02011R1227 — GA — 08.11.2024 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1227/2011Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2011

maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 326 8.12.2011, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2024/1106 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 11 Aibreán 2024

  L 1106

1

17.4.2024




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1227/2011Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2011

maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus gaolmhaireacht le reachtaíocht eile an Aontais

1.  
Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha lena dtoirmisctear cleachtais droch-úsáide a dhéanann difear do mhargaí mórdhíola fuinnimh, atá comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme i margaí airgeadais agus le feidhmiú cuí na margaí mórdhíola fuinnimh sin, agus, ag an am céanna, aird á tabhairt ar shaintréithe sonracha na margaí sin. Déantar foráil leis maidir le faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (“an Ghníomhaireacht”) i ndlúthchomhpháirt leis na húdaráis rialála náisiúnta agus aird á tabhairt ar na hidirghníomhaíochtaí idir an Scéim Trádála Astaíochtaí agus na margaí mórdhíola fuinnimh.

▼M1

2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh. Ní dochar é do chur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 ( 1 ), (AE) Uimh. 596/2014 ( 2 ) agus (AE) Uimh. 600/2014 ( 3 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaineann ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE ná do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir leis na cleachtais a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

▼B

3.  
Rachaidh an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, ÚEUM, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis náisiúnta iomaíochta i gcomhar lena chéile chun a áirithiú go nglacfar cur chuige comhordaithe i leith fhorfheidhmiú na rialacha ábhartha i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag ►M1  Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ maidir léi nó maidir leo agus i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí sin freisin le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag Airteagal 3, ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 5 maidir leis nó maidir leo.

▼M1

Malartóidh an Ghníomhaireacht, na húdaráis rialála náisiúnta, ÚEUM agus údaráis airgeadais inniúla na mBallstát faisnéis agus sonraí ábhartha go tráthrialta, agus go ráithiúil más féidir, maidir le sáruithe féideartha ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

▼M1

4.  
Áiritheoidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a shanntar di de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus go leithdháilfidh an Ghníomhaireacht na hacmhainní is gá, lena n-áirítear acmhainní daonna, chun na hoibleagáidí nua a shanntar di a chomhlíonadh.

▼B

5.  
Rachaidh Stiúrthóir na Gníomhaireachta i gcomhairle le Bord Rialálaithe na Gníomhaireachta maidir le gach gné de chur chun feidhme an Rialacháin seo agus beidh aird chuí aige ar chomhairle agus ar thuairimí an Bhoird.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “faisnéis chos istigh” faisnéis de chineál beacht nár poiblíodh, a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó agus, dá bpoibleofaí í, ar dóigh di difear suntasach a dhéanamh do phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin.

Chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “faisnéis”:

(a) 

faisnéis a cheanglaítear a phoibliú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus le ►M1  Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ◄ , lena n-áirítear treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin;

(b) 

faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha, nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus le húsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin;

▼M1

(c) 

faisnéis a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlíthiúla nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le rialacha margaidh agus i gcomhréir le conarthaí nó gnáis ar an margadh mórdhíola fuinnimh ábhartha, sa mhéid gur dóigh don fhaisnéis sin éifeacht shuntasach a bheith aici ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh;

▼M1

(ca) 

faisnéis arna cur in iúl ag rannpháirtí margaidh, nó ag daoine eile atá ag gníomhú thar ceann an rannpháirtí margaidh, do sholáthraí seirbhíse a dhéanann trádáil thar ceann an rannpháirtí margaidh agus a bhaineann le horduithe an rannpháirtí margaidh atá ar feitheamh ó thaobh táirgí mórdhíola fuinnimh, ar de chineál beacht í agus a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó; agus

▼B

(d) 

faisnéis eile ar dóigh do rannpháirtí réasúnach margaidh í a úsáid mar chuid den bhunús dá chinneadh chun idirbheart a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh nó chun ordú a eisiúint chun trádáil a dhéanamh i dtáirge mórdhíola fuinnimh.

▼M1

Measfar gur de chineál beacht faisnéis má léirítear léi gurb ann do shraith imthosca nó go bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go dtiocfadh ann don tsraith imthosca sin, nó gurb ann do theagmhas a tharla nó go bhféadfaí coinne a bheith leis le réasún go dtarlódh sé, agus má tá an fhaisnéis sin sonrach go leor le go bhféadfar teacht ar chonclúid faoin éifeacht fhéideartha a bheadh ag an tsraith imthosca sin nó ag an teagmhas sin ar phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh. Féadfar a mheas gur de chineál beacht faisnéis má bhaineann sí le próiseas fadtréimhseach, ar próiseas é lena bhfuil sé beartaithe imthosca nó teagmhas ar leith a thuismiú, nó a n-eascraíonn imthosca nó teagmhas ar leith as, lena n-áirítear imthosca nó teagmhas a bheidh ann amach anseo, agus má bhaineann sí freisin le céimeanna idirmheánacha an phróisis sin atá nasctha leis na himthosca sin nó an teagmhas sin a bheidh ann amach anseo a thuismiú nó a n-eascraíonn na himthosca sin nó an teagmhas sin astu.

Measfar gur faisnéis cos istigh í céim idirmheánach i bpróiseas fadtréimhseach más rud é go gcomhlíonann sí, aisti féin, critéir na faisnéise cos istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, measfar go bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag faisnéis leis an táirge mórdhíola fuinnimh más rud é go bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar éileamh, soláthar nó praghsanna táirge mórdhíola fuinnimh, nó ar ionchais éilimh, soláthair nó praghsanna táirge mórdhíola fuinnimh.

Chun críocha na chéad fhomhíre den phointe seo, ciallaíonn faisnéis ar dhócha, dá gcuirfí ar fáil go poiblí í, go mbeadh tionchar nach beag aici ar phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin faisnéis ar dhócha go mbainfeadh rannpháirtí margaidh réasúnach úsáid aisti mar chuid den bhonn lena chinneadh nó lena cinneadh i ndáil le trádáil táirgí mórdhíola fuinnimh;

(2) 

ciallaíonn “cúbláil margaidh”:

(a) 

aon idirbheart a dhéanamh, nó aon ordú chun trádáil a dhéanamh, a eisiúint, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó gabháil d’aon iompraíocht eile a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh:

(i) 

lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(ii) 

lena ndéantar, nó ar dóigh dó nó di, trí ghníomhaíocht duine, nó trí ghníomhaíocht daoine i gcomhar le chéile, an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a shocrú ar leibhéal saorga, mura rud é go suíonn an duine a rinne an t-idirbheart nó a d’eisigh an t-ordú chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige le déanamh amhlaidh agus go bhfuil idirbheart nó ordú chun trádáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó

(iii) 

lena n-úsáidtear seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta, ar ní é lena ndéantar, nó ar dóigh dó, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(b) 

faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear ar an idirlíon, nó trí mhodhanna ar bith eile, ar faisnéis í lena ndéantar, nó ar dóigh di, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu, lena n-áirítear ráflaí agus scéala bréagach nó míthreorach a scaipeadh, i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip í, nó inar cheart dó fios a bheith aige, gurbh fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti.

Nuair a dhéantar faisnéis a scaipeadh chun críoch iriseoireachta nó léirithe ealaíne, déanfar measúnú ar an scaipeadh faisnéise sin agus na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh i meáin eile á gcur san áireamh, ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

faigheann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis as scaipeadh na faisnéise atá i dtrácht; nó

(ii) 

déantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn an margadh a chur ar míthreoir maidir leis an soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh orthu nó leis an bpraghas atá orthu;

(c) 

faisnéis atá bréagach nó míthreorach a tharchur nó ionchur atá bréagach nó míthreorach a sholáthar i ndáil le tagarmharc i gcás ina raibh a fhios ag an duine a rinne an tarchur nó a sholáthair an t-ionchur, nó inar cheart dó fios a bheith aige, go raibh sí nó sé bréagach nó míthreorach, nó gabháil d’aon iompraíocht eile a mbíonn cúbláil ar ríomh tagarmhairc mar thoradh uirthi.

Féadfaidh cúbláil margaidh iompar duine dhlítheanaigh a ainmniú, nó, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, iompar duine nádúrtha a ainmniú a ghlacann páirt sa chinneadh gníomhaíochtaí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.

▼B

(3) 

ciallaíonn “iarracht chun an margadh a chúbláil”:

(a) 

aon idirbheart a dhéanamh, aon ordú a eisiúint chun trádáil a dhéanamh, nó aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh le hintinn na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(ii) 

a áirithiú go gcuirfeadh duine nó daoine atá ag gníomhú i gcomhar lena chéile faoi deara go mbeadh an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó ar leibhéal saorga, nó féachaint le déanamh amhlaidh, mura rud é go suíonn an duine a rinne na hidirbhearta nó a d'eisigh na horduithe chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige chun déanamh amhlaidh agus go bhfuil na hidirbhearta sin nó na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó

(iii) 

seift shamhailteach nó aon chineál eile meabhlaireachta nó saorgachta a úsáid, ar ní é ar dóigh dó comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(b) 

faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear an t-idirlíon, nó ar aon mhodh eile le hintinn comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó maidir leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu;

(4) 

ciallaíonn “táirgí mórdhíola fuinnimh” na conarthaí agus na díorthaigh seo a leanas, gan spleáchas don áit agus don dóigh ina dtrádáiltear iad:

▼M1

(a) 

conarthaí maidir le soláthar leictreachais nó gáis nádúrtha, lena n-áirítear GNL, i gcás ina seachadtar san Aontas é, nó conarthaí maidir le soláthar leictreachais arb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu seachadadh san Aontas mar thoradh ar chúpláil aonair lá roimh ré agus cúpláil aonair ionlae;

(b) 

díorthaigh a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a tháirgtear, a thrádáiltear nó a sheachadtar san Aontas, nó díorthaigh a bhaineann le leictreachas arb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith orthu seachadadh san Aontas mar thoradh ar chúpláil aonair lá roimh ré agus cúpláil aonair ionlae;

▼B

(c) 

conarthaí a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a iompar san Aontas;

(d) 

díorthaigh a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a iompar san Aontas;

▼M1

(e) 

conarthaí a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a stóráil san Aontas;

(f) 

díorthaigh a bhaineann le leictreachas nó gás nádúrtha a stóráil san Aontas;

▼B

Ní táirgí mórdhíola fuinnimh iad conarthaí maidir le leictreachas nó gás nádúrtha a sholáthar agus a dháileadh lena n-úsáid ag custaiméirí deiridh. Maidir le conarthaí chun leictreachas nó gás nádúrtha a sholáthar do chustaiméirí deiridh, agus a dháileadh orthu, áfach, ar custaiméirí iad ag a bhfuil acmhainneacht tomhaltas leictreachais nó gáis nádúrtha is mó ná an tairseach a leagtar amach sa dara mír de phointe (5), déileálfar leo mar tháirgí mórdhíola fuinnimh;

(5) 

ciallaíonn “acmhainneacht tomhaltais” tomhaltas leictreachais nó gáis nádúrtha custaiméara deiridh agus lánúsáid á baint as acmhainneacht táirgeachta an chustaiméara sin. Cuimsítear leis tomhaltas uile an chustaiméara sin mar eintiteas eacnamaíoch aonair, sa mhéid go dtarlaíonn an tomhaltas ar mhargaí ag a bhfuil praghsanna mórdhíola idirghaolmhara.

Chun críocha an tsainmhínithe seo, ní dhéanfar an tomhaltas i ngléasraí ar leithligh atá faoi rialú eintitis eacnamaíoch aonair, agus ag a bhfuil acmhainneacht tomhaltais is lú ná 600 GWh in aghaidh na bliana, a chur san áireamh sa mhéid nach bhfuil tionchar comhpháirteach ag na gléasraí sin ar phraghsanna an mhargaidh mórdhíola fuinnimh mar gheall ar an ábhar go bhfuil siad suite i margaí éagsúla geografacha ábhartha;

(6) 

ciallaíonn “margadh mórdhíola fuinnimh” aon mhargadh laistigh den Aontas ar a ndéantar trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh;

▼M1

(7) 

ciallaíonn “rannpháirtí margaidh” aon duine, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, oibreoirí córas stórála agus oibreoirí córas GNL, a dhéanann idirbhearta, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, i margadh mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó;

▼B

(8) 

ciallaíonn “duine” aon duine nádúrtha nó dlítheanach;

▼M1

(8a) 

“ciallaíonn “duine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil” duine a bhíonn ag gabháil go gairmiúil do ghlacadh agus tarchur orduithe le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh nó d”fhorghníomhú idirbheart le haghaidh táirgí mórdhíola fuinnimh;

▼B

(9) 

ciallaíonn “údarás airgeadais inniúil” údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in ►M1  Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ ;

(10) 

ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2009/72/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas ( 6 ) nó i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha ( 7 );

(11) 

tá le “oibreoir córas tarchurtha” an bhrí atá leagtha amach i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

▼M1

(11a) 

ciallaíonn “oibreoir córas dáileacháin” oibreoir córas dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Threoir 2009/73/CE agus in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2019/944;

(11b) 

ciallaíonn “oibreoir córas stórála” oibreoir córas stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2009/73/CE nó oibreoir “saoráide stórála fuinnimh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60), de Threoir (AE) 2019/944;

(11c) 

ciallaíonn “oibreoir córas GNL” oibreoir córas GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir 2009/73/CE;

▼B

(12) 

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 arna fothú ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais chomhdhlúite ( 8 );

(13) 

ciallaíonn “gnóthas gaolmhar” fochuideachta nó gnóthas eile ina sealbhaítear rannpháirtíocht, nó gnóthas atá nasctha le gnóthas eile trí bhíthin gaolmhaireachta de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE;

(14) 

tá le “dáileadh gáis nádúrtha” an bhrí a leagtar amach i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(15) 

tá le “dáileadh leictreachais” an bhrí a leagtar amach i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE;

▼M1

(16) 

ciallaíonn “sásra tuairiscithe cláraithe” duine dlítheanach atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo chun mionsonraí idirbheart, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, agus sonraí bunúsacha a thuairisciú don Ghníomhaireacht, nó chun an tseirbhís a sholáthar arb é atá inti mionsonraí idirbheart den sórt sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht, thar a cheann féin nó thar ceann rannpháirtithe margaidh;

(17) 

ciallaíonn “ardán faisnéis cos istigh” nó “IIP” duine atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo chun an tseirbhís a sholáthar arb é atá inti ardán a oibriú chun faisnéis cos istigh a nochtadh agus chun faisnéis nochta chos istigh a thuairisciú don Ghníomhaireacht thar ceann rannpháirtithe margaidh;

(18) 

ciallaíonn “trádáil algartamach” trádáil, lena n-áirítear trádáil ardmhinicíochta, i dtáirgí mórdhíola fuinnimh i gcás ina gcinntear go huathoibríoch le halgartam ríomhaire paraiméadair aonair orduithe chun trádáil a dhéanamh, amhail cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ordú a thionscnamh, an t-uainiú, praghas nó méid an ordaithe nó conas an t-ordú a bhainistiú tar éis a thíolactha, agus idirghabháil dhaonna theoranta a dhéanamh nó gan idirghabháil dhaonna ar bith, ar trádáil í nach gcuimsítear léi aon chóras nach n-úsáidtear ach amháin chun orduithe a ródú chuig ionaid mhargaidh eagraithe amháin nó níos mó, nó chun orduithe a phróiseáil nach mbaineann aon chinneadh paraiméadar trádála leo nó chun orduithe a dheimhniú nó chun próiseáil iarthrádála a dhéanamh ar na hidirbhearta a forghníomhaíodh;

(19) 

ciallaíonn “rochtain leictreonach dhíreach” socrú trína gceadaíonn comhalta, rannpháirtí nó cliant de chuid ionaid mhargaidh eagraithe do dhuine eile a chód trádála a úsáid ionas gur féidir leis an duine orduithe chun trádáil a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh a tharchur go leictreonach go díreach chuig an ionad margaidh eagraithe, lena n-áirítear socruithe a mbíonn i gceist leo go n-úsáideann duine bonneagar teicneolaíochta faisnéise an chomhalta, an rannpháirtí nó an chliaint, nó aon chóras cónaisc a sholáthraíonn an comhalta, an rannpháirtí nó an cliant, chun na horduithe chun trádáil a dhéanamh a tharchur (rochtain dhíreach ar an margadh) agus socruithe nach n-úsáideann duine bonneagar den sórt sin iontu (rochtain urraithe);

(20) 

ciallaíonn “ionad margaidh eagraithe” ’ malartán fuinnimh, bróicéir fuinnimh, ardán acmhainneachta fuinnimh nó aon chóras nó saoráid eile ina mbíonn iliomad leasanna ceannaigh nó díola tríú páirtithe táirgí mórdhíola fuinnimh ag idirghníomhú ar bhealach a bhféadfadh idirbheart a bheith mar thoradh air;

(21) 

ciallaíonn “leabhar orduithe” na mionsonraí uile maidir le horduithe táirgí mórdhíola fuinnimh a fhorghníomhaítear ar ionaid mhargaidh eagraithe, lena n-áirítear orduithe meaitseáilte agus orduithe neamh-mheaitseáilte chomh maith le horduithe arna nginiúint ag córas agus teagmhais saolré;

(22) 

ciallaíonn “tagarmharc” innéacs mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 3, de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), ar trí thagairt dó a chinntear an méid is iníoctha faoi tháirge mórdhíola fuinnimh, nó faoi chonradh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh, nó luach táirge mórdhíola fuinnimh;

(23) 

ciallaíonn “trádáil GNL” tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó idirbhearta, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar thar an gcuntar nó in ionad margaidh eagraithe, ach gan a bheith teoranta dóibh, chun GNL a cheannach nó a dhíol:

(a) 

lena sonraítear seachadadh san Aontas;

(b) 

a mbíonn seachadadh san Aontas mar thoradh orthu; nó

(c) 

ina ndéanann contrapháirtí amháin GNL a athghású ag críochfort san Aontas;

(24) 

ciallaíonn “sonraí margaidh GNL” taifid ar thairiscintí ceannaigh, ar thairiscintí díola nó ar idirbhearta maidir le trádáil GNL le faisnéis chomhfhreagrach;

(25) 

ciallaíonn “rannpháirtí margaidh GNL” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar áit chorpraithe nó áit sainchónaithe an duine sin, a ghabhann do thrádáil GNL;

(26) 

ciallaíonn “measúnú ar phraghsanna GNL” praghas tagartha laethúil le haghaidh trádáil GNL a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht arna bunú ag an nGníomhaireacht;

(27) 

ciallaíonn “tagarmharc GNL” raon difríochta a chinneadh idir an measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh Thodhchaíochtaí Gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil.

▼B

Airteagal 3

Trádáil chos istigh a thoirmeasc

1.  

Toirmiscfear ar dhaoine a bhfuil faisnéis chos istigh, maidir le táirge mórdhíola fuinnimh, acu na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an fhaisnéis sin a úsáid chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, nó trí fhéachaint le táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, ar a gcuntas féin, nó ar chuntas tríú páirtí;

(b) 

an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon duine eile, mura rud é go ndéantar an nochtadh sin i ngnáthchúrsa fheidhmiú a bhfostaíochta, a ngairme nó a ndualgas;

(c) 

ar bhonn faisnéise cos istigh, a mholadh do dhuine eile táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt nó duine eile a aslú chun táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt.

▼M1

Measfar freisin gur trádáil cos istigh í faisnéis cos istigh a úsáid chun ordú, nó aon ghníomhaíocht trádála eile a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis, a chealú nó a leasú i gcás ina ndearnadh an t-ordú sula raibh an fhaisnéis cos istigh ag an duine lena mbaineann.

▼B

2.  

Tá feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1 maidir leis na daoine seo a leanas a bhfuil faisnéis chos istigh acu i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh:

(a) 

comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid gnóthais;

(b) 

daoine a bhfuil sealúchais acu i gcaipiteal de chuid gnóthais;

(c) 

daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis trí fheidhmiú a bhfostaíochta, a ngairme nó a ndualgas;

(d) 

daoine a bhfuil faisnéis den sórt sin faighte acu trí ghníomhaíocht choiriúil;

(e) 

daoine a bhfuil a fhios acu, nó ar cheart dóibh fios a bheith acu, gur faisnéis chos istigh í.

3.  
Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le hoibreoirí córas tarchurtha nuair atá siad ag ceannach leictreachais nó gáis nádúrtha lena áirithiú go n-oibreoidh an córas go slán sábháilte i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) d'Airteagal 12 de Threoir 2009/72/CE nó faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) d'Airteagal 13(1) de Threoir 2009/73/CE.
4.  

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

idirbhearta a dhéantar le linn oibleagáid a chomhlíonadh atá tagtha chun bheith dlite i ndáil le táirgí mórdhíola fuinnimh a fháil nó a dhiúscairt i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid sin as comhaontú a tugadh i gcrích, nó as ordú a rinneadh chun trádáil a dhéanamh, sula bhfuair an duine lena mbaineann seilbh ar fhaisnéis chos istigh;

(b) 

idirbhearta a dhéanann táirgeoirí leictreachais agus gáis nádúrtha, oibreoirí saoráidí stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí saoráidí allmhairithe LNG, ar idirbhearta iad arb é is aon chuspóir leo ná cumhdach a dhéanamh ar chaillteanas fisiceach láithreach a eascraíonn as éarthaí neamhphleanáilte, dá mba rud é, mura ndéanfaí amhlaidh, gurbh é an toradh a bheadh ann ná nach mbeadh an rannpháirtí margaidh in ann na hoibleagáidí conarthacha atá ann a chomhlíonadh nó i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht sin le comhaontú ó oibreoir/oibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann chun oibríocht shlán shábháilte an chórais a áirithiú. I gcás den sórt sin, déanfar an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta. Tá an oibleagáid sin maidir le tuairisciú gan dochar don oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 4(1);

(c) 

rannpháirtithe margaidh atá ag gníomhú faoi rialacha éigeandála náisiúnta, i gcás ina bhfuil údaráis náisiúnta tar éis idirghabháil a dhéanamh chun a chur faoi deara go ndéanfar an soláthar leictreachais nó gáis nádúrtha a choimeád ar bun agus ina bhfuiltear tar éis sásraí margaidh a chur ar fionraí i mBallstát, nó i gcodanna de Bhallstát. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás atá inniúil do phleanáil éigeandála foilsiú a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4.

5.  
Más duine dlítheanach an duine a shealbhaíonn faisnéis chos istigh i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh, beidh feidhm ag na toirmisc atá leagtha síos i mír 1 freisin maidir leis na daoine nádúrtha a ghlacann páirt sa chinneadh chun an t-idirbheart a dhéanamh ar chuntas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.
6.  

Nuair a scaiptear faisnéis chun críocha iriseoireachta nó mar léiriú ealaíne, déanfar an scaipeadh faisnéise sin a mheasúnú agus aird á tabhairt ar na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh i meáin eile mura rud é:

(a) 

go bhfaigheann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis as scaipeadh na faisnéise i dtrácht; nó

(b) 

go ndéantar an nochtadh nó an scaipeadh sin le hintinn an margadh a chur ar míthreoir i dtaca le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh nó i dtaca leis an éileamh nó leis an bpraghas atá orthu.

Airteagal 4

Oibleagáid faisnéis chos istigh a fhoilsiú

1.  
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis chos istigh a shealbhaíonn siad i ndáil le gnó nó le saoráidí ar leis an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó ar lena mháthairghnóthas nó ar le gnóthas gaolmhar é nó iad, nó a rialaíonn an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó a rialaíonn máthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar, nó a bhfuil an rannpháirtí margaidh sin nó an gnóthas sin freagrach as cúrsaí oibríochtúla ina leith, go hiomlán nó go páirteach, a nochtadh go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil. Áireofar ar an nochtadh faisnéise sin, faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha, nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin.

▼M1

Nochtfaidh rannpháirtithe margaidh an fhaisnéis cos istigh trí IIPanna. Áiritheoidh na IIPanna go gcuirfear an fhaisnéis cos istigh ar fáil go poiblí ar bhealach a gcuireann ar a chumas don phobal rochtain phras a fháil ar an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin nó trí chomhéadan feidhmchláir soiléir, agus chun gur féidir leis an bpobal measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

▼B

2.  
Féadfaidh rannpháirtí margaidh, faoina fhreagracht féin ar bhonn eisceachta, moill a chur le faisnéis chos istigh a nochtadh go poiblí, ionas nach ndéanfar dochar dá leasanna dlisteanacha féin ar choinníoll nach dóigh go gcuirfí an pobal ar míthreoir toisc nár nocht sé í agus ar choinníoll go bhfuil an rannpháirtí margaidh in ann rúndacht na faisnéise sin a áirithiú agus nach ndéanann sé cinntí a bhaineann le trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh agus atá bunaithe ar an bhfaisnéis sin. I gcás den sórt sin déanfaidh an rannpháirtí margaidh an fhaisnéis sin, mar aon le húdar maith a thabhairt i leith na moille ar nochtadh na faisnéise go poiblí, a sholáthar gan mhoill don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha ag féachaint d’Airteagal 8(5).
3.  
Aon uair a dhéanann rannpháirtí margaidh, nó duine atá fostaithe ag rannpháirtí margaidh nó atá ag gníomhú thar a cheann, faisnéis chos istigh a nochtadh maidir le táirge mórdhíola fuinnimh i ngnáthfheidhmiú a fhostaíochta, a ghairme nó a dhualgas, ar nithe iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(1), áiritheoidh sé, maidir le nochtadh poiblí na faisnéise sin, go ndéanfar é go comhuaineach, go hiomlán agus go héifeachtach. I gcás ina nochtar an fhaisnéis sin go neamhbheartaithe, áiritheoidh an rannpháirtí margaidh go ndéanfar nochtadh iomlán agus éifeachtach go poiblí ar an bhfaisnéis a luaithe is féidir tar éis an nochta neamhbheartaithe. Ní bheidh feidhm ag an mír seo má tá dualgas rúndachta ar an duine a fhaigheann an fhaisnéis, is cuma an eascraíonn an dualgas sin as dlí, as rialachán, as airteagail chomhlachais nó as conradh.

▼M1

4.  
Maidir le foilsiú faisnéise cos istigh, lena n-áirítear í a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, agus i gcomhréir le treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, is nochtadh éifeachtach é, ach ní gá gur nochtadh tráthúil poiblí é de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.

▼M1

4a.  
Faoin 8 Bealtaine 2025, déanfaidh an Ghníomhaireacht ardán a fhorbairt agus a oibriú a bheidh ag fónamh mar phointe rochtana leictreonaí earnáilsonrach le haghaidh faisnéis cos istigh a nochtar de bhun mhír 1.

▼B

5.  
Más rud é, maidir leis an oibleagáid chun sonraí áirithe a fhoilsiú, go mbeifear tar éis díolúine ón oibleagáid sin a dheonú d'oibreoir córas tarchurtha i gcomhréir le ►M1  Rialachán (AE) 2019/943 ◄ nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, díolmhaítear leis sin an t-oibreoir sin freisin ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na sonraí sin.
6.  
Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar d’oibleagáidí na rannpháirtithe margaidh faoi Threoir 2009/72/CE agus faoi Threoir 2009/73/CE, agus faoi ►M1  Rialachán (AE) 2019/943 ◄ agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na dTreoracha agus na Rialachán sin, go háirithe maidir le tráthú agus modh foilsithe na faisnéise.
7.  
Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar do cheart na rannpháirtithe margaidh chun moill a chur ar nochtadh faisnéise íogaire a bhaineann le cosaint bonneagair chriticiúil, dá bhforáiltear i bpointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair criticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú ( 11 ) má tá an fhaisnéis sin aicmithe mar fhaisnéis rúnda ina dtír féin.

▼M1

Airteagal 4a

Ardáin faisnéis cos istigh a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

8.  

Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na modhanna trína bhfuil IIP leis an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le faisnéis cos istigh a chur ar fáil go poiblí a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo;

(b) 

inneachar agus aon mhionsonraí ábhartha breise den fhaisnéis cos istigh arna cur ar fáil go poiblí de bhun mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo ar bhealach ina bhféadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal seo a fhoilsiú;

(c) 

na ceanglais eagraíochtúla shonracha maidir le mír 5 den Airteagal seo a chur chun feidhme;

(d) 

na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú IIP a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

(e) 

na coimircí nós imeachta dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo;

(f) 

na mionsonraí a bhaineann le próiseas an ionadaithe ordúil dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

(g) 

na socruithe mionsonraithe chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú IIP a tharraingt siar.

▼B

Airteagal 5

Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc

Déanfar aon rannpháirtíocht i gcúbláil mhargaidh, nó aon iarracht a dhéanamh chun gabháil le rannpháirtíocht den sórt sin, ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a thoirmeasc.

▼M1

Airteagal 5a

Trádáil algartamach

1.  
Rannpháirtí margaidh a ghabhann do thrádáil algartamach, beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca éifeachtacha i bhfeidhm aige atá oiriúnach don ghnó a oibríonn sé chun a áirithiú go bhfuil a chórais trádála athléimneach agus go bhfuil dóthain acmhainneachta acu, go bhfuil siad faoi réir tairseacha trádála iomchuí agus teorainneacha trádála iomchuí agus go gcuireann siad cosc ar sheoladh orduithe earráideacha chun trádáil a dhéanamh nó ar fheidhmiú eile a bhféadfadh margadh mí-ordúil a chruthú nó cur le margadh mí-ordúil. Beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca éifeachtacha i bhfeidhm ag an rannpháirtí margaidh freisin chun a áirithiú go gcomhlíonann na córais trádála an Rialachán seo agus rialacha ionaid mhargaidh eagraithe lena bhfuil sé nasctha. Beidh socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó i bhfeidhm ag an rannpháirtí margaidh chun déileáil le haon teip ina chórais trádála agus áiritheoidh sé go ndéanfar tástáil iomlán ar a chórais agus go ndéanfar faireachán ceart orthu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo leo.
2.  
Tabharfaidh rannpháirtí margaidh a ghabhann do thrádáil algartamach i mBallstát fógra faoi sin d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé cláraithe de bhun Airteagal 9(1) agus don Ghníomhaireacht.

Féadfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) a cheangal ar an rannpháirtí margaidh a sholáthar, ar bhonn tráthrialta nó ad hoc, tuairisc ar chineál a straitéisí trádála algartamaí, mionsonraí na bparaiméadar trádála nó na dteorainneacha trádála a bhfuil an córas trádála faoina réir, na príomhrialuithe comhlíonta agus riosca atá i bhfeidhm lena áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus mionsonraí maidir le tástáil a chóras trádála.

Socróidh an rannpháirtí margaidh go gcoinneofar taifid i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear sa mhír seo ar feadh 5 bliana agus áiritheoidh sé go mbeidh na taifid sin leordhóthanach chun ligean d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

3.  
Tabharfaidh rannpháirtí margaidh a sholáthraíonn rochtain dhíreach leictreonach ar ionad margaidh eagraithe fógra dá réir sin d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) agus don Ghníomhaireacht.

Féadfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstát ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) a cheangal ar an rannpháirtí margaidh a sholáthar, ar bhonn tráthrialta nó ad hoc, tuairisc ar na córais agus na rialuithe riosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus fianaise gur cuireadh i bhfeidhm iad.

Socróidh an rannpháirtí margaidh go gcoinneofar taifid i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear sa mhír seo ar feadh 5 bliana agus áiritheoidh sé go mbeidh na taifid sin leordhóthanach chun ligean don údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an rannpháirtí margaidh cláraithe de bhun Airteagal 9(1) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

4.  
Ní dochar an tAirteagal seo do na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE.

▼B

Airteagal 6

Nuashonrú teicniúil a dhéanamh ar na sainmhínithe ar fhaisnéis chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh

▼M1

1.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20:

(a) 

chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, pointí (1), (2), (3) agus (5), a ailíniú chun comhleanúnachas a áirithiú le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais i réimsí na seirbhísí airgeadais agus an fhuinnimh;

(ii) 

nuashonrú a dhéanamh ar na sainmhínithe dá dtagraítear i bpointe (i) chun fhorbairtí amach anseo i margaí mórdhíola fuinnimh a chur san áireamh agus chun na críche sin amháin;

(b) 

chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thairseacha íosta a bhunú, agus sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh, chun teagmhais a shainaithint ar dóigh dóibh, dá gcuirfí ar fáil go poiblí iad, difear suntasach a dhéanamh do phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh.

▼B

2.  

Maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird leo ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

feidhmiú sonrach na margaí mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear sainiúlachtaí na margaí leictreachais agus gáis, agus an idirghníomhaíocht idir margaí tráchtearraí agus margaí díorthach;

(b) 

an t-ionchas atá ann maidir le cúbláil thar theorainneacha, idir margaí leictreachais agus gáis, agus thar mhargaí tráchtearraí agus mhargaí díorthach;

(c) 

an tionchar ionchasach ar phraghsanna an mhargaidh mórdhíola fuinnimh mar gheall ar tháirgeadh, ar thomhaltas, ar úsáid tarchurtha nó ar úsáid acmhainneachta stórála, atá pleanáilte nó atá ann iarbhír; agus

(d) 

cóid ghréasáin agus creat-treoirlínte arna nglacadh i gcomhréir le ►M1  Rialachán (AE) 2019/943 ◄ agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar an margadh

▼M1

1.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh chun trádáil bunaithe ar fhaisnéis cos istigh agus cúbláil margaidh, nó iarrachtaí na rudaí sin a dhéanamh, a bhrath agus a chosc. Baileoidh sí na sonraí chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 8.

▼B

2.  
Comhoibreoidh údaráis rialála náisiúnta ar an leibhéal réigiúnach agus leis an nGníomhaireacht chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, beidh rochtain ag údaráis rialála náisiúnta ar fhaisnéis ábhartha arna sealbhú ag an nGníomhaireacht agus atá bailithe aici i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, faoi réir Airteagal 10(2). Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta faireachán a dhéanamh freisin ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta.

Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh a n-údarás náisiúnta iomaíochta nó comhlacht faireacháin margaidh, arna bhunú laistigh den údarás sin, faireachán margaidh a dhéanamh in éineacht leis an údarás rialála náisiúnta. Le linn an faireachán margaidh sin a dhéanamh, beidh ag an údarás náisiúnta iomaíochta nó ag an gcomhlacht faireacháin margaidh na cearta céanna agus na hoibleagáidí céanna atá ag an údarás rialála náisiúnta de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, an dara habairt den dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, an dara habairt d’Airteagal 4(2), na chéad abairte d’Airteagal 8(5), agus Airteagal 16.

▼M1

3.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir lena cuid gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo agus maidir leis an mbealach a chuireann sí an Rialachán seo i bhfeidhm, agus cuirfidh sí an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú, inter alia, ar oibriú agus trédhearcacht catagóirí éagsúla d’ionaid mhargaidh agus ar bhealaí trádála, agus féadfaidh sí moltaí a dhéanamh don Choimisiún i ndáil le rialacha margaidh, caighdeáin mhargaidh agus nósanna imeachta margaidh lena bhféadfaí feabhas a chur ar shláine an mhargaidh agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Féadfaidh sí meastóireacht a dhéanamh freisin i dtaobh an bhféadfaí cur le trédhearcacht fheabhsaithe sa mhargadh le haon cheanglais íosta i gcomhair margaí eagraithe. Féadfar an tuarascáil sin a chónascadh leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/942.

▼B

Airteagal 8

Sonraí a bhailiú

▼M1

1.  
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh, nó duine nó eintiteas a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f)agus atá ag gníomhú thar a gceann, taifead ar idirbhearta sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, a sholáthar don Ghníomhaireacht. Áireofar san fhaisnéis a thuairiscítear sainaithint bheacht na dtáirgí mórdhíola fuinnimh a ceannaíodh agus a díoladh, an praghas agus an chainníocht a comhaontaíodh, dátaí agus amanna an fhorghníomhaithe, na páirtithe san idirbheart agus tairbhithe idirmheánacha nó deiridh an idirbhirt agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Cuirfidh rannpháirtithe margaidh san áireamh faisnéis faoina neamhchosaintí, arna mionsonrú de réir táirge, lena n-áirítear na hidirbhearta a tharlaíonn thar an gcuntar. Cé go bhfuil an fhreagracht fhoriomlán ar na rannpháirtithe margaidh, measfar an oibleagáid atá ar an rannpháirtí margaidh i dtrácht maidir le tuairisciú a bheith comhlíonta a luaithe a gheofar, ó dhuine nó eintiteas a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f), an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí shásraí tuairiscithe cláraithe.

▼M1

1a.  

Chun taifid ar idirbhearta ar an margadh mórdhíola fuinnimh a thuairisciú, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, arna ndéanamh, arna dtabhairt i gcrích nó arna bhforghníomhú in ionaid mhargaidh eagraithe, déanfaidh na hionaid mhargaidh eagraithe sin, nó tríú páirtithe thar a gceann, an méid seo a leanas:

(a) 

sonraí a bhaineann leis an leabhar orduithe a chur ar fáil don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, agus ar an gcaoi sin oibleagáidí na rannpháirtithe margaidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh thar a gceann; nó

(b) 

arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht gan mhoill ar an leabhar orduithe ionas go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann faireachán a dhéanamh ar thrádáil ar an margadh mórdhíola fuinnimh.

Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí breise maidir le hoibriú na míre seo, lena n-áirítear na socruithe sonracha chun tuairisciú éifeachtach sonraí a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

1b.  
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh GNL agus aon duine nó eintiteas eile a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f), den Airteagal seo agus atá ag gníomhú thar a gceann, taifead de shonraí margaidh GNL a sholáthar go córasach don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014.

▼B

2.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a) 

liosta a tharraingt suas de na conarthaí agus de na díorthaigh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, ar nithe iad atá le tuairisciú i gcomhréir le mír 1, agus, i gcás inarb iomchuí, tairseacha de minimis iomchuí maidir le tuairisciú idirbheart a tharraingt suas;

(b) 

rialacha comhionanna a ghlacadh maidir leis an tuairisciú faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1;

(c) 

an tráthú agus an fhoirm ina mbeidh an fhaisnéis sin le tuairisciú a leagan síos.

▼M1

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Cuirfear san áireamh leo córais tuairiscithe idirbheart atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht trádála chun drochúsáid margaidh a bhrath.

3.  
Na daoine agus na heintitis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (d), den Airteagal seo a thuairiscigh idirbhearta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh siad faoi réir oibleagáidí tuairiscithe dúbailte a bhaineann leis na hidirbhearta sin.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfar, leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1a agus mír 2, a cheadú do mhargaí eagraithe agus do chórais meaitseála trádála nó do chórais tuairiscithe trádála taifid ar idirbhearta mórdhíola fuinnimh a sholáthar don Ghníomhaireacht.

▼B

4.  

►M1  Chun críocha mhíreanna 1, 1a, agus 1b, déanfaidh siad seo a leanas faisnéis a sholáthar: ◄

(a) 

an rannpháirtí margaidh;

(b) 

tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an rannpháirtí margaidh;

(c) 

córas tuairiscithe trádála;

▼M1

(d) 

ionad margaidh eagraithe, córas meaitseála trádála nó duine eile a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil;

▼B

(e) 

taisclann trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála; nó

(f) 

údarás inniúil a bhfuil an fhaisnéis sin faighte aige i gcomhréir le hAirteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE nó ÚEUM nuair atá an fhaisnéis sin faighte aige i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála.

▼M1

5.  
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis rialála náisiúnta a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid na saoráidí i gcomhair táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur leictreachais nó gáis nádúrtha nó a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí GNL, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin, agus faisnéis cos istigh a nochtar go poiblí de bhun Airteagal 4, chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i margaí mórdhíola fuinnimh. Déanfar na hoibleagáidí ar rannpháirtithe margaidh maidir le tuairisciú a íoslaghdú tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a thabhairt, nó codanna di, a bhailiú, i gcás inar féidir, ó fhoinsí atá ann cheana.

▼B

6.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a) 

rialacha comhionanna a ghlacadh maidir le tuairisciú faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 5 agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le tairseacha iomchuí do thuairisciú den sórt sin;

(b) 

an tráthú agus an fhoirm ina bhfuil an fhaisnéis sin le tuairisciú a leagan síos.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfar aird leo ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana faoi ►M1  Rialachán (AE) 2019/943 ◄ agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

Airteagal 9

Rannpháirtithe margaidh a chlárú

▼M1

1.  
Maidir le rannpháirtithe margaidh a dhéanann idirbhearta a cheanglaítear a thuairisciú don Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8(1), cláróidh siad leis an údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe nó ina bhfuil cónaí orthu.

Faoin 8 Samhain 2024, maidir le rannpháirtithe margaidh atá bunaithe nó a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír agus a dhéanann idirbhearta a cheanglaítear a thuairisciú don Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8(1):

(a) 

ainmneoidh siad ionadaí i mBallstát ina bhfuil na rannpháirtithe margaidh gníomhach ar na margaí mórdhíola fuinnimh, agus cláróidh siad le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin. Ainmneofar an t-ionadaí le sainordú i scríbhinn agus údarófar an t-ionadaí gníomhú thar ceann na rannpháirtithe margaidh;

(b) 

tabharfaidh siad sainordú dá n-ionadaí ainmnithe chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta nó leis an nGníomhaireacht teagmháil a dhéanamh leo, sa bhreis ar na rannpháirtithe margaidh sin nó thar a gceann, maidir le gach saincheist is gá chun cinntí nó iarrataí ar fhaisnéis arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú;

(c) 

tabharfaidh siad na cumhachtaí agus na modhanna is gá dá n-ionadaí ainmnithe chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil aige leis na húdaráis rialála náisiúnta nó leis an nGníomhaireacht agus chun na cinntí agus na hiarrataí ar fhaisnéis ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ón nGníomhaireacht arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis arna hiarraidh; agus

(d) 

tabharfaidh siad fógra d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an ionadaí ainmnithe nó ina bhfuil sé bunaithe agus don Ghníomhaireacht maidir le hainm, seoladh ríomhphoist, seoladh poist agus uimhir theileafóin an ionadaí ainmnithe sin.;

Ní dochar ainmniú an ionadaí do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an rannpháirtí margaidh é féin.’;

▼B

Ní chláróidh rannpháirtí margaidh ach amháin le húdarás rialála náisiúnta amháin. Ní cheanglóidh Ballstáit ar rannpháirtí margaidh atá cláraithe cheana féin i mBallstát eile clárú athuair.

Tá clárú rannpháirtithe margaidh gan dochar do na hoibleagáidí chun na rialacha trádála agus comhardúcháin is infeidhme a chomhlíonadh.

2.  
Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a ghlacann an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 8(2), bunóidh na húdaráis rialála náisiúnta cláir náisiúnta rannpháirtithe margaidh agus coinneoidh siad na cláir sin cothrom le dáta. Sa chlár sin, tabharfar sainaitheantóir uathúil do gach rannpháirtí margaidh agus beidh dóthain faisnéise ann chun an rannpháirtí margaidh a shainaithint, lena n-áirítear mionsonraí ábhartha a bhaineann lena uimhir chánach breisluacha, a áit bhunaíochta, na daoine atá freagrach as a chinntí oibríochtúla agus trádála agus rialtóir deiridh nó tairbhí deiridh ghníomhaíochtaí trádála an rannpháirtí margaidh.

▼M1

3.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhaisnéis atá ina gcláir náisiúnta a tharchur chuig an nGníomhaireacht i bhformáid a chinnfidh an Ghníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis sin, an fhormáid sin a chinneadh agus a fhoilsiú. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na húdaráis rialála náisiúnta, bunóidh an Ghníomhaireacht clár Eorpach de rannpháirtithe margaidh. Beidh rochtain ag údaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis ábhartha eile ar an gclár sin. Faoi réir Airteagal 17, déanfaidh an Ghníomhaireacht an clár Eorpach de rannpháirtithe margaidh, nó sleachta as, a chur ar fáil go poiblí ar choinníoll nach nochtar faisnéis maidir le rannpháirtithe margaidh aonair, ar faisnéis í atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

▼B

4.  
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhoirm chlárúcháin a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta sula ndéanfaidh siad idirbheart a cheanglaítear a thuairisciú don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 8(1).
5.  
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh dá dtagraítear i mír 1 aon athrú a bheidh tar éis tarlú i ndáil leis an bhfaisnéis arna soláthar san fhoirm chlárúcháin a chur in iúl go pras don údarás rialála náisiúnta.

▼M1

Airteagal 9a

Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraithe

6.  

Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na modhanna trína bhfuil sásra tuairiscithe cláraithe leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(b) 

na ceanglais eagraíochtúla shonracha chun míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme;

(c) 

na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú sásra tuairiscithe chláraithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tharraingt siar;

(d) 

na coimircí nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

(e) 

na mionsonraí a bhaineann le próiseas an ionadaithe ordúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;

(f) 

na socruithe mionsonraithe chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú sásra tuairiscithe chláraithe a tharraingt siar.

▼B

Airteagal 10

Faisnéis a chomhroinnt idir an Ghníomhaireacht agus údaráis eile

▼M1

1.  
Bunóidh an Ghníomhaireacht sásraí chun faisnéis a fhaigheann sí i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus le hAirteagal 8 a chomhroinnt leis an gCoimisiún, leis na húdaráis rialála náisiúnta, le húdaráis airgeadais inniúla na mBallstát, leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, le ÚEUM, le EUROFISC agus le húdaráis ábhartha eile ar leibhéal an Aontais. Sula mbunófar sásraí den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis sin.

Ní thabharfaidh an Ghníomhaireacht rochtain ar na sásraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin d’údaráis a bhfuil córais curtha ar bun acu trína gcumasaítear don Ghníomhaireacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(1) a chomhlíonadh.

2.  
Bunóidh na húdaráis rialála náisiúnta sásraí chun faisnéis a fhaigheann siad i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus le hAirteagal 8 a chomhroinnt le húdaráis airgeadais inniúla na mBallstát, leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, leis na húdaráis chánach náisiúnta agus le húdaráis ábhartha eile ar an leibhéal náisiúnta. Sula mbunófar sásraí den sórt sin, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis na húdaráis sin maidir le sásraí den sórt sin, murar bunaíodh sásraí den sórt sin roimh an 7 Bealtaine 2024. Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, treoirlínte neamhcheangailteacha chun éascaíocht a dhéanamh d’údaráis rialála náisiúnta agus sásraí den sórt sin á mbunú.

Ní thabharfaidh údaráis rialála náisiúnta rochtain ar na sásraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin d’údaráis a bhfuil córais curtha ar bun acu trína gcumasaítear do na húdaráis rialála náisiúnta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(1) a chomhlíonadh.

▼B

3.  
Maidir le taisclanna trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh agus le díorthaigh lamháltas astaíochtaí arna mbailiú acu a chur ar fáil don Ghníomhaireacht.

Déanfaidh ÚEUM tuarascálacha maidir le hidirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh a fhaightear faoi Airteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE, agus faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála, a tharchur chuig an nGníomhaireacht. Déanfaidh údaráis inniúla a fhaigheann tuarascálacha maidir le hidirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh, ar tuarascálacha iad a fhaightear faoi Airteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE, na tuarascálacha sin a tharchur chuig an nGníomhaireacht.

Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar thrádáil i lámhaltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh a bhaineann le lámhaltais astaíochtaí lena chéile agus bunóidh siad sásraí iomchuí chun rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht ar thaifid ar na hidirbhearta i lámhaltais agus i ndíorthaigh den sórt sin i gcás ina mbailíonn na húdaráis sin faisnéis ar idirbhearta den sórt sin.

Airteagal 11

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin ( 12 ) nó d’oibleagáidí na Gníomhaireachta, nuair atá a cuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aici i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann sí ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin ( 13 ).

Airteagal 12

Iontaofacht oibríochtúil

1.  
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 4(2), Airteagal 8 agus Airteagal 10. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá chun cosc a chur ar mhí-úsáid na faisnéise a choimeádtar ina córais agus ar aon rochtain neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis sin.

▼M1

Déanfaidh an Coimisiún, údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, údaráis chánach náisiúnta, EUROFISC, údaráis iomaíochta náisiúnta, ÚEUM agus údaráis ábhartha eile rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaigheann siad de bhun Airteagal 4(2), Airteagal 7(2), Airteagal 8(5) nó Airteagal 10 a áirithiú, déanfaidh siad bearta chun aon mhí-úsáid a dhéantar ar fhaisnéis den sórt sin a chosc, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

▼B

Sainaithneoidh an Ghníomhaireacht foinsí riosca oibríochtúil agus déanfaidh sí iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt.

▼M1

2.  
Faoin 8 Bealtaine 2025, forbróidh an Ghníomhaireacht lárionad tagartha ina bhfuil faisnéis maidir le sonraí mhargadh mórdhíola fuinnimh an Aontais (“an Lárionad Tagartha”). Faoi réir Airteagal 17, déanfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin an Lárionaid Tagartha codanna den fhaisnéis atá ina seilbh a chur ar fáil go poiblí, ar choinníoll nach ndéantar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe margaidh aonair, maidir le hidirbhearta aonair nó maidir le hionaid mhargaidh aonair a nochtadh agus nach féidir faisnéis den sórt sin a shainaithint ón bhfaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis chomhiomlánaithe a chur ar fáil go poiblí freisin, trí bhíthin an Lárionaid Tagartha, maidir le hionaid mhargaidh eagraithe, IIPanna agus sásraí tuairiscithe cláraithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, cé is moite d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht a bunachar sonraí ar thrádáil nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil chun críoch eolaíoch, faoi réir ceanglais rúndachta.

Déanfar faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar mhaithe le feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh agus ar choinníoll nach dóigh di aon saobhadh a chruthú san iomaíocht sna margaí fuinnimh sin.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a scaipeadh ar bhealach cóir i gcomhréir le rialacha trédhearcacha a tharraingeoidh sí féin suas agus a chuirfidh sí féin ar fáil go poiblí.

▼B

Airteagal 13

Toirmisc a chur chun feidhme i gcoinne droch-úsáide margaidh

▼M1

1.  
Áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go bhforfheidhmeofar agus go gcomhlíonfar na toirmisc a leagtar síos in Airteagail 3 agus 5 agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 4, 7c, 8, 9 agus 15.

Beidh údaráis rialála náisiúnta inniúil chun imscrúdú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí go léir a dhéantar ar a margaí mórdhíola fuinnimh náisiúnta agus chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, gan beann ar an áit a bhfuil an rannpháirtí margaidh a bhfuil na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh aige cláraithe ná faoi oibleagáid a bheith cláraithe de bhun Airteagal 9(1).

Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin is gá ag a údarás rialála náisiúnta chun na feidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a fheidhmiú. Feidhmeofar na cumhachtaí sin ar bhealach comhréireach.

Féadfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú:

(a) 

go díreach;

(b) 

i gcomhar le húdaráis eile;

(c) 

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta inniúla; nó

(d) 

ar mholadh ón nGníomhaireacht.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a gcumhachtaí imscrúdúcháin a fheidhmiú i gcomhar le hionaid mhargaidh eagraithe, le córais meaitseála trádála nó le daoine eile a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4), pointe (d).

▼B

2.  

Beidh na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1 teoranta d’aidhm an imscrúdaithe. Feidhmeofar na cumhachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus áireofar iontu an ceart chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

rochtain a fháil ar aon doiciméad ábhartha in aon fhoirm, agus cóip de a fháil;

(b) 

faisnéis a éileamh ó aon duine ábhartha, lena n-áirítear iad sin a bhfuil baint comhleanúnach acu le tarchur orduithe nó le seoladh na n-oibríochtaí lena mbaineann, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, an ceart chun duine nó príomhaí den sórt sin a thoghairm agus a éisteacht;

(c) 

cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh;

(d) 

taifid theileafóin atá ann cheana agus taifid de shreabhadh sonraí atá ann cheana a éileamh;

(e) 

a éileamh go scoirfear d’aon chleachtas atá contrártha don Rialachán seo nó do na gníomhartha tarmligthe nó do na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;

(f) 

a iarraidh ar chúirt sócmhainní a chalcadh nó a fhorlámhú;

(g) 

a iarraidh ar chúirt nó ar aon údarás inniúil toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil.

▼M1

3.  
Chun sáruithe ar an Rialachán seo a chomhrac, chun tacú le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na n-údarás rialála náisiúnta agus chun iad a chomhlánú, agus chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo ar fud an Aontais, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar gníomhach leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, imscrúduithe a dhéanamh trí na cumhachtaí a thugtar di le hAirteagal 13a, 13b agus 13c, agus i gcomhréir leo, a fheidhmiú.
4.  

In am trátha sula bhfeidhmeoidh sí na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 3 laistigh de dhlínse Ballstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí a bhfuil drochamhras réasúnach ar an nGníomhaireacht ina leith go bhfuil an Rialachán seo á shárú acu, cuirfidh an Ghníomhaireacht an méid sin ar an eolas don údarás rialála náisiúnta agus d’údaráis eile lena mbaineann sa Bhallstát sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú sa dlínse sin, ach amháin má dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta agóid ar na forais seo a leanas:

(a) 

tá imscrúdú oscailte go foirmiúil nó á dhéanamh aici ar na fíorais chéanna; nó

(b) 

tá imscrúdú déanta aici ar na fíorais chéanna agus chinn sí gurb ann nó nach ann do shárú.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht leanúint dá cumhachtaí a fheidhmiú sna dlínsí atá fágtha de chuid na n-údarás rialála náisiúnta sin nach bhfuil agóid déanta acu de bhun na chéad fhomhír, pointe (a). Ní fheidhmeoidh an Ghníomhaireacht a cuid cumhachtaí má rinneadh imscrúdú ar na fíorais chéanna cheana féin agus má thángthas ar an gconclúid gurb ann nó nach ann do shárú.

Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin agóid uaidh laistigh de 3 mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre. I gcásanna den sórt sin, comhoibreoidh an t-údarás rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

faisnéis agus torthaí is ábhartha don Ghníomhaireacht chun a cumhachtaí faoi mhír 3 a fheidhmiú i ndlínsí ábhartha eile lena mbaineann a chomhroinnt léi; agus

(b) 

a bheith rannpháirteach, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, i ngrúpa imscrúdúcháin a bhunaítear de bhun Airteagal 16(4), pointe (c).

Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas faoi bhunú an ghrúpa imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do cheann de na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann, féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach, mar bhreathnóir, sa ghrúpa imscrúdúcháin sin.

5.  

Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go ndéanfar na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 3 agus 5 a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tá nó bhí gníomhaíochtaí á ndéanamh ar tháirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad;

(b) 

ní dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta inniúil, gan dochar do na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 16(5), na bearta is gá a luaithe is féidir chun an iarraidh ón nGníomhaireacht de bhun Airteagal 16(4), pointe (b), a chomhlíonadh, i gcás inarb ann do thionchar trasteorann;

(c) 

gan dochar do mhír 4, iarrann an t-údarás rialála náisiúnta ar an nGníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu, fiú mura dtagann siad faoi raon feidhme phointe (a) nó (b) den mhír seo.

6.  
Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 i gcás inar dócha go ndéanfaidh an fhaisnéis cos istigh ábhartha difear suntasach do phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad.
7.  

Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 8 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

déanann sárú amhrasta difear don fhaireachán, dá dtagraítear in Airteagal 7, a dhéanann an Ghníomhaireacht ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh in dhá Bhallstát ar a laghad; nó

(b) 

déanann sárú amhrasta difear do cháilíocht na comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 10 in dhá Bhallstát ar a laghad.

8.  
Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 15 i gcás ina bhfuil idirbhearta á socrú nó á bhforghníomhú go gairmiúil ag na daoine dá dtagraítear san Airteagal sin maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad.
9.  
Agus a cumhachtaí á bhfeidhmiú aici de bhun mhíreanna 5 go 8, féadfaidh an Ghníomhaireacht tosaíocht a thabhairt do na cásanna ag a bhfuil an tionchar trasteorann is suntasaí. Chun na críche sin, bunóidh an Ghníomhaireacht na critéir chun na cásanna ag a bhfuil an tionchar trasteorann is suntasaí a shainaithint, tar éis di dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta agus i gcomhar leo.
10.  
Chun a shuíomh an bhfuil na coinníollacha maidir le feidhmiú chumhachtaí na Gníomhaireachta a leagtar amach i mír 5, pointí (a) agus (b), agus míreanna 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh, measfar gur seachadadh in aon Bhallstát amháin seachadadh táirgí mórdhíola fuinnimh laistigh de chrios tairisceana nó laistigh de chrios cothromúcháin a chuimsíonn críoch dhá Bhallstát ar a laghad.

Ní dochar an mhír seo don fhéidearthacht atá ag údarás rialála náisiúnta lena mbaineann iarraidh a thíolacadh de bhun mhír 5, pointe (c), nó agóid a dhéanamh de bhun mhír 4.

11.  
Tar éis don Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí a rinne sí chun a cumhachtaí a fheidhmiú de bhun mhíreanna 5 go 8 a thabhairt chun críche, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil imscrúdúcháin a tharraingt suas ina leagtar amach na torthaí ón nGníomhaireacht. Áireofar sa tuarascáil imscrúdúcháin freisin an fhianaise uile ar ar bunaíodh na torthaí. Má mheasann an Ghníomhaireacht sa tuarascáil imscrúdúcháin gur sáraíodh an Rialachán seo, cuirfidh sí údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir agus éileoidh sí go ndéanfaidh siad na bearta is gá, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18. Sa tuarascáil imscrúdúcháin, féadfaidh an Ghníomhaireacht freisin bearta leantacha áirithe a mholadh do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, agus, i gcás inar gá, an Coimisiún a chur ar an eolas. Laistigh de 3 mhí tar éis an tuarascáil imscrúdúcháin a fháil, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha in iúl don Ghníomhaireacht agus, i gcás inar gá, don Choimisiún cé na bearta a mheasann siad is gá a dhéanamh.
12.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar bhonn tráthrialta agus i gcás ar bith uair sa bhliain ar a laghad, achoimrí de na tuarascálacha atá tarraingthe suas aici, i bhfoirm chomhiomlánaithe agus anaithnidithe, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déileálfar le achoimrí den sórt sin agus lena n-inneachar mar achoimrí rúnda.

Airteagal 13a

Cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Ghníomhaireacht

1.  
Ullmhóidh agus déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair i ndlúthchomhar agus i gcomhordú le húdaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.
2.  
Chun a hoibleagáidí mar a leagtar síos in Airteagal 13(5) go (8) a chomhlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht gach cigireacht ar an láthair is gá a dhéanamh ar áitreabh na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithe ina bhféadfaí taifid ghnó a bheith á gcoinneáil. I gcás inar gá ar mhaithe leis an gcigireacht ar an láthair a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil, féadfaidh an Ghníomhaireacht an chigireacht sin a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe.
3.  

A mhéid is gá le haghaidh na cigireachta ar an láthair, tabharfar de chumhacht d’oifigigh na Gníomhaireachta agus do dhaoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun an chigireacht sin a dhéanamh, maidir leis na daoine atá faoi réir cinneadh arna ghlacadh ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 6, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

dul isteach in áitreabh ábhartha na ndaoine sin;

(b) 

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann lena ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;

(c) 

cóipeanna de leabhair den sórt sin nó de thaifid den sórt sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;

(d) 

aon áitreabh gnó agus leabhair nó taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;

(e) 

a iarraidh ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne de chuid na ndaoine sin mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta ar an láthair agus na freagraí a thaifeadadh.

Cé is moite de chásanna cuí-réasúnaithe, ní ghreamófar na séalaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), ar feadh tréimhse is faide ná 72 uair an chloig.

4.  
Má tá drochamhras réasúnach ann go bhfuil taifid ghnó a bhaineann le hábhar cigireachta ar an láthair, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú, á gcoinneáil in áitreabh príobháideach stiúrthóirí, bainisteoirí nó ball foirne eile de chuid gnólachtaí lena mbaineann imscrúdú, féadfaidh an Ghníomhaireacht, trí chinneadh, cigireacht ar an láthair a dhéanamh in áitreabh príobháideach den sórt sin. I gcásanna den sórt sin, luafar freisin sa chinneadh dá dtagraítear i mír 6 na cúiseanna a thug ar an nGníomhaireacht teacht ar an tátal go bhfuil drochamhras réasúnach ann.
5.  
Oifigigh na Gníomhaireachta agus daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh, déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta ar an láthair.
6.  
Na daoine atá faoi réir imscrúdaithe, géillfidh siad do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht. Sa chinneadh, sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta ar an láthair agus léireofar an dáta a mbeidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 13g i gcás nach ngéilleann an duine lena mbaineann don chigireacht ar an láthair i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht ar an láthair le déanamh sula nglacfar cinneadh den sórt sin.
7.  
Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, déanfaidh oifigigh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh na Gníomhaireachta agus do dhaoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach san Airteagal seo acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis rialála náisiúnta bheith i láthair ag an gcigireacht ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.
8.  
I gcás ina bhfaigheann oifigigh na Gníomhaireachta agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht ar an láthair a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, soláthróidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh, nó d’údaráis rialála náisiúnta ábhartha eile, agus iarrfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh siad in ann a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
9.  
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 8, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, déanfaidh an Ghníomhaireacht iarratas ar údarú den sórt sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarratas a dhéanamh ar údarú den sórt sin freisin mar bheart réamhchúraim. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, ní dhéanfar cigireacht ar an láthair gan údarú a fháil roimh ré ó údarás breithiúnach náisiúnta.
10.  

I gcás ina ndéanann an Ghníomhaireacht iarratas ar údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an méid seo a leanas:

(a) 

tá an cinneadh ón nGníomhaireacht barántúil; agus

(b) 

tá aon bheart atá le déanamh comhréireach agus níl sé treallach ná iomarcach i bhfianaise ábhar na cigireachta ar an láthair.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b),den mhír seo, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an nGníomhaireacht mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an nGníomhaireacht chun drochamhras a bheith uirthi go ndearnadh sárú dá dtagraítear in Airteagal 13(3), maidir le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus maidir le cineál rannpháirtíocht an duine atá faoi réir an imscrúdaithe. De mhaolú ar Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942, ní bheidh an cinneadh ón nGníomhaireacht faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 13b

Iarraidh ar fhaisnéis

1.  

Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, soláthróidh aon duine di an fhaisnéis is gá chun oibleagáidí na Gníomhaireachta a leagtar síos in Airteagal 13(5) go(8) a chomhlíonadh. San iarraidh uaithi, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

tagairt a dhéanamh don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;

(b) 

cuspóir na hiarrata a lua;

(c) 

sonrú a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a éilítear, agus an fhormáid sonraí atá le húsáid;

(d) 

teorainn ama a shocrú a bheidh comhréireach leis an iarraidh, ar lena linn atá an fhaisnéis le soláthar;

(e) 

a chur in iúl don duine nach bhfuil an freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis le bheith mícheart ná míthreorach.

2.  
Chun críche iarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh an chumhacht ag an nGníomhaireacht cinntí a ghlacadh freisin. I gcinneadh den sórt sin, léireoidh an Ghníomhaireacht, de bhreis ar na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, oibleagáid an duine freagra a thabhairt ar an iarraidh, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 13g i gcás nach gcomhlíonann an duine lena mbaineann an iarraidh, agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

De mhaolú ar Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942, ní bheidh an cinneadh ón nGníomhaireacht faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais.

3.  
Soláthróidh na daoine a fhaigheann iarraidh ar fhaisnéis de bhun mhír 1 nó 2, nó a n-ionadaithe, an fhaisnéis a iarrtar. Beidh na daoine sin go hiomlán freagrach as a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear iomlán agus ceart agus nach bhfuil sí míthreorach.
4.  
I gcás ina bhfaigheann oifigigh na Gníomhaireachta, agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht, nach gcomhlíonann duine iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, an cúnamh is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht chun comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar síos i mír 3 a áirithiú, lena n-áirítear trí fhíneálacha a fhorchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
5.  
I gcás ina bhfaigheann oifigigh na Gníomhaireachta, agus daoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht, go ndiúltaíonn duine an fhaisnéis a iarradh a sholáthar, féadfaidh an Ghníomhaireacht teacht ar chonclúidí ar bhonn na faisnéise atá ar fáil.
6.  
Seolfaidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill, cóip den iarraidh dá dtagraítear i mír 1 nó den chinneadh dá dtagraítear i mír 2 chuig údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 13c

An chumhacht chun ráitis a ghlacadh

1.  
Chun na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagal 13(5) go (8) a chomhlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht agallamh a chur ar aon duine a thoilíonn le dul faoi agallamh, agus ráitis a ghlacadh uathu, chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe uaidh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht na freagraí a thaifeadadh.
2.  
I gcás ina ndéantar agallamh de bhun mhír 1 in áitreabh an duine lena mbaineann, cuirfidh an Ghníomhaireacht údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ar ar a chríoch a dhéantar an t-agallamh ar an eolas faoi sin. Féadfaidh oifigigh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin cúnamh a thabhairt d’oifigigh na Gníomhaireachta agus do dhaoine arna n-údarú nó arna gceapadh ag an nGníomhaireacht chun an t-agallamh a dhéanamh.

Airteagal 13d

Coimircí nós imeachta

1.  

Déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair, iarrfaidh sí faisnéis agus glacfaidh sí ráitis agus lánurraim á tabhairt do choimircí nós imeachta na ndaoine atá faoi réir imscrúdaithe, lena n-áirítear:

(a) 

an ceart gan ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh;

(b) 

an ceart chun cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin;

(c) 

an ceart chun aon cheann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht ar an láthair a úsáid;

(d) 

an ceart chun barúil a thabhairt ar fhíorais a bhaineann leo sula nglacfar an tuarascáil imscrúdúcháin de bhun Airteagal 13(11,);

(e) 

an ceart chun cóip den taifead den agallamh a fháil agus é a fhormheas nó barúlacha a chur leis.

Beidh achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an duine i dtrácht san áireamh sa chuireadh chun barúil a thabhairt ar fhíorais de bhun an chirt dá dtagraítear i bpointe (d) agus léireofar sa chuireadh sin teorainn ama leordhóthanach chun barúlacha a thíolacadh. I gcásanna cuí-réasúnaithe inar gá rúndacht na cigireachta ar an láthair nó imscrúdaithe riaracháin nó choiriúil atá ar siúl nó a bheidh ar siúl amach anseo arna dhéanamh ag údarás náisiúnta a chaomhnú, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh an cuireadh chun barúil a thabhairt a chur siar.

2.  
Lorgóidh an Ghníomhaireacht fianaise ar son agus i gcoinne na ndaoine atá faoi réir imscrúdaithe, agus déanfaidh sí cigireachtaí ar an láthair, iarrfaidh sí faisnéis agus glacfaidh sí ráitis go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus i gcomhréir le prionsabal thoimhde na neamhchiontachta.
3.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí ar an láthair, iarrfaidh sí faisnéis agus glacfaidh sí ráitis agus lánurraim á tabhairt don rúndacht is infheidhme agus do rialacha cosanta sonraí an Aontais.
4.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2019/942 maidir le cinntí ón nGníomhaireacht arna nglacadh de bhun Airteagal 13a(6) nó Airteagal 13b(2).

Airteagal 13e

Cúnamh frithpháirteach

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagail 13 go 13c, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus an Ghníomhaireacht cúnamh dá chéile le linn imscrúdú.

Airteagal 13f

An t-oifigeach imscrúdúcháin

1.  
Chun a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(5) go (8) a chomhlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás ina measann sí gurb iomchuí sin chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an imscrúdaithe a áirithiú agus na hacmhainní inmheánacha atá ar fáil di á gcur san áireamh, oifigeach tiomnaithe imscrúdúcháin a cheapadh laistigh den Ghníomhaireacht chun an t-imscrúdú a stiúradh.
2.  
Chun a chúraimí nó a cúraimí a dhéanamh, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na cumhachtaí atá ar fáil don Ghníomhaireacht a fheidhmiú, lena n-áirítear na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagail 13a, 13b agus 13c, agus na coimircí nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 13d á n-urramú. Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna mbailiú ag an nGníomhaireacht agus a gníomhaíochtaí maoirseachta á ndéanamh aici atá ábhartha chun an t-imscrúdú a dhéanamh.

Airteagal 13g

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin cinnidh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur i leith duine atá faoi réir imscrúdaithe chun iallach a chur ar an duine sin:

(a) 

géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 13a(6);

(b) 

an fhaisnéis a iarrtar le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 13b(2) a sholáthar.

2.  
Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an duine lena mbaineann na cinntí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 13a(6) nó Airteagal 13b(2) a chomhlíonadh.
3.  
Beidh íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla éifeachtach comhréireach. Chuige sin, i gcás daoine dlítheanacha, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
4.  
Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí ón bhfógra faoin gcinneadh ón nGníomhaireacht.
5.  
De mhaolú ar Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942, ní bheidh an cinneadh ón nGníomhaireacht faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 13h

Coimircí nós imeachta i ndáil le cinntí maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  
D’ainneoin Airteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2019/942, sula ndéanfaidh sí aon chinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil faoi Airteagal 13g den Rialachán seo, tabharfaidh an Ghníomhaireacht deis do na daoine a bhfuil sé ar intinn aici cinneadh den sórt sin a dhíriú chucu éisteacht a fháil maidir leis na torthaí ón nGníomhaireacht. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine lena mbaineann a mbarúil a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh an Ghníomhaireacht a cinntí.
2.  
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn an imscrúdaithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar na doiciméid sin i gcomhad na Gníomhaireachta atá ábhartha don chinneadh ón nGníomhaireacht an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, faoi réir leas dlisteanach daoine eile agus a rúin ghnó á gcosaint acu. Ní chuimseofar faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid na Gníomhaireachta sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 13i

Cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.  
Is de chineál riaracháin a bheidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur de bhun Airteagal 13g.
2.  
Beidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur de bhun Airteagal 13g in-fhorfheidhmithe.

Rialófar an forfheidhmiú leis na rialacha náisiúnta nós imeachta is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann.

Beidh an t-ordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh ón nGníomhaireacht, gan d’fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a ainmneoidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Ghníomhaireacht agus don Chúirt Bhreithiúnais.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí dá dtagraítear sa tríú fomhír curtha i gcrích ag an údarás náisiúnta ainmnithe, ar iarratas ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis náisiúnta ainmnithe.

Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna na mBallstát lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

3.  
Déanfar méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 13j

Athbhreithniú arna dhéanamh ag an gCúirt Bhreithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón nGníomhaireacht lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.

▼B

Airteagal 14

Ceart achomhairc

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí oiriúnacha ar marthain, ar an leibhéal náisiúnta, ar sásraí iad faoina mbeidh ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid an údaráis rialála difear dó chun achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.

▼M1

Airteagal 15

Oibleagáidí ar dhaoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil

1.  
Aon duine a shocraíonn idirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh go gairmiúil ar a bhfuil drochamhras réasúnach go bhféadfadh ordú chun trádáil a dhéanamh nó idirbheart, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú air, cibé acu a chuirtear ar ionad margaidh eagraithe é nó lasmuigh de, Airteagal 3, 4 nó 5 a shárú, tabharfaidh an duine sin fógra faoi sin don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha gan a thuilleadh moille agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón lá a thagann an duine sin ar an eolas faoin teagmhas amhrasach.
2.  
Aon duine a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus a fhorghníomhaíonn freisin idirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh nach ionstraimí airgeadais iad, agus ar a bhfuil drochamhras réasúnach go bhféadfadh ordú chun trádáil a dhéanamh nó idirbheart, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú air, cibé acu a chuirtear ar ionad margaidh eagraithe é nó lasmuigh de, Airteagal 3, 4 nó 5 den Rialachán seo a shárú, tabharfaidh an duine sin fógra faoi sin don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha gan a thuilleadh moille agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón lá a thagann an duine sin ar an eolas faoin teagmhas amhrasach.
3.  

Déanfaidh na daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 socruithe, córais agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú agus a choinneáil ar bun chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

sáruithe féideartha ar Airteagal 3, 4 nó 5 a shainaithint;

(b) 

a ráthú nach mbeidh aon choinbhleacht leasa i gceist lena bhfostaithe a dhéanann gníomhaíochtaí faireachais chun críoch an Airteagail seo agus go ngníomhóidh siad ar bhealach neamhspleách;

(c) 

orduithe agus idirbhearta amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú.

4.  
Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh daoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil faoi réir rialacha fógartha na mBallstát ina bhfuil an rannpháirtí margaidh ag a bhfuil baint leis an sárú féideartha cláraithe agus ina seachadtar an táirge mórdhíola fuinnimh. Díreofar fógra den sórt sin chuig údaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin.
5.  

Faoin 8 Bealtaine 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta, tuarascáil a eisiúint agus a phoibliú ina mbeidh faisnéis chomhiomlánaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, cé is moite d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na socruithe, na córais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus a n-éifeachtacht;

(b) 

an anailís a dhéanann na húdaráis rialála náisiúnta ar idirbhearta amhrasacha, freagairt na n-údarás rialála náisiúnta ar thuairisciú ar dhroch-cháilíocht agus ar chásanna nach ndearnadh tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha agus gníomhaíochtaí gaolmhara na n-údarás rialála náisiúnta a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú agus pionóis.

▼B

Airteagal 16

Comhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta

1.  
Beidh sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht a áirithiú go ndéanfaidh údaráis rialála náisiúnta a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích ar bhealach comhordaithe agus comhsheasmhach.

▼M1

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, de réir mar is iomchuí, treoir neamhcheangailteach a fhoilsiú maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cur i bhfeidhm na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, lena n-áirítear maidir le liosta neamh-uileghabhálach a bhunú de na céimeanna idirmheánacha ábhartha i bpróiseas fadtréimhseach sna cásanna sin ina gcomhlíonann an fhaisnéis, aisti féin, na critéir a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (1); agus

(b) 

táscairí agus samplaí neamh-uileghabhálacha d’iompraíocht mhargaidh a bhaineann le cúbláil margaidh, chomh maith le trádáil cos istigh dá dtagraítear in Airteagal 3.

▼B

Comhoibreoidh údaráis rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht agus lena chéile, lena n-áirítear ar leibhéal réigiúnach, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

▼M1

Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, údaráis iomaíochta náisiúnta agus údaráis chánach náisiúnta cineálacha iomchuí comhair a bhunú chun imscrúdú agus forfheidhmiú tráthúil éifeachtach éifeachtúil a áirithiú agus chun rannchuidiú le cur chuige comhleanúnach comhsheasmhach i leith imscrúdaithe, i leith imeachtaí breithiúnacha agus i leith fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus an dlí ábhartha airgeadais agus iomaíochta.

▼B

2.  
Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill sa tslí is sonraí agus is féidir i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí lena sáraítear an Rialachán seo á ndéanamh nó déanta sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile.

I gcás ina bhfuil drochamhras ar údarás rialála náisiúnta go bhfuil gníomhartha lena ndéantar difear do mhargaí mórdhíola fuinnimh nó do phraghas táirgí mórdhíola fuinnimh sa Bhallstát sin á ndéanamh i mBallstát eile, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus, má dhéanann na gníomhartha difear d'ionstraimí airgeadais atá faoi réir ►M1  Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ , i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

▼M1

Sula nglacfaidh siad cinneadh lena bhfaightear gur sáraíodh an Rialachán seo, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas agus achoimre ar an gcás agus ar an gcinneadh atá beartaithe a sholáthar di i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann. Tar éis dó cinneadh a ghlacadh lena bhfaightear gur sáraíodh an Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás rialála náisiúnta an cinneadh sin don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear faisnéis maidir le dáta a ghlactha, ainm na ndaoine atá faoi réir pionós, an tAirteagal den Rialachán seo a sáraíodh agus an pionós a forchuireadh An tráth céanna, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta in iúl don Ghníomhaireacht cén fhaisnéis atá nochta aige don phobal dá dtagraítear in Airteagal 18(6), agus cuirfidh sé an Ghníomhaireacht ar an eolas go pras faoi aon athruithe a dhéantar ar faisnéis den sórt sin ina dhiaidh sin. Coinneoidh an Ghníomhaireacht liosta poiblí ar bun d’fhaisnéis atá nochta ag na húdaráis rialála náisiúnta don phobal dá dtagraítear in Airteagal 18(6).

▼B

3.  

Chun cur chuige comhordaithe agus comhsheasmhach a áirithiú i dtaca le droch-úsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh:

▼M1

(a) 

déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascálacha ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar an Rialachán seo a phróiseáil gan moill mhíchuí agus, más féidir, laistigh de bhliain amháin tar éis na tuarascálacha sin a fháil, agus, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh, nó déanta, ar mhargaí mórdhíola fuinnimh, arb ionann iad agus drochúsáid margaidh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 596/20142014 agus a dhéanann difear d’ionstraimí airgeadais atá faoi réir Airteagal 2 den Rialachán sin, cuirfidh siad údarás airgeadais inniúil a mBallstáit agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi sin; chun na gcríoch sin, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta cineálacha iomchuí comhair a bhunú leis an údarás airgeadais inniúil ina mBallstát;

▼B

(b) 

cuirfidh an Ghníomhaireacht ÚEUM agus an t-údarás airgeadais inniúil iomchuí ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha aici chun droch-amhras a bheith uirthi go bhfuil gníomhartha á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ar gníomhartha iad atá in ionannas le droch-úsáid mhargaidh de réir bhrí ►M1  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ agus ar gníomhartha iad lena ndéantar difear d'ionstraimí airgeadais a thagann faoi réir ►M1  Airteagal 2 den Rialachán sin ◄ ;

(c) 

cuirfidh údarás airgeadais inniúil Ballstáit ÚEUM agus an Ghníomhaireacht ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha aige chun droch-amhras a bheith air go bhfuil gníomhartha lena sáraítear Airteagal 3 agus Airteagal 5, á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh i mBallstát eile;

(d) 

cuirfidh údaráis rialála náisiúnta údarás náisiúnta iomaíochta a mBallstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha acu chun droch-amhras a bheith orthu go bhfuil gníomhartha ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar dhlí na hiomaíochta á ndéanamh nó déanta ar an margadh mórdhíola fuinnimh;

▼M1

(e) 

cuirfidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis rialála náisiúnta na húdaráis inniúla chánach náisiúnta agus EUROFISC ar an eolas i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh, nó déanta, ar an margadh mórdhíola fuinnimh ar dócha gur calaois chánach iad.

▼B

4.  

Chun a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoi mhír 1, i gcás ina bhfuil droch-amhras ar an nGníomhaireacht, inter alia ar bhonn measúnuithe tosaigh nó anailísí tosaigh, go ndearnadh sárú an Rialachán seo, beidh sé de chumhacht aici:

(a) 

a iarraidh ar údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó aon fhaisnéis a bhaineann leis an sárú a bhfuil droch-amhras ann ina leith a sholáthar;

(b) 

a iarraidh ar údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó tús a chur le himscrúdú faoin sárú a bhfuil droch-amhras ann ina leith, agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun aon sárú a dhéantar a fhionnadh a leigheas. Maidir le haon chinneadh i ndáil leis an ngníomhaíocht iomchuí a bheidh le déanamh chun aon sárú a aimsítear a leigheas, beidh sé mar fhreagracht ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann;

(c) 

i gcás ina measann sí go bhfuil nó go raibh tionchar trasteorann ag an sárú a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh sí grúpa imscrúdúcháin a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis rialála náisiúnta ar cás leo an t-ábhar a bhunú agus a chomhordú chun imscrúdú a dhéanamh i dtaobh ar sáraíodh an Rialachán seo agus cén Ballstát inar tharla an sárú. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh freisin go mbeidh ionadaithe ó údarás airgeadais inniúil nó ó údarás ábhartha eile as Ballstát amháin nó níos mó rannpháirteach sa ghrúpa imscrúdúcháin.

5.  
Mura rud é go bhfuil feidhm ag ceann de na díolúintí atá leagtha amach thíos, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta a fhaigheann iarraidh ar fhaisnéis faoi phointe (a) de mhír 4, nó a fhaigheann iarraidh chun tús a chur le himscrúdú maidir le sárú a bhfuil droch-amhras ann ina leith faoi phointe (b) de mhír 4, na bearta is gá a dhéanamh láithreach chun an iarraidh sin a chomhlíonadh. Mura bhfuil an t-údarás rialála náisiúnta in ann an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar láithreach, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht gan a thuilleadh moille maidir leis na cúiseanna atá leis sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údarás rialála náisiúnta diúltú gníomhú de bhun iarrata, más rud é:

(a) 

go bhféadfadh comhlíonadh difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht nó do shlándáil an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige;

(b) 

go ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna os comhair údaráis an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige; nó

(c) 

gur tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i ndáil leis na daoine sin i dtaca leis na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.

In aon chás den sórt sin, tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta sin fógra don Ghníomhaireacht dá réir agus soláthróidh sé faisnéis atá chomh mionsonraithe agus is féidir i dtaobh na n-imeachtaí sin nó an bhreithiúnais sin.

Beidh údaráis rialála náisiúnta rannpháirteach i ngrúpa imscrúdúcháin arna thionól i gcomhréir le pointe (c) de mhír 4, agus soláthróidh siad gach cúnamh is gá. Beidh an grúpa imscrúdúcháin faoi réir a chomhordaithe ag an nGníomhaireacht.

6.  
Ní bheidh feidhm ag an abairt deiridh d' ►M1  Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2019/942 ◄ maidir leis an nGníomhaireacht nuair atá a cúraimí á gcur i gcrích aici faoin Rialachán seo.

▼M1

Airteagal 16a

Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean

1.  
Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, le toiliú an toscaire, cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig an nGníomhaireacht nó chuig údarás rialála náisiúnta eile faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a leagan amach maidir le tarmligean freagrachtaí atá le comhlíonadh sula ndéanfaidh a n-údaráis rialála náisiúnta comhaontuithe tarmligin agus féadfaidh siad raon feidhme an tarmligin a theorannú do na nithe is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh nó ar ghrúpaí.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt d’údaráis rialála náisiúnta trí threoir neamhcheangailteach a eisiúint nó trí dhea-chleachtais a mhalartú maidir le cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean idir údaráis rialála náisiúnta inniúla.

2.  
Is é a leanfaidh as tarmligean na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí go n-ath-leithdháilfear na hinniúlachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo. Is le dlí na mBallstát ina bhfuil an toscaire lonnaithe a rialófar an nós imeachta, an forfheidhmiú agus an t-athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach a bhaineann leis na freagrachtaí tarmligthe.
3.  
Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fógra don Ghníomhaireacht faoi aon chomhaontuithe maidir le tarmligean a bheartaíonn siad a dhéanamh. Déanfaidh siad na comhaontuithe sin mí amháin, ar a luaithe, tar éis dóibh an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas.
4.  
Féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairim ar chomhaontú tarmligin atá beartaithe ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 3 a eisiúint laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra a fháil.
5.  
Chun a áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go hiomchuí, déanfaidh an Ghníomhaireacht aon chomhaontú tarmligin arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis rialála náisiúnta a fhoilsiú trí mheán iomchuí.

Airteagal 16b

Treoirlínte agus moltaí

1.  
D’fhonn cleachtais mhaoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh den Aontas, agus chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar bhealach coiteann, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach, eiseoidh an Ghníomhaireacht treoirlínte agus moltaí a dhíreofar chuig na húdaráis rialála náisiúnta uile nó ar na rannpháirtithe margaidh uile agus eiseoidh sí moltaí chuig údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó nó chuig rannpháirtí margaidh amháin nó níos mó maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 3 go 5a, 8, 9 agus 9a agus Airteagal 10(1).
2.  
Rachaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de thréimhse ama leormhaith agus réalaíoch, i mbun comhairliúcháin phoiblí iomchuí leis na rannpháirtithe margaidh ábhartha maidir leis na treoirlínte agus na moltaí a eisíonn sí agus déanfaidh sí anailís ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le treoirlínte agus moltaí den sórt sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí.
3.  
Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na rannpháirtithe margaidh aird chuí ar na treoirlínte agus na moltaí sin.
4.  
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas ar bhonn tráthrialta faoi chur chun feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí a dhírítear chucu.
5.  
Má cheanglaítear amhlaidh le treoirlíne nó le moladh, tabharfaidh na rannpháirtithe margaidh fógra don Ghníomhaireacht maidir le cur chun feidhme na treoirlíne sonraí nó an mholta shonraigh. Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, tabharfaidh na rannpháirtithe margaidh le fios an bunús atá le fógra den sórt sin ar bhealach soiléir agus mionsonraithe.
6.  
Laistigh de 12 mhí tar éis treoirlínte nó moltaí a eisiúint de bhun mhír 1, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun comhairliúcháin, lena n-áirítear le húdaráis rialála náisiúnta nó rannpháirtithe margaidh, chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus éifeachtacht na dtreoirlínte nó na moltaí sin.
7.  
Cuirfidh an Ghníomhaireacht sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (k), de Rialachán (AE) 2019/942 na treoirlínte agus na moltaí atá eisithe aici.

▼B

Airteagal 17

Rúndacht ghairmiúil

1.  
Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.
2.  

Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil i leith na nithe seo a leanas:

(a) 

daoine atá ag obair nó a d’oibrigh le haghaidh na Gníomhaireachta;

(b) 

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann teagasc ón nGníomhaireacht;

(c) 

daoine atá ag obair nó a d’oibrigh le haghaidh na n-údarás rialála náisiúnta nó le haghaidh údarás ábhartha eile;

(d) 

iniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann teagasc ó údaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis ábhartha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir leis an Rialachán seo.

▼M1

3.  
Ní fhéadfar faisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 2, agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, a nochtadh d’aon duine eile ná d’aon údarás eile, seachas i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán nach féidir rannpháirtí margaidh aonair a shainaithint inti, gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, le forálacha eile an Rialacháin seo nó le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais.

▼B

4.  
Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, ÚEUM, na comhlachtaí nó na daoine a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin le linn a ndualgas a chomhlíonadh agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Féadfaidh údaráis, comhlachtaí nó daoine eile an fhaisnéis sin a úsáid chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin. Féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críoch eile, ar choinníoll go dtoilíonn an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta, údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, ÚEUM, comhlachtaí, nó daoine a dhéanann faisnéis a chur in iúl, leis an méid sin a dhéanamh.
5.  
Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar údarás i mBallstát faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar choinníoll nach bhfuarthas í ó údarás de chuid Bhallstáit eile nó ón nGníomhaireacht faoin Rialachán seo.

▼M1

Airteagal 18

Pionóis

1.  
Déanfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, lena léirítear cineál, fad agus tromchúis an tsáraithe, an damáiste a rinneadh do thomhaltóirí agus na gnóthachain ionchasacha ó thrádáil ar bhonn faisnéis cos istigh agus ar bhonn cúbláil margaidh.

Gan dochar d’aon phionós coiriúil agus gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás rialála náisiúnta faoi Airteagal 13, déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta fíneálacha riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a ghlacadh i ndáil leis na sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

Tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht faoi na forálacha sin, agus tabharfaidh siad fógra dóibh gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear do na forálacha sin.

2.  
I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit d’fhíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an nós imeacht fíneála a thionscnamh agus go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla an fhíneáil a fhorchur, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a fhorchuireann na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a fhorchuirtear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 8 Bealtaine 2026 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.
3.  

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus faoi réir an phrionsabail ne bis in idem, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta na fíneálacha riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir le sáruithe ar an Rialachán seo:

(a) 

a cheangal go gcuirfí deireadh leis an sárú;

(b) 

aisíoc na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar na sáruithe a ordú, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

(c) 

foláirimh phoiblí nó fógraí poiblí a eisiúint;

(d) 

íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur;

(e) 

fíneálacha riaracháin a fhorchur.

4.  

Maidir le daoine nádúrtha, is mar a leanas a bheidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i mír 3, pointe (e):

(a) 

ar a laghad EUR 5 000 000 i gcás sáruithe ar Airteagail 3 agus 5;

(b) 

ar a laghad EUR 1 000 000 i gcás sáruithe ar Airteagail 4 agus 15;

(c) 

ar a laghad EUR 500 000 i gcás sáruithe ar Airteagail 8 agus 9.

D’ainneoin mhír 3, pointe (e), ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % d’ioncam bliantúil an duine nádúrtha lena mbaineann sa bhliain féilire roimhe sin. I gcás inar bhain an duine nádúrtha lena mbaineann tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála riaracháin cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

5.  

Maidir le daoine dlítheanacha, is mar a leanas a bheidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i mír 3, pointe (e):

(a) 

ar laghad 15 % den láimhdeachas bliantúil iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin i gcás sáruithe ar Airteagail 3 agus 5;

(b) 

ar a laghad 2 % den láimhdeachas bliantúil iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin i gcás sáruithe ar Airteagail 4 agus 15;

(c) 

ar a laghad 1 % den láimhdeachas bliantúil iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin i gcás sáruithe ar Airteagail 8 agus 9.

D’ainneoin mhír 3, pointe (e), ní rachaidh méid na fíneála riaracháin thar 20 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. I gcás inar bhain an duine dlítheanach lena mbaineann tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála riaracháin cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta bearta nó pionóis a fhorchuirtear mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo a nochtadh don phobal, mura rud é go mbeadh an nochtadh sin ina chúis le damáiste míréireach do na páirtithe atá i gceist.
7.  

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu faoi chineál agus leibhéal na bhfíneálacha riaracháin agus na mbeart riaracháin eile, go gcuirfidh údaráis rialála náisiúnta gach cúinse ábhartha san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí:

(a) 

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b) 

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c) 

láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú, mar shampla, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha;

(d) 

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e) 

leibhéal comhoibrithe an duine atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin a áirithiú;

(f) 

sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(g) 

bearta a dhéanann an duine atá freagrach as an sárú chun a áirithiú nach dtarlóidh an sárú sin arís; agus

(h) 

dúbailt imeachtaí coiriúla agus riaracháin agus fíneálacha i leith an tsáraithe chéanna i gcoinne an duine atá freagrach as an sárú.

8.  
I bhfeidhmiú a gcumhachtaí fíneálacha riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, oibreoidh na húdaráis rialála náisiúnta i ndlúthchomhar chun a áirithiú go mbeidh feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin, agus na fíneálacha riaracháin a fhorchuireann siad agus na bearta riaracháin eile a dhéanann siad, éifeachtach agus iomchuí faoin Rialachán seo. Comhordóidh siad a ngníomhaíochtaí, i gcomhréir le hAirteagal 16(2), chun dúbailt agus forluí a sheachaint nuair a bhíonn a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin á bhfeidhmiú acu agus nuair a bhíonn fíneálacha riaracháin á bhforchur acu i leith cásanna trasteorann.
9.  
Faoin 8 Bealtaine 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéantar measúnú an ndéantar foráil maidir le pionóis as sáruithe ar an Rialachán seo agus an gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad ar fud na mBallstát.

Airteagal 19

Caidreamh idirnáisiúnta

A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí faoi seach na mBallstát agus institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, féadfaidh an Ghníomhaireacht teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na córais riaracháin de chuid tríú tíortha, go háirithe iad sin a bhfuil tionchar acu ar mhargadh mórdhíola fuinnimh an Aontais, chun comhchuibhiú an chreata rialála a chur chun cinn. Leis na socruithe sin, ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfear ar na Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis mhaoirseachta sin, leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin agus leis na córais riaracháin de chuid tríú tíortha. Féadfaidh baint a bheith ag na socruithe sin le gnéithe leasa choitinn, amhail modheolaíochtaí chun sonraí a bhailiú, anailís agus measúnú a dhéanamh ar shonraí nó ar fhaisnéis eile, agus réimsí eile saineolais.

▼B

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

▼M1

2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointí (a) agus (b), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 28 Nollaig 2011. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4a(8), Airteagal 6(1), pointe (c), agus Airteagal 9a(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Bealtaine 2024.

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta.

Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4a(8), Airteagal 6(1), agus Airteagal 9a(6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

▼B

4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

▼M1

5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4a(8), Airteagal 6(1) nó Airteagal 9a(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 21

An nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼M1

Airteagal 21a

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.  
Faoin 1 Meitheamh 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann lena thionchar ar iompraíocht an mhargaidh, ar rannpháirtithe margaidh, ar leachtacht, ar cheanglais tuairiscithe, lena n-áirítear ar shonraí margaidh GNL, agus ar leibhéal an ualaigh riaracháin ar rannpháirtithe margaidh, lena n-áirítear na bacainní ar iontráil a d’fhéadfadh a bheith ann do rannpháirtithe nua margaidh, mar aon le feidhmíocht na Gníomhaireachta i ndáil lena cuspóirí, a sainordú agus a cúraimí. Ar bhonn na measúnuithe sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í gan moill mhíchuí. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis na tuarascálacha sin, i gcás inarb iomchuí.
2.  
Faoin 1 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht na bpionós coiriúil arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit i leith cásanna intinneacha agus tromchúiseacha de dhrochúsáid margaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh an Aontais agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfar bearta iomchuí a mholadh sa tuarascáil, agus féadfar tíolacadh togra reachtaigh a áireamh ar na bearta sin.

▼B

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag mír 1, ag an gcéad fhomhír de mhír 3, ag mír 4 agus ag mír 5 d’Airteagal 8 le héifeacht ó shé mhí tar éis an dáta a nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 6 den Airteagal sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Measann an Coimisiún nach bhféadfar na tairseacha do thuairisciú na n-idirbheart mar a shainmhínítear iad in Airteagal 8(2)(a) agus na tairseacha do thuairisciú faisnéise mar a shainmhínítear iad in Airteagal 8(6)(a) a shocrú ach amháin le gníomhartha cur chun feidhme.

I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach síos lena socrófar na tairseacha sin.




RÁITEAS ÓN gCOMHAIRLE

Thug reachtóir an AE cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE maidir le bearta dá bhforáiltear in Airteagal 8. Tá an méid sin ceangailteach ó thaobh an dlí de i gcás an Choimisiúin in ainneoin an dearbhú a rinne sé i ndáil le hAirteagal 8(2)(a) agus 8(6)(a).



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid margaidh (an rialachán maidir le drochúsáid margaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

( 4 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( 5 ) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

( 6 )  IO L 211, 14.8.2009, lch. 55.

( 7 )  IO L 211, 14.8.2009, lch. 94.

( 8 )  IO L 193, 18.7.1983, lch. 1.

( 9 ) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

( 10 ) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

( 11 )  IO L 345, 23.12.2008, lch. 75.

( 12 )  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

( 13 )  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.