02013R0020 — GA — 01.01.2017 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 20/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2013

lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile

(IO L 017 19.1.2013, lch. 13)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/540 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Márta 2017

  L 88

1

31.3.2017




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 20/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2013

lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile



CAIBIDIL I

FORÁLACHA COIMIRCE

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn “táirge” earra de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir. Maidir le táirge atá faoi réir imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne taraife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt de líne taraife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh nó ar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais;

(b) ciallaíonn “páirtithe leasmhara” na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge i dtrácht difear dóibh;

(c) ciallaíonn “tionscal an Aontais” táirgeoirí an Aontais ina n-iomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomhaschur de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí díriomaíocha agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin nó, nuair nach bhfuil sa táirge comhchosúil nó sa táirge díriomaíoch ach táirge amháin de roinnt táirgí arna ndéanamh ag na táirgeoirí de chuid an Aontais, na hoibríochtaí sonracha a bhaineann le táirgeadh an táirge chomhchosúil nó an táirge dhíriomaíoch;

(d) ciallaíonn “mórdhíobháil” lagú suntasach foriomlán;

(e) ciallaíonn “bagairt mhórdhíobhála” mórdhíobháil ar léir ina leith go bhfuil sí ar tí tarlú;

(f) ciallaíonn “mórmheathlú” suaitheadh suntasach in earnáil nó i dtionscal an Aontais;

(g) ciallaíonn “bagairt mhórmheathlaithe” suaitheadh suntasach ar léir ina leith go bhfuil sé ar tí tarlú;

(h) ciallaíonn “idirthréimhse” deich mbliana ón dáta ar ar cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm i gcás táirge dá ndéanann an Sceideal, a leagtar amach in Iarscríbhinn I (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) a ghabhann leis an gComhaontú (“Sceideal um Dhíchur Taraife”) foráil do thréimhse níos lú ná deich mbliana le haghaidh dhíchur na taraife, nó an tréimhse le haghaidh dhíchur na taraife móide trí bliana i gcás táirge dá ndéanann an Sceideal um Dhíchur Taraife foráil do thréimhse deich mbliana nó níos mó le haghaidh dhíchur na taraife;

(i) ciallaíonn “tír de chuid Mheiriceá Láir” Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua nó Panama.

Beidh cinneadh i dtaobh bagairt mhórdhíobhála a bheith ann de réir bhrí phointe (e) den chéad mhír bunaithe ar fhíorais infhíoraithe agus ní hamháin ar líomhaint, ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach. Chun a chinneadh an bhfuil bagairt mhórdhíobhála ann, cuirfear, inter alia, réamhaisnéisí, meastacháin agus anailísí a dhéantar ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5) san áireamh.

Airteagal 2

Prionsabail

1.  Féadfar beart coimirce a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, más rud é go bhfuil táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir, mar thoradh ar na dleachtanna custaim ar an táirge sin a laghdú nó a dhíchur, á allmhairiú isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do thionscal an Aontais.

2.  Féadfaidh beart coimirce bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear sa Sceideal um Dhíchur Taraife;

(b) an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:

 ráta dleachta custaim an náisiúin bharrfhabhair (“NBF”) a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge agus atá i bhfeidhm an tráth a ndéantar an beart, nó

 an ráta dleachta custaim NBF a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge atá in éifeacht an lá díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

3.  Ní chuirfear beart coimirce i bhfeidhm laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife fabhraí saor ó dhleacht arna ndeonú ag an gComhaontú.

Airteagal 3

Faireachán

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorás staidreamh allmhairithe bananaí ó thíortha Mheiriceá Láir. Chun na críche sin, comhoibreoidh sé ar bhonn rialta leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

2.  Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na tionscail lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh raon feidhme an fhaireacháin a leathnú chuig earnálacha eile.

3.  Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an staidreamh cothrom le dáta i dtaobh allmhairithe bananaí ó thíortha Mheiriceá Láir, agus sna hearnálacha sin a mbeidh faireachán leathnaithe chucu.

4.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhall na gcaighdeán sóisialta agus comhshaoil a leagtar síos i dTeideal VIII de Chuid IV den Chomhaontú ag tíortha Mheiriceá Láir.

Airteagal 4

Imeachtaí a thionscnamh

1.  Déanfar imeacht a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin más dealraitheach don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5), le bheith ina húdar maith le tionscnamh den sórt sin.

2.  Beidh san iarraidh ar imeacht a thionscnamh fianaise go bhfuil á gcomhlíonadh na coinníollacha maidir leis an mbeart coimirce a leagtar amach in Airteagal 2(1) a fhorchur. De ghnáth, beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh: ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí i ndáil leis an táirge lena mbaineann, arna shloinneadh i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar den mhargadh baile a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgthe, táirgiúlachta, úsáide acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta.

3.  Féadfar imeacht a thionscnamh freisin i gcás ina dtagann borradh ar allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gceann amháin nó i roinnt de na réigiúin is forimeallaí, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(5).

4.  Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí san allmhairiú ón Mheiriceá Láir go bhfuil gá le bearta coimirce. Beidh ar áireamh san fhaisnéis sin an fhianaise atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5(5).

5.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit nuair a bhfaighidh sé iarraidh imeacht a thionscnamh nó nuair a bhreithníonn sé gur iomchuí imeacht a thionscnamh ar a thionscnamh féin de bhun mhír 1.

6.  Más rud é go ndealraíonn sé go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann i gcomhréir le hAirteagal 5(5) chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh agus déanfaidh sé fógra ina thaobh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an tionscnamh laistigh d'aon mhí amháin ón tráth a bhfaighidh an Coimisiún an iarraidh nó an fhaisnéis de bhun mhír 1.

7.  Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 6:

(a) tabharfar achoimre ann ar an bhfaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;

(b) luafar ann an tréimhse a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh lena linn, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imeachta;

(c) luafar ann an tréimhse a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(9) lena linn.

Airteagal 5

Imscrúduithe

1.  Tar éis an t-imeacht a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú. Tosóidh an tréimhse, amhail mar a leagtar amach i mír 3, ar an lá a bhfoilseofar an cinneadh chun imscrúdú a thionscnamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt don iarraidh sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis sin, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 12, cuirfear leis na comhaid neamhrúnda í, faoi mar a fhoráiltear i mír 8 den Airteagal seo.

3.  Aon uair is féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i dtaobh aon fhadaithe den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis.

4.  Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1), agus, nuair is iomchuí, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a fhíorú.

5.  Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar gach toisc ábhartha atá oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin de mhargadh an Aontais a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe agus athruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgthe, táirgiúlachta, úsáide acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d'fhéadfadh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh i dtaobh an bhfuil mórdhíobháil nó bagairt mhórdhíobhála ann, amhail stoic, praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil, nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

6.  Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a thíolacadh de bhun Airteagal 4(7)(b), agus féadfaidh ionadaithe thír Mheiriceá Láir lena mbaineann, ar iarraidh i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le tíolacadh a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir bhrí Airteagal 12 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a thíolacadh a gcuid tuairimí i leith na faisnéise a chur in iúl don Choimisiún. I gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leis na tuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh iad.

7.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh go léir a úsáidtear don imscrúdú ar fáil agus go mbeidh siad sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.

8.  Áiritheoidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá ann, go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint pasfhocail ann don chomhad neamhrúnda, agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is trí sin a scaipfear an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún, de réir bhrí Airteagal 12. Tabharfar rochtain ar an ardán ar líne sin do pháirtithe leasmhara, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.

9.  Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léireofar gur dócha go hiarbhír go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh.

Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann leis sin.

10.  I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocraigh an Coimisiún, nó nuair atá bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinntí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

11.  Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don tír de chuid Mheiriceá Láir lena mbaineann maidir le himscrúdú a thionscnamh.

Airteagal 6

Bearta réamhfhaireachais

1.  Féadfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais a ghlacadh i dtaca le hallmhairí ó thír de chuid Mheiriceá Láir sna cásanna a leanas:

(a) nuair atá an treocht maidir le hallmhairí táirge de chineál a fhágann go bhféadfadh ceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 4 leanúint aisti; nó

(b) nuair atá borradh ar allmhairí bananaí comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gceann amháin nó níos mó de réigiúin is forimeallaí an Aontais.

2.  Glacfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

3.  Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag bearta réamhfhaireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na chéad sé mhí tar éis iad a thabhairt isteach.

Airteagal 7

Bearta coimirce sealadacha a fhorchur

1.  In imthosca géibheannacha ina mbeadh moill ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, déanfar bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm de bhun réamhchinnidh, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5), go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir de thoradh dleacht chustaim a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir leis an Sceideal um Dhíchur Taraife, agus go bhfuil allmhairí den sórt sin ina gcúis le mórdhíobháil, nó ina gcúis le bagairt mhórdhíobhála, do thionscal an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2). I gcásanna ina bhfuil mórchúiseanna práinne ann, lena n-áirítear an cás dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha atá infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

2.  I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát go ndéanfadh an Coimisiún idirghabháil láithreach agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.

3.  Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse níos faide ná 200 lá féilire.

4.  I gcás ina n-aisghairfear na bearta coimirce sealadacha toisc go léirítear san imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfar aon dleacht chustaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta coimirce sealadacha sin a aisíoc go huathoibríoch.

5.  Beidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta i gcás nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.

Airteagal 8

Foirceannadh imscrúduithe agus imeachtaí gan bhearta

1.  I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3), cinneadh a ghlacadh lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú agus an t-imeacht.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist chuí fíorais agus dlí.

Airteagal 9

Bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur

1.  I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an gCoiste Comhlachais lena scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 116 den Chomhaontú. I gcás nach bhfuil aon mholadh déanta ag an gCoiste Comhlachais agus i gcás nach sroichtear aon réiteach sásúil laistigh de 30 lá, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

2.  Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábharthacha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh.

Airteagal 10

Ré na mbeart coimirce agus athbhreithniú orthu

1.  Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun coigeartú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, mura rud é go bhfadaítear faoi mhír 3 í.

2.  Go dtí go bhfaightear toradh an athbhreithnithe faoi mhír 3, leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm i rith aon tréimhse fadaithe.

3.  Féadfar, mar eisceacht, tréimhse thosaigh birt coimirce a fhadú dhá bhliain ar a mhéad, ar choinníoll go leanann an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil coigeartú á dhéanamh i dtionscal an Aontais.

4.  Sula ndéanfar aon fhadú de bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfar imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann, go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos i mír 3 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

5.  Foilseofar tionscnamh imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus (7). Déanfar an t-imscrúdú agus aon chinneadh maidir le fadú de bhun mhír 3 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 5, Airteagal 8 agus Airteagal 9.

6.  Ní rachaidh ré iomlán birt coimirce thar cheithre bliana, lena n-áirítear aon bheart coimirce sealadach.

7.  Ní chuirfear beart coimirce i bhfeidhm tar éis don idirthréimhse dul in éag, ach amháin le toiliú na tíre de chuid Mheiriceá Láir lena mbaineann.

8.  Ní chuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm maidir le hallmhairiú táirge a bhí faoi réir birt dá leithéid roimhe sin, mura rud é go bhfuil tréimhse caite arb ionann í agus leath na tréimhse inar cuireadh an beart coimirce i bhfeidhm don tréimhse díreach roimpi.

Airteagal 11

Réigiúin is forimeallaí an Aontais

I gcás ina bhfuil aon táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir á allmhairiú sna cainníochtaí méadaithe sin, agus faoi na coinníollacha sin, a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórmheathlú, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórmheathlú, don staid eacnamaíoch i gceann amháin nó níos mó de réigiúin is forimeallaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, féadfar beart coimirce a fhorchur, i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Airteagal 12

Rúndacht

1.  Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

2.  Ní dhéanfar faisnéis ar bith de ghné rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn rúnda agus a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sainráite sholáthróir na faisnéise sin.

3.  I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda. Más rud é, áfach, go n-iarrann soláthróir na faisnéise nach ndéanfaí an fhaisnéis a phoibliú nó nach ndéanfaí í a nochtadh, ina hiomláine nó i bhfoirm achoimre, agus go ndealraíonn sé nach bhfuil údar maith leis an iarraidh sin, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

4.  Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin.

5.  Ní fhágfaidh mír 1 go mír 4 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

Airteagal 13

Tuarascáil

1.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh oibleagáidí Chuid IV den Chomhaontú agus an Rialacháin seo.

2.  Áiritheofar sa tuarascáil faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart sealadach agus cinntitheach, maidir le bearta réamhfhaireachais, maidir le bearta faireachais réigiúnacha agus bearta coimirce réigiúnacha agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta.

3.  Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Theideal VIII de Chuid IV den Chomhaontú agus faisnéis faoi na gníomhaíochtaí le grúpaí comhairliúcháin ón tsochaí shibhialta.

4.  Leagfar amach sa tuarascáil achoimre ar an staidreamh agus ar fhorás na trádála le tíortha Mheiriceá Láir agus áiritheofar ann staidreamh atá cothrom le dáta maidir le hallmhairí bananaí ó thíortha Mheiriceá Láir.

5.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na Parlaiminte chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

6.  Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú.

Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí ( 1 ) (“an Coiste”) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin.

5.  Féadfaidh an Coiste ábhair a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, arna tharraingt anuas ag an gCoimisiún nó arna iarraidh sin ag Ballstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa Choiste nó go díreach leis an gCoimisiún.



CAIBIDIL II

SÁSRA COBHSAÍOCHTA DO BHANANAÍ

Airteagal 15

Sásra cobhsaíochta do bhananaí

▼M1

1.  I gcás bananaí de thionscnamh Mheiriceá Láir a thagann faoi cheannteideal 0803 90 10 den Ainmníocht Chomhcheangailte (bananaí úra, gan plantáin a áireamh) agus atá liostaithe faoi chatagóir “ST” sa Sceideal um Dhíchur Taraife faoi cheannteideal 0803 00 19 , beidh feidhm ag sásra cobhsaíochta go dtí an 31 Nollaig 2019.

2.  Socraítear méid allmhairí truiceartha bliantúil ar leith le haghaidh allmhairí táirgí dá dtagraítear i mír 1, mar a léirítear sa tábla san Iarscríbhinn. Maidir le hallmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 ag an ráta dleachta custaim fabhrach, sa bhreis ar an gcruthúnas tionscnaimh arna bhunú faoi Iarscríbhinn II (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin) a ghabhann leis an gComhaontú, beidh siad faoi réir deimhniú onnmhairiúcháin a thíolacadh, ar deimhniú é arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid Mheiriceá Láir óna n-onnmhairítear na táirgí. Chomh luath agus a shroichtear an trucairmhéid i gcás tír de chuid Mheiriceá Láir le linn na bliana féilire comhfhreagraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfaidh sé an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme maidir le táirgí den tionscnamh comhfhreagrach a fhionraí go sealadach le linn na bliana céanna go ceann tréimhse nach mó ná trí mhí, agus nach dtéann thar dheireadh na bliana féilire nó lena cinnfidh sé nach bhfuil an fhionraí sin iomchuí.

2a.  Nuair a shroichfidh na méideanna allmhairí 80 % den mhéid allmhairí truiceartha, mar a léirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an airdeall go foirmiúil i scríbhinn. Ag an am céanna, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha maidir leis na treochtaí i mbananaí agus i staidreamh allmhairithe maidir le hallmhairí ó na tíortha atá faoi réir an tsásra cobhsaithe, mar aon lena dtairseacha ábhartha, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun go bhféadfar na treochtaí allmhairithe don chuid eile den bhliain féilire a réamh-mheas.

▼B

3.  Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart bearta a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na n-allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh bananaí an Aontais. Áiritheofar sa scrúdú sin tosca amhail: éifeacht na n-allmhairí lena mbaineann ar leibhéal praghsanna an Aontais, forbairt allmhairí ó fhoinsí eile, cobhsaíocht fhoriomlán mhargadh an Aontais.

4.  Nuair a chinneann an Coimisiún an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme a fhionraí, cuirfidh sé an ceann is lú de cheachtar den bhonnráta dleachta custaim nó den ráta dleachta NBF a bhí i bhfeidhm tráth a ndearnadh an ghníomhaíocht sin i bhfeidhm.

5.  Nuair a chuireann an Coimisiún na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 i bhfeidhm, rachaidh sé i gcomhairle láithreach leis an tír nó na tíortha de chuid Mheiriceá Láir a ndéanann na gníomhaíochtaí difear dóibh chun an cás a anailísiú agus a mheasúnú ar bhonn sonraí fíorasacha atá ar fáil.

6.  Tá cur i bhfeidhm an tsásra cobhsaíochta do bhananaí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon cheann de na bearta a shainítear i gCaibidil I. Ní dhéanfar, áfach, bearta a ghlacfar de bhun fhorálacha an dá chaibidil a chur i bhfeidhm go comhuaineach.

7.  Beidh na bearta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 infheidhme i rith na tréimse dar críoch an 31 Nollaig 2019, agus i rith na tréimhse sin amháin..



CAIBIDIL III

RIALACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 16

Rialacha cur chun feidhme

Chun na rialacha cur chun feidhme is gá maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá i bhFoscríbhinn 2A d'Iarscríbhinn II, (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin), agus i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn I (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh, is é Airteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 an fhoráil is infheidhme.



CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 353 den Chomhaontú sin. Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luafar dáta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN



Tábla maidir le méideanna allmhairí truiceartha le haghaidh chur i bhfeidhm an tsásra cobhsaíochta do bhananaí dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú

Bliain

Leibhéil truiceartha do mhéideanna allmhairí, i dtonnaí

Cósta Ríce

Panama

Hondúras

Guatamala

Nicearagua

An tSalvadóir

Go dtí an 31 Nollaig 2010

1 025 000

375 000

50 000

50 000

10 000

2 000

1.1-31.12.2011

1 076 250

393 750

52 500

52 500

10 500

2 100

1.1-31.12.2012

1 127 500

412 500

55 000

55 000

11 000

2 200

1.1-31.12.2013

1 178 750

431 250

57 500

57 500

11 500

2 300

1.1-31.12.2014

1 230 000

450 000

60 000

60 000

12 000

2 400

1.1-31.12.2015

1 281 250

468 750

62 500

62 500

12 500

2 500

1.1-31.12.2016

1 332 500

487 500

65 000

65 000

13 000

2 600

1.1-31.12.2017

1 383 750

506 250

67 500

67 500

13 500

2 700

1.1-31.12.2018

1 435 000

525 000

70 000

70 000

14 000

2 800

1.1-31.12.2019

1 486 250

543 750

72 500

72 500

14 500

2 900

1.1.2020 agus ina dhiaidh

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach




RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Fáiltíonn an Coimisiún roimh an gcomhaontú ar an gcéad léamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile ( 2 ).

De réir mar a shamhlaítear i Rialachán (AE) Uimh. 20/2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme Chuid IV den Chomhaontú agus beidh sé réidh aon shaincheist a eascraíonn as cur chun feidhme Chuid IV den Chomhaontú a phlé le coiste freagrach Pharlaimint na hEorpa.

Cuirfidh an Coimisiún tábhacht ar leith ar chur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe sa Chomhaontú, agus an fhaisnéis shonrach a sholáthraíonn comhlachtaí ábhartha monatóireachta Choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus na comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil atá liostaithe i dTeideal VIII de Chuid IV den Chomhaontú á dtabhairt san áireamh. Sa chomhthéacs sin, iarrfaidh an Coimisiún freisin tuairimí ghrúpaí ábhartha comhairleacha na sochaí sibhialta.

Tar éis don Mheicníocht Cobhsaíochta do Bhananaí dul in éag an 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais do bhananaí agus staid tháirgeoirí bananaí an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún a chuid torthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus d'áireofaí iontu réamh-mheasúnú ar fheidhmiú an “Clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht” (POESI) agus táirgeadh bananaí san Aontas á chosaint.




DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún maidir lena thábhachtaí atá dlúthchomhar agus monatóireach á déanamh ar chur chun feidhme Chuid IV den Chomhaontú agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile ( 3 ). Chuige sin aontaíonn siad maidir leis an méid seo a leanas:

 Arna iarraidh sin do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, tuairisceoidh an Coimisiún chuig an gcoiste maidir le haon ábhar sonrach imní a bheidh aige a bhaineann le gealltanais thíortha Mheiriceá Láir maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme ag na tíortha sin.

 I gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 maidir le tionscnamh ex-officio á gcomhlíonadh. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na fachtóirí go léir atá ábhartha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe sin.



( 1 ) IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.

( 2 ) Féach leathanach 13 den Iris Oifigiúil seo.

( 3 ) Féach leathanach 13 den Iris Oifigiúil seo.