02013R0346 — GA — 01.03.2018 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 346/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 115 25.4.2013, lch. 18) |
Arna leasú:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2017/1991 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017 |
L 293 |
1 |
10.11.2017 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 346/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Aibreán 2013
maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais agus coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo an sonrúchán “EuSEF” a úsáid i ndáil le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú san Aontas, rud a chuirfidh le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Leagtar síos leis freisin rialacha aonfhoirmeacha maidir le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú le hinfheisteoirí incháilithe ar fud an Aontais, maidir le comhdhéanamh phunainn na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, maidir le hionstraimí infheistíochta inghlactha agus teicnící le húsáid ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, mar aon le heagrú, iompar agus trédhearcacht bainisteoirí a dhéanann cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ar fud an Aontais.
Airteagal 2
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh acu:
(a) nach sáraíonn iomlán a sócmhainní arna mbainistiú an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE;
(b) go bhfuil siad bunaithe san Aontas;
(c) go bhfuil siad faoi réir cláraithe le húdaráis inniúla a mBallstáit baile i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE; agus
(d) go ndéanann na bainisteoirí sin bainistíocht ar phunanna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 10, Airteagal 13, pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 14(1), Airteagal 15a go hAirteagal 20, dara fomhír d’Airteagal 21(3) agus Airteagal 22 agus Airteagal 22a den Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuSEF” a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.
3. Nuair is bainisteoirí seachtracha iad bainisteoirí um cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus nuair atá siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 féadfaidh siad bainistíocht a dhéanamh freisin ar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe faoi réir údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE.
Airteagal 3
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;
(b) ciallaíonn “ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach” gnóthas comhinfheistíochta:
(i) a bheartaíonn 70 % ar a laghad dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní ar infheistíochtaí cáilitheacha iad, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint, laistigh de chreat ama a leagtar síos ina rialacha nó ina hionstraimí corpraithe;
(ii) nach n-úsáideann níos mó ná 30 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite chun sócmhainní a fháil seachas infheistíochtaí cáilitheacha, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;
(iii) atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit;
(c) ciallaíonn “bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach” duine dlítheanach arb é a ghnó rialta ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin ar a laghad a bhainistiú;
(d) ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas a bhfuil na rudaí seo a leanas fíor ina thaobh:
(i) nach raibh, tráth na hinfheistíochta ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe nó ar shaoráid trádála iltaobhach (STI) mar a shainmhínítear i bpointe (14) agus i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;
(ii) a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige iarmhairtí sóisialta dearfacha intomhaiste a bhaint amach i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, a reachtanna agus aon rialacha nó ionstraimí corpraithe eile lena mbunaítear an gnó, i gcás:
— ina soláthraíonn an gnóthas seirbhísí nó earraí as a dtagann toradh sóisialta;
— ina n-úsáideann an gnóthas modh táirgthe earraí nó seirbhísí trína léirítear a chuspóir sóisialta; nó
— ina soláthraíonn an gnóthas tacaíocht airgeadais do ghnóthais shóisialta amháin mar a shainmhínítear sa chéad dá fhleasc;
(iii) a úsáideann a bhrabúis sa chéad áit chun a phríomhchuspóir sóisialta a bhaint amach i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, a reachtanna agus aon rialacha nó ionstraimí corpraithe eile lena leagtar síos an gnó agus leis na nósanna imeachta agus rialacha réamh-mhínithe atá iontu, lena gcinnfear na dálaí ina ndáiltear brabús ar scairshealbhóirí agus ar úinéirí chun a áirithiú nach ndéanfaidh an dáileadh brabúis sin dochar dá phríomhaidhm;
(iv) a bhainistítear ar bhealach cuntasach agus trédhearcach, go háirithe trí pháirt a thabhairt d’oibrithe, do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí gnó orthu;
(v) a bhunaítear laistigh de chríoch Ballstáit nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:
— nach bhfuil sí liostaithe mar Thír agus Críoch Neamh-Chomhoibríoch ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais i ndáil leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta,
— go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach agus le gach Ballstát ina mbeartaítear aonaid agus scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a mhargú, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tríú tír na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach EFCE ar Ioncam agus ar Chaipiteal agus lena áirithítear malartú éifeachtach faisnéis maidir le cúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha;
(e) ciallaíonn “infheistíochtaí cáilitheacha” na hionstraimí seo a leanas:
(i) ionstraimí cothromais agus cuasachothromais:
— arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach agus arna sealbhú go díreach ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ón ngnóthas punainne cáilitheach,
— arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar urrús cothromais arna eisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach, nó
— arna n-eisiúint ag gnóthas ar foghnóthas faoi úinéireacht thromlach an mháthairghnóthais atá sa ghnóthas punainne cáilitheach agus a shealbhaíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais arna heisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach;
(ii) ionstraimí fiachais urrúsaithe agus neamhurrúsaithe, arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach;
(iii) aonaid agus scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin nó roinnt cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha eile, ar choinníoll nach bhfuil na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin tar éis níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheach iad féin;
(iv) iasachtaí urraithe nó neamhurraithe arna ndeonú ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar ghnóthas punainne cáilitheach;
(v) aon chineál eile sealúchais i ngnóthas punainne cáilitheach;
(f) ciallaíonn “costais ábhartha” táillí, muirir agus costais a íocfaidh infheisteoirí go díreach nó go hindíreach agus a aontaítear idir an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach agus na hinfheisteoirí ann;
(g) ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile sealúchais i gcaipiteal an ghnóthais punainne cáilitheach arna eisiúint ag a infheisteoirí;
(h) ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime airgeadais ar meascán é de chothromas agus d’fhiachas sa chás go bhfuil an toradh ar an ionstraim nasctha le brabús nó le caillteanas an ghnóthais punainne cáilitheach agus sa chás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime lánurraithe i gcás loiceadh;
(i) ciallaíonn “margú” tairiscint nó láithriú díreach nó indíreach ar thionscnamh an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó thar a cheann d’aonaid nó de scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach arna bhainistiú aige le haghaidh nó le hinfheisteoirí at bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas;
(j) ciallaíonn “caipiteal geallta” aon ghealltanas faoina mbeadh oibleagáid ar infheisteoir, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh leas a fháil sa chiste sin nó ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh leis;
(k) ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát sin ina bhfuil a oifig chláraithe ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;
(l) ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(m) ciallaíonn “údarás inniúil”:
(i) i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;
(ii) i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2011/61/AE;
(iii) i dtaca le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach bunaithe;
(n) ciallaíonn “údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh” údarás Ballstáit, seachas an Ballstát baile, ina ndéantar an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a mhargú.
Maidir le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceadóidh foirm dhlíthiúil ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh bainistíocht inmheánach agus i gcás nach ndéanfaidh comhlacht rialaithe an chiste bainisteoir seachtrach a cheapadh, beidh an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach féin cláraithe mar an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 15. Aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe mar bhainisteoir inmheánach um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, ní dhéanfar é a chlárú mar bhainisteoir seachtrach um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar ghnóthas comhinfheistíochta eile.
2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na cineálacha seirbhísí nó earraí agus modhanna táirgthe seirbhísí nó earraí trína léirítear cuspóir sóisialta dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a shonrú agus cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla gnóthas punainne cáilitheach agus na himthosca sin inar féidir brabús a dháileadh ar úinéirí agus ar infheisteoirí.
CAIBIDIL II
COINNÍOLLACHA MAIDIR LEIS AN SONRÚCHÁN “EuSEF” A ÚSÁID
Airteagal 4
Beidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo i dteideal an sonrúchán “EuSEF” a úsáid i dtaca le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ar fud an Aontais.
Airteagal 5
1. Áiritheoidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, le linn dóibh sócmhainní seachas infheistíochtaí cáilitheacha a fháil, nach n-úsáidfear ach 30 % ar a mhéad de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh chun sócmhainní den sórt sin a fháil. Ríomhfar an tairseach 30 % ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais iomchuí a asbhaint. Ní chuirfear sealúchais in airgead tirim agus coibhéisí airgid san áireamh chun an tairseach sin a ríomh mar nach fhéachtar ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid mar infheistíochtaí.
2. Ní úsáidfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, ar leibhéal an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, aon mhodh trína méadófaí neamhchosaint an chiste thar leibhéal a chaipitil gheallta, cibé trí airgead nó urrúis a fháil ar iasacht, trí shuíomhanna díorthacha a fháil nó ar aon mhodh eile.
3. Ní fhéadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha iasachtaíocht a fháil, oibleagáidí fiachais a eisiúint, nó ráthaíochtaí a thabhairt, ar leibhéal an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, ach i gcás ina bhfuil na hiasachtaí, na hoibleagáidí fiachais nó na ráthaíochtaí clúdaithe le gealltanais neamhghlaoite.
Airteagal 6
1. Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha aonaid agus scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a mhargú go heisiach le hinfheisteoirí a mheastar gur cliaint ghairmiúla iad i gcomhréir le Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nó a bhféadfar, arna iarraidh sin, déileáil leo, mar chliaint ghairmiúla i gcomhréir le Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE, nó le hinfheisteoirí eile ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá sé geallta ag na hinfheisteoirí eile sin EUR 100 000 ar a laghad a infheistiú; agus
(b) tá sé dearbhaithe i scríbhinn ag na hinfheisteoirí eile sin, i ndoiciméad ar leithligh ón gconradh a tugadh i gcrích maidir leis an ngealltanas infheistíochta, go bhfuil siad ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis an ngealltanas atá beartaithe.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíochtaí a dhéanann feidhmeannaigh, stiúrthóirí nó fostaithe a bhfuil baint acu le bainistíocht bainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nuair a infheistítear sna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn siad.
Airteagal 7
Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha na nithe seo a leanas maidir leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu:
(a) agus a ngníomhaíochtaí á seoladh acu, gníomhóidh siad go macánta, go cothrom, leis an scil chuí, an cúram cuí agus an dúthracht chuí;
(b) cuirfidh siad na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun míchleachtais a chosc má tá súil ann go réasúnta go ndéanfadh na míchleachtais sin difear do leasanna na n-infheisteoirí agus na ngnóthas punainne cáilitheach;
(c) déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí gnó a riaradh sa chaoi is go gcuirfear chun cinn tionchar sóisialta dearfach na ngnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil siad tar éis infheistiú, na leasanna is fearr do na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu, na hinfheisteoirí iontu agus sláine an mhargaidh;
(d) cuirfidh siad leibhéal ard díchill i bhfeidhm maidir le roghnú agus faireachán leanúnach na n-infheistíochtaí sna gnóthais phunainne cháilitheacha agus in iarmhairt dhearfach shóisialta na ngnóthas sin;
(e) beidh dóthain eolais agus tuisceana acu ar na gnóthais phunainne cháilitheacha sin a bhfuil infheistíocht acu iontu;
(f) déileálfar go cothrom lena n-infheisteoirí;
(g) áiritheoidh siad nach bhfaighidh aon infheisteoir cóireáil níos fabhraí, mura rud é go nochtfar an chóireáil níos fabhraí sin i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh.
Airteagal 8
1. I gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach feidhmeanna a tharmligean chuig tríú páirtithe, ní dhéanfar aon difear do dhliteanas an bhainisteora i leith an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus a infheisteoirí. Ní dhéanfaidh an bainisteoir feidhmeanna a tharmligean a mhéid, go bunúsach, nach féidir é a mheas gur bainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh é a thuilleadh agus a mhéid a thiocfaidh sé chun bheith ina eintiteas bosca poist.
2. Ní dhéanfaidh aon tarmligean feidhmeanna faoi mhír 1 dochar d’éifeachtúlacht na maoirseachta ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, agus, go háirithe, ní dhéanfaidh sé an bainisteoir sin a chosc ó ghníomhú, nó an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ó bheith á bhainistiú, ar mhaithe le leas a chuid infheisteoirí.
Airteagal 9
1. Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, déanfaidh siad bainistíocht agus faireachán orthu agus, i gcomhréir le mír 4, nochtfaidh siad na coinbhleachtaí leasa sin go pras lena áirithiú nach ndéanfaidh siad dochar díobhálach do leasanna na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na hinfheisteoirí iontu agus go ndéileáiltear go cothrom leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu.
2. Aithneoidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, go háirithe, na coinbhleachtaí leasa sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir:
(a) bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, daoine a dhéanann gnó na mbainisteoirí sin a sheoladh go héifeachtach, fostaithe na mbainisteoirí sin nó aon duine a bhfuil na bainisteoirí sin faoi rialú aige nó atá rialaithe acu, go díreach nó go hindíreach, agus na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistíonn na bainisteoirí sin nó na hinfheisteoirí iontu;
(b) ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna, nó na hinfheisteoirí ann;
(c) an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus gnóthas comhinfheistíochta nó GCUI atá á mbainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann.
3. Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha socruithe éifeachtacha eagraíochtúla agus riaracháin a chothabháil agus a oibriú chun na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh.
4. Déanfar coinbhleachtaí leasa a nochtadh mar a thagraítear dó i mír 1, i gcás nach leor na socruithe eagraíochtúla a rinne bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach chun coinbhleachtaí leasa a aithint, a chosc, agus a bhainistiú, agus faireachán á dhéanamh orthu lena áirithiú, le muinín réasúnta, go mbeidh cosc ar an mbaol damáiste do leasanna na n-infheisteoirí. Déanfaidh bainisteoir um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheach nádúr ginearálta nó foinsí na gcoinbhleachtaí leasa a nochtadh go soiléir do na hinfheisteoirí sula ndéanfaidh siad gnó a riaradh thar a gceann.
5. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu:
(a) na cineálacha coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;
(b) na céimeanna a ghlacfaidh bainisteoirí um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, i dtéarmaí na struchtúr agus nósanna imeachta eagraíochtúla agus riaracháin, chun coinbhleachtaí leasa a aithint, a chosc agus a bhainistiú, agus faireachán á dhéanamh orthu agus chun iad a nochtadh.
Airteagal 10
1. I gcás gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhainistíonn siad, úsáidfidh bainisteoirí um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nósanna imeachta chun tomhas a dhéanamh ar an méid a mbeidh an iarmhairt shóisialta dhearfach a bhfuil siad tiomanta dó bainte amach ag na gnóthais phunainne cháilitheacha, ina n-infheistíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Déanfaidh na bainisteoirí a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta soiléir agus trédhearcach agus go bhfuil táscairí ar áireamh iontu a bhféadfadh sé, ag brath ar an gcuspóir sóisialta agus nádúr an ghnóthais punainne cháilithigh, go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na hábhair seo a leanas ar áireamh iontu:
(a) fostaíocht agus margaí saothair;
(b) caighdeáin agus cearta atá gaolmhar le cáilíocht poist;
(c) cuimsiú sóisialta agus cosaint grúpaí áirithe;
(d) cóir chomhionannais, comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú;
(e) sláinte agus sábháilteacht phoiblí;
(f) rochtain agus éifeachtaí ar chosaint shóisialta agus ar chórais sláinte agus oideachais.
2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu mionsonraí na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, maidir le gnóthais phunainne cháilitheacha éagsúla.
Airteagal 11
1. Beidh cistí dílse leordhóthanacha ag bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i gcónaí, agus úsáidfidh siad acmhainní teicniúla agus daonna leormhaithe agus iomchuí a bheidh riachtanach do bhainistiú chuí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
2. Beidh EUR 50 000 de chaipiteal tosaigh ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna mbainistiú go hinmheánach agus ag bainisteoirí seachtracha um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha araon.
3. Beidh ar a laghad aon ochtú de na forchostais sheasta arna dtabhú ag an mbainisteoir an bhliain roimhe sin ina gcistí dílse i gcónaí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an ceanglas sin a choigeartú i gcás inar tháinig athrú ábharach ar ghnó an bhainisteora ón mbliain roimhe sin. I gcás nach bhfuil bliain de ghnó curtha i gcrích ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, is éard a bheidh sa cheanglas aon ochtú de na forchostais sheasta atá beartaithe ina phlean gnó, seachas má bhíonn coigeartú ar an bplean sin de dhíth ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.
4. I gcás inar mó ná EUR 250 000 000 luach na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna mbainistiú ag an mbainisteoir, cuirfidh an bainisteoir suim bhreise cistí dílse ar fáil. Beidh suim bhreise comhionann le 0,02 % den mhéid atá luach iomlán na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha níos mó ná EUR 250 000 000 .
5. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a údarú gan suas le 50 % de shuim bhreise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar má bhaineann an bainisteoir sin leas as ráthaíocht ar an méid céanna arna thabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais ag a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil sé faoi réir rialacha stuamachta a measann na údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith comhionann leis na rialacha atá leagtha síos i ndlí an Aontais.
6. Déanfar cistí dílse a infheistiú i sócmhainní leachtacha nó sócmhainní is féidir a chomhshó go héasca ina n-airgead tirim sa ghearrthéarma agus ní áireofar seasaimh amhantracha iontu.
Airteagal 12
1. Déanfar rialacha maidir le luacháil sócmhainní a leagan síos i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus áiritheoidh siad próiseas luachála iontaofa agus trédhearcach.
2. Áiritheoidh na nósanna imeachta luachála a úsáidtear go bhfuil na sócmhainní á luacháil i gceart agus go ríomhtar an luach sócmhainne go bliantúil ar a laghad.
3. Chun comhsheasmhacht a áirithiú i luacháil gnóthas punainne cáilitheach, déanfaidh ÚEUM treoirlínte a fhorbairt a leagann amach comhphrionsabail maidir le cóireáil na n-infheistíochtaí sna gnóthais sin ag cur san áireamh a bpríomhchuspóir iarmhairt intomhaiste sóisialta dearfach a bhaint amach ag úsáid a gcuid brabús ar an gcéad dul síos chun an iarmhairt sin a bhaint amach.
Airteagal 13
1. Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha tuarascáil bhliantúil ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcás gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá á bhainistiú acu, faoi shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil ar chomhdhéanamh phunainn an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus gníomhaíochtaí na bliana roimhe sin. Nochtfar ann chomh maith na brabúis arna dtuilleadh ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag deireadh a ré agus, más infheidhme, na brabúis arna ndáileadh le linn a ré. Beidh na cuntais airgeadais iniúchta a bhaineann leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar áireamh sa tuarascáil. Táirgfear an tuarascáil bhliantúil i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe reatha agus na téarmaí ar chomhaontaigh na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na hinfheisteoirí. Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha an tuarascáil ar fáil d’infheisteoirí arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus infheisteoirí teacht ar chomhaontú faoi nochtuithe breise lena chéile.
2. Beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil bhliantúil:
(a) mionsonraí, de réir mar is iomchuí, faoin toradh sóisialta iomlán ar an mbeartas infheistíochta agus an modh a úsáideadh chun an toradh sin a thomhas;
(b) ráiteas maidir le haon dífheistiú a tharla a bhaineann le gnóthais phunainne cháilitheacha;
(c) tuairisc ina mínítear ar de thoradh nó nach de thoradh na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 14(1) a tharla dífheistiú i ndáil le sócmhainní eile an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nach n-infheistítear i ngnóthais phunainne cháilitheacha;
(d) achoimre ar na gníomhaíochtaí a rinne an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach maidir leis na gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 14(1);
(e) faisnéis faoi chineál, faoi luach agus faoi chuspóir na n-infheistíochtaí seachas infheistíochtaí cáilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1);
(f) tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear rioscaí comhshaoil agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid san áireamh i gcur chuige infheistíochta na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
3. Déanfar iniúchóireacht ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a sheoladh go bliantúil ar a laghad. Deimhneoidh an iniúchóireacht go bhfuil airgead agus sócmhainní á sealbhú in ainm an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus go bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tar éis taifid agus seiceálacha leormhaithe a bhunú agus a chothabháil i leith úsáid aon sainordú nó rialaithe ar airgead agus ar shócmhainní an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus na hinfheisteoirí ann.
4. I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tuarascáil bhliantúil airgeadais a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear a gcuid urrús isteach chun a trádála ar mhargadh rialaithe ( 1 ) i dtaca leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a thabhairt go leithleach nó mar chuid bhreise den tuarascáil bhliantúil airgeadais.
5. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an fhaisnéis ar fad a bhailítear faoin Airteagal seo ar fáil d’údarás inniúil gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach lena mbaineann, d’údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh lena mbaineann agus do ÚEUM go tráthúil trí mheán an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23.
Airteagal 14
1. Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i ndáil leis na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a n-infheisteoirí ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta, ar bhealach soiléir agus intuigthe faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad sula ndéanfaidh siad cinneadh infheistíochta:
(a) céannacht bhainisteora agus aon soláthraithe seirbhísí eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir lena mbainistíocht, agus tuairisc ar a ndualgais;
(b) méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistiú go cuí;
(c) tuairisc ar straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, lena n-áirítear:
(i) na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina mbeartaíonn sé infheistiú;
(ii) aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile ina bhfuil sé beartaithe aige infheistiú;
(iii) na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé beartaithe ag aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistíocht a dhéanamh;
(iv) na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bheartaíonn sé a dhéanamh;
(v) na teicnící a bheartaíonn sé a úsáid; agus
(vi) aon srianta infheistíochta is infheidhme;
(d) an tionchar sóisialta dearfach a bhfuil beartas infheistíochta an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh dírithe air, lena n-áirítear nuair is ábhartha, réamh-mheastacháin ar na torthaí sin de réir mar is réasúnta, agus faisnéis faoi fheidhmíocht go dtí seo sa réimse sin;
(e) na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an tionchar sóisialta a thomhas;
(f) tuairisc ar na sócmhainní seachas gnóthais phunainne cháilitheacha agus an próiseas agus na critéir a úsáidtear chun na sócmhainní sin a roghnú murar airgead tirim nó coibhéisí airgid iad;
(g) tuairisc ar phróifíl riosca an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní inar féidir leis an gciste infheistíocht a dhéanamh nó na teicníochtaí infheistíochta is féidir a úsáid;
(h) tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus ar an modh praghsála chun sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;
(i) tuairisc ar an tslí a ríomhtar luach saothair an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh;
(j) tuairisc ar na costais ábhartha go léir agus ar na huasmhéideanna díobh;
(k) feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, má tá sí ar fáil;
(l) na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile a bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheacht ag soláthar nó ag eagrú trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó oibriú leanúnach, i gcásanna áirithe, na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú faoi sin;
(m) tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú.
2. Beidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Coimeádfar í cothrom le dáta agus déanfar í a athbhreithniú go rialta i gcás inarb ábhartha.
3. I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála ( 2 ) nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt go leithleach nó mar chuid den réamheolaire.
4. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus sonrófar iontu:
(a) inneachar na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) agus pointe (l) de mhír 1 den Airteagal seo;
(b) an tslí is féidir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) agus i bpointe (l) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i láthair ar shlí aonfhoirmeach d’fhonn an t-uasleibhéal inchomparáideachta a áirithiú.
CAIBIDIL III
MAOIRSEACHT AGUS COMHAR RIARACHÁIN
Airteagal 15
1. Bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhfuil sé de rún acu an sonrúchán “EuSEF” a úsáid chun a gcuid cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú, cuirfidh siad údarás inniúil a mBallstáit baile ar an eolas faoin rún sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
(a) céannacht na ndaoine a dhéanann bainistíocht na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a sheoladh go héifeachtach;
(b) céannacht na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú agus a straitéisí infheistíochta;
(c) faisnéis faoi na socruithe a rinneadh maidir le ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;
(d) liosta de Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a mhargú iontu.
▼M1 —————
2. Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chlárú ach amháin má comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) go bhfuil na daoine a dhéanann gnó bainistithe cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha go héifeachtach de cháil sách maith agus go bhfuil taithí go leor freisin acu i ndáil leis na straitéisí infheistíochta arna saothrú ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;
(b) go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear dá dtagraítear faoi mhír 1 iomlán;
(c) go bhfuil na socruithe a fhógraítear faoi phointe (c) de mhír 1 oiriúnach chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh.
▼M1 —————
3. Beidh an clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus fágfaidh sé go bhféadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha margaíocht a dhéanamh ar chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha faoin sonrúchán “EuSEF” ar fud an Aontais.
4. Déanfaidh an t-údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas, cuirfidh údarás inniúil a mBallstáit baile iad ar an eolas faoi cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh é mar bhainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar.
5. Beidh gach clárú a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo ina chlárú chun críocha Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainistiú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
6. Maidir le bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir le haon athruithe ábharacha ar na coinníollacha do chlárú tosaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula gcuirfear athruithe den sórt sin chun feidhme.
Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chur ar an eolas laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra de na hathruithe sin a fháil. Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Féadfar na hathruithe sin a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.
7. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú mar a leagtar amach i mír 1 a shonrú tuilleadh agus chun na coinníollacha mar a leagtar amach i mír 2, a shonrú tuilleadh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
8. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú a leagtar amach i mír 1 agus sna coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
9. Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.
Airteagal 15a
1. Déanfaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, iarratas ar chlárú na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuSEF” a úsáid ina leith.
2. Is é údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a dhéanfaidh an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 1 ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a) rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;
(b) faisnéis ar chéannacht na taisce;
(c) an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1);
(d) liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha bunaithe ag na bainisteoirí dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil sé ar intinn acu iad a bhunú.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, is do na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá in Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 10, Airteagal 13(2) agus i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 14(1) a chomhlíonadh a thagróidh an fhaisnéis faoi na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá i gCaibidil II a chomhlíonadh.
3. I gcás nach ionann údarás inniúil ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, fiafróidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cé acu an dtagann nó nach dtagann an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora sin maidir le CIManna a bhainistiú agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 15(2) comhlíonta.
Féadfaidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach soiléiriú agus faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2.
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagra ar fáil laistigh do 1 mhí amháin tar éis dó an iarraidh a chuir údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh isteach a fháil.
4. Ní cheanglófar ar bhainisteoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 faisnéis nó doiciméid a sholáthar atá curtha ar fáil acu cheana féin faoi Threoir 2011/61/AE.
5. Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht arna fáil i gcomhréir le mír 2 agus tar éis dó aon soiléiriú agus aon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cláróidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh ciste mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach má shásaíonn bainisteoir an chiste sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(2).
6. Tabharfaidh údarás inniúil chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh fógra don bhainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 á rá cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh an ciste sin mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis don bainisteoir sin an doiciméadacht ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.
7. Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadófar dá bharr margú a dhéanamh ar na cistí sin ar fud an Aontais faoin sonrúchán “EuVECA”.
8. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2 a shonrú tuilleadh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
9. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
10. Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.
Airteagal 15b
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar údar cuí i gcás aon diúltú bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 nó ciste amhail dá dtagraítear in Airteagal 15a a chlárú, go dtabharfar fógra ina thaobh do na bainisteoirí dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus go mbeidh an diúltú faoi réir ceart achomhairc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás naisiúnta riaracháin nó údarás naisiúnta eile. Beidh feidhm ag an gceart achomhairc sin freisin maidir le clárú, i gcás nach ndearnadh aon chinneadh faoin gclárú laistigh de dhá mhí tar éis don bhainisteoir sin an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-úsáidfidh bainisteoir aon réamhréiteach riaracháin dá bhforáiltear faoin dlí naisiúnta sula bhfeidhmeoidh siad an ceart achomhairc sin.
Airteagal 16
Déanfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha an fhaisnéis a thugtar d’údarás inniúil an Bhallstáit baile a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu:
(a) ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nua a mhargú; nó
(b) ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá ann cheana i mBallstát ach nár luadh sa liosta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 15(1) a mhargú.
Airteagal 17
1. Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile fógra láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát aíochta agus do ÚEUM faoi aon chás ina gcláraítear nó ina mbaintear den chlár bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár, agus faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear den liosta iad, ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach na cistí sin a mhargú.
Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 15a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstaigh agus do ÚEUM faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, a bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.
2. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a fhorchur ar na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, agus ní cheanglóidh siad go bhformheasfar an margú sin sula rachfar ina bhun. Áirítear leis na ceanglais den sórt sin nó na nósanna imeachta riaracháin táillí agus muirir eile.
3. Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid an fhógra faoin Airteagal seo a chinneadh.
4. Déanfaidh ÚEUM dréachtaí de na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Feabhra 2014.
5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17a
1. Chun críocha athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 15(9) agus Airteagal 15a(10), déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó, i gcás nach ionann iad, údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis chríochnaitheach ar a bonn a deonaíodh an clárú mar a leagtar amach in Airteagal 15(1) agus (2) agus in Airteagal 15a(2), a chur ar fáil do ÚEUM go tráthúil tar éis an chlárúcháin. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil trí bhíthin an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23.
2. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do ÚEUM i gcomhréir le mír 1 a shonrú tuilleadh.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
3. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise atá le cur ar fáil do ÚEUM i gcomhréir le mír 1.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 18
1. Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach, a bhfuil rochtain phoiblí idirlín air, agus ina liostaítear na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad a úsáideann an sonrúchán “EuSEF” agus na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhfuil an sonrúchán sin á úsáid acu ina leith, mar aon leis na tíortha ina bhfuil na cistí sin á margú.
2. Cuirfidh ÚEUM naisc ghréasáin ar fáil ar a shuíomh gréasáin chuig an bhfaisnéis ábhartha maidir le tríú tíortha a chomhlíonann an ceanglas is infheidhme faoi phointe (d)(v) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1).
Airteagal 19
1. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú.
1a. Maidir le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar leordhóthanacht na socruithe agus as eagrúchán bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh, ionas go mbeidh an bainisteoir in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad atá á mbainistiú aige a chomhlíonadh.
1b. Maidir le ciste fiontraíochta sóisialta cháilitheach arna bhainistiú ag bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 agus i bpointe (c) agus i bpointe (i) d’Airteagal 14(1) ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Beidh údarás inniúil chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste ag an gciste sin.
2. I gcás ina mbeidh forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag sárú an Rialacháin seo laistigh dá chríoch, cuirfidh sé in iúl go pras don údarás inniúil sa Bhallstát baile dá réir sin. Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile bearta iomchuí.
3. Más rud é go leanfaidh an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag gníomhú ar shlí atá go soiléir ar neamhréir leis an Rialachán seo in ainneoin na bearta arna nglacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc go mainneoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile gníomhú laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tar éis dó an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile a chur ar an eolas mar gheall air, gach beart iomchuí a ghlacadh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chosc ó aon mhargaíocht breise a dhéanamh ar a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta.
Airteagal 20
I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Beidh na cumhachtaí seo a leanas acu go háirithe:
(a) rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
(b) a cheangal ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faisnéis a sholáthar gan mhoill;
(c) faisnéis a iarraidh ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó gníomhaíochtaí an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh;
(d) tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;
(e) bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar aghaidh ag comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo;
(f) ordú a eisiúint lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh bainisteoir um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha an Rialachán seo agus go scorfar ó aon athdhéanamh iompraíochta a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas maidir le cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.
Airteagal 21
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis riaracháin agus bearta eile is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Faoin ►M1 2 Márta 2020 ◄ , tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.
3. Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) an Rialachán seo i gcónaí agus beidh siad faoi dhliteanas i leith aon sáruithe ar an Rialachán seo freisin, lena n-áirítear i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as.
Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) Treoir 2011/61/AE i gcónaí. Beidh siad freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus beidh siad faoi dhliteanas i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. Beidh na bainisteoirí sin faoi dhliteanas freisin i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as an Rialachán seo a shárú.
Airteagal 22
1. Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach an méid seo a leanas:
(a) má mhainníonn sé na ceanglais atá infheidhme maidir le comhdhéanamh na punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;
(b) má dhéanann sé margú, de shárú ar Airteagal 6, ar aonaid agus ar scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;
(c) má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, sin nó mura bhfuil an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15a;
(d) má úsáideann sé an sonrúchán “EuSEF” chun cistí a mhargú nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3(1);
(e) má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 15 nó Airteagal 15a;
(f) má mhainníonn na bainisteoirí gníomhú go macánta, go cothrom nó leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí, agus a ngnó á sheoladh acu de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;
(g) má mhainníonn na bainisteoirí beartais agus nósanna imeachta cuí a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;
(h) má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 13 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;
(i) má mhainníonn na bainisteoirí arís agus arís eile an oibleagáid a chomhlíonadh chun infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 14.
2. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí:
(a) bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach Airteagal 5 agus Airteagal 6, le pointe (a) agus le pointe (b) d’Airteagal 7 agus le hAirteagal 13 go hAirteagal 15a, de réir mar is infheidhme;
(b) an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a thoirmeasc ón sonrúchán “EuSEF” a úsáid, agus an bainisteoir sin, nó an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach lena mbaineann, a bhaint den chlár.
3. Cuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 aon údarás inniúil ábhartha eile agus údaráis inniúla aon Bhallstát óstach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 15(1), agus ÚEUM, ar an eolas gan mhoill faoi bhaint bainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó faoi bhaint ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach den chlár.
4. Maidir leis an gceart ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú faoin sonrúchán “EuSEF” san Aontas, rachaidh sé in éag le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.
5. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó an Bhallstáit óstaigh, de réir mar is infheidhme, ÚEUM ar an eolas gan mhoill má tá foras soiléir agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil aon cheann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) de mhír 1 déanta ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach.
Féadfaidh ÚEUM, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, nó gan bearta den sórt sin a dhéanamh.
Airteagal 22a
Déanfar na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, lena n-áirítear na cumhachtaí sin a bhaineann le pionóis, a fheidhmiú i ndáil leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo.
Airteagal 23
1. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM le chéile nuair is gá chun a gcuid dualgas faoi seach a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. Malartóidh údaráis inniúla agus ÚEUM gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.
Airteagal 24
1. Tá gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla nó do ÚEUM, agus na hiniúchóirí agus na saineolaithe a fuair treoir ó na húdaráis inniúla nó ó ÚEUM, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine sin i mbun a gcuid dualgas a nochtadh le haon duine nó le húdarás ar bith, seachas i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomláin ionas nach bhféadfaí bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a aithint ar leithligh, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoi imeachtaí faoin Rialachán seo.
2. Ní chuirfear bac ar údaráis inniúla na mBallstát nó ar ÚEUM faisnéis a mhalartú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
3. I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla nó ÚEUM faisnéis rúnda i gcomhréir le mír 2, ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid ach le linn dóibh a bheith i mbun a gcuid dualgas agus chun críche imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.
Airteagal 25
I gcás easaontaithe i measc údaráis inniúla na mBallstát maidir le measúnú, gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht údaráis inniúil amháin i limistéir ina gceanglaíonn an Rialachán seo go mbeidh comhoibriú nó comhordú idir údaráis inniúla ó bhreis is Ballstát amháin, féadfaidh údaráis inniúla an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, sa mhéid nach mbaineann an t-easaontú le pointe (i) de phointe (b) nó le pointe (i) de phointe (d) d’Airteagal 3(1) den Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 26
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.
2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 9(5), in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 14(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ón 15 Bealtaine 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachtaí a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 9(5), in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 14(4) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 9(5), Airteagal 10(2) nó Airteagal 14(4) i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
Airteagal 27
1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 2. Beidh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn iad a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:
(a) an úsáid, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann, a bhain bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i mBallstáit éagsúla as an sonrúchán “EuSEF”;
(b) dáileadh geografach agus earnálach na n-infheistíochtaí a ghabh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha de láimh;
(c) oiriúnacht na gceanglas faisnéise faoi Airteagal 14, go háirithe cibé ar leor iad chun a chur ar chumas infheisteoirí cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hinfheistíocht;
(d) an úsáid a bhain cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha as na hinfheistíochtaí cáilitheacha éagsúla agus an tionchar a bhí ag an úsáid sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais;
(e) oiriúnacht lipéad Eorpach a bhunú i gcomhair “fiontair shóisialta”;
(f) an fhéidearthacht cistí fiontraíochta sóisialta arna mbunú i dtríú tír a cheadú úsáid a bhaint as an sonrúchán “EuSEF” ag cur san áireamh taithí ó chur i bhfeidhm Mholadh an Choimisiúin maidir le bearta lena mbeartaítear spreagadh a thabhairt do thríú tíortha íoschaighdeáin dea-rialachais i gcúrsaí cánach a chur i bhfeidhm;
(g) cur i bhfeidhm praiticiúil na gcritéar maidir le gnóthais phunainne cháilitheacha a aithint agus an tionchar a bhí aige sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais agus a dtionchar sóisialta dearfach;
(h) anailís ar na nósanna imeachta a chuireann bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i bhfeidhm chun iarmhairt shóisialta dhearfach a thomhas a ghineann na gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus measúnú ar an bhféidearthacht caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach chun an iarmhairt shóisialta a thomhas ar leibhéal an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach le beartas sóisialta an Aontais;
(i) an deis margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a leathnú amach chun infheisteoirí miondíola;
(j) oiriúnacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a áireamh laistigh de shócmhainní incháilithe faoi Threoir 2009/65/CE;
(k) oiriúnacht an Rialachán seo a chomhlánú le córas taisclainne;
(l) scrúdú ar na constaicí cánach féideartha le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta agus measúnú ar dhreasachtaí cánach féideartha atá dírithe ar fhiontraíocht shóisialta a spreagadh san Aontas;
(m) meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar infheistíocht i gcistí ag úsáid an tsonrúcháin “EuSEF”, lena n-áirítear an iarmhairt a bheadh ag dlí eile an Aontais de chineál stuamachta ar infheisteoirí institiúideacha.
2. Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1:
(a) faoin ►M1 2 Márta 2022 ◄ maidir le pointí (a) go (e) agus (g) go (m); agus
(b) faoin 22 Iúil 2015 maidir le pointe (f).
3. Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil agus aon togra reachtach a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
4. I gcomhthreo leis an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2011/61/AE, go háirithe maidir le bainisteoirí atá cláraithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(2) den Treoir sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid seo a leanas:
(a) bainistiú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus a iomchuí a bheadh sé athruithe a chur ar an gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear an rogha a bhaineann le pas bainistíochta; agus
(b) oiriúnacht an tsainmhínithe ar mhargú le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus an tionchar a bheidh ag an sainmhíniú sin agus ag léirithe náisiúnta éagsúla de ar oibriú agus ar infheictheacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus ar leithdháileadh trasteorann cistí den sórt sin.
Tar éis an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.
Airteagal 28
1. Faoin 22 Iúil 2017, cuirfidh an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar an idirghníomhú idir an Rialachán seo agus rialacha eile maidir le gnóthais chomhinfheistíochta agus a mbainisteoirí, go háirithe iad siúd a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE. Tabharfaidh an t-athbhreithniú sin aghaidh ar raon feidhme an Rialacháin seo. Baileoidh sé sonraí chun measúnú a dhéanamh cibé an bhfuil sé riachtanach an raon feidhme a leathnú amach chun a cheadú do bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta a bhfuil sócmhainní faoi bhainistiú acu ar mó iad ina n-iomlán ná an tairseach dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) chun teacht chun bheith ina mbainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil agus aon togra reachtach a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Airteagal 29
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Iúil 2013, cé is moite d’Airteagal 3(2), d’Airteagal 9(5), d’Airteagal 10(2) agus d’Airteagal 14(4), a mbeidh feidhm acu ón 15 Bealtaine 2013.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.
( 2 ) IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.