02014R1286 — GA — 09.01.2024 — 004.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1286/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 352 9.12.2014, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2016/2340 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Nollaig 2016 |
L 354 |
35 |
23.12.2016 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1156 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 188 |
55 |
12.7.2019 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2021/2259 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Nollaig 2021 |
L 455 |
1 |
20.12.2021 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 |
L |
1 |
20.12.2023 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1286/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Samhain 2014
maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le formáid agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a tharraingeoidh monaróirí PRIIP suas agus rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar d'infheisteoirí miondíola d'fhonn a chur ar chumas infheisteoirí miondíola gnéithe agus na rioscaí sonracha PRIIP a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile.
Airteagal 2
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí seo a leanas:
táirgí árachais neamhshaoil arna liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/138/CE;
conarthaí árachais saoil nuair nach mbíonn na sochair faoin gconradh iníoctha ach amháin mar gheall ar bhás nó i gcás éagumais mar gheall ar ghortú, ar bhreoiteacht nó ar éiglíocht;
taiscí, ach amháin taiscí struchtúrtha arna sainmhíniú i bpointe (43) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
urrúis dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (g), pointe (i) agus pointe (j) d'Airteagal 1(2) de Threoir 2003/71/CE;
táirgí pinsin, ar táirgí iad a aithnítear faoin dlí náisiúnta mar tháirgí arb é is phríomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus é ar scor, agus a thugann teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;
scéimeanna pinsin ghairme a aithnítear go hoifigiúil faoi raon feidhme Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó Threoir 2009/138/CE;
táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin.
Airteagal 3
Airteagal 4
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe’ nó ‘PRIP’ infheistíocht, lena n-áirítear ionstraimí a eisíonn feithiclí sainchuspóireacha faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe (26) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, nó eintitis shainchuspóireacha urrúsaithe mar a shainmhínítear iad i bpointe (an) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), nuair, beag beann ar fhoirm dhlí na hinfheistíochta, a bheidh an tsuim a bheidh ais-iníoctha leis an infheisteoir miondíola faoi réir luaineachtaí toisc é a bheith neamhchosanta ar luachanna tagartha nó ar fheidhmíocht ceann amháin nó níos mó de na sócmhainní nach gceannaíonn an t-infheisteoir miondíola go díreach;
ciallaíonn ‘táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ táirge árachais a dhéanann luach aibíochta nó géilliúna a thairiscint agus an luach aibíochta nó géilliúna sin a bheith neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;
ciallaíonn ‘táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘PRIIP’ táirge a bhfuil ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas fíor ina leith:
is PRIP é;
is táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe é;
ciallaíonn ‘monaróir táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe’ nó ‘monaróir PRIIP’:
aon eintiteas a mhonaraíonn PRIIPanna;
aon eintiteas a dhéanann athruithe ar PRIIP atá ann cheana lena n-áirítear a phróifíl riosca agus luaíochta a athrú nó na costais a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa PRIIP ach gan a bheith teoranta dó sin amháin;
ciallaíonn ‘duine a dhíolann PRIIP’ duine a thairgeann conradh PRIIP d'infheisteoir miondíola nó a thugann i gcrích leis é;
ciallaíonn ‘infheisteoir miondíola’:
cliaint mhiondíola mar a shainítear i bpointe (11) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
custaiméar laistigh de chiall Threoir 2002/92/CE nuair nach gcáileofaí an custaiméar sin mar chliant gairmiúil de réir mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainítear i bpointe (m) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE;
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar na ceanglais a chuirtear faoin Rialachán seo ar mhonaróirí PRIIP agus ar dhaoine a dhíolann PRIIP nó a thugann comhairle i ndáil leis.
CAIBIDIL II
DOICIMÉAD FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ
ROINN I
An doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas
Airteagal 5
ROINN II
Foirm agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí
Airteagal 6
Déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas mar dhoiciméad gearr, a bheidh scríofa ar bhealach beacht agus a bheidh ar thrí thaobh ar a mhéad de leathanach A4 agus é clóite, agus inchomparáideacht á cur chun cinn ar an tslí sin. Beidh na nithe seo a leanas fíor ina leith:
cuirfear é i láthair agus beidh sé leagtha amach sa dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtar atá inléite ó thaobh méide de;
díreofar ann ar an bhfaisnéis bunriachtanach a theastaíonn ó infheisteoirí miondíola;
beidh an fhaisnéis léirithe go soiléir agus scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint, go háirithe, i bhfriotal soiléir, gonta agus sothuigthe.
Airteagal 7
Léireofar inneachar an bhundoiciméid faisnéise bunriachtanaí go cruinn agus i gceart san aistriúchán.
Airteagal 8
Cuirfear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i láthair sa sraith a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.
Beidh ráiteas míniúcháin go díreach faoin teideal den doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Is é a bheidh ann:
‘Sa doiciméad seo, tugtar duit faisnéis bhunriachtanach faoin táirge infheistíochta seo. Ní ábhar margaíochta atá anseo. Éilítear an fhaisnéis seo leis an dlí chun cabhrú leat cineál an táirge, na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais ionchasacha a bhaineann leis, a thuiscint agus chun cabhrú leat comparáid a dhéanamh idir an táirge seo agus táirgí eile’.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí:
ag tús an doiciméid, ainm an PRIIP, céannacht agus sonraí teagmhála an mhonaróra PRIIP, faisnéis faoi údarás inniúil an mhonaróra PRIIP agus dáta an doiciméid;
i gcás inarb infheidhme, foláireamh cuimsitheach a léifear mar a leanas: ‘Tá tú ar tí táirge nach bhfuil simplí a cheannach agus féadfaidh sé a bheith deacair an táirge a thuiscint.’;
faoi roinn dár teideal ‘Cad é an táirge seo?’, cineál an PRIIP agus a phríomhghnéithe, lena n-áirítear:
an cineál PRIIP;
a chuspóirí agus na modhanna chun iad a bhaint amach, go háirithe, cibé acu an mbaintear na cuspóirí amach trí neamhchosaint dhíreach nó neamhdhíreach ar na sócmhainní bunúsacha infheistíochta, lena n-áirítear cur síos ar na hionstraimí bunúsacha, nó luachanna tagartha, lena n-áirítear sonrú ar na margaí a ndéanann an PRIIP infheistíocht iontu, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, cuspóirí sonracha comhshaoil nó sóisialta ar ndíríonn an táirge, chomh maith leis an mbealach a gcinntear an toradh;
tuairisc ar an gcineál infheisteora miondíola a ndíreofar air agus margú á dhéanamh ar PRIIP, go háirithe i dtéarmaí an chumais caillteanas infheistíochta a sheasamh agus i dtéarmaí na físe infheistíochta;
i gcás ina dtairgtear sochair árachais leis an PRIIP, mionsonraí na sochar árachais sin, lena n-áirítear na cúinsí lena spreagfaí iad;
téarma an PRIIP, más eol sin;
faoi roinn dár teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d'fhéadfainn fáil mar thoradh orthu?’, cur síos gearr ar an bpróifíl riosca-luaíochta, ina mbeidh na gnéithe a leanas:
táscaire achomair riosca, a fhorlíontar agus míniú insinte faoin táscaire sin atá ag dul leis, na príomh-theorainneacha a bhaineann leis an táscaire agus míniú insinte faoi na rioscaí atá ábhartha go sonrach don PRIIP ach nach n-áirítear faoin táscaire achoimrithe riosca;
an t-uasmhéid den chaipiteal infheistithe a d'fhéadfaí cailliúint, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an méid a leanas:
cásanna cuí bunaithe ar fheidhmiú an táirge ar an margadh, agus na boinn tuisceana a úsáidtear chun iad a shamhlú;
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na coinníollacha maidir le torthaí d'infheisteoirí miondíola nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite;
ráiteas go bhféadfar le reachtaíocht chánach Bhallstát baile an infheisteora miondíola tionchar a imirt ar an íocaíocht iarbhír amach;
faoi roinn dar teideal ‘Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an mhonaróra PRIIP] in ann an íocaíocht a thabhairt?’, beidh cur síos gearr ar cibé acu an bhfuil an chailliúint ghaolmhar cumhdaithe le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear;
faoi roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’, tabharfar na costais a bhaineann le hinfheistíocht sa PRIIP, lena gcuimseofar costais dhíreacha agus neamhdhíreacha a bheidh le híoc ag an infheisteoir miondíola, lena n-áirítear costais aonuaire agus athfhillteacha, a chuirtear i láthair trí tháscairí achoimre ar na costais sin agus, ar mhaithe le hinchomparáideacht a áirithiú, iomlán na gcostas comhiomlán a léireofar i dtéarmaí airgeadaíocha agus céatadánacha, chun éifeachtaí iolraithe na gcostas iomlán ar an infheistíocht a léiriú;
Léireofar go soiléir sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí go gcuirfidh comhairleoirí, dáileoirí nó aon duine eile a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann an PRIIP faisnéis ar fáil ina dtugtar eolas faoi aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear thuas, ionas go mbeidh an infheisteoir miondíola in ann an éifeacht charnach a bhíonn ag na costais chomhiomlána sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint;
faoi roinn dar teideal ‘Cén fhad ar cheart dom é a choimeád agus an féidir liom mo chuid airgid a tharraingt siar go luath?’
nuair is infheidhme, an bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann maidir leis an PRIIP;
léiriú ar an tréimhse íosta sealbhaíochta a mholtar agus, nuair is infheidhme, a cheanglaítear;
an cumas aon dí-infheistiú a dhéanamh roimh aibíochta, agus na coinníollacha a ghabhfaidh leis sin, lena n-áirítear na táillí agus na pionóis uile is infheidhme, ag féachaint do phróifíl rioscaí agus torthaí an PRIIP agus don fhorbairt sa mhargadh ar a bhfuil sé dírithe;
faisnéis faoi na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith i gceist le scor ar airgead sula mbeidh deireadh leis an téarma nó leis an tréimhse sealbhaíochta a mholtar, amhail an chosaint chaipitil a chailliúint nó táillí teagmhasacha breise;
faoi roinn dar teideal ‘Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?’, beidh faisnéis faoin mbealach ina bhféadfaí le hinfheisteoir miondíola gearán a dhéanamh agus cé leis a bhféadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an táirge nó le hiompar an mhonaróra PRIIP nó le duine a thugann comhairle i ndáil leis an táirge nó a dhíolann an táirge;
faoi roinn dar teideal ‘Faisnéis ábhartha eile’, faisnéis achomair faoi aon doiciméid faisnéise bhreise atá le cur ar fáil don infheisteoir miondíola ag an gcéim réamhchonarthach agus/nó ag an gcéim iarchonarthach, ábhair mhargaíochta as an áireamh.
I gcomhar le Comhchoiste an Údaráis Eorpaigh Maoirseachta (‘Comhchoiste’) agus d'fhonn deimhniú go gcuirtear an tAirteagal seo chun feidhme ar bhonn comhsheasmhach, forbróidh ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na mionsonraí a bhaineann le cur i láthair agus ábhar na n-eilimintí faisnéise go léir dá dtagraítear i mír 3;
an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta dá dtagraítear i bpointí (d) (i) agus (iii) de mhír 3; agus
an mhodheolaíocht chun na costais a ríomh, lena n-áirítear sonrú na dtáscairí achoimre, dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3.
Agus na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla á bhforbairt, cuirfidh ÚMEanna na cineálacha áirithe PRIIPanna, na difríochtaí eatarthu agus na hacmhainní atá ag infheisteoirí miondíola san áireamh, chomh maith leis na gnéithe de PRIIPanna chun ligean don infheisteoir miondíola rogha a dhéanamh idir infheistíochtaí bunúsacha éagsúla nó idir roghanna eile dá bhforáiltear leis an táirge, lena n-áirítear cásanna inar féidir an rogha sin a dhéanamh ag pointí éagsúla ama, nó inar féidir an rogha a athrú amach anseo.
Cuirfidh ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin ►C1 faoin 31 Márta 2016 ◄ .
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 9
Aon chumarsáid margaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach a bhaineann leis an PRIIP, ní áireofar inti aon ráiteas a thagann salach ar an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí nó a bhaineann de thábhacht an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Cuirfear in iúl in aon chumarsáid margaíochta go bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar fáil agus tabharfar faisnéis faoi mar is féidir teacht air agus cá háit is féidir teacht air freisin, lena n-áirítear suíomh gréasáin an mhonaróra PRIIP.
Airteagal 10
I gcomhar leis an gComhchoiste agus d'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a dheimhniú, forbróidh ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na dálaí i leith athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí;
na dálaí nach mór an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu;
na dálaí sonracha nach mór faisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu nó nach mór an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a leasú fúthu i gcás ina gcuirtear an PRIIP ar fáil d'infheisteoirí miondíola go neamhleanúnach;
ná cúinsí faoinar gá infheisteoirí miondíola a chur ar an eolas maidir le haon athbhreithniú a dhéantar ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí i ndáil le PRIIP a cheannaigh siad chomh maith leis na modhanna lena mbeifear in ann na hinfheisteoirí miondíola a chur ar an eolas.
Cuirfidh ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 11
Airteagal 12
I gcás ina mbaineann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí le conradh árachais, is le sealbhóir polasaí an chonartha árachais amháin, agus ní le tairbhí an chonartha árachais, a bhaineann na hoibleagáidí atá ar ghnóthais árachais faoin Rialachán seo.
ROINN III
An doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar
Airteagal 13
De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir Airteagal 3(1), pointe (a) d'Airteagal 3(3) agus Airteagal 6 de Threoir 2002/65/CE, féadfaidh duine a dhíolann PRIIP an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar don infheisteoir miondíola, nuair a thabharfar an t-idirbheart chun críche gan aon mhoill mhíchuí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas ar fad:
socraíonn an t-infheisteoir miondíola, ar a thionscnamh féin, dul i dteagmháil leis an duine a dhíolann PRIIP agus an t-idirbheart a chur i gcrích trí mhodh cianchumarsáide;
ní féidir an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;
chuir an duine a bhfuil comhairle á tabhairt aige maidir leis an PRIIP nó a dhíolann an PRIIP sin in iúl don infheisteoir miondíola nach bhfuil sé indéanta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar agus luaigh sé go soiléir go bhféadfaidh an t-infheisteoir miondíola moill a chur ar an idirbheart chun go mbeidh sé in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fháil agus a léamh sula dtabharfar an idirbhirt chun críche;
comhaontaíonn an t-infheisteoir miondíola go bhfaighidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí gan aon mhoill mhíchuí tar éis dóibh an t-idirbheart a chur i gcrích, sa chaoi is nach gá moill a chur leis an idirbheart agus an doiciméad á lorg roimh ré.
Cuirfidh na ÚMEanna na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 14
Soláthróidh an duine a thugann comhairle i ndáil le PRIIP nó a bhfuil PRIIP á dhíol aige an doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir miondíola ar cheann de na meáin seo a leanas:
ar pháipéir, agus ba cheart gur sin a bheidh mar an rogha réamhshocraithe i gcás ina dtairgtear PRIIP ar bhonn duine le duine, mura n-iarrann an t-infheisteoir miondíola a mhalairt;
ar mheán marthanach eile nach páipéar é, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 4; nó
trí bhíthin suíomh gréasáin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 5.
Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar trí mheán marthanach eile a úsáid seachas páipéar má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is iomchuí an meán marthanach a úsáid i gcomhthéacs an ghnó arna dhéanamh idir an duine a thugann comhairle maidir le PRIIP nó a dhíolann é agus an t-infheisteoir miondíola; agus
tugadh rogha don infheisteoir miondíola faisnéis a fháil ar pháipéar nó tríd an meán marthanach, agus roghnaigh sé an meán eile sin ar bhealach arbh fhéidir fianaise a chur ar fáil ina leith.
Féadfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar trí bhíthin suíomh gréasáin nach dtagann faoin sainmhíniú ar mheán marthanach má chomhlíontar na coinníollacha go léir seo a leanas:
is iomchuí an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil trí bhíthin suíomh gréasáin i gcomhthéacs an ghnó arna sheoladh idir an duine a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann é agus an t-infheisteoir miondíola;
tugadh rogha don infheisteoir miondíola faisnéis a fháil ar pháipéar nó trí shuíomh gréasáin, agus roghnaigh sé trí bhíthin suíomh gréasáin ar bhealach arbh fhéidir fianaise a chur ar fáil ina leith;
cuireadh seoladh an tsuímh ghréasáin in iúl don infheisteoir miondíola go leictreonach nó i scríbhinn mar aon leis an áit ar an suíomh gréasáin inar féidir rochtain a fháil ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí;
tá an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar fáil go leanúnach ar an suíomh gréasáin sin agus gur féidir é a íoslódáil agus a stóráil ar mheán marthanach, go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá réasúnta ag an infheisteoir miondíola léi chun an fhaisnéis a léamh.
I gcás ina bhfuil leasuithe déanta ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhréir le hAirteagal 10, cuirfear iar-leaganacha ar fáil freisin arna iarraidh sin don infheisteoir miondíola;
CAIBIDIL III
FAIREACHÁN AR AN MARGADH AGUS CUMHACHTAÍ IDIRGHABHÁLA MAIDIR LE TÁIRGÍ
Airteagal 15
Airteagal 16
I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, féadfaidh ÚEÁPC, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar an méid a leanas san Aontas:
margú, dáileadh nó díol táirgí áirithe infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu; nó
cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais airgeadais a dhéanann gnóthas árachais nó athárachais.
Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEÁPC.
Ní ghlacfaidh ÚEÁPC cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
leis an ngníomhaíocht a bheartaítear, tugtar aghaidh ar ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhagairt d'fheidhmiú rianúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó do chuid de;
na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe ábhartha nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ní thugtar aghaidh ar an mbagairt leo;
ní dhearna údarás inniúil ná údaráis inniúla gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ní thugtar aghaidh go leordhóthanach, leis na gníomhaíochtaí a glacadh, ar an mbagairt sin.
I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEÁPC an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí.
Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEÁPC an méid a leanas faoin ngníomhaíocht:
ní bheidh éifeacht dhochrach aici ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, ar éifeacht í a bheadh díréireach le sochair na gníomhaíochta; nó
ní chruthófar riosca arbatráiste rialála léi.
I gcás go mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagail 17, féadfaidh ÚEÁPC aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 18 a eisiúint.
Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:
an méid castachta a bhaineann leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus an gaol leis an gcineál infheisteora a ndéanfar é a mhargú agus a dhíol dóibh;
méid nó luach barúlach an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe;
a nuálaí is atá an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, gníomhaíocht nó cleachtas; agus
an ghiaráil a chuirfear ar fáil le táirge nó le cleachtas.
Airteagal 17
Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar an méid a leanas ina Bhallstát sin nó óna Bhallstát:
margú, dáileadh nó díol táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu; nó
cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais airgeadais a dhéanann gnóthas árachais nó athárachais.
Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha, gur fíor an méid a leanas:
is ábhar mór imní ó thaobh cosanta infheisteoirí é táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó gníomhaíocht nó cleachtas, nó is bagairt é d'fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomláine laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;
leis na ceanglais rialála atá ann cheana faoi dhlí an Aontais arb infheidhme iad maidir leis an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas, ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus ní thabharfaí faoin tsaincheist ar bhealach níos fearr trí mhaoirseacht fheabhsaithe a dhéanamh nó trí na ceanglais atá ann cheana a fhorfheidhmiú;
tá an ghníomhaíocht comhréireach agus cineál na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, mar aon le leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a d'fhéadfadh an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;
tá an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfadh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus
níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.
I gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhargú nó a dhíol d'infheisteoirí. Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.
Ní fhorchuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcuirfidh sé fógra faoi na mionsonraí seo a leanas, i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, chuig gach údarás inniúil eile lena mbaineann agus chuig ÚEÁPC, tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an am a bheartófar go mbeidh éifeacht leis an mbeart:
an táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas, lena mbaineann an beart atá beartaithe;
cineál beacht an toirmisc nó an tsriain atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus
an fhianaise ar a bhunaigh sé a chinneadh agus ar deimhin leis dá réir go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha i mír 2.
Áireofar sna critéir agus sna tosca sin an méid a leanas:
a chasta atá táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus an gaol leis an gcineál infheisteora a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dó;
a nuálaí atá táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe, gníomhaíocht nó cleachtas;
an ghiaráil a chuirfear ar fáil le táirge nó le cleachtas;
maidir le feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais, méid nó luach barúlach táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe.
Airteagal 18
CAIBIDIL IV
GEARÁIN, SÁSAMH, COMHAR AGUS MAOIRSEACHT
Airteagal 19
Bunóidh an monaróir PRIIP agus an duine a thugann comhairle maidir leis an PRIIP nó a dhíolann é nósanna imeachta agus socruithe iomchuí lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:
beidh bealach éifeachtach ag infheisteoirí miondíola chun gearán a chur isteach i gcoinne an mhonaróra PRIIP;
infheisteoirí miondíola a chuir gearán isteach maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí, gheobhaidh siad freagra substainteach ar mhodh tráthúil agus cuí; agus
beidh nósanna imeachta éifeachtúla ar fáil freisin d'infheisteoirí miondíola i gcás go dtarlaíonn réiteach díospóidí trasteorann, go háirithe i gcás go bhfuil an monaróir PRIIP lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír.
Airteagal 20
Airteagal 21
CAIBIDIL V
PIONÓIS RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE
Airteagal 22
Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha le haghaidh smachtbhannaí riaracháin dá dtagarítear sá chéad fhomhír a leagan síos i gcomhréir le mír 1 maidir le sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
Faoin 31 Nollaig 2016 cuirfidh na Ballstáit na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl don Choimisiún agus donChomhchoiste. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus don Chomhchoiste, gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin ar na rialacha sin.
Airteagal 23
Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcuid cumhachtaí i ndáil le smachtbhannaí a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta ar cheann ar bith de na bealaí seo:
go díreach;
i gcomhar le húdaráis eile;
trína bhfhreagracht a tharmligean d'údaráis den chineál sin;
trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
Airteagal 24
Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na smachtbhannaí riaracháin agus bearta seo a leanas ar a laghad a fhorchur:
ordú lena dtoirmeasctar margú PRIIP;
ordú lena bhfionraítear margú PRIIP;
rabhadh poiblí lena gcuirtear an duine atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;
ordú lena dtoirmeasctar doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal 6, 7, 8 nó 10 leis, ar ordú é lena gceanglaítear go bhfoilseofar leagan nua de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí;
fíneálacha riaracháin arb ionann iad agus ar a laghad:
i gcás eintitis dhlítheanaigh:
i gcás duine nádúrtha:
Nuair is mátharghnóthas nó fochuideachta an mhátharghnóthas atá san eintiteas dlítheanach ar gá dó ráitis chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim a bheidh sa láimhdeachas ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is ábhartha i ndáil le cuntasaíocht, de réir na ráiteas comhdhlúite airgeadais is deireanaí atá ar fáil agus sin formheasta ag comhlacht bainistíochta an mhátharghnóthais deiridh;
Airteagal 25
Nuair is iomchuí é, cuirfidh na húdaráis inniúla smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2) i bhfeidhm agus na himthosca ábhartha go léir á gcur san áireamh acu, lena n-áirítear:
tromchúis agus fad an tsáraithe;
méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
iompar comhoibritheach an duine atá freagrach as an sárú;
aon sárú roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú, i ndiaidh an tsáruithe, chun athdhéanamh an tsáruithe a chosc.
Airteagal 26
Beidh cinntí smachtbhannaí a fhorchur agus bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo faoi réir cirt achomhairc.
Airteagal 27
Airteagal 28
Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:
nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe iarbhír nó féideartha agus maidir lena leanúint;
cosaint chuí ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir neamhchothrom, ar a laghad, do fhostaithe a fhograíonn sáruithe a tharlaíonn laistigh de chuideachta a bhfostóirí;
cosaint a thabhairt do chéannacht an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha a líomhnaítear go bhfuil sé freagrach as an sárú agus an chosaint a thabhairt le linn gach céim den nós imeachta ach amháin más gá sin a nochtadh faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúdú sa bhreis nó nósanna imeachta breithiúnacha a oscailt ina dhiaidh sin.
Airteagal 29
Áireofar sa foilsiú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
cineál agus nádúr an tsáraithe;
céannacht na ndaoine atá freagrach.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena gcuirtear chun feidhme bearta de nádúr imscrúdaitheach.
Nuair a mheasann t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanacha nó chéannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha míréireach, ámh, agus sin mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin nó nuair a chuirfeadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:
cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh chun smachtbhanna nó beart a ghearradh go dtí go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;
foilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a ghearradh gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má dheimhnítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó
ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo chun an méid a leanas a áirithiú:
nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin i ndáil le bearta a meastar ar mionbhearta iad.
Má dhéantar cinneadh beart nó smachtbhanna den chineál sin a fhoilsiú gan ainm féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnaí má fhéachtar leis go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm.
Airteagal 29a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an mhonaróra PRIIP lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an mhonaróra PRIIP, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
i gcás daoine dlítheanacha, méid an mhonaróra PRIIP de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an mhonaróra PRIIP lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an mhonaróra PRIIP, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1, a áirithiú, forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚMEnna measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh siad tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA DEIRIDH
Airteagal 30
Airteagal 31
I gcás ina nglacann an Coimisiún caighdeáin theicniúla rialála de bhun Airteagal 8(5), Airteagal 10(2) nó Airteagal 13(5) atá mar an gcéanna leis na caighdeáin theicniúla rialála arna dtíolacadh ag ÚMEanna, agus maidir le hagóid a dhéanamh i gcoinne na gcaighdeán teicniúla rialála sin, is dhá mhí ó dháta an fhógra a bheidh sa tréimhse a bheidh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an Comhairle de mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus chun castacht agus méid na saincheisteanna a chumhdaítear ann a chur san áireamh. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle féadfar síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin.
Airteagal 32
Airteagal 33
Maidir le GCUIeanna mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE, déanfar a mheasúnú san athbhreithniú an bhfuil síneadh le cur leis na socruithe eatramhacha faoi Airteagal 32 den Rialachán seo nó, tar éis aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh, an féidir na forálacha maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir i dTreoir 2009/65/CE a athrú nó an féidir a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí faoin Rialachán seo. Mar chuid den athbhreithniú seo, déanfar measúnú ar aon síneadh a d'fhéadfaí tabhairt do raon feidhme an Rialacháin seo le haghaidh táirgí airgeadais eile agus déanfar measúnú ar cheart cloí leis an díolúine atá ag táirgí áirithe ó raon feidhme an Rialacháin seo i bhfianaise na gcaighdeán téagartha i ndáil le cosaint tomhaltóirí lena n-áirítear comparáid a dhéanamh idir tháirgí airgeadais. Mar chuid den athbhreithniú, deanfar measúnú freisin ar a iomchuí a bheidh sé rialacha coitianta a thabhairt isteach maidir leis an ngá go bhforchuirfeadh gach Ballstát smachtbhannaí riaracháin i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo.
Le linn dó a mheasúnú a dhéanamh, áiritheoidh an Coimisiún nach laghdófar le bearta den sórt sin caighdeáin um nochtadh i mBallstáit ag a bhfuil córais um nochtadh acu cheana le haghaidh táirgí pinsin den sórt sin.
Sa chás ina bhfionntar sa suirbhé nach ann do na háireamháin sin nó nach gcuireann na háireamháin atá ann cheana ar chumas na n-infheisteoirí miondíola méid comhiomlán na gcostas agus na dtáillí a ghabhann le PRIIPanna a thuiscint, déanfaidh an Coimisiún measúnú, tríd an gComhchoiste, ar ÚMEanna, lena bhforbrófar dréachtchaighdeáin rialála theicniúla ina leagfar amach na sonraíochtaí is infheidhme maidir le háireamháin den chineál sin atá ar leibhéal Aontais.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme a sholáthar (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).
( 2 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
( 3 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 4 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).