02013R0345 — GA — 09.01.2024 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 345/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 115 25.4.2013, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2017/1991 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017 |
L 293 |
1 |
10.11.2017 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1156 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 188 |
55 |
12.7.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 |
L |
1 |
20.12.2023 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 345/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Aibreán 2013
maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha agus coinníollacha do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo an sonrúchán “EuVECA” sin a úsáid maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas, agus, ar an dóigh sin, cuireann an Rialachán seo le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Leagtar síos freisin leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú le hinfheisteoirí incháilithe ar fud an Aontais, maidir le comhdhéanamh punainne cistí caipitil fiontair cáilitheacha, maidir leis na hionstraimí agus na teicnící infheistíochta incháilithe atá le húsáid ag na cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus maidir le heagrú, iompraíocht agus trédhearcacht bainisteoirí a dhéanann cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú ar fud an Aontais.
Airteagal 2
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
níl a gcuid sócmhainní iomlána faoi bhainistíocht níos airde ná an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE;
tá siad bunaithe san Aontas;
tá siad faoi réir a gcláraithe le húdaráis inniúla a mBallstáit baile i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE; agus
déanann siad bainistíocht ar phunanna de chistí caipitil fiontair cáilitheacha.
Airteagal 3
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” AIF mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;
ciallaíonn “ciste caipitil fiontair cáilitheach” gnóthas comhinfheistíochta ar fíor na nithe seo a leanas ina thaobh:
go bhfuil sé ar intinn aige, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos ina rialacha nó ina ionstraimí corpraithe, 70 % ar a laghad dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní ar infheistíochtaí cáilitheacha iad, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;
nach n-úsáideann sé níos mó ná 30 % de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an chiste chun sócmhainní seachas ionstraimí cáilitheacha a fháil, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;
go bhfuil sé bunaithe i gcríoch Ballstáit;
ciallaíonn “bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach” duine dlítheanach arb é a ghnó rialta é ciste caipitil fiontair amháin ar a laghad a bhainistiú;
ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas:
a chomhlíonann, tráth a dhéanfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach an chéad infheistíocht sa ghnóthas sin, ceann de na coinníollacha seo a leanas:
nach gnóthas comhinfheistíochta é féin é;
nach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas é:
atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit, nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:
ciallaíonn “infheistíochtaí cáilitheacha” aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
ionstraim chothromais nó ionstraim chuasachothromais:
iasacht urraithe nó iasacht neamhurraithe arna dheonú ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach do ghnóthas punainne cáilitheach a sealbhaíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach infheistíochtaí cáilitheacha cheana ann, ar choinníoll nach ndéantar níos mó ná 30 % de na ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus den chaipiteal geallta neamhghlaoite sa chiste caipitil fiontair cáilitheach a úsáid d’iasachtaí den sórt sin;
scaireanna i ngnóthas punainne cáilitheach a fhaightear ó scairshealbhóirí láithreacha an ghnóthais sin;
aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó de roinnt cistí caipitil fiontair cáilitheacha, ar choinníoll nár infheistigh na cistí caipitil fiontair cáilitheacha sin iad féin níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;
ciallaíonn “costais ábhartha” gach táille, muirear agus speansas a sheasann na hinfheisteoirí go díreach nó go hindíreach agus atá comhaontaithe idir bainisteoir um chiste caipitil fiontair cháilitheach agus na hinfheisteoirí;
ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile rannpháirteachais i gcaipiteal an ghnóthais punainne cháilithigh, arna n-eisiúint dá infheisteoirí;
ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime maoinithe ar teaglaim é de chothromas agus fiachas, sa chás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó caillteanas an ghnóthais phunainne cháilithigh agus sa chás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime i gcás mainneachtana urraithe go hiomlán;
ciallaíonn “margú” tairiscint nó láithriú díreach nó indíreach ar thionscnamh bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó thar a cheann d’aonaid nó de scaireanna ciste caipitil fiontair atá faoina bhainistíocht nó a bhainistíonn sé le hinfheisteoirí a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas;
ciallaíonn “caipiteal geallta” aon ghealltanas ar dá bhun a bhfuil oibleagáid ar infheisteoir, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i rialacha nó in ionstraimí corparáide an chiste caipitil fiontair cháilithe, leas a fháil sa chiste nó ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh leis;
ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát sin ina bhfuil a oifig chláraithe ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach;
ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach margaíocht ar chistí caipitil fiontair cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “údarás inniúil”:
i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;
i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2011/61/AE;
i dtaca le cistí caipitil fiontair cáilitheacha, údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach bunaithe;
ciallaíonn “údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh” údarás Ballstáit, seachas an Ballstát baile, ina ndéantar an ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú;
ciallaíonn “réamh-mhargaíocht” faisnéis faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a bheith á soláthar nó iad a bheith á gcur in iúl, go díreach nó go hindíreach, ag bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach, nó thar a cheann, d'infheisteoirí féideartha atá ina gcónaí nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas chun a fháil amach cén spéis atá acu i gciste caipitil fiontair cáilitheach nach bhfuil ar bun fós, nó i gciste caipitil fiontraíochta cáilitheach atá ar bun ach nár tugadh fógra ina leith go fóill maidir le margaíocht i gcomhréir le hAirteagal 15, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar na hinfheisteoirí féideartha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus nach tairiscint ná socrúchán don infheisteoir féideartha atá i gceist, i gceachtar den dá chás sin, chun infheistiú in aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh sin.
I ndáil le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceadaíonn foirm dhlíthiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh bainistiú inmheánach a dhéanamh agus i gcás nach ndéanann comhlacht rialála an chiste bainisteoir seachtrach a cheapadh, déanfar an ciste caipitil fiontair cáilitheach féin a chlárú mar an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 14. Ní dhéanfar ciste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe mar bhainisteoir inmheánach um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú mar bhainisteoir seachtrach um chiste caipitil fiontair cáilitheach ar ghnóthais comhinfheistíochta eile.
CAIBIDIL II
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID AN tSONRÚCHÁIN “EuVECA”
Airteagal 4
Beidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo i dteideal an sonrúchán “EuVECA” a úsáid chun cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú san Aontas.
Airteagal 4a
Féadfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin i gcás ina mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d'infheisteoirí ionchasacha:
cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach áirithe a fháil;
is ionann í agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm dheiridh; nó
is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste caipitil fiontair cáilitheach nár bunaíodh fós.
I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, ní chuimseofar iontu an fhaisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:
ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh le haonaid ná le scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach; agus
níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi.
Aon suibscríbhinn a ghlacfaidh infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí ón tráth a rinne bainisteoir ar chiste chaipitil fiontair cáilitheach tús a chur leis an réamh-mhargaíocht, d'aonaid nó scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach dá dtagraítear san fhaisnéis arna soláthar sa chomhthéacs réamh-mhargaíochta, nó ciste caipitil fiontair cáilitheach mar thoradh ar réamh-mhargaíocht, measfar é a bheidh mar thoradh ar mhargaíocht agus beidh sé faoi féir na nósanna imeachta fógartha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15.
Airteagal 5
Airteagal 6
Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha aonaid agus scaireanna na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú go heisiach le hinfheisteoirí a mheastar gur cliaint ghairmiúla iad i gcomhréir le Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nó a bhféadfaí, ar iarraidh a dhéanamh, déileáil leo mar chliaint ghairmiúla i gcomhréir le Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/39/CE, nó le hinfheisteoirí eile sna cásanna seo a leanas:
tá sé geallta ag na hinfheisteoirí eile sin EUR 100 000 ar a laghad a infheistiú; agus
tá sé dearbhaithe i scríbhinn ag na hinfheisteoirí eile sin, i ndoiciméad ar leithligh ón gconradh atá le tabhairt i gcrích maidir leis an ngealltanas infheistíochta, go bhfuil siad ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis an ngealltanas nó leis an infheistíocht atá beartaithe.
Airteagal 7
Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha an méid seo a leanas maidir leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu:
agus a ngníomhaíochtaí á seoladh acu, gníomhú go hionraic, go cothrom agus leis an scil chuí, an cúram cuí agus an dúthracht chuí;
cuirfidh siad na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun míchleachtais a chosc a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leis go ndéanfaidís difear do leasanna na n-infheisteoirí agus na ngnóthas punainne cáilitheach;
déanfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí gnó ar bhealach is go gcuirfear na leasanna is fearr chun cinn do na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, do na hinfheisteoirí iontu agus do shláine an mhargaidh;
cuirfidh siad leibhéal ard díchill i bhfeidhm maidir le roghnú agus faireachán leanúnach na n-infheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha;
beidh eolas agus tuiscint leormhaith acu ar na gnóthais phunainne cháilitheacha a ndéanann siad infheistíocht iontu;
déileálfar go cothrom lena gcuid infheisteoirí. Ní chuirfidh an méid sin bac ar chóir níos fabhraí a thabhairt d’infheisteoirí príobháideacha ná d’infheisteoir poiblí, ar choinníoll go mbeidh cóir den chineál sin i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair i gcomhréir go háirithe le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ( 6 ) ón gCoimisiún agus go ndéanfar é a nochtadh i rialacha an chiste nó ina ionstraimí corpraithe;
áiritheoidh siad nach bhfaighidh infheisteoir ar bith cóir níos fabhraí, mura rud é go ndéantar an chóir níos fabhraí sin a nochtadh i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh.
Airteagal 8
Airteagal 9
Sainaithneoidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, go háirithe, na coinbhleachtaí leasa sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir:
bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, daoine a sheolann i ndáiríre gnó na mbainisteoirí sin, fostaithe na mbainisteoirí sin nó aon duine a bhfuil na bainisteoirí sin faoi rialú aige nó atá faoi riail acu, go díreach nó go hindíreach, agus an ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhainistíonn na bainisteoirí sin, nó infheisteoirí ann;
an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus ciste caipitil fiontair cáilitheach eile atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann;
an ciste caipitil fiontair cáilitheach nó na hinfheisteoirí ann, agus gnóthas comhinfheistíochta nó GCUI atá á bhainistiú ag an mbainisteoir céanna nó na hinfheisteoirí ann.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na cineálacha coinbhleachtaí leasa amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;
na céimeanna is gá do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a ghlacadh, i dtaca le struchtúir agus nósanna imeachta eagraíochtúla agus riaracháin, chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a nochtadh.
Airteagal 10
Airteagal 11
Airteagal 12
Déanfar an tuarascáil bhliantúil a tháirgeadh i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe atá ann cheana agus leis na téarmaí a bheidh comhaontaithe idir na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na hinfheisteoirí. Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha an tuarascáil a sholáthar d’infheisteoirí arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus infheisteoirí a chomhaontú breis nochta a dhéanamh lena chéile.
Airteagal 13
Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i ndáil leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a gcuid infheisteoirí a chur ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí an cinneadh infheistíochta, ar shlí shoiléir agus intuigthe, faoi na gnéithe seo a leanas:
céannacht an bhainisteora sin agus céannacht aon soláthraithe seirbhíse eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir leis an mbainistíocht a dhéanann siad ar na cistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus tuairisc ar a gcuid dualgas;
méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistiú go cuí;
tuairisc ar an straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste caipitil fiontair cháilithigh, lena n-áirítear:
na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;
aon chistí caipitil fiontair cáilitheacha eile a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;
na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé ar intinn go ndéanfadh aon chiste caipitil fiontair cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistiú iontu;
na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu a dhéanamh;
na teicnící a bhfuil sé ar intinn aige a úsáid; agus
aon srianta infheistíochta infheidhme;
tuairisc ar phróifíl riosca an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní a bhféadfadh an ciste infheistiú iontu nó leis na teicnící infheistíochta a d’fhéadfaí a úsáid;
tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar an modheolaíocht praghsála chun na sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun na gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;
tuairisc ar an tslí a dhéantar luach saothair an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a ríomh;
tuairisc ar na costais ábhartha uile agus na méideanna uasta díobh sin;
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh;
na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile arna soláthar nó arna n-eagrú ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó, ar shlí éigin eile, oibríochtaí leanúnacha na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú ar an bhfíoras sin;
tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú.
CAIBIDIL III
MAOIRSEACHT AGUS COMHAR RIARACHÁIN
Airteagal 14
Bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán “EuVECA” a úsáid chun a gcuid cistí caipitil fiontair cáilitheacha a mhargú, cuirfidh siad in iúl d’údarás inniúil a mBallstáit baile go bhfuil sé ar intinn acu é sin a dhéanamh agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas:
céannacht na ndaoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;
céannacht na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú, agus a straitéisí infheistíochta;
faisnéis maidir leis na socruithe a rinneadh chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;
liosta de na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach gach ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú iontu.
▼M1 —————
Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
go bhfuil na daoine a sheolann i ndáiríre gnó bhainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha de dhea-cháil leordhóthanach agus go bhfuil taithí leordhóthanach acu freisin i ndáil leis na straitéisí infheistíochta atá á saothrú ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach;
go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 iomlán;
go bhfuil na socruithe arna gcur in iúl de réir phointe (c) de mhír 1 oiriúnach chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh.
▼M1 —————
Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra maidir leis na hathruithe sin a fháil, an bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach a chur ar an eolas. Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh. Féadfar na hathruithe a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 14a
Is é údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh a dhéanfaidh an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 1 ina mbeidh an méid seo a leanas:
rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh;
faisnéis ar chéannacht na taisce;
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1);
liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí caipitil fiontair cáilitheacha bunaithe ag na bainisteoirí dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil sé ar intinn acu iad a bhunú.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, is do na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá in Airteagal 5 agus Airteagal 6, agus i bpointí (c) agus (i) d’Airteagal 13(1) a chomhlíonadh a thagróidh an fhaisnéis faoi na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá i gCaibidil II den Rialachán seo a chomhlíonadh.
Féadfaidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh soiléiriú agus faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2.
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagra laistigh d’aon mhí amháin ar fáil tar éis dó an iarraidh a chuir údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh isteach a fháil.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 14b
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar údar cuí i gcás ina ndiúltaítear bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 nó ciste amhail dá dtagraítear in Airteagal 14a a chlárú, go dtabharfar fógra ina thaobh do na bainisteoirí dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus go mbeidh an diúltú faoi réir ceart achomhairc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás naisiúnta riaracháin nó údarás naisiúnta eile. Beidh feidhm ag an gceart achomhairc sin freisin maidir le clárú, i gcás nach ndearnadh aon chinneadh faoin gclárú laistigh de dhá mhí i ndiaidh don bhainisteoir sin an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-úsáidfidh an bainisteoir sin aon réamhréiteach riaracháin dá bhforáiltear faoin dlí naisiúnta sula bhfeidhmeoidh siad an ceart achomhairc sin.
Airteagal 15
Cuirfidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ina bhfuil sé ar intinn acu margú a dhéanamh ar:
chiste caipitil fiontair cáilitheach nua; nó
ciste caipitil fiontair cáilitheach atá ann cheana i mBallstát nach bhfuil luaite sa liosta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 14(1).
Airteagal 16
Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste caipitil fiontair cháilithigh a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 14a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste caipitil fiontair cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.
Airteagal 16a
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17
Airteagal 17a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ). Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin ná ESMA. Bainfidh ESMA an fhaisnéis sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Rialachán seo chun an bunachar lárnach sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo a bhunú.
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an chiste lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Airteagal 18
Airteagal 19
I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Beidh sé de chumhacht acu go háirithe:
rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
a cheangal ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach faisnéis a sholáthar gan mhoill;
a cheangal ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó le gníomhaíochtaí an chiste caipitil fiontair cháilithigh faisnéis a sholáthar;
tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;
bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach de bheith ag comhlíonadh an Rialacháin seo;
ordú a eisiúint lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach an Rialachán seo agus go scoirfidh sé ó aon athdhéanamh iompraíochta a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas maidir le cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.
Airteagal 20
Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) Treoir 2011/61/AE i gcónaí. Beidh siad freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus beidh siad faoi dhliteanas i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. Beidh na bainisteoirí sin faoi dhliteanas freisin i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as an Rialachán seo a shárú.
Airteagal 21
Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh an t-údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach an méid seo a leanas:
go mainníonn sé na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;
go ndéanann sé, de shárú ar Airteagal 6, aonaid agus scaireanna ciste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;
go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, nó nach bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14a;
go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3;
má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha, nó ar aon bhealach neamhrialta eile, de shárú ar Airteagal 14 nó Airteagal 14a;
go mainníonn sé gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil cuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh a chuid gnó de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;
go mainníonn sé beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;
go mainníonn sé arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 12 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;
go mainníonn sé arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 a chomhlíonadh.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí:
bearta chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann Airteagal 5 agus Airteagal 6, pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 7, agus Airteagal 12 go hAirteagal 14a, de réir mar is infheidhme;
a thoirmeasc ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann an sonrúchán “EuVECA” a úsáid agus an bainisteoir sin, nó an ciste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann, a bhaint den chlár.
Féadfaidh ÚEUM, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, nó gan bearta den sórt sin a dhéanamh.
Airteagal 21a
Déanfar na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, lena n-áirítear na cumhachtaí sin a bhaineann le pionóis, a fheidhmiú i ndáil leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo.
Airteagal 22
Airteagal 23
Airteagal 24
I gcás ina mbíonn easaontú idir údaráis inniúla na mBallstát maidir le measúnú, gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ceann de na húdaráis inniúla i réimsí ina gceanglaítear comhoibriú nó comhordú idir údaráis inniúla ó níos mó ná Ballstát amháin faoin Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a mhéid is nach mbaineann an t-easaontú le pointe (iii) de phointe (b) nó le pointe (iv) de phointe (d) d’Airteagal 3 den Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 25
Airteagal 26
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 2. Beidh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn a gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear:
a mhéid a bhain bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha úsáid as an sonrúchán “EuVECA” i mBallstáit éagsúla, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann;
dáileadh geografach agus earnálach na n-infheistíochtaí a dtugann cistí caipitil fiontair cáilitheacha fúthu;
oiriúnacht na gceanglas faisnéise faoi Airteagal 13, go háirithe cibé ar leor iad lena chur ar chumas infheisteoirí cinneadh eolasach infheistíochta a ghlacadh;
úsáid na n-infheistíochtaí cáilitheacha éagsúla ag bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus go háirithe cibé an gá na hinfheistíochtaí cáilitheacha a choigeartú sa Rialachán seo;
an fhéidearthacht maidir le margú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a leathnú chuig infheisteoirí miondíola;
éifeachtúlacht, comhréireacht agus feidhmiú na bpionós riaracháin agus na mbeart eile a bhforálann na Ballstáit dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
tionchar an Rialacháin seo ar an margadh caipitil fiontair;
an fhéidearthacht go gceadófaí do chistí caipitil fiontair atá bunaithe i dtríú tír an sonrúchán “EuVECA” a úsáid, á chur san áireamh an taithí maidir le cur i bhfeidhm an Mholta ón gCoimisiún maidir le bearta atá ceaptha spreagadh a thabhairt do thríú tíortha caighdeáin íosta dea-rialachais a chur i bhfeidhm in ábhair chánach;
a oiriúnaí atá sé an Rialachán seo a chomhlánú le réim taisclainne;
meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh cur isteach ar infheistíocht i gcistí a úsáideann an sonrúchán “EuVECA”, lena n-áirítear an tionchar ar infheisteoirí institiúideacha i ndlí eile de chuid an Aontais a bhfuil nádúr stuamachta ag roinnt leo.
Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 faoi:
an ►M1 2 Márta 2022 ◄ maidir le pointí (a) go (g), (i) agus (j); agus
an 22 Iúil 2015 maidir le pointe (h).
I gcomhthreo leis an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2011/61/AE, go háirithe maidir le bainisteoirí atá cláraithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(2) den Treoir sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid seo a leanas:
bainistiú cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus a iomchuí a bheadh sé athruithe a chur ar an gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear an rogha a bhaineann le pas bainistíochta; agus
oiriúnacht an tsainmhínithe ar mhargú le haghaidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus an tionchar a bheidh ag an sainmhíniú sin agus ag léirmhínithe náisiúnta éagsúla ar oibriú agus ar infheictheacht cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus ar leithdháileadh trasteorann cistí den sórt sin.
Tar éis an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.
Airteagal 27
Airteagal 28
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 22 Iúil 2013, cé is moite d’Airteagal 9(5) a mbeidh feidhm aige amhail ón 15 Bealtaine 2013.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 2 ) IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.
( 3 ) IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.
( 4 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 5 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
( 7 ) IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.
( 8 ) IO L 345, 31.12.2003, lch. 64.
( 9 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).