02014R0596 — GA — 09.01.2024 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 596/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 173 12.6.2014, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2016/1011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Meitheamh 2016 |
L 171 |
1 |
29.6.2016 |
|
RIALACHÁN (AE) 2016/1033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Meitheamh 2016 |
L 175 |
1 |
30.6.2016 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/2115 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 27 Samhain 2019 |
L 320 |
1 |
11.12.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 |
L |
1 |
20.12.2023 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) Uimh. 596/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Aibreán 2014
maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo comhchreat rialála maidir le déileáil chos istigh, le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach, le cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) mar aon le bearta chun drochúsáid mhargaidh a chosc d’fhonn sláine na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú agus d’fhonn cosaint infheisteoirí agus muinín sna margaí sin a fheabhsú.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
ionstraimí airgeadais ar ligeadh isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte déanta ina leith;
ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar MTF, ar ligeadh isteach iad chun a dtrádála ar MTF nó a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a trádála ar MTF déanta ina leith;
ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar OTF;
ionstraimí airgeadais nach bhfuil clúdaithe le pointe (a), (b) nó (c), a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar phraghas nó luach ionstraime airgeadais dá dtagraítear sna pointí sin, nó a bhfuil éifeacht ag a bpraghas nó ag a luach ar phraghas nó luach ionstraime airgeadais dá dtagraítear sna pointí sin, lena n-áirítear, babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus conarthaí difríochta ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.
Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiompraíocht nó le hidirbhearta, lena n-áirítear tairiscintí, a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile atá bunaithe air sin ar mhargadh rialáilte atá údaraithe mar ardán ceant do lamháltas astaíochtaí nó do tháirgí ceantáilte eile atá bunaithe air sin, lena n-áirítear nuair nach ionstraimí airgeadais iad táirgí ceantáilte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún. Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a thagraíonn do thairiscintí arna dtíolacadh i gcomhthéacs ceantála, beidh feidhm ag aon cheanglais agus aon thoirmisc sa Rialachán seo lena dtagraítear d’orduithe trádála maidir leis na tairiscintí sin.
Tá feidhm ag Airteagal 12 agus ag Airteagal 15 maidir leis an méid seo a leanas freisin:
conarthaí spot-tráchtearraí, nach táirgí mórdhíola fuinnimh iad, i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an idirbheart, ag an ordú nó ag an iompraíocht, nó i gcásanna inar dóigh tionchar a bheith acu, nó i gcásanna ina bhfuil siad ceaptha chun tionchar a bheith acu, ar praghas nó luach ionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 1;
cineálacha ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear conarthaí díorthacha nó ionstraimí díorthacha le haghaidh aistriú an riosca creidmheasa i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an idirbheart, ag an ordú, ag an tairiscint nó ag an iompraíocht, nó i gcásanna inar dóigh tionchar a bheith acu ar phraghas nó ar luach conartha spot-tráchtearraí sa chás ina mbraithfidh an phraghas nó an luach ar phraghas nó ar luach na n-ionstraimí airgeadais sin; agus
iompraíocht i ndáil le tagarmharcanna.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “institiúid chreidmheasa” institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(26) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
ciallaíonn “oibreoir margaidh” oibreoir margaidh mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(18) de Threoir (AE) Uimh. 2014/65/AE;
ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(21) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach (MTF)” córas iltaobhach mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(22) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “saoráid trádála eagraithe (OTF)” córas nó saoráid san Aontas mar a shainmhínítear é in in Airteagal 4(1)(23) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “cleachtais aitheanta margaidh” cleachtas margaidh atá aitheanta ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 13.
ciallaíonn “ionad trádála” aonad trádála mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(12) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 22, mura sonraítear a mhalairt;
ciallaíonn “duine” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith.
ciallaíonn “tráchtearra” tráchtearra mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún ( 2 ).
ciallaíonn “conradh spot-tráchtearraí” conradh do sholáthar tráchtearra arna thrádáil ar spotmhargadh a sholáthraítear go prás nuair a bhíonn an t-idirbheart socraithe, mar aon le conarthaí eile do sholáthar tráchtearra nach ionstraim airgeadais é, lena n-áirítear réamhchonradh a shocraítear go fisiceach;
ciallaíonn “spotmhargadh” margadh tráchtearraí ina ndíoltar tráchtearraí ar airgead tirim agus ina seachadtar iad go pras nuair a bhíonn an t-idirbheart socraithe, agus le margaí eile neamhairgeadais, amhail réamh-mhargaí do thráchtearraí.
ciallaíonn “clár aischeannaigh” trádáil i scaireanna dílse i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 27 de Threoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).
ciallaíonn “trádáil algartamach” trádáil algartamach mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(39) de Threoir 2014/65/AE.
ciallaíonn “lamháltas astaíochtaí” lamháltas astaíochtaí mar a léirítear é i bpointe (11) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.
ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí” aon duine a dhéanann idirbhearta, lena n-áirítear orduithe a chur chun trádáil a dhéanamh, i lamháltais astaíochtaí, i dtáirgí ceantáilte, nó i ndíorthaigh díobh agus nach dtairbhíonn de dhíolúine de bhun an dara fomhír d’Airteagal 17(2).
ciallaíonn “eisitheoir” eintiteas dlíthiúil arna rialú ag an dlí príobháideach nó poiblí, a eisíonn nó a bheartaíonn ionstraimí airgeadais a eisiúint, arb é an t-eisitheoir, i gcás admhálacha taisclainne arb ionann iad agus ionstraimí airgeadais, eisitheoir na hionstraime airgeadais arb ionann í agus admháil taisclainne.
ciallaíonn “táirge fuinnimh mhórdhíola” táirge fuinnimh mhórdhíola faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
“údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
ciallaíonn “díorthaigh tráchtearraí” díorthaigh tráchtearraí mar a shainmhínítear iad i bpointe (24) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciallaíonn “duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta” duine laistigh d’eisitheoir, rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí nó eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 19(10) é agus:
ar comhalta é de chomhlacht bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta an eintitis sin; nó
ar feidhmeannach sinsearach é, nach comhalta de na comhlachtaí é dá dtagraítear i bpointe (a), a bhfuil rochtain aige go rialta ar an bhfaisnéis ón taobh istigh a bhaineann go díreach nó go hindíreach, leis an eintiteas sin, agus ag a bhfuil an chumhacht cinntí bainistíochta a dhéanamh a imreoidh tionchar ar fhorbairtí agus ar ionchais gnó an eintitis sin amach anseo.
ciallaíonn “duine a bhfuil caidreamh dlúth aige”:
céile, nó páirtnéir a mheastar de réir an dlí náisiúnta gurb ionann iad agus an céile;
leanbh cleithiúnach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
gaol de chuid an duine, a bhí in aon teaghlach leis an duine sin ar feadh bliana ar a laghad ar an dáta a ndearnadh an t-idirbheart lena mbaineann; nó
duine dleathach, iontaobhas nó comhpháirtíocht, a ndéanfaidh duine dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den phointe seo a fhreagrachtaí bainistíochta a chomhlíonadh, nó a dhéanfaidh duine den sórt sin go díreach nó go hindíreach iad a rialú, nó a chuirtear ar bun chun tairbhe an duine sin, nó a bhfuil a leasanna eacnamaíocha coibhéiseach cuid mhaith le leasanna eacnamaíocha duine den sórt sin;
ciallaíonn “taifid sonraí tráchta” taifead de “shonraí tráchta” mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) den dara mír d’Airteagal 2 de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );.
ciallaíonn “duine a eagraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta” duine atá gníomhach i nglacadh agus i dtarchur orduithe nó in orduithe a tharchur nó in idirbhearta a fhorghníomhú i ndáil le hionstraimí airgeadais.
ciallaíonn “tagarmharc” aon ráta, inneács nó figiúr, a chuirtear ar fáil don phobal nó a fhoilsítear a shocraítear go tréimhsiúil nó go rialta le foirmle a fheidhmiú nó ar bhonn: luach bunsócmhainne nó bunphraghas amháin nó níos mó, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta nó luachanna eile iarbhír nó measta, nó suirbhéanna lena ndéantar an tsuim atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó luach ionstraime airgeadais a chinneadh faoina dtreoir.
ciallaíonn “déantóir margaidh” duine de réir bhrí Airteagal 4(1)(7) de Threoir 2014/65/AE.
ciallaíonn “forbairt scairshealúchais” urrúis a fháil i gcuideachta nach dtarraingíonn oibleagáid dhlíthiúil ná rialála fógra a dhéanamh maidir le tairiscint táthcheangail i ndáil leis an gcuideachta sin.
ciallaíonn “rannpháirtí nochtach sa mhargadh’ tagairt do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a thagann faoi aon cheann de na catagóirí a leagtar amach i bpointe (a) go (d) d'Airteagal 11(1) nó d'Airteagal 11(2), a nochtann faisnéis le linn sondáil margaidh.
ciallaíonn “trádáil ardmhinicíochta” trádáil ardmhinicíochta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(40) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “straitéis infheistíochta a mholadh nó a chomhairliú
faisnéis arna tabhairt ag anailísí neamhspleách, ag gnólacht infheistíochta, ag institiúid chreidmheasa, ag aon duine arb é a phríomhghnó é moltaí infheistíochta a thabhairt nó ag duine nádúrtha atá ag obair dóibh nó atá faoi chonradh fostaíochta nó eile, agus gur faisnéis í a léiríonn, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, tograí infheistíochta ar leith i ndáil le hionstraim airgeadais nó le heisitheoir;
faisnéis arna tabhairt ag daoine seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (i) a léiríonn go díreach togra infheistíochta ar leith i ndáil le hionstraim airgeadais;
ciallaíonn “moltaí infheistíochta” faisnéis lena moltar nó lena gcomhairlítear straitéis infheistíochta, bíodh sin go sainráite nó go hintuigthe, i dtaca le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó nó i dtaca leis na heisitheoirí, lena n áirítear aon tuairim i dtaobh luach reatha nó todhchaí nó praghas reatha nó todhchaí na n ionstraimí sin, agus go bhfuil an fhaisnéis sin beartaithe i gcomhair cainéil scaipthe nó don phobal.
Chun críocha Airteagal 5, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “urrúis”:
scaireanna agus urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna;
bannaí agus cineálacha eile fiachais urrúsaithe; nó
fiachas urrúsaithe nó inmhalartaithe ar scaireanna nó urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna.
ciallaíonn “ionstraimí gaolmhara” na hionstraimí airgeadais seo a leanas, lena n-áirítear na hionstraimí sin nach ligtear isteach chun a dtrádála ná nach dtrádáiltear ar ionad trádála, nó nach bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar ionad trádála déanta ina leith:
conarthaí nó cearta chun urrúis a shuibscríobh, a ghnóthú nó a dhiúscairt;
díorthaigh airgeadais ar urrúis;
i gcás inar ionstraimí fiachais in-chomhshóite nó inmhalartaithe iad na hurrúis, na hurrúis a fhéadfar na hionstraimí fiachais in-chomhshóite nó inmhalartaithe sin a chomhshó nó a mhalartú iontu;
ionstraimí a eisíonn nó a ráthaíonn eisitheoir nó ráthóir na n-urrús agus ar dócha go n-imreoidh a bpraghasmhargadh tionchar ábhartha ar phraghas na n-urrús nó a mhalairt ar fad;
i gcás inar urrúis atá coibhéiseach le scaireanna iad na hurrúis, na scaireanna sin a sheasann na hurrúis dóibh agus aon urrúis eile atá coibhéiseach leis na scaireanna sin.
ciallaíonn “dáileadh suntasach” tairiscint tosaigh nó tánaisteach urrús atá ar leithligh ón ngnáth-thrádáil ó thaobh an mhéid i luach na n-urrús a bheidh le tairiscint agus an mhodh díola a bheidh le húsáid;
ciallaíonn “cobhsú” ceannach nó tairiscint chun urrúis a cheannach, nó aon idirbheart in ionstraimí gaolmhara atá coibhéiseach leo, arna ndéanamh ag institiúid creidmheasa nó ag gnólacht infheistíochta, a dhéanfar i gcomhthéacs dháileadh suntasach urrús den sórt sin go heisiach chun tacaíocht a thabhairt do mhargadhphraghas na n-urrús sin ar feadh tréimhse réamhdhearbhaithe, de bharr brú díola i gcás na n-urrús sin;.
Article 4
Fógraí agus liosta ionstraimí airgeadais
Tabharfaidh siad fógra d’údarás inniúil an ionaid trádála freisin nuair a scoirfear d’ionstraim airgeadais a thrádáil nó nuair a scoirfear den ionstraim a ligean siteach chun a trádála mura rud é s gur eol an dáta a scoirfear den ionstraim airgeadais a thrádáil nó an dáta a scoirfear den ionstraim a ligean isteach chun a trádála agus go ndearnadh tagairt don dáta sin san fhógra, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Áireofar sna fógraí dá dtagraítear sa mhír seo, de réir mar is iomchuí, ainmneacha agus aitheantóirí na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, agus an dáta agus t-am a ndearnadh an iarraidh ar iad ligean isteach chun a dtrádála, an ligean isteach chun a dtrádála agus dáta agus am na chéad trádála.
Tarchuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta chuig údarás inniúil an ionaid trádála freisin an fhaisnéis a leagtar amach sa tríú fomhír i dtaca leis na hionstraimí airgeadais a bhí ina n-ábhar d’iarraidh ar ligean isteach chun a dtrádála nó a ligeadh isteach chun a dtrádála agus a ligtear isteach fós chun a dtrádála nó a thrádáíltear ar a ndáta sin roimh 2 Iúil 2014.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa liosta:
ainmneacha agus aitheantóirí ionstraimí airgeadais atá ina n-ábhar d’iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear den chéad uair ar mhargaí rialáilte, MTFanna agus OTFanna,;
dátaí agus amanna ag a ndearnadh na hiarrataí ar ligean isteach chun a dtrádála, an ligin isteach chun trádála nó na chéad trádálacha;
mionsonraí faoi na hionaid trádála atá ina n-ábhar d’iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, a ligtear isteach chun a dtrádála nó a ndearnadh na hionstraimí airgeadais a thrádáil den chéad uair orthu, inar ligeadh isteach iad den chéad uair chun a dtrádála, nó ina ndearnadh iarraidh iad a ligean isteach chun a dtrádála; agus
an dáta agus an t-am ag a scoirtear dá dtrádáil nó an dáta agus an t-am ag a scoirtear de na hionstraimí airgeadais a thrádáil nó a scoirtear dá ligean isteach chun a dtrádála.
Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a leagan síos:
inneachar na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1; agus
an bealach a dhéanfar agus na coinníollacha faoina ndéanfar an liosta dá dtagraítear i mír 3 a thiomsú, a fhoilsiú agus a choimeád ar bun.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ( 6 ).
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 5
Díolúine do chláir aischeannaigh agus do chobhsú
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo maidir le trádáil i scaireanna dílse i gcláir aischeannaigh i gcás:
nuair a nochtar sonraí iomlána an chláir roimh thús na trádála;
nuair a dhéantar trádálacha a thuairisciú don údarás inniúil mar chuid den chlár aischeannaigh agus nuair a nochtar iad don phobal ina dhiaidh sin;
nuair a chomhlíontar urraim do theorainneacha leormhaithe maidir le praghas agus méidl agus
nuair a dhéantar é i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 agus na coinníollacha a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6.
D’fhonn tairbhiú den díolúine dá bhforáiltear i mír 1, beidh mar an t-aon chríoch ag clár aischeannaigh atá aige:
caipitil an eisitheora a laghdú;
na hoibleagáidí a eascraíonn ó ionstraimí fiachais airgeadais inmhalartaithe ar ionstraimí caipitil gnáthscaireann a chomhlíonadha; nó
na hoibleagáidí a eascraíonn ó chláir scair-rogha, nó leithdháiltí scaireanna eile d’fhostaithe nó do chomhaltaí na bainistíochta riaracháin nó do chomhaltaí maoirseachta an eisitheora nó cuideachta comhlaí a chomhlíonadh.
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo maidir le trádáil in urrúis nó in ionstraimí gaolmhara chun urrúis a chobhsú i gcás
ina ndéantar an cobhsú ar feadh tréimhse theoranta ama;
ina nochtar faisnéis ábhartha maidir leis an gcobhsú, agus ina dtugtar fógra don údarás inniúil i gcomhréir le mír 5;
ina dtugtar urraim do theorainneacha leormhaithe maidir le praghas; agus
ina gcomhlíonann trádáil den sórt sin na coinníollacha don chobhsú a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 6
Díolúine do ghníomhaíochtaí bainistíochta airgeadaíochta agus fiachais phoiblí agus do ghníomhaíochtaí beartais aeráide
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hidirbhearta, orduithe ná iompraíocht agus beartas airgeadaíochta, beartas ráta malartaithe, nó beartas bainistíochta fiachais phoiblí á shaothrú ag:
ballstát;
comhaltaí CEBC;
aireacht, gníomhaireacht nó feithicil shainchuspóireach de chuid Ballstáit nó de chuid roinnt Ballstát, nó ag duine ag gníomhú ar a son nó ar a shon;
i gcás Ballstáit atá ina stát cónaidhme, ag comhalta atá páirteach sa chónaidhm.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hidirbhearta, orduithe ná iompraíochtaí den sórt sin arna ndéanamh ag:
an Aontas;
ag feithicil shainchuspóireach de chuid Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát;
an mBanc Eorpach Infheistíochta;
an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach;
an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;
institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha maoinithe ag bagairt orthu.
Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, faoin 3 Eanáir 2016, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann agus ar an gcóir idirnaisiúnta a chuirtear ar na bainc cheannais.
Beidh anailís chomparáideach faoin gcóir a fhaigheann na comhlachtaí agus na bainc cheannais sin laistigh de chreat dlíthiúil tríú tíortha, agus na caighdeáin bhainistíochta riosca atá infheidhme maidir leis na hidirbhearta a dhéanann na comhlachtaí sin agus na bainc cheannais sna dlínsí sin. Má bhaintear an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgeadaíochta na mbanc ceannais tríú tír sin a dhíolmhú ó oibleagáidí agus ó thoirmisc an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún an díolúine a leathnú chuig bainc cheannais na dtríú tíortha sin.
CAIBIDIL 2
FAISNÉIS ÓN TAOBH ISTIGH, DEILEÁIL CHOS ISTIGH, FAISNÉIS ÓN TAOBH ISTIGH A NOCHTADH GO NEAMHDHLEATHACH AGUS CÚBLÁIL MARGAIDH
Airteagal 7
Faisnéis ón taobh istigh
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh faisnéis ón taobh istigh comhdhéanta de na cineálacha faisnéise seo a leanas:
faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó le hionstraimí airgeadais amháin nó níos mó agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann;
maidir le díorthaigh ar thráchtearraí, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le díorthach amháin den sórt sin nó níos mó nó a bhaineann go díreach leis an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na ndíorthach sin nó na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara agus sa chás gur faisnéis í seo a bhféadfaí dá cionn a bheith ag súil leis le réasún go nochtfaí í nó a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlí nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, rialacha margaidh, conarthaí, cleachtais nó custaim ar mhargaí ábhartha na ndíorthach tráchtearraí nó spotmhargaí ábhartha.
maidir le lamháltais astaíochtaí nó táirgí ceantáilte bunaithe ar an gcéanna, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le hionstraim amháin dá leithéid nó níos mó, agus dá bpoibleofaí í, ba dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghas ionstraimí dá leithéid nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.
maidir le daoine a bhfuil cúram orthu maidir le forghníomhú orduithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais, ciallaíonn sé freisin faisnéis a chuireann cliant in iúl agus a bhaineann le horduithe ar feitheamh an chliaint in ionstraimí airgeadais, atá de chineál beacht, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir nó níos mó nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin, ar phraghas na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara, nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.
I gcás rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochta a bhfuil astaíochtaí comhiomlána acu nó a bhfuil ionchur rátáilte teirmeach acu atá ag an tairseach nó faoin tairseach a shocrófar i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 17(2), measfar nach ndéanfaidh faisnéis faoina n-oibríochtaí fisiceacha éifeacht shuntasach a imirt ar phraghas na lamháltas astaíochta, na dtáirgí ceantáilte atá bunaithe ar an bhfaisnéis sin ná ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.
Airteagal 8
Déileáil chos istigh
Chun críocha an Rialacháin seo, tagann déileálacha cos istigh chun cinn nuair a mholtar duine eile a bheith páirteach i ndéileáil chos istigh, nó ina spreagtar duine eile a bheith páirteach i ndéileáil chos istigh, i gcás faisnéis ón taobh istigh a bheith ag an duine agus:
nuair a mholann sé, ar bhonn na faisnéise sin go ndéanfaidh duine eile ionstraimí airgeadais a fháil nó a dhiúscairt lena mbaineann an fhaisnéis sin, nó nuair a spreagann sé an duine sin fáltas nó diúscairt den sórt sin a dhéanamh, nó
nuair a mholann sé ar bhonn na faisnéise sin go ndéanfaidh duine eile ordú maidir le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin a chealú nó a leasú, nó nuair a spreagann sé an duine sin fáltas nó diúscairt den sórt sin a dhéanamh.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige mar thoradh ar aon cheann de na cúinsí seo a leanas:
é a bheith ina chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid eisitheora nó de chuid rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;
sealúchas a bheith aige i gcaipiteal de chuid eisitheora nó de chuid rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;
rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis i bhfeidhmiú poist, gairme nó a dhualgas;
baint a bheith aige le gníomhaíochtaí coiriúla.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le haon duine a mbeidh faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige faoi chúinsí seachas na cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa chás gurb eol duine sin nó gur cheart gurbh eol dó gur faisnéis ón taobh istigh atá ann.
Airteagal 9
Iompraíocht dhlisteanach
Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, ní mheasfar ar an aonfhíric gur bhain duine dlítheanach a bhfuil nó a raibh faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige úsáid aisti gur ghlac an duine sin páirt dá bhrí sin i ndéileáil chos istigh ar bhonn fáltais nó diúscartha, sa chás:
go raibh socruithe agus nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha agus éifeachtacha bunaithe, curtha chun feidhme agus cothabháilte ag an duine dlítheanach sin a áirithíonn go héifeachtach nach raibh faisnéis ón taobh istigh ag an duine nádúrtha a rinne an cinneadh thar a cheann ionstraimí airgeadais lena mbaineann a fhaisnéis a fháil nó a dhiúscairt, ná duine nádúrtha eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcinneadh sin; agus
nár ghríosaigh, nár mhol, nár spreag an duine dlítheanach ná nár imir sé tionchar ar shlí eile ar an duine nádúrtha a fuair nó a dhiúscairt ionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis, thar ceann an duine dhlítheanaigh.
Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, ní mheasfar ar an aonfhíric gur bhain duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige úsáid aisti gur ghlac an duine sin dá bhrí sin páirt i ndéileáil chos istigh ar bhonn fáltais nó diúscartha, sa chás:
inar cruthaitheoir margaidh é an duine sin don ionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis nó gur duine atá údaraithe an duine sin chun gníomhú mar chontrapháirtí don ionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis agus go ndearnadh na hionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a fháil nó a dhiúscairt go dlisteanach le linn fheidhmiú a bhfeidhme mar chruthaitheoir margaidh nó mar chontrapháirtí don ionstraim airgeadais; nó
ina bhfuil an duine údaraithe orduithe a fheidhmiú thar ceann tríú páirtithe, agus ionstraimí airgeadais lena mbaineann an t-ordú a fháil nó a dhiúscairt agus go gcaithfidh an duine an t-ordú sin a dhéanamh go dlisteanach le linn don duine sin a phost nó apost, a ghairm nó a gairm nó a dhualgais nó a dulagais a fheidhmiú.
Chun críocha Airteagal 8 agus Airteagal 14, ní mheasfar ar aon aonfhíric gur bhain duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige úsáid aisti gur ghlac an duine sin páirt dá bhrí sin i ndéileáil chos istigh ar bhonn fáltais nó diúscartha, sa chás ina ndéanfaidh an duine sin idirbheart chun ionstraimí airgeadais a fháil nó a dhiúscairt sa chás go ndéanfar an t-idirbheart sin chun oibleagáid atá dlite a tharscaoileadh de mheon macánta agus nach ndéanfar é chun an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh a shárú agus:
go n-eascraíonn an oibleagáid sin ó ordú a rinneadh nó ó chomhaontú a tugadh i gcrích sula raibh faisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann; nó
go gcaithfidh an duine sin oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a chomhlíonadh a d’eascraigh sula raibh faisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le forbairt scairshealúchais.
Airteagal 10
Nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh
Tá feidhm ag an mír seo maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach sna cásanna nó sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 8(4).
Airteagal 11
Sondálacha margaidh
Is ionann sondáil margaidh agus faisnéis a bheith curtha in iúl, sula bhfógrófar idirbheart, d’fhonn leas infheisteoirí ionchasacha in idirbheart féideartha a thomhas agus na coinníollacha a bhaineann leis amhail a mhéid ionchasach nó a phraghsáil, d’infheisteoir ionchasach:
ag eisitheoir;
ag tairgeoir tánaisteach ionstraime airgeadais, de mhéid nó de luach atá ar leithligh ón ngnáth-thrádáil agus a bhfuil modh díola i gceist leis atá bunaithe ar réamh-mheasúnú ar spéis ionchasach a bheith léirithe ag infheisteoirí ionchasacha;
ag rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí; nó
ag tríú páirtí ag gníomhú thar ceann nó ar chuntas duine dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c).
Gan dochar d’Airteagal 23(3), is ionann nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag duine atá ag beartú tairiscint táthcheangail a dhéanamh ar urrúis cuideachta nó cumaisc le cuideachta do pháirtithe atá i dteideal na hurrúis sin agus sondáil margaidh, ar choinníoll:
go bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun na páirtithe atá i dteideal na n-urrús tuairim a ghlacadh maidir lena dtoilteanas a n-urrúis a thairiscint, agus
go bhfuil gá réasúnach le toilteanas na bpáirtithe atá i dteideal na n-urrús a n-urrúis a thairiscint maidir leis an gcinneadh an tairiscint táthcheangail nó cumaisc a dhéanamh.
Chun críocha mhír 4, ní mór don rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh, sula ndéanfaidh sé an nochtadh:
toiliú a fháil ón duine a fhaigheann an tsondáil margaidh á rá go bhfuil sé sásta faisnéis ón taobh istigh a fháil;
a chur in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil sé toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ionstraimí airgeadais atá gaolmhar don fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach;
a chur in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil sé toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ordú a rinneadh cheana i dtaca le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú; agus
a chur in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil oibleagáid air, an fhaisnéis a choimeád ar mhodh rúin;
Maidir leis an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh déanfaidh sé taifead ar anbh faisnéis go léir a thugtar don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh,agus déanfaidh sé an fhaisneis sin a choimeád, lena n-áirítear an fhaisnéis a thugtar i gcomhréir le pointí (i) go (iv) den chéad fhomhír, agus de chéannacht na n-infheisteoirí féideartha chuig ar nochtadh an fhaisnéis, lena n-áirítear, agus gan a bheith teoranta dóibh, daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha a bhíonn ag gníomhú thar ceann an infheisteora fhéideartha, agus de dháta agus am gach nochtadh.
Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh arna iarraidh sin ag an údarás air, an taifead sin a sholáthar don údarás inniúil.
Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh taifead a choimeád den fhaisnéis a tugadh i gcomhréir leis an mír seo agus dhéanfaidh sé, arna iarraidh ag an údaráis sin air, an fhaisnéis sin a sholáthar don údarás inniúil a luaithe agus is féidir.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015
Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Eiseoidh ÚEUM treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a bheidh dírithe chuig daoine a fhaigheann sondáil margaidh, maidir le:
na himthosca atá daoine den sórt sin le cur san áireamh nuair a dhéantar faisnéis a nochtadh dóibh mar chuid de shondáil margaidh ionas go bhféadfadh sé mheasúnúcibé ar faisnéis ón taobh istigh a d’fhéadfadh a bheith san fhaisnéis sin;
na bearta atá le déanamh ag daoine den sórt sin a dhéanamh más rud é go ndearnadh faisnéis ón taobh istigh a nochtadh dóibh chun go gcomhlíonfaí Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo; agus
na taifid atá daoine den sórt sin le cothabháil chun a léiriú go bhfuil Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo comhlíonta acu.
Airteagal 12
Cúbláil mhargaidh
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh cúbláil mhargaidh comhdhéanta de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
idirbheart a dhéanamh, ordú chun trádála a dhéanamh, nó aon iompraíocht eile a dhéanamh:
faoina dtugtar, nó faoinar dócha go dtabharfar, comharthaí míthreoracha nó bréagacha maidir le soláthar ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta maidir leis an éileamh atá orthu, nó maidir lena bpraghas; nó
faoina socraítear, nó faoinar dócha go socrófar, an praghas atá ar ionstraim airgeadais amháin nó níos mó, an praghas atá ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhara nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta ar leibhéal neamhghnách nó saorga;
mura rud é gur suíonn an duine a dhéanann an t-idirbheart nó a chuireann an t-ordú chun trádála isteach nó a ghabhann d’aon iompraíocht eilego ndearna sé an t-idirbhearr, t-ordú nó an iompraíocht ar chúiseanna dlisteanacha, i gcomhréir le cleachtais margaidh a bhunaítear le hAirteagal 13;
idirbheart a dhéanamh, ordú chun trádála a dhéanamh, nó aon ghníomhaíocht nó iompraíocht eile a dhéanamh a imríonn tionchar, nó ar dócha go n-imreoidh sé tionchar, ar an bpraghas atá ar ionstraim airgeadais amháin nó níos mó, ar an bpraghas atá ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar nó ar tháirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta, ina n-úsáidtear gléas bréige nó aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d’acra;
faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear an tIdirlíon, nó ar aon slí eile, a thugann, nó is dócha a thabharfaidh, comharthaí bréagacha nó míthreoracha maidir le soláthar ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair nó táirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta maidir leis an éileamh atá orthu, nó maidir lena bpraghas nó a shocróidh, nó is dócha go socróidh, an praghas atá ar cheann nó níos mó d’ionstraimí airgeadais nó ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar nó ar tháirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta ar leibhéal neamhghnách nó saorga, lena n-áirítear ráflaí a scaipeadh i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip an fhaisnéis, nó inar cheart dó fios a bheith aige, gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti;
faisnéis atá bréagach nó míthreorach a tharchur nó ionchuir atá bréagach nó míthreorach a thabhairt i dtaca le an tagarmharci gcás ina raibh a fhios ag an duine a rinne an tarchur nó a sholáthair an t-ionchur, nó gur cheart go mbeadh a fhios aige, go raibh sé bréagach nó míthreorach, nó aon iompraíocht eile lena ndéantar ríomh tagarmhairc a chúbláil.
Déanfar an iompraíocht seo a leanas, inter alia, a mheas mar chúbláil mhargaidh:
iompar ag duine, nó ag daoine atá ag gníomhú i gcomhar le chéile, chun staid cheannasach a bhaint amach maidir le soláthar ionstraime airgeadais conarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara nó táirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta, nó leis an éileamh atá orthu, a bhfuil an éifeacht aige, nó ar dócha go mbeidh an éifeacht aige, praghsanna ceannaigh nó díola a shocrú, go díreach nó go hindíreach, nó go gcruthaíonn sé, nó gur dócha go gcruthóidh sé, dálaí míchóra eile trádála,
ionstraimí airgeadais a cheannach nó a dhíol, ag am oscailte nó scoir margaidh, agus a bhfuil an éifeacht aige, nó ar dócha go mbeidh an éifeacht aige, infheisteoirí atá ag gníomhú ar bhonn na bpraghsanna taispeáinte, lena n-áirítear na praghsanna oscailte nó scoir, a chur ar míthreoir,
orduithe a chur chuig ionad trádála, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú ar na horduithe sin, trí aon mheán trádála atá ar fáil, lena n-áirítear meáin leictreonacha, ar nós straitéisí alagartamacha agus trádála ardmhinicíochta, agus a bhfuil ceann de na héifeachtaí dá dtagraítear i mír 1(a) (b) acu, trí bhíthin:
cur isteach nó moill a chur ar fheidhmiú chóras trádála an ionaid trádála nó ar dócha go ndéanfaidh sé amhlaidh;
é a dhéanamh níos deacra do dhaoine eile fíor-orduithe a aithint ar chóras trádála an ionaid trádála nó ar dócha go ndéanfaidh sé amhlaidh, lena n-áirítear trí orduithe a iontráil a mbeidh mar thoradh orthu go dtarlaíonn róluchtú nó díchobhsú ar an leabhar orduithe; nó
comhartha atá bréagach nó míthreorach a chruthú, nó ar dócha go ndéanfar é a chruthú, maidir le soláthar ionstraime airgeadais nó maidir leis an éileamh atá uirthi, nó maidir lena praghas, go háirithe trí orduithe a iontráil chun tús a chur le treocht nó chun treocht a ghéarú.
buntáiste a bhaint de rochtain ócáideach nó rialta ar na meáin thraidisiúnta nó leictreonacha trí thuairim a chur in iúl maidir le hionstraim airgeadais, le conradh spot-tráchtearraí gaolmhar nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta (nó go hindíreach maidir leis an eisitheoir) tar éis staideanna a ghlacadh roimhe sin ar an ionstraim airgeadais sin, ar an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta agus brabús a dhéanamh ina dhiaidh sin as tionchar na dtuairimí a cuireadh in iúl ar phraghas na hionstraime sin ar phraghas an chonartha spot-tráchtearraí ghaolmhair sin nó ar tháirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta gan an choinbhleacht leasa sin a nochtadh ar bhealach cuí agus éifeachtach don phobal ag an am céanna.
lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh ghaolmhara a cheannach nó a dhíol ar an margadh tánaisteach roimh an gceant arna dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 leis an éifeacht praghas imréitigh an cheant a shocrú maidir leis na táirgí ceantáilte ar leibhéal neamhghnách nó saorga nó tairgeoirí atá ag tairiscint sna ceantanna a chur ar míthreoir.
Airteagal 13
Cleachtais margaidh a bhfuil glacadh leo
Féadfaidh údarás inniúil cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu:
cibé an bhforáiltear leis an gcleachtas margaidh do leibhéal substaintiúil trédhearcachta ó thaobh an mhargaidh;
cibé an n-áirithíonn an cleachtas margaidh leibhéal ard coimircí d’oibríocht fhórsaí an mhargaidh agus idirghníomhaíocht chuí na bhfórsaí soláthair agus éilimh;
cibé an bhfuil tionchar deimhneach ag an gcleachtas margaidh ar leachtacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh;
cibé an ndéanann an cleachtas margaidh sásra trádála an mhargaidh ábhartha a chur san áireamh agus an gcuireann sé ar chumas na rannpháirtithe margaidh frithghníomhú go cuí agus ar mhodh tráthúil i leith staid nua sa mhargadh a chruthaítear de bhua an chleachtais sin;
cibé nach ndéanann an cleachtas margaidh rioscaí a chruthú do shláine margaí gaolmhara, bídís gaolmhar go díreach nó go hindíreach, bíodh na margaí sin rialáilte nó ná bíodh san ionstraim airgeadais ábhartha laistigh den Aontas;
toradh aon imscrúdaithe ar an gcleachtas ábhartha margaidh arna dhéanamh ag aon údarás inniúil nó ag aon údarás eile, go háirithe cibé ar sáraíodh leis an gcleachtas ábhartha margaidh sin rialacha nó rialacháin atá ceaptha drochúsáid margaidh a chosc nó cóid iompraíochta, beag beann ar chibé an mbaineann sé leis an margadh ábhartha nó ar mhargaí atá gaolmhar go díreach nó go hindíreach laistigh den Aontas; agus
saintréithe struchtúracha an mhargaidh ábhartha inter alia cibé an bhfuil sé rialáilte nó nach bhfuil, na cineálacha ionstraimí airgeadais a thrádáiltear agus an cineál rannpháirtithe margaidh, lena n-áirítear a mhéid atá infheisteoirí miondíola rannpháirteach sa mhargadh ábhartha.
Ní dhéanfar cleachtas margaidh atá bunaithe ag údarás inniúil mar chleachtas a bhfuil glacadh leis i margadh ar leith a mheas mar chleachtas atá infheidhme maidir le margaí eile mura rud é go mbeidh glacadh ag údaráis inniúla na margaí eile sin leis an gcleachtas de bhun an Airteagail seo.
Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Leanfaidh na cleachtais margaidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bhfuil glacadh leo d’fheidhm a bheith acu sa Bhallstát lena mbaineann go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil maidir le leanúint den chleachtas sin tar éis thuairim ÚEUM faoi mhír 4.
Gan dochar do chleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo, mar a bhunaítear i gcomhréir le míreanna 1 go 11 den Airteagal seo, féadfaidh eisitheoir ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM conradh leachtachta a dhéanamh maidir lena chuid scaireanna, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
comhlíonann téarmaí agus coinníollacha an chonartha leachtachta na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus i Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/908 ón gCoimisiún ( 8 );
déantar an conradh leachtachta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad Aontais dá dtagraítear i mír 13 den Airteagal seo;
d’údaraigh an t‐údarás inniúil an soláthraí leachtachta go cuí i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE agus tá an soláthraí leachtachta cláraithe mar chomhalta den mhargadh leis an oibreoir margaidh nó leis an ngnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM;
admhaíonn an t‐oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM i scríbhinn don eisitheoir go bhfuair sé cóip den chonradh leachtachta agus go gcomhaontaíonn sé le téarmaí agus coinníollacha an chonartha sin.
Beidh an t‐eisitheoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in ann a léiriú tráth ar bith go bhfuil na coinníollacha faoina ndearnadh an conradh a thabhairt i gcrích á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Soláthróidh an t‐eisitheoir sin agus an t‐oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM cóip den chonradh leachtachta do na húdaráis inniúla ábhartha arna iarraidh sin dóibh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 14
Déileáil chos istigh agus faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach a thoirmeasc
Ní dhéanfaidh duine na nithe seo a leanas:
gabháil do dhéileáil chos istigh, nó iarracht a dhéanamh ar ghabháil do dhéileáil chos istigh;
a mholadh go mbeadh duine eile ag gabháil do dhéileáil chos istigh nó duine eile a spreagadh le gabháil do dhéileáil chos istigh; nó
faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach.
Airteagal 15
Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc
Ní ghabhfaidh duine de chúbláil mhargaidh ná ní dhéanfaidh duine iarracht ar ghabháil de.
Airteagal 16
Drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath
Aon duine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé orduithe agus idirbhearta, lena n-áirítear aon chealú nó aon mhodhnú ortu, a d’fhéadfadh a bheith ina ndéileáil chos istigh, ina gcúbláil mhargaidh nó ina n-iarracht ar ghabháil do dhéileáil chos istigh nó do chúbláil mhargaidh a thuairisciú gan mhoill chuig údarás inniúil an ionaid trádála.
D’fhonn comhchuibhiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nithe seo a leanas a chinneadh:
socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí ionas go gcloífidh daoine leis na ceanglais a bhunaítear i mír 1 agus i mír 2; agus
na teimpléid fógartha atá le húsáid ag daoine chun cloí leis na ceanglais a bhunaítear i mír 1 agus i mír 2.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.
Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 3
CEANGLAIS MAIDIR LE NOCHTADH
Airteagal 17
Faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí
Áiritheoidh an t-eisitheoir go ndéanfar an fhaisnéis ón taobh istigh a chur ar fáil go poiblí ar mhodh a chuirfidh ar chumas an phobail rochtain thapa a fháil ar an bhfaisnéis agus measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus, i gcás inarb infheidhme, poibleoidh sé an fhaisnéis sa Sásra arna cheapadh go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 deThreoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ). Ní fhéadfaidh an t-eisitheoir nochtadh na faisnéise ón taobh istigh don phobal a chumasc le margú a chuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis ar fad ón taobh istigh is gá dó a nochtadh go poiblí a phostáil ar a shuíomh gréasáin agus í a choinneáil ann ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i gcás ionstraimí arna dtrádáil ar MTF nó ar OTF amháin, le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr a n-ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF i mBallstát.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí i gcás ina bhfuil astaíochtaí nach sáraíonn, sa bhliain roimhe sin, íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin ag na suiteálacha nó ag na gníomhaíochtaí eitlíochta atá ina sheilbh, atá á rialú aige nó a bhfuil sé freagrach astu, agus i gcás ina ndéanann siad gníomhaíochtaí dócháin, go bhfuil ionchur teirmeach rátáilte acu nach sáraíonn íos-tairseach acu.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena mbunaítear íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus íos-tairseach d’ionchur teirmeach rátáilte chun críocha chur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo.
Féadfaidh eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí„ ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
ba dhóchúil go ndéanfadh nochtadh láithreach dochar dá leasanna dlisteanacha an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;
níor dhóchúil go gcuirfeadh an moill a bhaineann leis an nochtadh an pobal ar míthreoir;
go bhfuil ar chumas an eisitheora ionstraime airgeadais nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí rúndacht na faisnéise sin a áirithiú.
I gcás próisis a bhfuil fad bainte as agus a tharlaíonn ina chéimeanna, ar próiseas é atá beartaithe imthoisc ar leith nó teagmhas ar leith a thabhairt i gcrích, nó arb imthoisc nó teagmhas den sórt sin atá mar thoradh air, féadfaidh eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí ar a fhreagracht féin moill a chur ar nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh a bhaineann leis an bpróiseas sin, faoi réir phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír.
I gcás inar chuir eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh faoin mír seo, déanfaidh sé, láithreach tar éis an fhaisnéis a nochtadh don phobal, a chur in iúl don údarás inniúil gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise agus tabharfaidh sé míniú scríofa maidir leis an gcaoi a ndearnadh na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh. De rogha air sin, d’fhéadfaidh Ballstáit sé, mar rogha air sin, go bhforálfaí leis an dlí náisiúnta nach bhfuil taifead den mhíniú sin le tarchur ach amháin nuair a iarrann an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3.
De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, is ar iarraidh amháin a sholáthróidh eisitheoir ar ligeadh a chuid ionstraimí isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM amháin míniú i scríbhinn don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3. Fad a bheidh an t‐eisitheoir in ann údar cuí a thabhairt lena chinneadh maidir le moilliú, ní cheanglófar ar an eisitheoir taifead a choinneáil den mhíniú sin.
Chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú, féadfaidh eisitheoir ionstraime airgeadais ar foras creidmheasa nó foras airgeadais eile atá ann, ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh, lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta di, faisnéis a bhaineann le fadhb shealadach leachtachta, agus go háirithe an gá cúnamh leachtachta sealadach a fháil ó bhanc ceannais nó ó iasachtóir na rogha deiridh, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá an baol ann le nochtadh fhaisnéis ón taobh istigh go mbainfí an bonn de chobhsaíocht airgeadais an eisitheora agus an chórais airgeadais;
is chun leasa an phobail é moill a chur ar a nochtadh;
is féidir rúndacht na faisnéise sin a áirithiú; agus
tá an t-údarás inniúil tar éis toiliú leis an moill ar an mbunús go bhfuil na coinníollacha i bpointe (a) go pointe (c) á gcomhlíonadh.
Chun críocha phointí (a) go (d) de mhír 5, tabharfaidh an t-eisitheoir fógra don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3á rá go bhfuil sé ar intinn aige moill a chur ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus soláthróidh sé fianaise go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh. Rachaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 i gcomhchomhairle, de réir mar is iomchuí, leis an mbanc ceannais náisiúnta agus leis an údarás macrastuamachta, i gcás é a bheith curtha ar bun, nó leis na húdaráis seo a leanas, de rogha:
más foras creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir, an tÚdarás arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 133(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );
i gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a), aon údarás naisiúnta eile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eisitheoir.
Áiritheoidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 nach gcuirtear moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh ach amháin ar feadh cibé tréimhse is gá chun leasa an phobail. Déanfaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3, mar bheart íosta, meastóireacht ar bhonn seachtainiúil féachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh fós.
Más rud é nach dtoilíonn an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 leis an moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh, déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis a nochtadh láithreach.
Beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na cásanna ina gcinneann an t-eisitheoir gan moill a chur ar fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh i gcomhréir le mír 4.
Aon tagairt don údarás inniúil sa mhír seo, tá sé gan dochar do chumas an údaráis inniúil a shonraítear faoi mhír 3a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 23(1).
Áirítear sa mhír seo cásanna ina bhfuil ráfla ann a bhaineann go sainráite le mír faisnéise ón taobh istigh nár cuireadh moill lena nochtadh i gcomhréir le mír 4 nó mír 5 nuair atá an ráfla sin beacht a dhóthain lena thabhairt le tuiscint nach bhfuil rúndacht na faisnéise sin á háirithiú a thuilleadh.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a chinneadh:
na meáin theicniúla maidir le nochtadh iomchuí poiblí na faisnéise ón taobh istigh de réir mar a thagraítear dó i míreanna 1, 2, 8 agus 9; agus
na meáin theicniúla maidir le nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh a mhoilliú de réir mar a thagraítear dó i míreanna 4 agus i mír 5.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 18
Liostaí de dhaoine ar an taobh istigh
Déanfaidh eisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais an méid seo a leanas:
liosta a tharraingt suas de gach duine a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh agus atá ag obair dóibh faoi chonradh fostaíochta, nó a bhfuil cúraimí á gcomhlíonadh ar shlí eile acu trína bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh, amhail comhairleoirí, cuntasóirí nó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (liosta de dhaoine ar an taobh istigh);
an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú go pras, i gcomhréir le mír 4; agus
an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a sholáthar don údarás inniúil a luaithe is féidir arna iarraidh sin dó.
I gcás ina n‐iarrann an t‐eisitheoir ar dhuine eile an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas agus a nuashonrú, leanfaidh an t‐eisitheoir de bheith lánfhreagrach as an Airteagal seo a chomhlíonadh. Forchoimeádfaidh an t‐eisitheoir i gcónaí ceart rochtana ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a bheidh á tharraingt suas ar an duine eile.
Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, ar áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh:
céannacht aon duine a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh;
an chúis leis an duine sin a chur ar áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh;
an dáta agus an t-am ar a bhfuair an duine sin rochtain ar fhaisnéis ón taobh istigh;
an dáta ar ar tarraingíodh suas an liosta de dhaoine ar an taobh istigh;
Déanfaidh eisitheoirí nó aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú go pras, agus dáta an nuashonraithe á shonrú, sna himthosca seo a leanas:
nuair a thagann athrú ar an gcúis atá le duine atá ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh cheana a áireamh ar an liosta;
nuair atá duine nua ann a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh agus gur gá, dá bhrí sin, é a chur leis an liosta de dhaoine ar an taobh istigh; agus
nuair a scoireann duine de rochtain a bheith aige ar fhaisnéis ón taobh istigh ag duine.
Sonrófar i ngach nuashonrú an dáta agus an t‐am ar tharla an t‐athrú ba thrúig leis an nuachóiriú.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo agus i gcás ina bhfuil údar leis de bharr imní shonrach náisiúnta maidir le hiomláine an mhargaidh, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar eisitheoirí ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM a áireamh ina liostaí de dhaoine ar an taobh istigh gach aon duine dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Beidh sna liostaí sin an fhaisnéis arna sonrú san fhormáid arna chinneadh ag ESMA, de bhun an ceathrú fomhír den mhír seo.
Soláthrófar na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo don údarás inniúil a luaithe is féidir arna iarraidh sin dó.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid shonrach na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a chinneadh. Beidh formáid na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh comhréireach agus beidh ualach riaracháin níos éadroime i gceist leis i gcomparáid leis an bhformáid liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear i mír 9.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair 2020.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 den Airteagal seo freisin maidir le:
rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochta i ndáil le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le lamháltais astaíochta a thagann chun cinn i dtaca le hoibríochtaí fisiceacha an rannpháirtí sin sa mhargadh lamháltas astaíochta.
haon ardán ceant, le haon cheantálaí agus le haon fhairtheoir ceant i ndáil le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile atá bunaithe orthu agus ar ceantanna iad a dhéantar de bhun Rialachán (AE) (Uimh.) 1031/2010.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 19
Idirbhearta bainisteoirí
Daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta, mar aon le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo, tabharfaidh siad fógra don eisitheoir nó don rannpháirtí sa mhargadh liúntas astaíochta agus don údarás inniúil dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 á rá:
i leith eisitheoirí, maidir le gach idirbheart a dhéantar chun a gcuntais féin agus a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora sin, nó le díorthaigh nó le hionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo,
i leith rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, maidir le gach idirbheart a dhéantar ar a gcuntas féin a bhaineann le lamháltas astaíochtaí nó le táirgí ceant atá bunaithe orthu nó le dhíorthaigh a bhaineann leo.
Déanfar na fógraí sin go pras agus ag tráth nach déanaí ná trí lá gnó i ndiaidh dháta an idirbhirt.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír a thúisce agus a shroichfidh méid iomlán na n-idirbheart an tairseach a leagtar amach i mír 8, de réir mar is infheidhme laistigh de bhliain féilire.
An oibleagáid fógartha dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aici maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais atá nasctha le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina gcomhlíontar, tráth an idirbhirt, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de na sócmhainní arna sealbhú ag an ngnóthas comhinfheistíochta;
go soláthraíonn an ionstraim airgeadais neamhchosaint ar phunann sócmhainní ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de shócmhainní na punainne;
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn sí neamhchosaint ar phunann sócmhainní agus nach feasach don duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó do dhuine atá i ndlúthchomhlachas le duine den sórt sin, agus nach bhféadfadh sé go mbeadh fios acu, cad é comhdhéanamh nó neamhchosaint infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta sin nó na punainne sócmhainní a mhéid a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora, agus thairis sin nach bhfuil aon chúis ann chun go gcreidfeadh an duine sin go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora níos airde ná na tairseacha i bpointe (a) nó i bpointe (b).
Má tá faisnéis maidir le comhdhéanamh infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta nó maidir le neamhchosaint na punainne sócmhainní ar fáil, ansin déanfaidh an duine ar a bhfuil an fhreagracht bhainistíochta nó duine atá i ndlúthchomhlachas leis an duine sin gach dícheall réasúnach an fhaisnéis sin a fháil iad féin.
Maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le fógraí a mbeidh ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 iad a chomhlíonadh, is iad na rialacha iad a bheidh i réim sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí cláraithe. Déanfar fógraí le húdarás inniúil an Bhallstáit sin laistigh de thrí lá oibre ó dháta an idirbhirt. Nuair nach bhfuil an t-eisitheoir cláraithe i mBallstát, déanfar an fógra le húdarás inniúil an Bhallstáit bhaile i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(i) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó murarb ann dó, chuig údarás inniúil an ionaid trádála.
Bainfidh an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí úsáid as na meáin sin ar féidir brath go réasúnach orthu chun an fhaisnéis a scaipeadh go héifeachtach ar an bpobal ar fud an Aontais, agus, i gcás inarb infheidhme, bainfidh sé úsáid as an sásra atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir 2004/109/CE.
De rogha air sin, féadfar a fhoráil sa dlí náisiúnta go bhféadfaidh údarás inniúil é féin an fhaisnéis a phoibliú.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí:
a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;nó
i gcás ionstraime arna trádáil ar MTF nó ar OTF amháin, le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar MTF.
Déanfaidh daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta fógra i scríbhinn a thabhairt do na daoine a bhfuil a bhfuil dlúthbhaint acu leo maidir lena n-oibleagáidí faoin Airteagal seo agus coinneoidh siad cóip den fhógra sin.
Maidir le fógra d’idirbhearta dá dtagraítear i mír 1, beidh ann an fhaisnéis seo a leanas:
ainm an duine;
an chúis go bhfuil fógra á thabhairt;
ainm an eisitheora ábhartha nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;
tuairisc agus sainaithinteoir na hionstraime airgeadais;
an cineál idirbhirt/idirbheart (e.g. éadáil nó diúscairt), á léiriú cibé an bhfuil sé nasctha le feidhmiú cláir scair-rogha nó leis na samplaí sonracha a leagtar amach i mír 7;
dáta agus áit an idirbhirt/na n-idirbheart; agus
praghas agus toirt an idirbhirt/na n-idirbheart. I gcás gealltáin a bhforálann a théarmaí go n-athródh a luach, ba cheart é sin a nochtadh in éineacht lena luach ag dáta an ghealltáin.
Chun críocha mhír 1, áireofar freisin le hidirbhearta nach mór fógra a thabhairt ina leith:
ionstraimí airgeadais a ghealladh nó a thabhairt ar iasacht ag duine nó thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin amhail dá dtagraítear i mír 1;
idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta ar bhonn gairmiúil nó ag aon duine eile thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear i gcás ina bhfeidhmítear lánrogha;
idirbhearta a dhéantar faoi pholasaí árachais saoil, arna shainiú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), más rud é:
gur duine é an sealbhóir polasaí a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó gur duine é a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1,
gurb é an sealbhóir polasaí a bheireann an riosca infheistíochta, agus
go bhfuil an chumhacht nó an lánrogha ag an sealbhóir polasaí cinntí infheistíochta a dhéanamh maidir le hionstraimí sonracha sa pholasaí árachais saoil sin nó idirbhearta a fhorghníomhú maidir le hionstraimí sonracha don pholasaí árachais saoil sin.
Chun críocha phointe (a), ní gá gealladh urrús, nó leas slándála comhchosúil, i dtaca le hionstraimí airgeadais a thaisceadh i gcuntas cumhdaigh a fhógairt, mura rud é, agus go dtí an tráth sin, go ndéantar an gealltán sin nó an leas urrúis eile a ainmniú mar urrús ar shaoráid chreidmheasa shonrach.
Chun críocha phointe (b), idirbhearta a fhorghníomhaítear i scaireanna nó in ionstraimí fiachais de chuid eisitheora nó i ndíorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo ag bainisteoirí gnóthais comhinfheistíochta ina bhfuil infheistiú déanta ag an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ag duine atá i ndlúthchomhlachas leis, ní gá iad a fhógairt sa chás ina bhfuil bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta ag feidhmiú dá lánrogha agus gur rud é sin a fhágann nach bhfuil an bainisteoir ag fáil aon teagaisc ná moltaí, go díreach nó go hindíreach ó infheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta sin, i dtaobh chomhdhéanamh na punainne.
A mhéid is go gceanglaítear ar shealbhóir polasaí conartha árachais fógra a thabhairt i dtaobh idirbhearta i gcomhréir leis an mír seo, níl oibleagáid fógra a thabhairt de chúram ar chuideachta árachais.
Gan dochar d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15, ní sheolfaidh aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh d’eisitheoir aon idirbhearta ar a chuntas féin ná ar chuntas tríú páirtí, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, ar trádáil í a bhaineann le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora nó le díorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo, le linn tréimhse dúnta de 30 lá féilire roimh fhógairt tuarascála airgeadais eatramhaigh nó tuarascála ceann bliana a bhfuil sé d’oibleagáid ar an eisitheoir a phoibliú de réir
rialacha an ionaid trádála ina bhfuil scaireanna an eisitheora ligthe isteach chun a dtrádála; nó
an dlí náisiúnta.
Gan dochar d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15, féadfaidh eisitheoir ceadú do dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta trádáil ar a shon féin nó ar chuntas tríú páirtí le linn tréimhse dúnta faoi mar a thagraítear di i mír 11, ar choinníoll go gceadaíonn an t-eisitheoir trádáil i rith na tréimhse dúnta sin:
ar bhonn cás ar chás mar gheall ar dhálaí eisceachta, amhail deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais, a bheith ann lena n-éilítear go ndéanfaí scaireanna a dhíol láithreach; nó
i ngeall ar shaintréithe na trádála atá i gceist maidir le déileálacha a dhéantar faoi nó a bhaineann le scéim scaireanna fostaí, scéimeanna coigiltis, cáilíocht nó teidil scaireanna nó idirbhearta sa chás nach dtagann aon athrú ar an leas tairbhíoch san urrús ábhartha.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 20
Moltaí infheistíochta agus staidreamh
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Ní bheidh feidhm ag na socruithe teicniúla a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 maidir le hiriseoirí atá faoi réir rialála coibhéisí iomchuí sna Ballstáit, lena n-áirítear féinrialáil choibhéiseach iomchuí, ar choinníoll go mbaineann an rialáil sin éifeachtaí amach atá comhchosúil le héifeachtaí na socruithe teicniúla. Déanfaidh an Ballstát téacs na rialála coibhéisí ábhartha sin a fhógairt don Choimisiún.
Airteagal 21
Faisnéis a nochtadh nó a scaipeadh sna meáin
Chun críocha Airteagal 10, Airteagal 12(1)(c) agus Airteagal 20, más rud é go ndéantar faisnéis a nochtadh nó a scaipeadh agus más rud é go ndéantar moltaí a thabhairt nó a scaipeadh chun críocha iriseoireachta nó mar mhodh eile de léiriú tuairimíochta sna meáin, déanfar an nochtadh nó scaipeadh faisnéise sin a mheas agus aird á thabhairt ar na rialacha a rialaíonn saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimíochta i meáin eile agus ar na rialacha nó cóid lena rialaítear gairm na hiriseoireachta, mura rud é:
go mbaineann na daoine atá i gceist, nó daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo buntáiste nó brabús, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, as an bhfaisnéis atá i gceist a nochtadh nó a scaipeadh; nó
go ndéantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn an margadh a chur ar míthreoir maidir le soláthar ionstraimí airgeadais, maidir leis an éileamh atá orthu nó maidir lena bpraghas.
Airteagal 21a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí lena mbaineann an fhaisnéis;
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí ar duine dlítheanach é, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
méid, de réir catagóire, an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí ar duine dlítheanach é, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanra san fhaisnéis.
Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 4
ÚEUM AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA
Airteagal 22
Údaráis inniúla
Gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás breithiúnach, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin chun críche an Rialacháin seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla eile na mBallstát eile ar an eolas faoin méid sin. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear forálacha an rialacháin seo i bhfeidhm ar a chríoch, maidir le gach gníomhaíocht a dhéantar ar a chríoch, agus na gníomhaíochtaí sin a dhéantar thar lear a bhaineann le hionstraimí a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh den sórt sin déanta ina leith, nó a thrádáiltear ar MTF nó OTF nó a bhfuil iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála déanta ar MTF atá ag feidhmiú laistigh dá chríoch.
Airteagal 23
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí ar aon cheann de na slite seo a leanas:
go díreach;
i gcomhar le húdaráis eile nó le gnóthais an mhargaidh;
faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis sin nó chuig gnóthais margaidh;
trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
rochtain ar dhoiciméad ar bith agus ar shonraí i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
faisnéis a iarraidh nó a éileamh ar aon duine, lena n-áirítear iadsan a bhfuil baint leanúnach acu le tarchur orduithe nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann a dhéanamh, chomh maith lena gcuid prionsabal, agus más gá, duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;
maidir le díorthaigh tráchtearraí, faisnéis a iarraidh ó rannpháirtithe margaidh ar mhargaí spot-tráchtearraí gaolmhara de réir formáidí caighdeánaithe, tuarascálacha a fháil ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;
tabhairt faoi chigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair ar láithreáin seachas áitribh phríobháideacha daoine nádúrtha;
faoi réir an dara fomhír, dul isteach in áitribh daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun doiciméid agus sonraí a urghabháil i bhfoirm ar bith i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid nó sonraí a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun cás déileála cos istigh nó cúblála margaidh de shárú ar an Rialachán seo a chruthú;
ábhair a tharchur le haghaidh imscrúdaithe choiriúil;
taifid atá ann cheana de chomhráite teileafóin, de chumarsáidí leictreonacha nó de thrácht sonraí eile atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais a éileamh;
taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreora teileachumarsáide, a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur tharla sárú agus i gcás ina bhféadfaidh na taifid sin a bheith ábhartha maidir le sárú ar phointe (a) nó ar phointe (b) d’Airteagal 14 nó d’Airteagal 15 a imscrúdú;
calcadh nó forlámhú sócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;
trádáil na hionstraime airgeadais lena mbaineann a fhionraí;
scor sealadach a éileamh d’aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith contrártha don Rialachán seo;
toirmeasc sealadach a fhorchur ar fheidhmiú gníomhaíochta gairmiúla; agus
na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an pobal ar an eolas go cuí, inter alia trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena n-áirítear trína cheangal ar eisitheoir nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.
I gcás ina bhfuil gá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le húdarú roimh ré ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann chun dul isteach in áitreabh na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír„ ní úsáidfear an chumhacht sin ach tar éis údarú roimh ré den sórt sin a bheith faighte
Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlíthe, do rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin arna nglacadh i ndáil le tairiscintí táthcheangail, le hidirbhearta cumaisc agus le hidirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí arna rialáil ag na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE lena bhforchuirtear ceanglais sa bhreis ar cheanglais an Rialacháin seo.
Airteagal 24
Comhar le ÚEUM
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 25
Oibleagáid comhair
Beidh feidhm freisin ag an oibleagáid chun comhoibriú agus chun cúnamh a thabhairt a leagtar síos sa chéad mhír maidir leis an gCoimisiún i ndáil leis an malartú faisnéise a bhaineann le tráchtearraí atá ina dtáirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe Airteagal 35 de.
I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 30(1), an dara fomhír, pionóis coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo dá dtagraítear san Airteagal sin, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ann agus soláthróidh siad an méid sin d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM chun an oibleagáid atá orthu comhoibriú le chéile agus le ÚEUM a chomhlíonadh chun críocha an Rialacháin seo.
Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarrata ar fhaisnéis nó de bhun iarrata comhoibriú le himscrúdú sna himthosca eisceachtúla seo a leanas:
d’fhéadfadh cumarsáid d’fhaisnéis ábhartha dochar a dhéanamh do shlándáil an Bhallstáit a ndírítear an iarraidh chuige, go háirithe an comhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile;
dá gcomhlíonfaí an iarraidh, is dóchúil go ndéanfadh sé dochar dá imscrúdú féin, dá ghníomhaíochtaí forghníomhaithe féin nó, i gcás inarb infheidhme, d’imscrúdú coiriúil;
tá imeachtaí breithiúnacha tionscanta cheana féin os comhair údaráis na mBallstát a ndírítear an iarraidh chucu i leith na ngníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna; nó
tá breithiúnas críochnaitheach tugtha cheana féin i ndáil leis na daoine sin as na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát a ndírítear an iarraidh chuige.
Féadfaidh údarás inniúil iarrthach ÚEUM a chur ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó cigireachta a bhfuil éifeacht trasteorann leis nó léi, déanfaidh ÚEUM an t-imscrúdú nó an chigireacht a chomhordú má iarrann ceann de na húdaráis inniúla air é sin a dhéanamh.
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil i mBallstát eile chun tabhairt faoi chigireacht nó imscrúdú ar an láthair, féadfaidh sé ceann ar bith díobh seo a leanas a dhéanamh:
tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair as a stuaim féin;
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an iarraidh tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair as a stuaim féin;
iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh le tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;
cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.
Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile freisin maidir le forfheidhmiú ghnóthú na bpionós airgid a éascú.
Sna cásanna sin, féadfaidh ÚEUM gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, gan dochar don fhéidearthacht go ngníomhódh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Maidir le lamháltais astaíochtaí, áiritheofar an comhar agus an malartú faisnéise dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír seo leis an méid seo a leanas freisin:
faireachán an cheant, maidir le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile ceantáilte atá bunaithe orthu a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010; agus
údaráis inniúla, riarthóirí clárlainne, lena n-áirítear an Riarthóir Lárnach, agus comhlachtaí poiblí eile a dtugtar freagracht dóibh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh faoi Threoir 2003/87/CE.
Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordúcháin maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha. Déanfaidh údaráis inniúla, in aon chás inar féidir, socruithe comhair a chur i gcrích le húdaráis rialála tríú tíre atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, i gcomhréir le hAirteagal 26.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 26
Comhar le tríú tíortha
Cuirfidh údarás inniúil ÚEUM agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas i gcás ina mbeartaíonn sé socrú den sórt sin a dhéanamh.
Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina mbeidh dréachtdoiciméad maidir le socruithe comhair atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát i gcás inar féidir.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh ÚEUM freisin, in aon chás inar féidir, an malartú idir údaráis inniúla na mBallstát ar fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Airteagal 30, agus Airteagal 31 a éascú agus a chomhordú.
Airteagal 27
Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 28
Cosaint sonraí
Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, cuirfidh údaráis inniúla a gcuid cúraimí i gcrích chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta nó na forálacha riaracháin náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 95/46/CE chun feidhme. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚEUM faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh ÚEUM forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann uastréimhse cúig bliana.
Airteagal 29
Sonraí pearsanta a nochtadh do thríú tíortha
CAIBIDIL 5
BEARTA AGUS PIONÓIS RIARACHÁIN
Airteagal 30
Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
Gan dochar d’aon phionóis choiriúla agus gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil faoi Airteagal 23, déanfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil le go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla pionóis iomchuí riaracháin agus bearta riaracháin eile a ghlacadh maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:
sáruithe ar Airteagal 14, Airteagal 15, Airteagal 16(1), Airteagal 16(2), Airteagal 17(1) (4)(5) agus (8), Airteagal 18(1) go(6), Airteagal 19(1),(2),(3),(4), Airteagal agus(5) agus (8), Airteagal 18(1) go (6), Airteagal 19(1)(2),(3) (5)(6) (7) agus (11), agus Airteagal 20(1) den Rialachán seo; agus
mainneachtain comhoibriú le himscrúdú, le cigireacht nó le hiarraidh amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(2), nó mainneachtain déanamh de réir imscrúdaithe, cigireachta nó iarrata den sórt sin.
Féadfaidh na Ballstáit, go dtí 3 Iúil 2016, cinneadh a dhéanamh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhíre i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad mhír faoi réir phionóis coiriúla cheana féin ina ndlí náisiúnta. I gcás ina chineann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus ÚEUM maidir leis na codanna ábhartha dá ndlí coiriúil.
Faoin 3 Iúil 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.
Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a áirithiú le go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla chun na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur agus chun na bearta riaracháin seo a leanas, ar a laghad, a ghlacadh i gcás ina dtarlaíonn na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (i) den chéad fhomhír de mhír 1:
ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompar agus scor den iompar sin a dhéanamh arís;
forghéilleadh na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;
rabhadh poiblí ina léirítear an duine atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;
tarraingt siar nó fionraí an údaraithe atá ag gnólacht infheistíochta;
cosc sealadach ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta;
i gcás sáruithe leantacha ar Airteagal 14 nó ar Airteagal 15, cosc buan ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta;
cosc sealadach ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó dhéileáil ar a chuntas féin;
pionóis airgid riaracháin uasta de suas le trí oiread na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcásanna inar féidir iad sin a chinneadh;
maidir le duine nádúrtha, pionóis airgid riaracháin uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:
i gcás sáruithe ar Airteagal 14 agus Airteagal 15, EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;
i gcás sáruithe ar Airteagal 16 agus Airteagal 17, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus
i gcás sáruithe ar Airteagail 18, 19 agus 20, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus
maidir le duine nádúrtha, pionóis airgid riaracháin uasta arb ionann iad agus na méideanna seo a leanas ar a laghad:
i gcás sáruithe ar Airteagal 14 agus ar Airteagal 15, EUR 15 000 000 nó 15 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlíthiúil de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus iad formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;
i gcás sáruithe ar Airteagail 16 agus Airteagal 17, EUR 2 500 000 nó 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus iad formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta nó i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014; agus
i gcás sáruithe ar Airteagail 18, 19 agus 20, EUR 1 000 000 nó sna Ballstáit nach é an Euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014.
Tá tagairtí d’údaráis inniúla sa mhír seo, beidh siad gan dochar do chumas an údaráis inniúil a chuid feidhmeanna a fheidhmiú in aon cheann de na slite dá dtagraítear in Airteagal 23(1).
Chun críocha phointe (i) agus (ii) den chéad fhomhír, i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina mháthairghnóthas nó ina fhochuideachta de mháthairghnóthas nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú de bhun Threoir 2013/34/AE ( 14 ) ], is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach de réir na dtreoracha ábhartha cuntasaíochta Treoir 86/635/CEE ( 15 ) maidir le bainc, Treoir 91/674/CEE ón gComhairle ( 16 ) maidir le gnóthais árachais de réir na gcuntas deireanach comhdhlúite atá ar fáil agus iad formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
Airteagal 31
Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus pionóis a fhorchur
Áiritheoidh na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu ar an gcineál agus ar an leibhéal pionós riaracháin, go gcuirfidh údaráis inniúla gach cúinse ábhartha san áireamh, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí:
tromaíocht agus fad an tsáraithe;
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha;
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
leibhéal comhair an duine atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;
sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú; agus
bearta arna nglacadh ag an duine atá freagrach as an sárú chun a áirithiú nach dtarlaíonn an sárú sin arís.
Airteagal 32
Sáruithe a thuairisciú
Cuirfear san áireamh sna sásraí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:
nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe agus gníomhaíochtaí leantacha ina leith, lena n-áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú i leith na dtuairiscí sin;
laistigh dá bhfostaíocht, go ndéanfar, mar bheart íosta, daoine a oibríonn faoi chonradh fostaíochta, agus a thuairiscíonn sáruithe nó a gcuirtear sáruithe ina leith, a chosaint go hiomchuí ar fhrithbhearta, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir éagórach;agus
cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairiscíonn an sárú agus leis an duine nádúrtha a líomhnaítear a bheith freagrach as, lena n-áirítear cosaintí i ndáil le rúndacht chéannacht na ndaoine ábhartha a chaomhnú, ag gach céim den nós imeachta gan dochar do nochtuithe den sórt sin a bheith ina gceangal faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin.
Airteagal 33
Malartú faisnéise le ÚEUM
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 34
Cinntí a fhoilsiú
Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta ar de chineál imscrúdaitheach iad.
I gcás ina measann an t-údarás inniúil„ go mbeadh foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha, díréireach, tar éis measúnú ar bhonn cás ar chás ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó go ndéanfadh foilsiú den sórt sin foilsiú den sórt sin dochar d’imscrúdú atá ar siúl nó do chobhsaíocht na margaí airgeadais, féadfaidh sé ceachtar díobh seo a leanas a dhéanamh:
foilsiú an chinnidh a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
an cinneadh fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, sa chás go ndéantar a áirithiú le foilsiú den sórt sin go dtugtar cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta i dtrácht agus, i gcás inarb iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar atráth go ceann tréimhse réasúnach ama más intuartha nach mbeidh ann a thuilleadh do na cúiseanna le haghaidh foilsiú i ndíth ainm i rith na tréimhse sin;
gan an cinneadh a fhoilsiú sa chás go bhfuil an t-údarás inniúil den tuairim nach mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó (b) leordhóthanach chun a áirithiú:
a áirithiú nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; nó
comhréireacht fhoilsiú chinntí den sórt sin a áirithiú a mhéid a bhaineann le bearta a mheastar a bheith ina mionbhearta.
I gcás ina ndéanann údarás inniúil cinneadh chun cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin.
CAIBIDIL 6
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 35
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 36
Nós imeachta coiste
CAIBIDIL 7
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 37
Treoir 2003/6/CE agus a bhearta cur chun feidhme a aisghairm
►C1 Déanfar Treoir 2003/6/CE agus Treoracha 2004/72/CE, 2003/125/CE agus 2003/124/CE ( 18 ) ón gCoimisiún ◄ agus Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún ( 19 ) a cuid bearta cur chun feidhme a aisghairm le héifeacht ón 3 Iúil 2016. Déanfar na tagairtí do Threoir 2003/6/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla chomhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 38
Tuarascáil
Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, mar aon le togra reachtach chun é a leasú, más iomchuí. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar, inter alia, na nithe seo a leanas:
a iomchuí atá sé comhrialacha a thabhairt isteach maidir leis an ngá go ndéanfadh na Ballstáit uile foráil do phionóis riaracháin i dtaca le déileáil chos istigh agus le cúbláil mhargaidh;
cibé an leordhóthanach an sainmhíniú ar fhaisnéis ón taobh istigh chun an fhaisnéis uile is ábhartha do na húdaráis inniúla a chumhdach chun go bhféadfadh siad drochúsáid margaidh a chomhrac go héifeachtach;
a oiriúnaí atá na coinníollacha faoina dtugtar sainordú i leith toirmeasc ar thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 19(11) d’fhonn a shainaithint an bhfuil aon imthosca eile ann faoinar cheart go mbeadh feidhm ag an toirmeasc;
an fhéidearthacht go mbunófaí creat Aontais maidir le faireachas trasmhargaidh ar an leabhar orduithe i ndáil le drochúsáid margaidh, lena n-áirítear moltaí do chreat den sórt sin; agus
an raon feidhme maidir le forálacha tagarmharcála a chur i bhfeidhm.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM fardal de chur i bhfeidhm na bpionós riaracháin agus, i gcás ina mbíonn cinneadh déanta ag na Ballstáit, de bhun an dara fomhír d’Airteagal 30(1), pionóis coiriúla a leagan síos amhail dá dtagraítear ann i gcás sáruithe ar an Rialachán seo, de chur i bhfeidhm na bpionós coiriúil sin sna Ballstáit. Áireofar san fhardal sin freisin aon sonraí a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 33(1) agus (2).
Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal na dtairseacha a leagtar amach in Airteagal 19(1a)(a) agus (b) i dtaca le hidirbhearta bainisteoirí i gcás ina bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ina gcuid de ghnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn siad neamhchosaint ar phunann sócmhainní, d'fhonn a mheasúnú an bhfuil an leibhéal sin iomchuí nó ar cheart é a choigeartú.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena gcoigeartaítear na tairseacha in Airteagal 19(1a)(a) agus (b), má chinneann sé sa tuarascáil sin gur cheart na tairseacha sin choigeartú.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Beidh feidhm aige ón 3 Iúil 2016, ach amháin:
Airteagal 4(2) agus (3), a mbeidh feidhm acu ón 3 Eanáir 2018; agus
Airteagal 4(4) agus (5), Airteagal 5(6), Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 7(5), Airteagal 11(9), (10) agus (11), Airteagal 12(5), Airteagal 13(7) agus (11), Airteagal 16(5), an tríú fomhír d'Airteagal 17(2), Airteagal 17(3), (10) agus (11), Airteagal 18(9), Airteagal 19(13), (14) agus (15), Airteagal 20(3), Airteagal 24(3), Airteagal 25(9), an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír d'Airteagal 26(2), Airteagal 32(5) agus Airteagal 33(5), a mbeidh feidhm acu ón 2 Iúil 2014.
Nuair a dhéantar tagairt i bhforálacha an Rialacháin seo do OTFanna, do mhargaí fáis FBManna, do lamháltais astaíochtaí nó do tháirgí ceantáilte bunaithe orthu siúd, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le hOTFanna, le margaí fáis FBManna, le lamháltais astaíochtaí nó le táirgí ceantáilte bunaithe orthu siúd go dtí an ►M2 3 Eanáir 2018 ◄ .
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
A. Táscairí iompraíochta cúblála a bhaineann le comharthaí bréagacha nó míthreoracha agus le socrú praghsanna
Chun críocha pointe (a) de mhír 1 d’Airteagal 12 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na foirmeacha iompraíochta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin, déanfar na táscairí nach bhfuil uileghabhálach seo a leanas, nach gá go measfar iad mar chúbláil mhargaidh iad féin, a chur san áireamh nuair a dhéanfaidh rannpháirtithe margaidh agus údaráis inniúla scrúdú ar idirbhearta nó orduithe chun trádála:
a mhéid is ionann orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh agus cuid shuntasach de mhéid laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais ábhartha, sa chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar ábhartha, nó sa táirge ceantáilte ábhartha bunaithe ar lamháltais astaíochtaí, go háirithe i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin ina gcúis le hathrú suntasach ar a bpraghas;
a mhéid atá orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a bhfuil ról suntasach acu maidir le hionstraim airgeadais, conradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó táirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí a cheannach nó a dhíol, ina gcúis le hathruithe suntasacha ar an bpraghas atá ar an ionstraim airgeadais sin, ar an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin, nó ar an táirge ceantáilte sin bunaithe ar lamháltais astaíochtaí;
cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil idirbhearta arna ndéanamh ina gcúis le gan aon athrú ar úinéireacht thairbhiúil ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge cheantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí;
a mhéid a áirítear le horduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh nó orduithe arna gcealú malartuithe ról i dtréimhse ghearr agus a mhéid is ionann iad agus sciar suntasach de mhéid laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais ábhartha, sa chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó sa táirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí, agus a d’fhéadfadh a bheith bainteach le hathruithe suntasacha ar an bpraghas atá ar ionstraim airgeadais, ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó ar tháirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí;
a mhéid atá orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh comhchruinnithe laistigh de thréimhse ghearr ama sa seisiún trádála agus a mhéid atá siad ina gcúis le hathrú praghais a fhreaschuirtear ina dhiaidh sin;
a mhéid a athraíonn orduithe chun trádála arna dtabhairt an t-uiríoll ar an tairiscint is fearr nó a thairgeann siad praghsanna in ionstraim airgeadais, i gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar, nó i dtáirge ceantáilte bunaithe ar lamháltas astaíochtaí, nó, níos ginearálta, an t-uiríoll ar an leabhar orduithe atá ar fáil do rannpháirtithe margaidh, agus a bhaintear sula ndéantar iad; agus
a mhéid a thugtar orduithe chun trádála nó a dhéantar idirbhearta ag am ar leith nó faoi am ar leith nuair a dhéantar praghsanna tagartha, praghsanna socraithe agus luachálacha a ríomh agus nuair atá siad ina gcúis le hathruithe praghsanna a bhfuil tionchar acu ar phraghsanna agus luachálacha den sórt sin.
B. Táscairí iompraíochtaí cúblála a bhaineann le húsáid a bhaint as seifteanna samhailteacha nó as aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d’acra
Chun críocha pointe (b) de mhír 1 d’Airteagal 12 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na foirmeacha iompraíochta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin, déanfar na táscairí nach bhfuil uileghabhálach seo a leanas, nach gá gur cheart iad a mheas mar chúbláil mhargaidh iad féin, a chur san áireamh nuair a dhéanfaidh rannpháirtithe margaidh agus údaráis inniúla scrúdú ar idirbhearta nó orduithe chun trádála:
cibé acu a théann nó nach dtéann orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine roimh scaipeadh faisnéise atá bréagach nó míthreorach ag na daoine céanna nó ag daoine nasctha leo, nó cibé acu a thagann nó nach dtagann siad ina ndiaidh; agus
cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil orduithe chun trádála arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine sula ndéanann na daoine céanna nó daoine nasctha leo moltaí infheistíochta atá earráideach nó claonta nó go taispeántach faoi thionchar leasa ábhartha a tháirgeadh nó a scaipeadh, nó tar éis dóibh iad a tháirgeadh nó a scaipeadh.
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
An Rialachán seo |
Treoir 2003/6/CE |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
|
Airteagal 2(1)(a) |
Airteagal 9, an chéad mhír |
Airteagal 2(1)(b) |
|
Airteagal 2(1)(c) |
|
Airteagal 2(1)(d) |
Airteagal 9,an dara mír |
Airteagal 2(3) |
Airteagal 9, an chéad mír |
Airteagal 2(4) |
Airteagal 10(a) |
Pointe (1) d'Airteagal 3(1) |
Airteagal 1(3) |
Pointe (2) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (3) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (4) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (5) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (6) d'Airteagal 3(1) |
Airteagal 1(4) |
Pointe (7) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (8) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (9) d'Airteagal 3(1) |
Airteagal 1(5) |
Pointe (10) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (11) d'Airteagal 3(1) |
|
Pointe (12) d'Airteagal 3(1) |
Airteagal 1(7) |
Pointe (13) d'Airteagal 3(1) |
Airteagal 1(6) |
Pointí (14) go (35) d'Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 4 |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 8 |
Airteagal 6(1) |
Airteagal 7 |
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 6(4) |
|
Airteagal 6(5) |
|
Airteagal 6(6) |
|
Airteagal 6(7) |
|
Airteagal 7(1)(a) |
Airteagal 1(1), an chéad mír |
Airteagal 7(1)(b) |
Airteagal 1(1), an dara mír |
Airteagal 7(1)(c) |
|
Airteagal 7(1)(d) |
Airteagal 1(1), an tríú mír |
Airteagal 7(2) |
|
Airteagal 7(3) |
|
Airteagal 7(4) |
|
Airteagal 7(5) |
|
Airteagal 8(1) |
Airteagal 2(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 8(2)(a) |
Airteagal 3(b) |
Airteagal 8(2)(b) |
|
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 8(4)(a) |
Airteagal 2(1)(a) |
Airteagal 8(4)(b) |
Airteagal 2(1)(b) |
Airteagal 8(4)(c) |
Airteagal 2(1)(c) |
Airteagal 8(4)(d) |
Airteagal 2(1)(d) |
Airteagal 8(4), an dara fomhír |
Airteagal 4 |
Airteagal 8(5) |
Airteagal 2(2) |
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 9(2) |
|
Airteagal 9(3)(a) |
Airteagal 2(3) |
Airteagal 9(3)(b) |
Airteagal 2(3) |
Airteagal 9(4) |
|
Airteagal 9(5) |
|
Airteagal 9(6) |
|
Airteagal 10(1) |
Airteagal 3(a) |
Airteagal 10(2) |
|
Airteagal 11 |
|
Airteagal 12(1) |
|
Airteagal 12(1)(a) |
Airteagal 1(2)(a) |
Airteagal 12(1)(b) |
Airteagal 1(2)(b) |
Airteagal 12(1)(c) |
Airteagal 1(2)(c) |
Airteagal 12(1)(d) |
|
Airteagal 12(2)(a) |
Airteagal 1(2), an chéad fhleasc den dara mír, chéad fhleasc |
Airteagal 12(2)(b) |
Airteagal 1(2), an dara fleasc den dara mír |
Airteagal 12(2)(c) |
|
Airteagal 12(2)(d) |
Airteagal 1(2), an tríú fleasc den dara mír |
Airteagal 12(2)(e) |
|
Airteagal 12(3) |
|
Airteagal 12(4) |
|
Airteagal 12(5) |
Airteagal 1(2), an tríú mír |
Airteagal 13(1) |
Airteagal 1(2)(a), an dara mír |
Airteagal 13(1) |
|
Airteagal 13(2) |
|
Airteagal 13(3) |
|
Airteagal 13(4) |
|
Airteagal 13(5) |
|
Airteagal 13(6) |
|
Airteagal 13(7) |
|
Airteagal 13(8) |
|
Airteagal 13(9) |
|
Airteagal 13(10) |
|
Airteagal 13(11) |
|
Airteagal 14(a) |
Airteagal 2(1), an chéad mír |
Airteagal 14(b) |
Airteagal 3(b) |
Airteagal 14(c) |
Airteagal 3(a) |
Airteagal 15 |
Airteagal 5 |
Airteagal 16(1) |
Airteagal 6(6) |
Airteagal 16(2) |
Airteagal 6(9) |
Airteagal 16(3) |
|
Airteagal 16(4) |
|
Airteagal 16(5) |
Airteagal 6(10), an seachtú fleasc |
Airteagal 17(1) |
Airteagal 6(1) |
Airteagal 17(1), an tríú fomhír |
Airteagal 9, an tríú mír |
Airteagal 17(2) |
|
Airteagal 17(3) |
|
Airteagal 17(4) |
Airteagal 6(2) |
Airteagal 17(5) |
|
Airteagal 17(6) |
|
Airteagal 17(7) |
|
Airteagal 17(8) |
Airteagal 6(3), an chéad agus dara fomhíreanna |
Airteagal 17(9) |
|
Airteagal 17(10) |
Airteagal 6(10), an chéad agus dara fleasc |
Airteagal 17(11) |
|
Airteagal 18(1) |
Airteagal 6(3), an tríu fomhír |
Airteagal 18(2) |
|
Airteagal 18(3) |
|
Airteagal 18(4) |
|
Airteagal 18(5) |
|
Airteagal 18(6) |
|
Airteagal 18(7) |
Airteagal 9, an tríú mír |
Airteagal 18(8) |
|
Airteagal 18(9) |
Airteagal 6(10), an ceathru fleasc |
Airteagal 19(1) |
Airteagal 6(4) |
Airteagal 19(1)(a) |
Airteagal 6(4) |
Airteagal 19(1)(b) |
|
Airteagal 19(2) |
|
Airteagal 19(3) |
|
Airteagal 19(4)(a) |
|
Airteagal 19(4)(b) |
|
Airteagal 19(5) go (13) |
|
Airteagal 19(14) |
Airteagal 6(10), an cúigiú fleasc |
Airteagal 19(15) |
Airteagal 6(10), an cúigiú fleasc |
Airteagal 20(1) |
Airteagal 6(5) |
Airteagal 20(2) |
Airteagal 6(8) |
Airteagal 20(3) |
Airteagal 6(10), an séú fleasc Airteagal 6(11) |
Airteagal 21 |
Airteagal 1(2)(c), an dara habairt |
Airteagal 22 |
Airteagal 11, an chéad abairt Airteagal 10 |
Airteagal 23(1) |
Airteagal 12(1) |
Airteagal 23(1)(a) |
Airteagal 12(1)(a) |
Airteagal 23(1)(b) |
Airteagal 12(1)(b) |
Airteagal 23(1)(c) |
Airteagal 12(1)(c) |
Airteagal 23(1)(d) |
Airteagal 12(1)(d) |
Airteagal 23(2)(a) |
Airteagal 12(2)(a) |
Airteagal 23(2)(b) |
Airteagal 12(2)(b) |
Airteagal 23(2)(c) |
|
Airteagal 23(2)(d) |
Airteagal 12(2)(c) |
Airteagal 23(2)(e) |
|
Airteagal 23(2)(f) |
|
Airteagal 23(2)(g) |
Airteagal 12(2)(d) |
Airteagal 23(2)(h) |
Airteagal 12(2)(d) |
Airteagal 23(2)(i) |
Airteagal 12(2)(g) |
Airteagal 23(2)(j) |
Airteagal 12(2)(f) |
Airteagal 23(2)(k) |
Airteagal 12(2)(e) |
Airteagal 23(2)(l) |
Airteagal 12(2)(h) |
Airteagal 23(2)(m) |
Airteagal 6(7) |
Airteagal 23(3) |
|
Airteagal 23(4) |
|
Airteagal 24(1) |
Airteagal 15a(1) |
Airteagal 24(2) |
Airteagal 15a(2) |
Airteagal 24(3) |
|
Airteagal 25(1),first subparagraph |
Airteagal 16(1) |
Airteagal 25(2) |
Airteagal 16(2) agus Airteagal 16(4), ceathrú fomhír |
Airteagal 25(2)(a) |
Airteagal 16(2), an chéad fhleasc den dara fomhír agus Airteagal 16(4), an ceathrú fomhír |
Airteagal 25(2)(b) |
|
Airteagal 25(2)(c) |
Airteagal 16(2), an dara fleasc den dara fomhír agus Airteagal 16(4), an ceathrú fomhír |
Airteagal 25(2)(d) |
Airteagal 16(2) an tríú fleasc den dara fomhír agus Airteagal 16(4) an ceathrú fomhír |
Airteagal 25(3) |
|
Airteagal 25(4) |
Airteagal 16(2), an chéad abairt |
Airteagal 25(5) |
Airteagal 16(3) |
Airteagal 25(6) |
Airteagal 16(4) |
Airteagal 25(7) |
Airteagal 16 (2), ceathrú fomhír agus Airteagal 16(4), ceathrú fomhír |
Airteagal 25(8) |
|
Airteagal 25(9) |
Airteagal 16(5) |
Airteagal 26 |
|
Airteagal 27(1) |
|
Airteagal 27(2) |
|
Airteagal 27(3) |
Airteagal 13 |
Airteagal 28 |
|
Airteagal 29 |
|
Airteagal 30(1), an chéad fomhír |
Airteagal 14(1) |
Airteagal 30(1)(a) |
|
Airteagal 30(1)(b) |
Airteagal 14(3) |
Airteagal 30(2) |
|
Airteagal 30(3) |
|
Airteagal 31 |
|
Airteagal 32 |
|
Airteagal 33(1) |
Airteagal 14(5), an chéad fomhír |
Airteagal 33(2) |
|
Airteagal 33(3) |
Airteagal 14(5), an dara fomhír |
Airteagal 33(4) |
Airteagal 14(5), an triú fomhír |
Airteagal 33(5) |
|
Airteagal 34(1) |
Airteagal 14(4) |
Airteagal 34(2) |
|
Airteagal 34(3) |
|
Airteagal 35 |
|
Airteagal 36(1) |
Airteagal 17(1) |
Airteagal 36(2) |
|
Airteagal 37 |
Airteagal 20 |
Airteagal 38 |
|
Airteagal 39 |
Airteagal 21 |
Iarscríbinn |
|
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 ag cur chun feidhme Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1);
( 3 ) Treoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhordú coimircí a cheanglaíonn Ballstáit ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar mhaithe le leasanna comhaltaí agus daoine eile a chosaint, i leith foirmiú cuideachtaí dliteanais theoranta poiblí agus cothabháil agus athrú a gcaipitil, d’fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh coibhéiseach (IO L 315, 14.11.12, lch. 74),:
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Féach an leathanach seo 84 den Iris Oifigiúil)
( 5 ) Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (tá an teideal seo foilsithe cúpla uair san IO) (Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) IO L 201, 31.07.02, lch. 37).
( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
( 7 ) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‐aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
( 8 ) Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/908 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na critéir, annós imeachta agus na ceanglais a bhaineann le cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú, mar aon leis na ceanglais chun é a choimeád, chun deireadh a chur leis, nó chun na coinníollacha maidir lena ghlacadh a mhodhnú (IO L 153, 10.6.2016, lch. 3).
( 9 ) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
( 10 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamach ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 11 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
( 12 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).
( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear ║Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).
( 14 ) Treoir2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 15 ) Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 193, 18.7.1983, lch. 1)
( 16 ) Treoir 91/674/CCE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite ghnóthais árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).
( 17 ) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45)
►C1 ( 18 ) Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis.. ◄
( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le díolúintí maidir le cláir athcheannaigh agus le cobhsaíocht ionstraimí airgeadais (IO L 336, 23.12.2003, lch. 33).