02014R0516 — GA — 12.04.2022 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 516/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Aibreán 2014 (IO L 150 20.5.2014, lch. 168) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2018/2000 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 12 Nollaig 2018 |
L 328 |
78 |
21.12.2018 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/445 of 15 October 2019 (*) |
L 94 |
1 |
27.3.2020 |
|
RIALACHÁN (AE) 2022/585 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 6 Aibreán 2022 |
L 112 |
1 |
11.4.2022 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 516/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Aibreán 2014
lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht,lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairleagus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóir agus raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo:
cuspóirí na tacaíochta airgeadais agus na ngníomhaíochtaí incháilithe;
an creat ginearálta chun gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme;
na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus a ndáileadh;
na prionsabail agus an sásra chun comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bhunú; agus
an cúnamh airgeadais a sholáthraítear le haghaidh ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “athlonnú” an próiseas trína ndéantar, ar iarratas ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) bunaithe ar an ngá atá ag duine le cosaint idirnáisiúnta, náisiúnaigh tríú tíortha a aistriú ó thríú tír agus a shocrú i mBallstát ina dtugtar cead cónaithe dóibh agus ceann amháin de na stádais seo a leanas acu:
“stádas dídeanaí” de réir bhrí phointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;
“stádas cosanta coimhdí” de réir bhrí phointe (g) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE; nó
aon stádas eile faoina bhfaightear cearta agus tairbhí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais atá cosúil leis na stádais dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii);
ciallaíonn “cláir eile um ligean isteach daonnúil” próiseas ad hoc lena gceadaíonn Ballstát do líon náisiúnach tríú tíortha fanacht ar a chríoch go ceann tréimhse sealadaí d’fhonn iad a chosaint ó ghéarchéimeanna daonnúla práinneacha mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí;
ciallaíonn “cosaint idirnáisiúnta” stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;
ciallaíonn “filleadh” an próiseas ina dtéann náisiúnach tríú tír ar ais, bíodh sé dá dheoin féin chun oibleagáid maidir le filleadh a chomhlíonadh nó go héigeantach, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é, de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE. Tabharfar le fios le tagairt do náisiúnaigh tríú tíortha go n-áireofar daoine gan stát agus daoine a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe acu;
ciallaíonn “fáil réidh le daoine” an oibleagáid maidir le filleadh a fhorghníomhú, eadhon daoine a iompar go fisiciúil amach as an mBallstát, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “imeacht deonach” an oibleagáid maidir le filleadh laistigh den teorainn ama a socraíodh chuige sin sa chinneadh maidir le filleadh a chomhlíonadh, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” náisiúnach tríú tír faoi bhun 18 mbliana d’aois, a shroicheann nó a shroich críoch Bhallstáit gan tionlacan duine fásta atá freagrach as/aisti de réir dhlí nó chleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus chomh fada agus nach dtógfar go héifeachtach faoi chúram an duine sin é nó í, cuirtear san áireamh mionaoiseach a fhágtar i riocht neamhthionlactha tar éis dó/di iontráil i gcríoch an Bhallstáit;
ciallaíonn “duine leochaileach” aon náisiúnach tríú tír a chomhlíonann an sainmhíniú faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;
ciallaíonn “ball teaghlaigh” aon náisiúnach tríú tír a chomhlíonann an sainmhíniú faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;
ciallaíonn “staid éigeandála” staid a thig as:
brú trom imirce i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arb é a príomhthréith sreabh mhór agus dhíréireach de náisiúnaigh tríú tíortha a chuireann brú suntasach agus práinneach ar a saoráidí glactha agus coinneála agus ar a gcórais agus nósanna imeachta maidir le tearmann;
cur chun feidhme sásraí sealadacha cosanta de réir bhrí Threoir 2001/55/CE; nó
brú trom imirce i dtríú tíortha ina fuireach ar dhídeanaithe mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí.
Airteagal 3
Cuspóirí
Laistigh dá chuspóir ginearálta, rannchuideoidh an Ciste leis na comhchuspóirí sonracha seo a leanas:
gach gné den Chomhchóras Tearmainn Eorpach a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear an diminsean seachtrach lena mbaineann;
tacú le himirce dhleathach chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta atá acu, amhail riachtanais maidir le margadh an tsaothair, agus sláine chóras inimirce na mBallstát á cosaint, agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn;
straitéisí córa agus éifeachtacha maidir le filleadh a fheabhsú sna Ballstáit sin a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí, agus béim ar inbhuanaitheacht an fhillte agus ar athligean isteach éifeachtach chuig na tíortha tionscnaimh agus chuig na tíortha idirthurais;
an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh, lena n-áirítear trí chomhar praiticiúil.
Déanfar meastóireacht ar a mhéid a bhainfear amach cuspóirí sonracha an Chiste i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus úsáid á baint as comhtháscairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir a chuimsítear i gcláir náisiúnta.
Airteagal 4
Comhpháirtíocht
Chun críocha an Chiste, áireofar leis an gcomhpháirtíocht dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta.
CAIBIDIL II
COMHCHÓRAS EORPACH TEARMAINN
Airteagal 5
Córais ghlactha agus tearmainn
Ag teacht leis an gcuspóir shonrach a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí lena ndírítear ar cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na náisiúnach tríú tíortha a leanas:
iad siúd a bhfuil stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí acu de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;
iad siúd a bhfuil iarratas déanta acu ar cheann amháin de na cineálacha cosanta idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach bhfuil cinneadh críochnaitheach faighte go fóill acu;
iad siúd a bhfuil cosaint shealadach á fáil acu de réir bhrí Threoir 2001/55/CE;
iad siúd atá á n-athlonnú i mBallstát nó á n-aistriú ó Bhallstát nó a rinneadh a athlonnú i mBallstát nó a aistriú ó Bhallstát.
Maidir leis na coinníollacha glactha agus leis na nósanna imeachta tearmainn, tacóidh an Ciste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas, a dhíríonn ar na catagóirí daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
cabhair ábhartha, lena n-áirítear cúnamh ag an teorainn, oideachas, oiliúint, seirbhísí tacaíochta, cúram sláinte agus cúram síceolaíoch a sholáthar;
seirbhísí tacaíochta amhail aistriúchán agus ateangaireacht a sholáthar, mar aon le hoideachas, le hoiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga, agus tionscnaimh eile atá i gcomhréir le stádas an duine lena mbaineann;
struchtúir riaracháin, córais agus oiliúint a chur ar bun agus a fheabhsú do bhaill foirne agus d’údaráis ábhartha lena áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach agus éasca ar nósanna imeachta tearmainn ag iarrthóirí tearmainn agus chun a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta éifeachtúla d’ardchaighdeán maidir le tearmann ann, go háirithe, nuair is gá sin chun tacú le forbairt acquis an Aontais;
cúnamh sóisialta a sholáthar, nó faisnéis nó cabhair a thabhairt maidir le foirmiúlachtaí riaracháin nó foirmiúlachtaí breithiúnacha agus faisnéis nó comhairleoireacht a thabhairt maidir le torthaí féideartha an nós imeachta maidir le tearmann, lena n-áirítear maidir le gnéithe amhail nósanna imeachta maidir le filleadh;
cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar;
grúpaí leochaileacha agus cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha a shainaithint, go háirithe i gcomhréir le pointe (a) go pointe (e);
bearta malartacha ar choinneáil a bhunú, a fhorbairt agus a fheabhsú.
Má mheastar é a bheith iomchuí agus i gcás ina bhforáiltear dá leithéid i gclár náisiúnta an Bhallstáit, féadfaidh an Ciste tacú freisin le bearta a bhaineann le lanpháirtíocht, amhail na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), maidir leis na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh.
Ag teacht leis an gcuspóir shonrach a shainítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta mar a shainítear in Airteagal 19, maidir le bonneagar cóiríochta agus córais glactha, tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:
bonneagar agus seirbhísí cóiríochta atá ann cheana a fheabhsú agus a chothabháil;
struchtúir agus córais riaracháin a threisiú agus a fheabhsú;
faisnéis do phobail áitiúla;
oiliúint a chur ar bhaill foirne na n-údarás, lena n-áirítear na n-údarás áitiúil a bheidh ag idirghníomhú leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi chuimsiú a nglactha isteach;
bonneagar nua agus seirbhísí nua cóiríochta a bhunú, a reáchtáil agus a fhorbairt, mar aon le struchtúir agus córais riaracháin a bhunú, a reáchtáil agus a fhorbairt, go háirithe, nuair is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais struchtúracha na mBallstát.
Ag teacht leis na cuspóirí sonracha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2), agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19, tacófar leis an gCiste freisin gníomhaíochtaí atá comhchosúil leis na gníomhaíochtaí sin a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin le daoine atá ag fanacht go sealadach:
Airteagal 6
Cumas na mBallstát chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartas tearmainn agus ar a nósanna imeachta tearmainn
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le feabhas a chur ar chumas na mBallstát chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartas tearmainn agus ar a nósanna imeachta tearmainn, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí seo a leanas go háirithe:
gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn cumas na mBallstát — lena n-áirítear maidir leis an sásra i ndáil le luathrabhaidh, le hullmhacht agus le bainistiú géarchéime a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) chun sonraí agus staidreamh atá cáilíochtúil agus cainníochtúil maidir le nósanna imeachta tearmainn, cumais ghlactha, athlonnú agus maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh orthu;
gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn cumas na mBallstát faisnéis faoi thír tionscnaimh a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi;
gníomhaíochtaí a chuireann go díreach le meastóireacht a dhéanamh ar bheartais tearmainn, amhail measúnuithe náisiúnta tionchair, suirbhéanna i measc spriocghrúpaí agus páirtithe leasmhara eile, agus le táscairí agus tagarmharcáil a fhorbairt.
Airteagal 7
Athlonnú, aistriú iarratasóirí don chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe a fhaigheanncosaint idirnáisiúnta agus ligean isteach daonnúil ad hoc eile
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le hathlonnú aon náisiúnach tríú tír atá á athlonnú nó atá athlonnaithe i mBallstát, agus cláir eile um ligean isteach daonnúil:
cláir agus straitéisí náisiúnta athlonnaithe a bhunú agus a fhorbairt, mar aon le cláir eile um ligean isteach daonnúil a bhunú agus a fhorbairt, lena n-áirítear anailís riachtanas, táscairí agus meastóireacht a fheabhsú;
bonneagar agus seirbhísí iomchuí a chur ar bun chun cur chun feidhme rianúil agus éifeachtach na ngníomhaíochtaí athlonnaithe a áirithiú mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le cláir eile um ligean isteach daonnúil, lena n-áirítear cúnamh teanga;
struchtúir, córais agus oiliúint foirne a chur ar bun chun misin chuig na tríú tíortha nó chuig Ballstáit eile a stiúradh agus chun agallaimh, scagthástáil liachta agus grinnfhiosrúchán slándála a dhéanamh;
measúnú a dhéanamh ar aon chásanna athlonnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus/nó cásanna eile maidir le ligean isteach daonnúil ag údaráis inniúla na mBallstát, amhail misin chuig an tríú tír, agallaimh, scagthástáil liachta agus grinnfhiosrúchán slándála a stiúradh;
measúnú sláinte agus cóireáil leighis réamhimeachta, soláthairtí ábhartha réamhimeachta, faisnéis réamhimeachta agus bearta maidir le lánpháirtíocht agus socruithe taistil, lena n-áirítear soláthar seirbhísí coimhdeachta liachta;
faisnéis agus cúnamh ar shroicheadh áite dóibh nó go luath ina dhiaidh sin, lena n-áirítear seirbhísí ateangaireachta;
gníomhaíochtaí chun críocha athaontaithe teaghlaigh do dhaoine atá á n-athlonnú i mBallstát;
neartú a dhéanamh ar bhonneagar agus ar sheirbhísí is ábhartha don imirce agus do thearmann sna tíortha atá ainmnithe chun Cláir Chosanta Réigiúnacha a chur chun feidhme iontu;
na dálaí a chruthú a bheadh ag teacht le lanpháirtiú, uathriail agus neamhspleáchas na dteifeach athlonnaithe san fhadtéarma.
CAIBIDIL III
NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍORTHA A LÁNPHÁIRTIÚAGUS IMIRCE DHLEATHACH
Airteagal 8
Bearta inimirce agus réamhimeachta
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh i dtríú tír lena ndíreofar ar náisiúnaigh tríú tíortha, a bhfuil na bearta sonracha réamhimeachta agus/nó na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta á gcomhlíonadh acu agus atá i gcomhréir le dlí an Aontais i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis an gcumas acu lánpháirtiú i sochaí Ballstáit. Sa chomhthéacs seo, tacófar na nithe seo a leanas leis an gCiste go háirithe:
pacáistí faisnéise agus feachtais chun feasacht a mhúscailt agus idirphlé cultúrtha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chumarsáid agus trí theicneolaíocht na faisnéise agus trí láithreáin Gréasáin atá furasta le húsáid;
measúnú ar scileanna agus ar cháilíochtaí mar aon le feabhsú trédhearcachta agus comhoiriúnacht scileanna agus cáilíochtaí i dtríú tír le scileanna agus cáilíochtaí na mBallstát;
oiliúint lena gcuirtear le hinfhostaitheacht i mBallstát;
cúrsaí cuimsitheacha insealbhaithe saoránachta agus teagasc cuimsitheach teanga;
cúnamh i gcomhthéacs na bhfeidhmeanna d’athaontú teaghlaigh de réir bhrí Threoir 2003/86/CE ón gComhairle ( 2 ).
Airteagal 9
Bearta maidir le lánpháirtíocht
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a tharlaíonn faoi chuimsiú straitéisí comhsheasmhacha, agus na riachtanais a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil agus/nó ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tacófar leis an gCiste, go háirithe, na gníomhaíochtaí a leanas lena ndíreofar ar náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstáit nó, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil cónaí dlíthiúil a fháil acu i mBallstát faoi láthair:
straitéisí den sórt sin maidir le lánpháirtíocht a bhunú agus a fhorbairt agus gníomhaithe áitiúla nó réigiúnacha atá rannpháirteach iontu, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear anailís ar riachtanais, feabhas a chur ar tháscairí maidir le lánpháirtíocht, agus measúnú, lena n-áirítear measúnuithe rannpháirtíochta, d’fhonn na cleachtais is fearr a shainaithint;
comhairle agus cúnamh a thabhairt i réimsí amhail tithíocht, acmhainn cothabhála, treoir riaracháin agus dlíthiúil, sláinte, cúram síceolaíoch agus sóisialta, cúram leanaí agus athaontú teaghlaigh;
gníomhaíochtaí chun náisiúnaigh tríú tíortha a thabhairt isteach sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí a chuireann ar a gcumas dul i dtaithí uirthi, chun iad a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí, chun a bheith rannpháirteach sa saol sibhialta agus cultúrtha agus chun na luachanna atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhroinnt;
bearta lena ndírítear ar oideachas agus ar oiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga agus réamhghníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú;
gníomhaíochtaí atá ceaptha chun féinchumhachtú a chur chun cinn agus chun cur ar chumas na náisiúnach tríú tíortha a gcuid a shaothrú;
gníomhaíochtaí lena gcuirtear teagmháil fhóinteach agus idirphlé cuiditheach idir náisiúnaigh tríú tíortha agus an tsochaí ghlactha chun cinn agus gníomhaíochtaí chun an dóigh a nglacann an tsochaí ghlactha leo a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na meán cumarsáide;
gníomhaíochtaí a chuireann chun cinn comhionannas rochtana agus torthaí maidir leis na déileálacha a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha le seirbhísí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear na seirbhísí a chur in oiriúint chun déileáil le náisiúnaigh tríú tíortha;
forbairt acmhainní na dtairbhithe a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, lena n-áirítear trí thaithí, trí na cleachtais is fearr, agus trí líonrú a mhalartú.
Airteagal 10
Comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
straitéisí a chuireann imirce dhleathach chun cinn a fhorbairt d’fhonn forbairt agus cur chun feidhme nósanna imeachta solúbtha maidir le ligean isteach a éascú;
tacú le comhar idir tríú tíortha agus na gníomhaireachtaí earcaíochta, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí inimirce na mBallstát, chomh maith le tacú le Ballstáit agus dlí imirce an Aontais á chur chun feidhme acu, le próisis chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara ábhartha agus comhairle na saineolaithe nó malartuithe faisnéise maidir le cineálacha cur chuige lena ndíreofar ar náisiúntachtaí ar leith nó ar chatagóirí ar leith de náisiúnaigh tríú tíortha i ndáil le riachtanais mhargaí an tsaothair;
acmhainn na mBallstát a neartú chun a straitéisí, a mbeartais agus a mbearta imirce a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar fud leibhéil éagsúla agus ranna éagsúla na riarachán, go háirithe feabhas a chur ar a gcumas chun sonraí agus staidreamh mionsonraithe agus córasacha maidir le nósanna imeachta agus sreabha imirce agus ceadanna cónaithe agus forbairt uirlisí faireacháin, scéimeanna meastóireachta, táscairí agus tagarmharcáil chun tomhas a dhéanamh ar mhórghníomhartha na straitéisí sin a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh orthu;
oiliúint na dtairbhithe a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus oiliúint na bhfoirne a bhfuil seirbhísí poiblí agus príobháideacha á gcur ar fáil acu, lena n-áirítear institiúidí oideachais, malartú taithí agus na gcleachtas is fearr, comhar, líonrú agus inniúlachtaí idirchultúrtha a chur chun cinn, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil;
struchtúir inbhuanaithe eagraíochtúla a fhorbairt maidir le lánpháirtíocht agus bainistiú éagsúlachta, go háirithe trí bhíthin comhair idir páirtithe leasmhara éagsúla lena gcuirtear ar chumas oifigeach ar leibhéil éagsúla d’údaráis náisiúnta faisnéis a ghnóthú go tapa maidir le taithí agus leis na cleachtais is fearr in áiteanna eile agus, más féidir, acmhainní a chomhthiomsú idir na húdaráis ábhartha agus idir comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha chun go bhféadfaí seirbhísí a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tíortha ar bhealach níos éifeachtaí, inter alia, trí ionaid ilfhreastail (i.e. ionaid chomhordaithe um thacaíocht maidir le lánpháirtíocht);
cur le próiseas dinimiciúil dhá bhealach idirghníomhaíochta frithpháirtí, a bheadh mar bhonn le straitéisí maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach trí fhorbairt a dhéanamh ar ardáin chun dul i gcomhairle le náisiúnaigh tríú tíortha, faisnéis a mhalartú i measc páirtithe leasmhara agus ar ardáin idirphlé idirchultúrtha agus reiligiúnaigh idir pobail na náisiúnach tríú tíortha idir na pobail sin agus an tsochaí ghlactha agus/nó idir na pobail sin agus údaráis cheaptha beartais agus údaráis chinnteoireachta;
gníomhaíochtaí chun an comhar praiticiúil idir údaráis ábhartha na mBallstát a chur chun cinn agus a neartú, agus béim, inter alia, á leagan ar fhaisnéis, ar na cleachtais is fearr agus ar straitéisí a mhalartú agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun sláine na gcóras inimirce sna Ballstáit a chosaint.
CAIBIDIL IV
FILLEADH
Airteagal 11
Bearta a ghabhann le nósanna imeachta maidir le filleadh
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le bearta a ghabhann le nósanna imeachta maidir le filleadh, díreofar leis an gCiste ar cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na náisiúnach tríú tíortha a leanas:
náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfuil cinneadh críochnaitheach diúltach faighte acu go fóill maidir lena n-iarratas ar fhanacht, lena gcónaí dlíthiúil agus/nó le cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, agus a fhéadfaidh rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as filleadh deonach;
náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead fanachta acu, cónaí orthu go dlíthiúil agus/nó cosaint idirnáisiúnta acu de réir bhrí Threoir 2011/95/AE, nó a bhfuil cosaint shealadach acu de réir bhrí Threoir 2001/55/CE i mBallstát, agus a roghnaíonn leas a bhaint as filleadh deonach;
náisiúnaigh tríú tíortha atá i mBallstát agus nach gcomhlíonann na coinníollacha iontrála a thuilleadh agus/nó a fhanann i mBallstát, lena n-áirítear na náisiúnaigh tríú tíortha sin nach bhfuiltear chun fáil réidh leo, ós rud é go bhfuil sin curtha siar, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 14(1) de Threoir 2008/115/CE.
Sa chomhthéacs seo, tacófar leis an gCiste, go háirithe, na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar na catagóirí daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
bearta malartacha ar choinneáil a thabhairt isteach, a fhorbairt agus a fheabhsú;
cúnamh sóisialta, faisnéis nó cúnamh le foirmiúlachtaí riaracháin agus/nó foirmiúlachtaí breithiúnacha agus faisnéis nó comhairleoireacht a sholáthar;
cúnamh dlíthiúil agus cúnamh teanga a sholáthar;
cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha;
córais neamhspleácha agus éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfilleadh éigeantach a thabhairt isteach agus a fheabhsú, mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE é;
bonneagar, seirbhísí agus coinníollacha maidir le cóiríocht, glacadh nó coinneáil a bhunú, a chothabháil agus a fheabhsú;
struchtúir riaracháin agus córais a bhunú, lena n-áirítear uirlísí TF;
oiliúint foirne chun nósanna imeachta rianúla agus éifeachtacha maidir le filleadh a áirithiú, lena n-áirítear bainistiú agus cur chun feidhme na nósanna imeachta sin.
Airteagal 12
Bearta maidir le filleadh
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a shainítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, i ndáil le bearta maidir le filleadh, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:
bearta atá riachtanach chun oibríochtaí maidir le filleadh a ullmhú, amhail na cinn lena bhféadfaí náisiúnaigh tríú tíortha a shainaithint, doiciméid taistil a eisiúint agus teaghlach a lorg;
comhar le húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce na dtríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a fháil, aisdúichiú a éascú agus athligean isteach a áirithiú;
bearta maidir le filleadh deonach cuidithe, lena n-áirítear scrúduithe agus cúnamh leighis, socruithe taistil, ranníocaíochtaí airgeadais, comhairleoireacht agus cúnamh roimh dóibh filleadh agus ina dhiaidh;
oibríochtaí um fháil réidh, lena n-áirítear bearta gaolmhara, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, cé is moite de threalamh comhéigneach;
bearta chun tús a chur le dul chun cinn an lánpháirtithe i leith fhorbairt phearsanta an teifigh fillte, amhail dreasachtaí airgid, oiliúint, socrúchán agus cúnamh fostaíochta agus tacaíocht tosaithe i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha;
áiseanna agus seirbhísí i dtríú tíortha a áirithíonn cóiríocht shealadach agus glacadh iomchuí ar shroicheadh áite dóibh;
cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha.
Airteagal 13
Comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní
Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:
gníomhaíochtaí chun an comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise idir na seirbhísí maidir le filleadh agus údaráis eile na mBallstát atá rannpháirteach san fhilleadh a chur chun cinn, a fhorbairt agus a neartú, lena n-áirítear comhar le húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce na dtríú tíortha agus oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh;
gníomhaíochtaí chun tacú le comhar idir tríú tíortha agus seirbhísí maidir le filleadh ó Bhallstáit, lena n-áirítear bearta lena ndíreofar ar chumais na dtríú tíortha chun na gníomhaíochtaí maidir le hathligean isteach agus le hath-lánpháirtiú a stiúradh, go háirithe faoi chuimsiú na gcomhaontuithe um athligean isteach;
gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn an cumas beartais maidir le filleadh atá éifeachtach agus inbhuanaithe a fhorbairt, go háirithe trí fhaisnéis faoin staid i dtíortha a bhfillte agus na cleachtais is fearr a mhalartú, trí thaithí a roinnt agus acmhainní a chomhthiomsú idir Ballstáit;
gníomhaíochtaí a fheabhsóidh na nithe seo leanas: an cumas chun staidreamh agus sonraí mionsonraithe agus córasacha i ndáil le nósanna imeachta agus bearta maidir le filleadh a bhailiú, a scaipeadh agus a anailísiú; na cumais maidir le glacadh agus coinneáil, maidir le filleadh deonach agus éigeantach agus maidir le faireachán agus ath-lanpháirtiú;
gníomhaíochtaí a chuireann go díreach le meastóireacht a dhéanamh ar bheartais maidir le filleadh, amhail measúnuithe náisiúnta tionchair, suirbhéanna i measc spriocghrúpaí, forbairt táscairí agus tagarmharcála;
bearta agus feachtais faisnéise i dtríú tíortha lena ndírítear ar an bhfeasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha inimirce iomchuí agus na riocaí a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach.
CAIBIDIL V
CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 14
Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme
Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí bhíthin na modhanna seo a leanas:
cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 19;
gníomhaíochtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 20;
cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 21;
Gréasán Imirce na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 22;
cúnamh teicniúil, i gcomhréir le hAirteagal 23.
Gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais arb é an phríomhthagairt é go táscach mar seo leanas:
EUR 2 752 milliún do chláir náisiúnta na mBallstát;
EUR 385 milliún do ghníomhaíochtaí an Aontais, do chúnamh éigeandála, do Ghréasán Imirce na hEorpa agus do chúnamh teicniúil an Choimisiúin agus a gcuirfear 30 % de ar a laghad chun úsáide do ghníomhaíochtaí an Aontais agus Ghréasán Imirce na hEorpa.
Airteagal 15
Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit
Leithdháilfear suim EUR 2 752 milliún ar na Ballstáit go táscach mar leanas:
leithdháilfear EUR 2 392 milliún mar a léirítear in Iarscríbhinn I. Déanfaidh na Ballstáit 20 % ar a laghad de na hacmhainní sin a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus 20 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2). Ní fhéadfaidh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin ach amháin i gcás ina gcuirtear míniú mionsonraithe isteach sa chlár náisiúnta lena léiriú cén fáth nach gcuirtear réadú an chuspóra i mbaol má leithdháiltear acmhainní faoi bhun an leibhéil sin. Maidir leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) ní thitfidh na Ballstáit sin atá i dtreis le heasnaimh struchtúracha i réimse na cóiríochta, an bhonneagair agus seirbhísí faoi bhun an íoschéatadáin a leagtar síos sa Rialachán seo;
leithdháilfear EUR 360 milliún ar bhonn an tsásra leithdháilte le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 16, le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 17 agus le haghaidh tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile dá dtagraítear in Airteagal 18.
Tacóidh an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 leo seo a leanas:
gníomhaíochtaí sonracha atá liostaithe in Iarscríbhinn II;
Clár Athlonnaithe an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17 agus/nó aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 18.
Airteagal 16
Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha
Airteagal 17
Acmhainní le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais
Déanfar comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bhunú ar na catagóirí ginearálta daoine a leanas:
daoine ó thír nó ó réigiún atá ainmnithe chun Clár Cosanta Réigiúnach a chur chun feidhme;
daoine ó thír nó ó réigiún atá sainaitheanta i réamhaisnéis athlonnaithe UNHCR agus i gcás ina mbeadh tionchar suntasach ag comhghníomhaíocht an Aontais maidir le dul i ngleic leis na riachtanais chosanta;
daoine a bhaineann le catagóir ar leith a thagann faoi chuimsiú chritéir athlonnaithe UNHCR.
Beidh na grúpaí de na daoine leochaileacha seo a leanas incháilithe freisin don chnapshuim dá bhforáiltear i mír 2:
mná agus leanaí i mbaol;
mionaoisigh neamhthionlactha;
daoine ag a bhfuil riachtanais leighis nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ach amháin trí bhíthin iad a athlonnú;
daoine a bhfuil athlonnú éigeandála nó athlonnú práinneach de dhíth orthu mar gheall ar riachtanais maidir le cosaint dlí nó le cosaint fhisiciúil, lena n-áirítear íospartaigh fhoréigin nó céasta.
Airteagal 18
Acmhainní le haghaidh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó aistriú tairbhithe cosanta idirnáisiúnta
Maidir le méideanna a eascraíonn as na bearta sealadacha a bhunaítear le Cinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle ( 3 ) agus le Cinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle ( 4 ), d'fhonn dlúthpháirtíocht a fheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE, déanfaidh na Ballstáit 20 % ar a laghad de na méideanna sin a leithdháileadh do ghníomhaíochtaí faoi na cláir náisiúnta, le haghaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a aistriú, le haghaidh athlonnaithe nó iontrálacha daonnúla ad-hoc eile, agus le haghaidh bearta ullmhúcháin maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistriú i ndiaidh dóibh teacht isteach san Aontas, lena n-áirítear ar muir, nó le haghaidh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a aistriú. Ní áireofar ar bhearta den sórt sin aon bhearta a bhaineann le coinneáil. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát acmhainní faoin íoschéatadán sin a athghealladh nó a aistriú, ní fhéadfar méid an difir idir an méid a rinneadh a athghealladh nó a aistriú agus an t-íoschéatadán a aistriú chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta.
Airteagal 19
Cláir náisiúnta
Faoi na cláir náisiúnta a dhéanfar a scrúdú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfaidh na Ballstáit, faoi na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus aird á tabhairt ar an toradh a bhí ar an bplé dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, na cuspóirí seo a leanas a shaothrú go háirithe:
treisiú le bunú an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh trí chur i bhfeidhm éifeachtúil agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le tearmann agus dea-fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a áirithiú. D’fhéadfadh go n-áireofaí ar na gníomhaíochtaí sin freisin bunú agus forbairt Chlár Athlonnaithe an Aontais;
straitéisí maidir le lánpháirtíocht a bhunú agus a fhorbairt, lena gcuimsítear gnéithe éagsúla den phróiseas dinimiciúil dhá bhealach, a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta/áitiúil/réigiúnach, i gcás inarb iomchuí, agus na riachtanais a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar na riachtanais shonracha a bhíonn ag catagóirí éagsúla imirceach agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha á bhforbairt idir geallsealbhóirí ábhartha;
clár um fhilleadh a fhorbairt, lena n-áireofar gné maidir le filleadh deonach cuidithe agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le hath-lánpháirtiú.
Airteagal 20
Gníomhaíochtaí an Aontais
Chun a bheith incháilithe do chistiúchán, tacóidh gníomhaíochtaí an Aontais leis na nithe seo a leanas go háirithe:
dlús a chur le comhar an Aontais i ndáil le dlí an Aontais a chur chun feidhme agus leis na cleachtais is fearr a chomhroinnt i réimse an tearmainn, go háirithe maidir le hathlonnú agus le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, lena n-áirítear trí líonrú agus faisnéis a mhalartú, maidir le imirce dhleathach, maidir le náisiúnaigh ó thríú tíortha a lánpháirtiú, lena n-áirítear tacú leo ar a dteacht isteach agus gníomhaíochtaí comhordúcháin a threiseoidh lena n-athlonnú i bpobail áitiúla a chuirfidh fáilte roimh dhídeanaithe athlonnaithe ina measc, agus maidir le filleadh;
líonraí comhair trasnáisiúnta agus treoirthionscadail thrasnáisiúnta a chur ar bun, lena n-áirítear tionscadail nuálacha, bunaithe ar chomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir comhlachtaí atá suite in dhá Bhallstát nó níos mó agus a ceapadh chun nuálaíocht a spreagadh agus chun malartuithe taithí agus na gcleachtas is fearr a éascú;
staidéir agus taighde ar fhoirmeacha nua, a d’fhéadfadh a bheith ann, de chomhar an Aontais sa réimse maidir le tearmann, imirce, lánpháirtíocht agus filleadh agus dlí ábhartha an Aontais, maidir le scaipeadh agus malartú faisnéise faoi na cleachtais is fearr agus gach gné eile de bheartais an tearmainn, na hinimirce, na lánpháirtíochta agus an fhillte lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach i leith thosaíochtaí polaitiúla an Aontais;
forbairt agus cur i bhfeidhm uirlisí, modhanna agus comhtháscairí staidrimh a dhéanfaidh na Ballstáit chun forbairtí beartais a thomhas i réimse an tearmainn, na himirce dleathaí, na lánpháirtíochta agus an fhillte;
bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus tacaíochta teicniúla agus sásra meastóireachta a fhorbairt atá riachtanach chun na beartais maidir le tearmann agus imirce a chur chun feidhme;
an comhar le tríú tíortha ar bhonn Chur Chuige Domhanda an Aontais i leith na hImirce agus na Soghluaisteachta, go háirithe laistigh den chreat chun comhaontuithe um athligean isteach, Comhpháirtíochtaí Soghluaisteachta agus Cláir Chosanta Réigiúnacha a chur chun feidhme;
bearta agus feachtais faisnéise i dtríú tíortha lena ndírítear ar an bhfeasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha inimirce iomchuí agus na rioscaí a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach.
Airteagal 21
Cúnamh éigeandála
Airteagal 22
Gréasán Imirce na hEorpa
Leasaítear Cinneadh 2008/381/CE mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d’Airteagal 4(5):
an dréacht-chlár oibre gníomhaíochtaí a ullmhú agus a fhormheas, go háirithe maidir leis na cuspóirí agus leis na tosaíochtaí téamacha agus maidir le méid táscach an bhuiséid do gach Pointe Teagmhála Náisiúnta chun feidhmiú ceart EMN a áirithiú, ar bhonn dréachta ón gCathaoirleach.”;
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
scriostar mír 5 go mír 8;
scriostar Airteagal 11;
scriostar Airteagal 12.
Airteagal 23
Cúnamh teicniúil
Airteagal 24
Comhordú
Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí an Aontais. Áiritheoidh siad, go háirithe, go mbeidh an méid a leanas fíor i leith na ngníomhaíochtaí sin:
beidh siad comhtháiteach le beartas seachtrach an Aontais, urramaítear leo prionsabal an chomhchuibhis beartais le haghaidh forbartha agus beidh siad comhleanúnach leis na doiciméid clársceidealaithe straitéiseacha don réigiún nó don tír a bheidh i dtrácht;
díreofar leo ar bheartas nach bhfuil dírithe ar fhorbairt;
rachaidh siad chun leasa bheartais inmheánacha an Aontais agus beidh siad comhsheasmhach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar laistigh den Aontas.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 25
Forálacha sonracha a bhaineann le cnapshuimeanna chun ►M1 iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ◄ a athlonnú agus a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile
De mhaolú ar na rialacha maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a leagtar síos in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, go háirithe i dtaca leis na cnapshuimeanna agus leis na rátaí comhréidhe; maidir leis na cnapshuimeanna a leithdháilfear ar na Ballstáit chun ►M1 iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ◄ a athlonnú agus/nó a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin seo:
beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid nach mór dóibh bheith bunaithe ar shonraí staidrimh nó stairiúla; agus
deonófar iad ar an gcoinníoll go ndearnadh an duine lena mbaineann leithdháileadh na cnapshuime a athlonnú ar bhealach éifeachtach agus/nó a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 26
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 27
An nós imeachta coiste
Airteagal 28
Athbhreithniú
Ar bhonn togra ón gCoimisiún, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.
Airteagal 29
Infheidhmeacht Rialachán (AE) Uimh. 514/2014
Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an gCiste, gan dochar d’Airteagal 4 den Rialachán seo.
Airteagal 30
Aisghairm
Déantar Cinneadh Uimh. 573/2007/CE, Cinneadh Uimh. 575/2007/CE agus Cinneadh 2007/435/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.
Airteagal 31
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 32
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.
IARSCRÍBHINN I
Miondealuithe ilbhliantúla de réir Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2014-2020 (in EUR)
An Ballstát |
Íosmhéid |
Meán % leithdháiltí 2011-2013 ERF+IF+RF |
Meánshuim 2011-2013 |
IOMLÁN |
AT |
5 000 000 |
2,65 % |
59 533 977 |
64 533 977 |
BE |
5 000 000 |
3,75 % |
84 250 977 |
89 250 977 |
BG |
5 000 000 |
0,22 % |
5 006 777 |
10 006 777 |
CY |
10 000 000 |
0,99 % |
22 308 677 |
32 308 677 |
CZ |
5 000 000 |
0,94 % |
21 185 177 |
26 185 177 |
DE |
5 000 000 |
9,05 % |
203 416 877 |
208 416 877 |
EE |
5 000 000 |
0,23 % |
5 156 577 |
10 156 577 |
ES |
5 000 000 |
11,22 % |
252 101 877 |
257 101 877 |
FI |
5 000 000 |
0,82 % |
18 488 777 |
23 488 777 |
FR |
5 000 000 |
11,60 % |
260 565 577 |
265 565 577 |
GR |
5 000 000 |
11,32 % |
254 348 877 |
259 348 877 |
HR |
5 000 000 |
0,54 % |
12 133 800 |
17 133 800 |
HU |
5 000 000 |
0,83 % |
18 713 477 |
23 713 477 |
IE |
5 000 000 |
0,65 % |
14 519 077 |
19 519 077 |
IT |
5 000 000 |
13,59 % |
305 355 777 |
310 355 777 |
LT |
5 000 000 |
0,21 % |
4 632 277 |
9 632 277 |
LU |
5 000 000 |
0,10 % |
2 160 577 |
7 160 577 |
LV |
5 000 000 |
0,39 % |
8 751 777 |
13 751 777 |
MT |
10 000 000 |
0,32 % |
7 178 877 |
17 178 877 |
NL |
5 000 000 |
3,98 % |
89 419 077 |
94 419 077 |
PL |
5 000 000 |
2,60 % |
58 410 477 |
63 410 477 |
PT |
5 000 000 |
1,24 % |
27 776 377 |
32 776 377 |
RO |
5 000 000 |
0,75 % |
16 915 877 |
21 915 877 |
SE |
5 000 000 |
5,05 % |
113 536 877 |
118 536 877 |
SI |
5 000 000 |
0,43 % |
9 725 477 |
14 725 477 |
SK |
5 000 000 |
0,27 % |
5 980 477 |
10 980 477 |
UK |
5 000 000 |
16,26 % |
365 425 577 |
370 425 577 |
Iomláin na mBallstát |
145 000 000 |
100,00 % |
2 247 000 000 |
2 392 000 000 |
IARSCRÍBHINN II
Liosta na ngníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 16
Ionaid idirthurais agus phróiseála le haghaidh dídeanaithe a bhunú agus a fhorbairt san Aontas, go háirithe chun tacú le hoibríochtaí athlonnaithe i gcomhar le UNHCR.
Cineálacha nua cur chuige, i gcomhar le UNHCR, a bhaineann le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn a dhíríonn ar phríomhthíortha idirthurais amhail cláir chosanta le haghaidh grúpaí ar leith nó le nósanna imeachta áirithe maidir le hiarratais ar thearmann a iniúchadh.
Tionscnaimh chomhpháirteacha i measc na mBallstát i réimse na lánpháirtíochta, amhail cleachtaí tagarmharcála, athbhreithnithe piaraí nó tástáil modúl Eorpach, mar shampla maidir le sealbhú scileanna teanga nó maidir le cláir thosaigh a eagrú agus é mar aidhm feabhas a chur ar chomhordú na mbeartas idir Ballstáit, réigiúin agus údaráis áitiúla.
Tionscnaimh chomhpháirteacha lena ndírítear ar shainaithint agus ar chur chun feidhme cineálacha nua cur chuige a bhaineann leis na nósanna imeachta ag an gcéad teagmháil agus ar chaighdeáin chosanta agus ar chabhair do mhionaoisigh neamhthionlactha.
Oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le comhaontuithe an Aontais um athligean isteach a chur chun feidhme.
Tionscadail chomhpháirteacha maidir le lánpháirtíocht sna tíortha tionscnaimh ar mhaithe le filleadh inbhuanaithe, chomh maith le gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun cumais tríú tíortha maidir le cur chun feidhme chomhaontuithe an Aontais um athligean isteach a neartú.
Tionscnaimh chomhpháirteacha lena ndírítear ar theaghlaigh a aontú arís agus ar ath-lánpháirtiú mionaoiseach neamhthionlactha ina dtíortha tionscnaimh.
Tionscnaimh chomhpháirteacha idir Bhallstáit i réimse na himirce dlíthiúla, lena n-áirítear ionaid chomhpháirteacha imirce a bhunú i dtríú tíortha, agus tionscnaimh chomhpháirteacha chun comhar a chothú idir Bhallstáit d’fhonn úsáid cainéal eisiach imirce dlíthiúil a spreagadh agus eolas a thabhairt faoi na rioscaí a ghabhann le hinimirce mhídhleathach.
In Member States facing high or disproportionate migratory pressure, or both, the establishment, development and operation of adequate reception and accommodation and detention facilities, and respective services, for applicants for international protection or third-country nationals who are present in a Member State and do not or no longer fulfil the conditions for entry or stay, or both, as well as housing support for beneficiaries of international protection.
IARSCRÍBHINN III
Liosta chomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais
An Clár Cosanta Réigiúnach in Oirthear na hEorpa (an Bhealarúis, an Mholdóiv, an Úcráin).
An Clár Cosanta Réigiúnach i gCorn na hAfraice (Djibouti, an Chéinia, Éimin).
An Clár Cosanta Réigiúnach san Afraic Thuaidh (an Éigipt, an Libia, an Túinéis).
Dídeanaithe i réigiún Oirthear na hAfraice/na Mór-Lochanna.
Dídeanaithe Iarácacha sa tSiria, sa Liobáin, san Iordáin.
Dídeanaithe Iarácacha sa Tuirc.
Dídeanaithe Siriacha sa réigiún.
IARSCRÍBHINN IV
Liosta na gcomhtháscairí chun na cuspóirí sonracha a thomhas
Gach gné den Chomhchóras Tearmainn Eorpach a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear an diminsean seachtrach lena mbaineann.
Líon na ndaoine sa spriocghrúpa ar tugadh cúnamh dóibh trí thionscadail i réimse na gcóras glactha agus tearmainn a fhaigheann tacaíocht ón gCiste.
Chun críocha na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, deanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí amhail na cinn a leanas:
Cumas (i.e. líon na n-áiteanna) an bhonneagair nua cóiríochta glactha a cuireadh ar bun i gcomhréir leis na comhcheanglais do choinníollacha glactha a leagtar amach in acquis an Aontais agus i gcomhréir leis an mbonneagar cóiríochta glactha atá ann cheana ar cuireadh feabhas air i gcomhréir leis na ceanglais chéanna de bharr na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus an céatadán sa chumas cóiríochta glactha iomlán;
Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le tearmann le cúnamh ón gCiste, agus an líon sin léirithe mar chéatadán de líon iomlán den fhoireann a fuair oiliúint maidir leis na hábhair sin;
Líon na dtáirgí faisnéise ó thíortha tionscnaimh agus na misean aimsithe fíricí sna tíortha sin a tugadh fúthu le cúnamh ón gCiste;
Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste chun beartais tearmainn a fhorbairt agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu sna Ballstáit;
Líon na ndaoine a ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste.
Tacú le himirce dhleathach chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na riachtanas eacnamaíoch agus sóisialta atá acu, amhail riachtanais maidir le margadh an tsaothair, agus mí-úsáid imirce dleathaí a laghdú agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn.
Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a ghlac páirt i mbearta réamh-imeachta a fuair tacaíocht faoin gCiste;
Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a fuair cúnamh faoin gCiste; trí bhearta maidir le lánpháirtíocht faoi chuimsiú straitéisí náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha.
Chun críocha na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí amhail na cinn a leanas:
Líon na gcreatchlár/na mbeart/na n-uirlisí atá áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus atá ann ar mhaithe le náisiúnaigh tríú tíortha a lánpháirtiú agus a bhaineann leis an tsochaí shibhialta agus le comhphobail imirceach chomh maith leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, ar de thoradh iad ar na bearta a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste;
Líon na dtionscadal comhair le Ballstáit eile maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste a lánpháirtiú;
Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste chun beartais maidir le lánpháirtíocht a fhorbairt agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu sna Ballstáit.
Straitéisí córa agus éifeachtúla maidir le filleadh a fheabhsú sna Ballstáit a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus béim ar inbhuanaitheacht an fhillte agus ar athligean isteach éifeachtúil chuig na tíortha tionscnaimh agus chuig na tíortha idirthurais.
Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le filleadh agus a fhaigheann cúnamh ón gCiste;
Líon na dteifeach fillte a fuair cúnamh ath-lánpháirtithe roimh dóibh filleadh nó ina dhiaidh, ar cúnamh é a chómhaoinítear leis an gCiste;
Líon na dteifeach fillte ar chómhaoinigh an Ciste a bhfilleadh, ar daoine iad a d’fhill go toilteanach nó ar daoine iad a bhfuarthas réidh leo;
Líon na n-oibríochtaí um fháil réidh a ndearnadh faireachán orthu agus a ndearna an Ciste cómhaoiniú orthu;
Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste seo chun beartais maidir le filleadh a fhorbairt agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu sna Ballstáit.
An dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh.
Líon iarratasóirí agus tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le tacaíocht ón gCiste;
Líon na dtionscadal comhair leis na Ballstáit eile maidir le feabhas a chur ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste.
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).
( 2 ) Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12).
( 3 ) Cinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2015 lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige (IO L 239, 15.9.2015, lch 146).
( 4 ) Cinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2015 lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige (IO L 248, 24.9.2015, lch 80).