02013R1305 — GA — 30.06.2022 — 012.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1305/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2013 (IO L 347 20.12.2013, lch. 487) |
Arna leasú le:
Arna cheartú le:
|
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1305/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Nollaig 2013
maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005
TEIDEAL I
CUSPÓIRÍ AGUS STRAITÉIS
CAIBIDIL I
Ábhar agus Sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
Airteagal 2
Sainmhínithe
Fairis sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn "clársceidealú" an próiseas maidir le heagrú, cinnteoireacht agus na hacmhainní airgeadais a leithdháileadh de réir céimeanna éagsúla i bpáirt leis na comhpháirtithe arb é an aidhm atá ann gníomhaíocht chomhpháirteach an Aontais agus na mBallstát a chur chun feidhme, ar bhonn ilbhliantúil, chun tosaíochtaí an Aontais i ndáil le forbairt tuaithe a bhaint amach.
ciallaíonn "réigiún" aonad críochach a fhreagraíonn do leibhéal 1 nó 2 d'Ainmníocht na n-aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS leibhéal 1 agus 2) de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ( 2 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.;
ciallaíonn "beart" sraith oibríochtaí a thacaíonn le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe;
ciallaíonn "ráta tacaíochta" ráta na ranníocaíochta poiblí d'oibríocht;
'costas idirbhirt': ciallaíonn "costas idirbhirt" costas sa bhreis a bhaineann le gealltanas a chomhlíonadh, ach nach bhfuil inchurtha go díreach leis na costais bhreise nó leis an ioncam ligthe ar ceal a bhfaightear cúiteamh ina leith go díreach agus gur féidir a ríomh ar bhonn costas caighdeánach;
ciallaíonn "limistéar talmhaíochta" aon limistéar atá in úsáid mar thalamh arúil, mar fhéarthailte buan a agus mar fhéarach buan nó le haghaidh barr buan mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;
ciallaíonn "caillteanas eacnamaíocha" aon chostas breise arna thabhú ag feirmeoir mar thoradh ar bhearta eisceachtúla arna nglacadh ag an bhfeirmeoir chun soláthar ar an margadh lena mbaineann a laghdú nó aon chaillteanas suntasach táirgeachta;
ciallaíonn "teagmhas díobhálach aeráide" an aimsir, amhail sioc, stoirmeacha agus clocha sneachta, oighear, báisteach throm nó triomach dian a d'fheadfadh a bheith ina cuid de thubaiste nádúrtha;
ciallaíonn "galair ainmhithe" galair atá luaite sa liosta galar ainmhithe a bhunaítear ag an Eagraíocht Domhanda um Shláinte Ainmhithe nó san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle ( 3 );
ciallaíonn "teagmhas comhshaoil" imeacht sonrach trína dtarlaíonn éilliú, truailliú, nó díghrádú do cháilíocht an chomhshaoil a bhaineann le teagmhas ar leith agus a bhfuil raon feidhme geografach teoranta aiciach ní chuimsíonn sé rioscaí ginearálta comhshaoil nach bhfuil baint acu le hócáid ar leith, amhail athrú aeráide nó truailliú an atmaisféir;
ciallaíonn "tubaiste nádúrtha" teagmhas a tharlaíonn go nádúrtha de chineál bitheach nó aibitheach as a dtagann suaití ar chórais táirgthe talmhaíochta nó ar struchtúir foraoisí, a bheadh ina chúis faoi dheoidh le dochar suntasach eacnamaíoch d'earnálacha na talmhaíochta nó na foraoiseachta;
ciallaíonn "teagmhas turraingeach" teagmhas gan choinne de chineál bitheach nó aibitheach a tharlaíonn de thoradh gníomhaíocht dhaonna de chineál bitheach nó aibitheach as a thagann suaití ar chórais táirgthe talmhaíochta nó ar struchtúir foraoisí, a bheadh ina chúis le dochar suntasach eacnamaíoch d'earnálacha na feirmeoireachta nó na foraoiseachta;
"slabhra soláthair gairid": ciallaíonn slabhra soláthair ghairide lena mbaineann líon teoranta oibreoirí eacnamaíocha, atá tiomanta do chomhar, d'fhorbairt eacnamaíoch áitiúil, agus do dlúthchaidreamh geografach agus sóisialta idir táirgeoirí, próiseálaithe agus tomhaltóirí;
ciallaíonn "feirmeoir óg" duine nach bhfuil níos mó ná 40 bliain d'aois aige nó aici an t-am a gcuirtear isteach an t-iarratas, a bhfuil scileanna ceirde agus inniúlacht leordhóthanach aige nó aici agus atá ag bunú den chéad uair i ngabháltas talmhaíochta mar cheann an ghabháltais sin; Féadfar an bunú a dhéanamh go haonarach nó i gcomhpháirt, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, le feirmeoirí eile;
ciallaíonn "cuspóirí téamacha" na cuspóirí téamacha arna sainiú in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
ciallaíonn an "Comhchreat Straitéiseach" ('CCS') an Comhchreat Straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013;
ciallaíonn "braisle" grúpáil de ghnóthais neamhspleácha, lena n-áirítear- gnóthais nuathionscanta, bheaga, mheánmhéide agus mhóra mar aon le comhlachtaí comhairliúcháin agus nó eagraíochtaí taighde - agus a dheartar chun gníomhaíocht eacnamaíoch/núálach a spreagadh trí idirghníomhaíocht dhian a chur chun cinn, áiseanna a roinnt agus eolas agus saineolas a mhalartú agus trí rannchuidiú le faisnéis a thraschur, le líonrú agus le faisnéis a scaipeadh i measc na ngnóthas sa bhraisle ar bhealach éifeachtach;
ciallaíonn "foraois" limistéar talún lena gcuimsítear níos mó ná 0,5 heicteár ar a bhfuil crainn níos airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair níos mó ná 10 faoin gcéad, nó crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ agus ní chuimsítear talamh léi atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíocha nó faoi úsáid mar thalamh uirbeach, faoi réir mhír 1a;
ciallaíonn "dáta an bhunaithe" an dáta a ndéanann an t-iarrthóir nó a gcríochnaíonn an t-iarrthóir gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbunú dá dtagraítear i bpointe (n).
CAIBIDIL II
Misean, cuspóirí, tosaíochtaí agus comhsheasmhacht
Airteagal 3
Misiún
Cuirfidh CETFT le an straitéis Eoraip 2020 trí fhorbairt inbhuanaithe tuaithe a chur chun cinn ar fud an Aontais ar bhealach a chomhlánaíonn ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta CBT, an beartas ar chomhtháthaithe agus an comhbheartas iascaigh. Cuideoidh sé le hearnáil talmhaíochta san Aontas a fhorbairt a bheidh níos cothromaithe ó thaobh críche agus comhshaoil de, níos neamhdhíobhálaí don aeráid agus níos athléimní, níos iomaíche agus níos nuálaí. Rannchuideoidh sé freisin le críocha tuaithe a fhorbairt.
Airteagal 4
Cuspóirí
Laistigh de chreat foriomlán CBT, cabhróidh an tacaíocht a thabharfar d'fhorbairt tuaithe, lena n-áirítear do ghníomhaíochtaí in earnáil an bhia, san earnáil neamhbhia agus san fhoraoiseacht, le baint amach na gcuspóirí seo a leanas:
iomaíochas na talmhaíochta a chothú;
bainistiú inbhuanaithe a áirithiú ar acmhainní nádúrtha, agus gníomhaíocht ar son na haeráide;
forbairt chríochach chothromaithe a bhaint amach ar gheilleagair thuaithe agus ar chomhphobail tuaithe lena n-áirítear fostaíocht a chruthú agus a choinneáil.
Airteagal 5
Tosaíochtaí Eorpacha um fhorbairt tuaithe
Déanfar na cuspóirí maidir le forbairt tuaithe, a chuidíonn leis an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, a bhaint amach trí na sé thosaíocht seo a leanas, ar thosaíochtaí de chuid an Aontais maidir le forbairt tuaithe iad, a chuimsíonn Cuspóirí Téamacha CCS:
aistriú eolais agus nuálaíocht sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i limistéir thuaithe a chothú, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:
an nuáil, an comhar agus forbairt an bhoinn eolais a chothú i limistéir thuaithe;
na naisc idir an talmhaíocht, táirgeadh bia agus an fhoraoiseacht agus an taighde agus an nuálaíocht a neartú, lena n-áirítear chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an gcomhshaol agus chun go mbeidh feidhmíocht níos fearr ó thaobh an chomhshaoil de ann;
foghlaim ar feadh an tsaoil agus gairmoiliúint in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chothú.
cur le hinmharthanacht feirmeacha agus le hiomaíochas gach cineál talmhaíochta i ngach réigiún agus teicneolaíochtaí nuálaíocha feirmeacha a chur chun cinn, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:
cur le feidhmíocht eacnamaíoch na bhfeirmeacha uile agus athstruchtúrú agus nuachóiriú feirmeacha a éascú, go sonrach d'fhonn cur le rannpháirtíocht agus le treoshuíomh an mhargaidh mar aon le héagsúlú talmhaíochta;
éascú a dhéanamh ar fheirmeoirí atá oilte a ndóthain a bheith ag dul isteach in earnáil na feirmeoireachta agus go háirithe athnuachan glúine.
eagrúchán biashlabhra, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a mhargú, leas na n-ainmhithe agus bainistíocht riosca sa talmhaíocht a chur chun cinn, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:
cur lena iomaíche atá táirgeoirí tosaigh trína lánpháirtiú níos fearr san agra-bhiashlabhra trí scéimeanna cáilíochta, trí luach a chur le táirgí talmhaíochta, trí chur chun cinn i margaí áitiúla agus ciorcad soláthair gairid, grúpaí agus eagraíochtaí do tháirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe;
tacú le riosca feirme a chosc agus a bhainistiú.
éiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht a athshlánú, a bhuanú agus cur leo, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:
bithéagsúlacht agus riocht thírdhreacha na hEorpa lena n-áirítear i limistéir Natura 2000, limistéir a bhfuil bacainní nádúrtha nó bacainní sonracha eile ag baint leo agus feirmeoireacht a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra uirthi, a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú;
feabhas a chur ar bhainistiú uisce, lena n-áirítear bainistiú leasacháin agus lotnaicídí;
creimeadh ithreach a chosc agus feabhas a chur ar bhainistiú ithreach.
éifeachtúlacht acmhainní agus an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin agus atá athléimneach ó thaobh aeráide de a chur chun cinn in earnálacha na talmhaíochta agus an bhia agus in earnáil na foraoiseachta, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:
éifeachtúlacht úsáide uisce sa talmhaíocht a mhéadú;
éifeachtúlacht úsáide fuinnimh sa talmhaíochta agus sa phróiseáil bia a mhéadú;
soláthar agus úsáid acmhainní in-athnuaite fuinnimh, seachtháirgí, cineálacha dramhaíola agus iarmhair agus amhábhar neamhbhia eile a éascú chun críocha an bhithgheilleagair;
astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus amóinia ón talmhaíocht a laghdú;
caomhnú agus ceapadh carbóin sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht a chothú;
cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch i limistéir thuaithe a chur chun cinn, ag díriú ar na réimsí seo a leanas:
éagsúlú a éascú, fiontair bheaga a chruthú agus a fhorbairt agus cruthú post;
forbairt áitiúil i limistéir thuaithe a chothú;
feabhas a chur le hinrochtaineacht, úsáid agus cáilíocht teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) i limistéir thuaithe.
Cuirfidh na tosaíochtaí sin go léir le cuspóirí trasnaí maidir le nuálaíocht, comhshaol agus maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin. Féadfar aghaidh a thabhairt ar níos lú ná sé thosaíocht má tá bonn cirt leo bunaithe ar anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna, bagairtí ("SWOT") agus ar mheastóireacht ex ante. Tabharfar aghaidh ar cheithre thosaíocht ar a laghad i ngach clár. Nuair a chuirfidh Ballstát clár náisiúnta agus sraith de chláir réigiúnacha isteach, féadfar aghaidh a thabhairt ar níos lú ná ceithre thosaíocht leis an gclár.
Féadfar réimsí tosaíochtaí eile a áireamh i gcláir d'fhonn iarracht a dhéanamh ceann de na tosaíochtaí a bhaint amach má tá sé inchosanta agus intomhaiste.
TEIDEAL II
CLÁRSCEIDEALÚ
CAIBIDIL I
Ábhar an Chláirsceidealaithe
Airteagal 6
Cláir limistéar tuaithe
Sna creataí náisiúnta de chuid na mBallstát sin a bhfuil cláir réigiúnacha acu, féadfar tábla a bheith iontu lena ndéantar achoimriú, de réir réigiúin agus de réir bliana, ar an ranníocaíocht iomlán ó CETFT don Bhallstát lena mbaineann don chlárthréimhse iomlán.
Airteagal 7
Fochláir théamacha
Agus é mar aidhm rannchuidiú le tosaíochtaí forbartha tuaithe an Aontais a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit fochláir théamacha a áireamh ina gcuid clár forbartha tuaithe, ar fochláir iad lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha. Féadfaidh na fochláir théamacha sin a bheith ag baint, inter alia, leis an méid a leanas:
feirmeoirí óga;
feirmeacha beaga mar a dtagraítear dóibh sa tríú fomhír de Airteagal 20(2);
limistéir sléibhe mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 33(2);
slabhraí soláthair gairide;
mná i gceantair thuaithe;
maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus an bhithéagsúlacht.
Leagtar amach liosta táscach beart agus cineálacha oibríochta a bhfuil ábharthacht áirithe ag baint leo do gach fochlár téamach in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 8
Ábhar na gclár forbartha tuaithe
Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, áireofar i ngach limistéar tuaithe:
an mheastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
anailís SWOT ar an gcás agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa limistéar geografach atá clúdaithe leis an gclár.
Déanfar an anailís a struchtúrú thart ar thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe. Déanfar measúnú ar riachtanais shonracha maidir leis an gcomhshaol, maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus an nuálaíocht thar thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, d'fhonn freagairtí ábhartha a shainaithint sna trí réimse sin ar leibhéal gach tosaíochta;
tuairisc ar an straitéis lena léireofar an méid a leanas:
leagtar síos spriocanna iomchuí do gach ceann de limistéar éiceolaíocht-dírithe thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a áirítear sa chlár, ar bhonn comhtháscairí dá dtagraítear in Airteagal 69, agus i gcás inar gá, ar bhonn táscairí is sonrach don chlár;
go roghnaítear teaglamaí iomchuí beart maidir le gach ceann de shainréimsí thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a áirítear sa chlár, bunaithe ar loighic fhónta idirghabhála agus tacaithe ag an meastóireacht ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) agus ón anailís dá dtagraítear i bpointe (b);
go bhfuil bonn cirt le leithdháileadh acmhainní airgeadais ar bhearta an chláir agus go bhfuil siad leormhaith chun na spriocanna arna leagan amach a chur i gcrích;
go gcuirtear riachtanais shonracha nasctha le coinníollacha shonracha ar leibhéal réigiúnach nó foréigiúnach san áireamh agus tugtar aghaidh go nithiúil orthu trí theaglamaí beart nó fochlár téamach arna gceapadh go leormhaith;
go ndéanfar a chomhtháthú sa chlár cur chuige iomchuí i ndáil le nuálaíocht d'fhonn tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a bhaint amach, lena n-áirítear CEN do tháirgiúlacht agus d'inbhunaitheacht talmhaíochta, maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear riachtanais shonracha limistéir Natura 2000, agus maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú;
gur glacadh bearta chun a áirithiú go bhfuil cumas leordhóthanach comhairligh ann maidir leis na ceanglais rialála agus maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nuáil;
do gach coinníollacht ex-ante, a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 19, agus le Cuid 2 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013do na coinníollachtaí ginearálta ex-ante, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, measúnú cé acu de na coinníollachtaí ex-ante a bheidh infheidhme maidir leis an gclár agus cé acu a bheidh á gcomhlíonadh faoi dháta tíolactha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an chláir. I gcás nach mbeidh na coinníollachtaí ex-ante á gcomhlíonadh, beidh cur síos sa chlár ar na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích, mar aon leis na comhlachtaí a bheidh freagrach agus tráthchlár le haghaidh gníomhachtáí den sórt sin i gcomhréir leis an achoimre a thíolacfar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.
cur síos ar an gcreat feidhmíochta a bhunaítear chun críche Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
tuairisc ar gach beart a roghnaítear;
an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Cuirfidh na Ballstáit dóthain acmhainní ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a sainaithníodh agus chun faireachán ceart agus meastóireacht cheart a áirithiú;
plean maoinithe a chuimseoidh an méid seo a leanas:
tábla ina leagtar amach, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) agus le hAirteagal 58a(2) den Rialachán seo, ranníocaíocht iomlán CETFT atá beartaithe do gach bliain. Léireofar ar leithligh sa tábla sin na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(2) den Rialachán seo. Nuair is infheidhme, léireofar freisin sa tábla sin ar leithligh, laistigh de ranníocaíocht iomlán CETFT, na leithreasaí dá bhforáiltear do na réigiúin thearcfhorbartha agus na cistí arna n-aistriú chuig CETFT de bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Beidh ranníocaíocht bheartaithe bhliantúil CETFT comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil;
tábla ina leagtar amach, do gach beart, do gach cineál oibríochta le ráta sonrach ranníocaíochta CETFT, don chineál oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus in Airteagal 39a, don chineál oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus in Airteagal 39(1) i gcás go gcuireann Ballstát céatadán is lú ná 30 % i bhfeidhm, agus do chúnamh teicniúil, ranníocaíocht bheartaithe iomlán an Aontais agus ráta infheidhme ranníocaíochta CETFT. I gcás inarb infheidhme, léireofar ar leithligh sa tábla sin ráta ranníocaíochta CETFT do réigiúin thearcfhorbartha agus do réigiúin eile;
plean táscaire a mhiondealaítear ina sainréimsí, ina gcuimseofar na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 8(1)(c) agus na haschuir a bheartaítear agus an caiteachas a bheartaítear do gach beart forbartha tuaithe a roghnaítear i ndáil le sainréimse comhfhreagrach;
nuair is infheidhme, tábla ar mhaoiniú breise náisiúnta in aghaidh an bhirt i gcomhréir le hAirteagal 82;
nuair is infheidhme, liosta na scéimeanna cabhrach a thig faoi Airteagal 81(1) atá le húsáid do chur chun feidhme na gclár;
faisnéis ar chomhlántacht an chláir forbartha tuaithe le bearta arna maoiniú ag ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus trí na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta Eorpacha ("ESI");
socruithe chun cláir a chur chun feidhme, lena n-áirítear:
go n-ainmneoidh an Ballstát na húdaráis uile dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus, i gcomhair faisnéise, tuairisc achomair ar struchtúr bainistíochta agus rialaithe gach údaráis acu sin;
tuairisc ar na nósanna imeachta faireacháin agus meastóireachta, mar aon le comhdhéanamh an Choiste Faireacháin;
na forálacha lena áirithiú go bpoiblítear an clár, lena n-áirítear tríd an ngréasán náisiúnta tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 54;
tuairisc ar an gcur chuige lena leagtar síos prionsabail agus maidir le critéir roghnúcháin a shocrú do thionscadail agus do straitéisí d'fhorbairt áitiúil, a chuireann spriocanna ábhartha san áireamh: sa chomhthéacs sin féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do thosaíocht a thabhairt do FBManna a bhfuil baint acu le hearnáil na talmhaíochta nó na foraoiseachta.
maidir le forbairt áitiúil, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na meicníochtaí lena n-áiritheofar comhleanúnachas idir ghníomhaíochtaí atá beartaithe faoi straitéisí forbartha áitiúla, an beart "um Chomhar" dá dtagraítear in Airteagal 35, agus an beart maidir le "Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhaile i limistéir thuaithe" dá dtagraítear in Airteagal 20 lena n-áirítear naisc uirbeacha-tuaithe;
na gníomhaíochtaí atá curtha i gcrích chun go bhfuil na comhpháirtithe sin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 1303/2013 rannpháirteach agus achoimre ar ar thorthaí an chomhairliúcháin leis na comhpháirtithe;
nuair is infheidhme, struchtúr an Ghréasáin Náisiúnta Tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 54(3), agus forálacha dá bhainistíocht, arbh ionann é agus bonn a phleananna gníomhaíochta bliantúla.
I gcás ina n-áirítear fochláir théamacha i gclár forbartha tuaithe, áireofar i ngach fochlár:
anailís shonrach ar an gcás bunaithe ar mhodheolaíocht SWOT agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu de réir fochláir;
spriocanna sonracha ar leibhéal fochláir agus rogha beart, bunaithe ar shainiú críochnúil loighic idirghabhála an fhochláir, lena n-áirítear measúnú ar ranníocaíocht ionchasach na mbeart arna roghnú chun na spriocanna a bhaint amach;
plean táscaire sonrach ar leith, mar aon le haschuir bheartaithe agus caiteachas beartaithe gach birt forbartha tuaithe ar leith a roghnaítear i ndáil le sainréimse comhfhreagrach.
CAIBIDIL II
Cláir forbartha tuaithe a ullmhú, a fhormheas agus a mhodhnú
Airteagal 9
Coinníollachtaí ex ante
I dteannta na gcoinníollachtaí ginearálta ex ante, dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh feidhm ag na coinníollachtaí ex ante dá dtagraítear in Iarscríbhinn V den Rialachán seo maidir le clársceidealú CETFT, más ábhartha agus infheidhme i ndáil leis na cuspóirí sonracha a bheidh le saothrú de réir thosaíochtaí an chláir.
Airteagal 10
Na cláir forbartha tuaithe a fhormheas
Airteagal 11
Na cláir forbartha tuaithe a fhormheas
Formheasfar iarratais ó Bhallstáit chun cláir a leasú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leanas:
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, cinneadh ar iarratais ar chláir a leasú maidir leis na nithe seo a leanas:
athrú ar straitéis an chláir trí athrú níos mó na 50 % in aon táscaire toraidh atá nasctha le sainréimse;
athrú ar ráta ranníocaíochta CETFT de bheart amháin nó níos mó;
athrú ar ranníocaíocht iomlán an Aontais nó ar a leithdháileadh bliantúil ar leibhéal an chláir;
I ngach cás eile ina bhfaigheann an Coimisiún iarratais ó Bhallstáit maidir leis na cláir a leasú, agus, go háirithe, maidir le:
tabhairt isteach nó aistarraingt beart nó cineálacha oibríochta;
athruithe ar thuairisc na mbeart, lena n-áirítear athruithe ar choinníollacha incháilitheachta.
aistriú cistí idir bearta a cuireadh chun feidhme faoi rátaí éagsúla ranníocaíochta CETFT;
Chun críche pointí (b(i) agus (ii) agus pointe (b(iii) afách nuair is lú ná 20 % den leithdháileadh an t-aistriú airgid agus nuair is lú ná 5 % iomlán ranníocaíocht CETFT leis an gclár, measfar é a bheidh formheasta mura bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún maidir leis an iarratas tar éis thréimhse 42 lá oibre ó fháil an iarratais. Ní áireofar sa tréimhse sin an tréimhse a thosóidh ar an lá i ndiaidh an dáta a gcuirfidh an Coimisiún a chuid barúlacha chuig an mBallstát agus a chríochnóidh an lá mbeidh freagra tugtha ag an mBallstát ar na barúlacha.
I gcomhair ceartúchán de chineál eagarthóireachta nó cléireachais amháin nach ndéanann difear do chur chun feidhme an bheartais ná do chur chun feidhme na mbeart, ní gá cead a fháil ón gCoimisiún.
Airteagal 12
Rialacha maidir le nósanna imeachta agus le tráthchláir
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta agus tráthchláir don mhéid seo a leanas:
na cláir forbartha tuaithe agus na creataí náisiúnta a fhormheas;
cur isteach agus formheas moltaí do leasuithe ar chláir forbartha tuaithe agus do thograí agus do leasuithe ar chreataí náisiúnta, lena n-áirítear a dteacht i bhfeidhm agus a mhinicí agus a chuirtear isteach iad le linn na clárthréimhse.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.
TEIDEAL III
TACAÍOCHT D'FHORBAIRT TUAITHE
CAIBIDIL I
Bearta
Airteagal 13
Bearta
Clárófar gach beart forbartha tuaithe chun cur go sonrach le baint amach tosaíochta amháin nó níos mó ón Aontas maidir le forbairt tuaithe. Tá liosta táscach beart a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo do thosaíochtaí an Aontais leagtha amach in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 14
Aistriú eolais agus gníomhaíochtaí faisnéise
Le tacaíocht, féadfar malartú gearrthéarma bainistithe feirme agus bainistithe foraoisí a chumhdach mar aon le cuairteanna ar fheirmeacha agus ar fhoraoisí freisin.
An soláthraí gníomhaíochta oiliúna nó aistrithe eile eolais agus faisnéise a bheidh mar thairbhí na tacaíochta.
Beidh na cumais iomchuí i bhfoirm cáilíochtaí foirne agus oiliúint rialta chun an tasc seo a chur i gcrích ag comhlachtaí a chuireann seirbhísí aistrithe eolais agus faisnéise ar fáil.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.
Airteagal 15
Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme
Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
cabhrú le feirmeoirí, feirmeoirí óga mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo, le sealbhóirí foraoisí, bainisteoirí eile talún agus le FBManna i limistéir thuaithe tairbhe a bhaint as seirbhísí comhairleacha um fheabhsú fheidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil chomh maith le neamhdhíobhálacht don aeráid agus athléimneacht ina taobh a ngabháltais nó a bhfiontair;
bunú seirbhísí bainistíochta feirme, seirbhísí faoisimh feirme agus seirbhísí comhairleacha feirme, chomh maith le seirbhísí comhairleacha foraoiseachta a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Córas Comhairleach Feirme dá dtagraítear in Airteagail 12 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013/;
oiliúint comhairleoirí a chur chun cinn.
Agus comhairle á tabhairt, déanfaidh seirbhísí comhairleacha na hoibleagáidí neamhnochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a urramú.
Nascfar comhairle d'fheirmeoirí aonair, d'fheirmeoirí óga mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo agus do bhainisteoirí eile talún le tosaíocht amháin ar a laghad ón Aontas maidir le forbairt tuaithe agus cumhdófar inti ceann amháin de na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
oibleagáidí ar leibhéal na feirme a eascraíonn as na ceanglais reachtúla bainistíochta do dhálaí maithe talmhaíochta agus comhshaoil dá bhforáiltear i gCaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;
i gcás inar infheidhme, na cleachtais talmhaíochta is tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol mar a leagtar síos i gCaibidil 3 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus cothabháil an limistéir talamhaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(1)Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;
bearta ar leibhéal na feirme dá bhforáiltear sna cláir forbartha tuaithe arb é is aidhm dóibh nuachóiriú feirmeacha, feabhsú iomaíochais, lánpháirtiú earnálacha, an nuálaíocht agus treocht an mhargaidh mar aon leis an bhfiontraíocht a chur chun cinn;
ceanglais mar a shainmhíníonn na Ballstáit le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 11 (3) den Treoir Réime maidir le hUisce;
ceanglais mar a shainmhíníonn na Ballstáit iad le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go háirithe comhlíonadh na bprionsabal ginearálta maidir le srianadh comhtháite lotnaidí dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2009/128/CE; nó
nuair is iomchuí, caighdeáin sábháilteachta ceirde nó caighdeáin sábháilteachta a bhaineann leis an bhfeirm;
comhairle shonrach d'fheirmeoirí atá ag bunú den chéad uair.
►C1 Féadfar saincheisteanna eile a chumhdach faoi chomhairle freisin agus go háirithe an fhaisnéis a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin, leis an mbithéagsúlacht agus le cosaint uisce mar a leagtar síos í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 nó saincheisteanna a bhfuil baint acu le feidhmiú eacnamaíoch agus feidhmiú comhshaoil maidir leis an ngabháltas talmhaíochta lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le hiomaíochas. ◄ Féadfarcomhairle a áireamh anseo chun slabhraí soláthair gairide a fhorbairt, mar aon leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus le cúrsaí sláinte a bhaineann le feirmeoireacht ainmhithe.
Airteagal 16
Scéimeanna Cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia
Cumhdófar sa tacaíocht faoin mbeart seo rannpháirtíocht nua ag feirmeoirí agus ag grúpaí feirmeoirí, nó rannpháirtíocht ag feirmeoirí nó ag grúpaí feirmeoirí sna 5 bliana roimhe sin, sna nithe seo a leanas:
scéimeanna cáilíochta a bhunaítear faoi na Rialacháin agus faoi na forálacha a leanas:
Rialachán (AE) 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 )
Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle ( 5 );
Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ( 7 ) ón gComhairle;
Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) Uimh. 13082013 ón gComhairle a mhéad a bhaineann sé le fíon.
scéimeanna cáilíochta, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin d'fheirmeacha, do tháirgí talmhaíochta, do chadás nó d'earraí bia, a n-aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas:
díorthaítear sainiúlacht an táirge deiridh faoi scéimeanna den sórt sin ó oibleagáidí soiléire chun aon cheann díobh seo a leanas a ráthú:
tá an scéim ar fáil don uile tháirgeoir;
baineann an scéim le sonraíochtaí táirge atá ina gceangal agus fíoraíonn údaráis phoiblí nó comhlacht neamhspleách iniúchta comhlíonadh na sonraíochtaí sin;
tá an scéim trédhearcach agus ráthaíonn sé inrianaitheacht táirgí; nó
scéimeanna deonacha deimhniúcháin do tháirgí talmhaíochta a aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad treoirlínte dea-chleachtais an Aontais d'oibríocht scéimeanna deonacha deimhniúcháin a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus le hearraí bia.
Maidir leis an rannpháirtíocht tosaigh sula ndéantar iarratas ar thacaíocht faoi mhír 1, laghdófar an uastréimhse 5 bliana de réir líon na mblianta a caitheadh idir an chéad rannpháirtíocht i scéim cáilíochta agus tráth déanta an iarratais ar thacaíocht.
Chun críche na míre seo, ciallaíonn ‘costais sheasta’ na costais a eascraíonn as dul isteach i scéim thacaithe cáilíochta móide an ranníocaíocht bhliantúil do rannpháirtíocht sa scéim sin, lena n-áirítear, más gá, caiteachas ar sheiceálacha a theastaíonn chun comhlíonadh le sonraíochtaí na scéime a fhíorú.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘feirmeoir’ feirmeoir gníomhach de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.
Airteagal 17
Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha
Cumhdófar sa tacaíocht faoin mbeart seo infheistíochtaí inláimhsithe agus/nó doláimhsithe mar seo a leanas:
infheistíochtaí lena ndéanfar feidhmiú foriomlán agus inbhuanaitheacht an ghabháltais talmhaíochta a fheabhsú;
infheistíochtaí a bhainfidh le próiseáil, le margaíocht agus/nó le forbairt táirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó cadáis, seachas táirgí iascaigh; d'fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta; i gcás go gcuirtear tacaíocht ar fáil mar ionstraimí airgeadais, féadfaidh an t-aschur a bheith ina tháirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin ar choinníoll go rannchuidíonn an infheistíocht le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe;
infheistíochtaí a bhainfidh le bonneagar a bhaineann le forbairt, le nuachóiriú nó le hoiriúnú talmhaíochta agus foraoiseachta, lena n-áirítear rochtain ar thalamh feirme agus foraoise, feabhsú agus comhdhlúthú talún, soláthar agus sábháil fuinnimh agus uisce; nó
infheistíochtaí ar infheistíochtaí neamhtháirgiúla iad atá nasctha le cuspóirí agra-comhshaoil-aeráide mar a shaothraítear faoin rialachán seo iad, lena n-áirítear stádas caomhnaithe bitheagsúlachta speiceas agus gnáthóg chomh maith le cur le luach taitneamhachta poiblí limistéir Natura 2000 nó córais eile a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra aige atá le sainiú sa chlár.
I gcás infheistíochtaí chun tacú le hathstruchtúrú feirme, díreoidh na Ballstáit an tacaíocht ar na feirmeacha i gcomhréir leis an anailís SWOT a dhéanfar i ndáil le tosaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe "inmharthanacht feirme agus iomaíochas a fheabhsú maidir le gach cineál talmhaíochta i ngach réigiún agus lena gcuirfear teicneolaíochtaí nuálaíocha feirme agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun cinn".
Airteagal 18
Athshlánú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh dochar di trí thubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha iomchuí a thabhairt isteach
Cuimseofar sa tacaíocht faoin mbeart seo:
infheistíochtaí i mbearta coisctheacha a bhfuil d'aidhm acu iarmhairtí tubaistí nádúrtha dóchúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide agus teagmhais thurraingeacha a laghdú;
infheistíochtaí le haghaidh athchóiriú talamh talmhaíochta agus acmhainneacht táirgeachta a ndearnadh damáiste dóibh de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide agus teagmhas turraingeach.
Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh de thoradh ar theaglaim den bheart seo agus d'ionstraimí eile tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais eile nó scéimeanna árachais phríobháidigh.
Airteagal 19
Forbairt feirme agus gnó
Cuimseofar sa tacaíocht faoin mbeart seo:
cabhair nuathionscanta gnó dóibh seo a leanas:
feirmeoirí óga;
gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe;
forbairt feirmeacha beaga;
infheistíochtaí i gcruthú agus i bhforbairt gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta;
íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí aonuaire d'fheirmeoirí is incháilithe don scéim um fheirmeoirí beaga arna bunú faoi Theideal V de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ("an scéim um fheirmeoirí beaga" anseo feasta) a aistríonn a ngabháltas go buan chuig feirmeoir eile;
Deonófar tacaíocht faoi phointe (a)(ii) de mhír 1 d'fheirmeoirí nó do bhaill de theaghlach feirme a djéanfaidh éagsúlú i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta agus do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga agus do dhaoine nádúrtha i limistéir thuaithe.
Deonófar tacaíocht faoi phointe 1(a)(iii) de mhír 1 d'fheirmeacha beaga arna sainiú ag na Ballstáit.
Deonófar tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga neamhthalmhaíochta agus do dhaoine nádúrtha i limistéir thuaithe agus d'fheirmeoirí nó do bhaill de theaghlach feirme.
Deonófar tacaíocht faoi phointe (c) de mhír 1 d'fheirmeoirí is incháilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim um fheirmeoirí beaga, tráth a thíolacann siad a n-iarratais ar thacaíocht, ar feadh bliain amháin ar a laghad agus a thugann gealltanas a ngabháltas iomlán a aistriú go buan mar aon leis na teidlíochtaí íocaíochta comhfhreagracha chuig feirmeoir eile. Íocfar an tacaíocht ó dháta an aistrithe go dtí an 31 Nollaig 2020 nó ríomhfar í i leith na tréimhse sin agus íocfar í i bhfoirm íocaíochta aonuaire.
Cuirfear de choinníoll ar thacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 go gcuirfear plean gnó isteach. Cuirfear tús le cur chun feidhme an phlean gnó laistigh de 9 mí ar a dhéanaí ó dháta an chinnidh lena ndeonaítear an chabhair. Mairfidh an plean gnó ar feadh uastréimhse 5 bliana.
Forálfar leis an bplean gnó go bhfuil an feirmeoir óg le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a chomhlíonadh, de réir mar is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann, laistigh de 18 mí tar éis dháta an chinnidh lena ndeonaítear an chabhair.
Saineoidh na Ballstáit an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (s) d'Airteagal 2(1) sna cláir forbartha tuaithe.
Saineoidh na Ballstáit uastairsí agus íostairsí in aghaidh an tairbhí nó an ghabháltais chun rochtain ar thacaíocht faoi phointe (a)(i) agus faoi phointe (a)(iii) de mhír 1 a údarú. Beidh an íostairseach do thacaíocht faoi phointe (a)(i) de mhír 1 níos airde ná an uastairseach do thacaíocht faoi phointe (a)(iii) de mhír 1. Beidh tacaíocht teoranta do ghabháltais a thagann faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.
Airteagal 20
Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe
Cumhdófar go háirithe sa tacaíocht faoin mbeart seo:
bunú agus tabhairt cothrom le dáta pleananna chun bardais agus sráidbhailte a fhorbairt i gceantair thuaithe agus na seirbhísí bunúsacha atá acu agus pleananna cosanta agus bainistíochta a bhaineann le láithreáin NATURA 2000 agus le háiteanna eile a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra acu;
infheistíochtaí i gcruthú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú gach cineáil bonneagair ar mhionscála, lena n-áirítear infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite agus spáráil fuinnimh;
bonneagar leathanbhanda, lena n-áirítear a chruthú, a fheabhsú agus a fhairsingiú, bonneagar éighníomhach leathanbhanda agus soláthar rochtana ar réitigh leathanbhanda agus ríomhsheirbhísí poiblí an rialtais;
infheistíochtaí i mbunú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú seirbhísí bunúsacha áitiúla don daonra tuaithe, lena n-áirítear fóillíocht agus cultúr agus an bonneagar lena mbaineann;
infheistíochtaí d'úsáid poiblí i mbonneagar áineasa, i bhfaisnéis do thurasóirí agus bonneagar beagscála turasóireachta;
staidéir agus infheistíochtaí a bhaineann le cothabháil, le hathbhunú agus le huasghrádú oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha sráidbhailte, agus tírdhreacha tuaithe agus láithreáin a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra orthu, lena n-áirítear gnéithe socheacnamaíocha lena mbaineann, chomh maith le gníomhaíochtaí múscailte feasachta comhshaoil;
infheistíochtaí a dhírítear ar athlonnú gníomhaíochtaí agus athchóiriú foirgneamh nó saoráidí eile lonnaithe laistigh de lonnaíochtaí tuaithe nó gar dóibh, d'fhonn an cháilíocht beatha a fheabhsú nó feidhmiú comhshaoil na lonnaíochta a mhéadú.
Airteagal 21
Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus inmharthanacht foraoisí a fheabhsú
Bainfidh an tacaíocht faoin mbeart seo leis na nithe seo a leanas:
foraoisiú agus cruthú coillearnaí;
córais agrafhoraoiseacht a bhunú;
damáiste d'fhoraoisí de bharr dóiteán foraoise, tubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha a chosc agus a n-athchóiriú, lena n-áirítear ráig de lotnaidí agus de ghalair, agus bagairtí a bhaineann leis an aeráid;
infheistíochtaí a fheabhsaíonn athléimneacht agus luach comhshaoil chomh maith le hacmhainneacht maolaithe na n-éiceachóras foraoise;
infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú.
I gcás gabháltais thar mhéid áirithe, a chinnfidh na Ballstáit sa chlár, tabharfar tacaíocht ar choinníoll go soláthrófar faisnéis ábhartha a thiocfaidh ó phlean bainistithe foraoise nó ó ionstraim chomhionann atá ag luí le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí mar atá sainithe ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993.
Airteagal 22
Foraoisiú agus cruthú coillearnaí
Ní chumhdófar leis an tacaíocht chun talamh atá i seilbh údarás poiblí a fhoraoisiú ná do chrainn a fhásann go tapa ach na costais bunaithe amháin.
Airteagal 23
Bunú, athghiniúint nó athchóiriú na gcóras agrafhoraoiseachta
Airteagal 24
Dochar d'fhoraoisí ó dhóiteáin foraoise agus ó thubaistí nádúrtha agus ó theagmhais thurraingeacha a chosc agus a athshlánú
Deonófar tacaíocht faoi phointe (c) d'Airteagal 22(1) do shealbhóirí foraoise príobháidí agus poiblí agus do chomhlachtaí eile faoin dlí poiblí agus príobháideach agus dá gcomhlachais agus cumhdófar ann na costais do na nithe seo a leanas:
bunú bonneagair chosanta. I gcás tóitbhearnaí, féadfaidh an tacaíocht cabhair a chuidíonn le costais chothabhála a chumhdach freisin. Ní dheonófar aon tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhaineann le talmhaíocht i limistéir a chumhdaítear le ceanglais agra-chomhshaol;
bearta coisctheacha áitiúla, ar mhionscála, in aghaidh dóiteáin nó guaiseacha nádúrtha eile; lena n-áirítear ainmhithe féaraigh a úsáid;
trealamh cumarsáide agus áiseanna faireacháin ar dhóiteán foraoise, ar lotnaidí agus ar ghalair a bhunú agus a fheabhsú; agus
acmhainneacht foraoise a ndearnadh dochar di de bharr dóiteán agus tubaistí nádúrtha eile a athchóiriú, lena n-áirítear lotnaidí, galair agus teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann le hathrú aeráide.
Beidh oibríochtaí incháilithe comhsheasmhach leis an bplean um chosaint foraoisí arna bhunú ag na Ballstáit. I gcás gabháltas thar mhéid áirithe, a chinnfidh na Ballstáit sa chlár, tabharfar tacaíocht ar choinníoll go soláthrófar faisnéis ábhartha a thiocfaidh ó phlean bainistithe foraoise nó ó ionstraim chomhionann atá ag luí le bainistiú inbhuanaithe foraoisí mar atá sainmhínithe ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993 lena sonrófar na cuspóirí coisctheacha.
Beidh limistéir foraoise atá aicmithe mar riosca meánach go hard do dhóiteán foraoise de réir an phlean um chosaint foraoise arna bhunú ag Ballstáit incháilithe le haghaidh tacaíocht a bhaineann le cosc dóiteán foraoise.
Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh de thoradh ar theaglaim den bheart seo agus d'ionstraimí eile tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais eile nó scéimeanna árachais phríobháidigh.
Airteagal 25
Infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú
Airteagal 26
Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú
Airteagal 27
Grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú
Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo chun bunú grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a éascú in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta chun na críocha seo a leanas:
táirgeacht agus aschur táirgeoirí ar baill iad de ghrúpaí nó d'eagraíochtaí den sórt sin a oiriúnú do riachtanais an mhargaidh;
earraí a chur sa mhargadh go comhpháirteach, lena n-áirítear ullmhúchán do dhíolachán, lárú díolacháin agus soláthar do bhulc-cheannaitheoirí;
comhrialacha a bhunú ar fhaisnéis táirgthe, agus aird áirithe ar bhuaint agus ar infhaighteacht; agus
gníomhaíochtaí eile a d'fhéadfadh grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh, amhail forbairt scileanna gnó agus margaíochta agus eagrú agus éascú próiseas nuálaíochta.
Fíoróidh na Ballstáit gur baineadh amach cuspóirí an phlean gnó laistigh de chúig bliana tar éis an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí a aithint.
Sa chéad bhliain, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a íoc leis an ngrúpa nó an eagraíocht táirgeoirí arna ríomh ar bhonn meánluach bliantúil na táirgeachta arna margú ag a bhaill thar na trí bliana sula ndeachaigh siad isteach sa ghrúpa. I gcás grúpaí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta, féadfar an tacaíocht a ríomh ar bhonn meántáirgeachta arna margú ag baill an ghrúpa nó baill na heagraíochta thar na cúig bliana roimh an aithint, gan an luach is airde ná is ísle san áireamh.
Airteagal 28
Agra-chomhshaoil-aeráide
Maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal ó 2021 amach, cinnfidh na Ballstáit ar thréimhse is giorra, is é sin tréimhse aon bhliain amháin go trí bliana ar fad, ina gcláir forbartha tuaithe.
Má dhéanann na Ballstáit soláthar chun síneadh ama bliantúil a chur leis na gealltanais tar éis dheireadh na tréimhse tosaigh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ó 2022 amach, ní rachaidh an síneadh ama sin thar aon bhliain amháin.
De mhaolú ar an dara fomhír, maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal in 2021 agus 2022, féadfaidh na Ballstáit tréimhse is faide ná trí bliana a chinneadh ina gcláir forbartha tuaithe, agus sin bunaithe ar chineál na ngealltanas agus ar na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid atáthar a iarraidh.
Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit an asbhaint a ríomh mar mheánmhéid seasta a chuirfear i bhfeidhm ar na tairbhithe uile lena mbaineann a bhíonn i mbun an chineáil oibríochta lena mbaineann.
I gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, maidir le hoibríochtaí lena mbaineann caomhnú comhshaoil, féadfar tacaíocht a dheonú mar íocaíocht ar ráta comhréidh nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid i gcás gealltanas chun úsáid tráchtála a bhaint as limistéir a thréigean, a ríomhfar ar bhonn na gcostas breise a thabhófar agus an t-ioncam a bheidh ligthe thar ceal.
Ní fhéadfar aon tacaíocht faoin mbeart seo a dheonú do ghealltanais atá cumhdaithe faoin mbeart feirmeoireachta orgánaí.
Chun deimhniú go saineofar na gealltanais faoin mbeart agra-chomhshaoil-aeráide i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, tabharfar de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir leis an meid seo a leanas:
na coinníollacha is infheidhme i ndáil le gealltanais chun fairsingiú a dhéanamh ar fheirmeoireachta beostoic,
na coinníollacha is infheidhme maidir le gealltanais pórtha áitiúla a thógáil a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú;agus
an sainmhíniú ar oibríochtaí incháilithe faoi mhír 9.
Airteagal 29
Feirmeoireacht orgánach
Maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal ó 2021 amach, cinnfidh na Ballstáit ar thréimhse is giorra, is é sin tréimhse aon bhliain amháin go trí bliana ar fad, ina gcláir forbartha tuaithe.
Má dhéanann na Ballstáit soláthar le haghaidh síneadh ama bliantúil i gcomhair feirmeoireacht orgánach tar éis dheireadh na tréimhse tosaigh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ní rachaidh, ó 2022 amach, an síneadh ama sin thar aon bhliain amháin.
De mhaolú ar an dara fomhír, maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal in 2021 agus 2022, i gcás ina ndeonaítear tacaíocht don aistriú go feirmeoireacht orgánach, féadfaidh na Ballstáit tréimhse is faide na trí bliana a chinneadh ina gcláir forbartha tuaithe.
Agus na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit an asbhaint a ríomh mar mheánmhéid seasta a chuirfear i bhfeidhm ar na tairbhithe uile lena mbaineann a bhíonn i mbun na bhfobheart lena mbaineann.
Airteagal 30
Natura 2000 agus íocaíochtaí na creat-threorach maidir le hUisce
Agus na híocaíochtaí a bhaineann leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ríomh, bainfidh na Ballstáit an méid is gá d'fhonn cistiú dúbailte maidir leis na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit an asbhaint a ríomh mar mheánmhéid seasta a chuirfear i bhfeidhm ar na tairbhithe uile lena mbaineann a bhíonn i mbun na bhfobheart lena mbaineann.
Ní dheonófar tacaíocht d'fheirmeoirí, nasctha leis an Treoir Réime maidir le hUisce, ach i ndáil leis an méid seo a leanas:
ceanglais shonracha a tugadh isteach leis an Treoir Réime maidir le hUisce, atá i gcomhréir leis na cláir beart do phleananna bainistíochta abhantracha chun críche cuspóirí comhshaoil na Treorach sin a bhaint amach agus a théann thar na bearta a theastaíonn chun reachtaíocht eile an Aontais a chur chun feidhme do chosaint an uisce;
ceanglais shonracha a théann thar na ceanglais reachtúla bainistíochta agus an dáil mhaith talmhaíochta agus comhshaoil dá bhforáiltear i gCaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus na critéir ábhartha agus na gníomhaíochtaí íosta a bhunaítear de bhun phointí (c)(ii) agus (iii) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;
ceanglais shonracha a théann thar an leibhéal cosanta i reachtaíocht an Aontais a bhí ann tráth ar glacadh an Treoir Réime maidir le hUisce mar atá leagtha síos in Airteagal 4(9) de Threoir 2000/60/CE; agus
ceanglais shonracha a fhorchuireann mórathruithe ar chineál úsáide talún, agus/nó mórshrianta ar chleachtais feirmeoireachta a bhfuil caillteanas suntasach ioncaim de thoradh air.
Beidh na limistéir seo a leanas incháilithe le haghaidh íocaíochtaí:
Limistéir thalmhaíochta agus foraoiseachta Natura 2000 arna n-ainmniú de bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE;
limistéir chosanta dúlra eile arna dteorannú ina bhfuil srianta comhshaoil is infheidhme maidir le feirmeoireacht nó le foraoisí agus a chuidíonn le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE ar an gcoinníoll nach. sáraíonn na limistéir sin, de réir an chláir forbartha tuaithe, 5 % de limistéir ainmnithe Natura 2000 a chumhdaítear ina raon feidhme críochach;
limistéir thalmhaíochta a áirítear i bpleananna bainistithe abhantrach de réir na Treorach Réime maidir le hUisce.
Airteagal 31
Íocaíochtaí i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó eile orthu
Ríomhfar costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal i gcomparáid le limistéir nach bhfuil srianta nádúrtha ná srianta eile sonracha ag gabháil dóibh, ag cur íocaíochtaí de bhun Chaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 san áireamh.
Agus costais bhreise agus ioncam ligthe thar ceal á ríomh, féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh údar cuí leis, leibhéal na híocaíochta a dhifreáil agus an méid seo a leanas á cur san áireamh:
I gcás duine dllítheanaigh, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit céimlaghdaitheacht na n-íocaíochtaí a chur i bhfeidhm ar leibhéal na ndaoine dlítheanacha nó bhall na ngrúpaí sin ar an gcoinníoll:
go ndéanann an dlí náisiúnta foráil do na baill aonair chun glacadh leis na cearta agus na hoibleagáidí atá inchomparáide le cearta agus oibleagáidí na bhfeirmeoirí aonair a bhfuil stádas mar cheann an ghabháltais acu, go háirithe i ndáil lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach; agus
gur chuidigh na baill aonair sin go mór le struchtúir thalmhaíochta na ndaoine dlítheanacha nó na ngrúpaí lena mbaineann a neartú.
Sna blianta 2021 agus 2022, maidir le cláir ar cuireadh síneadh ama leo i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), i gcás nár dheonaigh na Ballstáit íocaíochtaí céimlaghdaitheacha ar feadh uastréimhse ceithre bliana suas go 2020, féadfaidh na Ballstáit sin cinneadh a dhéanamh leanúint de na híocaíochtaí sin go dtí deireadh 2022, ach sin ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana san iomlán. Sa chás sin, ní rachaidh na híocaíochtaí sna blianta 2021agus 2022 thar EUR 25 in aghaidh an heicteáir.
Tar éis chur i gcrích an teorannaithe, gheobhaidh tairbhithe i limistéir atá incháilithe go fóill íocaíochtaí iomlána faoin mbeart seo.
Airteagal 32
Ainmniúchán limistéar a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta sonracha eile ag gabháil dóibh
Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn mhíreanna 2, 3 agus 4, limistéir incháilithe le haghaidh íocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 31 faoi na catagóirí seo a leanas:
limistéir sléibhe;
limistéir, seachas limistéir sléibhe, a bhfuil srianta suntasacha nádúrtha ag bagairt orthu; agus
limistéir eile a bhfuil tionchar ag srianta sonracha orthu.
Chun a bheith incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoi Airteagal 32, déanfar limistéir sléibhe a shaintréithriú trí shrian suntasach a chur leis na féidearthachtaí chun an talamh a úsáid agus trí mhórmhéadú ar chostais táirgeachta i ngeall ar na nithe seo a leanas:
dálaí aeráide thar a bheith deacair, mar gheall ar airde, a bhfuil mar éifeacht orthu an séasúr saothraithe a ghiorrú go substaintiúil;
ag airde níos ísle, láithreacht thar chuid mhór den limistéar i dtrácht d'fhánaí atá róghéar d'úsáid innealra nó a bhfuil gá le húsáid trealaimh speisialta an-chostasach mar gheall orthu, nó teaglaim den dá fhachtóir sin, i gcás nach bhfuil na srianta a eascraíonn ón dá cheann ar leith chomh géar sin ach go n-eascraíonn srianta cothroma ó theaglaim an dá fhachtóir.
Measfar limistéir ó thuaidh den 62ú líne dhomhanleithid agus limistéir áirithe chóngaracha mar limistéir sléibhe.
Déanfar a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin ar leibhéal na n-aonad riaracháin áitiúil "leibhéal LAU2" nó ar leibhéal aonaid áitiúil atá sainithe go soiléir agus a chlúdaíonn limistéar geografach comhtheagmhálach aonair soiléir a bhfuil féiniúlacht riaracháin agus eacnamaíoch insainithe aige.
Nuair atá teorannú á dhéanamh ar na limistéir lena mbaineann an mhír seo, déanfaidh na Ballstáit cleachtadh mionchoigeartaithe, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus é mar chuspóir limistéir a chur as an áireamh inar tuairiscíodh srianta suntasacha nádúrtha, dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach gur sháraigh infheistíochtaí nó gníomhaíocht eacnamaíoch iad, nó mar thoradh ar ghnáththáirgiúlacht talún, nó má chúitítear leis na modhanna táirgeachta nó leis na córais feirmeoireachta an t-ioncam a chailltear nó na costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 31(1).
Is ionann limistéir a bhfuil tionchar ag srianta sonracha orthu agus limistéir feirmeoireachta ina bhfuil na dálaí táirgeachta nádúrtha comhchosúil agus nuair nach sáraíonn a raon iomlán 10 % d'achar an Bhallstáit lena mbaineann.
Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh limistéir incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoin mír seo, i gcás ina ndéantar an méid seo a leanas:
Déanfar a áirithiú go n-gcomhlionfar na coinníollacha sin ar leibhéal LAU2 nó ar leibhéal aonaid áitiúil atá sainithe go soiléir agus a chlúdaíonn limistéar geografach comhtheagmhálach aonair soiléir a bhfuil féiniúlacht riaracháin agus eacnamaíoch insainithe aige. Agus limistéir a bhaineann leis an bhfomhír seo á teorannú, tabharfaidh na Ballstáit faoi chleachtadh mionchoigeartaithe mar a shainmhínítear é in Airteagal 32(3). Na limistéir a mheasfar atá incháilithe de bhun na fomhíre sin, cuirfear san áireamh iad chun an teorainn 10 % dá dtagraítear sa dara fomhír a ríomh.
De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an dara fomhír, i leith na mBallstát sin a measadh go raibh a críoch iomlán ina limistéar a raibh baic shonracha os a comhair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/1999.
Ceanglóidh Ballstáit lena gcláir forbartha tuaithe:
an teorannú reatha nó leasaithe de bhun mhíreanna 2 agus 4;
teorannú nua na limistéar dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 33
Leas ainmhithe
Tabharfar faoi na gealltanais sin ar feadh tréimhse inathnuaite d'aon bhliain go seacht mbliana.
Maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal amhail ó 2021, cinnfidh na Ballstáit ar thréimhse is giorra, is é sin tréimhse aon bhliain amháin go 3 bliana ar fad, ina gcláir forbartha tuaithe.
Má dhéanann na Ballstáit foráil do shíneadh ama bliantúil a chur leis na gealltanais tar éis dheireadh na tréimhse tosaigh i gcomhréir leis an dara fomhír, amhail ó 2022, ní rachaidh an síneadh ama sin thar aon bhliain amháin.
De mhaolú ar an tríú fomhír, maidir le gealltanais nua a rachfar faoina gceangal in 2021 agus 2022, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide ná trí bliana ina gcláir forbartha tuaithe a chinneadh, agus sin bunaithe ar chineál na ngealltanas agus ar na tairbhí leasa ainmhithe atáthar a iarraidh.
Beidh an tacaíocht teoranta don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.
Airteagal 34
Seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise
I gcás gabháltas foraoise thar thairseach áirithe, a chinnfidh na Ballstáit ina gcláir um fhorbairt tuaithe, tabharfar tacaíocht faoi mhír 1 ar choinníoll go soláthrófar faisnéis ábhartha a thiocfaidh ó phlean bainistithe foraoise nó ó ionstraim chomhionann atá ag luí le bainistiú inbhuanaithe foraoisí mar atá sainithe ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip 1993.
Tabharfar faoi na gealltanais ar feadh tréimhse idir cúig bliana agus seacht mbliana. Féadfaidh Ballstáit tréimhse níos faide a shocrú ina gcláir forbartha tuaithe le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas nuair is gá agus nuair atá údar cuí leis, áfach.
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maidir le hoibríochtaí lena mbaineann caomhnú comhshaoil, féadfar tacaíocht a dheonú mar íocaíocht ar ráta comhréidh nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid i gcás gealltanas chun úsáid tráchtála a bhaint as crainn agus foraoisí a thréigean, arna ríomh ar bhonn na gcostas breise a thabhaítear agus an t-ioncam ligthe thar ceal.
Airteagal 35
Comhar
Deonófar tacaíocht faoin mbeart seo d'fhonn cineálacha comhar a chur chun cinn a bhfuil baint ag dhá eintiteas ar a laghad leo agus go háirithe an méid a leanas:
cineálacha cur chuige comhair i measc gníomhaithe difriúla san earnáiltalmhaíochta, san earnáil foraoiseachta agus sa bhiashlabhra agus foraoiseachta an Aontais, chomh maith leis sa slabhra bia agus gníomhaithe eile a rannchuidíonn chun cuspóirí agus tosaíochtaí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, comharchumainn agus eagraíochtaí idirchraoibhe;
braislí agus gréasáin a chruthú;
grúpaí oibriúcháin de chuid CEN i gcomhair táirgiúlachta agus inbhuanaitheachta talmhaíochta dá dtagraítear dóibh in Airteagal 56 a bhunú agus a oibriú.
Bainfidh an comhar faoi mhír 1, go háirithe, leo seo a leanas:
treoirthionscadail;
táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta;
comhar i measc oibreoirí beaga maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt agus chun seirbhísí turasóireachta a bhaineann le turasóireacht tuaithe a fhorbairt agus/nó a mhargú;
comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;
gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a fhorbairt;
gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéantar d'fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;
cineálacha cur chuige comhchoiteann i leith tionscadal comhshaoil agus cleachtas leanúnach comhshaoil, lena n-áirítear bainistiú éifeachtúil uisce, fuinneamh inathnuaite a úsáid agus tírdhreacha talmhaíochta a chaomhnú;
comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair i soláthar inbhuanaithe bithmhaise le húsáid i dtáirgeadh bia agus fuinnimh agus i bpróisis thionsclaíocha;
straitéisí forbartha áitiúla, seachas na cinn sin a shainítear in Airteagal 2(19) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a théann i ngleic le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí de chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha seachas na cinn sin a shainítear i bpointe (b) d'Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
pleananna bainistithe foraoise nó ionstraimí coibhéiseacha a tharraingt suas.
gníomhaíochtaí feirmeoireachta a éagsúlú ina ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte, le comhtháthú sóisialta, le talmhaíocht arna tacú ag an bpobal agus le hoideachas faoin gcomhshaol agus faoi bhia.
Féadfar tacaíocht le haghaidh oibríochtaí faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 2 a dheonú freisin ar ghníomhaithe aonair sa chás ina ndéantar foráil don fhéidearthacht seo sa chlár forbartha tuaithe.
Beidh na costais seo a leanas, atá nasctha leis na cineálacha comhair dá dtagraítear i mír 1, incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin mbeart seo:
costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó, nó plean bainistithe foraoise nó a choibhéis nó straitéis forbartha áitiúil a chur i dtoll a chéile, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
costais bheochan an limistéir lena mbaineann ionas gur indéanta a bheadh tionscadal críche comhchoiteann nó tionscadal a bheadh le cur i gcrích ag grúpa oibriúchán de chuid CEN do Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 56. I gcás braislí, d'fhéadfadh eagrú oiliúna, líonrú i measc na mball agus baill nua a earcú a bheith i gceist le beochan freisin;
costais reatha an chomhair;
costais dhíreacha tionscadal sonrach atá nasctha le cur chun feidhme plean gnó, plean don chomhshaol, plean bainistithe foraoise nó a choibhéis, straitéise forbartha áitiúil seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó costais dhíreacha gníomhartha eile atá dírithe ar nuálaíocht, lena n-áirítear tástáil;
costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn.
I gcás ina n-íoctar tacaíocht mar mhéid iomlán agus gur de chineál a chumhdaítear faoi bheart eile den Rialachán seo é an tionscadal a chuirfear chun feidhme, beidh feidhm ag an uasmhéid ábhartha nó an ráta ábhartha tacaíochta.
Airteagal 36
Bainistiú riosca
Cuimseofar sa tacaíocht faoin mbeart seo:
ranníocaíochtaí airgeadais le préimheanna le haghaidh árachas barr, ainmhithe agus plandaí i gcoinne caillteanas eacnamaíoch d'fheirmeoirí a tharla de dhroim teagmhas díobhálach aeráide, galar ainmhithe nó plandaí, foirgeachta le lotnaidí, nó teagmhais comhshaoil;
ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúitimh airgeadais a íoc le feirmeoirí, as caillteanais eacnamaíocha a tharla de dhroim teagmhas díobhálach aeráide nó de dhroim ráige de ghalair ainmhithe nó phlandaí nó foirgeachta le lotnaidí nó teagmhais comhshaoil;
uirlis cobhsaithe ioncaim, i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha, trína gcuirtear cúiteamh ar fáil d'fheirmeoirí gach earnála le haghaidh titim ghéar ar a n-ioncam;
uirlis earnáilsonrach cobhsaithe ioncaim, i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha, trína gcuirtear cúiteamh ar fáil d'fheirmeoirí in earnáil shonrach le haghaidh titim ghéar ar a n-ioncam.
▼M7 —————
Airteagal 37
Árachas do bharra, d'ainmhithe agus do phlandaí
Féadfar an tomhas ar mhéid an chaillteanais a tharla a chur in oiriúint do shaintréithe gach cineáil táirge agus leas á bhaint as an méid a leanas:
innéacsanna bitheolaíocha (cainníocht an chaillteanais bithmhaise) nó innéacsanna coibhéiseacha caillteanais táirgeachta a bhunaítear ar leibhéal na feirme, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, nó
innéacsanna aimsire (lena n-áirítear cainníocht na báistí agus an teocht) a bhunaítear ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.
Féadfaidh na Ballstáit, nuair is iomchuí, critéir a bhunú roimh ré faoin mbunús faoina measfar go bhfuil aitheantas foirmiúil den sórt sin deonaithe.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le méid na préimhe atá incháilithe le haghaidh tacaíochta trí uasteorainneacha oiriúnacha a chur i bhfeidhm.
Airteagal 38
Cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhas díobhálach aeráide, galar ainmhithe agus plandaí, foirgeachta le lotnaidí agus teagmhas comhshaoil
Chun a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta, beidh an méid seo a leanas ag an gciste frithpháirteach lena mbaineann:
creidiúnú ón údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
beartas trédhearcach i leith íocaíochtaí isteach agus aistarraingtí amach as an gciste;
rialacha soiléire lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.
Ní mór d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarlú de theagmhas a luaitear i bpointe (b) d'Airteagal 36(1) a aithint go foirmiúil mar tharlú den chineál sin.
Ní fhéadfaidh baint a bheith ag na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 36(1) ach leo seo a leanas:
na costais riaracháin chun an ciste frithpháirteach a bhunú, dáilte thar 3 bliana ar a mhéad ar mhodh céimlaghdaitheach;
na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le feirmeoirí. Ina theannta sin, féadfaidh an ranníocaíocht airgeadais a bheith bainteach le hús ar iasachtaí tráchtála a thógann an ciste frithpháirteach amach ar mhaithe le cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí i gcás géarchéime;
na híocaíochtaí bliantúla leis an gciste a fhorlíonadh;
stoc caipitil tosaigh an chiste fhrithpháirtigh.
Ní dheonófar tacaíocht faoi phointe (b) d’Airteagal 36(1) ach amháin chun caillteanas a chumhdach a tharla mar thoradh ar ráig de theagmhas dhíobhálach aeráide, galar ainmhithe nó plandaí, foirgeacht le lotnaidí, nó bearta a glacadh i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE maidir le díothú nó rialú a dhéanamh ar ghalar plandaí nó ar theagmhas lotnaidí nó comhshaoil, a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin, nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, ag fágáil an iontráil is airde agus an iontráil is ísle ar lár. Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgiúlacht bhliantúil an fheirmeora a ríomh. Beifear in ann caillteanas iarbhír feirmeora aonair in aon bhliain ar leith a chinneadh tríd an modh ríofa a úsáidtear. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an céatadán 30 % sin a laghdú áfach, go leibhéal nach lú ná 20 %.
▼M7 —————
Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis na costais atá incháilithe le haghaidh tacaíochta trí na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:
uasteorainneacha in aghaidh an chiste;
uasteorainneacha oiriúnacha in aghaidh an aonaid.
Airteagal 39
Uirlis cobhsaithe ioncaim d'fheirmeoirí i ngach earnáil
Chun a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta, beidh an méid seo a leanas ag an gciste frithpháirteach lena mbaineann:
creidiúnú ón údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
beartas trédhearcach i leith íocaíochtaí isteach agus aistarraingtí amach as an gciste;
rialacha soiléire lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.
Ní fhéadfaidh baint a bheith ag na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) ach leo seo a leanas:
na costais riaracháin chun an ciste frithpháirteach a bhunú, dáilte thar 3 bliana ar a mhéad ar mhodh céimlaghdaitheach;
na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le feirmeoirí. Ina theannta sin, féadfaidh an ranníocaíocht airgeadais a bheith bainteach le hús ar iasachtaí tráchtála a thógann an ciste frithpháirteach amach ar mhaithe le cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí i gcás géarchéime;
na híocaíochtaí bliantúla don chiste a fhorlíonadh;
stoc caipitil tosaigh an chiste fhrithpháirtigh.
Airteagal 39a
Uirlis cobhsaithe ioncaim d'fheirmeoirí in earnáil shonrach
Airteagal 39b
Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19
Airteagal 39c
Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin
Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, trí choinníollacha incháilitheachta agus, i gcás ina measann an Ballstát lena mbaineann gurb iomchuí, critéir roghnúcháin a bheidh oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chinneadh, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil. An tacaíocht a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, rannchuideoidh sí leis an tslándáil bia nó tabharfar aghaidh léi ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh agus tacóidh sí le feirmeoirí nó le FBManna a bhíonn ag gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas agus na spriocanna sin á saothrú acu:
an geilleagar ciorclach;
bainistíocht cothaitheach;
úsáid éifeachtúil acmhainní;
modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.
Airteagal 40
Íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit a mhaoiniú
Ní rachaidh méid na tacaíochta arna deonú d'fheirmeoir i ndáil leis na blianta 2014, 2015 agus 2016 thar an difríocht idir:
leibhéal na n-íocaíochtaí díreacha is infheidhme sa Chróit don bhliain lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013; agus
45 % de leibhéal comhfhreagrach na n-íocaíochtaí díreacha arna gcur i bhfeidhm ó 2022 amach.
Airteagal 41
Rialacha maidir leis na bearta a chur chun feidhme
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le cur chun feidhme na mbeart sa roinn seo a ghlacadh i dtaca leis an méid seo a leanas:
nósanna imeachta maidir le húdaráis nó comhlachtaí a roghnú a thairgeann seirbhísí comhairleacha feirme agus foraoiseachta, seirbhísí bainistithe feirme nó faoisimh feirme agus céimlaghdú na cabhrach faoin mbeart seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 15;
measúnú an Bhallstáit ar dhul chun cinn an phlean gnó, roghanna íocaíochta chomh maith le módúlachtaí maidir le rochtain ar bhearta eile le haghaidh feirmeoirí óga faoin mbeart forbartha feirme agus gnó dá dtagraítear in Airteagal 19;
comhshó go haonaid eile seachas na haonaid sin a úsáidtear in Iarscríbhinn II, agus rátaí comhshó na n-ainmhithe ina n-aonaid bheostoic (AB) faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagail 28, 29, 33 agus 34;
an fhéidearthacht maidir le toimhdí caighdeánacha na gcostas breise a úsáid chomh maith le hioncam a ligtear thar ceal faoi bhearta Airteagal 28 go 31, 33 agus 34 agus na critéir chun é a ríomh;
méid na tacaíochta a ríomh nuair atá oibríocht incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi níos mó ná beart amháin.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.
LEADER
Airteagal 42
Grúpaí áitiúla gníomhaíochta LEADER
Airteagal 43
Pacáiste tionscnaimh LEADER
Féadfar a áireamh ar fhorbairt áitiúil Leader "pacáiste tionscnaimh LEADER" do phobail áitiúla nár chuir Leader chun feidhme sa chlárthréimhse 2007-2013. Is é a bheidh sa "pacáiste tionscnaimh Leader" tacaíocht d'fhorbairt acmhainní agus do threoirthionscadail bheaga. Ní bheidh tacaíocht faoi phacáiste tionscnaimh LEADER coinníollach ar straitéis forbartha áitiúil Leader a chur isteach.
Airteagal 44
Gníomhaíochtaí comhair LEADER
Déanfar an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a dheonú do na gníomhaíochtaí seo
tionscadail chomhair laistigh de Bhallstát (comhar idir-chríochach), nó tionscadail chomhair idir chríocha i roinnt Ballstát nó le críocha i dtríú tíortha (comhar trasnáisiúnta).
tacaíocht theicniúil ullmhúcháin le haghaidh tionscadal comhair idir chríocha agus thrasnáisiúnta, ar chuntar gur féidir le grúpaí áitiúla gníomhaíochta a léiriú go bhfuil cur chun feidhme tionscadail nithiúil faoi chaibidil acu.
Cé is moite de ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta eile, féadfaidh siad seo a leanas a bheith ina gcomhpháirtithe i ngrúpa áitiúil gníomhaíochta faoi CETFT:
grúpa de chomhpháirtithe áitiúla poiblí agus príobháideacha i gcrích tuaithe a bhfuil straitéis áitiúil forbartha á cur chun feidhme aici laistigh den Aontas nó lasmuigh de;
grúpa de chomhpháirtithe áitiúla poiblí agus príobháideacha i gcrích neamh-tuaithe a bhfuil straitéis áitiúil forbartha á cur chun feidhme aici.
Poibleoidh siad na nósanna imeachta náisiúnta nó réigiúnacha riaracháin a bhaineann le roghnú na dtionscadal comhair thrasnáisiúnta chomh maith le liosta de na costais incháilithe dhá bliain ar a dhéanaí tar éis dháta formheasa a gclár forbartha tuaithe.
Formheasfaidh an t-údarás inniúil na tionscadail comhair tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an dáta ar cuireadh isteach an tionscadal iarratais.
CAIBIDIL II
Forálacha comhchoiteanna do roinnt beart
Airteagal 45
Infheistíochtaí
Beidh caiteachas atá incháilithe do thacaíocht CETFT teoranta dóibh seo a leanas:
réadmhaoin a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú, nó a fheabhsú;
innealra agus trealamh nua a cheannach nó a cheannach ar léas suas go luach margaidh na sócmhainne;
costais ghinearálta a bhaineann le caiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtire, innealtóra agus comhairliúcháin, táillí maidir le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir indéantachta. Beidh staidéir indéantachta mar chaiteachas incháilithe i gcónaí, fiú sa chás, bunaithe ar a dtorthaí, nach ndéanfar aon chaiteachas faoi phointe (a) agus pointe (b);
na hinfheistíochtaí doláimhsithe a leanas: bogearraí ríomhaireachta a fháil nó a fhorbairt agus paitinní, ceadúnais, cóipchearta, trádmharcanna a fháil;
na costais a bhaineann le pleananna bainistithe foraoisí agus a gcoibhéis a bhunú.
Airteagal 46
Infheistíochtai in uisciú
Má tá éifeacht ag an infheistíocht ar dhobharlaigh nó ar uisce talún a bhfuil a stádas aitheanta mar stádas nach bhfuil go maith sa phlean bainistithe abhantracha ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce
go n-áirithítear leis an infheistíocht laghdú éifeachtach in úsáid an uisce ag leibhéal na hinfheistíochta, ag iomlán de 50 % den tsábháil uisce a d'fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar an infheistíocht; agus
i gcás infheistíochta i ngabháltas talmhaíochta aonair, beidh toradh air freisin le laghdú ar úsáid iomlán uisce an ghabháltais ag iomlán de 50 % ar a laghad den tsábháil uisce a d'fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar leibhéal na hinfheistíochta. Cuimseoidh úsáid iomlán an ghabháltais uisce atá á dhíol ag an ngabháltas.
Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na coinníollacha i mír 4 ar infheistíocht i suiteáil atá ann cheana agus a bhfuil éifeacht aici ar éifeachtúlacht fuinnimh nó ar infheistíocht a bhaineann le cumar uisce a chruthú nó ar infheistíocht a bhaineann le huisce athchúrsáilte a úsáid nach mbeidh éifeacht aige ar dhobharlach nó ar uisce talún.
Chun críocha phointe (d) de mhír 1, beidh incháilitheacht le haghaidh tacaíocht ó CETFT coinníollach chomh maith ar na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:
níl stádas an dobharlaigh aitheanta mar stádas nach bhfuil go maith sa phlean bainistithe abhantracha ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce; agus
léirítear le hanailís chomhshaoil nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an infheistíocht ar an gcomhshaol; déanfaidh an t-údarás inniúil anailís den chineál sin ar an tionchar ar an gcomhshaol a chur i gcrích nó formheasfaidh sé í agus féadfar tagairt a dhéanamh inti do ghrúpaí gabháltas freisin.
Maidir le limistéir nach bhfuil uiscithe ach ina raibh suiteáil uiscithe gníomhach le déanaí, a bhunófar agus a dtabharfar bonn cirt dó sa chlár, féadfar iad a mheas mar limistéir uiscithe chun críche an glanmhéadú ar an limistéar uiscithe a chinneadh.
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 5,féadfaidh infheistíochtaí a mbíonn glanmhéadú ar an limistéar uiscithe mar thoradh uirthi bheith incháilithe do thacaíocht ó CETFT ar choinníoll:
go bhfuil an infheistíocht comhcheangailte le hinfheistíocht ar shuiteáil uiscithe atá ann cheana nó le cuid d'infrastruchtúr uiscithe má dhéantar measúnú ex-ante go bhfuil sábháil fhéidearthach ar uisce de idir 5 % agus 25 % ar a laghad i gceist i gcomhréir le paraiméadair theicniúla na suiteála nó an infrastruchtúir atá ann cheana agus
go n- áirithítear leis an infheistíocht laghdú éifeachtach ar úsáid uisce, ar leibhéal na hinfheistíochta ina hiomláine, arb ionann é agus 50 % den tsábháil uisce a d'fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar an infheistíocht sa suiteáil uiscithe atá ann cheana nó i gcuid d'infrastruchtúr uiscithe.
Thairis sin, mar mhaolú,ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll i bpointe (a) de mhír 5 maidir le hinfheistíochtaí i mbunú suiteála nua uiscithe a sholáthrófar uisce di ó chumar uisce atá ann cheana féin a d'fhormheas na húdaráis inniúla roimh an 31 Deireadh Fómhair 2013 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
Airteagal 47
Rialacha le haghaidh íocaíochtaí a bhaineann le hachar
Féadfar líon na heicteár a mbeidh feidhm ag gealltanas de bhun Airteagail 28, 29 agus 34 ina leith a bheith éagsúil ó bhliain go bliain sna cásanna seo a leanas:
déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht seo sa chlár forbartha tuaithe;
ní bhaineann an gealltanas atá i gceist le dáileachtaí seasta; agus
ní bheidh baol ann maidir le cuspóir an ghealltanais a bhaint amach.
Airteagal 48
Foráil athbhreithnithe
Déanfar foráil do chlásal um athbhreithniú d'oibríochtaí arna ngabháil ar láimh de bhun Airteagail 28, 29, 33 agus 34 chun go bhféadfaí iad a choigeartú orthu i gcás leasuithe ar na caighdeáin, ceanglais nó oibleagáidí sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear sna hAirteagail sin nach mór do na gealltanais a shárú. Cumhdófar sa chlásal coigeartuithe a bhfuil gá leo chun cistiú dúbailte na gcleachtas dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimhir. 1307/2013 a sheachaint i gcás leasaithe ar an na cleachtais sin.
Beidh clásal um athbhreithniú in oibríochtaí arna ngabháil ar láimh de bhun Airteagail 28, 29, 33 agus 34 a shíneann thar an gclárthréimhse reatha chun iad a oiriúnú do chreat dlí na tréimhse cláraithe dar gcionn.
I gcás nach nglacann an tairbhí leis an oiriúnú sin, rachaidh an gealltanas in éag agus ní éileoidh na Ballstáit aisíocaíocht le linn na tréimhse ina mbeidh an gealltanas i bhfeidhm.
Airteagal 49
Oibríochtaí a roghnú
De mhaolú air sin ar an gcéad fhomhír, i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo nuair nach féidir critéir roghnúcháin a bhunú toisc chineál an tsaghais oibríochtaí lena mbaineann, féadfaidh an tÚdarás Bainistíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin, modh roghnúcháin eile a shainmhíniú ar a ndéanfar tuairisc sa chlár forbartha tuaithe.
Airteagal 50
Sainmhíniú ar limistéar tuaithe
Chun críocha an Rialacháin seo saineoidh an tÚdarás Bainistíochta 'limistéar tuaithe' ar leibhéal an chláir. Féadfaidh na Ballstáit sainiú den chineál sin a bhunú le haghaidh birt nó cineál oibríochta más rud é go bhfuil údar cuí leis.
CAIBIDIL III
Cúnamh teicniúil agus líonrú
Airteagal 51
Cúnamh teicniúil a chistiú
Féadfaidh CETFT gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena n-ullmhófar do chur chun feidhme CBT sa chlárthréimhse ina dhiaidh sin.
Féadfaidh CETFT maoiniú a dhéanamh freisin ar na gníomhartha dá bhforáiltear in Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), i ndáil le siombailí agus táscairí scéime cáilíochta an Aontais.
Cuirfear na gníomhartha sin i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 58 de Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) agus i gcomhréir le haon fhorálacha eile den Rialachán sin agus dá fhorálacha cur chun feidhme is infheidhme maidir le forghníomhú an bhuiséid.
Ní bheidh costais a bhaineann leis an gcomhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013incháilithe faoin mír seo.
Laistigh den teorainn 4 % sin forchoimeádfar méid áirithe do bhunú agus oibriú an ghréasáin náisiúnta tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 54.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir leis na Ballstáit ar lú ná EUR 1 800 milliún an tacaíocht iomlán dóibh ón Aontas le haghaidh forbairt tuaithe do na blianta 2014-2020 mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis síneadh ama a chur lena gcuid clár i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2220, féadfaidh siad a chinneadh 5 % den mhéid iomlán do gach aon chlár forbartha tuaithe a dhíriú ar chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
Airteagal 52
Gréasán Eorpach um fhorbairt tuaithe
Beidh sé d'aidhm ag líonrú trí bhíthin an ghréasáin Eorpaigh um fhorbairt tuaithe:
rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile a mhéadú, go háirithe geallsealbhóirí talmhaíochta, foraoiseachta agus geallsealbhóirí eile forbartha tuaithe i gcur chun feidhme na forbartha tuaithe;
caighdeán na gclár forbartha tuaithe a fheabhsú;
ról a ghlacadh maidir leis an bpobal a chur ar an eolas i leith na sochar a bhaineann le beartas forbartha tuaithe.
meastóireacht na gclár forbartha tuaithe a thacú.
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an ngréasán:
faisnéis a bhailiú maidir le gníomhú i réimse na forbartha tuaithe, anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus í a scaipeadh;
tacaíocht a sholáthar maidir le próisis meastóireachta, agus sonraí a bhailiú agus a bhainistiú;
dea-chleachtais forbartha tuaithe a bhailiú, a chomhtháthú agus a scaipeadh ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le modheolaíochtaí agus uirlisí meastóireachta;
grúpaí agus/nó ceardlanna téamacha a bhunú agus a reáchtáil d'fhonn malartú saineolais a éascú agus tacú le cur chun feidhme agus faireachán agus forbairt bhreise a dhéanamh ar bheartas forbartha tuaithe;
faisnéis a sholáthar maidir le forbairtí i limistéir thuaithe an Aontais agus i dtríú tíortha;
cruinnithe agus seimineáir a eagrú ar leibhéal an Aontais dóibh siúd atá páirteach go gníomhach san fhorbairt tuaithe;
tacú le tionscnaimh comhair na ngréasán náisiúnta agus trasnáisiúnta agus leis an gcomhroinnt taithí maidir le gníomhaíochtaí i réimse na forbartha tuaithe le gréasáin i dtriú tíortha;
i gcás grúpaí áitiúla gníomhaíochta go sonrach:
sineirgí a chruthú leis na gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach nó ag an dá leibhéal ag na gréasáin faoi seach ag féachaint do ghníomhaíochtaí forbartha acmhainní agus do chomhroinnt taithí; agus
comhoibriú leis na comhlachtaí líonraithe agus leis na comhlachtaí tacaíochta teicniúla d'fhorbairt áitiúil arna mbunú ag CFRE, CSE, agus an CEMI maidir le gníomhaíochtaí forbartha áitiúla agus comhar trasnáisiúnta.
Airteagal 53
Gréasán na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar ghréasán CEN:
malartú saineolais agus dea-chleachtas a éascú;
idirphlé idir feirmeoirí agus an comhphobal taighde a bhunú agus cuimsiú na ngeallsealbhóirí uile a éascú sa phróiseas ina malartaítear eolas.
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar ghréasán CEN:
feidhm deisce cabhrach a sholáthar agus faisnéis a sholáthar do phríomhghníomhaithe maidir le CEN;
bunú grúpaí oibriúcháin a spreagadh agus eolas a chur ar fáil maidir leis na deiseanna a chuirtear ar fáil de bharr bheartais an Aontais;
bunú tionscnamh braisle agus treoirthionscadal nó tionscadal léiriúcháin a éascú a bhféadfaidh baint a bheith acu, inter alia, leis an méidseo a leanas leo:
táirgiúlacht talmhaíochta, inmharthanacht eacnamaíoch, inbhuanaitheacht, aschur agus éifeachtúlacht acmhainní atá méadaithe;
nuálaíocht chun tacú le geilleagar bithbhunaithe;
bitheagsúlacht, seirbhísí éiceachórais, feidhmiúlacht ithreach agus uisce a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe;
táirgí agus seirbhísí nuálaíocha don slabhra soláthair comhtháite;
deiseanna nua táirgí agus margaidh a chur ar fáil do tháirgeoirí tosaigh;
cáilíocht bia, sábháilteacht bia agus aiste bia fholláin;
caillteanais iarbhuainte agus cur amú bia a laghdú.
Faisnéis a bhailiú agus a scaipeadh i réimse CEN, lena n-áirítear torthaí taighde agus teicneolaíochtaí nua atá ábhartha maidir leis an nuáil agus malartú eolais agus malartuithe i réimse na nuála le tríú tíortha.
Airteagal 54
Gréasán náisiúnta tuaithe
Féadfaidh Ballstáit a bhfuil cláir réigiúnacha acu formheas a lorg do chlár sonrach maidir le bunú agus feidhmiú a ngréasán náisiúnta tuaithe.
Beidh sé d'aidhm ag líonrú sa ghréasán náisiúnta tuaithe an méid seo a leanas a bhaint amach:
rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí i gcur chun feidhme na forbartha tuaithe a mhéadú;
caighdeán cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe a fheabhsú;
eolas a chur ar fáil don phobal níos leithne agus do thairbhithe féideartha maidir le beartas forbartha tuaithe agus deiseanna maoiniúcháin;
nuálaíocht a chothú sa talmhaíocht, i dtáirgeadh bia, i bhforaoiseacht agus i limistéir thuaithe.
Bainfear úsáid as tacaíocht CETFT faoi Airteagal 51(2):
i gcomhair na struchtúr a theastaíonn chun an gréasán a reáchtáil;
chun plean gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme ina gcumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad:
gníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú samplaí de thionscadail ina gcuimsítear gach tosaíocht de chuid na gclár forbartha tuaithe;
gníomhaíochtaí a bhaineann le malartuithe téamacha agus anailíseacha a éascú idir geallsealbhóirí forbartha tuaithe, na torthaí a roinnt agus a scaipeadh;
gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna agus líonraithe a chur ar fáil do ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta agus go háirithe cúnamh teicniúil maidir le comhar idir-chríochach agus trasnáisiúnta, comhar a éascú idir ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta agus comhpháirtithe a lorg don bheart dá dtagraítear in Airteagal 35;
gníomhaíochta líonraithe do chomhairleoirí agus seirbhísí tacaíochta nualaíochta;
roinnt agus scaipeadh na dtorthaí a fhaightear tar éis faireacháin agus meastóireachta
plean cumarsáide lena n-áirítear poiblíocht agus faisnéis maidir leis an gclár forbartha tuaithe i gcomhaontú leis na hÚdaráis Bainistíochta agus gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide arna ndíriú ar phobal níos leithne;
foráil maidir le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an ghréasáin Eorpaigh um fhorbairt tuaithe agus rannchuidiú leo.
TEIDEAL IV
CEN DO THÁIRGIÚLACHT AGUS INBHUANAITHEACHT TALMHAÍOCHTA
Airteagal 55
Aidhmeanna
Déanfaidh CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta an méid seo a leanas:
earnáil talmhaíochta agus foraoiseachta a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní, inmharthana ó thaobh eacnamaíochta, táirgiúil, iomaíoch, a bhfuil astaíochtaí ísle i gceist léi, atá neamhdhíobhálach don aeráid agus athléimneach ina taobh, lena bhfeictear i dtreo córas táirgthe agrai-eiceolaíocha agus a oibríonn i gcomhar leis na hacmhainní nádúrtha fíor-riachtanacha ar a bhfuil an fheirmeoireacht agus an fhoraoiseacht ag brath;
cabhrú le soláthar seasta, inbhuanaithe bia, beatha agus bithábhar a sheachadadh, lena n-áirítear cinn atá ann cheana féin agus cinn nua;
próisis a fheabhsú chun an comhshaol a chaomhnú, dul in oiriúint don athrú aeráide agus an t-athrú aeráide a mhaolú;
nasc a chruthú idir an teicneolaíocht agus eolas ó thaighde cheannródaíoch agus feirmeoirí, bainisteoirí foraoisí, comhphobail tuaithe, gnóthais, ENRanna agus seirbhísí comhairleacha.
Déanfaidh CEN do tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta iarracht a aidhmeanna a bhaint amach mar seo a leanas:
breisluach a chruthú trí nasc níos láidre a chruthú idir taighde agus cleachtas feirmeoireachta agus úsáid níos leithne na mbeart nuálaíochta atá ar fáil a spreagadh;
trasuíomh níos tapúla agus níos forleithne de réitigh nuálacha a chur chun cinn; agus
pobal na heolaíochta a chur ar an eolas maidir leis na riachtanais taighde a bhaineann le cleachtas feirmeoireachta.
Airteagal 56
Grúpaí oibriúcháin
Airteagal 57
Cúraimí grúpaí oibriúcháin
Déanfaidh grúpaí oibriúcháin CEN plean a tharraingt suas ina mbeidh an méid seo a leanas:
cur síos ar an tionscadal nuálach atá le forbairt, le tástáil, le hoiriúnú nó le cur chun feidhme;
cur síos ar na torthaí a bhfuil súil leo agus ar an méid a chuirfidh siad le cuspóir CEN chun táirgiúlacht agus bainistiú acmhainní inbhuanaithe a fheabhsú.
Le linn dóibh a dtionscadail nuálacha a chur chun feidhme, déanfaidh grúpaí oibriúcháin an méid seo a leanas:
déanfaidh siad cinntí maidir le leagan amach agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí nuálacha; agus
cuirfidh siad gníomhaíochtaí nuálacha chun feidhme trí bhearta arna maoiniú trí na cláir forbartha tuaithe.
TEIDEAL V
FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 58
Acmhainní agus a ndáileadh
Gan dochar do mhíreanna 5, 6 agus 7, is é EUR 26 896 831 880 , ar a mhéad, i bpraghsanna reatha, méid iomlán na tacaíochta ón Aontas a bheidh ann don fhorbairt tuaithe faoin Rialachán seo, i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022 agus, i gcomhréir leis an gcreat ilbhliantúil airgeadais le haghaidh na mblianta 2021 go dtí 2027.
Airteagal 58a
Acmhainní le haghaidh théarnaimh earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais
Is é a bheidh sa mhéid EUR 8 070 486 840 sin i bpraghsanna reatha, ioncaim shannta sheachtracha i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ).
Cuirfear ar fáil é mar acmhainní breise le haghaidh gealltanas buiséadach faoi CETFT do na blianta 2021 agus 2022, de bhreis ar na hacmhainní foriomlána a leagtar amach in Airteagal 58 den Rialachán seo mar a leanas:
Chun críoch an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013, measfar na hacmhainní breise sin mar mhéideanna lena maoinítear bearta faoi CETFT. Measfar gur cuid de mhéid iomlán thacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe iad, dá dtagraítear in Airteagal 58(1) den Rialachán seo, agus cuirfear leis an méid sin iad nuair a dhéantar tagairt do mhéid iomlán thacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear sa mhír seo agus i mír 2 den Airteagal seo.
Déanfar 37 % ar a laghad de na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhorchoimeád i ngach clár forbartha tuaithe do bhearta dá dtagraítear in Airteagal 33 agus in Airteagal 59(5) agus (6), agus go háirithe don mhéid seo a leanas:
an fheirmeoireacht orgánach;
an t-athrú aeráide a mhaolú, agus oiriúnú dó, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a laghdú;
an ithir a chaomhnú, lena n-áirítear torthúlacht na hithreach a fheabhsú trí cheapadh carbóin;
úsáid agus bainistiú uisce a fheabhsú, lena n-áirítear caomhnú uisce;
gnáthóga a chruthú, a chaomhnú agus a athbhunú atá fabhrach don bhithéagsúlacht;
laghdú ar na rioscaí agus ar an tionchar a bhaineann le lotnaidicídí agus ábhar frithmhiocróbach a úsáid;
leas ainmhithe;
gníomhaíochtaí comhair LEADER.
Déanfar 55 % ar a laghad de na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhorchoimeád i ngach clár forbartha tuaithe do bhearta dá dtagraítear in Airteagail 17, 19, 20 agus 35, ar choinníoll go gcuirfidh úsáid ainmnithe na mbeart sin sna cláir forbartha tuaithe forbairt eacnamaíoch agus shóisialta i limistéir thuaithe chun cinn, agus go rannchuideoidh an úsáid sin le téarnamh eacnamaíoch athléimneach inbhuanaithe digiteach i gcomhréir, inter alia, leis na cuspóirí talmhaíochta, comhshaoil agus aeráide arna saothrú faoin Rialachán seo, agus go háirithe:
slabhraí soláthair gairide agus margaí áitiúla;
éifeachtúlacht acmhainní, lena n-áirítear feirmeoireacht bheacht agus chliste, nuálaíocht, digitú agus nuachóiriú innealra agus trealaimh táirgthe;
dálaí sábháilteachta ag an obair;
fuinneamh in-athnuaite, geilleagar ciorclach agus bithgheilleagar;
rochtain i limistéir thuaithe ar ardcháilíocht TFC.
Agus na hacmhainní breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á leithdháileadh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh maolú ón tairseach céatadáin a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a mhéid is gá chun prionsabal an neamh-chúlchéimnithe a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 a chomhlíonadh. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh maolú ó phrionsabal an neamh-chúlchéimnithe sin a mhéid is gá chun an tairseach céatadáin a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh.
Airteagal 59
Ranníocaíocht don chiste
►C1 Bunófar leis na cláir forbartha tuaithe ráta ranníocaíochta amháin ó CETFT is infheidhme maidir le gach beart. I gcás inarb infheidhme, bunófar ranníocaíocht ar leith ó CETFT do na réigiúin thearcfhorbartha, do na réigiúin is forimeallaí agus do na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 229/2013, agus do na réigiúin trasdula chomh maith. ◄ Is é an t-uasráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh i gceist ná:
85 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin thearcfhorbartha, na réigiúin is forimeallaí agus na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 229/2013;
75 % den chaiteachas poiblí incháilithe do na réigiúin a bhfuil OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 atá níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27;
63 % den chaiteachas poiblí incháilithe do na réigiúin trasdula seachas iad sin a ndéantar tagairt dóibh i bpointe (c) den mhír seo;
53 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin eile.
Is é an t-íosráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh i gceist ná 20 %.
De mhaolú ar mhír 3, is é an t-uasráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh i gceist ná:
80 % i gcomhair na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 14, 27 agus 35, don fhorbairt áitiúil LEADER dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus i gcomhair oibríochtaí faoi phointe (a)(i) d'Airteagal 19(1). ►C1 Féadfar an ráta sin a mhéadú go dtí 90 % ar a mhéad do chláir na réigiún tearcfhorbartha, na réigiún is forimeallaí, na n-oileán Aeigéach is lú de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 229/2013, agus na réigiún trasdula dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 3; ◄
75 % do na hoibríochtaí a chuireann leis na spriocanna comhshaoil agus leis na spriocanna maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus maidir le hoiriúnú dó faoi Airteagail 17,faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) d'Airteagal 21(1),faoi Airteagal 28 agus 29,30, 31 agus 34;
100 % d'ionstraimí airgeadais ar leibhéal AE dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) de Rialachán 1303/2013;
an ráta ranníocaíochtaí is infheidhme maidir leis an mbeart lena mbaineann arna méadú le 10 % bpointe céatadáin de bhreis le haghaidh ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1(de Rialachán 1303/2013;
100 % i gcás oibríochtaí arna maoiniú ó chistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 136a(1) de Rialachán (CE) 73/2009, Airteagal 7(2) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;
100 % i gcás oibríochtaí a fhaigheann cistiú ó acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(1). Féadfaidh na Ballstáit ráta aonair sonrach, a bheidh infheidhme maidir leis na hoibríochtaí sin go léir, a bhunú do ranníocaíocht CETFT;
100 % do mhéid EUR 100 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar Éirinn, do mhéid EUR 500 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar an bPortaingéil agus do mhéid EUR 7 milliún, i bpraghsanna 2011, arna leithdháileadh ar an gCipir;
Maidir leis na Ballstáit a bhfuil cúnamh airgeadais á fháil acu an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh i gcomhréir le hAirteagal 136 agus Airteagal 143 CFAE, féadfar ráta ranníocaíochta CETFT de thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimhir 1303/2013 a mhéadú le 10 bpointe céatadáin de bhreis ar a mhéid suas go huasteorann de 95 %, i ndáil le caiteachas le híoc ag na Ballstáit sin sna chéad dhá bhliain de chur i bhfeidhm an chláir forbartha tuaithe. Urramófar áfach ráta ranníocaíochta CETFT a bheadh feidhm leis gan an maolú seo i ndáil leis an gcaiteachas poiblí iomlán a dhéanfar i rith na clárthréimhse;
an ráta ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 39a(13) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 le haghaidh na hionstraime airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 38(1) den Rialachán sin.
I gcás ina mbainfidh na Ballstáit úsáid as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa séú nó seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, beidh feidhm ag na céatadáin a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo maidir le ranníocaíocht iomlán CETFT i gcomhair an chláir forbartha tuaithe gan an tacaíocht bhreise a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an séú nó seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír sna réigiúin is forimeallaí ná i gcríocha thar lear na mBallstát.
Airteagal 60
Incháilitheacht an chaiteachais
Cé is moite de chostais ghinearálta arna sainmhíniú i bpointe (c) d'Airteagal 45(2), i leith oibríochtaí infheistíochta faoi bhearta atá faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, ní mheasfar a bheith incháilithe ach caiteachas arna thabhú tar éis don iarratas a bheith curtha faoi bhráid an údarás inniúil. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina gclár go mbeidh caiteachas a bhaineann le bearta éigeandála mar gheall ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide nó athrú suntasach tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, agus a bheidh tabhaithe ag an tairbhí tar éis don teagmhas a bheith ann, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe freisin.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil ina gcláir nach mbeidh incháilithe ach amháin caiteachas arna thabhú tar éis don iarratas ar thacaíocht a bheith formheasta ag an údarás inniúil.
Airteagal 61
Caiteachas incháilithe
I gcás ina bhfuil costais reatha faoi chumhdach tacaíochta faoin Rialachán seo, beidh na cineálacha costais seo a leanas incháilithe:
costais oibriúcháin;
costais phearsanra;
costais oiliúna;
costais a bhaineann le caidreamh poiblí;
costais airgeadais;
costais líonraithe.
Airteagal 62
Infhíoraitheacht agus inrialaitheacht na mbeart
Airteagal 63
Airleacain
Measfar gurb ionann áis a sholáthraítear mar ráthaíocht ag údarás poiblí agus an ráthaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar chuntar go ngabhann an t-údarás ar láimh an méid atá clúdaithe ag an ráthaíocht sin a íoc sa chás nach mbunaítear teidlíocht don airleacan arna íoc roimh ré.
TEIDEAL VI
BAINISTIÚ, RIALÚ AGUS POIBLÍOCHT
Airteagal 64
Freagrachtaí an Choimisiúin
Chun bainistiú fónta airgeadais de réir Airteagal 317 CFAE a áirithiú, i gcomhthéacs bainistithe roinnte, cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na bearta agus na rialuithe atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
Airteagal 65
Freagrachtaí na mBallstát
Saineoidh na Ballstáit, le haghaidh gach cláir forbartha tuaithe, na húdaráis seo a leanas:
an tÚdarás Bainistíochta, a d'fhéadfadh a bheith ina chomhlacht poiblí nó príobháideach ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó an Ballstát féin i gcás ina dtugann sé faoin gcúram sin, le bheith i gceannas ar bhainistiú an chláir lena mbaineann;
an ghníomhaireacht chreidiúnaithe íocaíochta de réir bhrí Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;
an comhlacht deimhniúcháin de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
Airteagal 66
an tÚdarás Bainistíochta
Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach as bainistiú agus as cur chun feidhme an chláir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus ceart agus go háirithe as an méid seo a leanas:
a áirithiú go bhfuil córas leictreonach slán iomchuí ann le faisnéis staidrimh ar an gclár agus a chur chun feidhme a thaifeadadh, a choinneáil, a bhainistiú agus a thuairisciú, faisnéis atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht agus, go háirithe, faisnéis atá riachtanach le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí sainithe;
▼M7 —————
a áirithiú, i gcás tairbhithe agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme oibríochtaí:
go gcoinnítear ar an eolas iad faoina gcuid oibleagáidí a d'eascair ón gcabhair a tugadh, agus go gcoinníonn siad córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta iomchuí le haghaidh gach idirbheart a bhaineann leis an oibríocht;
go bhfuil siad ar an eolas faoi na ceanglais maidir le soláthar sonraí don Údarás Bainistíochta agus taifeadadh aschur agus torthaí;
a áirithiú go bhfuil an mheastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gcomhréir leis an gcóras meastóireachta agus faireacháin agus go nglactar léi agus go gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin í;
a áirithiú go bhfuil an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 curtha ar bun, go ndéantar an mheastóireacht cláir ex post dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos sa Rialachán sin, a áirithiú go bhfuil an mheastóireachta sin i gcomhréir leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta agus go gcuirtear iad faoi bhráid an Choiste Faireacháin agus an Choimisiúin;
faisnéis agus doiciméid atá ag teastáil le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir i bhfianaise a shainchuspóirí agus a thosaíochtaí, a sholáthar don Choiste Faireacháin;
an tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn a chur le chéile, lena n-áirítear táblaí faireacháin comhiomlána, agus, i ndiaidh formheasa ón gCoiste Faireacháin, í a chur faoi bhráid an Choimisiúin;
áirithiú go bhfaigheann an ghníomhaireacht íocaíochta an fhaisnéis iomchuí uile, go háirithe ar na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm agus ar rialuithe ar bith a thugtar fúthu maidir le hoibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh cistithe, sula gceadaítear íocaíochtaí;
poiblíocht a áirithiú le haghaidh an chláir, lena n-áirítear trí bhíthin an ghréasáin náisiúnta tuaithe, trí thairbhithe a d'fhéadfadh a bheith ann, eagraíochtaí gairmiúla, comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, comhlachtaí a bhfuil baint acu le comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná, agus na heagraíochtaí neamhrialtais lena mbaineann, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí atá á dtairiscint de réir an chláir agus na rialacha atá ann le rochtain a fháil ar chistiú cláir mar aon le tairbhithe na ranníocaíochta ón Aontas agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin ról atá ag an Aontas sa chlár.
Nuair a tharmligtear cuid dá chúraimí chuig comhlacht eile, coinneoidh an tÚdarás Bainistíochta freagracht iomlán as éifeachtúlacht agus ceartaiseacht bhainistiú agus chur chun feidhme na gcúraimí sin. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go bhfuil forálacha iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh sé ar chumas an chomhlachta eile gach sonraí agus faisnéis is gá a fháil leis na cúraimí seo a chur i gcrích.
Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbíonn oibríochtaí agus aschur an fho-chláir théamaigh seo sainaitheanta ar leithligh ar mhaithe leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 67.
TEIDEAL VII
FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 67
Córas faireacháin agus meastóireachta
I gcomhréir leis an Teideal seo, dréachtófar comhchóras faireacháin agus meastóireachta trí chomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus glacfaidh an Coimisiún an comhchóras sin trí bhíthinn gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 84.
Airteagal 68
Cuspóirí
Beidh sé d'aidhm ag an gcóras faireacháin agus meastóireachta an méid seo a leanas a dhéanamh:
dul chun cinn agus baint amach beartais forbartha tuaithe a léiriú agus tionchar, éifeacht, éifeachtúlacht agus ábharthacht idirghabhálacha ar bheartas forbartha tuaithe a mheasúnú;
rannchuidiú le tacaíocht níos spriocdhírithe le haghaidh forbartha tuaithe;
comhphróiseas foghlama a chothú i dtaca le faireachán agus meastóireacht.
Airteagal 69
Comhtháscairí
Airteagal 70
Córas Leictreonach Faisnéise
Déanfar taifead leictreonach ar phríomhfhaisnéis maidir le cur chun feidhme an chláir, maidir le gach oibríocht arna roghnú le haghaidh cistithe, chomh maith le faisnéis maidir le hoibríochtaí lánchríochnaithe, faisnéis atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht, lena n-áirítear príomh-fhaisnéis maidir le gach tairbhí agus tionscadal, agus coinneofar an fhaisnéis sin go leictreonach.
Airteagal 71
Faisnéis a chur ar fáil
Glacfaidh tairbhithe a fuair tacaíocht ó bhearta forbartha tuaithe agus ó ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta mar chúram orthu féin an fhaisnéis is gá a sholáthar don Údarás Bainistíochta agus/nó do mheastóirí ceaptha nó do chomhlachtaí eile atá tarmligthe chun feidhmeanna a chomhlíonadh ar a shon ionas go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár, go háirithe maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí sainithe a chomhlíonadh.
CAIBIDIL II
Faireachán
Airteagal 72
Nósanna imeachta faireacháin
Airteagal 73
Coiste Faireacháin
Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil cláir réigiúnacha acu Coiste Faireacháin náisiúnta a bhunú le cur chun feidhme na gclár seo a chomhordú i dtaca leis an gCreat Náisiúnta agus roghnú sócmhainní airgeadais.
Airteagal 74
Freagrachtaí an Choiste Faireacháin
Deimhneoidh an Coiste Faireacháin dó féin maidir le feidhmíocht an chláir forbartha tuaithe agus éifeachtacht a chur chun feidhme. Chun na críche sin, i dteannta na bhfeidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013:
rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin agus eiseoidh sé tuairim, sula bhfoilseofar an glao ábhartha ar thograí, ar na critéir roghnúcháin le haghaidh oibríochtaí maoinithe a dhéanfar a athbhreithniú de réir na riachtanas clársceidealaithe;
déanfaidh an Coiste Faireacháin scrúdú ar na gníomhaíochtaí agus ar an aschur a bhaineann leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme phlean meastóireachta an chláir;
déanfaidh an Coiste Faireacháin scrúdú go háirithe ar ghníomhaíochtaí atá sa chlár a bhaineann le coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh, atá faoi raon feidhme fhreagrachtaí an Údaráis Bhainistíochta, agus a bheith ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le coinníollachtaí eile ex ante a chomhlíonadh;
glacfaidh an Coiste Faireacháin páirt sa ghréasán náisiúnta tuaithe le faisnéis a mhalartú ar chur chun feidhme an chláir;
breithneoidh an Coiste Faireacháin na tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme agus déanfaidh sé iad a fhormheas sula gcuirtear chuig an gCoimisiún iad.
Airteagal 75
Tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme
CAIBIDIL III
Meastóireacht
Airteagal 76
Forálacha ginearálta
Airteagal 77
Meastóireacht ex ante
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an meastóir ex ante ar an eolas go luath maidir le próiseas forbartha an chláir forbartha tuaithe, lena n-áirítear forbairt na hanailíse dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b), dearadh loighic idirghabhála an chláir agus bunú spriocanna an chláir.
Airteagal 78
Meastóireacht ex-post
Sa bhliain 2026, ullmhóidh na Ballstáit tuarascáil mheastóireachta ex-post le haghaidh gach ceann dá gcláir forbartha tuaithe. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2026.
Airteagal 79
Sintéisí meastóireachtaí
Is faoi fhreagracht an Choimisiúin a ghabhfar ar láimh sintéisí na dtuarascálacha measatóireachta ex ante agus ex post ar leibhéal an Aontais.
Beidh sintéisí na dtuarascálacha meastóireachta críochnaithe ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig den bhliain i ndiaidh thíolacadh na meastóireachtaí ábhartha.
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA IOMAÍOCHTA
Airteagal 80
Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais
I gcás ina ndeonaítear tacaíocht faoin Rialachán seo d'fhoirmeacha comhair idir ghnólachtaí, ní fhéadfar í a dheonadh ach do na foirmeacha comhair lena chomhlíontar na rialacha iomaíochta de réir mar a bheidh feidhm acu de bhua Airteagal 206 go hAirteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Airteagal 81
Státchabhair
Airteagal 82
Maoiniú náisiúnta breise
I gcás íocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit maidir le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus atá beartaithe maoiniú breise a sholáthar le haghaidh forbartha tuaithe a bhfuil tacaíocht ón Aontas formheasta ina leith tráth ar bith le linn na clárthréimhse, cuirfidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin san áireamh sa chlár forbartha tuaithe de réir mar a fhoráiltear i mír 1(j) d'Airteagal 8 agus, i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na critéir faoin Rialachán sin, formheasfaidh an Coimisiún iad.
TEIDEAL IX
CUMHACHTAÍ AN CHOIMISIÚIN, FORÁLACHA COITEANNA AGUS FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
CAIBIDIL I
Cumhachtaí an Choimisiúin
Airteagal 83
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 84
Nós imeachta coiste
CAIBIDIL II
Forálacha comhchoiteanna
Airteagal 85
Malartú faisnéise agus doiciméad
Airteagal 86
Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint
Airteagal 87
Forálacha ginearálta
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta atá leagtha amach sa Rialachán seo.
CAIBIDIL III
Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha
Airteagal 88
Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.
Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 d'fheidhm a bheith aige maidir le hoibríochtaí atá curtha chun feidhme de bhun clár atá formheasta ag an gCoimisiún faoin Rialachán sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 89
Forálacha idirthréimhseacha
Chun an trasdul a éascú ón gcóras a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 chuig an gcóras arna bhunú ag an Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 83, lena leagtar síosna dálaí faoinarbh fhéidir tacaíocht atá formheasta ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 a chomhtháthú le tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le haghaidh cúnaimh theicniúil agus na meastóireachtaí ex post. Féadfar leis sna gníomhartha tarmligthe sin foráil freisin do choinnílllacha maidir leis an trasdul ó thacaíocht forbartha tuaithe don Chróit faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 chuig tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.
Airteagal 90
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
ANNEX I
CUID A HAON: MIONDEALÚ AR THACAÍOCHT AN AONTAIS DON FHORBAIRT TUAITHE (2014 GO 2020)
|
(current prices in EUR) |
||||||||
|
|
2014 |
2015 |
2016 |
2017 |
2018 |
2019 |
2020 |
TOTAL 2014-2020 |
|
Belgium |
40 855 562 |
97 243 257 |
109 821 794 |
97 175 076 |
97 066 202 |
102 912 713 |
102 723 155 |
647 797 759 |
|
Bulgaria |
0 |
502 807 341 |
505 020 057 |
340 409 994 |
339 966 052 |
339 523 306 |
338 990 216 |
2 366 716 966 |
|
Czech Republic |
0 |
470 143 771 |
503 130 504 |
344 509 078 |
343 033 490 |
323 242 050 |
321 615 103 |
2 305 673 996 |
|
Denmark |
90 287 658 |
90 168 920 |
136 397 742 |
144 868 072 |
153 125 142 |
152 367 537 |
151 588 619 |
918 803 690 |
|
Germany |
664 601 903 |
1 498 240 410 |
1 685 574 112 |
1 404 073 302 |
1 400 926 899 |
1 397 914 658 |
1 394 588 766 |
9 445 920 050 |
|
Estonia |
103 626 144 |
103 651 030 |
111 192 345 |
122 865 093 |
125 552 583 |
127 277 180 |
129 177 183 |
823 341 558 |
|
Ireland |
0 |
469 633 941 |
469 724 442 |
313 007 411 |
312 891 690 |
312 764 355 |
312 570 314 |
2 190 592 153 |
|
Greece |
0 |
907 059 608 |
1 007 736 821 |
703 471 245 |
701 719 722 |
700 043 071 |
698 261 326 |
4 718 291 793 |
|
Spain |
0 |
1 780 169 908 |
1 780 403 445 |
1 185 553 005 |
1 184 419 678 |
1 183 448 718 |
1 183 394 067 |
8 297 388 821 |
|
France |
4 353 019 |
2 336 138 618 |
2 363 567 980 |
1 665 777 592 |
1 668 304 328 |
1 984 761 729 |
1 987 739 983 |
12 010 643 249 |
|
Croatia |
0 |
448 426 250 |
448 426 250 |
282 342 500 |
282 342 500 |
282 342 500 |
282 342 500 |
2 026 222 500 |
|
Italy |
0 |
2 223 480 180 |
2 231 599 688 |
1 493 380 162 |
1 495 583 530 |
1 498 573 799 |
1 501 763 408 |
10 444 380 767 |
|
Cyprus |
0 |
28 341 472 |
28 345 126 |
18 894 801 |
18 892 389 |
18 889 108 |
18 881 481 |
132 244 377 |
|
Latvia |
138 327 376 |
150 968 424 |
153 066 059 |
155 139 289 |
157 236 528 |
159 374 589 |
161 491 517 |
1 075 603 782 |
|
Lithuania |
230 392 975 |
230 412 316 |
230 431 887 |
230 451 686 |
230 472 391 |
247 213 599 |
264 151 386 |
1 663 526 240 |
|
Luxembourg |
0 |
21 385 468 |
21 432 133 |
14 366 484 |
14 415 051 |
14 464 074 |
14 511 390 |
100 574 600 |
|
Hungary |
0 |
742 851 235 |
737 099 981 |
488 620 684 |
488 027 342 |
487 402 356 |
486 662 895 |
3 430 664 493 |
|
Malta |
0 |
20 905 107 |
20 878 690 |
13 914 927 |
13 893 023 |
13 876 504 |
13 858 647 |
97 326 898 |
|
Netherlands |
87 118 078 |
87 003 509 |
118 496 585 |
118 357 256 |
118 225 747 |
148 107 797 |
147 976 388 |
825 285 360 |
|
Austria |
557 806 503 |
559 329 914 |
560 883 465 |
562 467 745 |
564 084 777 |
565 713 368 |
567 266 225 |
3 937 551 997 |
|
Poland |
1 569 517 638 |
1 175 590 560 |
1 193 429 059 |
1 192 025 238 |
1 190 589 130 |
1 189 103 987 |
1 187 301 202 |
8 697 556 814 |
|
Portugal |
577 031 070 |
577 895 019 |
578 913 888 |
579 806 001 |
580 721 241 |
581 637 133 |
582 456 022 |
4 058 460 374 |
|
Romania |
0 |
1 723 260 662 |
1 751 613 412 |
1 186 544 149 |
1 184 725 381 |
1 141 925 604 |
1 139 927 194 |
8 127 996 402 |
|
Slovenia |
118 678 072 |
119 006 876 |
119 342 187 |
119 684 133 |
120 033 142 |
120 384 760 |
120 720 633 |
837 849 803 |
|
Slovakia |
271 154 575 |
213 101 979 |
215 603 053 |
215 356 644 |
215 106 447 |
214 844 203 |
214 524 943 |
1 559 691 844 |
|
Finland |
335 440 884 |
336 933 734 |
338 456 263 |
340 009 057 |
341 593 485 |
343 198 337 |
344 776 578 |
2 380 408 338 |
|
Sweden |
0 |
386 944 025 |
378 153 207 |
249 386 135 |
249 552 108 |
249 710 989 |
249 818 786 |
1 763 565 250 |
|
United Kingdom |
475 531 544 |
848 443 195 |
850 859 320 |
754 569 938 |
754 399 511 |
755 442 113 |
756 171 870 |
5 195 417 491 |
|
Total EU-28 |
5 264 723 001 |
18 149 536 729 |
18 649 599 495 |
14 337 026 697 |
14 346 899 509 |
14 656 460 137 |
14 675 251 797 |
100 079 497 365 |
|
|
||||||||
|
Technical assistance |
34 130 699 |
34 131 977 |
34 133 279 |
34 134 608 |
34 135 964 |
34 137 346 |
34 138 756 |
238 942 629 |
|
Total |
5 298 853 700 |
18 183 668 706 |
18 683 732 774 |
14 371 161 305 |
14 381 035 473 |
14 690 597 483 |
14 709 390 553 |
100 318 439 994 |
CUID A DÓ: MIONDEALÚ AR THACAÍOCHT AN AONTAIS DON FHORBAIRT TUAITHE (2021 AGUS 2022)
(praghsanna reatha in EUR)
|
|
2021 |
►M14 2022 ◄ |
|
An Bheilg |
101 120 350 |
►M14 82 800 894 ◄ |
|
An Bhulgáir |
276 362 304 |
►M14 284 028 644 ◄ |
|
An tSeicia |
317 532 230 |
►M14 267 027 708 ◄ |
|
An Danmhairg |
155 064 249 |
►M14 136 972 060 ◄ |
|
An Ghearmáin |
1 635 145 136 |
►M14 1 387 301 738 ◄ |
|
An Eastóin |
107 500 074 |
►M14 88 031 648 ◄ |
|
Éire |
380 591 206 |
►M14 311 641 628 ◄ |
|
An Ghréig |
776 736 956 |
►M14 651 537 600 ◄ |
|
An Spáinn |
1 320 014 366 |
►M14 1 081 564 825 ◄ |
|
An Fhrainc |
2 342 357 917 |
►M14 2 008 001 070 ◄ |
|
An Chróit |
320 884 794 |
►M14 276 679 401 ◄ |
|
An Iodáil |
1 654 587 531 |
►M14 1 355 921 375 ◄ |
|
An Chipir |
29 029 670 |
►M14 23 770 514 ◄ |
|
An Laitvia |
143 740 636 |
►M14 142 745 173 ◄ |
|
An Liotuáin |
238 747 895 |
►M14 195 495 162 ◄ |
|
Lucsamburg |
13 190 338 |
►M14 11 626 644 ◄ |
|
An Ungáir |
476 870 229 |
►M14 384 539 149 ◄ |
|
Málta |
23 852 009 |
►M14 19 334 497 ◄ |
|
An Ísiltír |
161 088 781 |
►M14 129 378 369 ◄ |
|
An Ostair |
635 078 708 |
►M14 520 024 752 ◄ |
|
An Pholainn |
1 297 822 020 |
►M14 1 004 725 539 ◄ |
|
An Phortaingéil |
575 185 863 |
►M14 455 640 620 ◄ |
|
An Rómáin |
1 181 006 852 |
►M14 967 049 892 ◄ |
|
An tSlóivéin |
134 545 025 |
►M14 110 170 192 ◄ |
|
An tSlóvaic |
318 199 138 |
►M14 234 975 909 ◄ |
|
An Fhionlainn |
432 995 097 |
►M14 354 551 956 ◄ |
|
An tSualainn |
258 770 726 |
►M14 211 889 741 ◄ |
|
Iomlán AE |
15 308 020 100 |
►M14 12 697 426 700 ◄ |
|
Cúnamh Teicniúil |
36 969 860 |
►M14 30 272 220 ◄ |
|
Iomlán |
15 344 989 960 |
►M14 12 727 698 920 ◄ |
IARSCRÍBHINN Ia
MIONDEALÚ AR NA HACMHAINNÍ BREISE DE RÉIR AN BHALLSTÁIT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 58a
(praghsanna reatha in EUR)
|
|
2021 |
2022 |
|
An Bheilg |
14 246 948 |
33 907 737 |
|
An Bhulgáir |
59 744 633 |
142 192 228 |
|
An tSeicia |
54 879 960 |
130 614 305 |
|
An Danmhairg |
16 078 147 |
38 265 991 |
|
An Ghearmáin |
209 940 765 |
499 659 020 |
|
An Eastóin |
18 636 494 |
44 354 855 |
|
Éire |
56 130 739 |
133 591 159 |
|
An Ghréig |
108 072 886 |
257 213 470 |
|
An Spáinn |
212 332 550 |
505 351 469 |
|
An Fhrainc |
256 456 603 |
610 366 714 |
|
An Chróit |
59 666 188 |
142 005 526 |
|
An Iodáil |
269 404 179 |
641 181 947 |
|
An Chipir |
3 390 542 |
8 069 491 |
|
An Laitvia |
24 878 226 |
59 210 178 |
|
An Liotuáin |
41 393 810 |
98 517 267 |
|
Lucsamburg |
2 606 635 |
6 203 790 |
|
An Ungáir |
88 267 157 |
210 075 834 |
|
Málta |
2 588 898 |
6 161 577 |
|
An Ísiltír |
15 513 719 |
36 922 650 |
|
An Ostair |
101 896 221 |
242 513 006 |
|
An Pholainn |
279 494 858 |
665 197 761 |
|
An Phortaingéil |
104 599 747 |
248 947 399 |
|
An Rómáin |
204 761 482 |
487 332 328 |
|
An tSlóivéin |
21 684 662 |
51 609 495 |
|
An tSlóvaic |
48 286 370 |
114 921 561 |
|
An Fhionlainn |
61 931 116 |
147 396 056 |
|
An tSualainn |
44 865 170 |
106 779 104 |
|
Iomlán AE-27 |
2 381 748 705 |
5 668 561 918 |
|
Cúnamh Teicniúil (0,25 %) |
5 969 295 |
14 206 922 |
|
Iomlán |
2 387 718 000 |
5 682 768 840 |
IARSCRÍBHINN II
MÉIDEANNA AGUS RÁTAÍ TACAÍOCHTA
|
Airteagal |
Ábhar |
Uasmhéid in EUR nó ráta |
|
|
15(8) |
Seirbhísí comhairleacha, seirbhísí bainistíochta feirme agus seirbhísí faoisimh feirme |
1 500 |
In aghaidh na míre comhairle |
|
200 000 |
In aghaidh trí bliana i gcomhair oiliúint na gcomhairleoirí |
||
|
16(2) |
Faisnéis agus imeachtaí chur chun cinn |
70 % |
De chostais incháilithe na gníomhaíochta |
|
16(4) |
Scéimeanna cáilíochta nó táirgí talmhaíochta agus earraí bia |
3 000 |
In aghaidh an ghabháltais sa bhliain |
|
17(3) |
Infheistíocht i sócmhainní fisiceacha |
|
Earnáil na Talmhaíochta |
|
50 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin thearcfhorbartha agus sna réigiúin uile a raibh OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27. |
||
|
75 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna réigiúin is forimeallaí |
||
|
75 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sa Chróit do chur chun feidhme Threoir 91/676/CEE (1) (*1) ón gComhairle laistigh d'uastréimhse ceithre bliana ó dháta an aontachais de bhun Airteagal 3(2) agus Airteagal 5(1) den Treoir sin |
||
|
75 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna hoileáin Aeigéacha is lú |
||
|
40 % |
►M12
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile Féadfar na rátaí thuas a mhéadú 35 phointe céatadáin de bhreis, ar a mhéad, i gcás oibríochtaí maoiniúcháin ó chistí dá dtagraítear in Airteagal 58a(1) lena rannchuidítear le téarnamh eacnamaíoch athléimneach inbhuanaithe digiteach ar choinníoll nach mó ná 75 % an tacaíocht sin, agus a mhéadú 20 pointe céatadáin de bhreis, ar choinníoll nach mó ná 90 % an t-uasmhéid tacaíochta comhcheangailte, le haghaidh na nithe seo a leanas: — Feirmeoirí óga mar a shainítear sa Rialachán seo, nó a thosaigh amach cheana féin le linn na cúig bliana roimh an iarratas ar thacaíocht; — Infheistíochtaí comhchoiteanna agus tionscadal comhtháite, lena n-áirítear iad sin atá nasctha le cumasc eagraíochtaí táirgeoirí; — Limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta sonracha eile ag bagairt orthu, srianta dá dtagraítear in Airteagal 32; — Oibríochtaí a dtugtar tacú dóibh laistigh de chreat CEN; — Infheistíochtaí atá nasctha le hoibríochtaí faoi Airteagal 28 agus Airteagal 29 |
||
|
|
Próiseáil agus margú na dtáirgí dá liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE |
||
|
50 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin thearcfhorbartha agus sna réigiúin uile a raibh OTI per capita acu don tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 don tréimhse tagartha ach a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27 |
||
|
75 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna réigiúin is forimeallaí |
||
|
75 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna hoileáin Aeigéacha is lú |
||
|
40 % |
►M12
|
||
|
17(4) |
Infheistíocht i sócmhainní fisiceacha |
100 % |
Infheistíochtaí neamhtháirgiúla agus bonneagar talmhaíochta agus foraoiseachta |
|
18(5) |
Acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh damáiste di de bharr tubaistí nádúrtha a athbhunú agus gníomhaíochtaí iomchuí coisctheacha a thabhairt isteach |
80 % |
De mhéid chostais na hinfheistíochta incháilithe le haghaidh oibríochtaí coisctheacha arna ndéanamh ag feirmeoirí aonair. |
|
100 % |
De mhéid chostais na hinfheistíochta incháilithe le haghaidh oibríochtaí coisctheacha arna ndéanamh i dteannta a chéile ag níos mó ná tairbhí amháin. |
||
|
100 % |
De mhéid chostais na hinfheistíochta incháilithe le haghaidh oibríochtaí chun athchóiriú a dhéanamh ar thalamh talmhaíochta agus ar acmhainneacht táirgeachta a ndearnadh damáiste dóibh de bharr tubaistí nádúrtha agus teagmhas turraingeach. |
||
|
19(6) |
Forbairt feirmeacha agus gnóthaí |
70 000 |
►M12
|
|
70 000 |
In aghaidh an tairbhí faoi Airteagal 19(1)(a)(ii) |
||
|
15 000 |
In aghaidh na feirme bige faoi Airteagal 19(1)(a)(iii) |
||
|
23(3) |
Córais agrafhoraoiseachta a bhunú |
80 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe le córais agrafhoraoiseachta a bhunú |
|
26(4) |
Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i bpróiseáil, i slógadh agus i margaíocht táirgí foraoiseachta |
65 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin thearcfhorbartha |
|
75 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna réigiúin is forimeallaí |
||
|
75 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe sna hoileáin Aeigéacha is lú |
||
|
40 % |
De mhéid na hinfheistíochta incháilithe i réigiúin eile |
||
|
27(4) |
Grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú |
10 % |
Mar chéatadán de tháirgeacht a margaíodh le linn na chéad chúig bliana i ndiaidh aitheantais. Beidh an tacaíocht céimlaghdaitheach. |
|
100 000 |
Uas-suim in aghaidh na bliana i ngach cás. |
||
|
28(8) |
Agra-comhshaoil |
600 (*1) |
In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr bliantúil |
|
900 (*1) |
In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr speisialaithe ilbhliantúil |
||
|
450 (*1) |
In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh úsáidí eile talún |
||
|
200 (*1) |
In aghaidh an aonaid bheostoic ("LU") sa bhliain le haghaidh pórtha áitiúla i mbaol a gcaillte d'fheirmeoirí |
||
|
29(5) |
Feirmeoireacht Orgánach |
600 (*1) |
In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr bliantúil |
|
900 (*1) |
In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh barr speisialaithe ilbhliantúil |
||
|
450 (*1) |
In aghaidh an heicteáir sa bhliain le haghaidh úsáidí eile talún |
||
|
30(7) |
Íocaíochtaí Natura 2000 agus na Creat-Treorach Uisce |
500 (*1) |
Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain sa tréimhse tosaigh nach faide ná cúig bliana |
|
200 (*1) |
Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain |
||
|
50 (*2) |
Íosmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain d'íocaíochtaí na Creat-treorach Uisce |
||
|
31(3) |
Íocaíochtaí le limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile sonracha ag bagairt orthu |
25 |
Íosmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain ar mheán limistéar an tairbhí atá ag fáil tacaíochta |
|
250 (*1) |
Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain |
||
|
450 (*1) |
Uasmhéid in aghaidh an heicteáir sa bhliain i limistéir sléibhe mar a shainítear in Airteagal 32(2) |
||
|
33(3) |
Leas ainmhithe |
500 |
In aghaidh LU |
|
34(3) |
Seirbhísí comhshaoil foraoise agus caomhnú foraoise |
200 (*1) |
In aghaidh an heicteáir sa bhliain |
|
37(5) |
Árachas barr, ainmhithe agus plandaí |
70 % |
Den phréimh árachais dlite |
|
38(5) |
Cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhas díobhálach aeráide, galar ainmhithe agus plandaí, foirgeachta le lotnaidí agus teagmhas comhshaoil |
70 % |
De na costais cháilithe |
|
39(5) |
Uirlis cobhsaithe ioncaim |
70 % |
De na costais cháilithe |
|
(1)
Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
(*1)
Féadfar na méideanna seo a mhéadú i gcásanna a mbeidh bunús cuí leo agus dálaí sonracha a bheidh le fírinniú sna cláir forbartha tuaithe á gcur san áireamh.
(*2)
Féadfar an méid seo a laghdú i gcásanna a mbeidh bunús cuí leo agus dálaí sonracha a bheidh le fírinniú sna cláir forbartha tuaithe á gcur san áireamh. NB: Tá leibhéal na cabhrach gan dochar do rialacha an Aontais maidir le státchabhair |
|||
IARSCRÍBHINN III
CRITÉIR BHITHFHISICEACHA MAIDIR LE TEORANNÚ ÁITEANNA A BHFUIL SRIANTA NÁDÚRTHA AG BAGAIRT ORTHU
|
CRITÉAR |
SAINMHÍNIÚ |
TAIRSEACH |
|
AERÁID |
||
|
Teocht Íseal (*1) |
Fad na tréimhse fáis (líon laethanta) arna sainiú ag líon na laethanta le meánteocht laethúil > 5 °C (LGPt5) nó |
≤ 180 lá |
|
Suim ama theirmigh (céimeanna-laethanta) le haghaidh na Tréimhse Fáis arna sainiú trí mheánteocht laethúil charnach > 5 °C |
≤ 1 500 céim-laethanta |
|
|
Tirimeacht |
Cóimheas na frasaíochta (P) leis an imghalú bliantúil a d'fhéadfadh a bheith ann (PET) |
P/PET ≤ 0.5 |
|
ITHIR AGUS AERÁID |
||
|
Ró-thaise ithreach |
Líon na laethanta ar thoilleadh réimse nó níos mó ná sin |
≥ 230 lá |
|
ITHIR |
||
|
Draenáil theoranta ithreach (*1) |
Limistéir leathbháite ar feadh tréimhse suntasaí den bhliain |
Fliuch laistigh de 80 cm ón dromchla ar feadh níos mó ná 6 mhí, nó fliuch laistigh de 40 cm ar feadh níos mó ná 11 mhí nó Ithir le draenáil olc nó fíor-olc nó Patrún i ndath gléirigh laistigh de 40 cm ón dromchla |
|
Uigeacht agus clochacht neamhfhabhrach (*1) |
Flúirse choibhneasta cré, síolta, gainimh, ábhair orgánaigh (meáchan %) agus codáin gharbhábhair (toirtmhéadrach %) |
≥ Is garbhábhar é 15 % de thoirt bharrithreach, lena n-áirítear lomán carraigeach, bollán nó |
|
Is é gaineamh nó gaineamh gúrabháin í an aicme uigeachta i leath nó níos mó ná leath (go carnach) de 100 cm ón dromchlá, é á shainiú mar: siolta % + (2 × cré %) ≤ 30 %) nó |
||
|
Cré throm aicme uigeachta na barrithreach (≥ 60 % cré) nó |
||
|
Ithir orgánach (ábhar orgánach ≥ 30 %) de 40 cm ar a laghad nó |
||
|
Tá 30 % nó níos mó de chré agus airíonna ceartingearacha laistigh de 100 cm ón dromchlá |
||
|
Doimhneacht Éadomhain Fréamhaithe |
Doimhneacht (cm) ón dromchla ithreach go cruacharraig chomhtháiteach nó cruachiseal comhtháiteach |
≤ 30 cm |
|
Airíonna Laga Ceimiceacha (*1) |
Láithreacht salainn, sóidiam inmhalartaithe, aigéadacht iomarcach |
Salandacht: ≥ 4 dheici-Shímin in aghaidh an mhéadair (dS/m) sa bharrithreach nó |
|
Tomhas Sóidiam: ≥ 6 Chéatadán Sóidiam inmhalartaithe (ESP) i leath nó níos mó ná leath (go carnach) den 100 cm ón sraith dromchlá ithreach nó |
||
|
Aigéadacht ithreach: pH ≤ 5 (in uisce) sa bharrithreach |
||
|
TÍR-RAON |
||
|
Fána Ghéar |
Athrú airde maidir le hachar plánaiméadrach (%) |
≥ 15 % |
|
(*1)
Ní gá do na Ballstáit comhlíonadh an chritéir seo a sheiceáil ach amháin i gcomparáid leis na tairsighatá ábhartha maidir leis an gcás sonrach a bhaineann le limistéar |
||
IARSCRÍBHINN IV
LIOSTA TÁSCACH BEART AGUS OIBRÍOCHTAÍ A BHFUIL ÁBHARTHACHT FAOI LEITH AG BAINT LEO MAIDIR LE FOCHLÁIR THÉAMACHA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7
Feirmeoirí óga:
Feirmeacha beaga:
Infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta
Limistéir sléibhe:
Slabhraí soláthair gairide:
Mná i gceantair tuaithe:
Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus bithéagsúlacht:
IARSCRÍBHINN V
COINNÍOLLACHTAÍ EX ANTE LE HAGHAIDH FORBARTHA TUAITHE
1. COINNÍOLLACHTAÍ ATÁ NASCTHA LE TOSAÍOCHTAÍ
|
Tosaíocht de chuid AE maidir le forbairt tuaithe (FT)/RFC Cuspóir Téamach (CT) |
Coinníollachtaí ex ante |
Critéir atá le comhlíonadh |
|
Tosaíocht FT 3: eagrú an tslabhra bia a chur chun cinn, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta a phróiseáil agus a chur ar an margadh, leas ainmhithe agus bainistiú riosca sa talmhaíochta CT 5: oiriúnú d'athrú aeráide, cosc agus bainistiú riosca a chur chun cinn |
3.1. Cosc ar rioscaí agus bainistiú rioscaí: measúnuithe riosca náisiúnta nó réigiúnacha a bheith ann don bhainistiú tubaiste, agus oiriúnú don athrú aeráide á chur san áireamh |
— Beidh measúnú riosca náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm ina mbeidh na gnéithe seo a leanas: — — Tuairisc ar an bpróiseas, ar an modheolaíocht, ar na modhanna agus ar na sonraí neamh-íogair a úsáidtear chun measúnú riosca a dhéanamh mar aon le cur síos ar na critéir riosca-bhunaithe a bhaineann le tosaíocht a thabhairt d'infheistíocht; — Tuairisc ar chásanna aonriosca agus ilrioscaí; — Straitéisí náisiúnta oiriúnaithe don athrú aeráide a chur san áireamh, nuair is iomchuí. |
|
Tosaíocht FT 4: na héiceachórais a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht a athshlanú, a chaomhnú agus a fheabhsú |
4.1 Tá caighdeáin maidir le Dálaí Maithe Talmhaíochta agus Comhshaoil (DMTC) na talún dá dtagraítear i gCaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) 1306/2013 bunaithe ar an leibhéal náisiúnta |
— déantar caighdeáin DMTC a shainiú sa dlí náisiúnta agus a shonrú sna cláir; |
|
CT 5: oiriúnú don athrú aeráide, cosc agus bainistiú riosca a chur chun cinn |
4.2 Tá na híoscheanglais maidir le leasacháin agus táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 28 de Chaibidil I de Theideal III den Rialachán seo sainithe ar an leibhéal náisiúnta |
— déantar na híoscheanglais maidir le leasacháin agus táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear i gCaibidil I de Theideal III den Rialachán seo a shainiú sna cláir; |
|
CT 6: an comhshaol a chosaint agus a chaomhnú agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn |
4.3 Tá na caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha ábhartha chun críocha Airteagal 28 de Chaibidil I de Theideal III den Rialachán seo sainithe |
— sonraítear caighdeáin náisiúnta shainordaitheacha ábhartha sna cláir; |
|
Tosaíocht FT 5: éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta CT 4: tacú leis an athrú go geilleagar ísealcharbóin i ngach earnáil CT 6: An comhshaol a chosaint agus a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn |
5.1 Éifeachtúlacht fuinnimh: Rinneadh gníomhaíochtaí ar mhaithe le feabhas costas-éifeachtach ar éifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus infheistíocht costas-éifeachtach in éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus foirgnimh á dtógáil nó á n-athchóiriú. |
— Is éard atá sa ghníomhaíochtaí sin: — — Is iad na gníomhaíochtaí sin: Bearta lena áirithiú go bhfuil íoscheanglais a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i bhfeidhm atá comhsheasmhach le hAirteagal 3, le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 de Threoir 2010/31/AE (1). — Bearta atá riachtanach chun córas deimhniúcháin a bhunú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2010/31/AE — Bearta lena áirithiú pleanáil straitéiseach maidir le tíosacht ar fhuinneamh, atá comhsheasmhach le hAirteagal 3 de Threoir 2012/27 AE (2) — Bearta atá comhsheasmhach le hAirteagal 13 de Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun a áirithiú go dugtar méadair aonair do na custaiméirí deiridh a mhéid is féidir sin a dhéanamh go teicniúil, a mhéid atá sé réasúnta ó thaobh airgeadais de agus comhréireach maidir le coigiltí fuinnimh a d'fhéadfadh a bheith ann. |
|
5.2 Earnáil an uisce: Na nithe seo a bheith ann: a) beartas praghsála uisce, lena dtugtar dóthain dreasachtaí do na húsáideoirí acmhainní uisce a úsáid go héifeachtúil agus b) rannchuidiú leordhóthanach na n-úsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce a ghnóthú ar ráta a chinntear sa phlean bainistithe abhantraí d'fheistíocht a dhéantar trí na cláir. |
— In earnálacha arna tacú ag CETFT, d'áirithigh an Ballstát go raibh rannchuidiú ó úsáidí difriúla uisce le hathshlánú chostais na seirbhíse uisce de réir na hearnála ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcéad fhleasc de chéad mhír den Treoir Réime maidir le hUisceag féachaint, i gcás inarb iomchuí, do na héifeachtaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha atá ag an athshlánú sin chomh maith le coinníollacha geografacha agus aeráide an réigiúin nó na réigiún a bhfuil faoin thionchar; |
|
|
5.3 Fuinneamh inathnuaite: Rinneadh gníomhaíochtaí chun táirgeadh agus dáileadh foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn (4) |
— Tá scéimeanna tacaíochta trédhearcacha, tosaíocht maidir le rochtain ar an eangach nó rochtain ráthaithe agus maidir le seoladh, rialacha caighdeánacha a bhaineann le costas na n-oiriúnuithe teicniúla a iompar agus a chomhroinnt curtha i bhfeidhm agus comhsheasmhach le hAirteagal 14(1), le hAirteagal 16 (2) agus (3) de Threoir 2009/28/CE agus tá siad curtha ar fáil don phobal — Ghlac Ballstát plean gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh inathnuaite atá comhsheasmhach le hAirteagal 4 de Threoir 2009/28/CE |
|
|
Tosaíocht FT 6: cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch i limistéir thuaithe a chur chun cinn CT 2: Úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú (Sprioc Leathanbhanda) |
6. Bonneagar an Ghréasáin don chéad Ghlúin Eile (NGN): Pleananna náisiúnta nó réigiúnacha NGA a bheith ann a chuireann gníomhaíochtaí réigiúnacha san áireamh d'fhonn spriocanna AE maidir le rochtain Idirlín ardluais a bhaint amach (5), a dhíríonn ar réimsí ina dteipeann ar an margadh bonneagar oscailte ar phraghas réasúnta agus ar cháilíocht a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha AE maidir le hiomaíochas agus státchabhair, agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. |
— Tá plean náisiúnta nó réigiúnach NGN curtha ar bun ina bhfuil an méid seo a leanas: — — plean infheistíochtaí sa bhonneagaratá bunaithe ar anailís eacnamaíoch ag cur san áireamh bonneagair phríobháideacha agus phoiblí atá ann cheana agus infheistíochtaí pleanáilte; — samhlacha infheistíochta inbhuanaithe a fheabhsaíonn iomaíocht agus a sholáthraíonn rochtain ar bhonneagar agus ar sheirbhísí atá oscailte, ar phraghas réasúnta, ar ardcháilíocht agus atá oiriúnaithe don todhchaí; — bearta chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. |
|
(1)
Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(2)
Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(3)
Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh agus lena n-aisgahairtear Threoir 93/76/CEE ón gComhairle (IO L 114, 27.4.2006, lch. 64.).
(4)
Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena n-aisghairtear Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE ón gComhairle(IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).
(5)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Digiteach don Eoraip (COM(2010) 245 final/2, 26.8.2010); Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Scórchlár don Chlar Digiteach (SEC(2011) 708 den 31.5.2011). Scórchlár: http://ec.europa.eu/information_society/digital-agenda/scoreboard/index_en.htm |
||
IARSCRÍBHINN VI
LIOSTA TÁSCACH DE BHEARTA ATÁ ÁBHARTHA MAIDIR LE TOSAÍOCHT AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DE CHUID AN AONTAIS DON FHORBAIRT TUAITHE
|
Airteagal 15 |
Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme |
|
Airteagal 17 |
Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha |
|
Airteagal 19 |
Forbairt feirme agus gnó |
|
Airteagal 35 |
Comhar |
|
Airteagal 42 - 44 |
LEADER |
|
Airteagal 14 |
Aistriú eolais agus gníomhaíochtaí faisnéise |
|
Airteagal 26 |
Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú |
|
Airteagal 16 |
Scéimeanna Cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia |
|
Airteagal 18 |
Athshlánú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh dochar di trí thubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha iomchuí a thabhairt isteach |
|
Airteagal 24 |
Dochar d'fhoraoisí ó dhóiteáin foraoise agus ó thubaistí nádúrtha agus ó theagmhais thurraingeacha a chosc agus a athshlánú |
|
Airteagal 27 |
Grúpaí táirgeoirí a bhunú |
|
Airteagal 33 |
Leas ainmhithe |
|
Airteagal 36 |
Bainistiú riosca |
|
Airteagal 37 |
Árachas do bharra, d'ainmhithe agus do phlandaí |
|
Airteagal 38 |
Cistí frithpháirteacha le haghaidh galar ainmhithe agus plandaí agus teagmhas comhshaoil |
|
Airteagal 39 |
Uirlis um chobhsaíocht ioncaim |
|
Airteagal 21(1)(a) |
►C1 Foraoisiú agus cruthú coillearnaí ◄ |
|
Airteagal 21(1)(b) |
Córais agrafhoraoiseachta a bhunú |
|
Airteagal 21(1)(d) |
Infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú |
|
Airteagal 28 |
Agra-chomhshaoil-aeráide |
|
Airteagal 29 |
Feirmeoireacht orgánach |
|
Airteagal 30 |
Natura 2000 agus íocaíochtaí na creat-threorach maidir le hUisce |
|
Airteagal 31-32 |
Íocaíochtaí i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó eile orthu |
|
Airteagal 34 |
Seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise |
|
Airteagal 20 |
Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe |
|
Airteagal 42 – 44 |
LEADER |
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle. (Féach leathanach 549 den Iris Oifigiúil seo.).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
( 3 ) Cinneadh 2009/470/CE an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas i réimse na tréidliachta (IO L 155, 18.6.2009, lch. 30).
( 4 ) Rialachán (AE) 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle
( 7 ) Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíonta cumhraithe agus meanglaim a dhéantar as táirgí fíonta cumhraithe (OJ L 149, 14.6.1991, lch. 1).
( 8 ) Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).
( 9 ) Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).
( 10 ) ►C1 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle. (Féach leathanach 671 den Iris Oifigiúil seo.). ◄
( 11 ) Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).
( 12 ) Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 1). ◄
( 13 ) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochtaí do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
( 14 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
( 15 ) Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnamh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 23).
( 16 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).