02014R0600 — GA — 17.01.2025 — 009.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 600/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 173 12.6.2014, lch. 84)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2016/1033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 23 Meitheamh 2016

  L 175

1

30.6.2016

►M2

RIALACHÁN (AE) 2019/2033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 27 Samhain 2019

  L 314

1

5.12.2019

►M3

RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE  an 18 Nollaig 2019

  L 334

1

27.12.2019

 M4

RIALACHÁN (AE) 2021/23 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 16 Nollaig 2020

  L 22

1

22.1.2021

 M5

RIALACHÁN (AE) 2022/858 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 30 Bealtaine 2022

  L 151

1

2.6.2022

►M6

RIALACHÁN (AE) 2022/2554 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 14 Nollaig 2022

  L 333

1

27.12.2022

►M7

RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

  L 2869

1

20.12.2023

►M8

RIALACHÁN (AE) 2024/791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 28 Feabhra 2024

  L 791

1

8.3.2024

►M9

RIALACHÁN (AE) 2024/2809 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 23 Deireadh Fómhair 2024

  L 2809

1

14.11.2024


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 270, 15.10.2015, lch.  4 (600/2014)

►C2

Ceartúchán, IO L 278, 27.10.2017, lch.  1 (600/2014)

►C3

Ceartúchán, IO L 103, 23.4.2018, lch.  14 (600/2014)

►C4

Ceartúchán, IO L 020, 24.1.2020, lch.  26 (2019/2033)

 C5

Ceartúchán, IO L 405, 2.12.2020, lch.  79 (2019/2033)

►C6

Ceartúchán, IO L 131, 5.5.2022, lch.  21 (2019/2175)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 600/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  

Bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

sonraí trádála a nochtadh don phobal;

(b) 

idirbhearta a thuairisciú do na húdaráis inniúla;

(c) 

díorthaigh a thrádáil ar ionaid eagraithe;

(d) 

rochtain neamh-idirdhealaitheach ar imréiteach agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thrádáil i dtagarmharcanna;

(e) 

cumhachtaí na n-údarás inniúil, ÚEUM agus ÚBE i leith idirghabhála táirgí agus cumhachtaí ÚEUM maidir le rialuithe ar bhainistiú suímh agus le teorannú suímh;

(f) 

seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tír tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh;

▼M3

(g) 

soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus a mhaoirsiú.

▼B

2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta, atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE agus le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nuair atá seirbhís infheistíochta á soláthar acu agus/nó nuair atá gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu agus le hoibreoirí margaidh lena n-áirítear aon ionaid trádála ina n-oibríonn siad.

▼M8

3.  
Tá feidhm ag Teideal V den Rialachán seo freisin maidir leis na contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais uile atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

▼B

4.  
Tá feidhm ag Teideal VI den Rialachán seo maidir le CCPanna agus le daoine a bhfuil cearta dílseánaigh acu i leith tagarmharcanna.

▼M2

4a.  
Chomh maith leis sin, tá feidhm ag Caibidil 1 de Theideal VII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta laistigh den Aontas.

▼B

5.  
Tá feidhm ag Teideal VIII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, laistigh den Aontas tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh.

▼M1

5a.  
Ní bheidh feidhm ag Teideal II agus Teideal III den Rialachán seo maidir le hidirbhearta maoinithe urrús mar a shainítear iad i bpointe (11) d'Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

▼M8

5b.  
Oibreoidh na córais iltaobhacha uile i gcomhréir le forálacha Theideal II de Threoir 2014/65/AE maidir le MTFanna nó OTFanna, nó i gcomhréir le forálacha Theideal III den Treoir sin maidir le margaí rialáilte.

Oibreoidh inmheánaitheoirí córasacha i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo.

Gan dochar d’Airteagail 23 agus 28, na gnólachtaí infheistíochta uile a thugann idirbhearta in ionstraimí airgeadais i gcrích nach dtugtar i gcrích ar chórais iltaobhacha nó ar inmheánaitheoirí córasacha, comhlíonfaidh siad Airteagail 20 agus 21.

▼M8

6.  

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8, 8a, 8b, 10 agus 21 maidir le margaí rialáilte, oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta i leith idirbheart arna dhéanamh ag comhalta den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), i gcás inar thug an comhalta sin fógra roimh ré dá chontrapháirtí go bhfuil an t-idirbheart díolmhaithe, agus i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a) 

tá an comhalta de CEBC ina chomhalta den Eurochóras agus ag gníomhú dó faoi Chaibidil IV de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, cé is moite d’Airteagal 24 den Reacht sin;

(b) 

ní comhalta den Eurochóras é an comhalta de CEBC agus déantar an t-idirbheart i bhfeidhmiú beartais airgeadaíochta nó beartais malairte eachtraí, lena n-áirítear oibríochtaí a dhéantar chun cúltacaí eachtracha oifigiúla a shealbhú nó a bhainistiú, ar beartais iad a bhfuil sé de chumhacht dhlíthiúil ag an gcomhalta sin de CEBC iad a shaothrú; nó

(c) 

déantar an t-idirbheart i bhfeidhmiú beartais cobhsaíochta airgeadais a bhfuil sé de chumhacht dhlíthiúil ag an gcomhalta sin de CEBC é a shaothrú.

7.  
Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le hidirbhearta arna ndéanamh ag comhalta de CEBC nach bhfuil ina chomhalta den Eurochóras, i bhfeidhmiú a oibríochtaí infheistíochta.
8.  
Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta, malairte eachtraí agus cobhsaíochta airgeadais agus na cineálacha idirbheart a bhfuil feidhm ag míreanna 6 agus 7 maidir leo a mhéid a bhaineann le comhaltaí CEBC nach comhaltaí den Eurochóras iad.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2026.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

9.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun raon feidhme mhír 6 a leathnú chuig bainc cheannais eile.

Chuige sin, faoin 1 Meitheamh 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéantar measúnú ar dhéileáil na n-idirbheart ag bainc cheannais tríú tíortha lena n-áirítear chun críocha na míre seo an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh ar áireamh sa tuarascáil, anailís ar a gcúraimí reachtúla agus ar a méideanna trádála laistigh den Aontas. Déanfar sa tuarascáil:

(a) 

na forálacha is infheidhme sna tríú tíortha ábhartha a shainaithint a mhéid a bhaineann le hidirbhearta bainc ceannais a nochtadh ar bhonn rialála, lena n-áirítear idirbhearta a dhéanann comhaltaí de chuid CEBC sna tríú tíortha sin, agus

(b) 

measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na ceanglais sin maidir le nochtadh ar bhonn rialála laistigh den Aontas ar idirbhearta bainc ceannais tríú tír.

Más é conclúid na tuarascála go bhfuil gá leis an díolúine dá bhforáiltear i mír 6 i ndáil le hidirbhearta sa chás inar banc ceannais tríú tír atá ag gabháil d’oibríochtaí beartais airgeadaíochta, malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais é an contrapháirtí, forálfaidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag an díolúine sin maidir leis an mbanc ceannais tríú tír sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;

(2) 

ciallaíonn “seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta” seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE;

(3) 

ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha” seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(3) de Threoir 2014/65/AE;

(4) 

ciallaíonn “orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant” forghníomhú thar cheann cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(5) de Threoir 2014/65/AE;

(5) 

ciallaíonn “deileáil ar a chuntas féin” bheith ag deileáil ar a chuntas féin mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(6) de Threoir 2014/65/AE;

(6) 

ciallaíonn “cruthaitheoir margaidh” cruthaitheoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(7) de Threoir 2014/65/AE;

(7) 

ciallaíonn “cliant” cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(9) de Threoir 2014/65/AE;

(8) 

ciallaíonn “cliant gairmiúil” cliant gairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(10) de Threoir 2014/65/AE;

▼M8

(8a) 

ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (12) de Threoir 2014/65/AE;

▼B

(9) 

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE;

(10) 

ciallaíonn “oibreoir margaidh” oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(18) de Threoir 2014/65/AE;

▼M8

(11) 

ciallaíonn “córas iltaobhach” aon chóras nó saoráid ina bhfuil iliomad leasanna trádála ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú;

▼B

(12) 

ciallaíonn “inmheánaitheoir córasach” inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(20) de Threoir 2014/65/AE;

(13) 

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(21) de Threoir 2014/65/AE;

(14) 

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” nó “MTF” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(22) de Threoir 2014/65/AE;

(15) 

ciallaíonn “saoráid trádála eagraithe” nó “OTF” saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(23) de Threoir 2014/65/AE;

(16) 

ciallaíonn “ionad trádála” ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE;

▼M8

(16a) 

ciallaíonn “eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe” gnólacht infheistíochta atá freagrach as idirbhearta a phoibliú trí APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus Airteagal 21(1);

▼M8

(17) 

ciallaíonn “margadh leachtach”:

(a) 

chun críoch Airteagail 9, 11 agus 11a:

(i) 

maidir le bannaí, margadh ina bhfuil ceannaitheoirí agus díoltóirí atá réidh agus toilteanach ar bhonn leanúnach, i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir mhéid eisiúna an bhanna;

(ii) 

maidir le hionstraim airgeadais nó aicme d’ionstraim airgeadais seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i), margadh ina bhfuil ceannaitheoirí agus díoltóirí atá réidh agus toilteanach ar bhonn leanúnach, i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas, agus struchtúir shonracha mhargaidh na hionstraime airgeadais ar leith nó na haicme áirithe d’ionstraim airgeadais á gcur san áireamh:

— 
meánmhinicíocht agus meánmhéid na n-idirbheart trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus saolré na dtáirgí laistigh den aicme d’ionstraim airgeadais,
— 
líon agus cineál na rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear an coibhneas idir na rannpháirtithe sa mhargadh agus na hionstraimí airgeadais a thrádáiltear maidir le táirge ar leith,
— 
meánmhéid na raonta difríochta, nuair is ann dóibh,
— 
méid na heisiúna, i gcás inarb iomchuí;
(b) 

chun críoch Airteagail 4, 5 agus 14, margadh i gcomhair ionstraime airgeadais a thrádáiltear ar bhonn laethúil i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir na gcritéar seo a leanas:

(i) 

caipitliú margaidh na hionstraime airgeadais sin;

(ii) 

meánlíon laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais sin;

(iii) 

meánláimhdeachas laethúil na hionstraime airgeadais sin;

▼M3

(18) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus, i gcás údarú a fháil agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, ESMA cé is moite de na sásraí tuairiscithe formheasta (ARManna) agus na socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) siúd a bhfuil maolú acu i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

▼B

(19) 

ciallaíonn “insititiúid creidhmeasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(20) 

ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(30) de Threoir 2014/65/AE;

▼C3

(21) 

ciallaíonn “dlúthbhaint” dlúthbhaint mar a shainmhínítear 4(1)(35) de Threoir 2014/65/AE;

(22) 

ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(36) de Threoir 2014/65/AE;

▼M3

(22a) 

ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (37) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

▼C3

(23) 

ciallaíonn “taisce struchtúraithe” taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(43) de Threoir 2014/65/AE;

(24) 

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/65/AE;

▼B

(25) 

ciallaíonn “admhálacha taisclainne” admhálacha taisclainne mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(45) de Threoir 2014/65/AE;

(26) 

ciallaíonn “ciste arna thrádáil ar an malartán” nó “ETF” ciste arna thrádáil ar an malartán mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(46) de Threoir 2014/65/AE;

(27) 

ciallaíonn “deimhnithe” na hurrúis sin atá soshannta ar an margadh caipitil agus, i gcás aisíocaíochta ar infheistíocht ón eisiúnóir, atá rangaithe os cionn scaireanna ach faoi bhun ionstraimí bannaí neamhurraithe agus ionstraimí eile dá samhail;

(28) 

ciallaíonn “táirgí airgeadais struchtúraithe” na hurrúis sin a chruthaítear chun urrusú agus aistriú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa a bhaineann le comhthiomsú sócmhainní airgeadais a thugann teideal do shealbhóir an urrúis íocaíochtaí rialta a fháil a bhraitheann ar an sreabhadh airgid ó na bunsócmhainní;

(29) 

ciallaíonn “díorthaigh” na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn C (4) go (10) a ghabhann léi;

(30) 

ciallaíonn “díorthaigh tráchtearraí” na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ar ionstraimí iad a bhaineann le tráchtearra nó le bunionstraim dá dtagraítear i Roinn C(10) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó i bpointí (5), (6), (7) agus (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi

(31) 

ciallaíonn “CCP” CCP de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(32) 

ciallaíonn “díorthach arna thrádáil ar mhalartán” díorthach a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, agus nach dtagann faoin sainmhíniú ar dhíorthach thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

▼M8

(32a) 

ciallaíonn “díorthach thar an gcuntar” díorthach thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

▼B

(33) 

ciallaíonn “léiriú leasa inghníomhaithe” teachtaireacht ó chomhalta nó ó rannpháirtí amháin chuig comhalta nó rannpháirtí eile laistigh de chóras trádála maidir le leas trádála atá ar fáil ina bhfuil an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go bhféadfar comhaontú ar thrádáil;

▼M3

(34) 

ciallaíonn “socrú formheasta maidir le foilsiú” nó “APA” duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís foilsithe tuarascálacha trádála a sholáthar thar ceann gnólachtaí infheistíochta de bhun Airteagal 20 agus Airteagal 21;

▼M8

(35) 

ciallaíonn “soláthraí teilitéipe comhdhlúite” nó “CTP” duine a údaraítear i gcomhréir le Teideal IVa, Caibidil 1 den Rialachán seo chun seirbhís lena mbailítear sonraí ó ionaid trádála agus APAnna a sholáthar, agus chun na sonraí sin a chomhdhlúthú ina sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála;

▼M3

(36) 

ciallaíonn “sásra tuairiscithe formheasta” nó “ARM” duine a údaraítear faoin Rialachán seo chun an tseirbhís tuairiscithe sonraí idirbheart a sholáthar d’údaráis inniúla nó do ÚEUM thar ceann gnólachtaí infheistíochta;

▼M3

(36a) 

ciallaíonn “soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí” na daoine dá dtagraítear i bpointe (34), i bpointe (35) agus i bpointe (36) agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 27a(2);

▼M8

(36b) 

ciallaíonn “croí-shonraí margaidh”:

(a) 

gach ceann de na sonraí seo a leanas maidir le scair ar leith nó ETF ag aon stampa ama ar leith:

(i) 

i gcás leabhair orduithe leanúnacha, an scothphraghas Eorpach tairgthe agus tairisceana agus an méid comhfhreagrach;

(ii) 

i gcás córais trádála do cheantáil, an praghas is oiriúnaí don algartam trádála agus an méid a d’fhéadfadh rannpháirtithe sa chóras sin a fhorghníomhú ar an bpraghas sin;

(iii) 

an praghas idirbhirt agus an méid a forghníomhaíodh ar an bpraghas sin;

(iv) 

i gcás idirbheart, cineál an chórais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;

(v) 

ach amháin i gcás na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii), an cód aitheantóra margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t-ionad trádála agus, i gcás ionad forghníomhaithe eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear cineál an ionaid forghníomhaithe;

(vi) 

an t-aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n-ionad forghníomhaithe;

(vii) 

an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

— 
forghníomhú an idirbhirt agus aon leasú air,
— 
iontráil na dtairiscintí agus na dtairiscintí is fearr sa leabhar orduithe,
— 
na praghsanna nó na méideanna a shonrú i gcóras trádála do cheantáil,
— 
go bhfoilseoidh na hionaid trádála na gnéithe a liostaítear sa chéad fhleasc, sa dara fleasc agus sa tríú fleasc,
— 
croí-shonraí margaidh a scaipeadh;
(b) 

gach ceann de na sonraí seo a leanas maidir le banna ar leith nó díorthach thar an gcuntar ag aon stampa ama ar leith:

(i) 

praghas an idirbhirt agus cainníocht nó méid an idirbhirt a forghníomhaíodh ag an bpraghas sin;

(ii) 

an cód aitheantóra margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t-ionad trádála agus, i gcás ionad forghníomhaithe eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear cineál an ionaid forghníomhaithe;

(iii) 

i gcás bannaí, an t-aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n-ionad fhorghníomhaithe;

(iv) 

maidir le díorthaigh thar an gcuntar, na sonraí tagartha sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 27(1), an dara fomhír;

(v) 

an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas:

— 
forghníomhú an idirbhirt agus aon leasú air,
— 
foilsiú an idirbhirt ag na hionaid trádála,
— 
scaipeadh croí-shonraí margaidh;
(vi) 

cineál an chórais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;

(36c) 

ciallaíonn “sonraí rialála” sonraí a bhaineann le stádas na gcóras a mheaitseálann orduithe in ionstraimí airgeadais agus sonraí a bhaineann le stádas trádála ionstraimí airgeadais aonair;

▼B

(37) 

ciallaíonn “Ballstát baile” Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(55) de Threoir 2014/65/AE;

(38) 

ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát óstach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(56) de Threoir 2014/65/AE;

(39) 

ciallaíonn “tagarmharc” aon ráta, innéacs nó figiúr, arna chur ar fáil don phobal nó arna fhoilsiú agus a dhéantar a chinneadh go tréimhsiúil nó go tráthrialta trí fhoirmle a chur i bhfeidhm maidir le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó maidir le luach praghais amháin nó níos mó, nó atá bunaithe ar an luach sin, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta nó aon luachanna eile, nó suirbhéanna agus a ndéantar an méid atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó luach ionstraime airgeadais a chinneadh ina fhianaise.

(40) 

ciallaíonn “socrú idir-inoibritheachta” socrú idir-inoibritheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(41) 

ciallaíonn “institiúid airgeadais tríú tír” eintiteas a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtríú tír, ar eintiteas é atá údaraithe nó ceadúnaithe faoi dhlí an tríú tír sin tabhairt faoi cheann ar bith de na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a liostaítear i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE, i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) nó i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );

(42) 

ciallaíonn “gnólacht tríú tír” gnólacht tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(57) de Threoir 2014/65/AE;

(43) 

ciallaíonn “táirge mórdhíola fuinnimh” táirgí mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(44) 

ciallaíonn “díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta” conarthaí díorthacha a bhaineann le táirgí a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus in Iarscríbhinn I, Cuid I go Cuid XX agus Cuid XXIV/1 a ghabhann leis;

(45) 

ciallaíonn “ilroinnt leachtachta” staid nuair a tharlaíonn ceann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

níl na rannpháirtithe in ionad trádála in ann idirbhearta a chur i gcrích le rannpháirtí amháin nó le níos mó ná rannpháirtí amháin san ionad trádála sin i ngeall ar nach ann do shocruithe imréitigh a bhfuil rochtain ag na rannpháirtithe uile orthu; nó

(b) 

chuirfí iallach ar chomhalta imréitigh nó a chuid cliant a suímh a choimeád in ionstraim airgeadais i níos mó ná CCP amháin a chuirfeadh teorainn ar an acmhainneacht neamhchosaintí airgeadais a ghlanluacháil.

(46) 

ciallaíonn “fiachas ceannasach” fiachas ceannasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(61) de Threoir 2014/65/AE;

(47) 

ciallaíonn “comhbhrú punainne” seirbhís laghdaithe riosca ina ndéanann dhá chontrapháirtí nó níos mó cuid de na díorthaigh nó na díorthaigh uile arna dtíolacadh ag na contrapháirtithe sin lena gcuimisiú sa chomhbhrú punainne a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach agus ina ndéantar díorthach eile a chur in ionad na ndíorthach a foirceannadh a bhfuil a luach barúlach comhcheangailte níos lú ná luach barúlach comhcheangailte na ndíorthach a foirceannadh;

▼M1

(48) 

ciallaíonn “malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha” idirbheart i gconradh díorthach nó ionstraim airgeadais eile atá ag brath ar fhorghníomhú comhuaineach méid choibhéisigh de shócmhainn fhisiceach bhunúsach;

(49) 

ciallaíonn “ordú pacáiste” ordú a dhéantar a phraghsáil mar aonad aonair:

(a) 

chun críche malartaithe le haghaidh sócmhainní fisiceacha a fhorghníomhú; nó

(b) 

in dhá cheann nó níos mó d'ionstraimí airgeadais chun idirbheart pacáiste a fhorghníomhú.

(50) 

ciallaíonn “idirbheart pacáiste”:

(a) 

malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha; nó

(b) 

idirbheart lena mbaineann forghníomhú dhá cheann nó níos mó d'idirbhearta comhchoda in ionstraimí airgeadais agus lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas go léir:

(i) 

déantar an t-idirbheart a fhorghníomhú idir dhá cheann nó níos mó de chontrapháirtithe;

(ii) 

tá riosca suntasach eacnamaíoch nó airgeadais ag gabháil le gach comhchuid den idirbheart maidir leis na comhchodanna eile go léir;

(iii) 

tá forghníomhú gach comhchoda comhuaineach agus ag brath ar fhorghníomhú na gcomhchodanna eile go léir.

▼B

2.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun gnéithe teicniúla áirithe de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú tuilleadh, d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí an mhargaidh.

▼M3

3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena sonrófar critéir chun na ARManna agus na APAnna sin a shainaithint atá faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de réir mar a shainmhnítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE) de mhaolú ar an Rialachán seo i ngeall ar a n-ábharthacht teoranta maidir leis an margadh inmheánach.

Agus an gníomh tarmligthe á ghlacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) 

a mhéid a sholáthraítear na seirbhísí do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe ach i mBallstát amháin

(b) 

líon na dtuarascálacha tráchtála nó na n-idirbheart

(c) 

cé acu atá ARM nó APA ina chuid de ghrúpa de rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn trasna teorannacha nó nach bhfuil.

I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar eintiteas maidir le haon seirbhís atá á soláthar aige ina cáil mar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faoin Rialachán seo, ní dhéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar ARM nó mar APA a eisiamh ó mhaoirseacht ÚEUM faoi aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na míre seo.

▼B

TEIDEAL II

TRÉDHEARCACHT LE hAGHAIDH IONAD TRÁDÁLA

CAIBIDIL 1

Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí cothromais

Airteagal 3

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.  
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéantar fógraíocht orthu trína gcórais maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
2.  
Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú do chineálacha éagsúla córas trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe, córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha agus córais trádála do cheantáil thréimhsiúil.
3.  
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, rochtain a sholáthar ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in EFTanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 14.

Airteagal 4

Tarscaoiltí le haghaidh ionstraimí cothromais

1.  

An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

córais a mheaitseálann orduithe atá bunaithe ar mhodheolaíocht trádála trína ndéantar praghas na hionstraime airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a dhíorthú ón ionad trádála inar ligeadh isteach chun trádála an ionstraim airgeadais sin den chéad uair nó ón margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta de, i gcás ina ndéantar an praghas tagartha a fhoilsiú go forleathan agus a ndéanann na rannpháirtithe margaidh é a mheas mar phraghas tagartha iontaofa. Beidh úsáid leanúnach an tarscaoilte sin faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 5.

(b) 

córais ina gcuirtear na hidirbhearta réamhshocraithe ar bhonn foirmiúil, ar idirbhearta iad:

▼M8

(i) 

a dhéantar laistigh de raon ualaithe na méideanna reatha a léirítear sa leabhar orduithe nó luachaintí ó chruthaitheoirí margaidh an ionaid trádála a bhfuil an córas sin á oibriú aige;

▼B

(ii) 

atá i scair neamhleachtach, in admháil taisclainne, in ETF, i ndeimhniú nó in ionstraim airgeadais eile dá samhail nach dtagann faoi réir bhrí an mhargaidh leachtaigh agus a dhéileáiltear laistigh de chéatadán de phraghas tagartha oiriúnach, is é sin céatadán agus praghas tagartha a leagann oibreoir an chórais amach roimh ré; nó

(iii) 

atá faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha margaidh na hionstraime airgeadais sin;

(c) 

orduithe atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh;

(d) 

orduithe a shealbhaítear i saoráid bainistithe orduithe an ionaid trádála go dtí go nochtfar iad.

2.  

Bunófar an praghas tagartha dá dtagraítear i mír 1(a) trí cheann de na nithe seo a leanas a ghnóthú:

(a) 

an lárphointe i bpraghsanna tairgthe agus tairisceana reatha an ionaid trádála ina ndearnadh an ionstraim airgeadais sin a ligean isteach chun a trádála den chéad uair nó an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta; nó

(b) 

nuair nach mbíonn an praghas dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil, praghas oscailte nó dúnta an tseisiúin trádála ábhartha.

Ní fhéadfar tagairt a dhéanamh in orduithe do na praghsanna dá dtagraítear i bpointe (b) ach amháin lasmuigh de chéim trádála leanúnach an tseisiúin trádála ábhartha.

3.  

I gcás ina ndéanann ionaid trádála córais a oibriú trína ndéantar idirbhearta caibidlithe a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhréir le mír 1(b)(i):

(a) 

déanfar na hidirbhearta sin i gcomhréir le rialacha an ionaid trádála;

(b) 

déanfaidh an t-ionad trádála a áirithiú gurb ann do shocruithe, do chórais agus do nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh, nó iarracht ar dhrochúsáid mhargaidh, i ndáil le hidirbhearta réamhshocraithe den sórt sin a chosc agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(c) 

déanfaidh an t-ionad trádála córais a bhunú, a chothabháil agus a chur chun feidhme chun aon iarracht ar úsáid an tarscaoilte chun teacht timpeall ar cheanglais eile an Rialacháin seo nó Threoir 2014/65/AE a bhrath agus chun iarrachtaí den sórt sin a thuairisciú don údarás inniúil.

Más rud é go ndeonaíonn údarás inniúil tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1(b)(i) nó (iii), déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar úsáid an tarscaoilte sin ag an ionad trádála chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha le haghaidh úsáid an tarscaoilte á n-urramú.

4.  
Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach tarscaoilte aonair agus míniú a sholáthar maidir lena fheidhmiú, lena n-áirítear mionsonraí an ionaid trádála ina bhfuil an praghas tagartha bunaithe dá dtagraítear dó i mír 1(a). Tabharfar fógra faoin intinn tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná ceithre mhí roimh an dáta a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim neamhcheangailteach chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá gach aon tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 6. I gcás ina ndeonóidh an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an méid sin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.
5.  
Féadfaidh údarás inniúil, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air ag údarás inniúil eile, tarscaoileadh arna dheonú faoi mhír 1 a tharraingt siar, mar a shonraítear faoi mhír 6, má fheictear dó go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imíonn óna chuspóir bunaidh nó má chreideann sé go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh siad cúiseanna iomlána lena gcinneadh.

6.  

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

▼M8

(a) 

na mionsonraí maidir le sonraí réamhthrádála, raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana nó na luachaintí ó chruthaitheoirí ainmnithe margaidh, agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus an calabrú is gá le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 3(2) á gcur san áireamh;

▼B

(b) 

an margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta ionstraime airgeadais de i gcomhréir le mír 1(a);

(c) 

saintréithe sonracha idirbhirt réamhshocraithe maidir leis na bealaí éagsúla ar féidir leis an gcomhalta nó an rannpháirtí in ionad trádála idirbheart den sórt sin a fhorghníomhú;

(d) 

na hidirbhearta réamhshocraithe nach ranchuidíonn le foirmiú praghsanna a bhaineann leis as an tarscaoileadh dá bhforáiltear i mír 1(b)(iii);

(e) 

méid na n-orduithe atá ar scála mór agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh ar seilbh i saoráid bainistithe orduithe de chuid ionad trádála go dtí go nochtfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.  
Maidir le tarscaoiltí arna ndeonú ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 29(2) agus le hAirteagal 44(2) de Threoir 2004/39/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 18, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 roimh an ►M1  3 Eanáir 2018 ◄ , déanfaidh ÚEUM athbhreithniú orthu faoin ►M1  3 Eanáir 2020 ◄ . Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a bheidh gach ceann de na tarscaoiltí sin fós ag teacht leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus in aon ghníomh tarmligthe agus caighdeán teicniúil rialála atá bunaithe ar an Rialachán seo.

Airteagal 5

▼M8

Caidhpeáil méid

1.  
An úsáid a bhaineann ionaid trádála as an tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), cuirfidh siad an úsáid sin ar fionraí i gcás ina mbeidh céatadán an mhéid a thrádáiltear san Aontas in ionstraim airgeadais faoin tarscaoileadh sin níos mó ná 7 % den mhéid iomlán a thrádáiltear san ionstraim airgeadais sin san Aontas. Déanfaidh na hionaid trádála a gcinneadh chun úsáid faoin tarscaoileadh sin a chur ar fionraí bunaithe ar na sonraí a fhoilsíonn ÚEUM i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus déanfaidh siad cinneadh den sórt sin laistigh de dhá lá oibre ó fhoilsiú na sonraí agus mairfidh an fhionraí 3 mhí.

▼M8 —————

▼M8

4.  
Laistigh de sheacht lá oibre ó dheireadh mhí an Mhárta, mhí an Mheithimh, mhí Mheán Fómhair de gach bliain féilire, foilseoidh ÚEUM an méid iomlán trádála san Aontas in aghaidh na hionstraime airgeadais sa 12 mhí roimhe sin, céatadáin na trádála i ngach ionstraim airgeadais a rinneadh ar fud an Aontais faoin tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na céatadáin trádála sin a dhíorthú i ngach ionstraim airgeadais.

▼M8 —————

▼M8

7.  
Chun bonn iontaofa a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil a dhéantar faoin tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), agus chun a chinneadh ar sáraíodh an teorainn dá dtagraítear i mír 1, beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag oibreoirí ionad trádála chun go mbeifear in ann na trádálacha uile a rinneadh ar a n-ionad faoin tarscaoileadh sin a shainaithint.
8.  
Tosóidh an tréimhse chun na sonraí trádála ag ÚEUM a fhoilsiú, agus dá mbeidh faireachán le déanamh ar thrádáil in ionstraim airgeadais faoin tarscaoileadh sin, an 29 Meán Fómhair 2025.
9.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an modh a shonrú, lena n-áirítear idirbhearta a chlárú faoi bhratach, trína ndéanfaidh sé na sonraí idirbhirt a thiomsú, a ríomh agus a fhoilsiú, mar atá leagtha amach i mír 4, chun tomhas cruinn a chur ar fáil ar mhéid iomlán na trádála in aghaidh na hionstraime airgeadais agus ar na céatadáin trádála a úsáidfidh an tarscaoileadh sin ar fud an Aontais.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.  
Faoin 29 Meán Fómhair 2027, agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar thairseach na caidhpeála méid a leagtar síos i mír 1, agus aird á tabhairt ar an gcobhsaíocht airgeadais, ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta, ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, ar thábhacht an tionchair ar an margadh agus ar éifeachtúlacht an mhúnlaithe praghsanna.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a leasú trí thairseach na caidhpeála méid a shocraítear i mír 1 den Airteagal seo a choigeartú. Chun críocha na fomhíre seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuarascáil ó ÚEUM dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, na forbairtí idirnáisiúnta agus na caighdeáin a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

▼B

Airteagal 6

Ceanglais trédhearcachta iarthrádála maidir le hionad trádála i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.  
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhófar i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar an ionad trádála sin. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
2.  
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain éifeachtach, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáidfidh siad chun an fhaisnéis faoi mhír 1 den Airteagal seo a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a mbeidh oibleagáid orthu mionsonraí a n-idirbheart i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in ETFAnna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 20.

Airteagal 7

Foilsiú iarchurtha a údarú

1.  
Beidh údaráis inniúla in ann oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu a údarú chun foráil a dhéanamh d’fhoilsiú iarchurtha mionsonraí idirbheart i bhfianaise a gcineáil agus a méide.

Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla foilsiú iarchurtha a údarú i ndáil le hidirbhearta atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don scair, don admháil taisclainne, don ETF, don deimhniú nó don ionstraim airgeadais eile dá samhail, nó don aicme sin de scair, d’admháil taisclainne, de ETF, de dheimhniú nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail.

Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, gheobhaidh siad formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe arna mbeartú le haghaidh foilsiú trádála iarchurtha, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála iarchurtha agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil foilsiú iarchurtha a údarú agus ina n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an iarchur sin nó ina n-easaontóidh sé le cur i bhfeidhm iarbhír an údaraithe a deonaíodh, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.  

Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 64 de Threoir 2014/65/AE:

(a) 

mionsonraí na n-idirbheart a dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, a chur ar fáil don phobal i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 6(1), lena n-áirítear sainaitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoi Airteagal 6(1) agus faoi Airteagal 20, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd arna gcinneadh le tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin arna gcinneadh le tosca eile;

(b) 

mheasfaí an teorainn ama a bheith ar comhréir leis an oibleagáid foilsiú chomh gar agus is féidir don fhíor-am, lena n-áirítear nuair a fhorghníomhófar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála.

(c) 

na coinníollacha chun a údarú do ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, foráil a dhéanamh d’fhoilsiú sonraí na n-idirbheart i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann a chur siar, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 20(1);

(d) 

na critéir atá le feidhmiú nuair a bheidh idirbhearta á gcinneadh a bhfuil foilsiú iarchurtha ceadaithe ina leith i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i ngeall ar mhéid an idirbhirt nó ar chineál, lena n-áirítear próifíl leachtachta na scaire, na hadmhála taisclainne, an ETF, an deimhnithe nó na hionstraime airgeadais eile dá samhail atá i gceist.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 2

Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí neamhcothromais

Airteagal 8

▼M8

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltas astaíochtaí

1.  
Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
2.  
Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála.

▼M8 —————

▼M8

Airteagal 8a

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith díorthach

1.  
Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh a bhfuil margadh rialáilte á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
2.  

Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil OTF nó MTF á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le díorthaigh thar an gcuntar atá ainmnithe in euro, yen na Seapáine, dollar Mheiriceá nó puint steirling agus go bhfuil an méid seo a leanas i gceist:

(a) 

tá siad faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déantar iad a imréiteach go lárnach, agus, i ndáil le díorthaigh ráta úis, tá aibíocht de 1, 2, 3, 5, 7, 10, 12, 15, 20, 25 nó 30 bliain acu a comhaontaíodh de réir conartha;

(b) 

is babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm iad a thagraíonn do bhanc domhanda a bhfuil tábhacht chórasach leis agus a imréitítear go lárnach; nó

(c) 

is babhtálacha mainneachtana creidmheasa iad a thagraíonn d’innéacs ina gcuimsítear bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht chórasach leo agus a imréitítear go lárnach.

Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

3.  
Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála.
4.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun mír 2, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, a leasú a mhéid a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar faoi réir na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos san fhomhír sin i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.

Airteagal 8b

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith orduithe pacáiste

1.  
Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le horduithe pacáiste atá comhdhéanta de bhannaí, de tháirgí airgeadais struchtúraithe, de lamháltais astaíochtaí nó de dhíorthaigh. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
2.  
Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála.

▼B

Airteagal 9

▼M8

Tarscaoiltí le haghaidh bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí, díorthach agus orduithe pacáiste

▼B

1.  

►M8  Maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1), Airteagal 8a(1) agus (2) agus Airteagal 8b(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis an méid seo a leanas: ◄

(a) 

orduithe atá ar scála mór i gcomparáid le gnáthmhéid an mhargaidh agus orduithe atá ar seilbh i saoráid bainistithe orduithe an ionaid trádála go dtí go nochtfar iad;

▼M8 —————

▼M8

(c) 

díorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide trádála dá dtagraítear in Airteagal 28 agus nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith, agus ionstraimí airgeadais eile nach bhfuil margadh leachtach ann dóibh;

▼M1

(d) 

orduithe chun críche malartaithe le haghaidh sócmhainní fisiceacha a fhorghníomhú;

(e) 

orduithe pacáiste lena gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

is ionstraim airgeadais é ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodanna nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith, ach amháin i gcás ina bhfuil margadh leachtach ann don ordú pacáiste ina iomláine;

(ii) 

tá ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodanna ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh, ach amháin i gcás ina bhfuil margadh leachtach ann don ordú pacáiste ina iomláine.

▼M8 —————

▼B

2.  
Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach iarratais aonair ar tharscaoileadh agus míniú a sholáthar maidir lena bhfeidhmiú. Tabharfar fógra faoin intinn tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná ceithre mhí sula mbeartófar go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de dhá mhí tar éis dóibh an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil atá i dtrácht ina ndéanfar measúnú féachaint an bhfuil an tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a bunaíodh i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála a glacadh de bhun mhír 5. I gcás ina ndeonóidh an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an ní a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil.

▼M8

2a.  
Beidh údaráis inniúla in ann an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8b(1) a tharscaoileadh le haghaidh gach comhchoda aonair d’ordú pacáiste.

▼B

3.  
►M8  Féadfaidh na húdaráis inniúla, dá ndeoin féin nó ar iarraidh ó údaráis inniúla eile nó ÚEUM, tarscaoileadh a bheidh deonaithe de bhun mhír 1 a tharraingt siar má fheictear dóibh go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imeoidh óna chuspóir bunaidh nó má mheasann siad go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo. ◄

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an tarraingt siar sin gan mhoill agus sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus tabharfaidh siad cúiseanna iomlána lena gcinneadh.

4.  
►M8  I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach shonraithe, féadfaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéanfar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádáil, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 8 a fhionraí ar bhonn sealadach. Socrófar an tairseach shonraithe sin ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar fógra faoi fhionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin. ◄

Beidh an fhionraí shealadach bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná trí mhí ó dháta a foilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar fionraí den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná trí mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. Mura ndéanfar an fhionraí a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé as feidhm láithreach.

▼M8

Sula ndéanfar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur ar fionraí, nó fionraí shealadach na n-oibleagáidí sin a athnuachan, cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige in iúl do ÚEUM agus míneoidh sé na cúiseanna leis. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír den mhír seo.

▼B

5.  

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na paraiméadair agus na modhanna chun tairseach na leachtachta dá dtagraítear i mír 4 a ríomh i ndáil leis an ionstraim airgeadais. Na paraiméadair agus na modhanna chun go ndéanfaidh na Ballstáit an tairseach a ríomh, socrófar iad ionas gurb ionann an tráth a sroichfear an tairseach, go mbeidh laghdú mór tagtha ar an leachtacht sna hionaid uile laistigh den Aontas i dtaca leis an ionstraim airgeadais lena mbaineann bunaithe ar na critéir a úsáidtear faoi Airteagal 2(1)(17);

▼M8

(b) 

raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 8(1), Airteagal 8a(1) agus (2) agus Airteagal 8b(1), agus an calabrú is gá maidir le cineálacha éagsúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 8(2), in Airteagal 8a(3) agus in Airteagal 8b(2) á chur san áireamh;

▼B

(c) 

méid na n-orduithe a bheidh mór i scála agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh i saoráid bainistithe orduithe go dtí go nochfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

▼M8 —————

▼B

(e) 

na hionstraimí airgeadais nó na haicmí ionstraimí airgeadais nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith ina bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh faoi mhír 1;

▼M8

(f) 

saintréithe na leabhar orduithe teorann lárnaí agus na gcóras trádála do cheantáil thréimhsiúil.

▼M8

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M1

6.  
D'fhonn a áirithiú go gcuirfear pointe (i) agus pointe (ii) de mhír (1)(e) i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun modheolaíocht a bhunú chun na horduithe pacáiste sin a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith. Nuair a bheidh an mhodheolaíocht sin á forbairt chun a chinneadh cibé acu an ann nó nach ann do mhargadh leachtach i leith ordú pacáiste ina iomláine, déanfaidh ESMA a mheasúnú cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar pacáistí a chaighdeánú agus a thrádáil go minic.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Feabhra 2017.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 10

Ceanglais trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach

1.  
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhaítear maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le hidirbhearta a fhorghníomhaítear maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
2.  
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar a socruithe chun an fhaisnéis de bhun mhír 1 den Airteagal seo a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu, de bhun Airteagal 21, mionsonraí a n-idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a fhoilsiú.
3.  
Cuirfear faisnéis a bhaineann le hidirbheart pacáiste ar fáil i leith gach comhpháirt chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, ag féachaint don ghá atá ann praghsanna a leithdháileadh ar ionstraimí airgeadais áirithe, agus beidh bratach ar áireamh inti lena shainaithint gur cuid de phacáiste í an chomhpháirt.

I gcás ina mbeidh comhpháirt den idirbheart pacáiste incháilithe le foilsiú a iarchur de bhun Airteagal 11 nó Airteagal 11a, cuirfear faisnéis maidir leis an gcomhpháirt ar fáil tar éis don tréimhse iarchurtha le haghaidh an idirbhirt dul i léig.

▼B

Airteagal 11

▼M8

Foilseachán iarchurtha i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltas astaíochtaí

1.  
Féadfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu foilsiú mhionsonraí na n-idirbheart a dhéantar maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála a iarchur, lena n-áirítear an praghas agus an méid, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nochtfaidh siad go soiléir na socruithe le haghaidh foilsiú iarchurtha do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas.

1a.  

Déanfar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith bannaí, nó i leith aicmí bannaí, a eagrú trí chúig chatagóir a úsáid:

(a) 

catagóir 1: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(b) 

catagóir 2: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(c) 

catagóir 3: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(d) 

catagóir 4: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(e) 

catagóir 5: idirbhearta de mhéid an-mhór.

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchuir in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair a fhoilsiú.

1b.  
Eagrófar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí, nó i leith haicmí díobh, a thrádáiltear ar ionad trádála, de bhun na gcaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear i mír 4, pointe (g).

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.

2.  
I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéantar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáil, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Bunófar an tairseach sin ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann.

Foilseofar fionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin.

Féadfaidh ÚEUM, i gcás éigeandála, amhail éifeacht dhíobhálach shuntasach ar leachtacht aicme bannaí, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear san Aontas, síneadh a chur leis na huastréimhsí iarchurtha a shocraítear i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 4, pointí (f) agus (g). Sula ndéanfar cinneadh maidir le síneadh den sórt sin, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le haon údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionad trádála amháin nó níos mó ar a dtrádáiltear an aicme sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí. Foilseofar síneadh den sórt sin ar láithreán gréasáin ÚEUM.

Beidh an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó an síneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 mhí ó dháta a fhoilsithe nó a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM, faoi seach. Féadfar fionraí nó síneadh den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe.

Sula ndéanfar fionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír.

3.  

Chomh maith leis an bhfoilsiú iarchurtha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit an méid seo a leanas a cheadú, i ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh arna n-eisiúint ag an mBallstát sin, nó aicmí díobh:

(a) 

foilsiú méid idirbhirt aonair a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná sé mhí; nó

(b) 

mionsonraí roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná 6 mhí.

Maidir le hidirbhearta in ionstraimí fiachais cheannasaigh nach n-eisíonn Ballstát, is é ÚEUM a dhéanfaidh cinntí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin liosta na n-iarchur a cheadaítear de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na gcinntí a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas.

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.

4.  

Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach lena bhféadfar an fhaisnéis a éilítear de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 27g a fhoilsiú:

(a) 

mionsonraí na n-idirbheart atá le cur ar fáil don phobal le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 21(1), a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;

(b) 

an teorainn ama a mheastar a chomhlíonann an oibleagáid maidir le foilsiú chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, lena n-áirítear nuair a dhéantar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála;

(c) 

a bhfuil margadh leachtach ann ina leith do tháirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála, nó aicmí díobh;

(d) 

cad is margadh leachtach agus neamhleachtach ann le haghaidh bannaí, nó aicmí díobh, arna sloinneadh mar thairseacha arna gcinneadh de réir mhéid eisiúna na mbannaí sin;

(e) 

i gcás banna leachtach nó neamhleachtach, nó i gcás aicme díobh, cad is idirbheart meánmhéide, mórmhéide agus de mhéid an-mhór ann, dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, ar bhonn anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;

(f) 

maidir le bannaí, nó aicmí díobh, na hiarchuir praghsanna agus méideanna is infheidhme maidir le gach ceann de na cúig chatagóir a leagtar amach i mír 1a, agus na huastréimhsí seo a leanas á gcur i bhfeidhm:

(i) 

i gcás idirbhearta i gcatagóir 1: iarchur praghais agus méid nach faide ná 15 nóiméad;

(ii) 

i gcás idirbhearta i gcatagóir 2: iarchur praghais agus méid nach faide ná deireadh an lae trádála;

(iii) 

i gcás idirbhearta i gcatagóir 3: iarchur praghais nach mó ná deireadh an chéad lae trádála tar éis dháta an idirbhirt agus iarchur méid nach faide ná seachtain amháin tar éis dháta an idirbhirt;

(iv) 

i gcás idirbhearta i gcatagóir 4: iarchur praghais nach mó ná deireadh an dara lá trádála tar éis an dháta an idirbhirt agus iarchur méid nach faide ná dhá sheachtain tar éis dháta an idirbhirt;

(v) 

i gcás idirbhearta i gcatagóir 5: iarchur praghais agus iarchur méid nach faide ná 4 seachtaine tar éis dháta an idirbhirt;

(g) 

na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí, nó i leith aicmí díobh, ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;

(h) 

i leith ionstraimí fiachais cheannasaigh, nó aicmí díobh, na critéir atá le cur i bhfeidhm agus méid nó cineál idirbhirt in ionstraimí den sórt sin ar féidir cinntí a ghlacadh ina leith de bhun mhír 3 á gcinneadh.

I gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i mír 1a, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an tréimhse iarchurtha is infheidhme a athchalabrú d’fhonn í a laghdú de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis do na tréimhsí iarchurtha laghdaithe teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh ÚEUM anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an laghdaithe. I gcás ina mbeidh siad ar fáil, bainfidh ÚEUM úsáid as na sonraí trédhearcachta iarthrádála arna scaipeadh ag an CTP chun na críche sin. Más léir éifeachtaí díobhálacha ar na hionstraimí airgeadais, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta chun an tréimhse iarchurtha a mhéadú siar go dtí an leibhéal roimhe sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 11a

Foilsiú iarchurtha i leith díorthach

1.  
Féadfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu foilsiú mionsonraí idirbheart a dhéantar maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a iarchur, lena n-áirítear an praghas agus an méid, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nochtfaidh siad go soiléir na socruithe le haghaidh foilsiú iarchurtha do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas.

Eagrófar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i ndáil le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nó aicmí díobh, trí úsáid a bhaint as cúig chatagóir:

(a) 

catagóir 1: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(b) 

catagóir 2: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(c) 

catagóir 3: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(d) 

catagóir 4: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(e) 

catagóir 5: idirbhearta de mhéid an-mhór.

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.

2.  
I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ina dtrádáiltear aicme díorthach arna thrádáil ar an malartán nó aicme díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), féadfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Bunófar an tairseach sin ar bhonn critéir oibiachtúla a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann.

Foilseofar fionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin.

Féadfaidh ÚEUM, i gcás éigeandála, amhail éifeacht dhíobhálach shuntasach ar leachtacht aicme díorthaigh arna thrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáiltear san Aontas, síneadh a chur leis na huastréimhsí iarchurtha a shocraítear i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointe (e), den Airteagal seo. Sula ndéanfar cinneadh maidir le síneadh den sórt sin, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le haon údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionad trádála amháin nó níos mó ina ndéantar an aicme sin díorthaigh arna thrádáil ar an malartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáil. Foilseofar síneadh den sórt sin ar láithreán gréasáin ÚEUM.

Beidh an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó an síneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 mhí ó dháta a foilsithe nó a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM, faoi seach. Féadfar fionraí nó síneadh den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe.

Sula ndéanfar an fhionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír.

3.  

Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach lena bhféadfar an fhaisnéis a éilítear de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 27g a fhoilsiú:

(a) 

mionsonraí na n-idirbheart atá le cur ar fáil don phobal le haghaidh gach aicme díorthaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 21(1), a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na ndíorthach agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;

(b) 

an teorainn ama a mheastar a chomhlíonann an oibleagáid maidir le foilsiú chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, lena n-áirítear nuair a dhéantar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála;

(c) 

díorthaigh, nó aicmí díobh, a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(d) 

i gcás díorthach leachtach nó neamhleachtach, nó i gcás aicme de, cad is idirbheart meánmhéide, mórmhéide agus de mhéid an-mhór ann, dá dtagraítear i mír 1, an triú fomhír, den Airteagal seo ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;

(e) 

na hiarchuir praghsanna agus méideanna is infheidhme maidir le gach ceann de na cúig chatagóir a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), méid an idirbhirt agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh.

I gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an tréimhse iarchurtha is infheidhme a athchalabrú agus é mar aidhm í a laghdú de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis do na tréimhsí iarchurtha laghdaithe teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh ÚEUM anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an laghdaithe. I gcás ina mbeidh fáil orthu, úsáidfidh ÚEUM na sonraí trédhearcachta iarthrádála arna scaipeadh ag an CTP chun na críche sin. Más léir éifeachtaí díobhálacha ar na hionstraimí airgeadais, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta chun an tréimhse iarchurtha a mhéadú siar go dtí an leibhéal roimhe sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír i gcomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2) agus leasóidh sé iad chun aon athruithe substaintiúla i gcalabrú na n-iarchur praghsanna agus méideanna a chur san áireamh de bhun na chéad fhomhíre, pointe (e), agus an dara fomhír den mhír seo.

▼B

CAIBIDIL 3

Oibleagáid chun sonraí trádála a thairiscint ar bhonn tráchtála ar leithligh agus réasúnta

Airteagal 12

Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar leithligh

▼M8

1.  
Cuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 3, 4 agus le hAirteagail 6 go 11 ar fáil don phobal trí shonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a thairiscint ar leithligh.

▼B

2.  
Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na sonraí réamhthrádála agus iarthrádála arna gcur ar fáil a shonrú, lena n-áirítear leibhéal dí-chomhiomlánaithe na sonraí atá le cur ar fáil don phobal, dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 13

Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar bhonn réasúnach tráchtála

1.  
Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 6 go 11a, 14, 20, 21, 27g agus 27h a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnach tráchtála, lena n-áirítear téarmaí conarthacha neamhchlaonta agus cothroma.

Áiritheoidh na hoibreoirí margaidh agus na gnólachtaí infheistíochta sin, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis den sórt sin. Déanfar beartais sonraí na n-oibreoirí margaidh agus na ngnólachtaí infheistíochta, na APAnna, na CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha sin a chur ar fáil don phobal saor in aisce ar bhealach is féidir a rochtain agus a thuiscint go héasca.

2.  
Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don phobal saor in aisce 15 nóiméad tar éis a foilsithe i bhformáid atá meaisín-inléite agus inúsáidte do gach úsáideoir, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola.
3.  
Áireofar ar an mbonn réasúnach tráchtála leibhéal na dtáillí agus téarmaí conarthacha eile. Cinnfear leibhéal na dtáillí de réir an chostais a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a scaipeadh agus le corrlach réasúnta.
4.  
Arna iarraidh sin, cuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu faisnéis ar fáil dá n-údarás inniúil maidir leis na costais iarbhír a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a scaipeadh, lena n-áirítear corrlach réasúnta.
5.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:

(a) 

cad is téarmaí conarthacha neamhchlaonta agus cothroma ann dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír;

(b) 

cad is rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis ann dá dtagraítear i mír 1,an dara fomhír;

(c) 

ábhar, formáid agus téarmaíocht aonfhoirmeach na mbeartas sonraí atá le cur ar fáil don phobal de bhun mhír 1, an dara fomhír;

(d) 

rochtain ar shonraí, agus ábhar agus formáid na faisnéise atá le cur ar fáil don phobal de bhun mhír 1;

(e) 

na gnéithe atá le cur san áireamh i ríomh an chostais agus an chorrlaigh réasúnta dá dtagraítear i mír 3;

(f) 

ábhar, formáid agus téarmaíocht aonfhoirmeach na faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla de bhun mhír 4.

Gach 2 bhliain, déanfaidh ÚEUM faireachán agus measúnú ar na forbairtí ar chostas na sonraí agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn a mheasúnaithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

TEIDEAL III

▼M2

TRÉDHEARCACHT LE hAGHAIDH INMHEÁNAITHEOIRÍ CÓRASACHA AGUS GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA A THRÁDÁLANN THAR AN gCUNTAR AGUS CÓRAS MÉIDEANNA TICEANNA D'INMHEÁNAITHEOIRÍ CÓRASACHA

▼B

Airteagal 14

An oibleagáid atá ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne a phoibliú i dtaca le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.  
Poibleoidh gnólachtaí infheistíochta luachana daingne i leith na scaireanna sin, na n-admhálacha taisclainne sin, ETFanna sin, na ndeimhnithe sin agus na n-ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear in ionad trádála agus inar inmheánaitheoirí córasacha iad lena n-aghaidh agus a mbeidh margadh leachtach ann lena n-aghaidh.

I gcás nach mbeidh margadh leachtach ann i leith na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear sa chead fhomhír, nochtfaidh inmheánaitheoirí córasacha luachana dá gcliaint arna iarraidh sin dóibh.

▼M8

2.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 15, 16 agus 17 maidir le hinmheánaitheoirí córasacha nuair a dhéileálann siad i méideanna suas go dtí an tairseach a chinntear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 7, pointe (b), den Airteagal seo, agus an tairseach sin san áireamh.
3.  
Cinnfear íosmhéid luachana na n-inmheánaitheoirí córasacha sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 7, pointe (c). I gcás scair, admháil taisclainne, ETF, deimhniú áirithe nó ionstraim airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear ar ionad trádála, áireofar ar gach luachan praghas daingean tairgthe agus tairisceana ar mhéid a d’fhéadfadh a bheith suas go dtí an tairseach sin, agus an tairseach dá dtagraítear i mír 2 san áireamh. Léireoidh an praghas dálaí an mhargaidh san am i gceist don scair sin, don admháil taisclainne sin, do ETF sin, don deimhniú sin nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail.

▼B

4.  
Déanfar scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ghrúpáil in aicmí ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais sin. Beidh méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh gach aicme scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ionadaíoch do mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais atá ar áireamh i ngach aicme.
5.  
Is éard a bheidh i margadh gach scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe agus ionstraime airgeadais eile dá samhail na horduithe ar fad a fhorghníomhaítear san Aontas maidir leis an ionstraim airgeadais sin cé is moite díobh siúd a bheidh mór i gcomparáid le gnáthmhéid an mhargaidh.
6.  
Údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta mar a shainmhínítear in Airteagal 26 le haghaidh gach scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe agus ionstraime airgeadais eile dá samhail, cinnfidh sé an aicme lena mbaineann an ionstraim airgeadais sin, gach bliain ar a laghad, ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh maidir leis an ionstraim airgeadais sin. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú do gach rannpháirtí sa mhargadh agus a chur in iúl do ÚEUM a fhoilseoidh an fhaisnéis ar a láithreán gréasáin.

▼M8

7.  

Chun luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an deis is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcliaint, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

socruithe i dtaca le foilsiú na luachana daingne dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

cinntiú na tairsí dá dtagraítear i mír 2, lena gcuirfear san áireamh na cleachtais idirnáisiúnta is fearr, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, tábhacht an tionchair ar an margadh agus éifeachtúlacht múnlaithe praghsanna agus nach mbeidh sé sin faoi bhun dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh;

(c) 

cinntiú an t-íosmhéid luachanna luaite dá dtagraítear i mír 3 a chinneadh, ar méid é nach sáróidh 90 % den tairseach dá dtagraítear i mír 2 agus nach mbeidh faoi bhun mhéid caighdeánach an mhargaidh;

(d) 

cinntiú i dtaobh an léiríonn na praghsanna dálaí an mhargaidh dá dtagraítear i mír 3; agus

(e) 

méid chaighdeánach an mhargaidh dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 15

Orduithe cliant a fhorghníomhú

1.  
Déanfaidh inmheánaitheoirí córasacha a gcuid luachana a phoibliú ar bhonn rialta agus leanúnach agus le linn gnáthuaireanta trádála. Féadfaidh siad a luachana a nuashonrú tráth ar bith. Beidh cead acu, faoi dhálaí eisceachtúla sa mhargadh, a luachana a tharraingt siar.

Ceanglóidh an Ballstát ar ghnólachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar inmheánaitheoir córasach fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil. Déanfar fógra den sórt sin a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM liosta de na hinmheánaitheoirí córasacha uile san Aontas a bhunú.

▼M8

Déanfaidh na hinmheánaitheoirí córasacha rialacha trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus critéir oibiachtúla maidir le horduithe a fhorghníomhú go héifeachtúil a leagan síos agus a chur chun feidhme. Beidh socruithe i bhfeidhm acu chun a gcuid oibríochtaí teicniúla a bhainistiú go fónta, lena n-áirítear socruithe éifeachtacha teagmhais a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nach bhfeidhmeodh na córais mar ba cheart.

▼B

2.  
Agus Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE á chomhlíonadh acu, forghníomhóidh inmheánaitheoirí córasacha na horduithe a gheobhaidh siad óna gcuid cliant i ndáil le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar inmheánaitheoirí córasacha iad ina leith ag na praghsanna a luaitear an tráth a bhfaighfear an t-ordú.

Féadfaidh siad, áfach, na horduithe sin a fhorghníomhú ar phraghas níos fearr i gcásanna a mbeidh údar leo ar choinníoll go dtagann an praghas laistigh de réimse poiblí a bheidh cóngarach do dhálaí an mhargaidh.

3.  
Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha orduithe a gheobhaidh siad óna gcliaint ghairmiúla a fhorghníomhú ar phraghsanna a bheidh éagsúil lena gcinn luaite gan iallach a bheith orthu na ceanglais atá bunaithe i mír 2 a chomhlíonadh, i leith idirbheart i gcás inar cuid d’idirbheart amháin forghníomhú i roinnt urrús nó i leith orduithe a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh.
4.  
Inmheánaitheoir córasach nach luafaidh ach luachan amháin nó a mbeidh a luachan is airde níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, i gcás ina bhfaighidh sé ordú ó chliant ar mhéid níos mó ná méid a luachana, ach níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, féadfaidh sé a chinneadh an chuid sin den ordú a sháróidh méid a luachana a fhorghníomhú, ar choinníoll go bhforghníomhófar é ag an bpraghas a luafar, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3. I gcás ina mbeidh luachana i méideanna difriúla á lua ag an inmheánaitheoir córasach agus ina bhfaighidh sé ordú idir na méideanna sin agus go gcinnfidh sé an t-ordú a fhorghníomhú, forghníomhóidh sé an t-ordú ag ceann de na praghsanna arna lua, i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi choinníollacha mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.

▼M8

5.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun ábhar agus formáid an fhógra dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 16

Oibleagáidí údarás inniúil

Seiceálfaidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonann inmheánaitheoirí córasacha na coinníollacha maidir le horduithe a fhorghníomhú a leagtar síos in Airteagal 15(1) agus na coinníollacha maidir le feabhas a chur ar phraghsanna a leagtar síos in Airteagal 15(2).

▼B

Airteagal 17

Rochtain ar luachana

1.  
Beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha na cliaint dá dtabharfaidh siad rochtain ar a luachana a chinneadh, ar bhonn a mbeartais tráchtála agus ar shlí oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin beidh caighdeáin shoiléire ann chun rochtain ar a luachana a rialú. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha diúltú dul i gcaidreamh gnó le cliaint nó scor de chaidreamh gnó leo ar bhonn breithnithe tráchtála amhail stádas creidmheasa an chliaint, an riosca contrapháirtí agus socrú deireanach an idirbhirt.
2.  
D’fhonn an riosca neamhchosanta ar roinnt idirbheart ón gcliant céanna a theorannú, beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha teorainn a chur le líon na n-idirbheart ón gcliant céanna a ghabhann siad ar láimh a dhéanamh de réir na gcoinníollacha foilsithe ar shlí neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh siad, ar shlí neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2014/65/AE, líon iomlán na n-idirbheart ó chliaint éagsúla a theorannú ag an am céanna ar choinníoll nach gceadaítear é sin ach amháin i gcásanna ina sáróidh líon agus/nó méid na n-orduithe arna n-iarraidh ag cliaint an gnáthlíon nó an gnáthmhéid go mór.
3.  

D’fhonn luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar:

(a) 

na critéir lena sonrófar cathain a fhoilseofar luachan ar bhonn rialta agus leanúnach agus a bhfuil rochtain éasca uirthi dá dtagraítear in Airteagal 15(1) chomh maith leis na bealaí ina bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta a n-oibleagáid a chomhlíonadh chun a luachana a phoibliú, lena n-áireofar na féidearthachtaí seo a leanas:

(i) 

trí shaoráidí margaidh rialáilte ar bith a bheidh tar éis an ionstraim airgeadais i dtrácht a ligean isteach chun a trádála;

(ii) 

trí APA;

(iii) 

trí shocruithe dílsithe;

(b) 

na critéir lena sonrófar na hidirbhearta sin i gcás inar cuid d’idirbheart amháin forghníomhú i roinnt urrús nó na horduithe sin a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 15(3);

(c) 

na critéir lena sonrófar na dálaí ar féidir a mheas gur dála eisceachtúla margaidh iad ar féidir luachana a tharraingt siar dá mbarr chomh maith leis na coinníollacha chun luachana a thabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(d) 

na critéir lena sonrófar cathain is mó go mór líon agus/nó méid na n-orduithe a bheidh á iarraidh ag cliaint ná an gnáthlíon/gnáthmhéid dá dtagraítear i mír 2;

(e) 

na critéir lena sonrófar cathain a thiocfaidh praghsanna laistigh de réimse poiblí atá cóngarach do dhálaí an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

▼M8

Airteagal 17a

Méideanna na dticeanna

1.  
Luachaintí ó inmheánaitheoirí córasacha, feabhsuithe praghais ar na luachaintí sin agus praghsanna forghníomhúcháin, comhlíonfaidh siad na méideanna ticeanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir 2014/65/AE.
2.  
Ní dhéanfaidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(2) den Rialachán seo agus in Airteagal 49 de Threoir 2014/65/AE cosc a chur ar inmheánaitheoirí córasacha orduithe a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.

▼M8 —————

▼B

Airteagal 20

Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.  
Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.

▼M8

1a.  
Cuirfear gach idirbheart aonair ar fáil uair amháin go poiblí trí APA aonair.

▼B

2.  
Beidh an fhaisnéis a phoibleofar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus leis na teorainneacha ama a bhfoilseofar í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 6, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a). I gcás ina ndéanfar foráil leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 7 do phoibliú iarchurtha le haghaidh catagóirí áirithe idirbhirt i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, féadfar leas a bhaint as an bhféidearthacht sin sna hidirbhearta sin nuair a ghabhfar ar láimh iad lasmuigh d’ionaid trádála.
3.  

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoin Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;

(b) 

cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais.

▼M8 —————

▼B

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 21

▼M8

Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh

1.  
Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus, lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála nó le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh i gcrích iad a chur ar fáil go poiblí. Déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí trí APA.

▼B

2.  
Poibleofar gach idirbheart aonair uair amháin trí APA amháin.

▼M8

3.  
Comhlíonfaidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal i gcomhréir le mír 1 agus leis na teorainneacha ama a bhfoilsítear í laistigh díobh de réir na ceanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 10, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 11(4), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 11a(3), pointí (a) agus (b).
4.  
Maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta foilsiú an phraghais nó an mhéid a chur siar ar na coinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagal 11.
4a.  
Maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta foilsiú an phraghais nó an mhéid a iarchur ar na coinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagal 11a.

▼B

5.  

►M8  Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar bhealach a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear de bhun Airteagal 27g chun an méid seo a leanas a shonrú: ◄

(a) 

aitheantóirí na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú i gcomhréir leis an Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le toscaa bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;

(b) 

cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais.

▼M8 —————

▼B

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 21a

Eintitis foilsitheoireachta ainmnithe

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla stádas an eintitis foilsitheoireachta ainmnithe le haghaidh aicmí sonracha d’ionstraimí airgeadais a dheonú do ghnólachtaí infheistíochta, arna iarraidh sin do na gnólachtaí infheistíochta sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil iarrataí den sórt sin in iúl do ÚEUM.
2.  
I gcás nach bhfuil ach páirtí amháin in idirbheart ina eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an páirtí sin freagrach as idirbhearta a phoibliú trí APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó Airteagal 21(1).
3.  
I gcás nach eintitis foilsitheoireachta ainmnithe iad ceachtar de na páirtithe in idirbheart, nó an dá pháirtí in idirbheart, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, is é an t-eintiteas a dhíolann an ionstraim airgeadais lena mbaineann, agus an t-eintiteas sin amháin, a bheidh freagrach as an idirbheart a phoibliú trí APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó Airteagal 21(1).
4.  
Déanfaidh ÚEUM faoin 29 Meán Fómhair 2024 clár de na heintitis foilsitheoireachta ainmnithe uile a bhunú agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é go tráthrialta, agus sonrófar ann a gcéannacht agus aicmí na n-ionstraimí airgeadais ar eintitis foilsitheoireachta ainmnithe iad ina leith. Foilseoidh ÚEUM an clár sin ar a láithreán gréasáin.

▼M3

Airteagal 22

Faisnéis a sholáthar chun críocha trédhearcachta agus ríomhanna eile

1.  

►M8  Chun ríomhanna a dhéanamh leis na ceanglais a chinneadh maidir leis an trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus na córais oibleagáide trádála dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11a, 14 go 21 agus 32 atá infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, agus chun tuarascálacha a ullmhú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(4), Airteagal 7(1), Airteagal 9(2), Airteagal 11(3) agus Airteagal 11a(1), féadfaidh ÚEUM agus údaráis inniúla faisnéis a éileamh ón méid seo a leanas: ◄

(a) 

ionaid trádála;

(b) 

APAnna; agus

(c) 

CTPanna.

2.  
Déanfaidh ionaid trádála, CTPanna agus APAnna na sonraí riachtanacha a stóráil ar feadh tréimhse leordhóthanach.
3.  
Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ábhar agus minicíocht na n-iarrataí sonraí agus na formáidí agus na frámaí ama ina bhfreagróidh APAnna agus CTPanna d’iarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an cineál sonraí nach mór a stóráil agus an íostréimhse ama a ndéanfaidh ionaid trádála, APAnna agus CTPanna sonraí a stóráil chun go mbeidh siad ábalta freagairt d’iarrataí ar shonraí i gcomhréir le mír 2.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 22a

Sonraí a tharchur chuig an CTP

1.  
Déanfaidh ionaid trádála agus APAnna (“rannchuiditheoirí sonraí”), maidir le scaireanna, ETFanna agus bannaí a thrádáiltear ar ionad trádála, agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), na sonraí rialála agus na sonraí a cheanglaítear de bhun Airteagal 3(1) a tharchur chuig lárionad sonraí an CTP, chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, gan dochar d’Airteagal 4, agus de bhun Airteagal 6(1), Airteagal 10(1) agus Airteagail 20 agus 21, agus, i gcás ina nglacfar caighdeáin theicniúla rialála de bhun Airteagal 22b(3), pointe (d), i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear ann. Déanfar na sonraí sin a tharchur i bhformáid chomhchuibhithe, trí phrótacal tarchurtha d’ardchaighdeán.
2.  

Gnólacht infheistíochta a bhfuil margadh fáis FBManna á oibriú aige, nó oibreoir margaidh arb ionann méid bliantúil a scaireanna agus 1 % nó níos lú de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas, ní cheanglófar air a chuid sonraí a tharchur chuig CTP i gcás:

(a) 

nach bhfuil an gnólacht infheistíochta ná an t-oibreoir margaidh sin ina chuid de ghrúpa ina bhfuil gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh, nó ag a bhfuil dlúthnaisc le gnólacht infheistíochta nó le hoibreoir margaidh, arb ionann méid bliantúil a scaireanna agus níos mó ná 1 % de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas; nó

(b) 

inarb ionann an margadh rialáilte nó an margadh fáis FBManna atá á oibriú ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh sin agus níos mó ná 85 % de mhéid trádála bliantúil na scaireanna a ligeadh isteach chun a dtrádála ar an margadh rialáilte sin nó ar an margadh fáis FBManna sin ar dtús.

3.  
D’ainneoin mhír 2, féadfaidh gnólacht infheistíochta a bhfuil margadh fáis FBManna á oibriú aige, nó oibreoir margaidh, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin, a chinneadh sonraí a tharchur chuig an CTP i gcomhréir le mír 1, ar choinníoll go dtugann sé fógra do ÚEUM agus don CTP dá réir. Tosóidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh den sórt sin ar shonraí a tharchur chuig an CTP laistigh de 30 lá oibre ó dháta an fhógra chuig ÚEUM.
4.  
Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin agus coinneoidh sé cothrom le dáta liosta de na gnólachtaí infheistíochta a bhfuil margaí fáis FBManna á n-oibriú acu agus d’oibreoirí margaidh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, ag léiriú cé acu díobh a chinn mír 3 a chur i bhfeidhm.
5.  
Roghnóidh gach CTP, as measc na gcineálacha prótacal tarchurtha a thairgeann na rannchuiditheoirí sonraí d’úsáideoirí eile, cén prótacal tarchuir a úsáidfear chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a tharchur go díreach chuig lárionad sonraí an CTP.
6.  
Ní bhfaighidh rannchuiditheoirí sonraí aon luach saothair as na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur ná as an bprótacal tarchurtha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, seachas an t-ioncam a gheofar de bhun Airteagal 27h(5), (6) agus (7).
7.  
Cuirfidh rannchuiditheoirí sonraí, i gcás inarb infheidhme, na hiarchuir a leagtar síos in Airteagail 7, 11 agus 11a, Airteagal 20(2) agus Airteagal 21(4) i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur chuig an CTP.
8.  
I gcás ina measfaidh an CTP nach leor cáilíocht na sonraí, tabharfaidh sé fógra dá réir d’údarás inniúil an rannchuiditheora sonraí. Déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is gá i gcomhréir le hAirteagal 38g den Rialachán seo agus le hAirteagail 69 agus 70 de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 22b

Cáilíocht sonraí

1.  
Na sonraí a tharchuirfear chuig an CTP de bhun Airteagal 22a(1) agus na sonraí a scaipfidh an CTP de bhun Airteagal 27h(1), pointe (d), comhlíonfaidh siad na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 4(6), pointe (a), Airteagal 7(2), pointe (a), Airteagal 11(4), pointe (a), agus Airteagal 11a(3), pointe (a), mura bhforáiltear a mhalairt sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointí (b) agus (d), den Airteagal seo.
2.  
Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa geallsealbhóirí faoin 29 Meitheamh 2024 chun comhairle a sholáthar maidir le cáilíocht agus substaint na sonraí agus maidir le cáilíocht an phrótacail tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 22a(1). Oibreoidh an sainghrúpa geallsealbhóirí agus ÚEUM i ndlúthchomhar le chéile. Déanfaidh an sainghrúpa geallsealbhóirí a chomhairle chur ar fáil don phobal.

Beidh an sainghrúpa geallsealbhóirí comhdhéanta de chomhaltaí a mbeidh raon leathan saineolais, scileanna, eolais agus taithí acu chun comhairle leordhóthanach a thabhairt.

Roghnófar comhaltaí an tsainghrúpa geallsealbhóirí tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Agus comhaltaí an tsainghrúpa geallsealbhóirí á roghnú aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad ina léiriú ar éagsúlacht na rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais.

Toghfaidh an sainghrúpa geallsealbhóirí Cathaoirleach as measc a chomhaltaí, ar feadh téarma 2 bhliain. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar Chathaoirleach an tsainghrúpa geallsealbhóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air aon uair a iarrfar sin.

3.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cáilíocht an phrótacail tarchurtha a shonrú, bearta chun aghaidh a thabhairt ar chaighdeáin tuairiscithe agus forfheidhmiúcháin earráideacha i ndáil le cáilíocht sonraí, lena n-áirítear socruithe maidir le comhar idir rannchuiditheoirí sonraí agus an CTP, agus, i gcás inar gá, cáilíocht agus substaint na sonraí le haghaidh oibriú na dteilitéipeanna comhdhlúite.

Sonrófar gach ceann de na nithe seo a leanas go háirithe leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

(a) 

na híoscheanglais maidir le cáilíocht na bprótacal tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 22a(1);

(b) 

cur i láthair na gcroí-shonraí margaidh atá le scaipeadh ag an CTP, i gcomhréir le caighdeáin agus cleachtais tionscail atá i réim;

(c) 

cad is tarchur sonraí “chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil” ann.

(d) 

i gcás inar gá, na sonraí is gá a tharchur chuig an CTP chun go mbeidh siad oibríochtúil, agus comhairle an tsainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun mhír 2 á cur san áireamh, lena n-áirítear substaint agus formáid na sonraí sin, i gcomhréir le caighdeáin agus cleachtais an tionscail atá i réim.

Chun críoch na chéad fhomhíre den mhír seo, cuirfidh ÚEUM san áireamh an chomhairle ón sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, forbairtí idirnáisiúnta, agus caighdeáin a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Áiritheoidh ÚEUM go gcuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos in Airteagail 3, 6, 8, 8a, 8b, 10, 11, 11a, 14, 20, 21 agus 27g.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 22c

Sioncrónú clog gnó

1.  
Déanfaidh ionaid trádála agus a gcomhaltaí, a rannpháirtithe nó a n-úsáideoirí, inmheánaitheoirí córasacha, eintitis fhoilsitheoireachta ainmnithe, APAnna agus CTPanna na cloig ghnó a úsáideann siad a shioncronú chun dáta agus am aon teagmhais intuairiscithe a thaifeadadh.
2.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chun an leibhéal cruinnis ar a bhfuil na cloig le sioncrónú a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 23

Oibleagáid trádála do ghnólachtaí infheistíochta

▼M8

1.  

Áiritheoidh gnólacht infheistíochta go ndéanfar na trádálacha a ghabhann sé de láimh i scaireanna a bhfuil Uimhir Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús (ISIN) an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) acu, agus a thrádáiltear ar ionad trádála, ar mhargadh rialáilte, ar MTF, ar inmheánaitheoir córasach nó ar ionad trádála tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 25(4), pointe (a), de Threoir 2014/65/AE, de réir mar is iomchuí, mura rud é:

(a) 

go ndéantar na scaireanna sin a thrádáil ar ionad tríú tír san airgeadra áitiúil nó in airgeadra nach airgeadra LEE é; nó

(b) 

go ndéantar na trádálacha sin idir contrapháirtithe incháilithe, idir contrapháirtithe gairmiúla nó idir contrapháirtithe incháilithe agus contrapháirtithe gairmiúla, agus nach gcuireann siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe.

▼B

2.  
Maidir le gnólacht infheistíochta a fheidhmeoidh mar chóras meaitseála inmheánach a fhorghníomhóidh orduithe cliant i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar bhonn iltaobhach, ní mór di a áirithiú go mbeidh sí údaraithe mar MTF faoi Threoir 2014/65/AE agus go gcomhlíonfaidh sí na forálacha uile a bhaineann leis na húdaruithe sin.
3.  

Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun saintréithe sonracha na n-idirbheart sin a shonrú i scaireanna nach gcuirfidh leis an bpróiseas praghas-aimsithe dá dtagraítear i mír 1, agus cásanna a chur san áireamh amhail:

(a) 

trádáil leachtachta nach féidir aghaidh a thabhairt uirthi; nó

(b) 

i gcás ina gcinnfear malartú na n-ionstraimí airgeadais sin le tosca seachas luacháil reatha na hionstraime airgeadais ar an margadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M7

Airteagal 23a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(6), Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagail 18(4) agus 27(1), Airteagal 34, Airteagail 40(5) agus 42(5), 44(2), 45(6) agus Airteagal 48 den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ). Is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

▼B

TEIDEAL IV

TUAIRISCIÚ IDIRBHEART

Airteagal 24

Oibleagáid chun sláine na margaí a chosaint

Gan dochar do leithdháileadh freagrachtaí chun forálacha Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014, a fhorfheidhmiú, déanfaidh údaráis inniúla arna gcomhordú ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faireachán ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn.

Airteagal 25

Oibleagáid chun taifid a choimeád

1.  
Coimeádfaidh gnólachtaí infheistíochta faoi réir an údaráis inniúil, ar feadh cúig bliana, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú agus le gach idirbheart in ionstraimí airgeadais a bheidh curtha i gcrích acu, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son cliaint. I gcás idirbheart a chuirfear i gcrích ar son cliant, beidh sna taifid an fhaisnéis agus na mionsonraí uile a bhaineann le céannacht an chliaint, agus an fhaisnéis is gá faoi Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Féadfaidh ÚEUM rochtain ar an bhfaisnéis sin a iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M9

2.  
Coimeádfaidh oibreoir ionaid trádála faoi réir an údaráis inniúil, ar feadh 5 bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a fhógrófar trína gcórais i bhformáid mheaisín-inléite agus trí úsáid a bhaint as teimpléad coiteann. Féadfaidh údarás inniúil an ionaid trádála na sonraí sin a iarraidh ar bhonn leanúnach. Beidh sna taifid na sonraí ábhartha is ionann agus saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear na saintréithe sin a nascfaidh ordú leis na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn ón ordú sin agus a ndéanfar sonraí an ordaithe ina leith a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus (3). Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordaithe i ndáil le rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar fhaisnéis faoin mír seo.
3.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí agus formáidí na sonraí ordaithe ábhartha is gá a choimeád faoi mhír 2 den Airteagal seo agus nach dtagraítear dóibh in Airteagal 26.

Áireofar ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin cód aitheantais an chomhalta nó an rannpháirtí a rinne an t-ordú a tharchur, cód aitheantais an ordaithe, an dáta agus an t-am a rinneadh an t-ordú a tharchur, saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear cineál an ordaithe, an srianphraghas más infheidhme, an tréimhse bailíochta, aon treoracha sonracha maidir le hordú, mionsonraí i ndáil le haon mhodhnú, aon chealú, nó forghníomhú páirteach nó iomlán an ordaithe, na gníomhaireachta nó na bunacmhainne.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Meán Fómhair 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 26

Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú

1.  
Déanfaidh gnólachtaí airgeadais a fhorghníomhóidh idirbhearta in ionstraimí airgeadais mionsonraí iomlána agus cruinne na n-idirbheart sin a thuairisciú don údarás inniúil chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre dár gcionn.

▼M8

Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 85 de Threoir 2014/65/AE, na socruithe is gá d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis inniúla seo a leanas an fhaisnéis sin freisin:

(a) 

údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta do na hionstraimí airgeadais sin;

(b) 

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta tarchuir;

(c) 

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na brainsí a bhí mar chuid den idirbheart; agus

(d) 

an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hionaid trádála a úsáidtear.

Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí do ÚEUM.

2.  

Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó a ndearnadh iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar, cé is moite d’idirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo ach amháin má dhéantar iad ar ionad trádála;

(b) 

ionstraimí airgeadais inarb é an luach foluiteach ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar;

(c) 

ionstraimí airgeadais inarb é an luach foluiteach innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar;

(d) 

díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar.

3.  
Áireofar sna tuarascálacha, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na n-ionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a díoladh, an chainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na dátaí éifeachtacha, praghsanna na n-idirbheart, ainmniú chun na páirtithe a shainaithint ar fhorghníomhaigh an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an t-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a shainaithint agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint. Áireofar sna tuarascálacha ar idirbheart a dhéanfar ag an ionad trádála cód aitheantais idirbhirt arna ghiniúint agus arna scaipeadh ag an ionad trádála ar chomhaltaí ceannaigh agus comhaltaí díola an ionaid trádála araon.

I gcás idirbhearta nach gcuirfear i gcrích ar ionad trádála, beidh ar áireamh sna tuarascálacha freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 20(3), pointe (a), agus Airteagal 21(5), pointe (a), den Rialachán seo. I gcás díorthaigh tráchtearraí, cuirfear in iúl sna tuarascálacha cibé an laghdóidh an t-idirbheart riosca ar shlí intomhaiste go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE.

▼B

4.  
Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta a tharchuireann orduithe san áireamh i dtarchur an ordaithe sin na mionsonraí uile a shonraítear i mír 1 agus i mír 3. Seachas na sonraí luaite a áireamh agus orduithe á dtarchur, féadfaidh gnólacht infheistíochta an t-ordú tarchurtha a thuairisciú, má fhorghníomhaítear é, mar idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1. Sa chás sin, luafar sa tuairisciú idirbheart ón ngnólacht infheistíochta go mbainfidh sé le hordú tarchurtha.

▼M8

5.  
Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar a ardán a bhforghníomhóidh aon chomhalta, rannpháirtí nó úsáideoir nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le míreanna 1 agus 3 iad trína gcórais.

▼B

6.  
Le linn tuairisciú ar an ainmniú chun na custaiméirí a shainaithint mar a éilítear faoi mhír 3 agus mhír 4, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta eintiteas dlíthiúil arna bhunú chun cliaint a shainaithint is daoine dlítheanacha.

Forbróidh ÚEUM faoin 3 Eanáir 2016 treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh cur i bhfeidhm aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh laistigh den Aontas caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.

7.  
Is é an gnólacht infheistíochta, ARM ag feidhmiú ar a shon féin, nó an t-ionad trádála ar cuireadh an t-idirbheart i gcrích trí bhíthin a chórais a thabharfaidh na tuairiscí don údarás inniúil, i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9.

Beidh freagracht ar ghnólachtaí infheistíochta as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil.

De mhaolú ar an bhfreagracht sin, i gcás ina dtuairisceoidh gnólacht infheistíochta mionsonraí na n-idirbheart sin trí ARM a bheidh ag gníomhú ar a shon nó thar ceann ionaid trádála, ní bheidh an gnólacht infheistíochta freagrach as teipeanna in iomláine, i gcruinneas nó i gcur isteach tráthúil na dtuarascálacha is inchurtha i leith an ARM nó an ionaid trádála. Sna cásanna sin agus faoi réir Airteagal 66(4) de Threoir 2014/65/AE beidh an ARM nó an t-ionad trádála freagrach as na teipeanna sin.

Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta bearta réasúnacha a dhéanamh, áfach, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na dtuarascálacha idirbhirt a fhíorú a cuireadh isteach ar a son.

Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála, agus tuairiscí á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeadh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a chothabháil i gcónaí. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a chothabháil agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí.

Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena n-áirítear stórtha trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a fhaomhadh mar ARM chun tuarascálacha idirbheart a tharchur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, mír 3 agus mír 9.

I gcás inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh formheasta mar ARM agus ina mbeidh sna tuarascálacha sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 1, mhír 3 agus mhír 9 agus ina ndéanfaidh an stór trádála iad a tharchur chuig an údarás inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta a leagtar síos i mír 1.

I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha idirbheart, ceartóidh an ARM, an gnólacht infheistíochta nó an t-ionad trádála an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuarascáil cheartaithe faoi bhráid an údaráis inniúil.

8.  
►M8  Déanfaidh gnólacht infheistíochta idirbhearta a fhorghníomhaítear go hiomlán nó go páirteach trína bhrainse a thuairisciú d’údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta. Cuirfidh brainse gnólachta tríú tír a thuarascálacha idirbhirt faoi bhráid an údaráis inniúil a d’údaraigh an brainse. I gcás ina bhfuil brainsí curtha ar bun ag gnólacht tríú tír i níos mó ná Ballstát amháin, cinnfidh na brainsí sin an t-údarás inniúil a gheobhaidh na tuarascálacha idirbhirt uile. ◄

I gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Threoir 2014/65/AE nuair a dhéanfar tuairiscí dá bhforáiltear faoin Airteagal sin a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla Bhallstát Baile an ghnólachta infheistíochta, mura gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit Bhaile nach mian leo an fhaisnéis sin a fháil.

9.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) 

caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a thuairisciú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun idirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuairiscí sin;

(b) 

na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;

▼M8

(c) 

tagairtí na n-ionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na dátaí éifeachtacha, praghsanna na n-idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na páirtithe a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an t-idirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an t-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an t-idirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuarascálacha idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3;

▼M8 —————

▼M8

(e) 

catagóirí ábhartha na n-innéacsanna a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2, pointe (c);

▼B

(f) 

na coinníollacha ar a ndéanfaidh na Ballstáit aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh a fhorbairt, a shannadh agus a chothabháil, i gcomhréir le mír 6, agus na coinníollacha faoina n-úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh sin chun foráil a dhéanamh, de bhun mhír 3, mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an ainmniú chun na cliaint a shainaithint sna tuarascálacha idirbheart a cheanglaítear orthu a bhunú de bhun mhír 1;

(g) 

oibleagáidí chun tuairisciú idirbheart a chur i bhfeidhm ar bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta;

(h) 

cad is idirbheart agus forghníomhú idirbhirt ann chun críche an Airteagail seo;

(i) 

nuair a mheasfar go mbeidh ordú tarchurtha ag gnólacht infheistíochta chun críocha mhír 4;

▼M8

(j) 

na coinníollacha chun idirbhearta sonracha a nascadh agus na modhanna chun orduithe comhiomlánaithe a shainaithint a mbeidh forghníomhú idirbhirt mar thoradh orthu; agus

(k) 

an dáta a bhfuil na hidirbhearta le tuairisciú faoi.

▼M8

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

▼B

10.  
Faoin ►M1  3 Eanáir 2020 ◄ , déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an Airteagal seo, lena n-áirítear a idirghníomhú leis na hoibleagáidí tuairiscithe gaolmhara faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus i dtaobh an gcumasófar le hinneachar agus le formáid na dtuairiscí idirbheart a gheofar agus a mhalartófar idir na húdaráis inniúla ar shlí chuimsitheach faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe a mholadh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a tharchur chuig córas aonair amháin arna cheapadh ag ÚEUM seachas chuig údaráis inniúla. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ÚEUM ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

▼M8

11.  

Faoin 29 Márta 2028, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin lena ndéantar measúnú ar an bhféidearthacht a bhaineann le comhtháthú níos mó a dhéanamh i dtuairisciú idirbheart agus cuíchóiriú sreafaí sonraí de bhun an Airteagail seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a laghdú maidir leis an tuairisciú ar shonraí idirbheart, agus go háirithe ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365 agus i ngníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais;

(b) 

feabhas a chur ar an gcaighdeánú sonraí agus ar chomhroinnt agus ar úsáid éifeachtúil sonraí a thuairiscíonn aon údarás inniúil ábhartha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

Agus an tuarascáil á hullmhú, oibreoidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar le comhlachtaí eile an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

▼M3

Airteagal 27

Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar

►M8  

Maidir le hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó i gcás ina bhfuil trádáil na hionstraime eisithe formheasta ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil iarraidh ar ligean isteach chun a dtrádála déanta, cuirfidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta ar fáil do ÚEUM chun críocha tuairisciú idirbheart de bhun Airteagal 26 agus chun críche na gceanglas trédhearcachta faoi Airteagail 3, 6, 8, 8a, 8b, 10, 14, 20 agus 21.

Maidir le díorthaigh thar an gcuntar, beidh sonraí tagartha sainaitheanta bunaithe ar aitheantóir táirge uathúil arna chomhaontú go domhanda agus ar aon sonraí tagartha sainaitheanta ábhartha eile.

Maidir le díorthaigh thar an gcuntar nach gcumhdaítear leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 26(2), déanfaidh gach eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe na sonraí tagartha sainaitheanta a sholáthar do ÚEUM.

 ◄

Ullmhófar sonraí tagartha aitheantais lena gcur faoi bhráid ÚEUM i bhformáid leictreonach agus chaighdeánaithe sula dtosóidh an trádáil san ionstraim airgeadais dá dtagraíonn na sonraí sin. Tabharfar sonraí tagartha na hionstraime airgeadais cothrom le dáta uair ar bith a thiocfaidh athrú ar na sonraí i leith ionstraim airgeadais. Foilseoidh ÚEUM na sonraí tagartha sin láithreach ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh ÚEUM rochtain gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla ar na sonraí tagartha sin.

2.  

Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla na socruithe is gá a bhunú chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go bhfaigheann ÚEUM go héifeachtach na sonraí tagartha ionstraime airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(b) 

gurb iomchuí caighdeán na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú;

(c) 

go dtarchuirfear na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo go héifeachtúil agus gan mhoill míchuí chuig na húdaráis inniúla ábhartha.

(d) 

go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla chun saincheisteanna maidir le seachadadh sonraí agus cáilíocht sonraí a réiteach.

3.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) 

caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar do ÚEUM agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;

(b) 

bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2;

▼M8

(c) 

an dáta a bhfuil na sonraí tagartha le tuairisciú faoi.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á ndréachtú ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365.

▼M3

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.  

Féadfaidh ÚEUM na hoibleagáidí tuairiscithe a shonraítear i mír 1 a chur ar fionraí i gcás ionstraimí airgeadais áirithe nó i gcás na n-ionstraimí airgeadais go léir ach na tosca uile seo a leanas a bheith ann:

(a) 

tá an fhionraí riachtanach chun sláine agus cáilíocht na sonraí tagartha a chaomhnú faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe mar a shonraítear i mír 1, rud a d’fhéadfadh a bheith i mbaol de dheasca aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

neamhiomláine thromchúiseach, míchruinneas nó truailliú na sonraí arna gcur isteach, nó

(ii) 

i gcás nach mbeidh rochtain thráthúil ar na córais lena ndéanann ÚEUM, údaráis inniúla náisiúnta, bonneagair mhargaidh, córais imréitigh agus socraíochta, agus rannpháirtithe tábhachtacha margaidh na sonraí tagartha lena mbaineann a chur isteach, a bhailiú, a phróiseáil nó a stóráil, nó i gcás ina mbeidh cur isteach nó damáiste déanta ar fheidhmiú na gcóras sin;

(b) 

nach rachaidh na ceanglais rialála atá infheidhme i ngleic leis an mbaol;

(c) 

nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an bhfionraí ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;

(d) 

nach gcruthóidh an fhionraí arbatráiste rialála.

Agus an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh a mhéid a áirithíonn an beart cruinneas agus iomláine na sonraí arna dtuairisciú chun na gcríoch atá sonraithe i mír 2.

Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shonrú ghlacadh agus na himthosca ina scoirfidh an fhionraí dá dtagraítear san fhomhír sin d’fheidhm a bheith aige.

▼M8

5.  
Faoin 29 Meitheamh 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na sonraí tagartha sainaitheanta a úsáidfear maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2) agus in Airteagail 10 agus 21.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí tagartha sainaitheanta a shonrú atá le húsáid maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha Airteagal 26.

▼M3

TEIDEAL IVa

SEIRBHÍSÍ TUAIRISCITHE SONRAÍ

CAIBIDIL 1

Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

Airteagal 27a

Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn údarás inniúil náisiúnta údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 27b

Ceanglas maidir le húdarú

1.  
Beidh feidhmiú APA, CTP nó ARM mar ghairm bheatha nó gnó rialta faoi réir údarú roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Teideal seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, beidh APA nó ARM sainaitheanta i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) faoi réir ag réamhúdarú agus mhaoirseacht an údaráis inniúil náisiúnta ábhartha i gcomhréir leis an Teideal seo.

2.  
Féadfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála seirbhísí APA, CTP nó ARM a sholáthar freisin ach fíorú a fháil ón ÚEUM nó ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha roimh ré go bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh sin ag comhlíonadh an Teidil seo. Cuirfear soláthar na seirbhísí sin san áireamh san údarú a ghabhann leo.
3.  
Bunóidh ÚEUM liosta de na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí go léir san Aontas. Beidh an clár ar fáil go poiblí agus beidh faisnéis ann maidir leis na seirbhísí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe ina leith agus tabharfar cothrom le dáta é go rialta.

I gcás ina bhfuil údarú tarraingthe siar ag ÚEUM nó ag údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 27e, foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár go ceann tréimhse cúig bliana.

4.  
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a gcuid seirbhísí ar fáil faoi mhaoirseacht ÚEUM nó an údaráis inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha. Déanfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú rialta ar chomhlíontacht na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo. Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, faireachán chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhlíontacht i gcónaí leis na coinníollacha don chéad údarú arna mbunú faoin Teideal seo.

Airteagal 27c

Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

1.  

Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú chun críoch an Teidil seo i gcás:

(a) 

inar duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí; agus

(b) 

ina gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na ceanglais a leagtar síos sa Teideal seo.

2.  
Sonrófar san údarú dá dtagraítear i mír 1 an tseirbhís tuairiscithe sonraí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe lena cur ar fáil. I gcás ina bhféachann soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena ghnó a shíneadh chuig seirbhísí tuairiscithe sonraí breise, cuirfidh sé iarratas ar shíneadh an údaraithe sin faoi bhráid ÚEUM, nó an údaráis inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha.
3.  
Déanfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí na coinníollacha a chomhlíonadh i gcónaí maidir leis an údarú dá dtagraítear sa Teideal seo. Tabharfaidh soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí údaraithe fógra do ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, nó don údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha le haghaidh údaraithe.
4.  
Beidh éifeacht leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 agus beidh sé bailí i gcríocha an Aontais ina n-iomláine, agus ceadóidh sé don soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na seirbhísí a bhfuil údarú faighte aige ina leith a chur ar fáil ar fud an Aontais.

Airteagal 27d

▼M8

Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh ARManna agus APAnna a dheonú agus a dhiúltú

1.  
An APA nó ARM atá ina iarratasóir, cuirfidh sé iarratas isteach ina mbeidh an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go mbeidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, in ann a dhearbhú go bhfuil na socruithe go léir atá riachtanach curtha i bhfeidhm ag an APA nó an ARM, tráth an údaraithe tosaigh, chun a oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Teidil seo, lena n-áirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.
2.  
Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, measúnú i dtaobh cibé an bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán.

Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, spriocdháta síos faoina mbeidh ar an APA nó an ARM faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis dó a mheas go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, fógra don APA nó don ARM dá réir.

3.  
Déanfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, faoi cheann 6 mhí ón uair a fhaightear iarratas iomlán, meastóireacht ar chomhlíontacht an APA nó an ARM leis an Teideal seo. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú, agus cuirfidh sé an APA nó ARM is iarratasóir ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá tar éis é a ghlacadh.

▼M3

4.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear:

(a) 

an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil dó faoi mhír 1, lena n-áirítear an clár oibríochtaí;

▼M8

(b) 

an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) a mhéid a bhaineann le APAnna agus ARManna.

▼M3

Déantar de chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.  
►M8  Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis atá le tabhairt de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) maidir le APAnna agus ARManna a chinneadh. ◄

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 27da

Nós imeachta chun CTP aonair a roghnú le haghaidh gach aicme sócmhainní

1.  

I gcás gach ceann de na haicmí sócmhainní seo a leanas, eagróidh ÚEUM nós imeachta roghnúcháin ar leithligh chun CTP aonair a cheapadh ar feadh tréimhse 5 bliana:

(a) 

bannaí;

(b) 

scaireanna agus ETFanna; agus

(c) 

díorthaigh thar an gcuntar nó fo-aicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar.

Tionscnóidh ÚEUM an chéad nós imeachta roghnúcháin de bhun na chéad fhomhíre, pointe (a), faoin 29 Nollaig 2024.

Tionscnóidh ÚEUM an chéad nós imeachta roghnúcháin de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), laistigh de 6 mhí tar éis an nós imeachta roghnúcháin a thionscnamh de bhun na chéad fhomhíre, pointe (a).

Tionscnóidh ÚEUM an chéad nós imeachta roghnúcháin de bhun na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo laistigh de 3 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 27(5) agus tráth nach luaithe ná 6 mhí ó thionscnamh an nós imeachta roghnúcháin a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo.

Tionscnóidh ÚEUM nósanna imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin de bhun na chéad fhomhíre in am ionas go mbeifear in ann leanúint de sholáthar na teilitéipe comhdhlúite gan cur isteach air.

2.  

Le haghaidh gach ceann de na haicmí sócmhainní dá dtagraítear i mír 1, roghnóidh ÚEUM an t-iarratasóir atá oiriúnach chun an teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a) 

cumas teicniúil an iarratasóra teilitéip chomhdhlúite athléimneach a sholáthar ar fud an Aontais;

(b) 

cumas an iarratasóra na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h a chomhlíonadh;

(c) 

cumas an iarratasóra sonraí an méid seo a leanas a fháil, a chomhdhlúthú agus a scaipeadh, de réir mar is infheidhme:

(i) 

i gcás scaireanna agus EFTanna, sonraí réamhthrádála agus iarthrádála;

(ii) 

i gcás bannaí, sonraí iarthrádála;

(iii) 

i gcás díorthaigh thar an gcuntar, sonraí iarthrádála;

(d) 

leordhóthanacht struchtúr rialachais an iarratasóra;

(e) 

an luas ar ar féidir leis an iarratasóir croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála a scaipeadh;

(f) 

oiriúnacht mhodhanna agus shocruithe an iarratasóra chun cáilíocht sonraí a áirithiú;

(g) 

an caiteachas iomlán a theastaíonn ón iarratasóir chun an teilitéip chomhdhlúite a fhorbairt agus na costais a bhaineann leis an teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar bhonn leanúnach;

(h) 

leibhéal na dtáillí a bheartaíonn an t-iarratasóir a ghearradh ar chineálacha éagsúla úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite, simplíocht a tháillí agus a shamhlacha ceadúnaithe, agus comhlíonadh Airteagal 13;

(i) 

maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh bannaí, socruithe a bheith ann maidir le hathdháileadh ioncaim i gcomhréir le hAirteagal 27h(5);

(j) 

an úsáid a bhaineann an t-iarratasóir as teicneolaíochtaí comhéadain nua-aimseartha le haghaidh scaipeadh croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála agus le haghaidh nascachta;

(k) 

oiriúnacht na socruithe a chuir an t-iarratasóir i bhfeidhm chun taifid a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 27 ha(3);

(l) 

cumas an iarratasóra athléimneacht agus leanúnachas gnó a áirithiú, agus na socruithe a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir iad a chur i bhfeidhm chun éarthaí agus cibir-riosca a mhaolú agus aghaidh a thabhairt orthu;

(m) 

na socruithe a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir iad a chur i bhfeidhm chun an tomhaltas fuinnimh a ghintear trí bhailiú, próiseáil agus stóráil sonraí a mhaolú;

(n) 

i gcás ina gcuireann comhiarratasóirí iarratas isteach, an gá atá ann, ó thaobh na hacmhainneachta teicniúla agus lóistíochta de, go ndéanfadh gach iarratasóir iarratas go comhpháirteach.

3.  
Soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis go léir is gá chun a chur ar chumas ÚEUM a dheimhniú go bhfuil na socruithe go léir is gá curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir, tráth a rinneadh an t-iarratas, chun na critéir a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h a chomhlíonadh.
4.  
Laistigh de 6 mhí ó gach nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 a thionscnamh, glacfaidh ÚEUM cinneadh réasúnaithe lena roghnófar an t-iarratasóir a bheidh oiriúnach chun an teilitéip chomhdhlúite a oibriú agus ina n-iarrfar air iarratas ar údarú a chur isteach gan moill mhíchuí.
5.  
I gcás nár roghnaíodh aon iarratasóir de bhun an Airteagail seo nó nár údaraíodh aon iarratasóir de bhun Airteagal 27db, tionscnóidh ÚEUM nós imeachta roghnúcháin nua laistigh de 6 mhí ó dheireadh an nós imeachta roghnúcháin nó údarúcháin nár éirigh leis.

Airteagal 27db

Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh CTPanna a dheonú agus a dhiúltú

1.  
Soláthróidh an t-iarratasóir ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 27da(4) an fhaisnéis uile is gá chun a chur ar chumas ÚEUM a dheimhniú go bhfuil na socruithe uile is gá curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir, tráth an iarratais ar údarú, chun na critéir a leagtar síos in Airteagal 27da(2) a chomhlíonadh.
2.  
Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar cibé an bhfuil an t-iarratas iomlán.

Mura bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán, tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir.

3.  
Laistigh de 3 mhí tar éis dó iarratas iomlán ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar chomhlíonadh an Teidil seo ag an iarratasóir. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú, agus cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá oibre tar éis dháta glactha an chinnidh réasúnaithe sin. Sonrófar i gcinneadh lena ndeonaítear údarú na coinníollacha faoina bhfuil an t-iarratasóir le hoibriú.
4.  
Tar éis údarú a fháil de bhun mhír 3, féadfaidh ÚEUM idirthréimhse a dheonú don iarratasóir atá údaraithe mar CTP chun na socruithe oibríochtúla agus teicniúla is gá a chur i bhfeidhm.
5.  
Comhlíonfaidh an CTP i gcónaí na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h agus na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh réasúnaithe lena n-údaraítear an CTP dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Aon CTP nach bhfuil in ann na ceanglais agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

6.  
Ní bheidh feidhm ag tarraingt siar an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 27e go dtí go ndéanfar CTP nua a roghnú agus a údarú don aicme sócmhainní lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 27da agus 27db.
7.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear an méid seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1;

(b) 

an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) a mhéid a bhaineann le CTPanna.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) maidir le CTPanna a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M3

Airteagal 27e

Údarú a tharraingt siar

1.  

Féadfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, údarú soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí a tharraingt siar i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí mar seo a leanas:

(a) 

gan an t-údarú a úsáid laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t-údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b) 

an t-údarú a fháil trí ráitis bhréige nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c) 

gan na coinníollacha faoinar cláraíodh é a bheith á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(d) 

an Rialacháin seo a shárú go tromchúiseach agus go córasach.

2.  
Gan aon mhoill mhíchuí, déanfaidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí bunaithe a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe chun sonraí a tharraingt siar.

▼M8

3.  
Soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí óna bhfuil an t-údarú le tarraingt siar, áiritheoidh sé ionadú ordúil, lena n-áirítear aistriú sonraí chuig soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí eile, fógra cuí a thabhairt chuig a chliaint agus atreorú sreafaí tuairiscithe chuig soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí eile roimh an tarraingt siar.

▼M3

Airteagal 27f

Ceanglais maidir le comhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí

1.  
Beidh dea-cháil leordhóthanach ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcónaí, beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach i gcónaí aige, agus caithfidh sé, i gcónaí, a dhóthain ama i mbun fheidhmiú a dhualgais.

Beidh a dhóthain eolais, scileanna agus taithí leordhóthanach ag an gcomhlacht bainistíochta chun gníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a thuiscint. Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go macánta, go hiontaofa agus go neamhspleách ó thaobh smaointe de chun cinntí lucht bainistíochta sinsearaí a cheistiú go héifeachtach más gá, agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta.

I gcás ina n-iarrann oibreoir margaidh údarú chun APA, CTP nó ARM a fheidhmiú de bhun Airteagal 27d agus gur comhaltaí de bhord bainistíochta an mhargaidh rialáilte comhaltaí bhord bainistíochta an APA, an CTP nó an ARM sin, measfar na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír a bheith á chomhlíonadh ag na daoine sin.

2.  
Cuirfidh soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí ÚEUM, nó an t-údarás inniúil i gcás inarb ábhartha, ar an eolas faoi ainmneacha gach comhalta dá bhord bainistíochta agus faoi aon athrú a thiocfaidh ar chomhaltas an bhoird, mar aon leis an bhfaisnéis go léir is gá chun a mheas an bhfuil an t-eintiteas i gcomhréir le mír 1.
3.  
Déanfaidh bord bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí cur chun feidhme na socruithe rialachais a shainmhíniú agus a mhaoirsiú lena n-áirithítear go ndéanfar eagraíocht a bhainistiú go héifeachtach stuama lena n-áirítear cúraimí a leithscaradh san eagraíocht, agus coinbhleachtaí leasa a chosc, agus é sin ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh agus leas a chuid cliant chun cinn.

▼M8

4.  
Déanfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, údarú a dhiúltú nó a tharraingt siar mura deimhin leis go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le fírinne, nó má bhíonn foras soiléir inléirithe lena chreidiúint, mar thoradh ar na hathruithe arna moladh ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, go ndéanfaí bainistíocht fhónta stuama an ghnó agus aird leormhaith ar leas na gcliant agus sláine an mhargaidh a chur i mbaol.

▼M3

5.  
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoin 1 Eanáir 2021 le haghaidh measúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bhfuil tuairisc uirthi i mír 1, agus ag cur san áireamh na ról agus na bhfeidhmeanna éagsúla a dhéanann siad agus an gá atá le coinbhleachtaí leasa idir comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus úsáideoirí APA, CTP nó ARM a sheachaint.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 2

Coinníollacha maidir le APAnna, CTPanna agus ARManna

Airteagal 27g

Ceanglais eagraíochtúla maidir le APAnna

1.  
Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha ag APA chun an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 a phoibliú chomh comhthráthach agus is féidir go teicniúil leis an bhfíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh APA in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí ina n-áiritheofar go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáid lena n-éascaítear comhdhlúthú na faisnéise le sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile.
2.  

Beidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a phoibleoidh APA i gcomhréir le mír 1:

(a) 

aitheantóir na hionstraime airgeadais;

(b) 

an praghas lenar tugadh an t-idirbheart i gcrích;

(c) 

méid an idirbhirt;

(d) 

am an idirbhirt;

(e) 

an t-am a tuairiscíodh an t-idirbheart;

(f) 

anótáil praghais an idirbhirt;

(g) 

an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t-idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód “thar an gcuntar”;

(h) 

más infheidhme, comhartha go raibh an t-idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.

3.  
Déanfaidh APA socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chuid cliant a chosc. Maidir le APA go háirithe ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a dhéanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil, agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú ó chéile.

▼M6

4.  
Comhlíonfaidh APA na ceanglais a bhaineann le slándáil córas gréasán agus faisnéise a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) .

▼M8

4a.  
Beidh ceanglais oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus atá nochta go poiblí ag APA maidir le rochtain ar a sheirbhísí ag gnóthais atá faoi réir na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus Airteagal 21(1).

Nochtfaidh APA go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí tuairiscithe sonraí dá bhforáiltear de bhun an Rialacháin seo. Nochtfaidh sé ar bhonn leithligh na praghsanna agus na táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint astu. Ceadóidh sé d’eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar bhonn leithligh.

4b.  
Déanfaidh APA taifeadtaí a bhaineann lena ghnó a choimeád faoi réir don údarás inniúil ábhartha nó ÚEUM ar feadh 5 bliana ar a laghad.

▼M3

5.  
Beidh córais i bhfeidhm ag APA lenar féidir tuarascálacha trádála a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire a shainaithint, agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.
6.  
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun formáidí coiteanna, caighdeáin sonraí agus socruithe teicniúla maidir le comhdhlúthú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8 —————

▼M3

8.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) 

na modhanna ina bhféadfaidh APA an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;

(b) 

inneachar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoin Airteagal seo;

▼M6

(c) 

na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i míreanna 3 agus 5.

▼M3

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 27h

Ceanglais eagraíochtúla maidir le CTPanna

1.  

Déanfaidh CTP na nithe seo a leanas, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 27db:

(a) 

na sonraí go léir arna dtarchur ag rannchuiditheoirí sonraí i ndáil leis an aicme sócmhainní a bhfuil sé údaraithe ina leith a bhailiú;

(b) 

táillí a bhailiú ó úsáideoirí, agus rochtain, saor in aisce, ar an teilitéip chomhdhlúite á soláthar d’infheisteoirí miondíola, d’acadóirí, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’údaráis inniúla;

(c) 

i gcás na teilitéipe comhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, cuid dá ioncam a athdháileadh i gcomhréir le mír 6;

(d) 

croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála a scaipeadh ar úsáideoirí mar shruth sonraí beo leictreonach leanúnach ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil;

(e) 

a áirithiú go bhfuil na croí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála inrochtana go héasca, inléite ag meaisín agus inúsáidte do gach úsáideoir, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola;

(f) 

córais a bheith i bhfeidhm aige lenar féidir iomláine na sonraí arna dtarchur ag rannchuiditheoirí sonraí a sheiceáil go héifeachtach, earráidí soiléire a shainaithint, agus a iarraidh go gcuirfí isteach arís na sonraí;

(g) 

i gcás ina bhfuil CTP á rialú ag grúpa oibreoirí eacnamaíocha, córas comhlíontachta a bheith i bhfeidhm aige chun a áirithiú nach mbeidh saobhadh ar an iomaíocht mar thoradh ar oibriú na teilitéipe comhdhlúite.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), ní dhéanfaidh CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna an cód aitheantóra margaidh a fhoilsiú agus an scothphraghas Eorpach tairisceana agus ofrála á scaipeadh aige don phobal chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil.

2.  

Déanfaidh CTP caighdeáin ar leibhéal na seirbhíse a ghlacadh, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta lena gcumhdófar gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

fardal rannchuiditheoirí sonraí óna bhfaightear sonraí margaidh;

(b) 

modhanna agus luas seachadta croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála d’úsáideoirí;

(c) 

bearta a dhéantar chun leanúnachas oibríochtúil a áirithiú maidir le croí-shonraí margaidh comhdhlúite agus sonraí rialála a sholáthar.

3.  
Beidh socruithe fónta slándála i bhfeidhm ag CTP, socruithe a cheaptar chun slándáil an mhodha aistrithe sonraí idir na rannchuiditheoirí sonraí agus an CTP agus idir an CTP agus na húsáideoirí a áirithiú agus chun an riosca a bhaineann le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú. Déanfaidh an CTP acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i rith an ama.
4.  
Maidir le gach ceann de na haicmí sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 27da(1), foilseoidh CTP liosta de na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite, lena léireofar a sonraí tagartha sainaitheanta.

Tabharfaidh an CTP rochtain, saor in aisce, ar a liosta, agus áiritheoidh sé go ndéanfar an liosta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, chun léargas cuimsitheach a thabhairt ar na hionstraimí airgeadais go léir a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite.

5.  
Féadfaidh CTP le haghaidh ionstraimí airgeadais seachas scaireanna agus ETFanna cuid den ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite a athdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí.
6.  

Déanfaidh CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna cuid den ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite a athdháileadh, mar a léirítear sa chinneadh réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27db(3), ar rannchuiditheoirí sonraí a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas (“an scéim athdháilte ioncaim”):

(a) 

is margadh beag rialáilte nó margadh fáis FBManna é an rannchuiditheoir sonraí arb ionann a mhéid bliantúil trádála scaireanna agus 1 % nó níos lú de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas (“ionad trádála beag”);

(b) 

is ionad trádála é an rannchuiditheoir sonraí a sholáthair ligean isteach tosaigh do thrádáil scaireanna nó ETFanna an 27 Márta 2019 nó ina dhiaidh sin;

(c) 

déanann ionad trádála na sonraí a tharchur agus baineann siad le hidirbhearta i scaireanna agus ETFanna atá tugtha i gcrích ar chóras trádála lena soláthraítear trédhearcacht réamhthrádála, i gcás nár tháinig na hidirbhearta sin as orduithe a bhí faoi réir tarscaoileadh ó thrédhearcacht réamhthrádála de bhun Airteagal 4(1), pointe (c).

7.  

Chun críocha na scéime athdháilte ioncaim, cuirfidh an CTP an méid trádála seo a leanas san áireamh (“an méid trádála ábhartha”):

(a) 

chun críocha mhír 6, pointe (a), an méid trádála bliantúil iomlán arna ghiniúint ag an ionad trádála sin;

(b) 

chun críocha mhír 6, pointe (b):

(i) 

i gcás ionaid trádála bheaga, a méid trádála bliantúil iomlán;

(ii) 

i gcás ionaid trádála seachas ionaid trádála bheaga, an méid trádála a bhaineann leis na scaireanna agus leis na ETFanna dá dtagraítear sa phointe sin;

(c) 

chun críocha mhír 6, pointe (c), an méid a bhaineann leis na scaireanna agus le ETFanna dá dtagraítear sa phointe sin.

Déanfaidh an CTP méid an ioncaim a bheidh le hathdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí faoin scéim athdháilte ioncaim a chinneadh tríd an méid trádála ábhartha a iolrú faoin ualú a shanntar do gach critéar a leagtar síos i mír 6, mar a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 8.

Má chomhlíonann ionaid trádála níos mó ná ceann amháin de na critéir a leagtar síos i mír 6, cuirfear go carnach na méideanna a eascraíonn as an ríomh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

8.  

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena ndéanfar na nithe seo a leanas:

(a) 

an t-ualú a shanntar do gach critéar a leagtar síos i mír 6 a shonrú;

(b) 

sonrú breise a dhéanamh ar an modh chun méid an ioncaim a bheidh le hathdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír, a ríomh;

(c) 

na critéir a shonrú faoina bhféadfaidh an CTP, i gcás ina gcruthóidh an CTP gur sháraigh rannchuiditheoir sonraí go tromchúiseach agus arís agus arís eile na ceanglais sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22a, Airteagal 22b agus Airteagal 22c, rannpháirtíocht an rannchuiditheora sonraí sin sa scéim athdháilte ioncaim a chur ar fionraí go sealadach, agus na coinníollacha a shonrú nach mór an CTP an méid seo a leanas a dhéanamh fúthu:

(i) 

athdháileadh ioncaim a atosú; agus

(ii) 

i gcás nár sáraíodh na ceanglais sin, an t-ioncam a coinníodh móide ús a sholáthar don rannchuiditheoir sonraí sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, beidh ualú níos airde ag an gcritéar a leagtar síos i mír 6, pointe (a), ná an critéar a leagtar síos i bpointe (b) den mhír sin, agus beidh ualú níos airde ag an gcritéar a leagtar síos i bpointe (b) den mhír sin ná an critéar a leagtar síos i bpointe (c) den mhír sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 27ha

Oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh CTPanna

1.  
Gach bliain, foilseoidh CTP staidreamh feidhmíochta agus tuarascálacha teagmhais a bhaineann le cáilíocht sonraí agus córais sonraí ar a láithreán gréasáin. Beidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar na staitisticí feidhmíochta sin agus ar na tuarascálacha teagmhais sin.
2.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ábhar, uainiú, formáid agus téarmaíocht na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.  
Déanfaidh CTP taifeadtaí a bhaineann lena ghnó a choimeád faoi réir an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM ar feadh 5 bliana ar a laghad.

▼M3

Airteagal 27i

Ceanglais eagraíochtúla maidir le ARManna

1.  
Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag sásra tuairiscithe formheasta (ARM) chun an fhaisnéis a thuairisciú a cheanglaítear faoi Airteagal 26 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre tar éis an lae a rinneadh an t-idirbheart.
2.  
Déanfaidh ARM socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le ARM ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.

▼M6

3.  
Comhlíonfaidh ARM na ceanglais maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2554.

▼M3

4.  
Beidh córais i bhfeidhm ag ARM lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire arna ndéanamh ag an ngnólacht infheistíochta a shainaithint, agus i gcás ina mbeidh earráid nó easnamh den sórt sin ann, sonraí faoin earráid nó easnamh a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.

Beidh córais i bhfeidhm ag ARM chun gur féidir le ARM earráidí nó easnaimh arna ndéanamh ag ARM féin a bhrath agus gur féidir le ARM tuarascálacha idirbheart a cheartú agus a tharchur, nó tuarascálacha idirbheart atá cruinn agus iomlán a atarchur, de réir mar a bheidh, chuig an údarás inniúil.

▼M8

4a.  
Beidh ceanglais oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus atá nochta go poiblí ag ARM maidir le rochtain ar a sheirbhísí ag gnóthais atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 26.

Nochtfaidh ARM go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí tuairiscithe sonraí dá bhforáiltear de bhun an Rialacháin seo. Nochtfaidh sé ar bhonn leithligh na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint astu. Ceadóidh sé d’eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar bhonn leithligh. Beidh na praghsanna agus na táillí a ghearrfaidh ARM bainteach leis an gcostas.

4b.  
Déanfaidh ARM taifeadtaí a bhaineann lena ghnó a choimeád faoi réir an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM ar feadh 5 bliana ar a laghad.

▼M3

5.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) 

na modhanna ina bhféadfaidh ARM an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh; agus

▼M6

(b) 

na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i míreanna 2 agus 4.

▼M3

Tugtar an chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

TEIDEAL V

DÍORTHAIGH

Airteagal 28

Oibleagáid chun trádáil ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna

1.  

►M8  Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 idirbhearta a thabhairt i gcrích le contrapháirtithe airgeadais eile den sórt sin nó le contrapháirtithe neamhairgeadais eile den sórt sin i ndíorthaigh a bhaineann le haicme díorthaigh a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide trádála i gcomhréir le hAirteagal 32 agus atá liostaithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34, agus orthu seo amháin: ◄

(a) 

margaí rialáilte;

(b) 

MTFanna;

(c) 

OTFanna; nó

(d) 

ionaid trádála tríú tír, ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 agus ar choinníoll go bhforálfaidh an tríú tír córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt d’ionaid trádála a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE chun díorthaigh a ligean isteach chun a dtrádála nó a thrádáil a bheidh dearbhaithe faoi réir oibleagáide trádála sa tríú tír sin ar bhonn neamheisiach.

2.  
►M8  ————— ◄

Déanfaidh ÚEUM faireachán rialta ar an ngníomhaíocht i ndíorthaigh nach mbeidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála arna tuairisciú i mír 1 chun cásanna sonracha a shainaithint ina bhféadfaidh aicme conarthaí a bheith ina riosca sistéamach agus chun arbatráiste rialála a chosc idir idirbhearta díorthach a bheidh faoi réir na hoibleagáide trádála agus idirbhearta díorthach nach mbeidh faoi réir na hoibleagáide trádála.

▼M8

2a.  
Idirbhearta i ndíorthaigh atá díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh nó nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh siad faoi réir na hoibleagáide trádála.

▼B

3.  
Beidh díorthaigh arna ndearbhú faoi réir na hoibleagáide trádála de bhun mhír 1 incháilithe lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun trádáil ar ionad trádála ar bith dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn neamheisiach agus neamh-idirdhealaitheach.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2), cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go mbeidh ionad trádála a bheidh údaraithe sa tríú tír sin ag comhlíonadh na gceanglas atá ceangailteach de réir an dlí, i gcás ina mbeidh na ceanglais sin comhionann leis na ceanglais ar na hionaid trádála dá dtagraítear i mír 1(a), (b) nó (c) den Airteagal seo, a thig ón Rialachán seo, ó Threoir 2014/65/AE, agus ó Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe sa tríú tír sin.

Is chun incháilitheacht a chinneadh mar ionad trádála do dhíorthaigh faoi réir na hoibleagáide trádála a bheidh na cinntí sin, agus chuige sin amháin.

Meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

▼M8

(b) 

tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag ionaid trádála ionas gur féidir díorthaigh a thrádáil ar bhealach cothrom, ordúil agus éifeachtúil, agus ionas gur féidir iad a chaibidliú gan bhac;

▼B

(c) 

beidh eisitheoirí ionstraimí airgeadais faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach a áirithíonn leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí;

(d) 

áiritheoidh sé trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí rialacha lena dtugtar aghaidh ar dhrochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh.

Féadfaidh cinneadh ón gCoimisiún faoin mír seo a bheith teoranta do chatagóir nó do chatagóirí ionad trádála. Sa chás sin, ní chuirfear ionad trádála tríú tír san áireamh i mír 1(d) ach amháin má thagann sé faoi réim chatagóir a chlúdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

5.  
Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha acu laistigh den Aontas agus na cásanna inar gá nó inarb iomchuí an oibleagáid trádála chun cosc a chur le himghabháil aon fhoráil den Rialachán sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, beidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír sin comhionann leis na cinn sin arna nglacadh faoi Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 29

Oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte agus am glactha leis an imréiteach

1.  
Áiritheoidh oibreoir margaidh rialáilte go n-imréiteoidh CCP gach idirbheart maidir le díorthaigh a thugtar i gcrích ar an margadh rialáilte sin.
2.  
Maidir le CCPanna, ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta a ghníomhóidh mar chomhaltaí imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 2(14) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh córais éifeachtacha, nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm acu i ndáil le díorthaigh imréitithe lena n-áirithiú go gcuirfear idirbhearta i ndíorthaigh imréitithe isteach agus go nglacfar iad le himréiteach chomh tapa is féidir ó thaobh cúrsaí teicniúla de nuair a bheidh córais uathoibríocha á n-úsáid.

Sa mhír seo, ciallaíonn “díorthaigh imréitithe”:

(a) 

gach díorthach a bheidh le himréiteach de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi mhír 1 den Airteagal seo nó de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b) 

gach díorthach a bheidh le himréiteach a chomhaontóidh na páirtithe ábhartha ar shlí eile.

3.  
Forbróidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na híoscheanglais a shonrú do chórais, do nósanna imeachta agus do shocruithe, lena n-áirítear frámaí ama a ghlacadh, faoin Airteagal seo, ag féachaint don ghá le bainistíocht chuí na rioscaí oibríochtúla nó eile a áirithiú.

Beidh údarás leanúnach ag ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála bhreise a fhorbairt chun na cinn sin atá i bhfeidhm a uasdátú má mheasann sé go bhfuil gá leis an méid sin agus caighdeáin tionscail ag fabhrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Socruithe Indíreacha Imréitigh

1.  
Tá socruithe indíreacha imréitigh maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán incheadaithe ar choinníoll nach méadóidh na socruithe sin riosca an chontrapháirtí agus go n-áiritheofar go mbainfidh sócmhainní agus suímh an chontrapháirtí an leas céanna as an gcosaint leis an éifeacht chomhionann lena dtagraítear di in Airteagal 39 agus in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
2.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú gur bunaíodh na cineálacha socruithe indíreacha seirbhíse imréitigh lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áiritheofar comhsheasmhacht le forálacha a bhunaítear do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Chaibidil II de Rialachán (AE) 149/2013 ( 13 ).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 31

▼M8

Seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála

1.  
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos in Airteagail 8a, 10 agus 21 den Rialachán seo, ag an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán seo ná ag an oibleagáid orduithe a fhorghníomhú ar théarmaí is fabhraí don chliant a leagtar síos in Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE maidir le hidirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar a fhoirmítear agus a bhunaítear mar thoradh ar sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála.

▼M8 —————

▼M8

3.  
Gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh ar soláthraithe seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála iad, coimeádfaidh siad taifid iomlána agus chruinne ar na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus nach bhfuil taifeadta ná tuairiscithe cheana féin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta agus na hoibreoirí margaidh sin na taifid sin ar fáil go pras don údarás inniúil ábhartha nó do ÚEUM arna iarraidh sin dóibh.
4.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 50, tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála chun críocha mhír 1;

(b) 

na hidirbhearta atá le taifeadadh de bhun mhír 3.

▼B

Airteagal 32

Nós imeachta na hoibleagáide trádála

1.  

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:

(a) 

cibé acu den aicme díorthach a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi fho-thacar ábhartha di, a thrádálfar ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán seo;

(b) 

an dáta nó na dátaí óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo i gcás ina mbeidh foráil déanta don chéimniú isteach sin agus do na catagóirí contrapháirtithe sin i gcaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí tar éis don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Sula gcuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh, seolfaidh sé comhairliúchán poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.  

Ionas go mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála:

▼M8

(a) 

ní mór an aicme díorthaigh de bhun mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo nó fothacar ábhartha di a thrádáil ar ionad trádála amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 28(1); agus

▼B

(b) 

ní mór dóthain leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtí a bheith ann san aicme díorthach nó ní mór fo-thacar ábhartha di a bheith ann chun go bhféadfar a mheas go bhfuil aicme díorthach mar sin leachtach a dóthain chun trádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) agus orthu sin amháin.

3.  

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 á bhforbairt aige, measfaidh ÚEUM go bhfuil an aicme díorthach nó fo-thacar ábhartha di leachtach a ndóthain de bhun na gcritéar seo a leanas:

(a) 

meánmhinicíocht agus meánmhéid na dtrádálacha trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus do shaolré na dtáirgí laistigh d’aicme na ndíorthach;

(b) 

líon agus cineál na rannpháirtithe gníomhacha margaidh lena n-áirítear cóimheas na rannpháirtithe margaidh maidir le táirgí/conarthaí trádáilte i margadh ar leith táirgí.

(c) 

meánmhéid na raonta difríochta.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú aige, cuirfidh ÚEUM an tionchar ionchasach san áireamh a d’fhéadfadh a bheith ag an oibleagáid trádála sin ar leachtacht aicme díorthach nó fo-thacair ábhartha de sin agus gníomhaíochtaí trádála úsáideoirí deiridh nach eintitis airgeadais iad.

Cinnfidh ÚEUM cibé acu an mbeidh an aicme díorthach nó fo-thacar de sin go leordhóthanach ina leacht ach amháin in idirbhearta faoi mhéid áirithe.

4.  
►M8  Sainaithneoidh ÚEUM agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 2 agus i ndiaidh comhairliúchán poiblí a sheoladh, na haicmí díorthaigh nó na conarthaí díorthaigh aonair ba cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán, ach nach mbeidh údarú faighte ag aon CCP fós ina leith de bhua Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. ◄

Tar éis fógra ó ÚEUM dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún glaoch ar fhorbairt tograí a fhoilsiú maidir leis na díorthaigh sin a thrádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1).

▼M8

4a.  
I gcás ina measfaidh ÚEUM go bhfuil fionraí na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina athrú ábharach ar na critéir chun go ngabhfaidh éifeacht leis na critéir le haghaidh na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh ÚEUM a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith na n-aicmí céanna díorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.
4b.  
Féadfaidh ÚEUM a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) a chur ar fionraí i gcás aicmí sonracha díorthaigh thar an gcuntar nó i gcás cineál sonrach contrapháirtí, i gcás ina bhfuil gá le fionraí den sórt sin chun éifeachtaí díobhálacha ar leachtacht nó bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt orthu, agus chun feidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú agus i gcás ina bhfuil an fhionraí sin comhréireach leis na haidhmeanna sin.
4c.  
Ní dhéanfar na hiarrataí dá dtagraítear i míreanna 4a agus 4b a phoibliú.
4d.  

Tar éis na hiarrataí dá dtagraítear i míreanna 4a agus 4b a fháil, déanfaidh an Coimisiún ceann amháin de na nithe seo a leanas gan moill mhíchuí agus ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna soláthar ag ÚEUM:

(a) 

trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an oibleagáid trádála a chur ar fionraí i gcás aicmí díorthaigh thar an gcuntar nó i gcás cineálacha contrapháirtithe;

(b) 

an iarraidh ar fhionraí a dhiúltú.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún ÚEUM ar an eolas faoi na cúiseanna ar dhiúltaigh sé don iarraidh ar fhionraí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin diúltú sin láithreach agus cuirfidh sé na cúiseanna a soláthraíodh do ÚEUM ar aghaidh chucu. Ní dhéanfar an fhaisnéis a sholáthrófar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an diúltú agus na cúiseanna leis an diúltú sin a phoibliú.

Beidh an fhionraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná 3 mhí ó dháta foilsithe an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa phointe sin.

I gcás ina leanfaidh na forais maidir leis an bhfionraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), d’fheidhm a bheith acu, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh a chur leis an bhfionraí sin ar feadh tréimhsí breise nach faide ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán na fionraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), agus sa cheathrú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.

▼B

5.  
Cuirfidh ÚEUM faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nua chun caighdeáin theicniúla reatha rialála a leasú, a chur ar fionraí, nó a aisghairm aon uair a thiocfaidh athrú ábhartha ar na critéir a leagtar amach i mír 2. Sula ndéanfaidh sé amhlaidh, féadfaidh ÚEUM dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála reatha dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir dá dtagraítear i mír 2(b) a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M8

Airteagal 32a

Fionraí neamhspleách ar an oibleagáid trádála

1.  

Arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28 (“an oibleagáid trádála díorthach”) a chur ar fionraí maidir le contrapháirtithe airgeadais áirithe, i gcás inarb iomchuí tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM. Léireoidh an t-údarás inniúil na fáthanna a measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí. Léireoidh an t-údarás inniúil, go háirithe, go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist le contrapháirtí airgeadais faoina dhlínse:

(a) 

gníomhaíonn sé go tráthrialta mar chruthaitheoir margaidh i ndíorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach agus faigheann sé iarrataí go tráthrialta ar luachan le haghaidh na ndíorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach ó chontrapháirtí neamh-LEE nach bhfuil aon chomhaltas gníomhach aige ar ionad trádála LEE a thairgeann trádáil sa díorthach thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach; nó

(b) 

gníomhaíonn sé go tráthrialta mar chruthaitheoir margaidh i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach agus:

(i) 

tá sé ar intinn aige babhtálacha mainneachtana creidmheasa a thrádáil faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach ar a chuntas féin ar ionad trádála nach mbeidh oscailte ach do chontrapháirtithe ar comhaltaí imréitigh CCP iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (ionad “déileálaí le déileálaí”);

(ii) 

tá sé ar intinn aige babhtálacha mainneachtana creidmheasa faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach a thrádáil ar a chuntas féin le contrapháirtí ar cruthaitheoir margaidh é agus nach bhfuil aon chomhaltas gníomhach aige ar ionad LEE déileálaí le déileálaí a thairgeann trádáil i ndíorthaigh thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach; agus

(iii) 

imréitíonn sé na babhtálacha mainneachtana creidmheasa sin i CCP atá údaraithe nó aitheanta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.

2.  
Agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu ba cheart an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí de bhun mhír 1 nó nár cheart, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar cibé acu ba cheart í a chur ar fionraí i gcás margaí áirithe nó nár cheart, agus cuirfidh sé san áireamh cé acu a bheadh iarmhairt shaobhach ag fionraí na hoibleagáide trádála den sórt sin ar an oibleagáid imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó nach mbeadh.

Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil freisin le húdaráis inniúla eile Ballstát chun a mheas an bhfuil contrapháirtithe airgeadais i mBallstáit seachas an Ballstát a dhéanann an iarraidh de bhun mhír 1 (“an Ballstát iarrthach”) i staid atá cosúil leis an staid sa Bhallstát iarrthach.

Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit seachas an Ballstát iarrthach, tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, a iarraidh go gcuirfí contrapháirtithe airgeadais atá i staid cosúil leis an staid sa Bhallstát iarrthach leis an ngníomh cur chun feidhme. Léireoidh údarás inniúil an Bhallstáit a dhéanann an iarraidh sin an fáth a measann sé go bhfuil na coinníollacha maidir le fionraí á gcomhlíonadh.

3.  
I gcás ina gcuirfear an oibleagáid trádála díorthach ar fionraí de bhun mhír 1 nó mhír 2 i ndáil le contrapháirtí airgeadais, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid trádála díorthach maidir lena chontrapháirtí, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), nó i mír 1, pointe (b)(ii).
4.  
Leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, gabhfaidh an fhianaise a thíolacann an t-údarás inniúil a iarrann an fhionraí.
5.  
Cuirfear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 in iúl do ÚEUM agus foilseofar é sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34.
6.  
Athbhreithneoidh an Coimisiún cibé acu a leanann na forais le haghaidh na fionraí ar oibleagáid trádála díorthach d’fheidhm a bheith acu nó nach leanann.

▼B

Airteagal 33

Sásra chun rialacha dúblacha nó contrártha a sheachaint

1.  
Cuideoidh ÚEUM leis an gCoimisiún le linn faireachán a dhéanamh agus tuarascálacha a ullmhú, uair in aghaidh na bliana ar a laghad, le cur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 28 agus in Airteagal 29, go háirithe maidir le ceanglais a d’fhéadfadh a bheith dúblach nó contrártha ar rannpháirtithe sa mhargadh, agus moltaí a thabhairt maidir le gníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh.
2.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhófar an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír ábhartha:

(a) 

go mbeidh siad comhionann leis na ceanglais a thig ó Airteagal 28 agus ó Airteagal 29;

(b) 

go n-áiritheoidh siad rúndacht ghairmiúil atá comhionann leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c) 

go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus a fhorfheidhmiú ar mhodh cothromasach agus neamhshaofa ionas go ndéanfar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.

3.  
Aon ghníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis dá dtagraítear i mír 2, an éifeacht a bheidh aige, i dtaca le contrapháirtithe a dhéanfaidh idirbheart faoi réir an Rialacháin seo, go measfar go mbeidh an oibleagáid atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 comhlíonta i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin agus go mbeidh socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír ábhartha á gcomhlíonadh ag na contrapháirtithe.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le ÚEUM, faireachán ar na ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 a bheith á gcur chun feidhme go héifeachtach ag tríú tíortha ar glacadh gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis ina leith, agus tuairisceoidh an Coimisiún go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Laistigh de 30 lá féilire tar éis don Choimisiún an tuarascáil a thíolacadh agus i gcás ina nochfar sa tuarascáil go bhfuil locht nó neamhréireacht maidir leis na ceanglais choibhéiseacha a chur i bhfeidhm ag údaráis tríú tír, féadfaidh an Coimisiún an t-aitheantas a tharraingt siar a bheidh ag creat dlíthiúil an tríú tír atá i dtrácht mar chreat coibhéiseach. I gcás ina ndéanfar gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis a tharraingt siar, beidh idirbhearta na gcontrapháirtithe faoi réir na gceanglas uile arís go huathoibríoch atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 den Rialachán seo.

Airteagal 34

Clár díorthach faoi réir na hoibleagáide trádála

Coimeádfaidh ÚEUM clár ina sonrófar, ar bhealach uileghabhálach agus aonchiallach, na díorthaigh atá faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1), na hionaid ina ligfear isteach chun a dtrádála nó ar a dtrádáiltear iad, agus na dátaí óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid agus foilseoidh sé ar a shuíomh gréasáin é.

TEIDEAL VI

ROCHTAIN NEAMH-IDIRDHEALAITHEACH IMRÉITIGH I gCÁS IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 35

Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP

1.  
►M8  

Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh CCP le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, gan beann ar an ionad trádála ar a bhforghníomhófar an t-idirbheart.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán.

Áiritheoidh an CCP go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas:

 ◄
(a) 

ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CCP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus

(b) 

traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear na ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh. Níl feidhm ag an gceanglas sa mhír sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin.

Ní bheidh CCP faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le hionad trádála ar tugadh fógra dó faoi Airteagal 36(5).

2.  
Cuirfear iarratas chun rochtain a fháil ar CCP trí ionad trádála faoi bhráid an CCP, a údaráis inniúil ábhartha agus údarás inniúil an ionaid trádála go foirmiúil. Sonrófar san iarratas sin na cineálacha ionstraimí airgeadais a n-iarrtar rochtain ina leith.

▼M8

3.  
Tabharfaidh an CCP freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de 3 mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ag ceadú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Féadfaidh an CCP iarratas ar rochtain a dhiúltú faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndiúltóidh CCP rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an t-ionad trádála bunaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an CCP, cuirfidh an CCP an freagra sin i scríbhinn ar aghaidh chuig údarás inniúil an ionaid trádála freisin. Tabharfaidh an CCP rochtain laistigh de 3 mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarratas ar rochtain.

▼B

4.  
►M8  Déanfaidh údarás inniúil an CCP nó údarás inniúil an ionaid trádála rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP ar choinníoll nach mbeadh rochtain den sórt sin ina bagairt ar fheidhmiú rianúil agus eagraithe na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta, nó nach mbeadh tionchar dochrach aici ar an riosca sistéamach. ◄

▼M8 —————

▼B

Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis sin don údarás inniúil eile, don CCP agus don ionad trádála lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil an cinneadh bunaithe uirthi.

5.  
I gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, contraphairtí lárnach a bunaíodh as an nua agus a údaraíodh mar CCP mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun imréiteach a dhéanamh faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó gur tugadh aitheantas dó faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse is lú ná trí bliana an 2 Iúil 2014, féadfaidh sé roimh an ►M1  3 Eanáir 2018 ◄ , iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil chun leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo don CCP i ndáil le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, ar feadh idirthréimhse go dtí an ►M1  3 Iúil 2020 ◄ .

I gcás ina ndéanfar idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní fhéadfaidh an CCP leas a bhaint as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimhsigh sin. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do chomhaltaí choláiste na n-údarás inniúil don CCP agus do ÚEUM nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas. Foilseoidh ÚEUM liosta de gach fógra a gheobhaidh sé.

I gcás ina mbeidh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le hionad trádála amháin nó níos mó, ní bhainfidh na hionaid trádála sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimshigh sin.

Maidir le CCP a údarófar le linn na tréimhse trí bliana roimh theacht i bhfeidhm, ach a dhéantar de bharr cumaisc agus fála lena mbaineann CCP amháin ar laghad a bheidh údaraithe roimh an tréimhse sin, ní cheadófar dó iarratas a dhéanamh ar shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo.

6.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na coinníollacha sonracha faoina bhféadfaidh CCP iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon agus cineál na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile faoi deara rioscaí suntasacha míchuí a chruthú;

(b) 

na coinníollacha faoina gceadóidh CCP rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí imréitigh, ceanglais chomhthaobhachta agus ceanglais oibriúcháin maidir le héarlaisiú;

(c) 

na coinníollacha faoina mbeidh deonú rochtana ina bhagairt ar feidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó faoina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistéamach;

(d) 

an nós imeachta chun fógra a dhéanamh faoi mhír 5;

(e) 

na coinníollach le haghaidh láimhseála neamh-idirdhealaithí ó thaobh an chaoi a láimhseáiltear conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a fhad a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d’imréitigh an CCP céanna.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 36

Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ionad trádála

1.  

►M8  ‘Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, soláthróidh ionad trádála fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trédhearcach arna iarraidh sin, lena n-áirítear fothaí maidir le táillí a bhaineann le rochtain, d’aon CPL atá údaraithe nó aitheanta de bhun an Rialacháin sin, CPL ar mian leis idirbhearta in ionstraimí airgeadais a tugadh i gcrích ar an ionad trádála sin a imréiteach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir leo seo a leanas:

(a) 

aon chonradh díorthach atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 cheana féin;

(b) 

díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. ◄

Ní bheidh ionad trádála faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le CCP a mbeidh fógra tugtha dó go bhfuil sé ag baint leasa as socruithe idirthréimhseacha faoi Airteagal 35(5).

2.  
Déanfar iarratas chun rochtain a fháil ar ionad trádála ag CCP a chur go foirmiúil faoi bhráid an ionaid trádála, a údarás inniúil ábhartha agus údarás inniúil an chontrapháití lárnaigh.

▼M8

3.  
Tabharfaidh an t-ionad trádála freagra i scríbhinn don CCP laistigh de 3 mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ag ceadú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Féadfaidh an t-ionad trádála iarratas ar rochtain a dhiúltú faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndiúltóidh an t-ionad trádála rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an CCP bunaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an ionaid trádála, cuirfidh an t-ionad trádála an freagra sin i scríbhinn chuig údarás inniúil an CCP freisin. Ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de 3 mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarratas ar rochtain.

▼B

4.  
►M8  Ní dhéanfaidh údarás inniúil an ionaid trádála nó údarás inniúil an CCP rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP ach amháin sa chás nach mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus eagraithe na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta, agus ar choinníoll go bhfuil sásraí leormhaithe i bhfeidhm ag an ionad trádála chun ilroinnt den sórt sin a chosc, nó sa chás nach mbeadh tionchar dochrach aici ar an riosca sistéamach. ◄

▼M8 —————

▼B

Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis an gcinneadh sin don údarás inniúil eile, don ionad trádála agus don CCP lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil a chinneadh bunaithe uirthi.

▼M8 —————

▼B

6.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú:

(a) 

na coinníollacha sonracha faoina bhféadfadh ionad trádála iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear na coinníollacha atá bunaithe ar líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile atá faoi deara rioscaí suntasacha míchuí;

(b) 

na coinníollacha faoina dtabharfar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, agus an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí a bhaineann le rochtain;

(c) 

na coinníollacha ina bhféadfaidh rochtain a dheonú a bheith mar bhagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó ina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistémach.

▼M8 —————

▼B

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 37

Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thagarmharcanna agus an oibleagáid tagarmharcanna a cheadúnú

1.  

Sa chás ina ndéanfar luach ionstraim airgeadais ar bith a ríomh trí thagairt do thagarmharc, áiritheoidh duine a mbeidh cearta dílsithe aige ar an tagarmharc go mbeidh, chun críocha trádála agus imréitigh, rochtain neamh-idirdhealaitheach ag CCPanna agus ag ionaid trádála ar na nithe seo a leanas:

(a) 

fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil an tagarmhairc sin chun críocha imréitigh agus trádála; agus

(b) 

ceadúnais.

Deonófar ceadúnas lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach laistigh de thrí mhí tar éis na hiarrata ó CCP nó ó ionad trádála.

Ceadófar rochtain ar phraghas réasúnacha tráchtála lena gcuirfear i gcuntas an praghas ar a ndeonaítear rochtain ar an tagarmharc nó ar a bhfuil na cearta maoine intleachtúla ceadúnaithe ar théamaí coibhéiseacha le CCP eile, ionaid eile trádála nó aon duine eile lena mbaineann chun críocha imréitigh agus trádála. Ní fhéadfar praghsanna éagsúla a ghearradh ar CCPanna éagsúla, ar ionaid trádála éagsúla nó ar dhaoine éagsúla eile lena mbaineann ach amháin ina mbeidh údar cuí go hoibiachtúil leis sin ag féachaint do chúinsí réasúnta tráchtála amháin méid, raon feidhme nó an réimse úsáide atá éilithe.

2.  

I gcás ina bhforbrófar tagarmharc nua tar éis an ►M1   3 Eanáir 2018  ◄ , tosóidh an oibleagáid é a cheadúnú tráth nach déanaí ná 30 mí tar éis d’ionstraim airgeadais a thagraíonn don tagarmharc sin teacht isteach nó dul i mbun trádála. I gcás ina mbeidh tagarmharc atá ann cheana ag duine a bhfuil cearta dílsithe aige ar thagarmharc nua, bunóidh an duine sin go gcomhlíonfaidh an tagarmharc nua, murab ionann is aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana, na critéir charnacha a leanas:

(a) 

nach cóip ná leasú é an tagarmharc nua ar aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana agus go mbeidh éagsúlacht bhríoch ag an modheolaíocht, lena n-áirítear na sonraí a bhaineann léi, ón modheolaíocht a bhaineann le haon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana; agus

(b) 

nach ionadaí an tagarmharc nua ar aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana.

Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta agus, go háirithe, d’Airteagal 101 agus d’Airteagal 102 CFAE.

3.  

Ní bheidh cead ag CCP, ionad trádála ná eintiteas lena mbaineann ar bith comhaontú a dhéanamh le haon soláthraí tagarmhairc a mbeadh d’éifeacht aige:

(a) 

cosc a chur ar CCP nó ar ionad trádála ar bith rochtain a fháil ar an bhfaisnéis nó ar na cearta sin dá dtagraítear i mír 1; nó

(b) 

cosc a chur ar CCP nó ar ionad trádála ar bith rochtain a fháil ar cheadúnas den sórt sin dá dtagraítear i mír 1.

4.  

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú:

(a) 

an fhaisnéis tríd an gceadúnú a chuirfear ar fáil faoi mhír 1(a), lena húsáid ag an CCP nó ag an ionad trádála amháin;

(b) 

coinníollacha eile faoina ndeonófar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise a sholáthraítear;

(c) 

na caighdeáin lena dtreoraítear conas a fhéadfar a chruthú gur tagarmharc nua atá ann i gcomhréir le mír 2(a) agus (b).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38

Rochtain le haghaidh CCPanna agus ionad trádála tríú tíortha

▼M8

1.  
Ní fhéadfaidh ionad trádála atá bunaithe i dtríú tír rochtain a iarraidh ar CPP atá bunaithe san Aontas ach amháin má tá cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 28(4) a bhaineann leis an tríú tír sin.

Féadfaidh CCP atá bunaithe i dtríú tír rochtain a iarraidh ar ionad trádála san Aontas faoi réir an CCP sin a bheith aitheanta de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Ní cheadófar do CCPanna ná d’ionaid trádála atá bunaithe i dtríú tíortha úsáid a bhaint as na cearta rochtana dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 36 ach amháin maidir leis na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis na hAirteagail sin agus ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, lena gcinntear go meastar go ndéanann an creat dlíthiúil agus maoirseachta sa tríú tír sin foráil maidir le córas coibhéiseach éifeachtach faoina gceadaítear do CCPanna agus ionaid trádála atá údaraithe faoi chórais eachtracha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála atá bunaithe sa tríú tír sin.

▼B

2.  

Ní fhéadfaidh CCPanna agus ionaid trádála arna mbunú i dtríú tíortha ceadúnas agus cearta rochtana a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 37 ach amháin ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal go meastar go bhforálann an creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach faoina gceadaítear do CCPanna agus ionaid trádála atá údaraithe i ndlínsí eachtracha rochtain a bheith acu ar bhonn cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil tagarmharc chun críocha imréitigh agus trádála; agus

(b) 

ceadúnais,

ó dhaoine a mbeidh cearta dílsithe acu ar thagarmharcanna a bheidh bunaithe sa tríú tír sin.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51, cinntí a ghlacadh á gcinneadh go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh ionad trádála agus CCP atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus atá faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin.

Measfar go mbeidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeidh na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

(b) 

go bhforálfaidh sé do chóras coibhéiseach éifeachtach trína cheadú do CCPanna agus ionaid trádála a bheidh údaraithe faoi chórais eachtracha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála a bheidh bunaithe sa tríú tír sin;

(c) 

go bhforálfaidh creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin do chóras éifeachtach coibhéiseach faoina gceadófar do CCPanna agus d’ionaid trádala a bheidh údaraithe i ndlínse eachtrach rochtain a bheith acu ar bhonn cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil tagarmharc chun críocha imréitigh agus trádála; agus

(ii) 

ceadúnais,

ó dhaoine a mbeidh cearta dílsithe acu ar thagarmharcanna a bheidh bunaithe sa tríú tír sin.

▼M3

TEIDEAL VIa

CUMHACHTAÍ AGUS INNIÚLACHTAÍ ÚEUM

CAIBIDIL 1

Inniúlachtaí agus nósanna imeachta

Airteagal 38a

Cumhachtaí ÚEUM a fheidhmiú

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó d’aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d’aon duine eile arna údarú ag ÚEUM le hAirteagal 38b go hAirteagal 38e, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

Airteagal 38b

Iarraidh ar fhaisnéis

1.  

Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:

(a) 

APA, CTP, ARM i gcás inarb é ÚEUM a dhéanann maoirseacht orrthu, agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála chun seirbhísí tuairiscithe sonraí APA, CTP nó ARM a oibriú, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;

(b) 

bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

2.  

Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a) 

tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

cuspóir na hiarrata a lua;

(c) 

an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) 

teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) 

ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n-iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f) 

a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 38h, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3.  

Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a) 

tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

cuspóir na hiarrata a lua;

(c) 

an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) 

teorainn ama a shocrú nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh di;

(e) 

a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f) 

a shonrú cén tsuim a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 38h, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g) 

a thabhairt le fios cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.  
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis a iarradh. Dlíodóirí a bhfuil an t-údarú cuí acu chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
5.  
Déanfaidh ÚEUM, gan mhoill mhíchuí, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil Bhallstát na ndaoine dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 38c

Imscrúduithe ginearálta

1.  

Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, sonraí, nósanna imeachta agus ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

(b) 

cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c) 

aon duine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d) 

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e) 

taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.  
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin, sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38h i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) mícheart nó míthreorach.
3.  
Ceanglaítear ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) géilleadh d’imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
4.  
I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
5.  
Más gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
6.  

I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

(a) 

an cinneadh a ghlac ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 gur cinneadh barántúil é;

(b) 

go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aon deonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38d

Cigireachtaí ar an láthair

1.  
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí uile ar an láthair is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) é.
2.  
Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 38b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
3.  
In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t-údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go cuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t-údarás inniúil ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
4.  
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
5.  
Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
6.  
Ar iarraidh ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.
7.  
Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 38b(1) a dhéanamh thar a cheann.
8.  
I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9.  
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10.  

I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

(a) 

gur cinneadh barantúil atá sa chinneadh a ghlac ÚEUM dá dtagraítear i mír  5 barántúil;

(b) 

go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38e

Malartú faisnéise

Tabharfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá chéile, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 38f

Rúndacht ghairmiúil

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir le ÚEUM agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚEUM nó d’aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM.

Airteagal 38 g

Bearta maoirseachta ÚEUM

1.  

►M8  I gcás ina bhfaigheann ÚEUM amach nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38b(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 20 go 22c, ná i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas: ◄

(a) 

cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(b) 

cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i;

(c) 

fógraí poiblí a eisiúint.

2.  

Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) 

an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inluaite leis an sárú ar shlí eile;

(c) 

an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d) 

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e) 

acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f) 

an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;

(g) 

méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, chomh fada agus is féidir iad a dhéanamh amach;

(h) 

an leibhéal comhoibre atá ann idir an duine atá freagrach as an sárú agus ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i) 

sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j) 

bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3.  
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin roimh cheann 10 lá oibre ón dáta a tógadh é.

Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b) 

i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c) 

ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 2

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

Airteagal 38h

Fíneálacha

1.  
►M8  I gcás ina bhfaigheann ÚEUM amach, i gcomhréir le hAirteagal 38k(5), nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38b(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 22 go 22c, ná i dTeideal IVa, d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. ◄

Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2.  
EUR 200 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta.
3.  
Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 38g(2) san áireamh.

Airteagal 38i

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  

Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

(a) 

ar dhuine deireadh a chur le sárú i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (a) d’Airteagal 38g(1);

(b) 

ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1):

(i) 

faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 38b;

(ii) 

géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 38c a chomhlánú agus a cheartú;

(iii) 

géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 38d.

2.  
Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
3.  
D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.  
Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 38j

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  
Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ).
2.  
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i.
3.  
I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.
4.  
Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i in-fhorfheidhmithe.

Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sa chríoch ina ndéanfar é.

5.  
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 38k

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1.  
I gcás ina n-aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t-oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bpróiseas maoirseachta ná formheasta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar ÚEUM.
2.  
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi fhiosrú a chur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chuid cinntí nó a cuid cinntí san áireamh ann, faoi bhráid ÚEUM.
3.  
Chun a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d.
4.  
Agus a chúraimí á ndéanamh aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
5.  
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú nó a himscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé nó sí an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí nó a cuid cinntí.
6.  
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithee a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.
7.  
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh nó a cinneadh a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
8.  
Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 38l, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa déanta ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 38g.
9.  
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.
10.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
11.  
Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cion coiriúil. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 38l

Daoine lena mbaineann a éisteacht

1.  
Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 38g, Airteagal 38h agus Airteagal 38i, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

2.  
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 38m

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 38n

Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht

1.  
Gearrfaidh ÚEUM táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 38o.
2.  
Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar leith, cumhdófar leis sin na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí údaraithe agus maoirseachta maidir leis an soláthraí sin. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.
3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 leis an Rialachán seo a fhorlíonadh faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú.

Airteagal 38o

ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.  
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
2.  

Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo a leanas:

(a) 

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) 

an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) 

tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

3.  
I gcomhréir leis an gníomh tarmligthe arna glacadh de bhun Airteagal 38n(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.
4.  
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
5.  
Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.

▼B

TEIDEAL VII

BEARTA MAOIRSEACHTA MAIDIR LE hIDIRGHABHÁIL TÁIRGE AGUS SUÍOMHANNA

CAIBIDIL 1

Faireachán táirge agus idirghabháil

Airteagal 39

Faireacháin margaidh

1.  
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM faireachán ar a margadh d’ionstraimí airgeadais a dhéantar a chur ar an margadh, a scaipeadh agus a dhíol san Aontas.
2.  
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, déanfaidh ÚBE faireachán ar an margadh, do thaiscí struchtúraithe a chuirtear ar an margadh, a dháiltear, nó a dhíoltar san Aontas.
3.  
Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar an margadh d’ionstraimí airgeadais agus do thaiscí struchtúraithe a chuirtear ar an margadh, a dháiltear nó a dhíoltar ina mBallstát nó ón mBallstát sin.

▼M8

Airteagal 39a

Toirmeasc ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh ordaithe

1.  
Gnólachtaí infheistíochta atá ag gníomhú thar ceann cliaint miondíola, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (11) de Threoir 2014/65/AE, nó cliaint ghairmiúla dá dtagraítear i Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ní bhfaighidh siad aon táille, coimisiún ná sochar neamhairgeadaíochta ó aon tríú páirtí as orduithe a fhorghníomhú ó na cliaint sin ar ionad forghníomhaithe ar leith nó as orduithe de chuid na gcliant sin a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí lena bhforghníomhú ar ionad forghníomhaithe ar leith (“íocaíocht i leith sreabhadh ordaithe”).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le lacáistí nó lascainí ar tháillí idirbhirt na n-ionad forghníomhaithe, i gcás ina gceadaítear é faoi struchtúr taraife formheasta poiblí ionaid trádála san Aontas nó faoi struchtúr taraife ionaid trádála tríú tír, i gcás nach dtéann siad chun tairbhe ach don chliant. Ní bheidh sochar airgeadaíochta don ghnólacht infheistíochta mar thoradh ar lascainí nó lacáistí den sórt sin.

2.  
Maidir le Ballstát ina bhfuil, roimh an 28 Márta 2024, gnólachtaí infheistíochta, ag gníomhú dóibh thar ceann cliant, a fhaigheann táille, coimisiún nó sochar neamhairgeadaíochta ó aon tríú páirtí as orduithe a fhorghníomhú ó na cliaint sin ar ionad forghníomhaithe ar leith nó as orduithe ó na cliaint sin a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí lena bhforghníomhú ar ionad forghníomhaithe ar leith, féadfaidh sé gnólachtaí infheistíochta faoina dhlínse a dhíolmhú ón toirmeasc a leagtar síos i mír 1 go dtí an 30 Meitheamh 2026 i gcás ina soláthraíonn na gnólachtaí infheistíochta sin seirbhísí infheistíochta do chliaint a bhfuil sainchónaí orthu nó atá bunaithe sa Bhallstát sin.

Chun an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, tabharfaidh Ballstát a chomhlíonann an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír fógra do ÚEUM faoin 29 Meán Fómhair 2024 chuige sin. Coinneoidh ÚEUM liosta de na Ballstáit a úsáideann an díolúine sin. Cuirfear an liosta ar fáil don phobal agus tabharfar cothrom le dáta é go tráthrialta.

▼B

Airteagal 40

Cumhachtaí idirghabhála sealadacha ÚEUM

1.  

I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚEUM toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:

(a) 

margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó

(b) 

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM.

2.  

Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin mura gcomhlíonar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar ábhar imní nó bagairt suntasach do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b) 

na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol;

(c) 

nach mbeidh údarás inniúil nó údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go leordhóthanach.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEUM an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn réamhchúraim a fhorchur sula ndéanfar ionstraim airgeadais a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

3.  

Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEUM an méid seo a leanas faoin ngníomhaíocht:

(a) 

nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;

(b) 

nach gcruthóidh sí riosca arbatráiste rialála; agus

(c) 

go ndéanfar an beart tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí poiblí atá inniúil maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sa chás go mbainfidh an beart le díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta.

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚEUM aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.

4.  
Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.
5.  
Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin fógra faoi aon chinneadh chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

▼M3

6.  
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.

▼B

7.  
Beidh forlámhas ag gníomhaíocht a ghlacfaidh ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile a rinne údarás inniúil roimhe sin.
8.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur san áireamh ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó a bheidh baol i gceist maidir le feidhmiú rianúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó le cobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó le cobhsaíocht cuid den chóras sin.

Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

(a) 

an méid castachta a bhaineann le hionstraim airgeadais agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;

(b) 

méid nó luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais a eisiúint;

(c) 

a nuála is atá ionstraim airgeadais, gníomhaíocht nó cleachtas;

(d) 

an ghiaráil a sholáthraíonn ionstraim airgeadais nó cleachtas.

Airteagal 41

Cumhachtaí sealadacha idirghabhála ÚBE

1.  

I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚBE toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:

(a) 

margú, dáileadh nó díol taiscí struchtúraithe áirithe nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó

(b) 

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚBE.

2.  

Ní ghlacfaidh ÚBE cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar an ábhar imní nó ar an mbaol faoi leith do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b) 

na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais a bheidh infheidhme maidir leis an taisce struchtúraithe nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol; agus

(c) 

nach mbeidh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a bheidh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go sásúil.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚBE an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

3.  

Le linn don ÚBE gníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an ngníomhaíocht:

(a) 

nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, a bheidh díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht; agus

(b) 

nach í an ghníomhaíocht faoi deara riosca arbatráiste rialála.

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚBE aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.

4.  
Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚBE fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.
5.  
Foilseoidh ÚBE fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

▼M3

6.  
Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna bhforchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚBE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.

▼B

7.  
Beidh forlámhas ag gníomhaíocht arna ghlacadh ag ÚBE faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile arna déanamh ag údarás inniúil roimhe sin.
8.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚBE a shonrú agus cinneadh a dhéanamh aige i dtaobh cathain a bheidh ábhar mór imní nó baol i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de.

Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

(a) 

an méid castachta a bhaineann le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;

(b) 

méid nó luach barúlach a bhaineann le taiscí struchtúraithe a eisiúint;

(c) 

a nuála is atá taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas,

(d) 

an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag taisce struchtúraithe nó cleachtas.

Airteagal 42

Idirghabháil táirge a dhéanamh ag údaráis inniúla

1.  

Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar na nithe seo a leanas sa Bhallstát sin nó uaidh:

(a) 

margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó taiscí struchtúraithe nó ionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe ag baint leo; nó

(b) 

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

2.  

Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha:

(a) 

ceann amháin díobh seo a leanas:

(i) 

gur ábhar imní ó thaobh cosanta infheisteoirí atá i dtaisce struchtúraithe nó i ngníomhaíocht nó i gcleachtas nó go gcuirfidhsiad feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine i mbaol laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad; nó

(ii) 

go mbeidh éifeacht dhochrach ag díorthach ar an sásra socraithe praghsanna sa bhunmhargadh;

(b) 

nach dtabharfaidh na ceanglais reatha rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais, leis an taisce struchtúraithe nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus nárbh fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist trí mhaoirseacht fheabhsaithe nó trí na ceanglais reatha a fhorfheidhmiú;

(c) 

go mbeidh an ghníomhaíocht comhréireach agus na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhéadfaidh ionstraimí airgeadais, taisce struchtúraithe nó gníomhaíocht nó cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;

(d) 

go mbeidh an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh;

(e) 

nach mbeidh tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile; agus

(f) 

go mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, i gcás ina gcuirfidh ionstraim airgeadais nó gníomhaíocht nó cleachtas feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh talmhaíochta fhisicigh faoi bhagairt thromchúiseach.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.

3.  

Ní fhorchuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis curtha aige chuig gach údarás inniúil eile agus chuig ÚEUM, tráth nach lú ná mí amháin roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart, faoi na mionsonraí seo a leanas:

(a) 

an ionstraim airgeadais nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas lena mbaineann an beart atá beartaithe;

(b) 

an cineál toirmisc nó sriain go baileach atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

(c) 

an fhianaise a mbeidh sé tar éis a chinneadh a bhunú uirthi agus ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta.

4.  
I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach faoin Airteagal sin d’fhonn nach dtiocfaidh dochar as na hionstraimí airgeadais, na taiscí struchtúraithe, na cleachtais nó na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhú ar bhonn sealadach taobh istigh d’fhógra i scríbhinn nach lú ná 24 huaire an chloig, roimh an am a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart i ndáil leis na húdaráis inniúla eile go léir agus le ÚEUM, nó, le taiscí struchtúraithe, ÚBE ar choinníoll go mbeidh na critéir ar fad atá san Airteagal sin á gcomhlíonadh agus, ina theannta sin, go mbunófar go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra mí amháin sásúil chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní nó ar an mbaol ar leith. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí.
5.  
Foilseoidh an t-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain, an dáta tar éis dháta foilsithe an fhógra óna mbeidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar tar éis an fógra a bheith foilsithe.
6.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 2.
7.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní nó bagairt i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad dá dtagraítear i mír 2(a).

Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

(a) 

an méid castachta a bhainfidh le hionstraim airgeadais nó le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú dó, a dáileadh air nó a dhíol dó;

(b) 

a nuála is a bheidh ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas;

(c) 

an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe nó cleachtas;

(d) 

i ndáil le feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí, le méid nó le luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a eisiúint.

Airteagal 43

Comhordú á dhéanamh ag ÚEUM agus ag ÚBE

1.  
Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM, nó ag ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 42. Áiritheoidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, go háirithe go mbeidh údar le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla chur chuige comhsheasmhach i gcás inarb iomchuí.
2.  
Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 42 maidir le haon ghníomhaíocht is gá a fhorchur faoin Airteagal sin, glacfaidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, tuairim i dtaobh an bhfuil údar leis an toirmeasc nó an srian agus an bhfuil sé comhréireach. I gcás ina measfaidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM, nó ar láithreán gréasáin ÚBE do thaiscí struchtúraithe.
3.  
I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíocht atá contrártha do thuairim arna glacadh ag ÚEUM nó ag ÚBE faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltóidh sé gníomhaíocht a dhéanamh atá contrártha don tuairim sin foilseoidh sé an méid sin láithreach ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé míniú cuimsitheach ar na cúiseanna atá aige leis.

CAIBIDIL 2

Seasaimh

Airteagal 44

Bearta maidir le bainistíocht náisiúnta suímh agus teorainneacha suímh a chomhordú ag ÚEUM

1.  
Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM maidir le bearta a dhéanann údaráis inniúla de bhun Airteagal 69(2)(o) agus (p) de Threoir 2014/65/AE. Áiritheoidh ÚEUM, go háirithe, go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach maidir leis na tráthanna a fheidhmeofar na cumhachtaí sin, cineál agus raon feidhme na mbeart a fhorchuirfear, ré na mbeart agus an méid a leanfaidh uathu.
2.  
Tar éis dó fógra a fháil faoi bheart ar bith faoi Airteagal 79(5) de Threoir 2014/65/AE, déanfaidh ÚEUM an beart agus na cúiseanna atá leis a thaifeadadh. Maidir le bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 69(2)(o) nó (p) de Threoir 2014/65/AE, coimeádfaidh sé bunachar sonraí ina mbeidh achoimrí ar na bearta atá i bhfeidhm lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, aon teorainneacha ar mhéid na suíomh is féidir le daoine a shealbhú gach tráth, aon díolúintí ina leith arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE, agus na cúiseanna atá leis, agus foilseoidh sé ar a láithreán gréasáin é.

Airteagal 45

Cumhachtaí bainistíochta suímh ÚEUM

1.  

I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha araon i mír 2, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a) 

gach faisnéis ábhartha a iarraidh ar aon duine maidir le méid agus le cuspóir an tsuímh nó na neamhchosanta a dhéanfar trí dhíorthach;

(b) 

tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhréir le pointe (a), a cheangal ar aon duine den sórt sin méid an tsuímh nó na neamhchosanta a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 10(b);

(c) 

mar rogha dheiridh, teorainn a chur le cumas an duine díorthach tráchtearra a dhéanamh.

2.  

Ní dhéanfaidh an ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin sa chás ina gcomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go dtabharfaidh na bearta a liostaítear i mír 1 aghaidh ar bhaol dochair d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b) 

nach mbeidh údarás inniúil nó údaráis inniúla tar éis bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin a dhéanamh nó nach leor na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin;

Déanfaidh ÚEUM measúnú ar an méid a chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir leis na critéir agus leis na tosca dá bhforáiltear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear mír 10(a) den Airteagal seo.

3.  

Le linn do ÚEUM bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh áiritheoidh sé ar a mhéid:

(a) 

a thabharfaidh an beart aghaidh shuntasach ar an mbaol d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear maidir leis na socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó feabhas suntasach a dhéanamh ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an mbaol sin, mar a dhéanfar é a thomhas i gcomhréir leis na critéir agus na tosca dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 10(a) den Airteagal seo;

(b) 

nach gcruthófar leis an mbeart an baol d’arbatráiste rialála mar a dhéanfar é a thomhas i gcomhréir le mír 10(c) den Airteagal seo;

(c) 

nach mbeidh aon cheann de na héifeachtaí dochracha seo a leanas ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais a bheidh díréireach le sochair an bhirt: leachtacht a laghdú sna margaí sin, srianta a chur ar na coinníollacha chun rioscaí a laghdú a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála contrapháirtí neamhairgeadais, nó neamhchinnteacht a chruthú do na rannpháirtithe sa mhargadh.

Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), sula ndéanfaidh siad aon bhearta a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh;

Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis na comhlachtaí poiblí atá inniúil maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sula ndéanfaidh sé aon bheart a bhaineann leis na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta.

4.  
Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a ghabháil ar láimh nó a athnuachan, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige. I gcás iarratais faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) de mhír 1 áireofar san fhógra céannacht an duine nó na ndaoine chuig ar seoladh é agus na mionsonraí agus na cúiseanna atá leis. I gcás birt faoi mhír 1(c) áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uasmhéid an tsuímh a fhéadfaidh an duine i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.
5.  
Tabharfar fógra 24 huaire an chloig ar a laghad roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin nó go ndéanfar é a athnuachan. Féadfaidh ÚEUM, i gcásanna eisceachtúla, fógra níos giorra ná 24 huaire an chloig roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin a thabhairt i gcás nach féidir fógra 24 huaire an chloig a thabhairt.
6.  
Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1(c) a fhorchur nó a athnuachan. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uasmhéid an tsuímh a fhéadfaidh an duine i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.
7.  
Gabhfaidh éifeacht le beart dá dtagraítear i mír 1(c) nuair a fhoilseofar an fógra nó tráth, is tráth i ndiaidh a fhoilsithe, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hidirbheart a dhéanfar tar éis don bheart éifeacht a ghabháil.
8.  
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a bhearta dá dtagraítear i mír 1(c) ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéanfar beart a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag láithreach. Beidh feidhm ag mír 2 go mír 8 freisin maidir leis na bearta a athnuachan.
9.  
Beidh forlámhas ag beart arna ghlacadh ag ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon bheart eile a rinne údarás inniúil roimhe sin faoi Airteagal 62(2)(o) nó (n) de Threoir 2014/65/AE.
10.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a shonrú chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a) 

bagairt a bheith ann d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear i ndáil leis na socruithe maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha nó le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de, dá dtagraítear i mír 2(a) agus á chur i gcuntas a mhéid a úsáidfear na suímh chun suímh i dtráchtearraí fisiceacha nó i gconarthaí tráchtearraí a fhálú agus a mhéid a leagtar síos na praghsanna sna bunmhargaí faoi threoir phraghsanna díorthach tráchtearraí;

(b) 

suíomh nó neamhchosaint a laghdú go hiomchuí a dhéanfar trí dhíorthach dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal sin;

(c) 

na cásanna ina bhféadfadh riosca arbatráiste rialála dá dtagraítear i mír 3(b) den Airteagal sin teacht chun cinn.

Cuirfear i gcuntas sna critéir agus sna tosca sin na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(3) de Threoir 2014/65/AE agus déanfar idirdhealú leo idir na staideanna ina ngníomhaíonn ÚEUM toisc gur mhainnigh údarás inniúil gníomhú agus na staideanna ina dtugann ÚEUM aghaidh ar an riosca breise nach bhfuil an t-údarás inniúil in ann aghaidh a thabhairt air go leordhóthanach de bhun Airteagal 69(2)(j) nó (o) de Threoir 2014/65/AE.

TEIDEAL VIII

SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ AG GNÓLACHTAÍ TRÍÚ TÍR TAR ÉIS CINNEADH COIBHÉISE A BHEITH ANN LE BRAINSE NÓ GAN BHRAINSE

Airteagal 46

Forálacha ginearálta

1.  
Féadfaidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh le seirbhísí coimhdeacha nó gan aon seirbhísí coimhdeacha do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn i d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE atá bunaithe ar fud an Aontais gan aon bhrainse a bhunú ach amháin ina mbeidh sé cláraithe i gclár gnólachtaí tríú tír a choinníonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 47.
2.  

Ní dhéanfaidh ÚEUM gnólacht tríú tír a bhfuil iarratas déanta aige ar sholáthar seirbhísí infheistíochta nó ar fheidhmiú gníomhaíochtaí infheistíochta ar fud an Aontais i gcomhréir le mír 1 a chlárú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1);

(b) 

go mbeidh an gnólacht údaraithe sa dlínse ina bhfuil a phríomhoifig bunaithe na seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta sin atá le soláthar a sholáthar san Aontas agus go mbeidh sé faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach trína n-áiritheofar go gcomhlíonfar ina n-iomláine na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin;

(c) 

go mbeidh socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 47(2;

▼M2

(d) 

tá na socruithe agus na nósanna imeachta is gá bunaithe ag an ngnólacht chun an fhaisnéis a leagtar amach i mír 6a a thuairisciú.

▼B

3.  
I gcás ina mbeidh gnólacht tríú tír cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise a fhorchur ar ghnólacht an tríú tír maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó le Treoir 2014/65/AE agus ní dhéileálfaidh siad níos fabhraí le gnólachtaí tríú tír ná gnólachtaí an Aontais.
4.  
Cuirfidh an gnólacht tríú tír dá dtagraítear i mír 1 a iarratas faoi bhráid ÚEUM tar éis don Choimisiún an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 47 a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír ina bhfuil an gnólacht tríú tír údaraithe coibhéiseach leis na ceanglais a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 47(1).

Déanfaidh an gnólacht iarrthach tríú tír gach faisnéis is gá chun é a chlárú a sholáthar do ÚEUM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos faoina mbeidh ar an ngnólacht iarrthach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar.

Is ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach i mír 2 a dhéanfar cinneadh faoin gclárú.

Laistigh de 180 lá oibre tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don ghnólacht iarrthach tríú tír ar deonaíodh nó nár deonaíodh an clárú agus míniú lán-réasúnaithe á thabhairt ina thaobh.

▼M2

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnólachtaí tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, nó gníomhaíochtaí infheistíochta in éineacht le seirbhísí coimhdeachta a fheidhmiú dóibh, ina gcríocha i gcomhréir leis na córais náisiúnta i gcás nár glacadh aon chinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1), i gcás inar glacadh cinneadh den sórt sin ach nach bhfuil feidhm aige a thuilleadh, nó nach bhfuil na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí lena mbaineann cumhdaithe.

▼B

5.  
Cuirfidh gnólachtaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí i gcomhréir leis an Airteagal seo in iúl do chliaint atá bunaithe san Aontas, sula soláthrófar aon seirbhísí infheistíochta, nach bhfuil cead acu seirbhísí a sholáthar do chliaint eile seachas contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach bhfuil siad faoi réir maoirseachta san Aontas. Cuirfidh siad in iúl ainm agus seoladh an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht sa tríú tír.

Cuirfear an fhaisnéis sa chéad fhomhír ar fáil i scríbhinn agus ar bhealach feiceálach.

▼M2

Contrapháirtí incháilithe nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtionscnóidh sé, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n-áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin. Gan dochar do chaidreamh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht tríú tír, lena n-áirítear trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó le haon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach féin an chliaint. Le tionscnamh ó na cliaint sin, ní bheidh an gnólacht tríú tír i dteideal catagóirí nua táirgí infheistíochtaí nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don duine aonair sin.

▼B

6.  
Na gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo, sula soláthróidh siad aon seirbhís nó aon ghníomhaíocht a fheidhmiú i ndáil le cliant bunaithe san Aontas, tairgfidh siad aon díospóidí a bhaineann leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid dlínse chúirte nó binse eadrána i mBallstát.

▼M2

6a.  
Gnólachtaí tríú tír a chuireann seirbhísí ar fáil nó a dhéanann gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh siad ÚEUM ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoin méid seo a leanas:
(a) 

scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí arna gcur ar fáil agus arna ndéanamh ag na gnólachtaí san Aontas, lena n-áirítear a ndáileadh geografach ó Bhallstát go Ballstát;

(b) 

i gcás gnólachtaí a dhéanann an ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, a neamhchosaint mhíosúil, idir neamhchosaint íosta, neamhchosaint mheánach agus neamhchosaint uasta, ar chontrapháirtithe AE;

(c) 

i gcás gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais arna dtionscnamh ó chontrapháirtithe AE a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltais dhaingin sa 12 mhí roimhe sin;

(d) 

láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní i gcomhréir leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

(e) 

cibé acu an ndearnadh socruithe i dtaobh cosaint infheisteoirí, agus tuairisc mhionsonraithe air sin;

(f) 

an beartas bainistithe riosca agus socruithe arna gcur i bhfeidhm ag an ngnólacht maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar agus a dhéanamh;

(g) 

na socruithe rialachais, lena n-áirítear na príomhfheidhmeannaigh maidir le gníomhaíochtaí an ghnólachta san Aontas;

(h) 

aon fhaisnéis eile is gá chun go mbeidh ÚEUM nó na húdaráis inniúla in ann a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis a gheofar i gcomhréir leis an mír seo in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás inar gá chun gur féidir le ÚEUM nó leis na húdaráis inniúla a chúraimí nó a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM, lena n-áirítear ar iarraidh ó údarás inniúil sna Ballstáit ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, a iarraidh ar ghnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, tuilleadh faisnéise maidir lena gcuid oibríochtaí a chur ar fáil.

6b.  
I gcás ina soláthróidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, na sonraí a bhaineann le gach ordú agus gach idirbheart in ionstraimí airgeadais a rinne an gnólacht sin san Aontas, bíodh sé ar a chuntas féin nó ar son cliaint, déanfaidh sé iad a choimeád ar fáil do ÚEUM ar feadh tréimhse cúig bliana.

Ar iarraidh ón údarás inniúil i mBallstát, i gcás ina soláthróidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh ÚEUM rochtain ar na sonraí ábhartha a choimeádtar ar fáil dó i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus cuirfidh sé na sonraí sin ar fáil don údarás inniúil iarrthach.

6c.  
I gcás nach gcomhoibreoidh gnólacht tríú tír in imscrúdú nó i gcigireacht ar an láthair arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 47(2), nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé iarraidh ó ÚEUM i gcomhréir le míreanna 6a nó 6b den Airteagal seo in am trátha agus ar bhealach cuí, féadfaidh ÚEUM clárú an ghnólachta sin a tharraingt siar nó gníomhaíochtaí an ghnólachta a thoirmeasc nó a shrianadh ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 49.

▼C4

7.  
Déanfaidh ÚEUM, i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis nach mór don ghnólacht tríú tír is iarratasóir a sholáthar san iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 agus an fhaisnéis nach mór a thuairisciú i gcomhréir le mír 6a a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2020.

▼M2

8.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina bhfuil an t iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 le cur isteach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6a le tuairisciú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2020.

▼B

Airteagal 47

Cinneadh coibhéise

▼M2

1.  

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) i ndáil le tríú tír á rá go n‐áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíonann gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí agus ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE agus i dTreoir 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ) agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi na gníomhartha reachtacha sin;

(b) 

go bhfuil gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí; agus

(c) 

go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír.

I gcás inar dócha, tar éis an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, ní fhéadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag na ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear san fhomhír sin ach amháin tar éis measúnú mionsonraithe gráinneach a dhéanamh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an gcóineasú maoirseachta idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas agus cuirfidh sé an méid sin san áireamh.

1a.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na himthosca faoinar dócha, tar éis cinneadh coibhéise dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas.

I gcás inar dócha go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha sonracha oibríochtúla a chur i gceangal le cinntí coibhéise lena áirithiú go bhfuil ag ÚEUM agus ag údaráis náisiúnta inniúla na huirlisí is gá chun arbatráiste rialála a chosc agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2) i leith seirbhísí a sholáthraítear agus gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas, deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na gnólachtaí sin an méid seo a leanas:

(a) 

na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21;

(b) 

na ceanglais tuairiscithe ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26, i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a fháil go díreach agus ar bhonn leanúnach a bhuí le meabhrán tuisceana le húdarás inniúil tríú tír;

(c) 

na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 28, i gcás inarb infheidhme.

Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an aithnítear an tríú tír mar dhlínse neamh‐chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír a bhfuil ardriosca ag baint léi de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849.

"1b.  

Féadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat an tríú tír maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir údarú agus faoi réir maoirseachta agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach;

(b) 

tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglais chaipitil leordhóthanacha agus, go háirithe, tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí nó a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (3) nó (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE faoi réir ceanglais chaipitil is inchomparáide leis na ceanglais sin a chuirfidís i bhfeidhm dá mbeidís bunaithe san Aontas;

(c) 

tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglais iomchuí is infheidhme maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí dá gcomhlacht bainistíochta;

(d) 

tá gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta faoi réir ceanglais maidir le hiompar gnó agus eagrúchán;

(e) 

áirithítear trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileáil cos istigh agus cúbláil margaidh a chosc.

Chun críocha mhír 1a den Airteagal seo, nuair a dhéantar measúnú ar choibhéis rialacha tríú tír maidir leis an oibleagáid trádála a leagtar amach in Airteagail 23 agus 28, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú freisin an bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír do chritéir chun ionaid trádála a ainmniú atá incháilithe maidir leis an oibleagáid trádála a chomhlíonadh, ar critéir iad a bhfuil an éifeacht chéanna acu agus atá ag na critéir sin a leagtar amach faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2014/65/AE.

▼B

2.  

Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, i gcomhréir le mír. Sonróidh socruithe den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

▼M2

(a) 

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrann ÚEUM faoi na gnólachtaí nach de chuid AE iad atá údaraithe i dtríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe a bhaineann le comhroinnt na faisnéise sin ag ÚEUM tar éis sin le húdaráis inniúla na mBallstát;

▼B

(b) 

an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil gnólacht tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ÚEUM sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 48 ag sárú choinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé d’oibleagáid air a chomhlíonadh;

▼M2

(c) 

na nósanna imeachta maidir le comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta, lena n‐áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a fhéadfaidh ÚEUM a dhéanamh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn an gnólacht tríú tíre seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 46, i gcás inar gá sin a dhéanamh chun cúraimí ÚEUM nó an údaráis inniúil a bhaint amach i gcomhréir leis an Rialachán seo, tar éis údarás inniúil an tríú tír a chur ar an eolas ina leith;

▼M2

(d) 

na nósanna imeachta lena mbaineann iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 46(6a) agus (6b) a fhéadfaidh ÚEUM a chur faoi bhráid gnólacht tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2).

▼C2

3.  
Maidir le gnólacht tríú tír arna bhunú i dtír ina mbeidh a chreat dlíthiúil agus maoirseachta aitheanta a bheith coibhéiseach, go héifeachtach, i gcomhréir le mír 1, agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir 2014/65/AE, beidh sé in ann na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin údarúchán a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i mBallstáit eile an Aontais gan brainsí nua a bhunú. Chuige sin, comhlíonfaidh sé na ceanglais faisnéise in Airteagal 34 de Threoir 2014/65/AE chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí trasteorann a sholáthar.

▼B

Leanfaidh an brainse de bheith faoi réir mhaoirsiú an Bhallstáit i gcás ina mbunófar an brainse i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir 2014/65/AE. Mar sin féin, agus gan dochar do na hoibleagáidí chun comhoibriú a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an brainse bunaithe agus údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh comhaontuithe comhréireacha comhair a bhunú chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal cuí cosanta infheisteoirí á sheachadadh ag brainse an ghnólachta tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta laistigh den Aontas.

4.  
Ní fhéadfaidh tríú tír na cearta faoi Airteagal 46(1) a úsáid a thuilleadh i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) ag tarraingt siar a chinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo i ndáil leis an tríú tír sin.

▼M2

5.  

Déanfaidh ÚEUM faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta, ar na cleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha a mbeidh cinntí coibhéise glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1 chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha ar glacadh na cinntí ar a mbonn fós á gcomhlíonadh. Cuirfidh ÚEUM, ar bhonn bliantúil, tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin maidir le torthaí an fhaireacháin sin. I gcás ina measfaidh ÚEUM gurb iomchuí sin, féadfaidh ÚEUM dul i gcomhairle le ÚBE i dtaca leis an tuarascáil.

Leis an tuarascáil freisin, léireofar na treochtaí a thugtar faoi deara ar bhonn na sonraí a bhailítear faoi Airteagal 46(6a), go háirithe i dtaobh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí nó a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

6.  

Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 5, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn bliantúil ar a laghad. Sa tuarascáil, beidh liosta de na cinntí coibhéise a rinne nó a tharraing an Coimisiún siar le linn na bliana tuairiscithe, mar aon le haon bhearta a rinne ÚEUM de bhun Airteagal 49, agus tabharfar an réasúnú atá leis na cinntí agus leis na bearta sin.

Beidh sa tuarascáil ón gCoimisiún faisnéis faoin bhfaireachán ar na forbairtí maidir le rialáil agus maoirseacht, faoi na cleachtais forfheidhmiúcháin agus forbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha ar glacadh cinntí coibhéise ina leith. Sa tuarascáil, féachfar chomh maith ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar sholáthar trasteorann seirbhísí infheistíochta ag gnólachtaí tríú tír go ginearálta agus, go háirithe, maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE. In am trátha, beidh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le measúnuithe coibhéise atá idir lámha ag an gCoimisiún i dtaca le tríú tír.

▼B

Airteagal 48

Clár

Coimeádfaidh ÚEUM clár de na gnólachtaí tríú tír a bhfuil cead acu seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 46. Beidh an clár inrochtana don phobal ar shuíomh gréasáin ÚEUM agus beidh faisnéis ann faoi na seirbhísí nó faoi na gníomhaíochtaí a mbeidh cead ag na gnólachtaí tríú tír iad a sholáthar nó a fheidhmiú agus tagairt don údaráis inniúil atá freagrach as iad a mhaoirsiú sa tríú tír.

▼M2

Airteagal 49

Bearta atá le déanamh ag ÚEUM

1.  
Féadfaidh ÚEUM, ar bhonn sealadach, toirmeasc nó srian a chur ar ghnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh le seirbhísí coimhdeacha nó gan aon seirbhísí coimhdeacha i gcomhréir le hAirteagal 46(1) i gcás inar mhainnigh an gnólacht tríú tír aon toirmeasc nó srian a chomhlíonadh arna fhorchur ag ÚEUM nó ÚBE i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 41 nó ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 42 nó inar mhainnigh sé iarraidh ó ÚEUM a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) agus (6b) in am trátha agus ar bhealach cuí, nó i gcás nach gcomhoibreoidh gnólacht tríú tír in imscrúdú nó i gcigireacht ar an láthair arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 47(2).
2.  

Gan dochar do mhír 1, déanfaidh ÚEUM clárú gnólachta tríú tír sa chlár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 48 a tharraingt siar i gcás inar chuir ÚEUM an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nach ndearna an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí is gá chun infheisteoirí nó feidhmiú cuí na margaí san Aontas a chosaint, nó i gcás inar mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an gnólacht tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír, nó na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1), agus go bhfuil feidhm ag ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí nó d'fheidhmiú ordúil na margaí;

(b) 

tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar na forálacha is infheidhme maidir leis sa tríú tír agus ar ghlac an Coimisiún an Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ina leith.

3.  

Cuirfidh ÚEUM in iúl d'údarás inniúil an tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige beart a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 in am trátha.

Sula ndéanfaidh ÚEUM cinneadh faoin ngníomhaíocht iomchuí is ceart a dhéanamh faoin Airteagal seo, cuirfidh sé san áireamh cineál agus tromchúis an riosca d'infheisteoirí agus feidhmiú cuí na margaí san Aontas, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an riosca a bhí ann;

(b) 

ar nocht an riosca laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta gnólachtaí tríú tír;

(c) 

an raibh an riosca ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais de dheasca an riosca nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an riosca ar shlí eile;

(d) 

ar tháinig an riosca chun cinn d'aon ghnó nó le faillí.

Cuirfidh ÚEUM an Coimisiún agus an gnólacht tríú tír lena mbaineann ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a glacadh i gcomhréir le mír 1 nó 2 agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.

Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú an bhfuil na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ann fós i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.

▼B

TEIDEAL IX

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 50

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

▼M8

2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha a tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) agus (5), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (14b) agus (15), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 2 Iúil 2014.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) agus (5), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (14b) agus (15) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

▼B

4.  
A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

▼M8

5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) nó (3), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) nó (5), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10) Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) nó Airteagal 52(10), (14b) nó (15), i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

CAIBIDIL 2

Gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 51

An nós imeachta Coiste

1.  
Beidh an Coiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún ( 18 ) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 52

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.  
Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar atá ag na hoibleagáidí trédhearcachta a bunaíodh de bhun Airteagal 3 go hAirteagal 13, go háirithe maidir le tionchar an tsásra caidhpeála méide a thuairiscítear in Airteagal 5, lena n-áirítear maidir leis an gcostas trádála do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla agus maidir le trádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, agus a éifeachtúlacht chun a áirithiú nach ndéanfaidh an úsáid a bhaintear as na tarscaoiltí ábhartha dochar do chruthú praghsanna agus conas a d’fhéadfadh aon sásra iomchuí chun pionóis a fhorchur i gcás sáruithe ar an gcaidhpheáil mhéide oibriú, agus maidir le cur i bhfeidhm na dtarscaoilte agus cé chomh hoiriúnach is atá siad fós d’oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a bunaíodh de bhun Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 9(2) go (5).
2.  

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tionchar úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) ar mhargaí cothromais Eorpacha, agus ar an sásra caidhpeála méide faoi Airteagal 5, ag tagairt go háirithe do na nithe seo a leanas:

(a) 

leibhéal agus treocht trádáil leabhar orduithe neamhthrédhearcach laistigh den Aontas ó tugadh isteach an Rialachán seo;

(b) 

tionchar ar na raonta difríochta trédhearcacha réamhthrádála arna lua;

(c) 

tionchar ar leibhéal leachtachta ar leabhair orduithe thrédhearcacha;

(d) 

tionchar ar iomaíocht agus ar infheisteoirí laistigh den Aontas;

(e) 

an tionchar ar thrádáil scaireanna ag cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe;

(f) 

forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus idirphlé le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

3.  
Má thagann an tuarascáil ar an tuairim go bhfuil úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) díobhálach don socrú praghsanna, nó do thrádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí, lena n-áirítear leasuithe ar an Rialachán seo, maidir le húsáid na dtarscaoiltí sin. Cuirfear san áireamh i dtograí den chineál sin measúnú tionchair na leasuithe molta agus cuspóirí an Rialacháin seo agus éifeachtaí ar shuaitheadh margaidh agus ar iomaíocht, agus na tionchair a d’fhéadfaidís a imirt ar infheisteoirí san Aontas.
4.  
Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú Airteagal 26, lena n-áirítear an leor ábhar agus formáid na dtuarascálacha idirbhirt a fuarthas agus a malartaíodh idir na húdaráis inniúla le gur féidir faireachán a dhéanamh, ar shlí chuimsitheach, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(1). Féadfaidh an Coimisiún aon tograí ábhartha a dhéanamh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a thuairisciú do chóras arna ainmniú ag ÚEUM seachas d’údaráis inniúla, trínar féidir le húdaráis inniúla ábhartha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile a thuairiscítear de bhun an Airteagail seo chun críocha an Rialacháin seo agus Threoir 2014/65/AE agus chun déileáil cos istigh agus cúbláil mhargaidh a bhrath i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.
5.  
Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le réitigh iomchuí chun neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú chomh maith le huirlisí do rialtóirí chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí luachana i ndáil le hionaid trádála. Déanfaidh an tuarascáil sin ar a laghad measúnú ar an bhféidearthacht chun an córas Eorpach tairgthe agus tairisceana is fearr a fhorbairt do luachana comhdhlúite chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.
6.  
Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir le trádáil i ndíorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 28.
7.  
Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an bhforbairt i bpraghsanna i ndáil le sonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna, ó APAnna agus ó CTPanna.
8.  
Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar athbhreithniú ar na forálacha idir-inoibritheachta in Airteagal 36 den Rialachán seo agus in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
9.  
Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú Airteagal 35, Airteagal 36 den Rialachán seo agus Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Faoin ►M1  3 Iúil 2022 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37.

10.  
Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar Airteagal 35 agus Airteagal 36 den Rialachán seo ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 35(5) agus ar ionaid trádála a bhfuil dlúthbhaint acu leis na CCPanna sin agus i dtaobh an sínfear an socrú idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 35(5), agus measúnú á dhéanamh ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí chun iomaíocht agus an réimse rogha a bheidh ar fáil do rannpháirtithe an mhargaidh a fheabhsú i gcoinne éifeacht dhíréireach fhéideartha na bhforálacha sin ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe agus na sriantachtaí ar rannpháirtithe an mhargaidh áitiúil chun rochtain a fháil ar CCPanna domhanda agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh.

Faoi réir chonclúidí na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an idirthréimhse a shíneadh ar feadh 30 mí ar a mhéad i gcomhréir le hAirteagal 35(5).

▼M8 —————

▼M8

14.  
Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), measúnú ar éileamh an mhargaidh ar an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, ar thionchar na teilitéipe comhdhlúite sin ar fheidhmiú, ar tharraingteacht agus iomaíochas idirnáisiúnta mhargaí agus ghnólachtaí an Aontais, agus ar cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an teilitéip chomhdhlúite an aidhm atá aici neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú agus suíomh níos tarraingtí a dhéanamh den Aontas chun infheistíocht a dhéanamh. Tuairisceoidh ÚEUM don Choimisiún maidir lena iomchuí atá sé gnéithe breise a chur leis an teilitéip chomhdhlúite, amhail an cód aitheantóra margaidh le haghaidh sonraí réamhthrádála a scaipeadh. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
14a.  

3 bliana tar éis teilitéip chomhdhlúite a bheith údaraithe den chéad uair, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na haicmí sócmhainní a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite;

(b) 

tráthúlacht agus cáilíocht na sonraí arna dtarchur chuig an CTP;

(c) 

tráthúlacht scaipeadh, agus cháilíocht, na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála;

(d) 

ról na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála maidir leis an easnamh cur chun feidhme a laghdú;

(e) 

líon úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite de réir aicme sócmhainní;

(f) 

an tionchar atá ag croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála ar neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe difriúla sna margaí caipitil a réiteach;

(g) 

oiriúnacht na bprótacal tarchurtha a úsáidtear chun sonraí a tharchur chuig an CTP;

(h) 

oiriúnacht agus feidhmiú na scéime athdháilte ioncaim, go háirithe maidir le rannchuiditheoirí sonraí ar ionaid trádála bheaga iad;

(i) 

éifeachtaí na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála ar infheistíochtaí in FBManna.

14b.  
Faoin 29 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM, measúnú ar an bhféidearthacht ceanglais Airteagal 26 den Rialachán seo a leathnú chuig bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE iad agus go cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE, a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus a dhéanann idirbhearta in ionstraimí airgeadais a fhorghníomhú. Go háirithe, áireoidh an Coimisiún sa mheasúnú sin anailís costais agus tairbhe agus meastóireacht ar raon feidhme leathnaithe den sórt sin.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin agus spriocanna aontas na margaí caipitil á gcur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a leasú trí cheanglais Airteagal 26 a leathnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

14c.  
Faoin 29 Márta 2028, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar oiriúnacht na caidhpeála méid a shocraítear in Airteagal 5(1) agus ar an ngá atá ann í a bhaint nó a leathnú chuig córais trádála eile nó chuig ionaid forghníomhaithe eile a dhíorthaíonn a bpraghsanna ó phraghas tagartha, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta, iomaíochas mhargaí airgeadais an Aontais, agus éifeachtaí na caidhpeála méid sin ar thrádáil chóir ordúil ar mhargaí, agus ar éifeachtúlacht praghasmhúnlaithe á gcur san áireamh.

▼C6

15.  

►M8  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí bhearta a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh: ◄

▼M8

(e) 

a áirithiú go soláthrófar croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála ar bhonn réasúnach tráchtála agus go gcomhlíonann siad riachtanais úsáideoirí na sonraí sin ar fud an Aontais;

▼M8 —————

▼M8

(g) 

na socruithe is infheidhme a shonrú i gcás nach gcomhlíonann an CTP na critéir roghnúcháin a thuilleadh;

(h) 

na socruithe a shonrú faoina bhféadfaidh CTP leanúint de theilitéip chomhdhlúite a oibriú ar choinníoll nach n-údarófar aon eintiteas nua tríd an nós imeachta roghnúcháin.

▼B

Airteagal 53

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 5(2), cuirtear isteach an fhomhír seo leanas:

“Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt faoin mír seo, ní dhéanfaidh ÚEUM dochar don fhoráil idirthréimhseach a bhaineann le conarthaí díorthacha C6 mar a leagtar síos in Airteagal 95 de Threoir 2014/65/AE ( 19 ).

(2) 

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

“1.  

Aon CPP a bheidh údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála. Áireofar leis sin, go háirithe, go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar conas a thrádálfar conarthaí ar an ionad trádála sin a láimhseálfar sna téarmaí seo a leanas:

(a) 

ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CPP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht agus/nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus

(b) 

traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CPP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41.

Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.”;

(b) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas

“6.  
Déanfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 maidir le cóireáil neamh-idirdhealaitheach faoi conas a dhéileálfar le conarthaí a thrádálfar ar ionad trádála ó thaobh ceanglas cothaobhachta agus glanluacháil ar chonarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna a shonrú tuilleadh leis na caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 35(6)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ( *1 ).”;
(3) 

In Airteagal 81(3), cuirtear an fhomhír seo leanas leis:

“Tarchuirfidh stór trádála na sonraí sin chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (*1) ”.

Airteagal 54

Forálacha idirthréimhseacha

▼M2

1.  
Féadfaidh gnólachtaí tríú tír leanúint de sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a sholáthar sna Ballstáit, i gcomhréir leis na córais náisiúnta, go dtí trí bliana tar éis cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún i ndáil leis an tríú tír ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 47. Seirbhísí agus gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le cinneadh den sórt sin, féadfar leanúint de bheith á soláthar i gcomhréir le córas náisiúnta.

▼M8 —————

▼M8

3.  
Forálacha na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 de réir mar is infheidhme roimh an 28 Márta 2024, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí dáta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 de réir mar is infheidhme ón dáta sin.

▼M3

Airteagal 54a

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1.  
Déanfar na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí a tharchur chuig ÚEUM an 1 Eanáir 2022, ach amháin inniúlachtaí agus dualgais a bhaineann le APAnna agus ARManna atá faoi réir ag maolú dá dtagraítear in Airteagal 2(3). Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin a aistríodh ar an dáta céanna.
2.  
Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí, lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

Maidir le hiarratas ar údarú a fhaigheann údaráis inniúla, áfach, faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an t-údarás inniúil ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.

3.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma faoin 1 Eanáir 2022. Ina theannta sin, tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.
4.  
Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.
5.  
Má dheonaíonn údarás inniúil mar atá sainmhínithe i bpointe 26 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, leanfaidh an t-údarú sin de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.

Airteagal 54b

Caidreamh le hiniúchóirí

1.  

Aon duine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ), ag gníomhú dó ina sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an cúram a thuairiscítear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) nó Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE á fheidhmiú aige nó aon chúram eile a leagtar síos sa dlí, beidh dualgas air aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú go pras chuig ÚEUM a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin ar tháinig an duine sin air agus é i mbun an chúraim sin agus ar féidir go ndéanfaidh sé:

(a) 

sárú ábhartha ar na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear an t-údarú nó lena rialaítear na gníomhaíochtaí go sonrach a dhéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin;

(b) 

difear d’fheidhmiú leanúnach an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí;

(c) 

údar a thabhairt chun deimhniú na gcuntas a dhiúltú nó cúiseanna imní a chur in iúl.

Beidh dualgas ar an duine sin freisin aon fhíorais nó cinntí a thuairisciú ar tháinig an duine orthu le linn dó a bheith i mbun ceann de na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ina bhfuil sé nó sí ag déanamh an chúraim sin.

2.  
Ní sárú an nochtadh faisnéise de mheon macánta do na húdaráis inniúla, ag daoine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE, d’aon fhíoras nó cinneadh dá dtagraítear i mír 1, ar shrianta dlíthiúla nó conarthacha ar nochtadh faisnéise agus ní ghabhfaidh dliteanais de chineál ar bith leis na daoine sin.

▼B

Airteagal 55

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M1

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 3 Eanáir 2018 ar aghaidh.

▼B

►C1  D'ainneoin an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 1(8) agus (9), Airteagal 2(2), Airteagal 4(6), Airteagal 5(6) agus (9), ◄ Airteagal 7(2), Airteagal 9(5), Airteagal 11(4), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(7), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 20(3), Airteagal 21(5), Airteagal 22(4), Airteagal 23(3), Airteagal 25(3), Airteagal 26(9), Airteagal 27(3), Airteagal 28(4), Airteagal 28(5), Airteagal 29(3), Airteagal 30(2), Airteagal 31(4), Airteagal 32(1), (5) agus (6), Airteagal 33(2), Airteagal 35(6), Airteagal 36(6), Airteagal 37(4), Airteagal 38(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10), Airteagal 46(7), Airteagal 47(1) agus (4), Airteagal 52(10) agus (12), agus Airteagal 54(1) go díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

▼M1

D'ainneoin an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 37(1), (2) agus (3) ón 3 Eanáir 2020.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

( 2 ) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

( 4 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárchais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

( 5 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

( 6 ) Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

( 7 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

( 9 ) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

( 10 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

( 11 ) Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid, lena n-áirítear maoiniú sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

( 12 ) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO J 333, 27.12.2022, lch. 1).

( 13 ) Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ar shocruithe imréitigh indírigh, an oibleagáid imréitigh, an clár poiblí, rochtain ar ionad trádála, contrapháirtithe neamhairgeadais, agus teicnící maolaithe riosca le haghaidh conarthaí díorthach OTC nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (IO L 52, 23.2.2013, lch. 11).

( 14 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 15 ) Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).

( 16 ) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO 314, 5.12.2019, lch1.).

( 17 ) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 314 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus Treoir 2014/65/AE (IO 64).

( 18 ) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).

( 19 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/AE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;

( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

( 20 ) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

( 21 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).