02013R0576 — GA — 26.03.2024 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 576/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2013

maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 178 28.6.2013, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/822 ÓN gCOIMISIÚN  an 21 Samhain 2023

  L 822

1

6.3.2024




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 576/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2013

maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le seiceálacha comhlíonta ar ghluaiseacht den sórt sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó chríoch nó ó thríú tír.
2.  

Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a) 

Rialachán (CE) Uimh. 338/97;

(b) 

bearta náisiúnta ar bith a ghlacann na Ballstáit chun srian a chur ar ghluaiseacht speiceas nó pórtha áirithe peataí ar bhonn cúiseanna nach mbaineann le sláinte ainmhithe, ar bearta iad a fhoilsítear agus a chuirtear ar fáil don phobal.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “gluaiseacht neamhthráchtála” aon ghluaiseacht nach bhfuil sé d’aidhm léi úinéireacht pheata a dhíol nó a aistriú;

(b) 

ciallaíonn “peata” ainmhí de speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a bhíonn, in éineacht lena úinéir nó le duine údaraithe le linn gluaiseachta neamhthráchtála, agus a fhanann faoi fhreagracht an úinéara nó an duine údaraithe sin le linn na gluaiseachta neamhthráchtála sin;

(c) 

ciallíonn “úinéir” duine nádúrtha a léirítear mar an t-úinéir sa doiciméad sainaitheantais;

(d) 

ciallaíonn “duine údaraithe” aon duine nádúrtha a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige ón úinéir maidir le gluaiseacht neamhthráchtála an pheata thar cheann an úinéara;

(e) 

ciallaíonn “trasfhreagróir” feiste éighníomhach sainaitheantais radaimhinicíochta atá inléite amháin;

(f) 

ciallaíonn “doiciméad sainaitheantais” doiciméad, a bhfuil a múnla dréachtaithe i ngníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo, lena bhféadfar an peata a shainaithint go soiléir agus a stádas sláinte a sheiceáil ar mhaithe le comhlíonadh an Rialacháin seo;

(g) 

ciallaíonn “tréidlia údaraithe” aon tréidlia atá údaraithe ag an údarás inniúil chun tascanna sonracha a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le gníomhartha a glacadh de bhun an Rialacháin seo;

(h) 

ciallaíonn “tréidlia oifigiúil” aon tréidlia a cheapann an t-údarás inniúil;

(i) 

ciallaíonn “seiceáil doiciméadúcháin” fíorú an doiciméid sainaitheantais a ghabhann leis an bpeata;

(j) 

ciallaíonn “seiceáil sainaitheantais” fíorú na comhsheasmhachta idir an doiciméad sainaitheantais agus an peata agus i gcás inarb iomchuí, seiceáil le haghaidh na marcála agus comhréireacht na marcála;

(k) 

ciallaíonn “pointe iontrála taistealaithe” aon limistéar a ainmníonn Ballstáit chun críocha na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1).

Airteagal 4

Oibleagáidí ginearálta

Ní dhéanfar gluaiseacht neamhthráchtála peataí a chomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo a thoirmeasc nó a shrianadh nó ní dhéanfar bac a chur orthu ar chúiseanna sláinte ainmhithe, seachas na cinn a thig as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Uaslíon peataí

1.  
Ní bheidh uaslíon na bpeataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I a fhéadfaidh a bheith in éineacht leis an úinéir nó le duine údaraithe le linn gluaiseachta neamhthráchtála níos mó ná cúig pheata.
2.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh uaslíon na bpeataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a bheith níos mó ná cúig pheata má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

i gcás ina mbaineann gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí le rannpháirtíocht i gcomórtais, i dtaispeántais nó in imeachtaí spóirt nó le traenáil le haghaidh imeachtaí den sórt sin;

(b) 

i gcás ina bhféadfaidh an t-úinéir nó an duine údaraithe fianaise a chur isteach i scríbhinn go bhfuil na peataí cláraithe chun freastal ar imeacht dá dtagraítear i bpointe (a), nó le comhlachas a eagraíonn imeachtaí mar sin; agus

(c) 

i gcás ina bhfuil na peataí níos sine ná sé mhí d’aois.

3.  
Féadfaidh na Ballstáit spotseiceálacha caighdeánacha a dhéanamh lena fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach faoi phointe (b) de mhír 2 ceart.
4.  
I gcás ina sáraítear uaslíon na bpeataí dá dtagraítear i mír 1 agus nach ndéantar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh, comhlíonfaidh na peataí sin na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos i dTreoir 92/65/CEE don speiceas lena mbaineann agus áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hainmhithe sin faoi réir na seiceálacha tréidliachta dá bhforáiltear i dTreoir 90/425/CEE nó i dTreoir 91/496/CEE, de réir mar is iomchuí.
5.  
Chun cosc a chur ar ghluaiseachtaí tráchtála a bheith á cheilt go calaoiseach mar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 lena leagtar síos rialacha lena socrófar uaslíon na bpeataí de na speicis sin a fhéadfaidh a bheith in éineacht leis an úinéir nó le duine údaraithe le linn gluaiseachta neamhthráchtála aonair.
6.  
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo tráth nach déanaí ná an 29 Meitheamh 2018. Molfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, leasuithe ar an Rialachán ar bhonn a thuarascála.

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE GLUAISEACHT NEAMHTHRÁCHTÁLA PEATAÍ ISTEACH I mBALLSTÁT Ó BHALLSTÁT EILE

ROINN 1

Peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I

Airteagal 6

Coinníollacha is infheidmhe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I

Ní dhéanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó Bhallstát eile mura gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá siad marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 17(1);

(b) 

tá vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu lena gcomhlíontar na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III;

(c) 

comhlíonann siad na bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas an confadh arna nglacadh de bhun Airteagal 19(1);

(d) 

tá doiciméad aitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 22 ag gabháil leo.

Airteagal 7

Maolú ar an gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí óga de na speicis atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I

1.  

Faoi réir mhír 2, féadfaidh Ballstáit, de mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 6, gluaiseacht neamhthráchtála isteach ina gcríoch ó Bhallstát eile peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a údarú, ar peataí iad:

(a) 

atá faoi bhun 12 sheachtain d’aois agus nach bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu; nó

(b) 

atá idir 12 sheachtain agus 16 seachtaine d’aois agus a bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu, ach nach gcomhlíonann siad na ceanglais bhailíochta dá dtagraítear i bpointe 2(e) d’Iarscríbhinn III go fóill.

2.  

Ní fhéadfar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ach amháin:

(a) 

má thíolacann an t-úinéir nó an duine údaraithe dearbhú sínithe le léiriú ó thráth a mbreithe suas go dtí tráth na gluaiseachta neamhthráchtála gur coimeádadh na peataí ó theagmháil ar bith le hainmhithe fiáine de speicis atá claonta don chonfadh; nó

(b) 

má tá máthair na bpeataí in éineacht leis na peataí, a mbraitheann siad uirthi fós, agus más féidir a shuí ó dhoiciméad aitheantais a máthar go bhfuair a máthair vacsaíniú frithchonfaidh a chomhlíonann na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III sular rugadh iad.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le formáid, leagan amach agus teangacha na ndearbhuithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Airteagal 8

Maolú ar an gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí de na speiceas a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I

1.  
De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 6, féadfar gluaiseacht dhíreach neamhthráchtála idir na Ballstáit nó codanna díobh peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus nach bhfuil vacsaínithe i gcoinne an chonfaidh a údarú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 ar iarratas comhpháirteach ó na Ballstáit lena mbaineann.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta na mBallstát a údaraítear le comhaontaithe frithpháirteacha a thabhairt chun críche agus maolú ar phointe (b) d’Airteagal 6 i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Leagfar amach sa liosta sin na codanna de na Ballstáit sin a bhféadfar an maolú a chur i bhfeidhm ina leith.
3.  

Chun iad féin a chur ar an liosta dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh na Ballstáit sin a bhfuil spéis acu i gcomhaontú frithpháirteach de shórt sin iarratas comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear sonraí faoin dréacht-chomhaontú, lena bhféadfaidh siad a léiriú go mbeidh na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad, á gcomhlíonadh acu, agus na nósanna imeachta i gCód Sláinte Ainmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) á gcur san áireamh le haghaidh féin-dhearbhaithe maidir le saoirse tíre nó limistéir ón gconfadh:

(a) 

beidh córais faireachais agus tuairiscthe maidir leis an gconfadh á n-oibriú sna Ballstáit is iarrthóirí;

(b) 

beidh na Ballstáit is iarrthóirí, nó na codanna dá gcríoch a ndearnadh an t-iarratas ina leith, saor ón gconfadh agus ní heol gur aimsíodh an confadh sna hainmhithe fiáine ar chríoch na mBallstát lena mbaineann, nó ar chodanna díobh, le dhá bhliain roimh an iarratas comhpháirteach ar a laghad ar bhonn na gcóras dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

beidh bearta rialaithe éifeacha agus éifeachtúla i bhfeidhm ag na Ballstáit is iarrthóirí le tabhairt isteach agus leathnú an chonfaidh ar a gcríoch a chosc;

(d) 

beidh bonn cirt ag iarratas comhpháirteach an mhaolaithe ó phointe (b) d’Airteagal 6 agus tá sé comhréireach leis na rioscaí do shláinte ainmhithe nó do shláinte an phobail a bhaineann le gluaiseacht dhíreach neamhthráchtála peataí nach bhfuil vacsaínithe de na speicis atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I ó cheann amháin de na Ballstáit is iarrthóirí go dtí an ceann eile nó go cuid dá chríoch.

Beidh faisnéis leordhóthanach, iontaofa agus bailíochtaithe go heolaíoch san iarratas comhpháirteach.

4.  
Bainfidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, Ballstáit ón liosta dá dtagraítear i mír 2 dá gcríocha go léir nó de chuid díobh i gcás nach mbeadh tacú ann do chur i bhfeidhm an mhaolaithe mar thoradh ar aon athrú ar na sonraí a shainítear i mír 3.
5.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).
6.  
Ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe agus a bhaineann le rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, glacfaidh an Coimisiún láithreach na gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme lena dtabharfar cothrom le dáta an liosta de Bhallstáit nó de chodanna díobh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus déanfar sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41(3).

ROINN 2

Peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I

Airteagal 9

Coinníollacha gluaiseachta neamhthráchtála is infheidhme maidir le peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I

1.  
Sa mhéid go bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(1) maidir le peataí de cheann de na speicis a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I, beidh gluaiseacht neamhthráchtála peataí den speiceas sin isteach i mBallstát ó Bhallstát eile faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos i mír 2 den Airteagal seo.
2.  

Ní féidir peataí den speicis dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt isteach i mBallstát ó Bhallstát eile ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go ndéantar iad a mharcáil nó go ndéantar cur síos orthu de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 17(2);

(b) 

go ndéanann siad aon bhearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas an confadh arna nglacadh de bhun Airteagal 19(1) a chomhall;

(c) 

go bhfuil doiciméad aitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 29 ag gabháil leo.

3.  

Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar ghluaiseacht neamhthráchtála peataí den speiceas a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch ó Bhallstát eile, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na rialacha sin:

(a) 

cuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis sin; agus

(b) 

níl siad níos déine ná na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairí ainmhithe de na speicis sin i gcomhréir le Treoir 92/65/CEE nó Treoir 2006/88/CE.

CAIBIDIL III

COINNÍOLLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE GLUAISEACHT NEAMHTHRÁCHTÁLA PEATAÍ ISTEACH I mBALLSTÁT Ó CHRÍOCH NÓ Ó THRÍÚ TÍR

ROINN 1

Peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I

Airteagal 10

Coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I

1.  

Ní dhéanfar peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil siad marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 17(1);

(b) 

go bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu lena gcomhlíontar na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III;

(c) 

go bhfuil tástáil toirtmheasctha antasubstainte le haghaidh an chonfaidh déanta orthu ar tástáil í lena gcomhlíontar na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;

(d) 

go gcomhlíonann siad na bearta coisctheacha sláinte le haghaidh galar nó ionfhabhtuithe seachas an confadh nuair a ghlactar na bearta sin de bhun Airteagal 19(1);

(e) 

go bhfuil doiciméad aitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 26 ag gabháil leo.

2.  
Ní féidir peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír seachas iad siúd a liostaítear de bhun Airteagal 13(1) ach amháin trí phointe iontrála taistealaithe atá liostaithe mar a éilítear de bhun Airteagal 34(3).
3.  

De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstáit a údarú go ngluaisfidh madraí cláraithe de chuid airm nó madraí cuardaigh agus tarrthála trí phointe iontrála seachas pointe iontrála taistealaithe ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil curtha isteach roimhe sin ar chead ag úinéir nó ag an duine údaraithe agus tá an cead sin deonaithe ag an mBallstát; agus

(b) 

go dtéann na madraí faoi sheiceanna i dtaca le comhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 34(2) in áit atá sannta ag an údarás inniúil chun na críche sin agus i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach sa chead dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo.

Airteagal 11

Maolú ón gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí óga de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I

1.  

Faoi réir mhír 2, de mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 10(1), féadfaidh na Ballstáit gluaiseacht neamhthráchtálach peataí isteach ina gcríoch ó chríocha nó ó thríú tíortha a liostaítear de bhun Airteagal 13(1) nó (2), ar peataí iad den speiceas a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus:

(a) 

atá faoi bhun 12 sheachtain d’aois agus nach bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu; nó

(b) 

atá idir 12 sheachtain agus 16 seachtaine d’aois agus tá vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu, ach ní chomhlíonann siad na ceanglais bhailíochta dá dtagraítear i bpointe 2(e) d’Iarscríbhinn III, go fóill.

2.  

Ní fhéadfar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ach amháin:

(a) 

má chuireann an t-úinéir nó an duine údaraithe dearbhú sínithe ar fáil le léiriú ó thráth a mbreithe suas go dtí tráth na gluaiseachta neamhthráchtála gur coimeádadh na peataí ó theagmháil ar bith le hainmhithe fiáine de speicis atá claonta don chonfadh; nó

(b) 

má tá máthair na bpeataí in éineacht leis na peataí, a mbraitheann siad uirthi fós, agus más féidir a shuí ó dhoiciméad aitheantais a máthar go bhfuair a máthair vacsaíniú frithchonfaidh a chomhlíonann na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III sular rugadh iad.

3.  
Toirmiscfear gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí sin ina dhiaidh sin isteach i mBallstát eile, seachas i gcás ina ndéantar iad a ghluaiseacht i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6 nó i gcás gur tugadh údarú chun iad a ghluaiseacht i gcomhréir le hAirteagal 7 agus gur thug an Ballstát ceann scríbe údarú freisin do na gluaiseachtaí isteach ina chríoch ó chríocha nó ó thríú tíortha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le formáid, leagan amach agus teangacha na ndearbhuithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Airteagal 12

Maolú ar an gcoinníoll maidir le tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcás peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I

1.  

De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 10(1), ní cheanglófar an tástáil toirtmheasctha antasubstainte maidir leis na peataí den speiceas a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I atá á ngluaiseacht isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír atá liostaithe de bhun Airteagal 13(1) nó (2) sna cásanna seo a leanas:

(a) 

go díreach;

(b) 

tar éis cónaithe eisiach i gceann amháin nó níos mó de na críocha nó tríú tíortha sin; nó

(c) 

déantar an ghluaisteacht trí chríoch nó trí thríú tír seachas iad siúd atá liostaithe de bhun Airteagal 13(1) nó (2), ar choinníoll go soláthraíonn an t-úinéir, nó an duine údaraithe dearbhú sínithe lena gcuirtear in iúl nach raibh aon teagmháil ag na peataí sin, le linn an idirthurais, le hainmhithe de speiceas atá soghabhálach i leith an chonfaidh agus gur fhan siad faoi shrian laistigh de mhodh iompair nó laistigh de pheiriméadar aerfoirt idirnáisiúnta.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le formáid, leagan amach agus teangacha na ndearbhuithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Airteagal 13

Liosta de chríocha agus tríú tíortha a bhunú

1.  
Glacfaidh an Coimisiún, de bhíthin gnímh tharmligthe, liosta de chríocha agus tríú tíortha a bhfuil iarratas déanta acu maidir le hiontráil ar an liosta ina mbeidh curtha in iúl acu go gcuireann siad i bhfeidhm maidir le peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I, rialacha a bhfuil an t-ábhar céanna agus an éifeacht chéanna acu leis na rialacha atá leagtha síos i Roinn 1 de Chaibidil II, an Roinn seo agus Roinn 2 de Chaibidil VI agus i gcás inarb infheidhme na rialacha arna nglacadh de bhun na rialacha sin.
2.  

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta de chríocha agus tríú tíortha a bhfuil iarratas déanta acu maidir le hiontráil ar an liosta ina mbeidh curtha in iúl acu maidir le hainmhithe de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I, go gcomhlíonann na críocha nó tríú tíortha sin na critéir seo a leanas ar a laghad:

(a) 

go bhfuil sé éigeantach fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi chásanna den chonfadh;

(b) 

go bhfuil córas éifeachtach faireachais ar an gconfadh ar bun acu le dhá bhliain anuas ar a laghad, a bhfuil clár leanúnach luathaimsithe ina íoscheanglas maidir leis chun fiosrú agus tuairisciú a áirithiú i ndáil le hainmhithe a bhfuiltear in amhras fúthu maidir leis an gconfadh;

(c) 

gur leor struchtúr agus eagrúchán a seirbhísí tréidliachta agus rialaithe, agus cumhachtaí na seirbhísí sin agus an mhaoirseacht a bhfuil siad faoina réir agus na modhanna atá ar fáil dóibh, lena n-áirítear acmhainneacht foirne agus saotharlainne chun:

(i) 

reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí go héifeachtach; agus

(ii) 

bailíocht na ndoiciméad aitheantais sa leagan amach dá bhforáiltear in Airteagal 25 agus arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26 a ráthú;

(d) 

go bhfuil rialacha chun an confadh a chosc agus a rialú i bhfeidhm agus cuirtear chun feidhme go héifeachtach iad chun an riosca ionfhabhtaithe do pheataí a íoslaghdú, lena n-áirítear rialacha maidir le hallmhairí peataí ó thíortha nó ó chríocha eile, agus i gcás inarb iomchuí, maidir le:

(i) 

líon na madraí agus na gcat atá ar strae a rialú;

(ii) 

ainmhithe clóis a vacsaíniú i gcoinne an chonfaidh, go háirithe i gcás ina bhfuil an confadh ag vaimpírí; agus

(iii) 

an confadh a rialú agus a dhíothú san fhiadhúlra;

(e) 

tá rialacha i bhfeidhm maidir le ceadúnú agus margú vacsaíní frithchonfaidh.

3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe agus a bhaineann le rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, glacfaidh an Coimisiún láithreach na gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme lena dtabharfar cothrom le dáta an liosta críoch nó tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus déanfar sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41(3).

ROINN 2

Peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I

Airteagal 14

Coinníollacha gluaiseachta neamhthráchtála is infheidhme maidir le peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I

1.  
Sa mhéid go bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(1) maidir le peataí de cheann de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I, beidh gluaiseacht neamhthráchtála peataí den speiceas sin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos i mír 2 den Airteagal seo.
2.  

Ní féidir peataí dá dtagraítear i mír 1 a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil siad marcáilte nó go ndéantar cur síos orthu i gcomhréir leis na ceanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 17(2);

(b) 

go gcomhlíonann siad aon bhearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas an confadh arna nglacadh de bhun Airteagal 19(1);

(c) 

go bhfuil doiciméad aitheantais ag gabháil leo agus é comhlánaithe go cuí agus eisithe i gcomhréir le hAirteagal 31;

(d) 

gur tháinig siad isteach trí phointe iontrála taistealaithe tráth a tháinig siad ó chríoch nó ó thríú tír seachas iad siúd a liostaítear de bhun Airteagal 15.

3.  

Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar ghluaiseacht neamhthráchtála peataí den speicis a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch ó chríoch nó ó thríú tír, ar choinníoll go bhfuil rialacha den sórt sin:

(a) 

curtha i bhfeidhm i gcomhréir leis an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis sin; agus

(b) 

gan a bheith níos déine ná na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairí ainmhithe de na speicis sin i gcomhréir le Treoir 92/65/CEE nó Treoir 2006/88/CE.

Airteagal 15

Liosta de chríocha agus tríú tíortha a bhunú

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta de chríocha agus tríú tíortha a mbeidh curtha in iúl acu do pheataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I go gcuireann siad i bhfeidhm, rialacha a bhfuil an t-ábhar céanna agus an éifeacht chéanna acu is atá ag na rialacha atá leagtha síos i Roinn 2 de Chaibidil II agus den Chaibidil seo agus i Roinn 2 de Chaibidil VI agus i gcás inarb infheidhme na rialacha arna nglacadh de bhun na rialacha sin.

ROINN 3

Maolú ar na coinníollacha maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí

Airteagal 16

Maolú ar na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí idir tíortha agus críocha áirithe

De mhaolú ar Airteagal 10 agus Airteagal 14, féadfar leanúint de ghluaiseacht neamhthráchtála peataí idir na tíortha agus na críocha seo a leanas faoi na coinníollacha atá leagtha síos le rialacha náisiúnta na dtíortha agus na gcríoch sin:

(a) 

San Mairíne agus an Iodáil;

(b) 

an Vatacáin agus an Iodáil;

(c) 

Monacó agus an Fhrainc;

(d) 

Andóra agus an Fhrainc;

(e) 

Andóra agus an Spáinn;

(f) 

an Iorua agus an tSualainn;

(g) 

Oileáin Fharó agus an Danmhairg;

(h) 

an Ghraonlainn agus an Danmhairg.

CAIBIDIL IV

MARCÁIL AGUS BEARTA COISCTHEACHA SLÁINTE

ROINN 1

Marcáil

Airteagal 17

Peataí a mharcáil

1.  
Déanfar peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a mharcáil trí thrasfhreagróir a ionphlandú nó trí thatú atá inléite go soiléir agus a rinneadh roimh an 3 Iúil 2011.

I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II leis an trasfhreagróir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-úinéir nó an duine údaraithe na hacmhainní is gá a sholáthar chun an trasfhreagróir sin a léamh tráth aon fhíoraithe sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) agus (2), Airteagal 26, agus na seiceáileacha sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 33 agus Airteagal 34(1).

2.  
Déanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I a mharcáil nó cuirfear síos orthu agus sainiúlachtaí gach speicis á gcur san áireamh sa chaoi is go n-áiritheofar go bhfuil nasc idir an peata agus a dhoiciméad sainaitheantais comhfhreagrach.

I bhfianaise éagsúlacht na speiceas a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a chur san áireamh tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir leis na ceanglais speicis-oiriúnaithe sin chun na peataí sin a mharcáil nó chun cur síos orthu, agus aon cheanglais náisiúnta ábhartha á gcur san áireamh.

Airteagal 18

Cáilíochtaí atá ag teastáil chun trasfhreagróirí a ionphlandú i bpeataí

Má tá sé ar intinn ag Ballstát a cheadú do dhuine seachas tréidlia trasfhreagróirí a ionphlandú leagfaidh sé síos rialacha maidir leis na cáilíochtaí íosta atá ag teastáil ón duine sin.

ROINN 2

Bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar agus ionfhabhtuithe seachas an confadh

Airteagal 19

Bearta coisctheacha sláinte agus coinníollacha dá gcur i bhfeidhm

1.  
I gcás ina bhfuil gá le bearta coisctheacha sláinte chun an tsláinte phoiblí nó sláinte peataí a chosaint chun galair nó ionfhabhtuithe seachas an confadh a rialú, ar galair nó ionfhabhtuithe iad ar dóigh go leafaí iad de bharr ghluaiseacht na bpeataí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir le bearta coisctheacha sláinte speicis-oiriúnaithe i gcoinne na ngalar nó na n-ionfhabhtuithe sin.

Más rud é go n-éilíonn mórchúiseanna práinne é, i gcás ina bhfuil rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe ann, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 40 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.

2.  
Na bearta coisctheacha sláinte speicis-oiriúnaithe atá údaraithe le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1, is ar fhaisnéis eolaíoch atá leordhóthanach, iontaofa agus bailíochtaithe a bheidh siad bunaithe agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peataí ar dóigh go mbuailfeadh galair nó ionfhabhtuithe seachas an confadh leo.
3.  

Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh freisin sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

rialacha le haghaidh aicmiú Ballstát nó codanna díobh ag brath ar a stádas sláinte ainmhithe agus ar a gcórais faireachais agus tuairiscithe maidir le galair nó le hionfhabhtuithe áirithe seachas an confadh;

(b) 

na coinníollacha atá le comhlíonadh ag Ballstáit chun a bheith cáilithe i gcónaí do chur i bhfeidhm na mbeart coisctheach sláinte dá dtagraítear i mír 2;

(c) 

na coinníollacha chun na bearta coisctheacha sláinte dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú roimh ghluaiseacht neamhthráchtála peataí;

(d) 

na coinníollacha maidir le maoluithe a dheonú in imthosca sonraithe áirithe ar chur i bhfeidhm na mbeart coisctheach sláinte dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 20

Liosta de na Ballstáit nó codanna díobh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 19(3)

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liostaí Ballstát nó codanna de chríoch Ballstát a ghlacadh, ar Ballstáit nó ar codanna de chríoch Ballstát iad a chomhlíonann na rialacha le haghaidh aicmiú Ballstát nó codanna díobh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 19(3). Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

CAIBIDIL V

DOICIMÉID SAINAITHEANTAIS

ROINN 1

Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó Bhallstát eile

Airteagal 21

Formáid agus ábhar an doiciméid shainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6

1.  

Beidh an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6 i bhformáid pais i gcomhréir leis an múnla atá le glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus beidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach:

(a) 

suíomh an tatú nó an trasfhreagróra, dáta a chur i bhfeidhm nó an dáta a léitear an trasfhreagróir nó an tatú, mar aon leis an gcód alfa-uimhriúil a léiríonn sé;

(b) 

an t-ainm, an speiceas, pór, inscne, dath, dáta breithe amhail a luaitear ag an úinéir agus gnéithe nó tréithe tábhachtacha nó sainiúla ar bith an pheata;

(c) 

ainm agus faisnéis teagmhála an úinéara;

(d) 

ainm, faisnéis teagmhála agus síniú an tréidlia údaraithe a bhfuil an doiciméad sainaitheantais á eisiúint nó á chomhlánú aige;

(e) 

síniú an úinéara;

(f) 

sonraí an vacsaínithe frithchonfaidh;

(g) 

dáta na samplála fola don tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne an chonfaidh;

(h) 

comhlíonadh na mbeart coisctheach sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas an confadh;

(i) 

faisnéis ábhartha eile maidir le stádas sláinte an pheata.

2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos lena leagtar síos na múnla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maraon leis na ceanglais maidir le teangacha, leagan amach agus tréithe slándála an phais dá dtagraítear sa mhír sin agus leis na rialacha is gá chun aistriú go múnla an phais sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).
3.  
Beidh ar an bpas dá dtagraítear i mír 1 uimhir ina mbeidh cód ISO an Bhallstáit eisiúna agus cód alfa-uimhriúil uathúil.

Airteagal 22

An doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6 a eisiúint agus a chomhlánú

1.  

Eiseoidh tréidlia údaraithe an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6 nuair a bheidh an méid a leanas déanta aige:

(a) 

d’fhíoraigh sé go bhfuil an peata marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 17(1);

(b) 

chomhlánaigh sé mar is cuí na hiontrálacha ábhartha sa doiciméad sainaitheantais leis an bhfaisnéis a luaitear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 21(1); agus

(c) 

shínigh an t-úinéir an doiciméad sainaitheantais.

2.  
Tar éis a fhíorú go bhfuil an peata marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 17(1), comhlánóidh tréidlia údaraithe na hiontrálacha ábhartha sa doiciméad sainaitheantais leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 21(1) lena ndeimhnítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 6 agus, i gcás inarb infheidhme i bpointe (b)(ii) d’Airteagal 27.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh tréidlia seachas tréidlia údaraithe an iontráil faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 21(1) a chomhlánú má cheadaítear é sin leis an ngníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(1).

3.  
Déanfaidh an tréidlia údaraithe a eiseoidh an doiciméad sainaitheantais an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 21(1) agus in Airteagal 21(3) a thaifeadadh go ceann tréimhse íosta a chinnfidh an t-údarás inniúil ach nach mbeidh níos lú ná trí bliana.
4.  
I gcás inar gá, féadfar comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airetagal seo a thaifeadadh i níos mó ná doiciméad sainaitheantais amháin san fhormáid dá bhforáiltear.

Airteagal 23

Doiciméid sainaitheantais atá folamh a scaipeadh

1.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla nach scaiptear doiciméid sainaitheantais atá folamh ach ar thréidlianna údaraithe agus go gcuirfear a n-ainm agus a bhfaisnéis teagmhála i dtaifead agus tagairt á déanamh don uimhir dá dtagraítear in Airteagal 21(3).
2.  
Coinneofar na taifid dá dtagraítear i mír 1 go ceann tréimhse íosta atá le cinneadh ag an údarás inniúil ach nach mbeidh níos lú ná trí bliana.

Airteagal 24

Maolú ar fhormáid an doiciméid sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 21(1)

1.  
De mhaolú ar Airteagal 21(1), tabharfaidh Ballstáit údarú chun peataí den speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a bhfuil an doiciméad sainaitheantais a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 26 acu a thabhairt isteach ina gcríocha ó Bhallstát eile chun críocha neamhthráchtála.
2.  
I gcás inar gá, déanfar comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6 a dhoiciméadú sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i mír 1, tar éis na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chríochnú.

ROINN 2

Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch

Airteagal 25

Formáid agus ábhar an doiciméid shainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 10(1)

1.  

Beidh an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 10(1) i bhformáid deimhnithe sláinte ainmhithe i gcomhréir leis an múnla atá le glacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus beidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach:

(a) 

suíomh an tatú nó an trasfhreagróra, dáta a chur i bhfeidhm nó an dáta a léitear an trasfhreagróir nó an tatú, mar aon leis an gcód alfa-uimhriúil a léiríonn sé;

(b) 

speiceas, pór, inscne, dath an pheata agus an dáta breithe amhail a luaitear ag an úinéir;

(c) 

uimhir thagartha uathúil an deimhnithe;

(d) 

ainm agus faisnéis teagmhála an úinéara nó an duine údaraithe;

(e) 

ainm, faisnéis teagmhála agus síniú an tréidlia oifigiúil nó údaraithe a bhfuil an doiciméad sainaitheantais á eisiúint aige;

(f) 

sonraí an vacsaínithe frithchonfaidh;

(g) 

dáta na samplála fola don tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne an chonfaidh;

(h) 

comhlíonadh aon bhearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas an confadh;

(i) 

ainm agus síniú ionadaí an údaráis inniúil formhuinithe;

(j) 

ainm, síniú agus faisnéis theagmhála ionadaí an údaráis inniúil a dhéanann na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 34 agus an dáta a ndéantar na seiceálacha sin;

(k) 

faisnéis ábhartha eile maidir le stádas sláinte an ainmhí.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an múnla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo mar aon le ceanglais maidir le teangacha, leagan amach agus bailíocht an deimhnithe shláinte ainmhithe dá dtagraítear sa mhír sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).
3.  
Beidh dearbhú scríofa sínithe ag an úinéir nó ag duine údaraithe lena ndeimhnítear gur gluaiseacht neamhthráchtála é gluaiseacht an pheata isteach san Aontas mar chuid den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 10(1).

Airteagal 26

An doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 10(1) a eisiúint agus a chomhlánú

Beidh uimhir thagartha uathúil ag an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 10(1) agus is tréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír tionscnaimh, nó tréidlia údaraithe a dhéanfaidh é a eisiúint ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta, agus déanfaidh údarás inniúil na críche nó an tríú tír tionscnaimh é a fhormhuiniú ina dhiaidh sin, tar éis don tréidlia eisiúna an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

fíorú go bhfuil an peata marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 17(1); agus

(b) 

chomhlánaigh sé mar is cuí iontrálacha ábhartha an doiciméid sainaitheantais leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) d'Airteagal 25(1), agus comhlíonadh á dheimhniú ar an gcaoi sin leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 10(1), agus i gcás inarb infheidhme pointe (b) pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 10(1).

Airteagal 27

Maolú ar fhormáid an doiciméid sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 25(1)

De mhaolú ar Airteagal 25(1), tabharfaidh Ballstáit údarú chun peataí den speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a bhfuil an doiciméad sainaitheantais a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 22 acu a thabhairt isteach ina gcríoch chun críocha neamhthráchtála sna cásanna seo a leanas:

(a) 

má eisíodh an doiciméad sainaitheantais i gceann de na tríú tíortha nó críocha atá liostaithe de bhun Airteagal 13(1); nó

(b) 

má tá na peataí sin ag teacht isteach i mBallstát, tar éis dóibh gluaiseacht go tríú tír nó críoch ó Bhallstát nó tar éis gluaiseacht trí thríú tír nó críoch ó Bhallstát, agus má rinne tréidlia arna údarú an doiciméad sainaitheantais a chomhlánú agus a eisiúint lena ndeimhnítear go ndearnadh an méid seo a leanas i dtaobh na bpeataí sula bhfhágann siad an tAontas:

(i) 

fuair siad an vacsaíniú frithchonfaidh dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1); agus

(ii) 

chuaigh siad faoin tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne an chonfaidh dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 10(1), seachas i gcás an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 12.

ROINN 3

Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó Bhallstát eile

Airteagal 28

Formáid agus ábhar an doiciméid sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(2)

1.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, múnla a ghlacadh den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(2) a mbeidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis uile seo a leanas a chur isteach:

(a) 

saintréithe mharc an ainmhí nó an chur síos ar an ainmhí mar a fhoráiltear in Airteagal 17(2);

(b) 

speiceas agus i gcás inarb ábhartha, pór, dáta breithe (amhail a luaitear ag an úinéir), inscne agus dath an ainmhí;

(c) 

ainm agus faisnéis teagmhála an úinéara;

(d) 

ainm, faisnéis teagmhála agus síniú an tréidlia údaraithe a bhfuil an doiciméad sainaitheantais á eisiúint nó á chomhlánú aige;

(e) 

síniú an úinéara;

(f) 

mionsonraí aon bhearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar agus ionfhabhtuithe seachas an confadh;

(g) 

faisnéis ábhartha eile maidir le stádas sláinte an ainmhí.

2.  
Déanfaidh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ceanglais a leagan síos maidir le teangacha, leagan amach agus bailíocht nó tréithe slándála an doiciméid sainaitheantais dá dtagraítear sa mhír sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

Airteagal 29

An doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(2) a eisiúint agus a chomhlánú

1.  

Eiseoidh an tréidlia údaraithe an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(2) nuair a bheidh an méid a leanas déanta aige:

(a) 

d’fhíoraigh sé go bhfuil an peata marcáilte nó go gcuirtear síos air i gcomhréir le hAirteagal 17(2);

(b) 

chomhlánaigh sé mar is cuí na hiontrálacha ábhartha leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 28(1); agus

(c) 

shínigh an t-úinéir an doiciméad sainaitheantais.

2.  
Tar éis dó a fhíorú go bhfuil an peata marcáilte nó go gcuirtear síos air i gcomhréir le hAirteagal 17(2), déanfaidh tréidlia údaraithe na hiontrálacha ábhartha sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(2) a chomhlánú leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (f) d’Airteagal 28(1), agus deimhneofar leis sin comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 9(2), i gcás inarb infheidhme.

ROINN 4

Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó chríóch nó ó thríú tír

Airteagal 30

Formáid agus ábhar an doiciméid shainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(2)

1.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, múnla a ghlacadh den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(2) a mbeidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis a leanas a chur isteach:

(a) 

saintréithe mharc an ainmhí nó an chur síos ar an ainmhí mar a fhoráiltear in Airteagal 17(2);

(b) 

speiceas agus, i gcás inarb ábhartha, pór, dáta breithe amhail a luaitear ag an úinéir, inscne agus dath an ainmhí;

(c) 

ainm agus faisnéis teagmhála an úinéara nó an duine údaraithe;

(d) 

ainm, faisnéis teagmhála agus síniú an oifigigh eisiúna nó an tréidlia údaraithe;

(e) 

uimhir thagartha uathúil an deimhnithe;

(f) 

mionsonraí aon bheart coisctheacha sláinte i gcoinne galar agus ionfhabhtuithe seachas an confadh;

(g) 

ainm agus síniú ionadaí an údaráis inniúil formhuinithe; agus

(h) 

ainm, síniú agus faisnéis theagmhála ionadaí an údaráis inniúil a dhéanann na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 34 agus an dáta a ndéantar na seiceálacha sin;

(i) 

faisnéis ábhartha eile maidir le stádas sláinte an pheata;

2.  
Leagfar síos freisin sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ceanglais maidir le teangacha, leagan amach agus bailíocht an doiciméid sainaitheantais dá dtagraítear sa mhír sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).
3.  
Beidh dearbhú scríofa sínithe ag an úinéir nó ag duine údaraithe lena ndeimhnítear gur gluaiseacht neamhthráchtála é gluaiseacht an pheata isteach san Aontas mar chuid den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(2).

Airteagal 31

An doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(2) a eisiúint agus a chomhlánú

Maidir leis an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(2), déanfaidh tréidlia oifigiúil na críche nó na tríú tíre tionscnaimh nó tréidlia údaraithe, é a eisiúint ar bhonn an doiciméadúcháin tacaíochta, agus déanfaidh údarás inniúil na críche nó na tríú tíre tionscnaimh é a fhormhuiniú ina dhiaidh sin, nuair a bheidh an méid a leanas déanta ag an tréidlia eisiúna:

(a) 

fíorú go bhfuil an peata marcáilte nó go gcuirtear síos air i gcomhréir le hAirteagal 17(2); agus

(b) 

chomhlánaigh sé mar is cuí iontrálacha ábhartha an doiciméid sainaitheantais leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f) d'Airteagal 30(1), agus comhlíonadh á dheimhniú ar an gcaoi sin leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 14(2), i gcás inarb infheidhme.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA COITEANNA

ROINN 1

Maolú do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach I mBallstáit

Airteagal 32

Maolú ar choinníollacha Airteagal 6, Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 14

1.  

De mhaolú ar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 6, Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 14, féadfaidh Ballstáit, i gcúinsí eisceachtúla, gluaiseacht neamhthráchtála peataí nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos sna hAirteagail sin a údarú, ar choinníoll:

(a) 

go ndearna an t-úinéir iarratas ar chead roimh ré agus gur dheonaigh an Ballstát is ceann scríbe cead den sórt sin;

(b) 

go bhfuil na peataí aonraithe faoi mhaoirseacht oifigiúil ar feadh na tréimhse is gá chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh, ar tréimhse nach faide ná sé mhí í agus déanfar sin:

(i) 

in áit atá formheasta ag an údarás inniúil; agus

(ii) 

i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach sa chead.

2.  
Féadfar údarú chun idirthuras a dhéanamh trí Bhallstát eile a áireamh sa chead dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ar choinníoll go bhfuil a aontú tugtha roimh ré ag an mBallstát idirthurais don Bhallstát is ceann scríbe.

ROINN 2

Coinníollacha ginearálta maidir le comhlíonadh

Airteagal 33

Seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais atá le déanamh i dtaca le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó chríoch nó ó thríú tír atá liostaithe de bhun Airteagal 13(1) agus Airteagal 15

1.  
Gan dochar d’Airteagal 16 agus chun comhlíonadh Chaibidil II a fhíorú déanfaidh Ballstáit seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ar pheataí atá faoi réir ag gluaiseacht neamhthráchtála isteach ina gcríocha ó Bhallstát eile nó ó chríoch nó ó thríú tír a liostaítear de bhun Airteagal 13(1), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 15.
2.  

Déanfaidh an t-úinéir nó an duine údaraithe, tráth a ndéanfar gluaiseacht neamhthráchtála isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó chríoch nó ó thríú tír a liostaítear de bhun Airteagal 13(1) agus i gcás inarb infheidhme Airteagal 15, ar iarraidh ón údarás inniúil atá freagrach as na seiceálacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sé an doiciméad sainaitheantais a éilítear faoin Rialachán seo i láthair lena léirítear comhlíonadh na gceanglas maidir le gluaiseacht den sórt sin; agus

(b) 

cuirfidh sé an peata ar fáil do na seiceálacha sin.

Airteagal 34

Seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais atá le déanamh i dtaca le gluaiseacht neamhthráchtála ó chríoch nó ó thríú tír seachas na cinn sin a liostaítear de bhun Airteagal 13(1) nó Airteagal 15

1.  
D’fhonn comhlíonadh Chaibidil III a fhíorú, déanfaidh údarás inniúil Bhallstáit, ag pointe iontrála an taistealaí, seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais ar pheataí atá faoi réir gluaiseacht neamhthráchtála isteach sa Bhallstát sin ó chríoch nó ó thríú tír seachas na cinn a liostaítear de bhun Airteagal 13(1) agus i gcás inarb infheidhme, Airteagal 15.
2.  

Déanfaidh an t-úinéir nó an duine údaraithe, tráth iontrála isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír seachas na cinn a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(1) agus i gcás inarb infheidhme Airteagal 15, teagmháil leis an údarás inniúil a bheidh i láthair ag an bpointe iontrála chun críche na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 agus:

(a) 

cuirfidh sé doiciméad sainaitheantais an pheata a bhfuil gá leis faoin Rialachán seo i láthair lena léirítear comhlíonadh na gceanglas maidir leis an ngluaiseacht sin; agus

(b) 

cuirfidh sé an peata ar fáil do na seiceálacha sin.

3.  
Déanfaidh Ballstáit liosta de phointí iontrála taistealaithe a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta.
4.  

Áiritheoidh Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis an údarás inniúil atá ainmnithe acu chun na seiceálacha dá bhforáiltear i mír 1 a dhéanamh:

(a) 

go bhfuil sé go hiomlán ar an eolas faoi na rialacha atá leagtha síos i gCaibidil III agus gur cuireadh an oiliúint is gá ar oifigigh an údaráis inniúil chun na rialacha sin a chur chun feidhme;

(b) 

go gcoinníonn sé taifid ar líon iomlán na seiceálacha atá déanta agus ar neamhchomhlíonadh a tháinig chun cinn le linn na seiceálacha sin; agus

(c) 

go ndéanann sé na seiceálacha atá déanta a dhoiciméadú san iontráil ábhartha sa doiciméad sainaitheantais i gcás ina bhfuil gá le doiciméadú mar sin chun críche gluaiseachta neamhthráchtála isteach i mBallstáit eile mar a fhoráiltear in Airteagal 24(1).

Airteagal 35

Gníomhaíochtaí i gcás ina dtagann neamhchomhlíonadh chun cinn le linn na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 33 agus Airteagal 34

1.  

I gcás inar léir ó na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 33 agus Airteagal 34 nach gcomhlíonann peata na coinníollacha atá leagtha síos i gCaibidil II ná i gCaibidil III, cinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle leis an tréidlia oifigiúil agus, nuair is gá, leis an úinéir nó leis an duine údaraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an peata a chur ar ais chuig a thír nó a chríoch tionscnaimh;

(b) 

an peata a aonrú faoi rialú oifigiúil ar feadh na tréimhse is gá chun na coinníollacha atá leagtha síos i gCaibidil II nó i gCaibidil III a chomhlíonadh; nó

(c) 

mar rogha deiridh i gcás nach bhféadfaí é a chur ar ais nó nach bhfuil aonrú praiticiúil, an peata a chur síos i gcomhréir le rialacha náisiúnta infheidhme maidir le peataí a chosaint tráth an mharaithe.

2.  

I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach san Aontas, déanfar na peataí a aonrú faoi rialú oifigiúil go dtí:

(a) 

go bhfilleann siad ar a dtír nó a gcríoch tionscnaimh; nó

(b) 

go nglacfar aon chinneadh riaracháin eile maidir leis na peataí sin.

3.  
Cuirfear na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i bhfeidhm ar chostas an úinéara agus gan aon fhéidearthacht ann go dtabharfaí cúiteamh airgeadais don úinéir nó don duine údaraithe.

Airteagal 36

Bearta coimirce

1.  

I gcás ina bhfuil an confadh nó galar agus ionfhabhtú seachas an confadh i mBallstát, i gcríoch nó i dtríú tír nó ina bhfuil an confadh á leathadh ann agus ina bhféadfadh bagairt thromchúiseach don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bheith ann, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, ceann de na bearta seo a leanas a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, gan mhoill agus ag brath ar thromchúis an cháis:

(a) 

gluaiseacht nó idirthuras neamhthráchtála peataí ó chríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó ó chuid di nó ón gcríoch ar fad lena mbaineann nó ó chuid di nó ón tríú tír ar fad lena mbaineann nó ó chuid di a chur ar fionraí;

(b) 

coinníollacha speisialta a leagan síos i leith gluaiseacht neamhthráchtála peataí a thagann ón mBallstát ar fad lena mbaineann nó ó chuid de nó ón gcríoch ar fad lena mbaineann nó ó chuid di nó ón tríú tír ar fad lena mbaineann nó ó chuid di.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41(2).

2.  
Ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe chun smacht a choimeád ar riosca tromchúiseach don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó chun dul i ngleic leis an riosca sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur i bhfeidhm láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41(3).

Airteagal 37

Oibleagáidí faisnéise

1.  
Déanfaidh na Ballstáit faisnéis shoiléir a bhfuil sé éasca teacht uirthi a thabhairt don phobal maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i ndáil le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus na rialacha le haghaidh seiceálacha comhlíonta ar ghluaiseacht mar sin a leagtar síos sa Rialachán seo.
2.  

Áireofar ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 an méid a leanas go háirithe:

(a) 

na cáilíochtaí atá ag teastáil i gcás na ndaoine a dhéanann an trasfhreagróir a ionphlandú mar a fhoráiltear in Airteagal 18;

(b) 

an t-údarú chun maolú ar an gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí óga de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I amhail dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 11;

(c) 

na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i gcríoch na mBallstát:

(i) 

ar peataí iad nach gcomhlíonann Airteagail 6, 9, 10 nó 14;

(ii) 

ar peataí iad a thagann ó thíortha agus ó chríocha áirithe faoi choinníollacha a leagtar síos lena rialacha náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 16;

(d) 

liosta de phointí iontrála taistealaithe a tarraingíodh suas de bhun Airteagal 34(3), lena n-áirítear an t-údarás inniúil atá ainmnithe chun na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 34(4) a dhéanamh;

(e) 

na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch, a leagtar síos lena rialacha náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 9(3) agus in Airteagal 14(3);

(f) 

an fhaisnéis faoi vacsaíní frithchonfaidh a bhfuil údarú margaíochta deonaithe ina leith ag údarás inniúil an Bhallstáit mar a fhoráiltear i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn III, agus go háirithe maidir leis an bprótacal vacsaínithe comhfhreagrach.

3.  
Cuirfidh Ballstáit leathanaigh idirlíon-bhunaithe ar bun ina gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil agus cuirfidh siad an seoladh idirlín de na leathanaigh sin in iúl don Choimisiún.
4.  

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal tríd an méid a leanas a chur ar fáil ar a leathanach idirlín:

(a) 

na naisc do leathanaigh faisnéise idirlíon-bhunaithe na mBallstát; agus

(b) 

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (d) agus i bpointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo, agus an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) i dteangacha breise, de réir mar is iomchuí.

ROINN 3

Forálacha nós imeachta

Airteagal 38

Leasuithe ar Iarscríbhinní

Chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus cosaint na sláinte poiblí nó sláinte peataí a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 chun Iarscríbhinní II go IV a leasú.

Airteagal 39

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2.  
Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(5), sa dara fomhír d’Airteagal 17(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 19(1) agus in Airteagal 38, tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 28 Meitheamh 2013. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(5), sa dara fomhír d’Airteagal 17(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 19(1) agus in Airteagal 38 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.
5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(5), an dara fomhír d’Airteagal 17(2), na chéad fhomhíre d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 38 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 40

An nós imeachta práinne

1.  
Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 41

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bhunaítear le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia ( 1 ) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n-iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a thabhairt.
3.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 42

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 43

Athchomhairc

1.  
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 cé is moite de Roinn 2 de Chuid B agus de Chuid C d’Iarscríbhinn II a fhanfaidh i bhfeidhm go dtí teacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13(1) agus (2) den Rialachán seo faoi seach.

Aon tagairtí sa Rialachán seo don liosta sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 13(1) nó (2), déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don liosta de na tríú tíortha agus críocha a leagtar amach i Roinn 2 de Chuid B agus i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 faoi seach go dtí teacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme sin.

2.  
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn V.
3.  
Beidh aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 gan dochar do choimeád i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2011 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2011 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta coisctheacha sláinte chun ionfhabhtú Echinococcus multilocularis i madraí a rialú ( 2 ), a glacadh de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(1) den Rialachán sin.

Airteagal 44

Bearta idirthréimhseacha maidir le doiciméid sainaitheantais

1.  

De mhaolú ar Airteagal 21(1), measfar go gcomhlíonann an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6 an Rialachán seo, i gcás inar:

(a) 

dréachtaíodh é i gcomhréir leis an múnla de phas a bunaíodh le Cinneadh 2003/803/CE; agus

(b) 

eisíodh é roimh an 29 Nollaig 2014.

2.  

De mhaolú ar Airteagal 25(1) agus Airteagal 27(a), measfar go gcomhlíonann an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 10(1) an Rialachán seo, i gcás inar:

(a) 

dréachtaíodh é i gcomhréir leis an múnla de theastas a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2011/874/AE, nó nuair is ábhartha, an múnla de phas a bunaíodh le Cinneadh 2003/803/CE; agus

(b) 

eisíodh é roimh an 29 Nollaig 2014.

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 29 Nollaig 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Speicis peataí

CUID A

Madraí (Canis lupus familiaris)

Cait (Felis silvestris catus)

Firéid (Mustela putorius furo)

CUID B

Inveirteabraigh (seachas beacha agus bumbóga a chumhdaítear le hAirteagal 8 de Threoir 92/65/CEE agus moilisc agus crústaigh dá dtagraítear faoi seach i bpointe (e)(ii) and i bpointe (e)(iii) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2006/88/CE).

Ainmhithe uisceacha ornáideacha mar a shainítear i bpointe (k) d’Airteagal 3 de Threoir 2006/88/CE agus a eisiatar ó raon feidhme na Treorach sin le pointe (a) d’Airteagal 2(1) de.

Débheathaigh

Reiptílí

Éin: eiseamal de speiceas éanúil seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2009/158/CE.

Mamaigh: creimirí agus coiníní seachas na cinn a bheartaítear le haghaidh táirgeachta bia agus a shainítear faoi “giorriaigh” in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.




IARSCRÍBHINN II

Ceanglais theicniúla do thrasfhreagróirí

I gcás na dtrasfhreagróirí, caithfear:

(a) 

Caighdeán ISO 11784 a chomhlíonadh agus teicneolaíocht HDX nó FDX-B a chur i bhfeidhm; agus

(b) 

a bheith in ann í a léamh le feiste léitheoireachta atá comhoiriúnach le Caighdeán ISO 11785.




IARSCRÍBHINN III

Ceanglais bhailíochta le haghaidh vacsaínithe frithchonfaidh

1. Maidir leis an vacsaín frithchonfaidh:

(a) 

ní mór gur vacsaín seachas vacsaín bheo mhodhnaithe í agus ní mór go dtagann sí faoi réim ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(i) 

vacsaín dhíghníomhaithe ina bhfuil ar a laghad aonad antaigineach amháin in aghaidh na dáileoige (moladh ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte); nó

(ii) 

vacsaín athchuingreach ina léirítear gliceapróitéin imdhíonta víreas an chonfaidh i veicteoir víris bheo;

(b) 

i gcás ina riartar i mBallstát í, ní mór údarú margaíochta a bheith ann ina leith i gcomhréir leis na hAirteagail seo:

(i) 

Airteagal 5 de Threoir 2001/82/CE; nó

(ii) 

Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

(c) 

i gcás ina riartar i gcríoch nó i dtríú tír í, ní mór formheas nó ceadúnas a bheith deonaithe ina leith ag an údarás inniúil agus go gcomhlíonann sí ar a laghad na ceanglais atá leagtha síos sa chuid ábhartha den Chaibidil maidir leis an gconfadh i Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe.

2. Ní mór do vacsaíniú frithchonfaidh na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

(a) 

tréidlia údaraithe a thug an vacsaín;

(b) 

bhí an peata ar a laghad 12 sheachtain tráth a tugadh an vaicsín;

(c) 

léiríonn tréidlia údaraithe nó tréidlia oifigiúil an dáta a tugadh an vaicsín sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais;

(d) 

ní thiteann an dáta sin dá dtagraítear i bpointe (c) roimh an dáta ar a bhfeidhmítear an trasfhreagróir nó an tatú nó ar an dáta a léitear an trasfhreagróir nó an tatú a léirítear sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais;

(e) 

tosaíonn tréimhse bailíochta an vaicsín le bunú imdhíonachta cosanta, nach mbeidh níos lú ná 21 lá ón bprótacal um vacsaíniú a chur i gcrích, ar prótacal é a éilíonn an monaróir le haghaidh an vacsaínithe phríomha, agus maireann sí go dtí deireadh thréimhse na himdhíonachta cosanta, mar a fhorordaítear i sonraíocht theicniúil an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i bpointe 1(b) nó san fhormheas nó sa cheadúnas dá dtagraítear i bpointe 1(c) le haghaidh na vacsaíne frithchonfaidh sa Bhallstát nó críoch nó sa tríú tír ina riartar an vacsaín.

Léiríonn tréidlia údaraithe nó tréidlia oifigiúil tréimhse bailíochta an vacsaínithe sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais;

(f) 

ní mór a mheas gurb ionann athvacsaíniú agus vacsaíniú príomha más rud é nach ndéantar é laistigh de thréimhse bailíochta an vacsaínithe roimhe sin dá dtagraítear i bpointe (e).




IARSCRÍBHINN IV

Ceanglais bhailíochta le haghaidh na tástála toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne an chonfaidh

1. Ní mór do thréidlia údaraithe an sampla fola is gá chun an tástáil chonfaidh toirtmheasctha antasubstaintí a dhéanamh a bhailiú agus ní mór dó é sin a dhoiciméadú sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais;

2. Maidir leis an tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne an chonfaidh:

(a) 

ní mór í a dhéanamh ar shampla a bailíodh ar a laghad 30 lá tar éis dháta an vacsaínithe agus:

(i) 

tráth nach lú ná trí mhí roimh an dáta seo a leanas:

— 
dáta na gluaiseachta neamhthráchtála ó chríoch nó ó thríú tír seachas na cinn a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13(1) nó (2); nó
— 
dáta an idirthurais tríd an gcríoch nó an tríú tír sin, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 12; nó
(ii) 

sular fhág an peata an tAontas chun gluaiseacht chuig críoch nó tríú tír nó chun idirthuras a dhéanamh trí chríoch nó tríú tír seachas na cinn sin a liostaítear de bhun Airteagal 13(1) nó (2); ní mór don doiciméad sainaitheantais san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) a dhaingniú go ndearnadh tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne an chonfaidh agus go raibh toradh fabhrach uirthi roimh dháta na gluaiseachta;

(b) 

ní mór di leibhéal antasubstaintí séirim chun an víreas confaidh a neodrú a thomhas, ar leibhéal é atá cothrom le 0,5 IU/ml nó níos mó ná sin agus modh a úsáid a fhorordaítear sa chuid ábhartha den Chaibidil maidir le confadh i Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe;

▼M1

(c) 

ní mór í a dhéanamh i gceann amháin de na cineálacha saotharlann seo a leanas:

(i) 

saotharlann oifigiúil, i mBallstát nó i dtríú tír ar Páirtí Conarthach sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch í, a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) chun an tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh a dhéanamh agus ar ina leith a sholáthair an t-údarás inniúil a ainm agus a shonraí teagmhála don Choimisiún; nó

(ii) 

saotharlann i dtríú tír nó críoch a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún ( 4 ) a d’ainmnigh údarás inniúil an tríú tír agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2017/625 maidir leis an tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh agus ar ina leith a sholáthair an t-údarás inniúil a ainm agus a shonraí teagmhála don Choimisiún.

▼B

(d) 

ní gá í a athnuachan tar éis toraidh mhaith a bhfuil cur síos air i bpointe (b), ar choinníoll go ndéantar an peata a athvacsaíniú laistigh den tréimhse bailíochta dá dtagraítear i bpointe 2(e) d’Iarscríbhinn III den vacsaíniú roimhe sin.




IARSCRÍBHINN V



Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 43(2)

Rialachán (CE) Uimh. 998/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

An chéad mhír d’Airteagal 2

Airteagal 2(1)

An dara mír d’Airteagal 2

Pointe (a) d’Airteagal 2(2)

An triú mír d’Airteagal 2

Pointe (b) d’Airteagal 2(2)

Pointe (a) d’Airteagal 3

Pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 3

Pointe (b) d’Airteagal 3

Pointe (f) d’Airteagal 3

Pointe (c) of Airteagal 3

Airteagal 2(1)

An chéad fhomhír d’Airteagal 4(1)

 

 

An chéad fhomhír d’Airteagal 17(1)

An dara fomhír d’Airteagal 4(1)

An dara fomhír d’Airteagal 17(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Pointe (a) d’Airteagal 5(1)

Pointe (a) d’Airteagal 6

Pointe (b) d’Airteagal 5(1)

Pointe (d) d’Airteagal 6

Pointe (b)(i) d’Airteagal 5(1)

Pointe (b) d’Airteagal 6

Pointe (b)(ii) d’Airteagal 5(1)

Pointe (c) d’Airteagal 6

An dara fomhír d’Airteagal 5(1)

Airteagal 19

Airteagal 5(2)

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 5(5), Airteagal 9, Airteagal 14 agus Airteagal 28

Airteagal 8(1)

Airteagal 10 agus Airteagal 12

Airteagal 8(2)

Airteagal 10(1)(e) agus Airteagal 27

Pointe (a) d’Airteagal 8(3)

Airteagal 13(1)

Pointe (b) d’Airteagal 8(3)

Airteagal 16

Pointe (c) d’Airteagal 8(3)

Airteagal 11

Airteagal 8(4)

Airteagal 25(1) agus (2)

Airteagal 9

Airteagal 14 agus Airteagal 30(1) and (2)

An chéad fhomhír d’Airteagal 10

Airteagal 13(2)

An dara fhomhír d’Airteagal 10

Airteagal 13(3)

An abairt tosaigh d’Airteagal 11

Airteagal 37(1)

An dara habairt d’Airteagal 11

Pointe (a) d’Airteagal 34(4)

An frása réamhráiteach agus Pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 12

Airteagal 10(2) agus Airteagal 34(1)

An frása réamhráiteach agus pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 12

Airteagal 5(4)

An dara fomhír d’Airteagal 12

Airteagal 34(3) agus Airteagal 37(2)(d)

Airteagal 13

Airteagal 34(3) agus Airteagal 37(2)(d)

An chéad mhír d’Airteagal 14

Pointe (a) d’Airteagal 34(2)

An dara mír d’Airteagal 14

An dara fomhír d’Airteagal 17(1)

An tríú mír d’Airteagal 14

Airteagal 35(1) agus (3)

An ceathrú mír d’Airteagal 14

Airteagal 35(2)

Airteagal 15

Pointí 1 agus 2(c) d’Iarscríbhinn IV

Airteagal 16

An chéad mhír d’Airteagal 17

An dara mír d’Airteagal 17

Airteagal 21(1)

An chéad mhír d’Airteagal 18

An dara mír d’Airteagal 18

Airteagal 36

Airteagal 19

Airteagal 13(3) agus Airteagal 5(5)

Airteagal 19a(1) agus (2)

Airteagal 38

Airteagal 19a(3)

Airteagal 19b(1)

Airteagal 39(2)

Airteagal 19b(2)

Airteagal 39(4)

Airteagal 19b(3)

Airteagal 39(1)

Airteagal 19c(1) agus (3)

Airteagal 39(3)

Airteagal 19c(2)

Airteagal 19d(1) agus Airteagal 19d(2)

Airteagal 39(5)

Airteagal 19d(3)

Airteagail 20 go 23

Airteagal 24(1), (2) agus (3)

Airteagal 41(1), (2) agus (3)

Airteagal 24(4) agus (5)

Airteagal 25

Airteagal 45

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn Ia

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn Ib

Iarscríbhinn III

Cuid A agus Roinn 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn II

Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn II

Airteagal 13(1)

Cuid C d’Iarscríbhinn II

Airteagal 13(2)



( 1 )  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

( 2 )  IO L 296, 15.11.2011, lch. 6.

( 3 ) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004, agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

( 4 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).