2011R0492 — GA — 12.05.2016 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 492/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (téacs códaithe) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 141 27.5.2011, lch. 1) |
Arna leasú:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2016/589 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Aibreán 2016 |
L 107 |
1 |
22.4.2016 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 492/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 5 Aibreán 2011
maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas
(téacs códaithe)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
AN FHOSTAÍOCHT, AN CHÓIR CHOMHIONANN AGUS TEAGHLAIGH OIBRITHE
ROINN 1
Gabháil le fostaíocht
Airteagal 1
1. Beidh sé de cheart ag aon náisiúnach de chuid Ballstáit, gan spleáchas dá áit chónaithe, gabháil le gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, agus an ghníomhaíocht sin a shaothrú, laistigh de chríoch Ballstáit eile, i gcomhréir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin.
2. Go háirithe nuair atá sé ar chríoch Ballstáit eile, teachtfaidh sé an tosaíocht chéanna agus a theachtann náisiúnaigh an Stáit sin chun gabháil le fostaíocht atá ar fáil.
Airteagal 2
Féadfaidh aon náisiúnach de chuid Ballstáit agus aon fhostóir atá ag saothrú gníomhaíochta ar chríoch Ballstáit a n-iarratais ar fhostaíocht agus a dtairiscintí ar fhostaíocht a mhalartú, agus féadfaidh siad conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá i bhfeidhm, gan aon idirdhealú a bheith ann mar thoradh ar an méid sin.
Airteagal 3
1. Faoin Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin ná ag na cleachtais riaracháin de chuid Ballstáit:
(a) i gcás ina gcuirtear teorainn leo ar iarratais ar fhostaíocht nó ar thairiscintí ar fhostaíocht nó ar eachtrannaigh do ghabháil le fostaíocht agus fostaíocht a shaothrú, nó ina gcuirtear an méid sin faoi réir coinníollacha leo maidir le heachtrannaigh ar coinníollacha iad nach bhforáiltear dóibh maidir lena náisiúnaigh féin; nó
(b) i gcás inarb é is aidhm eisiach nó is príomhaidhm dóibh nó is éifeacht eisiach nó is príomhéifeacht dóibh ná náisiúnaigh ó Bhallstáit eile a eisiamh ón bhfostaíocht atá á tairiscint, cé go bhfuil siad infheidhme gan spleáchas do náisiúntacht.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na coinníollacha a bhaineann le heolas teanga a bhfuil gá leo de bharr chineál na fostaíochta atá le líonadh.
2. Áireofar le forálacha nó le cleachtais dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, na forálacha nó na cleachtais seo a leanas i mBallstát, go háirithe:
(a) forálacha nó cleachtais lena bhforordaítear nós imeachta ar leith earcaíochta fórsa saothair d’eachtrannaigh;
(b) forálacha nó cleachtais lena ndéantar fógairt tairiscint fostaíochta sa phreas nó in aon mheáin eile a theorannú nó lena ndéantar fógairt den sórt sin a chur faoi réir coinníollacha seachas na coinníollacha sin atá infheidhme maidir le fostóirí atá ag saothrú a ngníomhaíochtaí ar chríoch an Bhallstáit sin;
(c) forálacha nó cleachtais lena ndéantar gabháil le fostaíocht a chur faoi réir coinníollacha clárúcháin in oifigí fostaíochta nó lena gcuirtear bac ar earcaíocht oibrithe aonair, i gcás ina bhfuil daoine nach bhfuil cónaí orthu ar chríoch an Stáit sin i gceist.
Airteagal 4
1. Ní bheidh feidhm ag forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin na mBallstát maidir le náisiúnaigh na mBallstát eile, ar forálacha iad lena gcuirtear teorainn, de réir lín nó céatadáin, ar eachtrannaigh a fhostú in aon ghnóthas, in aon bhrainse gníomhaíochta nó in aon réigiún, nó ar an leibhéal náisiúnta.
2. Más rud é, in aon Bhallstát, go ndéantar deonú aon sochair a thugtar do ghnóthais a chur faoi réir céatadán íosta d’oibrithe náisiúnta a bheith fostaithe, déanfar náisiúnaigh ó na Ballstáit eile a chomhaireamh mar oibrithe náisiúnta, ach sin faoi réir Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla ( 5 ).
Airteagal 5
Gheobhaidh aon náisiúnach de chuid Ballstáit atá ar thóir oibre ar chríoch Ballstáit eile an cúnamh céanna ansin is a thugtar sna hoifigí fostaíochta sa Stát sin dá náisiúnaigh féin agus iad ar thóir fostaíochta.
Airteagal 6
1. Ní bheidh fostú ná earcú náisiúnach de chuid Ballstáit le haghaidh poist i mBallstát eile ag brath ar chritéir leighis, ar chritéir ghairme ná ar chritéir eile atá idirdhealaitheach de bhíthin a náisiúntachta i gcomparáid leis na critéir a chuirtear i bhfeidhm i leith náisiúnach de chuid an Bhallstáit eile ar mian leo an ghníomhaíocht chéanna a shaothrú.
2. Aon náisiúnach a bhfuil tairiscint ina ainm faighte aige ó fhostóir i mBallstát seachas an Ballstát sin dar náisiúnach é, féadfaidh sé go mbeidh ar an náisiúnach sin triail ghairme a dhéanamh, má iarrann an fostóir amhlaidh go sainráite le linn dó an tairiscint ar fhostaíocht a thabhairt.
ROINN 2
Fostaíocht a shaothrú agus an chóir chomhionann
Airteagal 7
1. Maidir le hoibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é, ní fhéadfar, ar chríoch na mBallstát eile, cóir atá éagsúil leis an gcóir a chuirtear ar oibrithe náisiúnta a chur air mar gheall ar a náisiúntacht maidir le haon choinníollacha fostaíochta agus oibre, go háirithe maidir le luach saothair, le cur as fostaíocht, agus i gcás ina dtiocfadh sé chun bheith dífhostaithe, maidir le haischur i bhfostaíocht nó maidir le hathfhostú.
2. Teachtfaidh sé na buntáistí céanna sóisialta agus cánach agus a theachtann oibrithe náisiúnta.
3. De bhua an chirt chéanna agus faoi na coinníollacha céanna is atá ag oibrithe náisiúnta, teachtfaidh sé oiliúint i ngairmscoileanna agus in ionaid athoiliúna nó athoideachais.
4. Maidir le haon chlásal de chuid comhaontaithe chomhchoitinn nó de chuid comhaontaithe aonair nó aon chlásal de chuid aon rialacháin chomhchoitinn eile, ar clásal é a bhaineann le gabháil le fostaíocht, le luach saothair nó le coinníollacha eile oibre nó dífhostaithe, beidh sé ar neamhní a mhéid is a leagtar síos leis nó a údaraítear leis coinníollacha idirdhealaitheacha maidir le hoibrithe ar náisiúnaigh iad de chuid na mBallstát eile.
Airteagal 8
Aon oibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é agus atá fostaithe ar chríoch Ballstáit eile, teachtfaidh sé cóir chomhionann maidir le ballraíocht cheardchumann agus le feidhmiú na gceart a ghabhann leis an mballraíocht sin, lena n-áirítear an ceart chun vótáil agus chun gabháil le poist riaracháin nó bhainistíochta i gceardchumann. Féadfar é a eisiamh ó rannpháirtíocht i mbainistiú comhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí agus ó bheith i seilbh oifige arna rialú leis an dlí poiblí. Ina theannta sin, teachtfaidh sé an ceart chun bheith cáilithe le haghaidh comhlachtaí ionadaíocha oibrithe i ngnóthas.
Ní dhéanfaidh an chéad mhír den Airteagal seo difear do dhlíthe ná do rialacháin i mBallstáit áirithe, ar dlíthe nó rialacháin iad lena dtugtar cearta níos forleithne d’oibrithe a thagann ó Ballstáit eile.
Airteagal 9
1. Aon oibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é agus atá fostaithe ar chríoch Ballstáit eile, teachtfaidh sé na cearta agus na sochair go léir a thugtar d’oibrithe náisiúnta i gcúrsaí tithíochta, lena n-áirítear bheith i dteideal úinéireachta maidir leis an tithíocht a bhfuil gá aige léi.
2. Féadfaidh oibrí dá dtagraítear i mír 1, agus an ceart céanna aige is atá ag náisiúnaigh, a ainm a chur leis na liostaí de dhaoine atá ag lorg tithíochta, sa réigiún ina bhfuil sé fostaithe, sna hionaid ina bhfuil liostaí den sórt sin ann agus teachtfaidh sé na sochair agus na tosaíochtaí atá ann mar thoradh air sin.
Más rud é gur fhan a theaghlach sa tír as ar tháinig sé, measfar chun na críche seo go bhfuil cónaí orthu sa réigiún sin, a mhéid a bhaineann oibrithe náisiúnta tairbhe as toimhde chomhchosúil.
ROINN 3
Teaghlaigh oibrithe
Airteagal 10
Déanfar leanaí le náisiúnach de chuid Ballstáit, ar náisiúnach é atá nó a bhí fostaithe ar chríoch Ballstáit eile, a ligean isteach i gcúrsaí ginearálta oideachais, printíseachta agus gairmoiliúna de chuid an Stáit sin faoi na coinníollacha céanna is atá i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh an Stáit sin, más rud é go bhfuil cónaí ar na leanaí sin ar a chríoch.
Spreagfaidh na Ballstáit gach tionscnamh chun a chumasú do na leanaí sin freastal ar na cúrsaí sin faoi na coinníollacha is fearr is féidir.
CAIBIDIL II
TAIRISCINTÍ FOSTAÍOCHTA AGUS IARRATAIS AR FHOSTAÍOCHT A CHRUINNIÚ LE CHÉILE AGUS A IMRÉITEACH
ROINN 1
Comhar idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún
▼M1 —————
ROINN 2
An sásra imréitigh
Airteagal 13
1. Déanfaidh sainseirbhís gach Ballstáit ar leith na nithe seo a leanas a chur go rialta chuig sainseirbhísí na mBallstát eile agus chuig an Oifig Eorpach um Chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 18:
(a) na tairiscintí fostaíochta a bhféadfadh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile glacadh leo;
(b) na tairiscintí fostaíochta atá dírithe ar thríú tíortha;
(c) na hiarratais ar fhostaíocht ó na daoine sin a bhfuil sé tugtha le fios acu go foirmiúil gur mian leo oibriú i mBallstát eile;
(d) faisnéis, de réir réigiúin agus de réir brainse ghníomhaíochta, faoi na hiarratasóirí ar fhostaíocht sin a bhfuil sé tugtha le fios acu go bhfuil siad toilteanach go hiarbhír glacadh le fostaíocht i dtír eile.
Déanfaidh sainseirbhís gach Ballstáit ar leith an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh, chomh luath agus is féidir, chuig na seirbhísí fostaíochta iomchuí agus chuig na gníomhaireachtaí fostaíochta iomchuí.
▼M1 —————
ROINN 3
Bearta chun cothromaíocht an margadh saothair a rialú
▼M1 —————
ROINN 4
An Oifig Eorpach um Chomhordú
▼M1 —————
CAIBIDIL III
COMHLACHTAÍ ATÁ FREAGRACH AS DLÚTHCHOMHAR IDIR NA BALLSTÁIT A ÁIRITHIÚ I gCÚRSAÍ A BHAINEANN LE SAOIRSE GHLUAISEACHTA AGUS LE FOSTAÍOCHT OIBRITHE
ROINN 1
An Coiste Comhairleach
Airteagal 21
Beidh an Coiste Comhairleach freagrach as cúnamh a thabhairt don Choimisiún i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar aon cheisteanna a éiríonn as cur chun feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na mbeart arna ndéanamh chun é a chur i bhfeidhm, i gcúrsaí a bhaineann le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe agus lena bhfostaíocht.
Airteagal 22
Beidh an Coiste Comhairleach freagrach as an méid seo a leanas go háirithe:
(a) scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna a bhaineann le saoirse ghluaiseachta agus le fostaíocht faoi chreat beartas náisiúnta maidir leis an bhfórsa saothair, d’fhonn beartais fostaíochta na mBallstát a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus, ar an dóigh sin, rannchuidiú le forbairt na ngeilleagar agus le cothromaíocht fheabhsaithe sa mhargadh saothair;
(b) staidéar ginearálta a dhéanamh ar na héifeachtaí a ghabhann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aon fhorálacha forlíontacha a d’fhéadfadh a bheith ann;
(c) aon tograí réasúnaithe maidir leis an Rialachán seo a athbhreithniú a chur faoi bhráid an Choimisiúin;
(d) arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, tuairimí réasúnaithe a thabhairt ar cheisteanna ginearálta nó ar cheisteanna prionsabail, go háirithe maidir le malartú faisnéise a bhaineann le forbairtí sa mhargadh saothair, maidir le gluaiseacht oibrithe idir Ballstáit, maidir le cláir nó le bearta chun gairmthreoir agus gairmoiliúint a chur ar bun, ar cláir nó bearta iad de chineál a dhéanfaidh na féidearthachtaí i leith saoirse gluaiseachta agus i leith fostaíochta a mhéadú, agus maidir le gach cineál cúnaimh d’oibrithe agus dá dteaghlaigh, lena n-áirítear cúnamh sóisialta agus tithíocht oibrithe.
Airteagal 23
1. Beidh sé chomhalta as gach Ballstát ar an gCoiste Comhairleach agus déanfaidh beirt acu ionadaíocht thar ceann an Rialtais, déanfaidh beirt acu ionadaíocht thar ceann na gceardchumann agus déanfaidh beirt acu ionadaíocht thar ceann chomhlachais na bhfostóirí.
2. Ceapfaidh gach Ballstát malartach amháin i gcás gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear i mír 1.
3. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Choiste agus i dtéarma oifige mhalartaigh na gcomhaltaí sin. Féadfar a gceapacháin a athnuachan.
Nuair a rachaidh a dtéarma oifige in éag, fanfaidh na comhaltaí agus a malartaigh in oifig go dtí go dtagann daoine eile ina n-ionad nó go dtí go ndéantar a gceapacháin a athnuachan.
Airteagal 24
Is í an Chomhairle a cheapfaidh comhaltaí an Choiste Chomhairligh agus a malartaigh agus, le linn di ionadaithe a roghnú ó na ceardchumainn agus ó chomhlachais na bhfostóirí, féachfaidh sí le hionadaíocht chothromasach a bhaint amach ar an gCoiste i leith na n-earnálacha éagsúla eacnamaíocha lena mbaineann.
Déanfaidh an Chomhairle liosta de na comhaltaí agus dá malartach a fhoilsiú, chun críche faisnéise, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 25
Beidh comhalta de chuid an Choimisiúin nó a ionadaí ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach. Ní vótálfaidh an Cathaoirleach. Tiocfaidh an Coiste le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh an Coiste, ar thionscnamh an Chathaoirligh féin nó arna iarraidh sin don tríú cuid, ar a laghad, de na comhaltaí.
Soláthróidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta don Choiste.
Airteagal 26
Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar dhaoine aonair nó ar ionadaithe comhlachtaí, ar daoine iad a bhfuil taithí fhairsing acu i réimse na fostaíochta agus i réimse gluaiseachta oibrithe páirt a ghlacadh i gcruinnithe i gcáil breathnadóirí nó i gcáil saineolaithe. Féadfaidh an Cathaoirleach cúnamh a fháil ó chomhairleoirí teicniúla.
Airteagal 27
1. Ní bheidh aon tuairim ón gCoiste Comhairleach bailí mura bhfuil dhá thrian dá chomhaltaí i láthair.
2. Ní mór cúiseanna a bheith ag gabháil le tuairimí; tabharfar na tuairimí trí thromlach glan de na vótaí arna gcaitheamh go bailí; beidh ráiteas i scríbhinn faoi na barúlacha arna gcur in iúl ag an mionlach ag gabháil leis na tuairimí, má iarrann an mionlach amhlaidh.
Airteagal 28
Déanfaidh an Coiste Comhairleach a chuid modhanna oibre a chinneadh le rialacha nós imeachta ar rialacha iad a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis don Chomhairle iad a fhormheas ach é sin tar éis tuairim a bheith faighte aici ón gCoimisiún. Beidh teacht i bhfeidhm aon athruithe a chinnfidh an Coiste i leith na rialacha nós imeachta sin faoi réir an nós imeachta chéanna.
ROINN 2
An Coiste Teicniúil
Airteagal 29
Beidh an Coiste Teicniúil freagrach as cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an obair theicniúil uile agus maidir leis na bearta teicniúla uile chun an Rialachán seo, agus aon fhorálacha forlíontacha a chur i bhfeidhm, a ullmhú, a chur chun cinn agus an gníomh leantach a dhéanamh maidir le torthaí na hoibre agus na mbeart sin.
Airteagal 30
Beidh an Coiste Teicniúil freagrach as an méid seo a leanas go háirithe:
(a) comhar idir na comhlachtaí riaracháin lena mbaineann sna Ballstáit a chur chun cinn agus a fheabhsú i dtaobh na gceisteanna teicniúla go léir a bhaineann le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe agus lena bhfostaíocht;
(b) nósanna imeachta a tharraingt suas maidir le heagrú ghníomhaíochtaí comhpháirteacha na gcomhlachtaí riaracháin lena mbaineann;
(c) bailiú faisnéise a éascú ar faisnéis í ar dóigh di a bheith úsáideach don Choimisiún agus na staidéir agus an taighde dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh, agus malartú faisnéise agus taithí idir na comhlachtaí riaracháin lena mbaineann a spreagadh;
(d) staidéar a dhéanamh, ar leibhéal teicniúil, ar chomhchuibhiú na gcritéar ar dá réir a dhéanann Ballstáit measúnú ar staid a margaí saothair.
Airteagal 31
1. Beidh an Coiste Teicniúil comhdhéanta d’ionadaithe Rialtais na mBallstát. Déanfaidh gach Rialtas duine de na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar a cheann ar an gCoiste Comhairleach a cheapadh mar chomhalta ar an gCoiste Teicniúil.
2. Déanfaidh gach Rialtas malartach amháin as measc a chuid ionadaithe eile ar an gCoiste Comhairleach – cibé acu comhaltaí nó malartaigh – a cheapadh.
Airteagal 32
Beidh comhalta de chuid an Choimisiúin nó a ionadaí ina Chathaoirleach ar an gCoiste Teicniúil. Ní vótálfaidh an Cathaoirleach. Féadfaidh Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste cúnamh a fháil ó chomhairleoirí teicniúla.
Soláthróidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta don Choiste.
Airteagal 33
Déanfar na tograí agus na tuairimí arna bhfoirmliú ag an gCoiste Teicniúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus cuirfear an Coiste Comhairleach ar an eolas fúthu. Beidh ráiteas i scríbhinn faoi na barúlacha arna gcur in iúl ag comhaltaí éagsúla an Choiste Theicniúil ag gabháil le haon tograí nó le haon tuairimí den sórt sin, má iarrann na comhaltaí sin amhlaidh.
Airteagal 34
Cinnfidh an Coiste Teicniúil a chuid modhanna oibre trí rialacha nós imeachta inmheánach ar rialacha iad a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis don Chomhairle iad a fhormheas, ach é sin tar éis tuairim a bheith faighte aici ón gCoimisiún. Beidh teacht i bhfeidhm aon athruithe a chinnfidh an Coiste i leith na rialacha nós imeachta sin faoi réir an nós imeachta chéanna.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 35
Leanfaidh rialacha nós imeachta an Choiste Chomhairligh agus an Choiste Theicniúil a tháinig i bhfeidhm an 8 Samhain 1968 d’fheidhm a bheith acu.
Airteagal 36
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na forálacha sin den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ar forálacha iad a bhaineann le gabháil le fostaíocht oilte i réimse an fhuinnimh núicléach, ná d’aon bhearta arna nglacadh de bhun an Chonartha sin.
Dá ainneoin sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gcatagóir oibrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus maidir le daoine dá dteaghlach sa mhéid is nach bhfuil a staid dhlíthiúil faoi rialú an Chonartha nó na mbeart thuasluaite.
2. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do bhearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
3. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’oibleagáidí na mBallstát a thig as gaolmhaireachtaí ar leith nó as comhaontuithe amach anseo le tíortha áirithe neamh-Eorpacha nó le críocha áirithe neamh-Eorpacha, ar bhonn ceangal institiúideach a bhí ann an 8 Samhain 1968, nó a thig as comhaontuithe a bhí ann an 8 Samhain 1968 le tíortha áirithe neamh-Eorpacha nó le críocha áirithe neamh-Eorpacha, ar bhonn ceangal institiúideach a bhí ann eatarthu.
Ní fhéadfaidh oibrithe ó na tíortha ná ó na críocha sin agus atá ag saothrú gníomhaíochtaí mar dhaoine fostaithe, i gcomhréir leis an bhforáil seo, ar chríoch ceann de na Ballstáit sin, leas a bhaint as forálacha an Rialacháin seo ar chríoch na mBallstát eile.
Airteagal 37
Chun críocha faisnéise, déanfaidh na Ballstáit téacsanna comhaontuithe, coinbhinsiún nó socruithe arna dtabhairt i gcrích eatarthu i réimse an fhórsa saothair a chur in iúl don Choimisiún idir dáta a sínithe agus an dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm.
▼M1 —————
Airteagal 39
Taispeánfar caiteachas riaracháin an Choiste Chomhairligh agus an Choiste Theicniúil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh sa roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún.
Airteagal 40
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit agus féadfaidh a gcuid náisiúnach tairbhe a bhaint as, ach sin gan dochar d’Airteagal 2 agus d’Airteagal 3.
Airteagal 41
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 42
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR
|
Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ón gComhairle (IO L 257, 19.10.1968, lch. 2.) |
|
|
Rialachán (CEE) Uimh. 312/76 ón gComhairle (IO L 39, 14.2.1976, lch. 2.) |
|
|
Rialachán (CEE) Uimh. 2434/92 ón gComhairle (IO L 245, 26.8.1992, lch. 1.) |
|
|
Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, leagan ceartaithe in IO L 229, 29.6.2004, lch. 35.) |
Airteagal 38(1) amháin |
IARSCRÍBHINN II
Tábla Comhghaoil
|
Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 |
An Rialachán seo |
|
Cuid I |
Caibidil I |
|
Teideal I |
Roinn 1 |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc |
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (a) |
|
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc |
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (b) |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír |
Airteagal 3(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 4 |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 6 |
|
Teideal II |
Roinn 2 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 8(1) |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 9 |
|
Teideal III |
Roinn 3 |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 10 |
|
Cuid II |
Caibidil II |
|
Teideal I |
Roinn 1 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 12 |
|
Teideal II |
Roinn 2 |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 16 |
|
Teideal III |
Roinn 3 |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 17 |
|
Teideal IV |
Roinn 4 |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 18 |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 20 |
|
Cuid III |
Caibidil III |
|
Teideal I |
Roinn 1 |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 25 |
Airteagal 22 |
|
Airteagal 26 |
Airteagal 23 |
|
Airteagal 27 |
Airteagal 24 |
|
Airteagal 28 |
Airteagal 25 |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 26 |
|
Airteagal 30 |
Airteagal 27 |
|
Airteagal 31 |
Airteagal 28 |
|
Teideal II |
Roinn 2 |
|
Airteagal 32 |
Airteagal 29 |
|
Airteagal 33 |
Airteagal 30 |
|
Airteagal 34 |
Airteagal 31 |
|
Airteagal 35 |
Airteagal 32 |
|
Airteagal 36 |
Airteagal 33 |
|
Airteagal 37 |
Airteagal 34 |
|
Cuid IV |
Caibidil IV |
|
Teideal I |
— |
|
Airteagal 38 |
— |
|
Airteagal 39 |
Airteagal 35 |
|
Airteagal 40 |
— |
|
Airteagal 41 |
— |
|
Teideal II |
— |
|
Airteagal 42(1) |
Airteagal 36(1) |
|
Airteagal 42(2) |
Airteagal 36(2) |
|
Airteagal 42(3), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc agus an dara fleasc |
Airteagal 36(3), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 42(3), an dara fomhír |
Airteagal 36(3), an dara fomhír |
|
Airteagal 43 |
Airteagal 37 |
|
Airteagal 44 |
Airteagal 38 |
|
Airteagal 45 |
— |
|
Airteagal 46 |
Airteagal 39 |
|
Airteagal 47 |
Airteagal 40 |
|
— |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 48 |
Airteagal 42 |
|
— |
Iarscríbhinn I |
|
— |
Iarscríbhinn II |
( 1 ) IO C 44, 11.2.2011, lch. 170.
( 2 ) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifígiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Márta 2011.
( 3 ) IO L 257, 19.10.1968, lch. 2.
( 4 ) Féach Iarscríbhinn I.
( 5 ) IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.