚIS
Sonraí cruinne agus leordhóthanacha
1. Chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 11(1), is é a bheidh go ginearálta i dtosaíocht úsáide na sonraí ionchuir an méid seo a leanas:
idirbhearta rannchuiditheora sa bhunmhargadh a fhéachann na tagarmharc a thomhas nó, mura leor sin, a chuid idirbheart sna margaí gaolmhara, amhail:
breathnóireachtaí rannchuiditheora ar idirbhearta tríú páirtí sna margaí a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (a);
luachana geallta;
luachana táscacha nó breithiúnais saineolaí.
2. Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(4), féadfar sonraí ionchuir a choigeartú.
Féadfar, go háirithe, sonraí ionchuir a choigeartú trí na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm:
gaireacht na n-idirbheart do thráth sholáthar na sonraí ionchuir agus tionchar aon teagmhais mhargaidh idir tráth na n-idirbheart agus tráth sholáthar na sonraí ionchuir;
idirshuíomh nó eachtarshuíomh ó shonraí idirbheart; agus
coigeartuithe chun athruithe ar acmhainneacht creidmheasa na rannchuiditheoirí agus na rannpháirtithe eile sa mhargadh a léiriú.
Feidhm formhaoirseachta
3. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas in ionad cheanglais Airteagal 5(4) agus (5).
beidh coiste formhaoirseachta neamhspleách ag riarthóir tagarmhairc ráta úis. Cuirfear mionsonraí bhallraíocht an choiste sin ar fáil go poiblí, mar aon le haon dearbhuithe maidir le haon choinbhleacht leasa agus na próisis a bhaineann lena chomhaltaí a thoghadh nó a ainmniú;
beidh cruinniú amháin, ar a laghad, ag an gcoiste formhaoirseachta gach ceithre mhí agus coimeádfar miontuairiscí ar gach cruinniú den sórt sin;
feidhmeoidh coiste formhaoirseachta riarthóra tagarmhairc rátaí úis le hionracas agus beidh ag an gcoiste na freagrachtaí uile dá bhforáiltear in Airteagal 5(3).
Iniúchóireacht
4. Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc ráta úis iniúchóir seachtrach neamhspleách chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le modheolaíocht an tagarmhairc agus leis an Rialachán seo. Déanfar an iniúchadh seachtrach ar an riarthóir don chéad uair 6 mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.
Féadfaidh an coiste formhaoirseachta a éileamh go ndéanfar iniúchadh seachtrach ar rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis mura bhfuil sé sásta le haon ghné dá iompar.
Córais agus rialuithe rannchuiditheoirí
5. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le gach rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(5).
6. Tabharfaidh aighnitheoir gach rannchuiditheora agus bainisteoirí díreacha an aighnitheora sin dearbhú i scríbhinn go bhfuil an cód iompair léite acu agus go mbeidh an cód iompair sin á chomhlíonadh acu.
7. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh i gcórais agus rialuithe de chuid rannchuiditheora:
achoimre ar na freagrachtaí a bhaineann le gach gnólacht, lena n-áirítear línte inmheánacha tuairiscithe agus cuntasachta, lena n-áirítear an áit a bhfuil na haighnitheoirí agus na bainisteoirí lonnaithe agus ainmneacha na ndaoine agus na malartach ábhartha;
nósanna imeachta inmheánacha chun síniú a fháil i ndáil le rannchuidithe sonraí ionchuir;
nósanna imeachta araíonachta i ndáil le hiarrachtaí cúblála, nó mainneachtain tuairisciú a dhéanamh, nó cúbláil iarbhír nó iarracht ar chúbláil i measc páirtithe lasmuigh den phróiseas rannchuidithe;
nósanna imeachta agus rialuithe cumarsáide éifeachtacha coinbhleachtaí leasa, i measc rannchuiditheoirí agus idir rannchuiditheoirí agus tríú páirtithe eile, chun aon tionchar míchuí seachtrach orthu siúd atá freagrach as soláthar rátaí a sheachaint. Beidh aighnitheoirí ag obair ag suímh atá scartha go fisiciúil ó thrádálaithe díorthach ráta úis;
nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise idir daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a mbaineann coinbhleacht leasa leo a chosc nó a rialú sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an malartú faisnéise sin ar na sonraí tagarmhairc a cuireadh ar fáil;
rialacha chun claonpháirteachas i measc rannchuiditheoirí, agus idir rannchuiditheoirí agus riarthóirí tagarmharcanna a sheachaint;
bearta chun aon duine a chosc, nó a theorannú, ó thionchar míchuí a chur i bhfeidhm ar an tslí a gcuireann na daoine atá páirteach i soláthar na sonraí ionchuir na gníomhaíochtaí sin i gcrích;
deireadh a chur le haon nasc díreach idir luach saothair na bhfostaithe a bhfuil baint acu le soláthar sonraí ionchuir agus luach saothair, nó ioncaim cruthaithe ag daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíocht eile, sa chás go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin;
rialuithe chun aon idirbheart aisiompaithe a tharlaíonn i ndiaidh sholáthar na sonraí ionchuir a aithint.
8. Coimeádfaidh rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis taifid mhionsonraithe ar na nithe seo a leanas:
gach gné ábhartha de rannchuidithe sonraí ionchuir;
an próiseas lena rialaítear cinneadh na sonraí ionchuir agus síniú a chur leis na sonraí ionchuir;
ainmneacha na n-aighnitheoirí agus a gcuid freagrachtaí;
aon chumarsáid idir na haighnitheoirí agus daoine eile, lena n-áirítear trádálaithe agus bróicéirí inmheánacha agus seachtracha, i ndáil le cinneadh nó le rannchuidiú sonraí ionchuir;
aon idirghníomhaíocht idir na haighnitheoirí agus an riarthóir nó aon ghníomhaire ríofa;
fiosrú ar bith a bhaineann leis na sonraí ionchuir agus an toradh a bheidh leis na fiosruithe sin;
tuarascálacha íogaireachta do leabhair thrádála babhtála ráta úis agus aon leabhar trádála díorthach eile ag a bhfuil neamhchosaint shuntasach ar shocruithe rátaí úis i ndáil le sonraí ionchuir;
9. Coimeádfar taifid i bhfoirm a chiallóidh go mbeidh an stóráil faisnéise inrochtana le haghaidh tagairt amach anseo agus gur ann do rian iniúchta doiciméadaithe.
10. Déanfaidh feidhm chomhlíonta an rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis aon torthaí, lena n-áirítear idirbhearta aisiompaithe, a thuairisciú don bhainistíocht ar bhonn rialta.
11. Beidh sonraí ionchuir agus nósanna imeachta faoi réir athbhreithnithe inmheánacha rialta.
12. Déanfar iniúchadh seachtrach ar shonraí ionchuir rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis, mar aon le comhlíonadh leis an gcód iompair agus le forálacha an Rialacháin seo don chéad uair sé mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.
IARSCRÍBHINN II
TAGARMHARCANNA TRÁCHTEARRAÍ
Modheolaíocht
1. Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí aon mhodheolaíocht a úsáideann an riarthóir chun tagarmharc a ríomh a fhoirmliú, a dhoiciméadú agus a phoibliú. Ar a laghad, beidh an méid seo a leanas i modheolaíocht den sórt sin agus tabharfar tuairisc inti orthu sin:
na critéir agus nósanna imeachta ar fad a úsáidtear chun an tagarmharc a fhorbairt, lena n-áirítear an chaoi a n-úsáideann an riarthóir sonraí ionchuir lena n-áirítear an líon sonrach, idirbhirt atá tuairiscithe agus tugtha i gcrích, tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola agus aon fhaisnéis mhargaidh eile le linn dó an tagarmharc a mheas nó tréimhsí ama nó ionú measúnaithe an tagarmhairc, cén fáth a n-úsáidtear aonad tagartha ar leith, cén chaoi a mbailíonn an riarthóir sonraí ionchuir den sórt sin, na treoirlínte lena rialaítear an chaoi a bhfeidhmíonn measúnóirí breithiúnas agus aon fhaisnéis eile, amhail toimhdí, samhlacha nó eachtarshuíomh ó shonraí a bailíodh agus a bhreithnítear le linn measúnú á dhéanamh;
nósanna imeachta agus cleachtais arb é is aidhm leo comhsheasmhacht a áirithiú idir a mheasúnóirí le linn dóibh a gcuid breithiúnais a fheidhmiú;
an tábhacht choibhneasta a ghabhfaidh le gach critéar a úsáidtear chun tagarmharcanna a ríomh, go háirithe cineál na sonraí ionchuir a úsáidtear agus an cineál critéir a úsáidtear chun breithiúnas a threorú d'fhonn cáilíocht agus sláine phróiseas ríofa an tagarmhairc a áirithiú;
critéir lena sainaithnítear íosmhéid na sonraí idirbhirt a theastaíonn chun tagarmharc áirithe a ríomh. Mura bhforáiltear do thairseach den sórt sin, míneofar na cúiseanna nach mbunaítear tairseach íosta, lena n-áirítear na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás nach bhfuil aon sonraí idirbhirt ann a leagan amach;
critéir lena dtugtar aghaidh ar na tréimhsí measúnaithe ina bhfuil na sonraí a chuirtear isteach faoi bhun thairseach molta na modheolaíochta i dtaobh sonraí idirbhirt nó faoi bhun chaighdeáin cháilíochta riachtanacha an riarthóra, lena n-áirítear aon mhodhanna malartacha measúnaithe lena n-áirítear samhlacha meastacháin teoiriciúla. Míneofar sna critéir sin na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás nach bhfuil sonraí idirbhirt ann;
critéir maidir le tráthúlacht na sonraí idirbhirt a chuirtear ar fáil agus na modhanna chun na sonraí idirbhirt sin a chur ar fáil cibé acu go leictreonach, ar an teileafón nó ar shlí eile;
critéir agus nósanna imeachta lena dtugtar aghaidh ar thréimhsí measúnaithe ina gcuireann rannchuiditheoir amháin nó níos mó sonraí ionchuir isteach a chuimsíonn sciar suntasach d'iomlán na sonraí idirbhirt i gcomhair an tagarmhairc sin. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an riarthóir sainiú sna critéir sin agus sna nósanna imeachta sin ar cad is sciar suntasach ann i gcomhair gach tagarmhairc atá á ríomh;
critéir ar dá réir a fhéadfar sonraí idirbhirt a eisiamh ó ríomh tagarmhairc.
2. Foilseoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó cuirfidh sé ar fáil, príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach ceann de na tagarmharcanna tráchtearraí a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear.
3. I dteannta na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí tuairisc ar gach ceann den mhéid seo a leanas agus foilseoidh sé iad:
an réasúnaíocht is bun le glacadh le modheolaíocht áirithe, lena n-áirítear aon teicnící chun praghsanna a choigeartú agus bonn cirt leis na cúiseanna go bhfuil an tréimhse ama nó an t-ionú a nglactar le sonraí ionchuir laistigh de ina tháscaire iontaofa ar luachanna fisiciúla margaidh;
an nós imeachta chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar mhodheolaíocht ar leith agus í a fhaomhadh, lena n-áirítear minicíocht athbhreithnithe den sórt sin; agus
an nós imeachta chun athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar mhodheolaíocht ar leith, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun a áirithiú go nglacfar leis an modheolaíocht sa mhargadh trí dhul i gcomhairle le húsáideoirí maidir le hathruithe tábhachtacha ar a bpróisis ríofa tagarmharcanna.
Athruithe ar mhodheolaíocht
4. Glacfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí nósanna imeachta sainráite agus cuirfidh sé na nósanna imeachta sin agus an réasúnaíocht is bun le haon athrú ábhartha beartaithe ar a mhodheolaíocht ar fáil don phobal. Beidh na nósanna imeachta sin comhsheasmhach leis an gcuspóir foriomlán go gcaithfidh riarthóir sláine leanúnach a ríomhanna tagarmharcanna a áirithiú agus athruithe a chur chun feidhme ar mhaithe le dea-ord an mhargaidh áirithe a mbaineann na hathruithe sin leis. Forálfaidh na nósanna imeachta sin don mhéid seo a leanas:
fógra roimh ré i gcreat ama soiléir trína dtugtar deis leordhóthanach d'úsáideoirí anailís agus trácht a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe, ag féachaint do ríomh an riarthóra ar na himthosca foriomlána;
socruithe chun gur féidir nótaí tráchta úsáideoirí, agus freagairt an riarthóra do na nótaí tráchta sin, a bheith inrochtana ag gach úsáideoir margaidh tar éis aon tréimhse comhairliúcháin ar leith, ach amháin i gcás ina bhfuil an tráchtaire tar éis a iarraidh go gcoimeádfar faoi rún iad.
5. Scrúdóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí a mhodheolaíochtaí go tráthrialta chun a áirithiú gur léiriú iontaofa iad ar an margadh fisiceach atá á mheasúnú agus beidh ar áireamh iontu próiseas chun tuairimí na n-úsáideoirí ábhartha a chur san áireamh.
Cáilíocht agus sláine na ríomhanna tagarmhairc
6. Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:
na critéir a shonrú lena sainítear an tráchtearra fisiciúil atá mar ábhar i modheolaíocht áirithe;
tosaíocht a thabhairt do shonraí ionchuir san ord seo a leanas, nuair atá sé sin ag teacht lena chuid modheolaíochtaí:
idirbhearta atá curtha i gcrích agus tuairiscithe;
tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola;
faisnéis eile.
Mura dtugtar tosaíocht d'idirbhearta atá curtha i gcrích agus tuairiscithe, ba cheart na cúiseanna nach dtugtar a mhíniú, mar a éillítear i bpointe 7(b).
úsáid a bhaint as bearta leordhóthanacha arb é is aidhm leo úsáid a bhaint as sonraí ionchuir a chuirtear isteach agus a bhreithnítear nuair atá tagarmharc a ríomh, ar sonraí bona fide iad, rud a chiallaíonn go bhfuil na páirtithe a bhfuil na sonraí ionchair á gcur isteach acu tar éis, nó sásta idirbhearta a fhorghníomhú óna ngintear sonraí ionchuir den sórt sin agus go ndearnadh na hidirbhearta sin atá tugtha i gcrích ar neamhthuilleamaí agus tabharfar aird ar leith ar idirbhearta idir cleamhnaithe;
nósanna imeachta a bhunú agus a úsáid chun sonraí idirbhirt aimhrialta nó amhrasacha a shainaithint agus coinneofar taifid ar chinntí sonraí idirbhirt a eisiamh ó phróiseas ríofa tagarmharcanna an riarthóra;
rannchuiditheoirí a spreagadh chun a sonraí ionchuir ar fad a thagann faoi réim chritéir an riarthóra don ríomh sin a chur isteach. Féachfaidh riarthóirí, a mhéid is féidir leo agus a mhéid is réasúnta, chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir a chuirtear isteach ionadaíoch do na hidirbhearta atá curtha i gcrích go hiarbhír ag na rannchuiditheoirí; agus
córas a úsáid ina bhfuil bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh rannchuiditheoirí caighdeáin cháilíochta agus sláine infheidhme an riarthóra maidir le sonraí ionchuir.
7. Foilseoidh agus tuairisceoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí le haghaidh gach ríofa, a mhéid is féidir le réasún gan dochar a dhéanamh d'fhoilsiú cuí an tagarmhairc:
míniú beacht, ar leor é chun a éascú do shíntiúsóir nó údarás inniúil tagarmhairc an chaoi ar forbraíodh an ríomh a thuiscint, lena n-áirítear, ar a laghad, méid agus leachtacht an mhargaidh fhisiciúil atá á mheasúnú (amhail méid agus líon na n-idirbheart a cuireadh isteach), raon na líonta agus an meánlíon agus raon na bpraghsanna agus an meánphraghas, agus céatadáin tháscacha de gach cineál sonraí ionchuir a breithníodh le linn tagarmharc a ríomh; áireofar téarmaí a thagraíonn don mhodheolaíocht praghsála amhail bunaithe ar idirbhearta, bunaithe ar raon nó idirshuite nó eachtarshuite; agus
míniú beacht ar an méid a úsáideadh aon bhreithiúnas agus ar an mbonn ar a ndearnadh aon bhreithiúnas in aon ríomh, lena n-áirítear sonraí a eisiamh a bhí ar shlí eile i gcomhréir le riachtanais na modheolaíochta ábhartha i leith an ríofa sin, praghsanna a bhunú ar raonta nó ar idirshuíomh, eachtarshuíomh, nó tairiscintí ceannaigh nó tairiscintí díola a ualú ar leibhéal níos airde ná na hidirbhearta atá tugtha i gcrích, más ann dóibh.
Sláine an phróisis tuairiscithe
8. Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:
na critéir a shonrú lena sainítear na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a chur faoi bhráid an riarthóra;
nósanna imeachta rialaithe cáilíochta a bheith i bhfeidhm aige chun meastóireacht a dhéanamh ar chéannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheora a thuairiscíonn sonraí ionchuir agus ar údarú aighnitheora den sórt sin chun sonraí ionchuir a thuairisciú thar ceann rannchuiditheora;
na critéir a shonrú is infheidhme maidir le fostaithe rannchuiditheora a bhfuil cead acu sonraí ionchuir a chur faoi bhráid riarthóra thar ceann rannchuiditheora; rannpháirtithe a spreagadh chun sonraí ionchuir a sheoladh isteach ó fheidhmeanna cúloifige agus sonraí comhthacaíochta a lorg ó fhoinsí eile i gcás ina bhfaightear sonraí idirbhirt go díreach ó thrádálaí; agus
rialuithe inmheánacha agus nósanna imeachta i scríbhinn a chur chun feidhme chun cumarsáid idir rannchuiditheoirí agus measúnóirí a shainaithint lena ndéantar iarracht tionchar a imirt ar ríomh chun leasa suíomh trádála ar bith (cibé acu suíomh an rannchuiditheora, a fhostaithe nó tríú páirtí ar bith), lena ndéantar iarracht chun go sáróidh measúnóir rialacha nó treoirlínte riarthóra nó chun rannchuiditheoirí a chuireann sonraí idirbhirt aimhrialta nó amhrasta isteach go rialta a shainaithint. Áireofar sna nósanna imeachta sin, a mhéid is féidir, socrú ionas go mbeidh an riarthóir in ann fiosrúchán laistigh de chuideachta an rannchuiditheora a mhéadú. Áireofar ar na rialuithe táscairí margaidh a chros-seiceáil chun faisnéis a cuireadh isteach a dheimhniú.
Measúnóirí
9. I dtaca le ról an mheasúnóra, déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí an méid seo a leanas:
rialacha agus treoirlínte inmheánacha sainráite a ghlacadh agus a bheith i bhfeidhm aige chun measúnóirí a roghnú, lena n-áirítear an leibhéal íosta oiliúna, taithí agus scileanna a bheidh acu, chomh maith leis an bpróiseas chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a n-inniúlacht;
comhshocruithe a bheith i bhfeidhm aige chun a áirithiú gur féidir na ríomhanna a dhéanamh ar bhonn comhleanúnach agus rialta;
leanúnachas agus pleanáil comharbais a choinneáil ar bun i leith a mheasúnóirí chun a áirithiú go ndéantar ríomhanna ar bhonn comhsheasmhach agus go ndéanann fostaithe a bhfuil na leibhéil ábhartha saineolais iad; agus
nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh a bhunú chun sláine agus iontaofacht ríomhanna a áirithiú. Ar a laghad, ceanglófar leis na rialuithe inmheánacha agus na nósanna sin maoirsiú leanúnach a dhéanamh ar mheasúnóirí chun a áirithiú gur cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm i gceart agus nósanna imeachta maidir le síniú inmheánach ag maoirseoir sula ndéantar praghsanna a scaoileadh chun iad a scaipeadh ar an margadh.
Rianta iniúchta
10. Beidh nósanna imeachta agus rialacha i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun faisnéis ábhartha chomhaimseartha a dhoiciméadú, lena n-áirítear:
na sonraí ionchuir ar fad;
na breithiúnais a dhéanann measúnóirí chun teacht ar gach ríomh tagarmhairc;
an ndearnadh idirbheart áirithe a eisiamh ó ríomh, idirbheart a bhí ar shlí eile i gcomhréir le riachtanais na modheolaíochta ábhartha don ríomh sin, agus an réasúnaíocht ba bhun leis sin a dhéanamh;
céannacht gach measúnóra agus aon duine eile a chuir aon chuid den fhaisnéis i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) isteach nó a ghin ar shlí eile í.
11. Beidh rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun a áirithiú go gcoimeádfar rian iniúchóireachta d'fhaisnéis ábhartha ar feadh cúig bliana ar a laghad chun an chaoi ar cuireadh a ríomhanna le chéile a dhoiciméadú.
Coinbhleachtaí leasa
12. Bunóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí beartais agus nósanna imeachta leormhaithe do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint aon choinbhleachta leasa agus do shláine agus neamhspleáchas na ríomhanna a chosaint. Déanfar na beartais agus na nósanna imeachta sin a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta agus i ndáil leo sin:
áiritheofar nach mbeidh tionchar ag caidreamh nó leas gnó tráchtála nó pearsanta, reatha nó féideartha, idir an riarthóir nó a chleamhnaithe, a phearsanra, a chliaint, aon rannpháirtí sa mhargadh nó daoine a bhfuil baint acu leo ar ríomhanna tagarmharcanna;
áiritheofar nach gceadófar do leasanna pearsanta agus naisc ghnó phearsanra an riarthóra dochar a dhéanamh d'fheidhmeanna an riarthóra, lena n-áirítear fostaíocht lasmuigh, taisteal, agus glacadh le siamsaíocht, bronntanais agus fáilteachas a chuireann cliaint an riarthóra nó rannpháirtithe eile sa mhargadh tráchtearraí ar fáil;
áiritheofar, i leith coinbhleachtaí sainaitheanta, leithscaradh iomchuí feidhmeanna laistigh den riarthóir trí bhíthin maoirseachta, cúitimh, rochtain ar chórais agus sreafaí faisnéise;
cosnófar rúndacht na faisnéise a chuirtear faoi bhráid an riarthóra nó a tháirgeann an riarthóir, faoi réir oibleagáidí an riarthóra maidir le nochtadh;
cuirfear cosc ar bhainisteoirí, ar mheasúnóirí agus ar fhostaithe eile de chuid an riarthóra rannchuidiú le ríomh tagarmhairc trína bheith páirteach i dtairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó trádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh; agus
rachaidh siad i ngleic go héifeachtach le haon choinbhleacht leasa sainaitheanta a d'fhéadfadh a bheith ann idir soláthar tagarmhairc ag an riarthóir (lena n-áirítear na fostaithe ar fad a chomhlíonann freagrachtaí ríofa tagarmharcanna nó a ghlacann páirt iontu ar shlí eile), agus aon ghnó eile de chuid an riarthóra.
13. Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí iomchuí i bhfeidhm ina oibríochtaí gnó eile atá ceaptha an baol go ndéanfaidh coinbhleacht leasa difear do shláine na ríomhanna tagarmhairc a íoslaghdú.
14. Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh línte tuairiscithe lánscartha i bhfeidhm aige i measc a bhainisteoirí, a mheasúnóirí agus a fhostaithe eile agus ó na bainisteoirí chuig bainistíocht an riarthóra ar an leibhéal is sinsearaí agus chuig a bhord chun a áirithiú:
go gcuireann an riarthóir ceanglais an Rialacháin seo chun feidhme go cuí; agus
go bhfuil freagrachtaí sainithe go soiléir agus nach bhfuil siad i gcoinbhleacht lena chéile nó nach dtugtar le tuiscint go bhfuil siad i gcoinbhleacht lena chéile.
15. A luaithe a bheidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a eascraíonn as úinéireacht an riarthóra nochtfaidh sé dá úsáideoirí é.
Gearáin
16. Beidh i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí agus foilseoidh sé beartas láimhseála gearán ina leagtar amach nósanna imeachta maidir le taifid a fháil, a imscrúdú agus a choimeád a bhaineann le gearáin a dhéantar faoi phróiseas ríofa riarthóra. Áiritheofar le sásraí gearáin den sórt sin:
go bhféadfaidh síntiúsóirí an tagarmharc gearáin a chur isteach i dtaobh an bhfuil ríomh tagarmhairc sonrach ionadaíoch do luach margaidh, athruithe beartaithe ar an gcaoi a ríomhtar tagarmharcanna, an chaoi a gcuirtear modheolaíocht i bhfeidhm i ndáil le ríomh tagarmhairc sonrach agus cinntí eagarthóireachta eile i ndáil leis na próisis ríofa tagarmharcanna;
go mbeidh amchlár sprice i bhfeidhm maidir le gearáin a láimhseáil;
maidir le gearáin fhoirmiúla a dhéantar i gcoinne an riarthóra agus a phearsanra, go n-imscrúdóidh an riarthóir sin iad go tráthúil agus go cothrom;
go ndéanfar an fiosrú go neamhspleách ar aon phearsanra a bhféadfadh baint a bheith acu le hábhar an ghearáin;
go bhféachfaidh an riarthóir lena imscrúdú a chríochnú go pras;
go gcuirfidh an riarthóir an gearánach agus aon pháirtithe ábhartha eile ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe i scríbhinn agus laistigh de thréimhse réasúnta;
gur féidir, tráth nach déanaí ná sé mhí ón tráth a rinneadh an gearán bunaidh, dul ar iontaoibh tríú páirtí neamhspleách arna cheapadh ag an riarthóir, má tá gearánach míshásta leis an gcaoi ar láimhseáil an riarthóir ábhartha gearán nó le cinneadh an riarthóra sa chás; agus
go gcoimeádfar na doiciméid ar fad a bhaineann le gearán, lena n-áirítear na cinn sin a chuir an gearánach isteach chomh maith le taifead an riarthóra féin, ar feadh cúig bliana ar a laghad.
17. Réiteoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí díospóidí faoi chinntí praghsála laethúla, nach gearáin fhoirmiúla iad, faoi threoir a nósanna imeachta caighdeánacha iomchuí. Má athraítear an praghas mar thoradh ar ghearán, cuirfear sonraí maidir leis an athrú praghais sin in iúl don mhargadh a luaithe is féidir.
Iniúchóireacht sheachtrach
18. Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí iniúchóir seachtrach, neamhspleách ag a mbeidh an taithí iomchuí agus an acmhainneacht iomchuí chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le leis na critéir mhodheolaíochta atá sonraithe aige agus le ceanglais an Rialacháin seo. Déanfar iniúchóireachtaí go bliantúil agus foilseofar iad trí mhí tar éis an tráth a thabharfar iniúchóireacht chun críche agus déanfar iniúchóireachtaí eatramhacha breise de réir mar is iomchuí.
IARSCRÍBHINN III
Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras
An mhodheolaíocht le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE
Déanfaidh riarthóir ar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE aon mhodheolaíocht a úsáidtear chun an tagarmharc a ríomh a chur ar bhonn foirmiúil, a dhoiciméadú agus a chur ar fáil don phobal, agus an fháisnéis seo a leanas á tabhairt, agus é á áirithiú aige san am céanna go gcoinneofar fios gnó neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin cheirde) neamhnochta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ): faoi rún agus go gcosnófar iad:
liosta de phríomh-chomhchodanna an tagarmhairc;
gach critéar agus modh, lena n‐áirítear tosca roghnúcháin agus ualaithe, méadracht agus athróga a úsáidtear i modheolaíocht an tagarmhairc;
na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun go n‐eisiafar sócmhainní nó cuideachtaí a mbaineann leibhéal loirg carbóin nó leibhéal cúltaiscí breosla iontaise leo nach bhfuil oiriúnach le cur san áireamh sa tagarmharc;
na critéir chun an chonair dhícharbónaithe a chinneadh;
cineál agus foinse na sonraí a úsáidtear chun an chonair dhícharbónaithe a chinneadh do:
Astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 1, eadhon astaíochtaí arna nginiúint ó fhoinsí atá á rialú ag an gcuideachta a eisíonn sócmhainní foluiteacha;
Astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 2, eadhon astaíochtaí ó thomhaltas leictreachais nó gaile atá ceannaithe, nó ó fhoinsí eile fuinnimh a ghintear go réamhtheachtach ón gcuideachta a eisíonn sócmhainní foluiteacha;
Astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 3, eadhon na hastaíochtaí indíreacha go léir nach gcumhdaítear le pointí (i) agus (ii) a tharlaíonn i slabhra luacha na cuideachta a thuairiscíonn, lena n‐áirítear astaíochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon, go háirithe le haghaidh earnálacha a bhfuil mórthionchar acu ar an athrú aeráide agus ar a mhaolú;
an úsáidtear nó nach n‐úsáidtear sna sonraí na modhanna maidir le Lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochta mar a shainmhínítear iad i bpointí (a) agus (b) de phointe 2 de Mholadh 2013/179/AE ón gCoimisiún nó caighdeáin dhomhanda amhail an Tascfhórsa maidir le Nochtadh Airgeadais a bhaineann le Cúrsaí Aeráide, ar Tascfhórsa é de chuid an Bhoird Cobhsaíochta Airgeadais;
iomlán na n‐astaíochtaí carbóin sa phunann innéacs;
I gcás ina n‐úsáidtear máthairinnéacs chun Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE a chruthú, déanfar an earráid rianúcháin idir an Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE agus an máthairinnéacs a nochtadh.
I gcás ina n‐úsáidtear an máthairinnéacs chun Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE a chruthú, déanfar an cóimheas idir margadhluach na n‐urrús atá sa Tagarmharc Aistrithe Aeráide de chuid AE agus margadhluach na n‐urrús atá sa mháthairinnéacs a nochtadh.
An mhodheolaíocht le haghaidh Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras
Sa bhreis ar phointí (1)(a), (1)(b), agus (1)(c), sonróidh riarthóir ar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, an fhoirmle nó an ríomh a úsáidtear chun a chinneadh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na hastaíochtaí i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras, agus é áirthiú aige ag an am céanna go gcoinneofar fios gnó neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin ghnó) neamhnochta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 faoi rún agus go gcosnófar iad.
Athruithe ar an modheolaíocht
Glacfaidh riarthóirí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras nósanna imeachta chun athruithe ar a modheolaíocht a thabhairt isteach. Déanfaidh siad na nósanna imeachta sin a phoibliú, agus poibleoidh siad aon athruithe beartaithe ar a modheolaíocht agus ar an réasúnaíocht a bhaineann leis na hathruithe sin. Beidh na nósanna imeachta sin i gcomhréir leis an gcuspóir sáraitheach, go mbeidh na ríomhanna tagarmhairc comhsheasmhach le pointí (23a) agus (23b) d’Airteagal3(1). Forálfar sna nósanna imeachta sin don mhéid seo a leanas:
fógra roimh ré i gcreat ama soiléir trína dtugtar deis leordhóthanach d’úsáideoirí tagarmharcanna anailís agus trácht a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe, ag féachaint do ríomh na riarthóirí ar na himthosca foriomlána;
go bhféadfadh úsáideoirí tagarmharcanna nótaí tráchta a dhéanamh ar na hathruithe sin agus go ndéanfaidh na riarthóirí na nótaí tráchta sin a fhreagairt, agus go mbeadh na nótaí tráchta sin inrochtana tar éis aon tréimhse comhairliúcháin ar leith, ach amháin i gcás ina bhfuil an tráchtaire tar éis a iarraidh go gcoimeádfaí faoi rún iad.
Déanfaidh riarthóírí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a gcuid modheolaíochtaí a scrúdú go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, chun a áirithiú gur léiriú iontaofa iad a gcuid tagarmharcanna ar na cuspóirí sonraithe, agus beidh próiseas i bhfeidhm acu chun tuairimí na n‐úsáideoirí ábhartha go léir a fháil.
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
( 2 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
( 3 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
( 4 ) Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor gairme (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).
( 7 ) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
( 9 ) Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).
( 10 ) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).
( 12 ) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtuithe i dtaca le hinbhuanaitheacht i réimse na seirbhísí airgeadais... (IO L 317, 9.12.2019, lch.1).
( 13 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).
( 14 ) Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).
( 15 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n — aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 16 ) Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite bhanc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).
( 17 ) Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).
( 18 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
( *1 ) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).”.
( 19 ) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).”.
( 20 ) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1.).