02014R0537 — GA — 09.01.2024 — 001.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 537/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 158 27.5.2014, lch. 77) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
TREOIR (AE) 2022/2464 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Nollaig 2022 |
L 322 |
15 |
16.12.2022 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 |
L 2869 |
1 |
20.12.2023 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) Uimh. 537/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Aibreán 2014
maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hiniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa phoiblí, rialacha i dtaca le heagrúchán agus roghnúchán iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí chun a neamhspleáchas a chur chun cinn agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus rialacha i dtaca leis an maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí;
eintitis leasa phoiblí.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, ach amháin i ndáil leis an téarma “údarás inniúil” mar a fhoráiltear dó in Airteagal 20 den Rialachán seo.
TEIDEAL II
COINNÍOLLACHA LE hAGHAIDH INIÚCHÓIREACHT REACHTÚIL A DHÉANAMH AR EINTITIS LEASA PHOIBLÍ
Airteagal 4
Táillí iniúchóireachta
Gan dochar d'Airteagal 25 de Threoir 2006/43/CE, chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn táillí teagmhasacha táillí d'fhostaíochtaí iniúchóireachta arna ríomh ar bhonn réamhchinntithe a bhaineann lena thiocfadh as idirbheart nó le toradh idirbhirt nó le toradh na hoibre a rinneadh. Ní mheasfar táillí a bheith teagmhasach más cúirt nó údarás inniúil a bhunaigh iad.
Chun críocha na dteorainneacha a shonraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, eisiafar dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus seirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta.
Ar iarraidh a fháil ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údarás inniúil, ar bhonn eisceachtúil, a cheadú go ndíolmhófar an t-iniúchóir reachtúil sin nó an gnólacht iniúchóireachta sin ó na ceanglais sa chéad fhomhír i leith eintitis a ndéantar iniúchóireacht air ar feadh tréimhse nach rachaidh thar dhá bhliain airgeadais.
I gcás inar mó fós na táillí a fuarthas ó eintiteas leasa phoiblí den sórt sin ná 15 % de na táillí iomlána a fuair iniúchóir reachtúil den sórt sin nó gnólacht iniúchóireachta den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, grúpiniúchóir den sórt sin a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige, cinnfidh an coiste iniúchóireachta ar bhonn foras oibiachtúil cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nó an grúpiniúchóir d'eintiteas den sórt sin nó de ghrúpa eintiteas den sórt sin leanúint de bheith ag déanamh na hiniúchóireachta reachtúla go ceann tréimhse breise, ar tréimhse í nach rachaidh thar dhá bhliain, in aon chás.
Airteagal 5
Cosc ar sholáthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta
Ní dhéanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil a déanamh acu ar eintiteas leasa phoiblí, nó aon chomhalta den líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, aon tseirbhís neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc a sholáthar go díreach nó go hindíreach don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas
sa tréimhse idir tús na tréimhse a ndearnadh iniúchóireacht uirthi agus eisiúint na tuarascála iniúchóireachta; agus
sa bhliain airgeadais díreach roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) maidir leis na seirbhísí a liostaítear i bpointe (g) den dara fomhír.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc:
seirbhísí cánach a bhaineann leis an méid seo a leanas:
foirmeacha cánach a ullmhú;
cáin phárolla;
dleachtanna custaim;
fóirdheontais phoiblí agus dreasachtaí cánach a shainaithint mura bhfuil gá ann de réir an dlí le tacaíocht ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta i ndáil le seirbhísí den sórt sin;
tacaíocht i dtaca le cigireachtaí cánach ag údaráis chánach mura bhfuil gá ann de réir an dlí le tacaíocht ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta i ndáil le cigireachtaí den sórt sin;
cáin dhíreach agus neamhdhíreach agus cáin iarchurtha a ríomh;
comhairle chánach a sholáthar;
seirbhísí a bhaineann le haon pháirt a ghlacadh i mbainistiú nó i gcinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;
leabharchoimeád agus taifid chuntasaíochta agus ráitis airgeadais a ullmhú agus tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú;
seirbhísí párolla;
nósanna imeachta inmheánacha rialaithe nó bainistithe riosca a bhaineann le hullmhú agus/nó rialú faisnéise airgeadais nó córas teicneolaíochta faisnéise airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme;
seirbhísí luachála, lena n-áirítear luachálacha a dhéantar i dtaca le seirbhísí achtúireacha nó seirbhísí tacaíochta dlíthíochta;
seirbhísí dlí, maidir leis an méid seo a leanas:
comhairle ghinearálta a sholáthar,
dul i mbun caibidlíochta thar ceann an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, agus
abhcóideacht a dhéanamh i réiteach dlíthíochta;
seirbhísí a bhaineann le feidhm iniúchóireachta inmheánaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;
seirbhísí atá nasctha le maoiniú, le struchtúr agus leithdháileadh caipitil, agus le straitéis infheistíochta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, seachas seirbhísí árachais a sholáthar i ndáil le ráitis airgeadais, amhail litreacha suaimhnis a eisiúint i dtaca le réamheolairí a eisíonn an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;
scaireanna san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a chur chun cinn, a thrádáil agus a fhrithghealladh;
seirbhísí acmhainní daonna i dtaca le:
lucht bainistíochta atá in ann tionchar sonrach a chur i gcion ullmhúcháin taifead cuntasaíochta nó ráiteas airgeadais atá ina n-ábhar don iniúchóireacht reachtúil, i gcás ina mbaineann na seirbhísí sin leis an méid seo a leanas:
dearadh na heagraíochta a struchtúrú; agus
rialú costais.
De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointí (a) (i), (a) (iv) go (a) (vii) agus (F) a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
níl aon éifeacht dhíreach acu nó tá éifeacht neamhábhartha acu, ar leithligh nó sa chomhiomlán acu ar na ráitis airgeadais iniúchta;
déantar meastachán den éifeacht ar na ráitis airgeadais iniúchta a dhoiciméadú agus a mhíniú go cuimsitheach sa tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 11; agus
comhlíonann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na prionsabail neamhspleáchais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE.
Ní bheidh gá le formheas an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a sholáthar.
Féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a bhunú ina leagtar amach na coinníollacha faoina bhfuil iniúchóir reachtúil, gnólacht iniúchóireachta nó comhalta de líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear i mír 1.
Má dhéantar difear don neamhspleáchas atá aige nó aici, cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, d'fhonn na bagairtí a d'éirigh ó sholáthar seirbhísí dá leithéid i dtríú tír a mhaolú. Ní fhéadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint leis an iniúchóireacht reachtúil a bhí á déanamh ar an eintiteas leasa phoiblí ach amháin más féidir leis nó léi a fhírinniú, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo agus le hAirteagal 22b de Threoir 2006/43/CE, nach ndéanann soláthar na seirbhísí sin difear dá bhreithiúnas gairmiúil nó dá breithiúnas gairmiúil agus don tuarascáil iniúchóireachta.
Chun críocha na míre seo:
measfar go ndéanfaidh rannpháirtíocht i gcinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (e) den dara fomhír de mhír 1 difear do neamhspleáchas den sórt sin i ngach cás agus nach féidir aon mhaolú a dhéanamh faoi réir aon choimirce mar gheall air sin.
measfar go ndéanfaidh soláthar na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, seachas pointe (b), pointe (c) agus pointe (e) de difear do neamhspleáchas den sórt sin agus dá réir sin beidh coimircí de dhíth orthu chun na bagairtí atá ann mar gheall orthu a mhaolú.
Airteagal 6
Ullmhú don iniúchóireacht reachtúil agus measúnú ar bhagairtí ar an neamhspleáchas
Roimh ghlacadh nó leanúint le fostaíocht d'iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta an méid seo a leanas a mheasúnú agus a dhoiciméadú, de bhreis ar fhorálacha Airteagal 22b de Threoir 2006/43/CE:
an gcomhlíonann sé nó sí ceanglais Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo;
an gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 17 den Rialachán seo;
gan dochar do Threoir 2005/60/CE, sláine na gcomhaltaí de na comhlachtaí maoirseachta, riaracháin agus bainistíochta den eintiteas leasa phoiblí.
Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta an méid seo a leanas:
dearbhú bliantúil i scríbhinn a thabhairt don choiste iniúchóireachta ar neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil, an ghnólachta iniúchóireachta agus na gcomhpháirtithe iniúchóireachta, na mbainisteoirí sinsearacha agus na mbainisteoirí ar eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;
na bagairtí ar a neamhspleáchas agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú, mar atá doiciméadaithe acu de bhun mír 1, a phlé leis an gcoiste iniúchóireachta.
Airteagal 7
Neamhrialtachtaí
Gan dochar d'Airteagal 12 den Rialachán seo agus do Threoir 2005/60/CE, i gcás go mbíonn amhras ar iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, nó go mbíonn forais réasúnacha aige a bheith in amhras go bhféadann sé go bhfuil neamhrialtachtaí ag tarlú nó tar éis tarlú, lena n-áirítear calaois maidir le ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, cuirfidh sé nó sí an méid sin in iúl don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus iarrfar air an cás a fhiosrú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le neamhrialtachtaí dá leithéid agus chun nach dtarlóidh neamhrialtachtaí den sórt sin arís amach anseo.
I gcás nach bhfiosraíonn an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air an cás, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na húdaráis atá freagrach as neamhrialtachtaí den sórt sin a imscrúdú mar a d'ainmnigh na Ballstáit iad a chur ar an eolas.
Ní bheidh sárú ar aon srian conarthach nó dlíthiúil ar nochtadh faisnéise i gceist maidir le haon neamhrialtachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a nochtadh de mheon macánta, ag an iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta, do na húdaráis sin.
Airteagal 8
Athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta
Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh aige, déanfaidh an t-athbhreithneoir an méid seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh:
an fhaisnéis scríofa agus ó bhéal a chuir an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta ar fáil chun tacú leis na breithiúnais shuntasacha chomh maith le príomhchinntí na nósanna imeachta iniúchóireachta a rinneadh agus na tátail a baineadh as na cinntí sin, cé acu a d'iarr an t-athbhreithneoir an fhaisnéis sin nó nár iarr;
tuairimí an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta, mar a léiríodh i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11;
Déanfar measúnú ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad san athbhreithniú:
neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;
na rioscaí suntasacha is ábhartha don iniúchóireacht reachtúil agus a shainaithin an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta le linn iniúchóireacht reachtúla a dhéanamh agus na bearta atá déanta aige nó aici chun na rioscaí sin a bhainistiú go leordhóthanach;
réasúnaíocht an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta, go háirithe maidir le leibhéal na hábharthachta agus leis na rioscaí suntasacha dá dtagraítear i bpointe (b);
aon iarraidh a rinneadh ar chomhairle ó shaineolaithe seachtracha agus cur i ngníomh na comhairle sin;
nádúr agus raon feidhme na míráiteas ceartaithe agus gan a bheith ceartaithe sna ráitis airgeadais a sainaithníodh le linn an iniúchóireacht a dhéanamh;
na hábhair a pléadh leis an gcoiste iniúchóireachta agus le bainistíocht agus/nó comhlachtaí maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;
na hábhair a pléadh le húdaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, le tríú páirtithe eile;
cibé an dtacaíonn na doiciméid agus an fhaisnéis a roghnaigh an t-athbhreithneoir ón gcomhad le tuairim an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí mar a léirítear é i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11.
Airteagal 9
Caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta
Maidir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE i réimse an chleachtais iniúchóireachta, agus neamhspleáchas iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta agus rialuithe cáilíochta inmheánacha ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta chun críocha iad a chur i bhfeidhm laistigh den Aontas, cumhachtófar don Choimisiún iad a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar choinníoll go gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais phointe (a), phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 26(3) de Threoir 2006/43/CE agus nach leasaítear leo aon cheann de cheanglais an Rialacháin seo ná nach ndéantar leo aon cheann dá chuid forálacha a fhorlíonadh seachas na cinn a leagtar amach in Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 18 den Rialachán seo.
Airteagal 10
Tuarascáil iniúchóireachta
Déanfar an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE agus de bhreis air sin déanfar an méid seo a leanas ar a laghad inti:
a lua cé a cheap nó cén chomhlacht a cheap an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta;
dáta an cheapacháin agus an tréimhse fostaíochta neamhbhriste iomlán lena n-áirítear athnuachain agus athcheapacháin roimhe seo na n-iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta a shonrú;
an méid a leanas a chur ar fáil, chun tacú leis an tuairim iniúchóireachta:
tuairisc ar na rioscaí measúnaithe is suntasaí de mhíráiteas ábhartha, lena n-áirítear rioscaí measúnaithe de mhíráiteas ábhartha de dheasca calaoise;
achoimre ar fhreagairt an iniúchóra ar na rioscaí sin; agus
i gcás inarb ábhartha, na príomhthuairimí a bhaineann leis na rioscaí sin.
I gcás inarb ábhartha maidir leis an bhfaisnéis thuasluaite a chuirtear ar fáil sa tuarascáil iniúchóireachta i ndáil le gach riosca measúnaithe suntasach de mhíráitis ábhartha, áireofar tagairt shoiléir don nochtadh ábhartha sna ráitis airgeadais sa tuarascáil iniúchóireachta.
míniú a thabhairt ar a mhéid a measadh go rabhthas in ann, leis an iniúchóireacht reachtúil neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a bhrath;
deimhniú go bhfuil an tuairim iniúchóireachta i gcomhréir leis an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 11;
dearbhú nár soláthraíodh na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus go raibh an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta i gcónaí neamhspleách ón eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air agus an iniúchóireacht á déanamh;
aon seirbhísí, de bhreis ar an iniúchóireacht reachtúil, a chuir an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar fáil don eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air agus dá ghnóthas rialaithe/dá ghnóthais rialaithe, agus nár nochtadh sa tuarascáil bhainistíochta nó sna ráitis airgeadais a chur in iúl.
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hinneachar na tuarascála iniúchóireachta.
Airteagal 11
Tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta
Más rud é nach bhfuil coiste iniúchóireachta ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, tíolacfar an tuarascáil bhreise don chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don choiste iniúchóireachta an tuarascáil bhreise sin a nochtadh do cibé triú páirtithe amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta.
Is i scríbhinn a bheidh an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta. Tabharfar míniú inti ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla a rinneadh agus, ar a laghad, déanfar an méid seo a leanas inti:
an dearbhú neamhspleáchais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(2) a chur san áireamh;
i gcás go ndearna gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht, déanfar gach príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta a raibh baint aige nó aici leis an iniúchóireacht a shainaithint sa tuarascáil;
i gcás go bhfuil socruithe déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta go ndéanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile nach bhfuil ina chomhalta nó ina comhalta den líonra céanna aon cheann dá ghníomhaíochtaí nó dá gníomhaíochtaí, nó go bhfuil úsáid bainte aige nó aici as saineolaithe seachtracha, déanfaidh an tuarascáil an fíoras sin a léiriú agus daingneofar inti go bhfuair an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta daingniú ón iniúchóir reachtúil eile nó gnólacht iniúchóireachta eile agus/nó ón saineolaí seachtrach maidir lena neamhspleáchas;
tabharfar tuairisc ar chineál, ar mhinicíocht agus ar mhéid na cumarsáide leis an gcoiste iniúchóireachta nó leis an gcomhlacht a bhfuil feidhmeanna coibhéiseacha de chúram air laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, laistigh den chomhlacht bainistíochta agus laistigh de chomhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, lena n-áirítear dátaí cruinnithe leis na comhlachtaí sin;
tuairisc ar raon feidhme agus uainiú na hiniúchóireachta a chur san áireamh;
i gcás inar ceapadh níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó níos mó na gnólacht iniúchóireachta amháin, tuairisceofar dáileadh na gcúraimí i measc na n-iniúchóirí reachtúla agus/nó na ngnólachtaí iniúchóireachta;
tabharfar tuairisc ar an modheolaíocht arna húsáid, lena n-áirítear na catagóirí den chlár comhardaithe a fíoraíodh go díreach agus cé na catagóirí a fíoraíodh bunaithe ar thástáil ar chomhlíonadh agus ar chóras; lena n-áirítear míniú maidir le haon éagsúlacht in ualú tástála comhlíontachta agus substaintí agus é á chur i gcomparáid leis an mbliain roimhe a mhíniú, fiú más rud é go ndearna iniúchóir reachtúil/iniúchóirí reachtúla nó gnólacht iniúchóireachta/gnólachtaí iniúchóireachta eile iniúchóireacht reachtúil na bliana roimhe;
nochtfar an leibhéal cainníochtúil ábharthachta a feidhmíodh leis an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh maidir leis na ráitis airgeadais ina iomláine agus i gcás inarb infheidhme an leibhéal nó na leibhéil ábharthachta d'aicmí áirithe idirbheart, iarmhéid cuntas nó nochtuithe, agus nochtfar na fachtóirí cáilíochtúla arna meas nuair a bhí an leibhéal ábharthachta á chur síos;
tuairisceofar agus míneofar breithiúnais maidir le himeachtaí nó coinníollacha a sainaithníodh le linn na hiniúchóireachta a d'fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas an eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach agus más ábhar éiginnteachta ábharaí iad; agus soláthrófar achoimre maidir leis na ráthaíochtaí go léir, na litreacha suaimhnis go léir, na gealltanais go léir maidir le hidirghabháil phoiblí agus leis na bearta go léir eile tacaíochta a cuireadh san áireamh nuair a bhí measúnú gnóthais leantaigh á dhéanamh;
tuairisceofar easnaimh shuntasacha i gcóras rialaithe airgeadais inmheánach an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó an mháthairghnóthais, i gcás ráiteas comhdhlúite airgeadais, agus/nó sa chóras cuntasaíochta. Maidir le gach easnamh suntasach, luafar sa tuarascáil bhreise ar réitigh an lucht bainistithe an t-easnamh i gceist nó nár réitigh;
tuairisceofar aon ábhar suntasacha lena mbaineann neamhchomhlíonadh iarbhír nó a bhfuiltear in amhras faoi i ndáil le dlíthe agus le rialacháin nó le hairteagail chomhlachais a sainaithníodh le linn na hiniúchóireachta, a mhéid a mheastar go bhfuil sé ábhartha chun go mbeidh an coiste iniúchóireachta in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh;
tuairisceofar agus déanfar measúnú ar na modhanna luachála a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hítimí éagsúla sna ráitis bhliantúla airgeadais nó sna ráitis chomhdhlúite airgeadais, lena n-áirítear aon tionchar a bheadh ag athruithe ar mhodhanna den sórt sin;
i gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis chomhdhlúite airgeadais, míneofar raon feidhme an chomhdhlúthaithe agus na gcritéir eisiaimh a chuir an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air i bhfeidhm ar na heintitis neamhchomhdhlúite, más ann dóibh, agus má tá na critéir sin a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcreat tuairiscithe airgeadais;
i gcás inarb iomchuí, sainaithneofar aon obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir/iniúchóirí tríú tíortha, iniúchóir reachtúil/iniúchóirí reachtúla, eintiteas iniúchóireachta/eintitis iniúchóireachta tríú tíortha nó gnólacht iniúchóireachta/gnólachtaí iniúchóireachta maidir le hiniúchóireacht reachtúil nó ráitis chomhdhlúite airgeadais seachas obair a rinne comhaltaí den líonra céanna ná an líonra lena mbaineann iniúchóir na ráiteas comhdhlúite airgeadais;
tabharfar léiriú i dtaobh an ndearna an t-eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air na mínithe agus na doiciméid go léir a iarradh a sholáthar.
tuairisceofar inti:
aon deacrachtaí suntasacha a thángthas orthu le linn na hiniúchóireachta reachtúla;
aon ábhair shuntasacha a eascraíonn ón iniúchóireacht reachtúil a pléadh nó a bhí ina n-ábhar do chomhfhreagras leis an mbainistíocht maidir leo; agus
aon ábhair eile a eascraíonn ón iniúchóireacht reachtúil atá suntasach maidir le formhaoirseacht an phróisis tuairiscithe airgeadais de réir thuairim ghairmiúil an iniúchóra.
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hinneachar na tuarascála breise don choiste iniúchóireachta.
Arna iarraidh sin d'iniúchóir reachtúil, do ghnólacht iniúchóireachta nó don choiste iniúchóireachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta plé ar na príomhábhair a eascraíonn as an iniúchóireacht reachtúil a ndéantar tagairt orthu sa tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta, agus go háirithe i bpointe (j) den chéad fhomhír, le coiste iniúchóireachta, comhlacht riaracháin nó, i gcás inarb infheidhme, comhlacht maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.
Airteagal 12
Tuarascáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí
Gan dochar d'Airteagal 55 de Threoir 2004/39/CE, d'Airteagal 63 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), d'Airteagal 15(4) de Threoir 2007/64/CE, d'Airteagal 106 de Threoir 2009/65/CE, d'Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE agus d'Airteagal 72 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), beidh dualgas ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí chun tuarascáil a thabhairt go pras do na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar an eintiteas leasa phoiblí sin nó, i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, don údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an iniúchóir nó ar an ngnólacht iniúchóireachta, aon eolas a bhaineann leis an eintiteas leasa phoiblí sin agus a bhfuil sé nó sí tagtha ar an eolas faoi le linn an iniúchóireacht reachtúil sin a sheoladh agus ar eolas é a fhéadfaidh bheith ina chúis le haon cheann de na nithe seo a leanas:
sárú ábharthach ar na dlíthe, ar na rialacháin nó ar na forálacha riaracháin lena leagtar síos, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha lena rialaítear údarú ghníomhaíochtaí an eintitis leasa phoiblí sin nó lena ndéantar na gníomhaíochtaí sin a rialú go sonrach;
bagairt nó amhras ábharthach maidir le feidhmiú leantach an eintitis leasa phoiblí;
diúltú tuairim iniúchóireachta a eisiúint maidir leis na ráitis airgeadais nó tuairim chodarsnach nó cháilithe a eisiúint.
Beidh dualgas freisin ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta tuarascáil a thabhairt faoi aon fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c) den chéad fhomhír a dtagann sé nó sí ar an eolas faoi le linn iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ghnóthas a bhfuil dlúthbhaint aige leis an eintiteas leasa phoiblí a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á seoladh acu air freisin. Chun críocha an Airteagail seo, beidh le “dlúthnaisc” an bhrí a shanntar don téarma sin i bpointe (38) d'Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).
Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a éileamh ar iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun maoirseacht éifeachtach, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, a dhéanamh ar an margadh airgeadais.
Gach bliain ar a laghad, eagróidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus CCEFI cruinniú de gach institiúid airgeadais dhomhanda atá tábhachtach ar bhealach sistéamach agus atá údaraithe laistigh den Aontas, mar a sainaithníodh iad go hidirnáisiúnta, ar cruinniú é a bheidh eagraithe leis na hiniúchóirí reachtúla agus na gnólachtaí iniúchóireachta nó líonraí iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireachtaí reachtúla á ndéanamh acu, d'fhonn BERS a chur ar an eolas maidir le haon fhorbairtí earnálacha nó suntasacha sna hinstitiúidí airgeadais sin ar institiúidí iad atá tábhachtach ar bhealach sistéamach.
Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, déanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach — ÚBE) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde — ÚEÁPC), agus aird á tabhairt ar chleachtais reatha maoirseachta, treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) faoi seach.
Airteagal 13
Tuarascáil trédhearcachta
Ceadófar d'iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta a thuarascáil bhliantúil trédhearcachta, mar a foilsíodh í, a uasdátú. i gcás den sórt sin, léireoidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta gur leagan uasdátaithe den tuarascáil é agus leanfaidh an leagan bunaidh den tuarascáil de bheith ar fáil ar an láithreán gréasáin.
Cuirfidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in iúl do na húdaráis inniúla go ndearnadh an tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta nó, de réir mar is iomchuí, go ndearnadh í a uasdátú.
Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil bhliantúil trédhearcachta:
tuairisc ar struchtúr dlíthiúil agus ar úinéireacht dhlíthiúil an ghnólachta iniúchóireachta;
i gcás go bhfuil an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ina chomhalta de líonra
tuairisc ar an líonra agus ar na socruithe dlíthiúla agus struchtúrtha sa líonra;
ainm gach iniúchóra reachtúil a fheidhmíonn mar chleachtóir aonair nó mar ghnólacht iniúchóireachta ar comhalta den líonra é nó í;
na tíortha ina bhfuil gach iniúchóir reachtúil a fheidhmíonn mar chleachtóir aonair nó gach gnólacht iniúchóireachta ar comhalta den líonra é nó í cáilithe mar iniúchóir reachtúil nó ina bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó aige nó aici;
an láimhdeachas iomlán arna a bhain na hiniúchóirí reachtúla a fheidhmíonn mar chleachtóirí aonair agus na gnólachtaí iniúchóireachta ar comhaltaí den líonra iad amach, arb é an láimhdeachas é a éiríonn as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais.
tuairisc ar struchtúr rialachais an ghnólachta iniúchóireachta;
tuairisc ar chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus ráiteas ón gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta maidir le héifeachtacht fheidhmiú an chórais sin;
léiriú i dtaobh cén uair a rinneadh an t-athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 26;
liosta eintiteas leasa phoiblí ar ina leith atá iniúchóireachtaí reachtúla déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta le linn na bliana airgeadais roimhe sin;
ráiteas a bhaineann le cleachtais neamhspleáchais an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, ar ráiteas é lena ndaingnítear freisin gur seoladh athbhreithniú inmheánach ar chomhlíonadh maidir le neamhspleáchas;
ráiteas ar an mbeartas ar dá réir a d'fheidhmigh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta i ndáil le hoiliúint leantach iniúchóirí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;
faisnéis a bhaineann leis an mbonn le luach saothair comhpháirtithe i ngnólachtaí iniúchóireachta;
tuairisc ar bheartas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta maidir le sealaíocht príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta agus daoine tábhachtacha den fhoireann iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(7);
i gcás nach nochtar í ina ráitis airgeadais de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2013/34/AE, faisnéis maidir le láimhdeachas iomlán an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, arna miondealú sna catagóirí seo a leanas:
ioncam ón iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa phoiblí agus de chuid eintiteas atá mar chuid de ghrúpa gnóthas a bhfuil a máthairghnóthas ina eintiteas leasa phoiblí,
ioncam ón iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúithe airgeadais d'eintitis eile;
ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta ceadaithe chuig eintitis a ndéanann an t-iniúchóir reachtúil inniúil nó an gnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht orthu, agus;
ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta chuig eintitis eile.
Féadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, in imthosca eisceachtúla, a chinneadh gan an fhaisnéis a éilítear i bpointe (f) den chéad fhomhír a nochtadh a mhéid is gá sin chun maolú a dhéanamh ar bhagairt shuntasach ar shlándáil phearsanta aon duine áirithe. Beidh an t-iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a bheith in ann a thaispeáint don údarás inniúil gurb ann do bhagairt den sórt sin.
Airteagal 13a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta iniúchóireachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
i gcás daoine dlítheanacha, méid an ghnólachta iniúchóireachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, tar éis dul i gcomhairle le CCEFI, chun an méid seo a leanas a shonrú:
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Airteagal 14
Faisnéis a chur ar fáil le haghaidh na n-údarás inniúil
Déanfaidh iniúchóirí reachtúil agus gnólachtaí iniúchóireachta liosta de na heintitis leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht orthu a thabhairt gach bliain dá údarás inniúil nó dá húdarás inniúil de réir an ioncaim arna ghiniúint uathu, agus na cineálacha ioncaim sin á miondealú mar a leanas:
ioncam ó iniúchóireacht reachtúil;
ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), ar seirbhísí iad a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais agus le reachtaíocht náisiúnta; agus,
ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), ar seirbhísí iad nach gceanglaítear le reachtaíocht an Aontais agus le reachtaíocht náisiúnta.
Airteagal 15
Taifid a choinneáil
Déanfaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(3), in Airteagal 6, in Airteagal 7, in Airteagal 8(4) go (7), in Airteagal 10 agus in Airteagal 11, in Airteagal 12(1) agus (2), in Airteagal 14, in Airteagal 16(2), (3) agus (5) den Rialachán seo, agus in Airteagail 22b, 24a, 24b, 27 agus 28 de Threoir 2006/43/CE a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis doiciméid nó faisnéis den sórt sin a chruthú.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin i gcomhréir lena rialacha ar chosaint sonraí pearsanta agus ar imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.
TEIDEAL III
INIÚCHÓIRÍ REACHTÚLA NÓ GNÓLACHTAÍ INIÚCHÓIREACHTA A CHEAPADH AG EINTITIS LEASA PHOIBLÍ
Airteagal 16
Iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh
I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 37(2) de Threoir 2006/43/CE, cuirfidh an t-eintiteas leasa phoiblí an t-údarás inniúil ar an eolas faoi úsáid córas malartach nó rialacha mionsonraithe malartacha dá dtagraítear san Airteagal in. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.
Mura rud é go bhfuil baint ag an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus le hAirteagal 17(2), déanfar bonn cirt a thabhairt don mholadh agus beidh dhá rogha ann sa mholadh maidir leis an bhfostaíocht iniúchóireachta agus léireoidh an coiste iniúchóireachta cén rogha is fearr leis mar aon le húdar maith a léiriú maidir leis an rogha a dhéanfaidh siad.
Luafaidh an coiste iniúchóireachta ina mholadh go bhfuil an moladh saor ó thionchar ar thaobh tríú páirtí agus nach ndearnadh aon chlásal den chineál dá dtagraítear i mír 6 a fhorchur air.
Mura rud é go mbaineann an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus le hAirteagal 17(2), déanfar an moladh ón gcoiste iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ullmhú tar éis nós imeachta maidir le roghnúcháin ar nós imeachta é a eagróidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air ag cloí leis na critéir seo a leanas:
beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun cuireadh a thabhairt d'aon iniúchóir reachtúil nó d'aon ghnólacht iniúchóireachta tograí a thíolacadh maidir leis an tseirbhís reachtúil iniúchóireachta a sholáthar ar choinníoll go gcloítear le hAirteagal 17(3) agus nach amhlaidh go ndéanfar le heagrú phróiseas na tairisceana rannpháirtíocht gnólachtaí a eisiamh ón nós imeachta roghnúcháin ar chaoi ar bith, ar gnólachtaí iad a fuair níos lú ná 15 % de na táillí iomlána iniúchóireachta ó eintitis leasa phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann sa bhliain fhéilire roimhe sin;
ullmhóidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air doiciméid tairisceana mar eolas do na hiniúchóirí reachtúla nó do na gnólachtaí iniúchóireachta dá dtugtar cuireadh. Ligfidh na doiciméid tairisceana sin dóibh tuiscint a bheith acu ar ghnó an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus ar an gcineál iniúchóireachta reachtúla atá le seoladh. Beidh critéir thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha sna doiciméid tairisceana ar critéir iad a úsáidfidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air chun meastóireacht a dhéanamh ar na tograí a dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta;
beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun an nós imeachta maidir le roghnúchán a chinneadh agus, le linn an nós imeachta sin, féadfaidh sé caibidlíocht dhíreach a sheoladh le tairgeoirí ar spéis leo an t-ábhar;
más rud é, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, go gceanglóidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta caighdeáin áirithe cáilíochta a chomhlíonadh, cuirfear na caighdeáin sin san áireamh sna doiciméid tairisceana;
déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air meastóireacht ar na tograí a dhéanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis na critéir maidir le roghnúchán a réamhshainítear sna doiciméid tairisceana. Déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tuarascáil a ullmhú ar chonclúidí an nós imeachta roghnúcháin agus déanfaidh an coiste iniúchóireachta na conclúidí sin a bhailíochtú. Déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus an coiste iniúchóireachta a chur san áireamh cinntí nó conclúidí ar bith in aon tuarascáil chigireachta maidir leis an iniúchóir reachtúil nó maidir leis an ngnólacht is iarratasóir, ar tuarascáil í dá dtagraítear in Airteagal 26(8) agus atá foilsithe ag an údarás inniúil de bhun phointe (d) d'Airteagal 28;
beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air in ann, arna iarraidh sin, a thaispeáint don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20 go ndearnadh an nós imeachta maidir le roghnúchán a sheoladh ar mhodh cothrom.
Beidh an coiste iniúchóireachta freagrach as an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) liosta de na hiniúchóirí reachtúla agus de na gnólachtaí iniúchóireachta lena mbaineann a phoibliú agus déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 14 a úsáid chun na ríomhaireachtaí ábhartha a dhéanamh.
Má imíonn an togra ó thosaíocht an choiste iniúchóireachta, déanfar údar maith leis na cúiseanna gan déanamh de réir mholadh an choiste iniúchóireachta a thabhairt sa togra. Ceanglaítear, áfach, go raibh an t-iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a mhol an comhlacht riaracháin nó maoirseachta rannpháirteach sa nós imeachta roghnúcháin a gcuirtear síos air i mír 3. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo i gcás ina ndéanann an comhlacht riaracháin nó maoirseachta feidhmeanna an choiste iniúchóireachta.
Déanfaidh eintiteas leasa phoiblí na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 a chur ar an eolas, go díreach agus gan mhoill, faoi aon iarracht ar thaobh tríú páirtí clásal conarthach den sórt sin a fhorchur nó tionchar míchuí a imirt ar shlí eile ar chinneadh chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí maidir le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a roghnú.
Má bhunaíonn Ballstát aon cheanglas den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha.
Airteagal 17
Tréimhse na fostaíochta iniúchóireachta
An tréimhse a bhfostófar i dtús báire aon iniúchóir reachtúil ar leith nó aon ghnólacht iniúchóireachta ar leith, ní shárófar uastréimhse deich mbliana leis an tréimhse sin ná leis an tréimhse sin i dteannta aon fhostaíochta athnuaite.
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh
a éileamh go mairfidh an fhostaíocht tosaigh dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin;
uastréimhse is lú ná deich mbliana a leagan síos do na fostaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.
De mhaolú ar mhír 1 agus ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh ama leis na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2, ar síneadh ama arb é seo a leanas an uastréimhse a bheidh i gceist ina leith:
fiche bliain, i gcás ina gcuirfear próiseas tairisceana poiblí don iniúchóireacht reachtúil ar bun i gcomhréir le mír 2 agus le mír 5 d'Airteagal 16, agus gabhfaidh éifeacht leis ar dhul in éag na n-uastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2; nó
ceithre bliana is fiche, i gcás, tar éis do na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 dul in éag, ina bhfostaítear níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht reachtúil iniúchóireachta amháin ag an am céanna ar choinníoll gurb é an toradh a bheidh ar an iniúchóireacht reachtúil go ndéanfar an tuarascáil chomhpháirteach iniúchóireachta, mar a thagraítear di in Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE, a chur i láthair.
De mhaolú air sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta atá freagrach as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh scor dá rannpháirtíocht san iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air níos luaithe ná seacht mbliana ón dáta ar ceapadh iad, faoi seach.
Déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta sásra iomchuí sealaíochta comhleanúnaí a bhunú maidir leis an bpearsanra is sinsearaí atá bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil, lena n-áirítear, ar a laghad, na daoine atá cláraithe mar iniúchóirí reachtúla. Déanfar an sásra sealaíochta comhleanúnaí a chur i bhfeidhm ina chéimeanna ar bhonn pearsana aonair seachas ar bhonn na foirne fostaíochta ina hiomláine. Beidh sé comhréireach i bhfianaise fhairsinge agus chastacht na gníomhaíochta dá ngabhann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta.
Beidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndéantar an sásra sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go n-oiriúnaítear é d'fhairsinge agus do chastacht na gníomhaíochta dá ngabhann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta.
Chun críocha an Airteagail seo, áiritheofar ar an ngnólacht iniúchóireachta gnólachtaí eile a fhaigheann an gnólacht iniúchóireachta nó gnólachtaí eile a gcumascann an gnólacht iniúchóireachta leo.
Má tá éiginnteacht ann maidir leis an dáta ar thosaigh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar iniúchóireachtaí reachtúla as a chéile a dhéanamh don eintiteas leasa phoiblí, mar shampla de dheasca cumasc gnólachtaí, éadálacha, nó athruithe ar an struchtúr úinéireachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachtaí éiginnteachtaí den sórt sin a thuairisciú láithreach don údarás inniúil, agus cinnfidh an t-údarás inniúil sin an dáta ábhartha, sa deireadh, chun críocha na chéad fhomhíre.
Airteagal 18
An comhad aistrithe
I gcás ina ndéantar iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile a chur in ionad iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta, déanfaidh an t-iariniúchóir reachtúil nó an t-iarghnólacht iniúchóireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23(3) de Threoir 2006/43/CE a chomhlíonadh.
Faoi réir Airteagal 15, déanfaidh an t-iariniúchóir reachtúil nó an t-iarghnólacht iniúchóireachta rochtain a dheonú freisin don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua ar na tuarascálacha breise dá dtagraítear in Airteagal 11 i leith na mblianta roimhe sin agus ar aon fhaisnéis arna tarchur chuig údaráis inniúla de bhun Airteagal 12 agus Airteagal 13.
Beidh an t-iariniúchóir reachtúil nó an t-iarghnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndearnadh an fhaisnéis sin a sholáthar don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua.
Airteagal 19
Cur as oifig agus éirí as oifig na n-iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta
Gan dochar d'Airteagal 38(1) de Threoir 2006/43/CE, déanfaidh aon údarás inniúil arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán seo an fhaisnéis maidir le briseadh nó le héirí as post an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta le linn na fostaíochta agus míniú leordhóthanach maidir leis na cúiseanna ina leith sin a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1).
TEIDEAL IV
FAIREACHAS AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ INIÚCHÓIRÍ REACHTÚLA AGUS GNÓLACHTAÍ INIÚCHÓIREACHTA A DHÉANANN INIÚCHÓIREACHT REACHTÚIL AR EINTITIS LEASA PHOIBLÍ
CAIBIDIL I
Údaráis inniúla
Airteagal 20
Údaráis inniúla a ainmniú
Déanfar na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus as a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm a ainmniú as measc an méid seo a leanas:
an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109.CE;
an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 24(4) de Threoir 2004/109/CE;
an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE.
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuiltear chun an fhreagracht as a áirithiú go gcuirtear forálacha uile nó cuid d'fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i bhfeidhm a chur de chúram, de réir mar is iomchuí, ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas:
Airteagal 48 de Threoir 2004/39/CE;
Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109/CE;
pointe (h) d'Airteagal 24(4) de Threoir 2004/109/CE;
Airteagal 20 de Threoir 2007/64/CE;
Airteagal 30 de Threoir 2009/138/CE;
Airteagal 4(1) de Threoir 2013/36/AE;
nó ar údaráis eile arna n-ainmniú leis an dlí náisiúnta.
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a chomhdhlúthú agus poibleoidh sé í.
Airteagal 21
Coinníollacha neamhspleáchais
Beidh na húdaráis inniúla neamhspleách ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta.
Féadfaidh na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le saineolaithe, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 26(1), chun cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt dóibh nuair is bunriachtanach sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh i gceart. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh aon bhaint ag na saineolaithe le haon chinnteoireacht.
Ní bheidh duine ina chomhalta den chomhlacht rialachais, nó ní bheidh sé nó sí freagrach as cinnteoireacht na n-údarás sin más amhlaidh agus é nó í páirteach ann nó le linn na trí bliana roimhe sin:
go ndearna an duine sin iniúchóireachtaí reachtúla;
go raibh cearta vótála ag an duine sin i ngnólacht iniúchóireachta;
go raibh an duine sin ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistithe nó maoirseachta gnólachta iniúchóireachta;
go raibh an duine sin ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí de ghnólacht iniúchóireachta, ina fhostaí nó ina fostaí de ghnólacht iniúchóireachta nó ar conradh ar shlí eile ag gnólacht iniúchóireachta.
Beidh maoiniú na n-údarás sin daingean agus saor ó thionchar míchuí ó iniúchóirí reachtúla agus ó ghnólachtaí iniúchóireachta.
Airteagal 22
Rúndacht ghairmiúil i ndáil le húdaráis inniúla
Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le gach duine atá nó a bhí ar fostú nó ar conradh neamhspleách ag údaráis inniúla, nó atá nó a bhí páirteach i rialachas údarás inniúil, nó atá nó a bhí ar fostú nó ar conradh neamhspléach ag aon údarás nó comhlacht ar chuige a ndearnadh cúraimí a tharmligean faoi Airteagal 24 den Rialachán seo. Ní fhéadfar aon fhaisnéis atá clúdaithe faoi rúndacht ghairmiúil a nochtadh d'aon duine eile ná d'aon údarás eile ach amháin de bhua na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhua na ndlíthe, na rialachán nó na nósanna imeachta riaracháin de chuid Ballstáit.
Airteagal 23
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Áireofar ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar a laghad, an chumhacht:
chun rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil nó le doiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta i bhfoirm ar bith atá ábhartha maidir lena gcuid cúraimí a chomhlíonadh agus cóip de a fháil nó a ghabháil;
chun faisnéis a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil a fháil ó dhuine ar bith;
chun cigireachtaí ar an láthair ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanamh;
chun nithe a tharchur i gcomhair ionchúisimh choiriúil;
chun a iarraidh ar shaineolaithe fíorúcháin nó imscrúduithe a dhéanamh;
chun na bearta riaracháin a dhéanamh, agus chun na pionóis a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 30a de Threoir 2006/43/CE.
Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid ach amháin:
i ndáil le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí;
i ndáil le daoine a ghabhann do ghníomhaíochtaí iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí;
i ndáil le heintitis leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht orthu, lena gcomhlaigh agus le tríú páirtithe gaolmhara;
i ndáil le tríú páirtithe a bhfuil feidhmeanna nó gníomhaíochtaí áirithe eisfhoinsithe chucu ag na hiniúchóirí reachtúla agus ag na gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí; agus
i ndáil le daoine atá gaolmhar nó bainteach ar shlí eile le hiniúchóirí reachtúla agus le gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cead ag na húdaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe a fheidhmiú ar aon cheann de na slite a leanas:
trí fheidhm dhíreach;
i gcomhar le húdaráis eile;
trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
Airteagal 24
Na cúraimí a tharmligean
Maidir le haon cheann de na cúraimí a cheanglaítear a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit é nó iad a tharmligean chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1), nó féadfaidh siad ligean do na húdaráis inniúla iad a tharmligean, chuig údaráis nó comhlachtaí eile atá ainmnithe nó atá údaraithe ar bhealach eile de réir an dlí na cúraimí sin a chomhlíonadh, seachas cúraimí a bhaineann leis an méid a leanas:
an córas dearbhaithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 26;
imscrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo agus in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE a eascraíonn as an gcóras dearbhaithe cáilíochta sin nó as atreorú ó údarás eile; agus
pionóis agus bearta faoi mar a thagraítear dóibh i gCaibidil VII de Threoir 2006/43/CE a bhaineann leis na hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta nó leis na himscrúduithe ar iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí.
Má tharmligeann an t-údarás inniúil cúraimí chuig údaráis eile nó chuig comhlachtaí eile, beidh sé in ann na hinniúlachtaí sin a athghabháil de réir an cháis.
Aon socrú a dhéantar maidir le cúraimí a tharmligean, lena n-áirítear na coinníollacha beachta lena rialaítear tarmligean den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát.
Airteagal 25
Comhar le húdaráis inniúla eile ar an leibhéal náisiúnta
Déanfaidh údaráis inniúla a ainmneofar de bhun Airteagal 20(1) agus, i gcás inarb iomchuí, aon údarás a mbeidh cúraimí tarmligthe chuige ag údarás inniúil den sórt sin, comhoibriú leo seo a leanas ar an leibhéal náisiúnta:
na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32(4) de Threoir 2006/43/CE;
na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 20(2), cibé acu a bhí siad, nó nach raibh siad, ina n-údaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo;
na haonaid um fhaisnéis airgeadais agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 21 agus 37 de Threoir 2005/60/CE.
Chun críocha comhair den sórt sin, beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla faoi Airteagal 22 den Rialachán seo.
CAIBIDIL II
Dearbhú cáilíochta, faireachán margaidh, agus trédhearcacht na nÚdarás inniúil
Airteagal 26
Dearbhú cáilíochta
Chun críocha an Airteagail seo:
ciallaíonn “cigireachtaí” athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta, ar athbhreithnithe iad a dhéantar faoi cheannas cigire agus nach imscrúdú de réir bhrí Airteagal 32(5) de Threoir 2006/43/CE atá iontu;
ciallaíonn “cigire” athbhreithneoir a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 5 den Airteagal seo agus atá ar fostú nó ar conradh ar shlí eile ag údarás inniúil;
ciallaíonn “saineolaí” duine nádúrtha ag a bhfuil saineolas sonrach maidir le margaí airgeadais, tuairisciú airgeadais, iniúchóireacht nó réimsí eile atá ábhartha i ndáil le cigireachtaí, lena n-áirítear iniúchóirí reachtúla cleachtacha.
Déanfaidh siad athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a bhíonn i mbun iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí ar bhonn anailíse ar an riosca agus:
i gcás iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a bhíonn i mbun iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí seachas iad sin atá sainithe i bpointe (17) agus i bpointe (18) d'Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE gach trí bliana ar a laghad; agus,
i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (a), gach sé bliana ar a laghad.
Beidh na freagrachtaí seo a leanas ag an údarás inniúil:
na modheolaíochtaí cigireachta a fhormheas agus a leasú, lena n-áirítear lámhleabhair chigireachta agus leantacha, na modheolaíochtaí tuairiscithe agus na cláir cigireachta thréimhsiúla;
tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha leantacha a fhormheas agus a leasú;
cigirí le haghaidh gach cigireachta a fhormheas agus a shannadh.
Leithdháilfidh an t-údarás inniúil acmhainní leordhóthanacha ar an gcóras dearbhaithe cáilíochta.
Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar beartais agus nósanna imeachta iomchuí a bhaineann le neamhspleáchas agus oibiachtúlacht na foirne, lena n-áirítear cigirí, agus le bainistiú an chórais dearbhaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm.
Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil na critéir seo a leanas nuair a bheidh cigirí á gceapadh:
beidh oideachas iomchuí gairmiúil agus taithí ábhartha ag cigirí i dtaca le hiniúchóireacht reachtúil agus le tuairisciú airgeadais, mar aon le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta;
ní cheadófar do dhuine ar iniúchóir reachtúil cleachtach é nó í nó atá ar fostú ag iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta, nó atá comhlachaithe ar shlí eile le hiniúchóir reachtúil nó le gnólacht iniúchóireachta, gníomhú mar chigire;
ní cheadófar do dhuine gníomhú mar chigire i gcigireacht a dhéanamh ar iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta go dtí go mbeidh trí bliana ar a laghad imithe in éag ón tráth ar scoir an duine sin de bheith ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí nó ina fhostaí nó ina fostaí de chuid an iniúchóra reachtúil sin nó de chuid an ghnólachta iniúchóireachta sin nó de bheith comhlachaithe ar shlí eile leis an iniúchóir reachtúil sin nó leis an ngnólacht iniúchóireachta sin;
dearbhóidh cigirí nach bhfuil aon choimhlint leasa idir iad agus an t-iniúchóir reachtúil agus an gnólacht iniúchóireachta a bhfuil cigireacht le déanamh air.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil saineolaithe a fháil ar conradh chun cigireachtaí sonracha a chur i gcrích nuair nach leor an líon cigirí atá ann laistigh den údarás. Féadfaidh an t-údarás inniúil cúnamh a fháil ó shaineolaithe freisin nuair a bheidh sé sin riachtanach chun go seolfar an chigireacht mar is iomchuí. In imthosca den sórt sin, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla agus na saineolaithe ceanglais na míre seo. Ní bheidh na saineolaithe bainteach leis an rialachas a dhéanfar ar chomhlachais ghairmiúla agus ar chomhlachtaí gairmiúla, ná ní bheidh siad fostaithe acu ná ní bheidh siad fostaithe ar conradh eile acu ach féadfaidh siad a bheith ina gcomhaltaí de na comhlachais nó de na comhlachtaí sin.
Clúdóidh raon feidhme cigireachtaí an méid seo a leanas ar a laghad:
measúnú ar dhearadh chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta;
tástáil dhóthanach maidir le comhlíonadh ó thaobh nósanna imeachta agus athbhreithniú ar chomhaid iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí chun éifeachtacht an chórais inmheánaigh rialaithe cáilíochta a fhíorú;
i bhfianaise fhionnachtana na cigireachta faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo, measúnú ar inneachar na tuarascála bliantúla trédhearcachta is déanaí arna foilsiú ag iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 13.
Ar a laghad, déanfar na beartais inmheánacha rialaithe cáilíochta agus na nósanna imeachta inmheánacha rialaithe cáilíochta seo a leanas de chuid an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta a athbhreithniú:
go ndéanann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta caighdeáin infheidhme maidir le hiniúchóireacht agus rialú cáilíochta a chomhlíonadh mar aon le ceanglais maidir le heitic agus le neamhspleáchas, lena n-áirítear na caighdeáin agus na ceanglais sin a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2006/43/CE agus in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 den Rialachán seo, chomh maith le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ábhartha de chuid an Bhallstáit lena mbaineann;
cainníocht agus cáilíocht na n-acmhainní a úsáidtear, lena n-áirítear comhlíonadh ceanglas maidir le hoideachas de réir mar a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;
comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo i ndáil leis na táillí iniúchóireachta a ghearrfar.
Chun críocha na tástála ar chomhlíonadh, déanfar comhaid iniúchóireachta a roghnú ar bhonn anailíse ar an riosca gur mainníodh an iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích ar shlí neamhdhóthanach.
Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú go tréimhsiúil freisin ar na modheolaíochtaí arna n-úsáid ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta chun iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích.
Le cois na cigireachta a chumhdaítear sa chéad fhomhír, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla cigireachtaí eile a chur i gcrích freisin.
Déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a ndéantar cigireacht orthu moltaí na gcigireachtaí a chur chun feidhme laistigh de thréimhse réasúnta a socróidh an t-údarás inniúil. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí i gcás moltaí faoi chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta.
Airteagal 27
Faireachas a dhéanamh ar cháilíocht an mhargaidh agus ar an iomaíocht
Déanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Airteagal 20(1) agus an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN), mar is iomchuí, faireachán rialta ar na forbairtí sa mhargadh le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta reachtúla a sholáthar d'eintitis leasa phoiblí agus déanfaidh siad measúnú go háirithe ar na nithe seo leanas:
na rioscaí a éiríonn as iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta easnaimh cháilíochta a chur faoi deara go rímhinic, lena n-áirítear easnaimh chórasacha i líonra an ghnólachta iniúchóireachta a d'fhéadfadh a bheith ina gcionsiocair le gnólacht iniúchóireachta ar bith a scor, as briseadh i soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla cibé acu in earnáil shonrach nó thar earnálacha éagsúla, as carnadh rioscaí breise maidir le heasnaimh iniúchóireachta agus an tionchar a bheadh acu sin ar chobhsaíocht fhoriomlán na hearnála airgeadais;
leibhéil chomhchruinnithe sa mhargadh, lena n-áirítear in earnálacha faoi leith;
feidhmíocht choistí iniúchóireachta;
an gá le bearta a ghlacadh chun na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) a mhaolú.
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le CCEFI, ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC na tuarascálacha sin a úsáid chun tuarascáil chomhpháirteach a tharraingt suas maidir leis na forbairtí sin ar leibhéal an Aontais. Cuirfear an tuarascáil chomhpháirteach sin faoi bhráid na Comhairle, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach mar aon le Parlaimint na hEorpa, más iomchuí.
Airteagal 28
Trédhearcacht na n-údarás inniúil
Beidh údaráis inniúla trédhearcach agus foilseoidh siad na nithe seo a leanas ar a laghad:
tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta maidir lena gcuid cúraimí faoin Rialachán seo;
cláir oibre bhliantúla maidir lena gcuid cúraimí faoin Rialachán seo;
tuarascáil maidir le torthaí foriomlána an chórais dearbhaithe cáilíochta, ar bhonn bliantúil. Áireofar sa tuarascáil seo faisnéis faoi mholtaí a eisítear, gníomhartha a leanann as na moltaí, bearta maoirseachta a dhéantar agus pionóis a fhorchuirtear. Áireofar inti freisin faisnéis chainníochtúil agus faisnéis thábhachtach feidhmíochta eile maidir le hacmhainní airgeadais agus faoin líon foirne, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais dearbhaithe cáilíochta;
an fhaisnéis chomhiomlánaithe maidir le fionnachtain agus conclúidí na gcigireachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 26(8). Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go bhfoilseofar na fionnachtana agus na conclúidí sin maidir le cigireachtaí aonair.
CAIBIDIL III
Comhar idir údaráis inniúla agus caidreamh leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha
Airteagal 29
Oibleagáid an chomhair
Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát lena chéile i gcás inar gá sin chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcásanna nach amhlaidh ina leith gurb ionann an iompraíocht atá faoi imscrúdú agus sárú ar aon fhoráil reachtach nó rialála atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann.
Airteagal 30
CCEFI a bhunú
Is é an Coimisiún a cheapfaidh an Leas-Chathaoirleach nó a chuirfidh as oifig é nó í.
Ní bheidh cearta vótála ag an gCathaoirleach ná ag an Leas-Chathaoirleach.
I gcás ina n-éiríonn an Cathaoirleach as oifig roimh dheireadh a théarma oifige nó a téarma oifige nó i gcás ina gcuirtear as oifig é nó í, gníomhóidh an Leas-Chathaoirleach mar Chathaoirleach go dtí an chéad chruinniú eile a bheidh ag CCEFI, ar cruinniú é ag a dtoghfar Cathaoirleach go ceann a mbeidh fágtha den téarma.
Déanfaidh CCEFI an méid seo leanas:
malartú faisnéise, saineolais agus na gcleachtas is fearr a éascú chun an Rialachán seo agus Treoir 2006/43/CE a chur chun feidhme;
comhairle shaineolaíoch a chur ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo agus Treoir 2006/43/CE a chur chun feidhme;
cuidiú le measúnú teicniúil a dhéanamh ar chórais formhaoirseachta phoiblí i dtríú tíortha agus cuidiú freisin leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha sa réimse sin, faoi mar a thagraítear di in Airteagal 46(2) agus in Airteagal 47(3) de Threoir 2006/43/CE;
cuidiú le scrúdú teicniúil a dhéanamh ar chaighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta, lena n-áirítear na próisis chun na caighdeáin sin a fhorbairt, ionas go nglacfaí iad ar leibhéal an Aontais;
cuidiú le feabhas a chur ar na sásraí comhair maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta de chuid eintiteas leasa phoiblí nó ar na líonraí lena mbaineann siad;
cúraimí eile comhordúcháin a dhéanamh sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i dTreoir 2006/43/CE.
Foilseoidh an Coimisiún na treoirlínte agus na tuairimí a ghlac CCEFI.
Airteagal 31
Comhar maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, maidir le himscrúduithe agus maidir le cigireachtaí ar an láthair
Ní bheidh an ceart ag an údarás inniúil iarrthach rochtain a fháil ar fhaisnéis a d'fhéadfadh rialacha náisiúnta slándála a shárú nó a d'fhéadfadh difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d'ord poiblí an Bhallstáit iarrtha.
Féadfaidh sé a iarraidh freisin go gceadófar do roinnt daoine dá phearsanra féin a bheith in éineacht pearsanra údarás inniúil an Bhallstáit sin le linn an imscrúdaithe, lena n-áirítear maidir le cigireachtaí ar an láthair.
Is faoi réir rialú foriomlán an Bhallstáit ar ina chríoch dhéantar é a bheidh an t-imscrúdú nó an chigireacht ó thús deireadh.
Sna cásanna seo a leanas, féadfaidh an t-údarás inniúil iarrtha diúltú gníomhú ar bhonn iarrata ar imscrúdú a chur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír de mhír 5 nó ar bhonn iarrata go mbeidh pearsanra de chuid údaráis inniúil Ballstáit eile in éineacht lena phearsanra féin de réir mar a fhoráiltear sa dara fomhír de mhír 5 sna cásanna seo leanas:
i gcás ina bhféadfadh imscrúdú nó cigireacht ar an láthair den sórt sin rialacha náisiúnta slándála a shárú nó difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d'ord poiblí an Bhallstáit iarrtha;
i gcás ina bhfuiltear tar éis imeachtaí breithiúnacha i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna a thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit iarrtha;
i gcás inar thug údaráis an Bhallstáit iarrtha breithiúnas críochnaitheach cheana féin maidir leis na gníomhaíochtaí céanna agus maidir leis na daoine céanna sin.
Airteagal 32
Coláistí údarás inniúil
Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 26, agus in Airteagal 31(4) go (6) den Rialachán seo agus in Airteagal 30 de Threoir 2006/43/CE a éascú maidir le hiniúchóirí reachtúla sonracha, maidir le gnólachtaí iniúchóireachta sonracha nó a líonraí, féadfar coláistí a bhunú le rannpháirtíocht údarás inniúil an Bhallstáit baile agus le rannpháirtíocht aon údaráis inniúil eile, ar choinníoll:
go bhfuil an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ag soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla d'eintitis leasa phoiblí laistigh de dhlínse na mBallstát lena mbaineann; nó
go bhfuil brainse ar cuid den ghnólacht iniúchóireachta é bunaithe laistigh de dhlínse na mBallstát lena mbaineann.
Déanfaidh comhaltaí an choláiste athbhreithniú gach cúig bliana ar a laghad ar roghnú an éascaitheora chun a áirithiú go leanann an t-éascaitheoir a roghnaíodh de bheith ina shealbhóir is iomchuí chun an post sin a líonadh.
Déanfaidh an t-éascaitheoir, laistigh de 10 lá oibre ón tráth a roghnaítear é nó í, socruithe comhordúcháin i scríbhinn a bhunú faoi chuimsiú an choláiste maidir leis na nithe seo a leanas:
faisnéis atá le malartú i measc údarás inniúil;
cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;
na cásanna ina ndéanann na húdaráis inniúla cúraimí maoirseachta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 33.
Airteagal 33
Cúraimí a tharmligean
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile aon cheann dá chúraimí a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit eile faoi réir chomhaontú an údaráis sin. Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear d'fhreagracht an údaráis inniúil atá ag déanamh an tarmligin.
Airteagal 34
Rúndacht agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an gcomhar i measc na n-údarás inniúil
Airteagal 35
Cosaint sonraí pearsanta
CAIBIDIL IV
Comhar le hÚdaráis tríú tíortha agus le hEagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta
Airteagal 36
Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú
Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin más gá an fhaisnéis sin a mhalartú chun cúraimí na n-údarás inniúil sin faoin Rialachán seo a chur i gcrích.
Más rud é, maidir leis an malartú faisnéise sin, go ngabhann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír leis, comhlíonfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE agus comhlíonfaidh CCEFI Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
Airteagal 37
Faisnéis a fhaightear ó thríú tíortha a nochtadh
Féadfaidh an t-údarás inniúil de Bhallstát an fhaisnéis rúnda a fhaightear ó údaráis inniúla de chuid tríú tíortha a nochtadh i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i gcomhaontú comhair, más rud é go bhfuil comhaontú go sainráite faighte aige ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis amháin agus, nuair is infheidhme, gur chun na gcríoch dar thug an t-údarás inniúil sin amháin a chomhaontú a nochtfar an fhaisnéis, nó i gcás ina gceanglaítear nochtadh den sórt sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 38
Faisnéis a aistrítear chuig tríú tíortha a nochtadh
Ceanglóidh údarás inniúil Ballstáit, maidir le faisnéis rúnda a chuireann sé in iúl d'údarás inniúil de chuid tríú tír, nach bhféadfaidh an t-údarás inniúil sin an fhaisnéis sin a nochtadh do thríú páirtithe ná d'údaráis ach amháin le comhaontú sainráite roimh ré ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus ar choinníoll nach ndéantar an fhaisnéis a nochtadh ach amháin chun na gcríoch dar thug údarás inniúil sin an Bhallstáit a chomhaontú nó i gcás ina gceanglaítear nochtadh den sórt sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó i gcás ina bhfuil sé riachtanach i ndáil le himeachtaí dlíthiúla sa tríú tír sin.
Airteagal 39
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 40
Athbhreithniú agus tuarascálacha
Airteagal 41
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 42
Forálacha náisiúnta
Déanfaidh na Ballstáit forálacha iomchuí a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.
Airteagal 43
Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún a aisghairm
Aisghairtear leis seo Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún.
Airteagal 44
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 17 Meitheamh 2016.
Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 16(6) ón 17 Meitheamh 2017.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 2 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún. (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
( 6 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859,20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).
( 7 ) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 ar an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis chuig an bpobal nó nuair a ligtear isteach chun trádála iad agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).