02012R0260 — GA — 08.04.2024 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 094 30.3.2012, lch. 22) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 248/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Feabhra 2014 |
L 84 |
1 |
20.3.2014 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2024/886 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Márta 2024 |
L 886 |
1 |
19.3.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2012
lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
idirbhearta íocaíochta arna ndéanamh idir agus laistigh de SSIanna, lena n-áirítear a ghníomhaithe nó brainsí, ar a gcuntas féin;
idirbhearta íocaíochta arna bpróiseáil agus arna socrú trí chórais íocaíochta mórluacha, amach ó idirbhearta íocaíochta do dhochair dhíreacha nach mbeidh sé iarrtha ag an íocóir go mbeadh siad treoraithe trí chóras íocaíochta ardluacha;
idirbhearta íocaíochta trí bhíthin cárta íocaíochta nó feiste comhchosúil, lena n-áirítear aistarraingtí in airgead tirim, ach amháin má úsáidtear an cárta íocaíochta nó an feiste comhchosúil chun faisnéis a bheidh riachtanach a ghiniúint chun aistriú creidmheasa nó dochar díreach a dhéanamh chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó le IBAN, agus ó na cuntas sin;
idirbhearta íocaíochta trí bhíthin aon fheiste teileachumarsáide, digití nó TF, murar aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN agus ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh ar idirbhearta íocaíochta den sórt sin;
idirbhearta seoltán airgid mar a ndéantar sainmhíniú orthu in Airteagal 4(13) de Threoir 2007/64/CE;
idirbhearta íocaíochta lena n-aistrítear airgead leictreonach a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air ( 1 ), ach amháin más aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN nó ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh air.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “aistriú creidmheasa” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocaí a chreidiúnú le hidirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta ó chuntas íocaíochta íocóra ó SHSI ar leis cuntas íocaíochta an íocóra, ar bhonn treorach ón íocóir;
ciallaíonn “aistriú creidmheasa inmheánach” aistriú creidmheasa a chuirtear i gcrích láithreach, 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus ar aon lá féilire;
ciallaíonn “cainéal tionscanta íocaíochta” aon mhodh, feiste nó nós imeachta trínar féidir le híocóirí orduithe íocaíochta a chur chuig a SSI le haghaidh aistriú creidmheasa, lena n-áirítear baincéireacht ar líne, feidhmchlár baincéireachta soghluaiste, meaisín áiritheora uathoibrithe, nó ar aon shlí eile, ar áitreabh SSI;
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí tionscanta íocaíochta” soláthraí seirbhísí tionscanta íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (18), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “ainm an íocaí”, i leith duine nádúrtha, an t-ainm agus an sloinne agus, i leith duine dlítheanach, an t-ainm tráchtála nó dlíthiúil;
ciallaíonn “bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe” reo sócmhainní arna fhorchur ar dhuine, ar chomhlacht nó ar eintiteas nó toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhuine nó d’eintiteas, nó chun sochair dóibh, go díreach nó go hindíreach, de bhun bearta sriantacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE;
ciallaíonn “Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh” nó “LEI” cód tagartha alfa-uimhriúil uathúil atá bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 a shanntar d’eintiteas dlíthiúil;
ciallaíonn “dochar díreach” seirbhís íocaíochta náisiúnta nó trasteorann chun cuntas íocaíochta íocóra a chur chun dochair, ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn thoiliú an íocóra;
ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta íocóra ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta do chuntas íocaíochta íocóra;
ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar leis cuntas íocaíochta agus a bheartaítear mar fhaighteoir cistí is ábhar d’idirbheart íocaíochta;
ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (12), de Threoir (AE) 2015/2366;
ciallaíonn “córas íocaíochta” córas aistrithe cistí ag a bhfuil socruithe foirmiúla agus caighdeánaithe agus rialacha coiteanna le haghaidh próiseáil, imréiteach nó socrú idirbheart íocaíochta;
ciallaíonn “scéim íocaíochta” sraith aonair rialacha, cleachtas, caighdeán agus/nó treoirlínte chur chun feidhm arna gcomhaontú idir SSIanna chun idirbhearta íocaíochta a chur i gcrích ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit, agus ar sraith í atá ar leithligh ó aon bhonneagar nó aon chóras íocaíochta a thacaíonn le hoibriú na scéime;
ciallaíonn “SSI” soláthraí seirbhíse íocaíochta faoi aon cheann de chatagóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Threoir 2007/64/CE, ach déanann sé na comhlachtaí sin a eisiamh atá liostaithe in Airteagal 2 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin ( 3 ) agus a thairbhíonn de tharscaoileadh faoi Airteagal 2(3) de Threoir 2007/64/CE;
ciallaíonn “USI” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó íocaí;
ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag an íocóir nó ag an íocaí, lena n-aistrítear cistí idir cuntas íocaíochta san Aontas, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí;
ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir a thugann íocóir nó íocaí dá SSI ag iarraidh go ndéanfaí idirbheart íocaíochta;
ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí ar dhochair dhíreacha;
ciallaíonn “TII” táille idirmhalartaithe iltaobhaigh atá faoi réir ag socrú idir níos mó ná dhá SSIanna;
ciallaíonn “BBAN” aitheantóir uimhreach cuntais bhainc íocaíochta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le SSI i mBallstát agus nach féidir a úsáid ach le haghaidh idirbheart náisiúnta íocaíochta agus go bhfuil an cuntas íocaíochta sin sainaitheanta le IBAN d’idirbhearta trasteorann íocaíochta;
ciallaíonn “IBAN” aitheantóir uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta lena sainaithnítear gan débhrí cuntas aonair íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta uathúil i mBallstát, a bhfuil na heilimintí a bhaineann leis sonraithe ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO);
ciallaíonn “BIC” cód aitheantóra gnó lena sainaithnítear gan débhrí SSI, a bhfuil a eilimintí sainithe ag an ISO;
ciallaíonn “caighdeán ISO 20022 XML” caighdeán le haghaidh forbairt teachtaireachtaí airgeadais leictreonacha mar atá sainmhínithe ag ISO, lena gcuimsítear léiriú fisiciúil na n-idirbheart íocaíochta i gcomhréir XML, i gcomhréir le rialacha gnó agus treoirlínte cur chun feidhme scéimeanna uile-Aontais le haghaidh idirbheart íocaíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
ciallaíonn “córas íocaíochta mórluach” córas íocaíochta arb é a bpríomhaidhm idirbhearta íocaíochta aonair ar ardtosaíocht agus ardphráinn, agus ar luach mór go príomha, a phróiseáil, a ghlanadh nó a íoc;
ciallaíonn “dáta socraíochta” dáta ar a ndéantar na hoibleagáidí maidir le haistriú cistí a urscaoileadh idir SSI an íocóra agus SSI an íocaí;
ciallaíonn “bailiú” cuid d’idirbheart dochair dhírigh a thosaíonn óna thionscnamh ag an íocaí go dtí a dheireadh tríd an ngnáthdhochar ó chuntas íocaíochta an íocóra;
ciallaíonn “sainordú” comhthoil nó údarú a thugann an t-íocóir don íocaí (go díreach nó go hindíreach tríd an íocaí) do SSI an íocóra chun a cheadú don íocaí bailiú a thionscnamh do dhochar ó chuntas íocaíochta sainithe an íocóra agus a cheadú do SSI an íocóra cloí le treoracha den sórt sin;
ciallaíonn “córas íocaíochta miondíola” córas íocaíochta arb é a phríomhchuspóir aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha ar méideanna beaga go príomha iad, agus nach córas íocaíochta mórluach é, a phróiseáil, a imréiteach nó a shocrú;
ciallaíonn “micreafhiontar” fiontar ar fiontar é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 4 );
ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha eile seachas críocha trádála, gnó nó gairme i gconarthaí seirbhíse íocaíochta;
ciallaíonn “R-idirbheart” idirbheart íocaíochta nach féidir le SSI a chur i gcrích i gceart nó a bhfuil próiseáil eisceachtúil mar thoradh air, inter alia toisc easpa cistí, cúlghairm, luach nó dáta mícheart, easpa sainordaithe nó cuntas mícheart nó dúnta;
ciallaíonn “idirbheart íocaíochta trasteorann” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe i mBallstáit éagsúla;
ciallaíonn “idirbheart íocaíochta náisiúnta” idirbheart íocaíochta arna thionscnamh ag íocóir nó íocaí sa chás go mbeidh SSI an íocóra agus SSI an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna;
ciallaíonn “páirtí tagartha” duine nádúrtha nó duine dlíthiúil ar thar a cheann a dhéanann íocóir íocaíocht nó go bhfaigheann íocaí íocaíocht.
Airteagal 3
Inrochtaineacht
Airteagal 4
Idir-inoibritheacht
Déanfaidh scéimeanna íocaíochta a bheidh le húsáid ag SSIanna chun críocha aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha a dhéanamh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
gurb ionann a rialacha d’aistrithe náisiúnta agus trasteorann creidmheasa laistigh den Aontas agus, gurb amhlaidh do dhochair dhíreacha náisiúnta agus trasteorann laistigh den Aontas; agus
gurb ionann na rannpháirtithe sa scéim íocaíochta agus formhór SSIanna i bhformhór na mBallstát, agus go ndéanann siad suas tromlach na SSIanna laistigh den Aontas, agus SSIanna a dhéanann aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha faoi seach agus iad sin amháin á gcur san áireamh.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, sa chás nach tomhaltóir an t-íocóir ná an t-íocaí, ní dhéanfar ach na Ballstáit ina ndeánfaidh SSIanna seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil agus na SSIanna sin amháin a chuireann seirbhísí den sórt sin ar fáil a chur san áireamh.
Airteagal 5
Ceanglais maidir le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha
Déanfaidh SSIanna aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
ní mór dóibh aitheantóir sainchuntais atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn chun cuntais íocaíochta a aithint gan féachaint do láthair na SSIanna lena mbaineann;
ní mór dóibh úsáid a bhaint as formáidí teachtaireachta i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn, agus idirbhearta íocaíochta á dtarchur chuig SSI eile le córas íocaíochta miondíola;
ní mór dóibh a áirithiú go n-úsáideann USIanna aitheantóir sainchuntais atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn le haghaidh cuntas íocaíochta a aithint, cibé an bhfuil SSI an íocóra agus SSI an íocaí araon nó an t-aon SSI amháin san idirbheart íocaíochta atá suite sa Bhallstát céanna nó nach bhfuil;
ní mór dóibh a áirithiú sa chás nach tomhaltóir nó micreathionscadal é an USI a thionscnaíonn nó a fhaigheann aistrithe creidmheasa aonair nó dochair dhírigh aonair nach dtarchuirtear go haonair, ach a chuachtar le chéile le haghaidh tarchuir, go mbaintear úsáid as formáidí teachtaireachta atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn.
Gan dochar do phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh na SSIanna, ar iarraidh shonrach USI, na formáidí teachtaireachta atá sonraithe i bpointe (1)(b) den Iarscríbhinn a úsáid maidir leis an USI sin.
Déanfaidh na SSIanna aistrithe creidmheasa i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas, faoi réir aon oibleagáide atá leagtha síos sa dlí náisiúnta a chuireann Treoir 95/46/CE chun feidhme:
ní mór do SSI an íocóra a áirithiú go gcuireann an t-íocóir na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(a) den Iarscríbhinn;
ní mór do SSI an íocóra na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(b) den Iarscríbhinn a chur ar fáil do SSI an íocaí;
ní mór do SSI an íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (2)(d) den Iarscríbhinn a chur ar fáil don íocaí.
Déanfaidh na SSIanna dochair dhírigh i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas, faoi réir aon oibleagáide atá leagtha síos sa dlí náisiúnta a chuireann Treoir 95/46/CE chun feidhme:
ní mór do SSI an íocóra a áirithiú:
go gcuireann an t-íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(a) den Iarscríbhinn leis an gcéad dhochar díreach agus le dochar díreach aonuaire agus le gach idirbheart íocaíochta ina dhiaidh sin;
go dtugann an t-íocaí cead do SSI an íocaí agus an íocóra (go díreach nó go hindíreach leis an íocaí), déanfaidh an t-íocaí nó tríú páirtí thar ceann an íocaí na sainorduithe, maraon le modhnuithe níos deireanaí nó cealú, a stóráil agus déanfaidh an SSI an t-íocaí a chur ar an eolas maidir leis an oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 de Threoir 2007/64/CE;
ní mór do SSI an íocaí na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(b) den Iarscríbhinn a chur ar fáil do SSI an íocóra;
ní mór do SSI an íocóra na heilimintí sonraí atá sonraithe i bpointe (3)(c) den Iarscríbhinn a chur ar fáil don íocóir;
caithfidh sé a bheith de cheart ag an íocóir ordú dá SSI:
bailiú dochair dhírigh a theorannú chuig méid áirithe nó tréimhsiúlacht nó chucu iad araon;
i gcás nach bhforálann sainordú faoi scéim íocaíochta an ceart chun aisíocaíochta, d’fhonn gach idirbheart dochair dhírigh a fhíorú, agus d’fhonn a sheiceáil arb ionann méid agus tréimhsiúlacht an idirbhirt dochair dhírigh agus méid agus tréimhsiúlacht atá aontaithe sa sainordú, sula gcuirfear chun dochair dá gcuntas íocaíochta, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an sainordú;
d’fhonn aon dochair dhíreacha chuig cuntas íocaíochta an íocóra a bhlocáil nó d’fhonn aon dochair dhíreacha a thionscnaigh ceann amháin nó níos mó de na híocaithe sonracha nó chun dochair dhírigh a údarú nár tionscnaíodh ach ag ceann amháin de na híocaithe sonracha.
I gcás nach íocóir ná íocaí é an tomhaltóir, ní cheanglófar ar na SSIanna pointe (d)(i), (ii) ná (iii) a chomhlíonadh.
Cuirfidh SSI an íocóra an t-íocóir ar an eolas maidir leis na cearta dá dtagraítear i bpointe (d) i gcomhréir le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 de Threoir 2007/64/CE.
Ar an gcéad idirbheart dochair dhírigh nó ar idirbheart dochair dhírigh aonuaire agus ar idirbheart dochair dhírigh ina dhiaidh sin, tarchuirfidh an t-íocaí an fhaisnéis atá bainteach le sainordú chuig a SSI nó tarchuirfidh SSI an íocóra an fhaisnéis atá bainteach le sainordú chuig SSI an íocóra le gach idirbheart dochair dhírigh.
Airteagal 5a
Idirbhearta aistrithe creidmheasa meandracha
Áiritheoidh SSInna dá dtagraítear sa chéad fhomhír go mbeidh na cuntais íocaíochta uile atá inrochtana le haghaidh aistrithe creidmheasa inrochtana freisin le haghaidh aistrithe creidmheasa meandracha 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus ar aon lá féilire.
Féadfaidh BCE agus banc ceannais náisiúnta ar bith, nuair nach bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta nó mar údarás poiblí eile, a dtairiscint maidir le seirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh a theorannú go dtí an tréimhse ama ar lena linn a thairgeann siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa neamh-mheandracha a sheoladh agus a fháil.
D’ainneoin Airteagal 78(2) de Threoir (AE) 2015/2366, má aontaíonn an t-íocóir agus SSI an íocóra go gcuirfear i gcrích an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ag tráth sonrach ar lá sonrach nó ag an nóiméad a chuirfidh an t-íocóir cistí ar fáil do SSI, measfar gurb é an tráth a bhfaightear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach an tráth comhaontaithe, gan beann ar an uair nó ar an lá féilire.
De mhaolú ar an gcéad agus an dara fomhír den mhír seo, is é an tráth a bhfaighfear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach:
i gcás ordú íocaíochta neamhleictreonaí le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach, an nóiméad a mbeidh an fhaisnéis faoin ordú íocaíochta curtha isteach ag SSI ina chóras inmheánach, rud a tharlóidh a luaithe is féidir tar éis don íocóir an t-ordú íocaíochta neamhleictreonaí le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach a dhéanamh le SSI an íocóra;
i gcás ordú íocaíochta aonair d’aistriú creidmheasa meandrach a bhaineann le pacáiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, i gcás ina ndéanfaidh SSI an íocóra an pacáiste sin a chomhshó ina idirbhearta íocaíochta aonair, an nóiméad a ndearna SSI an íocóra an t-idirbheart íocaíochta ina dhiaidh sin a dhíphacáil; cuirfidh SSI an íocóra tús le comhshó an phacáiste díreach tar éis don íocóir an t-ordú sin a dhéanamh le SSI an íocóra agus cuirfidh an soláthraí sin an comhshó sin i gcrích a luaithe is féidir;
i gcás ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ó chuntais íocaíochta nach n-ainmnítear in euro, tráth a ndearnadh méid an idirbhirt íocaíochta a chomhshó go euro; déanfar an comhshó airgeadra sin díreach tar éis don íocóir an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach a dhéanamh le SSI an íocóra.
Agus aistrithe creidmheasa meandracha á ndéanamh acu, comhlíonfaidh SSInna, i dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 5, na ceanglais seo a leanas:
áiritheoidh SSInna go mbeidh íocóirí in ann ordú íocaíochta a dhéanamh ar aistriú creidmheasa meandrach trí na bealaí tionscanta íocaíochta céanna uile leis na bealaí trína bhfuil na híocóirí sin in ann ordú íocaíochta a dhéanamh le haghaidh aistrithe creidmheasa;
d’ainneoin Airteagal 83 de Threoir (AE) 2015/2366, díreach tar éis tráth faighte ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach, fíoróidh SSI an íocóra an bhfuil na coinníollacha uile is gá chun an t-idirbheart íocaíochta a phróiseáil á gcomhlíonadh agus an bhfuil na cistí riachtanacha ar fáil, déanfaidh siad an méid an idirbhirt íocaíochta a fhorchoimeád ar chuntas an íocóra nó é a chur de dhochar chuntas an íocóra agus an idirbheart íocaíochta a sheoladh láithreach chuig SSI an íocaí;
d’ainneoin Airteagal 83 agus Airteagal 87(2) de Threoir (AE) 2015/2366, laistigh de 10 soicind ón tráth a bhfaigheann SSI an íocaí an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ó SSI an íocóra, cuirfidh SSI an íocaí méid an idirbhirt íocaíochta ar fáil ar chuntas íocaíochta an íocaí san airgeadra ina n-ainmnítear cuntas an íocaí agus deimhneoidh sé cur i gcrích an idirbhirt íocaíochta do SSI an íocóra;
d’ainneoin Airteagal 87(1) de Threoir (AE) 2015/2366, áiritheoidh SSI an íocaí gurb ionann an dáta luacha creidmheasa do chuntas íocaíochta an íocaí agus an dáta ar a ndéanfaidh SSI an íocaí méid an idirbhirt íocaíochta a chreidiúnú do chuntas íocaíochta an íocaí; agus
díreach tar éis an deimhniú maidir le cur i gcrích dá dtagraítear i bpointe (c) a fháil, nó i gcás nach bhfaigheann SSI an íocóra deimhniú maidir le cur i gcrích den sórt sin laistigh de 10 soicind ón tráth a bhfaightear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach, cuirfidh SSI an íocóra an t-íocóir ar an eolas, saor in aisce, chomh maith leis an soláthraí seirbhíse tionscanta íocaíochta, i gcás inarb infheidhme, faoinar cuireadh méid an idirbhirt íocaíochta ar fáil ar chuntas íocaíochta an íocaí nó nár cuireadh.
Ní fhorchuirfidh SSInna teorainneacha ar líon na n-orduithe íocaíochta is féidir a chur isteach i bpacáiste d’aistrithe creidmheasa meandracha atá níos ísle ná na teorainneacha a fhorchuireann siad i leith pacáistí d’aistrithe creidmheasa eile.
Déanfaidh SSInna dá dtagraítear i mír 1 atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige seirbhís íocaíochta aistrithe creidmheasa mheandarach a fháil in euro a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Eanáir 2027, agus an tseirbhís chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Iúil 2027.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, go dtí an 9 Meitheamh 2028, ní bheidh sé d’oibleagáid ar SSI dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh a thairiscint do USInna in euro ó chuntais íocaíochta arna n-ainmniú in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit sin, le linn na tréimhse nach seolann ná nach bhfaigheann na SSInna sin idirbhearta aistrithe creidmheasa neamh-mheandracha in euro i ndáil leis na cuntais íocaíochta sin.
D’ainneoin na chéad fomhíre den mhír seo, i gcás SSInna ar institiúidí airgid leictreonaigh iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE, nó institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366, agus atá lonnaithe i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige, déanfaidh siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha in euro a sheoladh agus a fháil a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Aibreán 2027.
D’ainneoin an dara fomhír den mhír seo, SSInna ar institiúidí airgid leictreonaigh iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE nó institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 agus atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, déanfaidh siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha in euro a fháil a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Aibreán 2027, agus an tseirbhís maidir le haistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Iúil 2027.
Airteagal 5b
Muirir i leith aistrithe creidmheasa meandracha agus an t-íocaí a fhíorú
Comhlíonfaidh SSInna atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an tAirteagal seo faoin 9 Eanáir 2027.
Airteagal 5c
Fíorú an íocaí i gcás aistrithe creidmheasa
Cuirfidh SSI an íocóra seirbhís ar fáil don íocóra lena n-áirithítear an t-íocaí a fhíorú ar mian leis an íocóir aistriú creidmheasa a sheoladh chuige (seirbhís lena n-áirithítear fíorú). Déanfaidh SSI an íocóra an tseirbhís lena n-áirithítear fíorú a dhéanamh láithreach tar éis don íocóir faisnéis ábhartha a sholáthar faoin íocaí agus sula dtugtar an deis don íocóir an t-aistriú creidmheasa sin a údarú. Cuirfidh SSI an íocóra an tseirbhís lena n-áirithítear fíorú ar fáil gan beann ar an gcainéal tionscanta íocaíochta a úsáideann an t-íocóir chun ordú íocaíochta a chur isteach le haghaidh an aistrithe creidmheasa. Soláthrófar an tseirbhís lena n-áirithítear fíorú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
i gcás inar chuir an t-íocóir aitheantóir cuntais íocaíochta, a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn, ainm an íocaí isteach san ordú íocaíochta don aistriú creidmheasa, soláthróidh SSI an íocóra seirbhís chun an t-aitheantóir cuntais íocaíochta a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn a mheaitseáil le hainm an íocaí. Arna iarraidh sin do SSI an íocóra, fíoróidh SSI an íocaí an bhfuil an t-aitheantóir cuntais íocaíochta a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn agus ainm an íocaí arna sholáthar ag an íocóir ag meaitseáil lena chéile. I gcás nach bhfuil siad ag meaitseáil le chéile, cuirfidh SSI an íocóra an méid sin in iúl don íocóir, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag SSI an íocaí, agus cuirfidh sé in iúl don íocóir go bhféadfadh sé go n-aistreofaí na cistí chuig cuntas íocaíochta nach bhfuil i seilbh an íocaí arna shonrú ag an íocóir mar thoradh ar údarú an aistrithe creidmheasa. I gcás ina mbeadh ainm an íocaí arna sholáthar ag an íocóir agus ag an aitheantóir cuntais íocaíochta a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn beagnach ag meaitseáil, déanfaidh SSI an íocóra ainm an íocaí a bhaineann leis an aitheantóir cuntais íocaíochta a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn a sholáthraíonn an t-íocóir a chur in iúl don íocóir;
i gcás inar duine dlítheanach é nó í an t-íocaí agus ina dtairgfidh SSI an íocóra cainéal tionscanta íocaíochta lenar féidir leis an íocóir ordú íocaíochta a chur isteach trí aitheantóir cuntais íocaíochta, a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a sholáthar mar aon le heilimintí sonraí seachas ainm an íocaí lena sainaithnítear an t-íocaí gan débhrí, mar shampla uimhir fhioscach, aitheantóir uathúil Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 16(1), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) nó LEI, agus i gcás ina mbeidh na heilimintí sonraí céanna sin ar fáil i gcóras inmheánach SSI an íocaí, fíoróidh an SSI sin, arna iarraidh sin do SSI an íocóra, an bhfuil an t-aitheantóir cuntais íocaíochta a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an eilimint sonraí arna soláthar ag an íocóir ag meaitseáil lena chéile. I gcás nach bhfuil an t-aitheantóir cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an eilimint sonraí arna soláthar ag an íocóir ag meaitseáil, déanfaidh SSI an íocóra, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag SSI an íocaí, é sin a chur in iúl don íocóir;
I gcás ina sealbhaíonn SSI cuntas íocaíochta atá sainaitheanta trí aitheantóir cuntais íocaíochta, a shonraítear i bpointe(1)(a) den Iarscríbhinn, arna sholáthar ag an íocóir, thar ceann iliomad íocaithe, féadfaidh an t-íocóir faisnéis bhreise lena gceadaítear an t-íocaí a shainaithint gan débhrí a sholáthar do SSI an íocóra. Déanfaidh an SSI a chothabhálann an cuntas íocaíochta sin thar ceann iliomad íocaithe nó, i gcás inarb iomchuí, SSI a bhfuil an cuntas íocaíochta sin ina sheilbh aige, arna iarraidh sin do SSI an íocóra, a dheimhniú an bhfuil an t-íocaí atá léirithe ag an íocóir i measc an iliomad íocaithe a bhfuil an cuntas íocaíochta á chothabháil nó á shealbhú thar a gceann. Tabharfaidh SSI an íocóra fógra don íocóir mura bhfuil an t-íocaí arna léiriú ag an íocóir i measc an iliomad íocaithe a bhfuil an cuntas íocaíochta á chothabháil nó á shealbhú thar a cheann;
i gcásanna seachas iad siúd a bhfuil tuairisc orthu i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo, agus, go háirithe, i gcás ina soláthraíonn SSI cainéal tionscanta íocaíochta nach gceanglaíonn ar an íocóir an t-aitheantóir cuntais íocaíochta, a shonraítear i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn, agus ainm an íocaí araon a chur isteach, áiritheoidh SSI go ndéanfar an t-íocaí a bhfuil sé beartaithe ag an íocóir aistriú creidmheasa a sheoladh chuige a shainaithint i gceart. Chun na críche sin, cuirfidh SSI an t-íocóir ar an eolas ar bhealach a chuirfidh ar chumas an íocóra an t-íocaí a bhailíochtú sula n-údarófar an t-aistriú creidmheasa.
Áiritheoidh SSInna go mbeidh sé de cheart ag USInna a roghnaigh gan an tseirbhís lena n-áirithítear fíorú a fháil, a roghnú tráth ar bith an tseirbhís sin a fháil.
I gcás ina mainníonn SSI an íocóra mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, nó i gcás ina mainníonn an soláthraí seirbhíse tionscanta íocaíochta mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, agus i gcás ina mbeidh idirbheart íocaíochta arna chur i gcrích go lochtach mar thoradh ar an mainneachtain sin, déanfaidh SSI an íocóra an méid a aistríodh a aisíoc gan mhoill leis an íocóir agus, i gcás inarb infheidhme, an cuntas íocaíochta do dhochar a chur ar ais sa staid céanna ina mbeadh sé agus gan aon idirbheart a bheidh déanta.
I gcás ina dteipeann ar SSI an íocaí, nó ar an soláthraí seirbhíse tionscanta íocaíochta, a oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh SSI an íocaí nó, i gcás inarb ábhartha, an soláthraí seirbhíse tionscanta íocaíochta, SSI an íocóra a chúiteamh as an damáiste airgeadais a rinneadh do SSI an íocóra mar gheall ar an mainneachtain sin.
Féadfar aon chaillteanas breise airgeadais a tharlaíonn don íocóir a chúiteamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích idir an t-íocóir agus SSI ábhartha.
Comhlíonfaidh SSInna atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an tAirteagal seo faoin 9 Iúil 2027.
Airteagal 5d
Scagadh USInna ag SSInna a thairgeann aistrithe creidmheasa meandracha chun a fhíorú cibé acu duine nó eintiteas é nó í USI atá faoi réir bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe
Déanfaidh SSInna fíoruithe den sórt sin díreach tar éis theacht i bhfeidhm aon bhearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe nua, agus díreach tar éis theacht i bhfeidhm aon leasuithe ar na bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe sin, agus uair amháin ar a laghad gach lá féilire.
Tá an chéad fhomhír den mhír seo gan dochar do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag SSInna chun bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe a chomhlíonadh, seachas bearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE, le bearta sriantacha nach nglactar i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE, nó le dlí an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
Airteagal 6
Dátaí deiridh
Airteagal 7
Bailíocht sainorduithe agus an ceart chun aisíocaíochta
Airteagal 8
Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta do dhochair dhíreacha
I gcás R-idirbhearta féadfar TII a chur i bhfeidhm ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
dírítear leis an socrú ar chostais a leithdháileadh go héifeachtúil chuig an SSI, nó chuig an USI, is cúis leis an R-idirbheart, de réir mar is iomchuí, agus é á chur san áireamh go bhfuil costais idirbhirt ann agus áirithítear nach muirearaítear an t-íocóir go huathoibríoch agus beidh an SSI faoi thoirmeasc USIanna a mhuirearú i leith táillí áirithe R-idirbhearta a sháraíonn an costas a bhíonn ar an SSI i gcomhair idirbhearta den sórt sin;
tá na táillí bunaithe ar chostas, agus air sin amháin;
ní sháraíonn leibhéal na dtáillí an costas iarbhír a bheidh ar R-idirbheart a láimhseáil ag an SSI inchomparáide is costas-éifeachtúla a bhfuil costas orthu de dhroim R-idirbhirt, ar páirtí ionadaíoch é don socrú i dtéarmaí mhéid na n-idirbheart agus chineál na seirbhísí;
de bharr chur i bhfeidhm na dtáillí i gcomhréir le fomhír (a), le fomhír (b) agus le fomhír (c), cuirtear cosc ar SSI ó tháillí breise mhuirearú, a bhaineann leis na costais a chumhdaíonn na táillí idirmhalartaithe sin, a ghearradh ar a USIanna faoi seach;
níl aon rogha mhalartach ann atá praiticiúil agus inmharthanach go heacnamaíoch ar an socrú, ar rogha mhalartach í trína láimhseálfaí R-idirbhearta ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna nó ní b’éifeachtúla agus ar an gcostas céanna nó ní b’ísle do thomhaltóirí.
Chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfar ach catagóirí costais atá ábhartha go díreach agus gan aon éideimhne maidir le láimhseáil R-idirbheart a mheas agus táillí an R-idirbhirt á ríomh. Cinnfear na costais sin go cruinn. Beidh miondealú mhéid na gcostas, lena n-áirítear a chomhpháirteanna ar fad a shainaithint ar bhonn leithligh, mar chuid den socrú chun fíorú agus monatóireacht éasca a cheadú.
Airteagal 9
Inrochtaineacht íocaíochta
Airteagal 10
Údaráis inniúla
Airteagal 11
Pionóis
Maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 5d, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna pionóis sin:
i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta dar luach 10 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimhe sin;
i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 5 000 000 ar a laghad, nó an méid coibhéiseach san airgeadra náisiúnta sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu an 8 Aibreán 2024.
Chun críocha phointe (a) den mhír seo, i gcás inar fochuideachta de mháthairghnóthas an duine dlítheanach mar a shainmhínítear i Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), nó ó aon ghnóthas a bhfuil tionchar ceannasach aige go héifeachtach ar an duine dlítheanach sin, is é a bheidh sa láimhdeachas ábhartha an láimhdeachas a thig ó chuntais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin.
Airteagal 12
Nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt
Airteagal 13
Cumhachtaí a tharmligean
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 d’fhonn an Iarscríbhinn a leasú chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí margaidh a chur san áireamh.
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 15
Athbhreithniú
Faoin 9 Deireadh Fómhair 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Beidh meastóireacht sa tuarascáil ar na nithe seo a leanas:
forbairt muirear ar chuntais íocaíochta agus aistrithe creidmheasa náisiúnta agus trasteorann agus aistrithe creidmheasa meandracha in euro agus in airgeadra náisiúnta na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu ón 26 Deireadh Fómhair 2022, lena n-áirítear tionchar Airteagal 5b(1) ar na muirir sin; agus
raon feidhme Airteagal 5d agus a éifeachtacht chun bac neamhriachtanach ar aistrithe creidmheasa meandracha a chosc.
Tuairisceoidh SSInna dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid a leanas:
leibhéal na muirear le haghaidh aistrithe creidmheasa, aistrithe creidmheasa meandracha agus cuntais íocaíochta;
sciar na ndiúltaithe, leis féin le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann, mar thoradh ar bhearta sriantacha airgeadais spriocdhírithe.
Tíolacfaidh SSInna na tuarascálacha sin gach 12 mhí. Tíolacfar an chéad tuarascáil an 9 Aibreán 2025 agus áireofar inti faisnéis faoi leibhéal na muirear agus faoi dhiúltuithe le linn na tréimhse dar tús an 26 Deireadh Fómhair 2022 go dtí deireadh na bliana féilire roimhe sin.
Cuirfidh ÚBE na dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meitheamh 2024.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 16
Forálacha idirthréimhseacha
Is ón 2 Lúnasa 2014 a chuirfidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 6(1) agus (2) i bhfeidhm, rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 11.
De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SSIanna, go dtí an 1 Feabhra 2016, seirbhísí tiontaithe le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta a chur ar fáil do USIanna, a chuirfidh ar chumas USIanna ar tomhaltóirí iad leanúint de BBAN a úsáid in ionad an aitheantóra cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn ar choinníoll go n-áirithítear an idir-inoibritheacht trí BBAN an íocóra agus an íocaí a thiontú go teicniúil agus go slán go dtí an t-aitheantóir cuntais íocaíochta ábhartha atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn. Déanfar an t-aitheantóir cuntais íocaíochta sin a sheachadadh chuig an USI a thionscain an t-idirbheart, i gcás inarb iomchuí sula ndéantar an íocaíocht. I gcás den sórt sin, ní thoibheoidh SSIanna aon mhuirir ná táillí eile ar an USI atá bainteach go díreach ná go hindíreach leis na seirbhísí tiontaithe sin.
Más rud é, áfach, go dtugtar isteach an euro mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 31 Deireadh Fómhair 2015, déanfaidh SSIanna nó i gcás inarb ábhartha, oibreoirí córas eile íocaíochta miondíola atá lonnaithe sa Bhallstát agus USIanna a úsáideann seirbhís íocaíochta, sa Bhallstát sin na forálacha faoi seach a chomhlíonadh laistigh de bhliain amháin den dáta ar tháinig an Ballstát isteach sa limistéar euro, ach tráth nach luaithe ná na dátaí faoi seach atá sonraithe do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu an 31 Márta 2012.
Airteagal 17
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 leis seo mar a leanas:
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):
ciallaíonn ‘cistí’ nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air ( *1 ).
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
scriostar mír 2;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
in Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
i mír 1, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;
i mír 2, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;
i mír 3, cuirtear an dáta “1 Feabhra 2017” in ionad “1 Samhain 2012”;
scriostar Airteagal 8.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
CEANGLAIS THEICNIÚLA (AIRTEAGAL 5)
(1) I dteannta na gceanglas riachtanach atá leagtha amach in Airteagal 5, beidh na ceanglais theicniúla seo a leanas infheidhme maidir le haistrithe creidmheasa agus le hidirbhearta dochair dhírigh:
Is é IBAN an t-aitheantóir cuntais íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a) agus (c).
Is é an caighdeán ISO 20022 XML an caighdeán don fhormáid teachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) agus (d).
Beidh spás i réimse sonraí an seoltáin le haghaidh 140 carachtar. Féadfaidh scéimeanna íocaíochta spás a thabhairt le haghaidh líon níos mó carachtar, seachas má tá srianta teicniúla i dtaca le líon na gcarachtar ag baint leis an bhfeiste a úsáidtear chun faisnéis a sheoladh; sa chás sin tá feidhm ag an teorainn theicniúil sin.
Maidir leis an bhfaisnéis thagartha seoltáin agus na sonraí eile ar fad a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (2) agus pointe (3) den Iarscríbhinn seo, déanfar iad a chur ar aghaidh ina n-iomláine agus gan athrú idir SSIanna sa slabhra íocaíochta.
Nuair a bheidh na sonraí is gá ar fáil i bhfoirm leictreonach, déanfaidh idirbheart íocaíochta próiseáil leictreonach atá iomlán uathoibríoch a cheadú le linn gach céime den phróiseáil (ó thús go deireadh díreach tríd an bpróiseáil), lena mbeifear in ann an próiseas ar fad a dhéanamh go leictreonach gan aon ghá le sonraí a athchódú ná le baint dó de láimh. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le láimhseáil eisceachtúil idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh, tráth ar bith is indéanta.
Ní chuirfidh scéimeanna íocaíochta aon tairseach íosta ar mhéid an idirbhirt íocaíochta agus ceadóidh siad aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha ach ní cheanglaítear orthu idirbhearta íocaíochta a phróiseáil le méid nialasach.
Ní chuirtear oibleagáid ar scéimeanna íocaíochta aistrithe creidmheasa ná dochair dhíreacha a théann thar EUR 999 999 999,99 a chur i gcrích.
(2) I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa:
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a):
ainm an íocóra agus/nó IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;
méid an aistrithe creidmheasa;
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;
ainm an íocaí, i gcás go mbeidh sé ar fáil;
aon fhaisnéis seoltáin.
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b):
ainm an íocóra;
IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;
méid an aistrithe creidmheasa;
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí;
aon fhaisnéis seoltáin;
aon chód aitheantais íocaithe;
ainm aon pháirtí tagartha de chuid an íocaí;
aon chuspóir de chuid an aistrithe creidmheasa;
catagóir aon chuspóra de chuid an aistrithe creidmheasa.
Ina theannta sin, tabharfaidh SSI an íocóra na sonraí éigeantacha a leanas do SSI an íocaí:
BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
cód aitheantais na scéime íocaíochta;
dáta socraíochta an aistrithe creidmheasa;
uimhir thagartha SSI an íocóra le haghaidh na teachtaireachta aistrithe creidmheasa.
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(c):
ainm an íocóra;
méid an aistrithe creidmheasa;
aon fhaisnéis seoltáin.
(3) I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta dochair dhírigh:
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(a)(i):
an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);
ainm an íocaí;
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;
más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;
IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;
tagairt uathúil an tsainordaithe;
i gcás do dtabharfar sainordú an íocóra tar éis an 31 Márta 2012, an dáta ar a síníodh é;
an méid a bhaileofar;
tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;
aitheantóir an íocaí;
aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú, i gcás ina bhfuil an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú;
aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir;
aon chuspóir de chuid an bhailithe;
aon chatagóir de chuid chuspóir an bhailithe.
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(b):
BIC SSI an íocaí (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
BIC SSI an íocóra (murar chomhaontaigh na SSIanna atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt);
ainm pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);
cód aitheantais pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);
ainm pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó sa sainordú dí-ábharaithe);
cód aitheantais pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe);
cód aitheantais na scéime íocaíochta;
dáta socraíochta an bhailithe;
tagairt sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le haghaidh an bhailithe;
an cineál sainordaithe;
an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur);
ainm an íocaí;
IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú;
más rud é go bhfuil sé ar fáil, ainm an íocaí;
IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú;
tagairt uathúil an tsainordaithe;
dáta sínithe an tsainordaithe má thugann an t-íocóir sainordú tar éis an 31 Márta 2012;
an méid a bhaileofar;
tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);
aitheantóir an íocaí;
aitheantóir an íocaí bunaidh a d’eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d’eisigh an sainordú);
aon fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir.
Is iad na heilimintí sonraí seo a leanas na heilimintí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(c):
tagairt uathúil an tsainordaithe;
aitheantóir an íocaí;
ainm an íocaí;
an méid a bhaileofar;
aon fhaisnéis seoltáin;
cód aitheantais na scéime íocaíochta.
( 1 ) IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.
( 2 ) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
( 3 ) IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.
( 4 ) IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.
( 5 ) IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.
( 6 ) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
( 7 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( *1 ) IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.”;
( *2 ) IO L 94, 30.3.2012, lch. 22.”;