02014R0258 — GA — 01.01.2017 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 258/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014–2020 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 105 8.4.2014, lch. 1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/827 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Bealtaine 2017

  L 129

24

19.5.2017




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 258/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014–2020 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Bunaítear leis seo clár Aontais (an “Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí comhlachtaí a chuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach i ndáil le tuairisciú airgeadais agus le hiniúchóireacht.

2.  Cumhdaíonn an Clár gníomhaíochtaí maidir le hionchur a fhorbairt nó a sholáthar i ndáil le caighdeáin a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a mheasúnú nó faireachán a dhéanamh orthu, nó maoirseacht a dhéanamh ar phróisis maidir le caighdeáin a shocrú chun tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, arna gcur i gcrích ag Fondúireacht IFRS, ag EFRAG nó ag PIOB.

Airteagal 2

Cuspóir

Is é cuspóir an Chláir na dálaí a fheabhsú i gcomhair fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh trí thacú le forbairt thrédhearcach agus neamhspleách na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht.

Airteagal 3

Tairbhithe

1.  Tairbheoidh na tairbhithe seo a leanas faoin gClár:

(a) i réimse an tuairiscithe airgeadais:

▼M1

(i) EFRAG;

▼B

(ii) Fondúireacht IFRS;

(b) i réimse na hiniúchóireachta: PIOB.

2.  Na comhlachtaí sin a bhíonn ag oibriú i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, ar comhlachtaí iad a fhaigheann cistiúchán ón Aontas tríd an gClár, beidh dualgas cúraim orthu chun a neamhspleáchas féin a áirithiú agus a áirithiú go n-úsáidfear airgead poiblí le barainneacht agus le héifeachtúlacht, beag beann ar na sruthanna éagsúla cistiúcháin a d’fhéadfadh dul chun tairbhe dóibh.

Airteagal 4

Deontais a dhámhachtain

Soláthrófar maoiniú faoin gClár i bhfoirm deontas oibriúcháin a dhéanfar a dhámhachtain ar bhonn bliantúil.

Airteagal 5

Trédhearcacht

Tairbhí ar bith de chistiúchán a dhéanfar a dhámhachtain faoin gClár, léireoidh sé in áit fheiceálach, amhail laithreán gréasáin, foilseachán nó tuarascáil bhliantúil, go bhfuil cistiúchán faighte aige ó bhuiséad an Aontais agus miondealú ar fhigiúirí cistiúcháin eile ó fhoinsí malartacha.

Airteagal 6

Forálacha airgeadais

▼M1

1.  Is é EUR 57 007 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2014 go 2020.

▼B

2.  Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.  Is mar seo a leanas a bheidh an miondealú táscach den imchlúdach airgeadais a leagtar síos i mír 1 don triúr tairbhithe:

▼M1

(a) le haghaidh EFRAG: EUR 23 134 000 ;

▼B

(b) le haghaidh Fhondúireacht IFRS: EUR 31 632 000 ;

(c) le haghaidh PIOB: EUR 2 241 000 .

Airteagal 7

An Clár a chur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Deanfaidh gach clár oibre bliantúil cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme mar a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo, tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a) na torthaí a bhfuiltear ag súil leo;

(b) miondealú ar an mbuiséad in aghaidh an tairbhí, i gcomhréir leis na méideanna táscacha a leagtar síos in Airteagal 6(3).

Chun trédhearcacht a áirithiú, luafar freisin sa chlár oibre bliantúil, ar mhodh tagartha, an cuspóir a leagtar síos in Airteagal 2, an modh cur chun feidhme arna chinneadh in Airteagal 4 agus torthaí na dtuarascálacha.

Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre bhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 8

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchóireacht a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a bhfuil cistí de chuid an Aontais faighte acu faoin gClár.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach le cistiúchán den sórt sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 1 ) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh a bhaineann le cistiúchán Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, comhaontuithe deontais, agus cinntí deontais agus conarthaí a thig as cur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí den sórt sin, agus seiceálacha agus cigireachtaí den sórt sin ar an láthair a dhéanamh.

Airteagal 9

Meastóireacht

1.  Faoin 31 Márta 2014, cuirfidh an Coimisiún an chéad tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil leis na hathchóirithe rialachais is gá i réimse na cuntasaíochta agus na faisnéise airgeadais i leith ERFAG, agus, inter alia, na forbairtí á gcur san áireamh tar éis na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil an chomhairleora speisialta, agus i ndáil leis na céimeanna a bheidh glactha cheana ag EFRAG chun na hathchóirithe sin a chur chun feidhme.

2.  Faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le torthaí mheastóireacht an Choimisiúin ar Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí chun an Rialachán sin a leasú d’fhonn a fheidhmiú a fheabhsú, agus i ndáil leis na socruithe rialachais do na hinstitiúidí ábhartha go léir.

3.  Ó 2015, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil i ndáil le gníomhaíocht Fhondúireacht IFRS maidir le forbairt IFRS, PIOB agus EFRAG.

4.  Maidir le Fondúireacht IFRS, cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 a cuid gníomhaíochta agus go háirithe na prionsabail ghinearálta ar forbraíodh caighdeáin nua ina leith. Déanfaidh an tuarascáil measúnú freisin i dtaobh an gcuirtear i gcuntas go cuí le IFRS samhlacha gnó éagsúla, an bhfuil iarmhairtí iarbhír idirbheart eacnamaíoch á léiriú leo, nach bhfuil siad róchasta, agus an seachnaítear claontachtaí saorga gearrthéarmacha agus luaineachta leo.

Tar éis an Creat Coincheapúil athbhreithnithe a eisiúint, tabharfar aghaidh sa tuarascáil ar aon athruithe a tugadh isteach sa Chreat Coincheapúil, agus cuirfear béim ar leith ar choincheapa na stuamachta agus na hiontaofachta.

▼M1

4a.  Maidir le Fondúireacht IFRS agus IASB, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3, déanfar freisin measúnú ar a rialachas, go háirithe i dtéarmaí trédhearcachta, coinbhleachtaí leasa a chosc agus éagsúlacht na saineolaithe, agus ar na bearta a rinneadh chun ionadaíocht leathan leas agus cuntasacht phoiblí a áirithiú.

Ina theannta sin, d'fhonn ardchaighdeáin chuntasaíochta agus ardchaighdeáin trédhearcachta, chuntasachta agus ionraicis a áirithiú, déanfar gníomhaíochtaí arna ndéanamh laistigh d'Fhondúireacht IFRS a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu sa tuarascáil a bhaineann, inter alia, le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, plé oscailte le hinstitiúidí Eorpacha agus geallsealbhóirí éagsúla, rialacha maidir le trédhearcacht cruinnithe geallsealbhóirí, agus bunú clár trédhearcachta.

▼M1

5.  Maidir le PIOB agus a eagraíocht chomharba, cumhdófar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 forbairtí in éagsúlú cistiúcháin agus déanfar measúnú inti ar rannchuidiú obair PIOB le feabhsú cáilíochta iniúchóireachta, lena n-áirítear ionraiceas i ngairm na hiniúchóireachta. Má shroicheann an cistiúchán ó IFAC i mbliain ar leith níos mó ná dhá thrian de chistiúchán bliantúil iomlán PIOB, molfaidh an Coimisiún a ranníocaíocht bhliantúil don bhliain sin a theorannú go dtí uasmhéid EUR 300 000 .

▼B

6.  Maidir le EFRAG, cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 na nithe seo a leanas:

(a) an gcuirfear i gcuntas go cuí le EFRAG ina obair theicniúil ar chaighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta ceanglas Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, go háirithe, agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil IFRS nua nó leasaithe i gcomhréir le prionsabal an “léargais fhír agus chothroim” agus an gcuideoidh siad leis an leas poiblí Eorpach;

(b) cibé acu an soláthraítear le EFRAG ina obair theicniúil ar IFRS measúnú leormhaith i dtaobh an bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta, bídís ina ndréachtchaighdeáin, iad nua nó leasaithe, arna bhforbairt ag IASB, fianaise-bhunaithe, an bhfreagraíonn siad do riachtanais an Aontais, agus éagsúlacht na samhlacha cuntasaíochta agus eacnamaíochta agus na ndearcaí san Aontas á gcur i gcuntas; agus

(c) dul chun cinn EFRAG i gcur chun feidhme a athchóirithe rialachais, agus na forbairtí á gcur i gcuntas tar éis na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil an chomhairleora speisialta.

Mas iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach isteach chun go leanfar le maoiniú EFRAG tar éis an 31 Nollaig 2016.

▼M1

6a.  Maidir le EFRAG, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 déanfar measúnú ar an méid seo a leanas ó 2018 ar aghaidh:

(a) cé acu ar urramaíodh critéar an leasa phoiblí leathnaithe faoi mar a moladh i dtuarascáil an chomhairleora speisialta le linn phróiseas an fhormhuinithe a glacadh ar láimh le linn na bliana roimhe;

(b) cé acu an raibh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rannpháirteach ag céim luath agus caighdeáin um thuairisciú airgeadais á bhforbairt, go ginearálta, agus i bpróiseas an fhormhuinithe go háirithe;

(c) cé acu an bhfuil struchtúr maoiniúcháin EFRAG éagsúlaithe agus cothromaithe go leor ionas go bhfuil sé ar a chumas a mhisean maidir le leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil; agus

(d) rialachas EFRAG, go háirithe i dtéarmaí trédhearcachta, agus na bearta a rinneadh chun ionadaíocht leathan leas agus cuntasacht phoiblí a áirithiú.

Ina theannta sin, sainaithneofar agus déanfar measúnú inti na gníomhaíochtaí arna ndéanamh laistigh de EFRAG d'fhonn ardchaighdeáin cuntasachta daonlathaí, trédhearcachta agus ionraicis a áirithiú a bhaineann, inter alia, rochtain phoiblí ar dhoiciméid, plé oscailte le hinstitiúidí Eorpacha agus geallsealbhóirí éagsúla, cláir éigeantacha thrédhearcachta agus rialacha maidir le trédhearcacht cruinnithe geallsealbhóirí a bhunú mar aon le rialacha inmheánacha, go háirithe coinbhleacht leasanna a chosc.

▼B

7.  Tarchuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain.

8.  Tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag roimh dheireadh an Chláir, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i gcrích chuspóir an Chláir. Déanfaidh an tuarascáil sin ábharthacht fhoriomlán agus comhleanúnachas foriomlán an Chláir a mheas mar aon le héifeachtacht a fheidhmithe agus éifeachtacht fhoriomlán agus aonair chlár oibre na dtairbhithe i dtéarmaí an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach.

9.  Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar aghaidh chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar eolas.

Airteagal 10

Aisghairm

Déanfar Treoir Uimh. 716/2009/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).