02010R1093 — GA — 26.06.2021 — 008.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1093/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Samhain 2010 (IO L 331 15.12.2010, lch. 12) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
L 287 |
5 |
29.10.2013 |
||
DIRECTIVE 2014/17/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 4 February 2014 (*) |
L 60 |
34 |
28.2.2014 |
|
DIRECTIVE 2014/59/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 15 May 2014 (*) |
L 173 |
190 |
12.6.2014 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 806/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2014 |
L 225 |
1 |
30.7.2014 |
|
DIRECTIVE (EU) 2015/2366 OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 25 November 2015 (*) |
L 337 |
35 |
23.12.2015 |
|
RIALACHÁN (AE) 2018/1717 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 14 Samhain 2018 |
L 291 |
1 |
16.11.2018 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/2033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 27 Samhain 2019 |
L 314 |
1 |
5.12.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 |
L 334 |
1 |
27.12.2019 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1093/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Samhain 2010
lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún
CAIBIDIL I
BUNÚ AN ÚDARÁIS AGUS STÁDAS DLÍTHIÚIL
Airteagal 1
Bunú agus raon feidhme
Gníomhóidh an tÚdarás freisin laistigh de na cumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus laistigh de raon feidhme Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) a mhéid a bhaineann an Treoir agus an Rialachán sin le hoibreoirí san earnáil airgeadais agus leis na húdaráis inniúla a bhíonn á maoirsiú. Is chun na críche sin amháin a chuirfidh an tÚdarás na cúraimí i gcrích a thugtar le haon ghníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Le linn dó a bheith ag cur na gcúraimí sin i gcrích, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha sin agus coinneoidh sé ar an eolas iad maidir le heintiteas atá ina “institiúid airgeadais” faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ina “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais” mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,
sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,
comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,
arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,
a áirithiú go ndéanfar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar chreidmheas a ghlacadh agus ar na rioscaí eile a ghlacfar,
cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí a fheabhsú,
cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú, agus
cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.
Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an tÚdarás rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.
I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar institiúidí airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair.
Agus é ag comhlíonadh a chuid cúraimí, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine agus, aon uair is ábhartha, urramóidh sé prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.
Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó institiúide airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí i ngníomhaíochtaí agus i mbearta an Údaráis.
Airteagal 2
An Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais
Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:
an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), chun críocha na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 agus sa Rialachán seo;
an tÚdarás;
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 );
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );
Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (“Comhchoiste”), chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 54 go hAirteagal 57 den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chomhlíonadh;
na húdaráis inniúla nó mhaoirseachta mar a shainítear iad sna gníomhartha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i dtaca leis na cúraimí a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, sna dtagairtí don mhaoirseacht atá sa Rialachán seo, áireofar gníomhaíochtaí ábhartha uile na n-údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 3
Cuntasacht na nÚdarás
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “institiúidí airgeadais” aon ghnóthas atá faoi réir Rialacháin agus maoirseachta de bhun aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);
is éard is ciall le “hoibreoir in earnáil an airgeadais” aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849, eintiteas atá ina ‘institiúid airgeadais’ faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 nó i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ina ‘rannpháirtí sa mhargadh airgeadais’ faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
ciallaíonn “údaráis inniúla”:
údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013
a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE, na húdaráis agus na comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais ceanglais na Treorach sin;
maidir le Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis agus na heagrais a dhéanann maoirseacht ar oibreoirí in earnáil an airgeadais agus atá inniúil in áirithiú a gcuid comhlíontachta le ceanglais na Treorach sin;
a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE, nó i gcás ina riarann cuideachta phríobháideach feidhmiú na scéime ráthaíochta taiscí, an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin agus údaráis riaracháin ábhartha dá dtagraítear sa Treoir sin;
a mhéid a bhaineann le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), na húdaráis réitigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus an Chomhairle agus an Coimisiún nuair a bheidh gníomhaíochtaí á ndéanamh acu faoi Airteagal 18 den Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ach amháin i gcás ina mbeidh cumhachtaí lánroghnacha á bhfeidhmiú acu nó roghanna beartais á ndéanamh acu;
“údaráis inniúla” dá dtagraítear i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ); i Rialachán (AE) 2015/751, i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ), i dTreoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ), agus i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 );
“comhlachtaí agus údaráis” amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE;
Airteagal 5
Stádas dlíthiúil
Airteagal 6
Comhdhéanamh
Beidh an tÚdarás comhdhéanta díobh seo a leanas:
Bord Maoirseoirí a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 43;
Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;
Cathaoirleach a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 48;
Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 53;
Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 60.
Airteagal 7
Suíomh
Is i bPáras na Fraince a bheidh suíomh an Údaráis.
Ní dhéanfaidh an áit a mbeidh suíomh Údarás difear d’fhorghníomhú chúraimí agus chumhachtaí an Údaráis, d’eagar a struchtúir rialaithe, d’oibriú a phríomheagraíochta, ná do phríomh-mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí, agus ag an am céanna, i gcás inarb infheidhme, tabharfar deis do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu le croíghníomhaíochtaí an Údaráis a chomhroinnt. Faoin 30 Márta 2019 agus gach 12 mhí dá éis, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gceanglas sin a bheith á chomhlíonadh ag Údaráis Maoirseachta Eorpacha.
CAIBIDIL II
CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS
Airteagal 8
Cúraimí agus cumhachtaí an Údaráis
Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Údarás:
bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) , rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí a fhorbairt;
lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear chun na cleachtais mhaoirseachta ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí;
lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear leis na cleachtais ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta le haghaidh réitigh a leagan amach agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, obair an Bhoird Réitigh Aonair, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na rannpháirtithe agus na margaí airgeadais sa mhargadh airgeadais;
Rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil mhaoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh orthu, idirghabháil a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach institiúidí margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;
tarmligean cúraimí agus freagrachtaí a éascú i measc údarás inniúil;
comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do BERS atá riachtanach chun a chúraimí a bhaint amach agus trína áirithiú go ndéantar de réir rabhadh agus moltaí ó BERS;
(e) athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;
faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil treochtaí sa chreidmheas, go háirithe, do theaghlaigh agus FBManna agus i seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;
anailísí a dhéanamh ar na margaí chun sochair feidhmeanna an Údaráis maidir le hurscaoileadh;
cosaint a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;
feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí a chur chun cinn, faireachán, measúnú agus tomhas ar an riosca sistéamach a chur chun cinn, forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh a chur chun cinn, lena soláthraítear ardleibhéal cosanta do thaisceoirí agus d'infheisteoirí ar fud an Aontais agus lena bhforbraítear modhanna chun institiúidí airgeadais atá ag cliseadh a réiteach agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hionstraimí maoiniúcháin iomchuí a chur chun cinn, d'fhonn comhar a chothú idir údaráis inniúla a bhfuil baint acu le bainistíocht géarchéime maidir le hinstitiúidí airgeadais trasteorann a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ag baint leo, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;
rannchuidiú le bunú straitéis choiteann sonraí airgeadais an Aontais;
aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomhartha reachtacha eile a chomhall;
faisnéis a bhaineann lena réimse gníomhaíochta, go háirithe faisnéis, laistigh dá réimse inniúlachta, faoi institiúidí airgeadais cláraithe, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus an fhaisnéis sin a uasdátú go rialta, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin;
gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus an t-uainiú atá beartaithe do ghlacadh na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme;
▼M1 —————
chun cur leis an gcosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, Airteagal 1(2) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh agus chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, tríd an gcur i bhfeidhm sin a chur chun cinn.
Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:
úsáidfidh sé gach cumhacht a chuirfear ar fáil dó; agus
agus an aird chuí á tabhairt ar an gcuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla na n-institiúidí airgeadais; agus
nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.
Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe cumhachtaí:
chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10;
chun dréachchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15;
chun treoirlínte agus moltaí a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16;
moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a;
chun moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(3);
rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);
chun cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig údaráis inniúla a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(3);
i gcásanna a bhaineann le dlí an Aontais atá infheidhme go díreach, cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig institiúidí airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), in Airteagal 18(4) agus in Airteagal 19(4);
tuairimí a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;
chun freagraí ar cheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b;
gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9c;
an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35;
modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag saintréithe táirge agus ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais institiúidí agus ar chosaint do thomhaltóirí;
bunachar sonraí a sholáthar, agus rochtain lárnach air, ar bunachar sonraí éde na hinstitiúidí airgeadais cláraithe ina réimse inniúlachta i gcás ina sonraítear amhlaidh sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus gur féidir go mbeidh achar ama réasúnta ag na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.
Airteagal 9
Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais
Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir le cur chun cinn na trédhearcachta, na simplíochta agus na cothroime sa mhargadh do tháirgí airgeadais tomhaltóra nó do sheirbhísí airgeadais tomhaltóra ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, forbairt na gcostas cuir i gcás, agus forbairt sheirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;
athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;
(ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir a shainaithint go tráthúil;
athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh um litearthacht agus oideachas i gcúrsaí airgeadais ag na húdaráis inniúla;
caighdeáin oiliúna a fhorbairt don tionscal; agus
rannchuidiú le forbairt rialacha coiteanna um nochtadh faisnéise; agus
cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais;
forbairtí breise a chothú i leith rialála agus maoirseachta a d’fhéadfadh comhchuibhiú níos doimhne agus comhtháthú níos doimhne ar leibhéal an Aontais a éascú;
gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil a chomhordú, más infheidhme.
Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuí agus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméar, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.
Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh an seasann sé leis an gcinneadh sin.
Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.
Airteagal 9a
Cúraimí faoi leith a bhaineann le comhrac agus cosc an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta.
Beidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, ar thús cadhnaíochta, ó thaobh comhordú agus faireacháin de, i gcothú na sláine, na trédhearcachta agus na slándála sa chóras airgeadais trí bhíthin forálacha a ghlacfaidh sé chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, sa chóras sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní rachadh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach agus tabharfar an aird chuí iontu ar chineál, scála, agus castacht rioscaí, chleachtais ghnó, shamhlacha gnó agus mhéid oibreoirí na hearnála airgeadais, agus margaí. Ar na bearta sin beidh:
faisnéis a bhailiú ó údaráis inniúla a bhaineann le laigí a sainaithníodh le linn maoirseacht leanúnach agus nósanna imeachta údarúcháin leanúnacha sna próisis agus sna nósanna imeachta, sna socruithe rialachais, oiriúnacht agus cuibhiúlacht, fáil sealúchas incháilithe, samhlacha gnó agus gníomhaíochtaí oibreoirí san earnáil airgeadais, a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, mar aon le bearta a rinne údaráis inniúla mar fhreagairt ar na laigí ábhartha seo a leanas a bhfuiul tionchair acu ar cheanglas amháin nó níos mó de cheanglais ghníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus aon dlíthe náisiúnta lenar trasuíodh iad, faoi seach, maidir le húsáid na hearnála airgeadais chun airgead a sciúradh, nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, a chosc agus a chomhrac.
sárú a rinne oibreoir san earnáil airgeadais maidir leis na ceanglais sin nó sárú is féidir a dhéanfadh sé maidir leis na ceanglais sin,
cur i bhfeidhm míchuí nó mí-eifeachtach a rinne oibreoir san earnáil airgeadais maidir leis na ceanglais sin, nó
cur i bhfeidhm míchuí nó mí-éifeachtach a rinne oibreoir san earnáil airgeadais ar a bheartais inmheánacha agus a nósanna imeachta chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.
Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis den chineál sin ar fáil don Údarás ina hiomláine mar aon le dualgais ar bith dá mbeidh ann faoi Airteagal 35 den Rialachán seo , agus coinneoidh sé an tÚdarás ar an eolas in am trátha faoi aon fhorbairtí a bheidh ann ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil. Déanfaidh an tÚdarás comhordú i ndlúthpháirt leis na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIUnna) amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849, agus a stádas agus a n-oibleagáidí á n-urramú aige ag an am céanna agus gan aon iontrálacha dúbailte neamhriachtanacha a bheith ann.
Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, aon fhaisnéis bhreise a mheasann siad a bheith ábhartha maidir le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, a chomhroinnt leis an mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear i mír 2.
comhordú dlúth a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a mhalartú, leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach maidir le cúrsaí a bhaineann leis na cúraimí a cuireadh air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus le húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 2(1) de Treoir (AE) 2015/849 agus le FIUnna, agus stádas agus oibleagáidí na FIUnna faoi Threoir (AE) 2015/849 á n-urramú acu;
treoir choiteann agus caighdeáin choiteanna a fhorbairt chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac san earnáil airgeadais agus a gcur chun feidhme comhsheasmhach a chur chun cinn, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt, i gcomhréir leis na sainorduithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí a bheidh bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorbairt;
cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla, nuair a gheofar iarrataí sonracha uathu;
faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh aonair, agus an leochaileacht agus na rioscaí i dtaca le hearnáil an airgeadais i leith an dá ní seo a leanas a mheas: easpa cosanta ar sciúradh airgid, agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.
Faoin 31 Nollaig 2020, forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an sainmhíniú ar laigí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, lena n-áirítear na cásanna comhfhreagracha ina bhféadfadh lagaithe a tharlú, ábharthacht laigí agus cur chun feidhme praiticiúil an bhailiúcháin faisnéise ag an Údarás chomh maith leis an gcineál faisnéise ba cheart a sholáthar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír. Agus na caighdeáin theicniúla sin á bhforbairt aige, breithneoidh an tÚdarás méid na faisnéise atá le soláthar agus an gá le dúbailt a sheachaint. Leagfaidh sé amach freisin socruithe chun éifeachtacht agus rúndacht a áirithiú.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14.
Faoin 31 Nollaig 2020, forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an tslí a bhfuil anailís le déanamh ar fhaisnéis agus an tslí a gcuirtear ar fáil í d’údaráis inniúla ar bhonn riachtanais agus ar bhonn rúnda.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14.
Chun críche na chéad fhomhíre den mhír seo, agus tríd an gcoiste inmheánach a bhunaítear faoi mhír 7 den Airteagal seo, , déanfaidh an tÚdarás, modhanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun go bhféadfar measúnú oibiachtúil a dhéanamh chomh maith le hathbhreithniú ardcháilíochta comhsheasmhach a dhéanamh ar na measúnuithe agus ar chur i bhfeidhm na modheolaíochta agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Is é an coiste inmheánach sin a dhéanfaidh an t-athbhreithniú ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na measúnuithe riosca. Ullmhóidh sé na dréachtmheasúnuithe riosca a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 44.
Déanfaidh gach institiúid, údarás agus comhlacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ionadaí malartach a ainmniú óna bhaill foirne, duine a fhéadfaidh ionad an chomhalta a ghabháil i gcás nach mbeidh an duine sin in ann freastal ar chruinniú. I gcás na mBallstát a bhfuil níos mó ná údarás amháin iontu atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí san earnáil airgeadais Treoir (AE) 2015/849, féadfaidh na Ballstáit sin ionadaí amháin a ainmniú do gach údarás inniúil. Beag beann ar líon na n-údarás inniúil a bhfuil ionadaíocht acu ag an gcruinniú, beidh vóta amháin ag gach Ballstát. Féadfaidh an Coiste sin grúpaí oibre inmheánacha a bhunú chun plé le gnéithe sonracha dá chuid oibre chun dréachtchinntí ón gcoiste sin a ullmhú.Beidh na grúpaí sin ar oscailt do bhaill foirne as na húdaráis inniúla uile a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste agus as an Údarás, as an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus as an ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí).
Féadfaidh an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), tráth ar bith, barúlacha i scríbhinn a thíolacadh faoi aon dréachtchinneadh a dhéanann an coiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, barúlacha a ndéanfaidh an Bord Maoirseoirí breithniú orthu sula ndéanfaidh an Bord a chinneadh críochnaitheach. I gcás ina mbeidh dréachtchinneadh bunaithe ar na cumhachtaí a thugtar don Údarás faoi Airteagal 9b, Airteagal 17 nó Airteagal 19 nó ina mbeidh baint aige leis na cumhachtaí sin agus go mbaineann an cinneadh leis an méid seo a leanas:
institiúidí airgeadais mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó aon cheann de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu siúd, nó
rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 nó aon cheann de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu,
ní fhéadfaidh an tÚdarás an cinneadh a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) i gcás phointe (a) thuas) nó ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) i gcás phointe (b). Cuirfidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) i gcás phointe (a) thuas) nó an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a dtuairimí in iúl don Údarás faoi cheann 20 lá ó dháta an dréachtchinnidh ón gcoiste dá dtagraítear i mír 7. Glacfar leis go bhfuil comhaontú déanta i gcás nach mbeidh a dtuairimí curtha in iúl acu don Údarás faoi cheann 20 lá ná nár iarr siad síneadh a bhfuil údar cuí leis leis na tuairimí sin a chur in iúl.
Airteagal 9b
Iarratas ar fhiosrú i dtaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.
Airteagal 9c
Litreacha i dtaca le gan gníomhú
Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasann sé gur baol i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na na gníomhartha sin, gur dócha go dtarraingeofaí saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:
má mheasann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile,
i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm an ghnímh mar is ceart;
bheadh deacrachtaí praiticiúla ann de dheasca treoirlínte agus moltaí a bheith in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtach ábhartha.
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag roinnt leis an gceist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás meastóireacht a luaithe is féidir ar an ngá atá le treoirlínte nó moltaí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.
Déanfaidh an tÚdarás gníomh go pras, go háirithe d’fhonn rannchuidiú leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a chosc, aon uair is féidir sin.
Airteagal 10
Caighdeáin theicniúla rialála
I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thabhairt chun cinn. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin ionas go nglacfaidh an Choimisiúin iad. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
Beidh na caighdeáin theicniúla rialála teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus beidh a n-inneachar faoi theorainn ag na gníomhartha reachtacha ar a mbeidh siad bunaithe.
Sula dtíolacfaidh an tÚdarás don Choimisiún iad, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Lena chois sin, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37.
▼M8 —————
Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála, déanfaidh sé cinneadh an nglacfaidh sé é nó nach nglacfaidh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh go páirteach amháin, nó tacú le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.
I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh, nó é a ghlacadh i bpáirt nó maille le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, maille le míniú ar cén fáth nach nglacann sé é nó maille le míniú ar na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh don Choimisiún ina thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin sé seachtaine in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar, nó féadfaidh sé diúltú don chaighdeán.
Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.
I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.
Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.
Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Seolfaidh an Coimisiún a dhréachtchaighdeán teicniúil rialála chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh.
Má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse sé seachtaine, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha. Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar an dréachtchaighdeáin teicniúil rialála arna n-ullmhú ag an Údarás comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar síos san Airteagal seo.
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 12
An tarmligean a chúlghairm
Airteagal 13
Agóidí in aghaidh na gcaighdeán teicniúil rialála
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh caighdéain theicniúil rialála laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a dtabharfar an fógra i leith an chaighdeáin teicniúil rialála arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí.
▼M8 —————
Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an chaighdeáin theicniúil rialála, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.
Féadfar an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag más rud é go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.
Airteagal 14
Gan tacú leis an dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó iad a leasú
Airteagal 15
Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme
Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37.
Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh é a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse trí mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh i bpáirt amháin, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe, más mithid sin ar mhaithe le leas an Aontais.
I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh i bpáirt amháin, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe , cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige tacú leis nó, de réir mar a bheidh an cás, míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú dó mar chaighdeán.
Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.
I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.
Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí Baincéireachta is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.
Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Seolfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh.
Má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den thréimhse sé seachtaine sin, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha.
Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 16
Treoirlínte agus moltaí
Beidh na treoirlínte agus na moltaí i gcomhréir leis na cumhachtuithe atá tugtha sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó san Airteagal seo.
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na hinstitiúidí airgeadais gach iarracht na treoirlínte agus na moltaí sin a chomhlíonadh.
Laistigh de dhá mhí ón tráth a eiseofar treoirlíne nó moladh, tabharfaidh gach údarás inniúil daingniú i dtaobh an bhfuil an treoirlíne nó an moladh sin á comhlíonadh nó á chomhlíonadh aige nó an bhfuil sé beartaithe aige an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil treoirlíne nó moladh á comhlíonadh nó á chomhlíonadh ag údarás inniúil, nó i gcás nach mbeartaíonn sé treoirlíne nó moladh a chomhlíonadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Údarás agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.
I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin, nó nach mbeartaíonn údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh, foilseoidh an tÚdarás an méid sin. Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh freisin, de réir gach cáis ar leith, na cúiseanna a sholáthraíonn an t-údarás inniúil i leith neamhchomhlíonadh na treoirlíne nó an mholta sin a fhoilsiú. Cuirfear fógra chuig an údarás inniúil roimh ré maidir le foilsiú den sórt sin.
Má cheanglaítear amhlaidh leis an treoirlíne nó leis an moladh sin, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais tuairisciú, ar shlí shoiléir mhionsonraithe, i dtaobh an gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin.
Airteagal 16a
Tuairimí
Airteagal 16b
Ceisteanna agus Freagraí
Sula gcuirfidh siad ceist faoi bhráid an Údaráis, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais a mheas an gcuirfidh siad an cheist i dtosach ar a n-údarás inniúil.
Sula bhfoilsítear freagraí ar cheisteanna inghlactha, féadfaidh an tÚdarás tuilleadh soiléirithe a lorg ar cheisteanna a chuireann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dá dtagraítear sa mhír seo.
Airteagal 17
Sárú ar dhlí an Aontais
Ar iarraidh ó údarás inniúil amháin nó níos mó, nó ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, nó ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí Baincéireachta, nó dá thionscnamh féin, lena n-áirítear nuair a bheidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, tabharfaidh an tÚdarás freagra ar an iarraidh trína mhíniú cén chaoi a bhfuil a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh leis an gcás, agus, i gcás inarb iomchuí, imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Without prejudice to the powers laid down in Article 35, the competent authority shall, without delay, provide the Authority with all information which the Authority considers necessary for its investigation including as to how the acts referred to in Article 1(2) are applied in accordance with Union law.
Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile aon uair gur cruthaíodh nár leordhóthanach faisnéis a iarraidh ón údarás inniúil, nó aon uair a mheastar nach leordhóthanach an fhaisnéis sin a iarraidh uaidh chun an fhaisnéis a fháil a mheastar is gá chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.
Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná dhá mhí ón imscrúdú a thionscnamh, moladh a dhíriú chuig an údarás inniúil lena mbaineann, ar moladh é ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh.
Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de dheich lá oibre ón moladh a fháil, na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais a chur in iúl don Údarás.
I gcás nach mbeidh dlí an Aontais á chomhlíonadh ag an údarás inniúil laistigh de mhí amháin ó mholadh an Údaráis a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, nó ar a thionscnamh féin, tuairim fhoirmiúil a eisiúint á cheangal ar an údarás inniúil an ghníomhaíocht a dhéanamh is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfear moladh an Údaráis san áireamh i dtuairim fhoirmiúil an Choimisiúin.
Déanfaidh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil den sórt sin a eisiúint tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an trátha a nglactar an moladh. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú mí amháin.
Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún.
I ngnóthaí a bhaineann le cosc ar chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, sa chás nach infheidhme go díreach ar oibreoirí san earnáil airgeadais do cheanglais ábhartha na ngníomh reachtach a dtagraítear dóibh in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh a chuirfidh iallach ar an údarás inniúil géilleadh don tuairim fhoirmiúil a dtagraítear di i mír 4 den Airteagal seo sula mbeidh an tréimhse a shonraítear ann istigh. Mura ngéilleann an t-údarás don chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh chomh maith i gcomhréir leis an gcéad fho-alt. Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine agus, sa chás go bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm an dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. Sa chás go bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás, ina theannta sin, an dlí náisiúnta i bhfeidhm sa mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.
Beidh cinneadh an Údaráis i gcomhréir leis an tuairim fhoirmiúil a d’eisigh an Coimisiún de bhun mhír 4.
Nuair a bheidh gníomhaíocht á déanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4, nó faoi réir cinneadh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh.
Airteagal 17a
Cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú
Airteagal 18
Gníomhaíocht i staideanna éigeandála
Chun a bheith in ann an ról sin maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh, cuirfear an tÚdarás ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus iarrfaidh na húdaráis inniúla maoirseachta ábhartha air páirt a ghlacadh mar bhreathnóir in aon chruinniú ábhartha.
Tar éis iarraidh a fháil ón Údarás, ón gCoimisiún nó ón BERS, féadfaidh an Chomhairle, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, leis na ÚMEanna, cinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an Údarás agus lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcinneadh sin ag eatraimh iomchuí agus uair amháin sa mhí ar a laghad. Más rud é nach ndéantar athnuachan ar an gcinneadh ag deireadh tréimhse míosa, rachaidh an cinneadh in éag go huathoibríoch. Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, a dhearbhú nach ann don staid éigeandála a thuilleadh.
Más rud é go measann an BERS nó an tÚdarás go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn, eiseoidh sé moladh rúnda a bheidh dírithe ar an gComhairle agus déanfaidh sé measúnú ar an staid a sholáthar don Chomhairle. Déanfaidh an Chomhairle a mheas ansin an gá cruinniú a thionól. Sa phróiseas sin, ráthófar cúram cuí maidir le rúndacht.
Má chinneann an Chomhairle go bhfuil staid éigeandála ann, cuirfidh sé an méid sin in iúl go cuí agus gan mhoill do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.
Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna.
Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.
Airteagal 19
Easaontais idir údaráis inniúla i staideanna trasteorann a réiteach
I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:
ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;
i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.
I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás, dá thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.
Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill míchuí nár baineadh comhaontú amach.
i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:
tá an sprioc-am dulta in éag; nó
cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla;
i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann de na nithe seo a leanas:
cinneadh a bheith déanta ag péire ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla; nó
dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.
Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo curtha i gcrích.
I ngnóthaí a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó sceimhlitheoirí a mhaoiniú, féadfaidh an tÚdarás, ina theannta sin, cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo sa chás nach bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) infheidhme go díreach maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais. Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine agus, sa chás go bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. Sa chás go bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás, ina theannta sin, dlí náisiúnta i bhfeidhm a mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.
Airteagal 20
Easaontais idir údaráis inniúla trasna earnálacha a réiteach
Réiteoidh an Comhchoiste, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 19 agus in Airteagal 56, aon easaontais trasearnála a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir údaráis inniúla de réir mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 4 den Rialachán seo agus de Rialachán (AE) 1094/2010 agus de Rialachán (AE) 1095/2010, faoi seach.
Airteagal 20a
Cóineasú an phróisis athbhreithnithe maoirseachta
Cuirfidh an tÚdarás, faoi réir raon feidhme a chumhachtaí, cóineasú an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta chun cinn i gcomhréir le Treoir 2013/36/ AE chun caighdeáin láidre mhaoirseachta a thabhairt i gcrích san Aontas.
Airteagal 21
Coláistí maoirseoirí
Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23 agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste.
Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur “údarás inniúil” é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha.
Féadfaidh an tÚdarás:
an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a pháirtiú i gcomhar leis na húdaráis inniúla chun obair an choláiste a éascú agus chun córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla sa choláiste ar an bhfaisnéis sin;
tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na n-institiúidí airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áirítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair chun inchomparáideacht agus iontaofacht na modhanna, na gcleachtas agus na dtorthaí measúnuithe uile-Aontais a áirithiú;
gníomhaíochtaí maoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a dtagann institiúidí airgeadais faoina lé nó a bhféadfadh institiúidí airgeadais teacht faoina lé a mheas, de réir mar a chinntear faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta nó i staideanna struis;
i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na húdaráis inniúla i gcrích; agus
a iarraidh go ndéanfadh coláiste tuilleadh plé in aon chásanna ina measann sé gurb é a leanfadh as an gcinneadh ná cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais nó nach rannchuideodh an cinneadh sin leis an gcuspóir a bhaineann le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Féadfaidh sé freisin a cheangal ar mhaoirseoir an ghrúpa cruinniú a shocrú don choláiste nó mír a chur le clár oibre cruinnithe.
Airteagal 22
Forálacha ginearálta maidir le rioscaí sistéamacha
Déanfaidh an tÚdarás breithniú cuí ar an riosca sistéamach amhail a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Tabharfaidh sé aghaidh ar aon riosca go dtarlóidh suaitheadh sna seirbhísí airgeadais, ar suaitheadh é de chineál:
arb é is cúis leis ná lagú an chórais airgeadais ina iomláine nó lagú codanna den chóras sin agus
a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige don mhargadh inmheánach agus don fhíorgheilleagar.
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tÚdarás breithniú ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar an riosca sistéamach de réir mar a bheith na nithe sin forbartha ag an BERS agus ag an Údarás agus gníomhóidh sé mar fhreagairt ar rabhaidh agus ar mholtaí ón BERS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.
Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, sraith chomhchoiteann táscairí cainníochtúla agus táscairí cáilíochtúla (deais rioscaí) a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas.
Déanfaidh an tÚdarás réim dhóthanach tástála struis a fhorbairt freisin chun cabhair a thabhairt maidir leis na hinstitiúidí sin a shainaithint a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann ina leith. Beidh na hinstitiúidí sin faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.
Gan dochar do na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh an tÚdarás, de réir mar is gá, treoirlínte agus moltaí breise a tharraingt suas do na hinstitiúidí airgeadais chun an riosca sistéamach atá ann ina leith a chur san áireamh.
Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais a chur san áireamh nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt sna réimsí a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Maoirseoirí moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann.
Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.
Airteagal 23
Riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas
Airteagal 24
Buanchumas freagairt do rioscaí sistéamacha
Airteagal 25
Nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh
Airteagal 26
Córas Eorpach na scéimeanna ráthaíochta taiscí
Airteagal 27
An córas Eorpach um réiteach banc agus um shocruithe cistiúcháin
Cuirfidh an tÚdarás measúnú ar an ngá atá le córas sásraí comhleanúnacha, daingne inchreidte cistiúcháin a bheith ann ar fáil, mar aon le hionstraimí airgeadais iomchuí a bheadh nasctha le sraith socruithe comhordaithe um bainistiú géarchéime.
Rannchuideoidh an tÚdarás leis an obair ar an saincheisteanna cothromaíochta agus ar na tionchair charnacha a bheidh ag aon chóras tobhach agus ranníocaíochtaí a d’fhorchuirfí ar institiúidí airgeadais agus a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun comhroinnt chothrom an ualaigh a áirithiú agus ag aon chóras dreasachtaí chun srian a chur leis an riosca sistéamach mar chuid de chreat comhleanúnach inchreidte i gcomhair réitithe.
▼M8 —————
Airteagal 28
Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean
Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas faoi chomhaontuithe a bheartaíonn siad a dhéanamh maidir le tarmligean. Tabharfaidh siad éifeacht do na comhaontuithe aon mhí amháin, ar a luaithe, tar éis an tÚdarás a chur ar an eolas.
Féadfaidh an tÚdarás tuairim faoin gcomhaontú beartaithe a thabhairt laistigh de mhí amháin ón tráth a gcuirtear ar an eolas é.
Lena áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go hiomchuí, déanfaidh an tÚdarás aon chomhaontú maidir le tarmligean arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis inniúla a fhoilsiú ar mhodh iomchuí.
Airteagal 29
Cultúr coiteann maoirseachta
Beidh ról gníomhach ag an Údarás maidir le cultúr coiteann maoirseachta Aontais agus maidir le cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhsheasmhach ann ar fud an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:
tuairimí a thabhairt do na húdaráis inniúla;
tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;
grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45b chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;
malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtach ábhartha an Aontais;
rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin mhaoirseachta aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n-áirítear caighdeáin maidir le tuairisciú, agus ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(3);
athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin; agus
cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;
córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus Comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide á chur san áireamh;
Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a chuireann san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí. Forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar réitigh a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach na n-institiúidí airgeadais san Aontas, a chuireann san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais, agus na margaí. Leagfar amach agus sonrófar sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais agus sa lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais dea-chleachtais agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.
Seolfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, agus uirlisí agus ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh sé anailís freisin, i gcás inarb iomchuí, ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtuairimí nó na n-uirlisí agus na n-ionstraimí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 37 freisin.
Airteagal 29a
Tosaíochtaí Maoirseachta straitéiseacha an Aontais
Tar éis plé a bheith ann sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus anailís, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad, faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á n-ullmhú acu agus tabharfaidh siad fógra ina leith dá réir sin don Údarás. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla an bhliain dár gcionn agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ina gcuid di.
Leis na tosaíochtaí a bheidh ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás, ní chuirfear bac ar údaráis inniúla a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, gníomhú ar a dtosaíochtaí agus ar a bhforbairtí breise, agus measfar na sainiúlachtaí náisiúnta.
Airteagal 30
Athbhreithnithe piaraí ar na húdaráis inniúla
Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh seo amháin:
a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an acmhainneacht atá ann freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh;
éifeachtúlacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta;
cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile dá nglacfaí iad;
an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh.
I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh.
Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.
Airteagal 31
Feidhm chomhordúcháin
Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;
cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise a fhíorú;
gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;
fógra a thabhairt do BERS, don Chomhairle agus don Choimisiún gan mhoill maidir le haon staideanna éigeandála fhéideartha;
bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;
bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar an nuálaíocht theicniúil;
lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann d'institiúidí. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a roinnt leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.
Airteagal 31a
Malartú faisnéise maidir le hoiriúnacht agus cuibheas
Déanfaidh an tÚdarás, in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), córas a bhunú ina ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis a mhalartú atá ábhartha maidir le measúnú ar oiriúnacht agus cuibheas sealbhóirí sealúchas incháilithe, stiúrthóirí agus sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí institiúidí airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 32
Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis
Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh a thionscnamh agus a chomhordú. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:
modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúid airgeadais agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha á gcur san áireamh inter alia;
modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear institiúidí airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;
cineálacha coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais;
modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag táirgí áirithe nó ag próisis dáileacháin ar institiúid airgeadais;
modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar shócmhainní, de réir mar is gá, chun críche na tástála struis; agus
modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht airgeadaisinstitiúidí airgeadais.
Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.
Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, agus faoi na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteanna an chláir rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.
Sna measúnuithe sin, déanfaidh an tÚdarás aicmiú ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta coisctheacha agus bearta leasúcháin.
Airteagal 33
Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis
I gcás ina mbeidh tríú tír, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, ar an liosta dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcórais le haghaidh an chomhraic i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, ní chuirfidh an tÚdarás socruithe riaracháin i gcrích le húdaráis rialála, mhaoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis réitigh an tríú tír sin. Ní chuirfidh sin bac ar fhoirmeacha eile comhair idir an tÚdarás agus na húdaráis tríú tír faoi seach d’fhonn na bagairtí ar chóras airgeadais an Aontais a laghdú.
Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise sin agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós.
Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Mhaoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar na torthaí maidir leis na gníomhaíochtaí faireacháin a rinneadh ar gach tríú tír choibhéiseach. Leagfar béim go háirithe sa tuarascáil ar na himpleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó, i gcás inarb infheidhme, réitigh, nó na cleachtais forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.
Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais rialála agus mhaoirseachta coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair a bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, cuirfidh sé forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:
na sásraí lena bhféadfaidh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, ar an gcur chuige maoirseachta, ar fhorbairtí ábhartha sa mhargadh agus ar aon athrú a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;
a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair.
Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas i gcás ina ndiúltóidh údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó i gcás ina ndiúltóidh sé comhoibriú go héifeachtach.
Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis mhaoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
▼M8 —————
Airteagal 35
Faisnéis a bhailiú
I gcás nach mbeidh faisnéis iomlán nó chruinn ar fáil nó nach soláthraítear í ar bhealach tráthúil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5, féadfaidh an tÚdarás faisnéis a iarraidh trí iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, go díreach uathu siúd a leanas:
institiúidí airgeadais ábhartha;
cuideachtaí sealúchais nó brainsí 'institiúide airgeadais ábhartha;
eintitis oibríochta neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta atá suntasach ó thaobh ghníomhaíochtaí airgeadais na n-institiúidí airgeadais ábhartha.
Soláthróidh seolaithe iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.
Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.
Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.
Airteagal 36
Gaolmhaireacht leis an BERS
▼M8 —————
Déanfaidh sé cinneadh, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna mholtaí.
Más rud é nach ndéanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíocht i ndáil le rabhadh nó moladh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi freisin.
Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan déanamh de réir mholadh an BERS, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige agus déanfaidh sé na cúiseanna gan gníomhú a phlé leis an mBord Maoirseoirí.
I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.
▼M8 —————
Airteagal 37
An Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta
Buailfidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta le chéile ar a thionscnamh féin de réir mar is gá, agus i gcás ar bith ar a laghad ceithre huaire sa bhliain.
Beidh 30 comhalta sa Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta. Is éard a bheidh sna 30 comhalta sin:
13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht go cothrom d’institiúidí airgeadais a oibríonn san Aontas, comhaltaí a ndéanfaidh triúr díobh ionadaíocht ar bhainc chomhair agus taisce;
13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht d’ionadaithe institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú san Aontas, fostaithe, tomhaltóirí, úsáideoirí seirbhísí baincéireachta agus ionadaithe FBManna; agus
is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha a bheidh i gceathrar comhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar Chathaoirleach an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air aon uair a iarrfar sin.
Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis don Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad leis na rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 25 ) (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla a bhunú. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.
Féadfaidh na comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.
I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na ÚEManna faoi Airteagal 56 seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.
Airteagal 38
Coimircí
I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 19(3) ag cur isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chinneadh an Údaráis, fógra a thabhairt don Údarás agus don Choimisiún á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.
San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.
I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.
Laistigh de mhí amháin ón tráth a dtugann an Ballstát an fógra, cuirfidh an tÚdarás an Ballstát ar an eolas i dtaobh an seasann sé lena chinneadh nó an leasóidh sé é nó an gcúlghairfidh sé é. Má sheastar leis an gcinneadh nó má leasaítear é, luafaidh an tÚdarás nach gcuirtear isteach ar fhreagrachtaí fioscacha.
I gcás ina seasfaidh an tÚdarás lena chinneadh, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, trí thromlach na vótaí a chaitear, ag ceann dá cuid cruinnithe agus dhá mhí ar a dhéanaí tar éis don Údarás an Ballstát a chur ar an eolas mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír, i dtaobh an bhfuiltear ag seasamh le cinneadh an Údaráis.
Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh seasamh le cinneadh an Údaráis, i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír, déanfar cinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.
I gcás ina measann Ballstát go gcuireann cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 18(3) isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de thrí lá oibre tar éis fógra faoi chinneadh an Údaráis a thabhairt don údarás inniúil, fógra a thabhairt don Údarás, don Choimisiún agus don Chomhairle á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.
San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.
I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.
Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de dheich lá oibre, cruinniú a chomóradh agus cinneadh a dhéanamh, trí thromlach simplí dá comhaltaí, i dtaobh an gcúlghairfear cinneadh an Údaráis.
Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh chun cinneadh an Údaráis a chúlghairm, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, déanfar fionraí chinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.
I gcás cinneadh a bheith déanta ag an gComhairle, i gcomhréir le mír 3, gan cinneadh de chuid an Údaráis a bhaineann le hAirteagal 18(3) a chúlghairm, agus go measfaidh an Ballstát lena mbaineann fós go gcuireann cinneadh an Údaráis isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh an Ballstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún agus don Údarás agus féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhairle an t-ábhar a athscrúdú. Leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach go soiléir na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an gcinneadh ón gComhairle.
Laistigh de thréimhse ceithre seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt, daingneoidh an Chomhairle a cinneadh bunaidh nó déanfaidh sí cinneadh nua i gcomhréir le mír 3.
Féadfaidh an Chomhairle an tréimhse ceithre seachtaine a fhadú ceithre seachtaine eile, má éilítear amhlaidh in imthosca áirithe an cháis.
Airteagal 39
Nósanna imeachta cinnteoireachta
CAIBIDIL III
EAGRÚCHÁN
ROINN 1
Bord Maoirseoirí
Airteagal 40
Comhdhéanamh
Beidh an Bord Maoirseoirí comhdhéanta díobh seo a leanas:
an Cathaoirleach;
ceann an údaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil as maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí creidmheasa i ngach Ballstát agus tiocfaidh siad le chéile i bpearsa dhá uair ar a laghad sa bhliain;
ionadaí amháin thar ceann an Choimisiúin agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;
ionadaí amháin arna ainmniú ag Bord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus nach mbeidh ábalta vóta a chaitheamh;
ionadaí amháin thar ceann an BERS agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;
ionadaí amháin faoi seach thar ceann gach ceann den dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, agus ní bheidh aon vóta ag na hionadaithe sin.
For the purpose of acting within the scope of Directive 2014/59/EU, the member of the Board of Supervisors referred to in point (b) of paragraph 1 may, where appropriate, be accompanied by a representative from the resolution authority in each Member State, who shall be non-voting.
Chun go ngníomhóidh sé laistigh de raon feidhme Threoir 2014/59/AE, beidh Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair ina bhreathnadóir don Bhord Stiúrthóirí.
Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach.
Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí ach ní bheidh ceart vótála aige.
Airteagal 41
Coistí inmheánacha
Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.
Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.
Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.
Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.
Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.
Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.
Airteagal 42
Neamhspleáchas an Bhoird Maoirseoirí
Airteagal 43
Cúraimí
▼M8 —————
Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí clár oibre ilbhliantúil an Údaráis, agus cuirfidh an Bord Maoirseoirí an clár sin ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Glacfar an clár oibre ilbhliantúil gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.
Airteagal 43a
Trédhearcacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí
D’ainneoin Airteagal 70, laistigh de shé seachtaine ó dháta gach cruinniú de chuid an Bhoird Maoirseoirí, cuirfidh an tÚdarás ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin, taifead trínar féidir tuiscint iomlán a fháil ar an bplé, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí. Leis an taifead sin, ní léireofar na pléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 44
Cinnteoireacht
Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagail 10 go 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo agus, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlach cáilithe dá chomhaltaí, de réir mar a shainmhínítear sin in Airteagal 16(4) den CAE agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, lena n-áireofar tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (‘Ballstáit rannpháirteacha’) agus tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin nach Ballstáit rannpháirteacha iad (‘Ballstáit neamh-rannpháirteacha’).
Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír.
Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus tograí a Chathaoirligh á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.
Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é lena n-áireofar tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach, agus trí thromlach simplí a chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír , ón dáta arb ó Bhallstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad ceithre chomhalta a bhfuil vóta acu nó níos lú, glacfar cinneadh trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é ina mbeidh vóta amháin ar a laghad ó chomhaltaí údarás inniúil na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.
ROINN 2
Bord Bainistíochta
Airteagal 45
Comhdhéanamh
Cé is moite den Chathaoirleach, beidh ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta malartach a mbeidh sé de cheart aige nó aici ionad an chomhalta a ghlacadh i gcás nach féidir leis an gcomhalta féin a bheith i láthair.
Airteagal 45a
Cinnteoireacht
Airteagal 45b
Na Grúpaí Comhordaithe
Airteagal 46
Neamhspleáchas an Bhoird Bainistíochta
Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.
Airteagal 47
Cúraimí
ROINN 3
An Cathaoirleach
Airteagal 48
Ceapachán agus cúraimí
Déanfaidh Cathaoirleach, a bheidh ina ghairmí neamhspleách lánaimseartha, ionadaíocht thar ceann an Údaráis.
Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí a shocrú, na cruinnithe a thionól agus na hítimí atá le cinneadh a chur síos, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí.
Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as clár oibre an Bhoird Bainistíochta a shocrú, ar clár oibre é a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.
Féadfaidh an Cathaoirleach iarraidh ar an mBord Bainistíochta féachaint ar ghrúpa comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 45b a bhunú.
Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, ar togra é arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.
Déanfaidh an Bord Maoirseoirí Leas-Chathaoirleach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin agus comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair. Ní dhéanfar an Leas-Chathaoirleach sin a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.
Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an Chathaoirligh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:
na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;
dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.
Chun críche na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is é an Leas-Chathaoirleach a dhéanfaidh cúraimí an Chathaoirligh.
Ag gníomhú di ar thogra ón mBord Maoirseoirí agus le cúnamh ón gCoimisiún, féadfaidh an Chomhairle, agus an mheastóireacht á cur san áireamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.
Airteagal 49
Neamhspleáchas an Chathaoirligh
Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an gCathaoirleach i gcomhlíonadh a chúraimí.
I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Chathaoirleach éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le glacadh le ceapacháin nó sochair áirithe.
Airteagal 49a
Caiteachas
Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar le geallsealbhóirí seachtracha laistigh de thréimhse dhá sheachtain tar éis na gcruinnithe agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.
▼M8 —————
ROINN 4
Stiúrthóir Feidhmiúcháin
Airteagal 51
Ceapachán
Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe:
na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;
dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.
Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, agus aird á tabhairt ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin.
Airteagal 52
Neamhspleáchas
Gan dochar do ról an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Maoirseoirí faoi seach maidir leis cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a chúraimí.
I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Stiúrthóir Feidhmiúcháin éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.
Airteagal 52a
Caiteachais
Poibleoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinnithe arna dtionól agus fáilteachas arna fháil. Déanfar caiteachais a thaifead go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.
Airteagal 53
Cúraimí
CAIBIDIL IV
CHOMHLACHTAÍ COMHPHÁIRTEACHA NA nÚDARÁS MAOIRSEACHTA EORPACH
ROINN 1
Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach
Airteagal 54
Bunú
Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), go háirithe maidir le:
Airteagal 55
Comhdhéanamh
Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Féadfar rannpháirtithe breise ar féidir leo freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste a shonrú na rialacha.
Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin ar a laghad gach trí mhí.
Airteagal 56
Comhsheasaimh agus comhghníomhartha
Faoi réir raon feidhme a chúraimí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe i leith chur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, i gcas inarb ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh de chomhthoil in éineacht, de réir mar is iomchuí, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí).
I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagail 10 go 16, agus cinntí de bhun Airteagail 17, 18 agus 19 den Rialachán seo ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomh reachtach eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), glacfaidh, de réir mar is cuí, an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) na bearta sin, i gcomhthráth.
Airteagal 57
Fochoistí
ROINN 2
An Bord Achomhairc
Airteagal 58
Comhdhéanamh agus oibríocht
Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, ar daoine iad a mbeidh dea-cháil orthu agus a mbeidh cruthaithe acu go bhfuil eolas ábhartha ar dhlí an Aontais acu agus an taithí ghairmiúil idirnáisiúnta ar leibhéal leordhóthanach i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean gairme, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus nach comhaltaí de chuid an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta iad. Beidh na comhaltaí agus comhaltaí malartacha ina náisiúnaigh de Bhallstát agus beidh eolas cuimsitheach acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad. Beidh saineolas leordhóthanach dlí ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, fheidhmiú a chumhachtaí ag an Údarás.
Déanfaidh an Bord Achomhairc a Uachtarán a ainmniú.
Tar éis an gearrliosta a fháil, féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar chomhaltaí is iarratasóirí agus ar mhalartaigh is iarratasóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar chomhaltaí an Bhoird Achomhairc ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu nuair a iarrfar sin orthu, seachas ráitis, ceisteanna nó freagraí a bhaineann le cásanna aonair arna gcinneadh ag an mBord Achomhairc, nó atá ar feitheamh os comhair an Bhoird.
Airteagal 59
Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht
Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach in imeachtaí ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta.
Ní fhéadfar agóid ar náisiúntacht na gcomhaltaí ná ní bheidh agóid inghlactha más rud é, maidir le páirtí sna himeachtaí achomhairc agus d’ainneoin é a bheith ar an eolas faoi chúis le hagóid a dhéanamh, go mbeidh céim nós imeachta glactha aige seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.
Cinnfidh an Bord Achomhairc cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus mír 2 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin.
Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás an malartach a bheith sa chor céanna, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as measc na malartach a bheidh ar fáil.
Geallfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail.
Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú gealltanas agus dearbhú leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas.
Poibleofar na dearbhuithe sin ar bhonn bliantúil agus i scríbhinn.
CAIBIDIL V
LEIGHEASANNA
Airteagal 60
Achomhairc
Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de thrí mhí tar éis an t-achomharc a thaisceadh.
Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1.
Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.
Airteagal 60a
An tÚdarás ag dul os cionn inniúlachta
Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach comhairle réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún más rud é go bhfuil an duine sin den tuairim go ndeachaigh an tÚdarás os cionn a inniúlachta lena n-áirítear má mhainníonn an tÚdarás prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5) a urramú, agus é ag gníomhú faoi Airteagail 16 agus 16b, agus ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach.
Airteagal 61
Caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 62
Buiséad an Údaráis
Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ) (‘an Rialachán Airgeadais’), go háirithe teaglaim díobh seo a leanas:
ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais, ar ranníocaíochtaí iad a dhéanfar i gcomhréir le foirmle atá bunaithe ar an ualú vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha. Chun críocha an Airteagail seo, leanfaidh Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha d’fheidhm a bheith aige tar éis spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair 2014 a bhunaítear ansin;
fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);
aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;
ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí;
Táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.
Ní ghlacfar le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá tagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.
Airteagal 63
An buiséad a bhunú
Airteagal 64
An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 15 Meitheamh gach bliain i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.
Airteagal 65
Rialacha airgeadais
Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ( 27 ) ón gCoimisiún mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.
Airteagal 66
Bearta frith-chalaoise
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 67
Pribhléidí agus díolúintí
Beidh feidhm ag an bPrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE maidir leis an Údarás agus le foireann an Údaráis.
Airteagal 68
Foireann
Airteagal 69
Dliteanas an Údaráis
Airteagal 70
Oibleagáid maidir le sicréideacht ghairmiúil
Gan dochar do chásanna atá cumhdaithe leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann daoine dá dtagraítear i mír 1 agus iad ag comhlíonadh a ndualgas a nochtadh do dhuine nó d’údarás ar bith d’aon chineál, ach amháin i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ar chaoi nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.
Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.
Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta agus maidir leis an mBord Maoirseoirí agus a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.
Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.
Airteagal 71
Cosaint sonraí
Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 30 ) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.
Airteagal 72
Rochtain ar dhoiciméid
Airteagal 73
Socruithe teanga
Airteagal 74
Comhaontú maidir le Ceanncheathrú
Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach, leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus atá tugtha i gcrích acu tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil.
Soláthróidh an Ballstát sin na coinníollacha is fearr is féidir lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is cuí, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí
Airteagal 75
Rannpháirtíocht ag tríú tíortha
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 76
Gaolmhaireacht le Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha
Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha (CMBE). Faoi cheann dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CMBE, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CMBE ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CMBE agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.
Airteagal 77
Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann
Maidir leis na daoine go léir den fhoireann atá ar fostú faoi chonarthaí dá dtagraítear i mír 1, tabharfar an deis dóibh conarthaí mar ghníomhaire sealadach a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ag na gráid éagsúla, de réir mar a leagtar amach i bplean bunaíochta an Údaráis.
Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an t-údarás atá údaraithe chun conarthaí a thabhairt i gcrích roghnúchán inmheánach chun cumas, éifeachtúlacht agus ionracas na ndaoine sin atá le fostú a sheiceáil agus beidh an roghnúchán sin teoranta don fhoireann sin a bhfuil conarthaí acu leis an CMBE nó lena Rúnaíocht. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin inmheánach, tabharfar lánaird ann ar na scileanna agus ar an taithí arna léiriú trí fheidhmíocht an duine aonair roimh an gceapachán.
Airteagal 78
Forálacha náisiúnta
Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.
Airteagal 79
Leasuithe
Déantar Cinneadh Uimh. 716/2009/CE a leasú leis seo sa mhéid go mbaintear an CMBE de liosta na dtairbhithe a leagtar amach i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.
Airteagal 80
Aisghairm
Déantar Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún lena mbunaítear an CMBE a aisghairm leis seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2011.
Airteagal 81
Athbhreithniú
Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:
an éifeachtacht agus an cóineasú arna bhaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:
neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;
neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;
feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí;
an dul chun cinn arna bhaint amach maidir le cóineasú i dtaca le géarchéim a chosc, géarchéim a bhainistiú agus géarchéim a réiteach, lena n-áirítear sásraí cistiúcháin Aontais;
ról an Údaráis i dtaca leis an riosca sistéamach;
cur i bhfeidhm an chlásáil coimirce a bhunaítear in Airteagal 38.
cur i bhfeidhm ról na hdirghabhála ceangailtí a bhunaítear in Airteagal 19;
feidhmiú an Chomhchoiste;
na bacainní ar nó an tionchar ar an gcomhdhlúthú stuamachta de bhun Airteagal 8.
Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:
an bhfuil sé iomchuí leanúint de mhaoirseacht ar leithligh a dhéanamh ar bhaincéireacht, ar árachas, ar phinsin cheirde, ar urrúis agus ar na margaí airgeadais;
an bhfuil sé iomchuí maoirseacht stuamachta a dhéanamh agus seoladh gnó a mhaoirsiú mar ghníomhaíochtaí ar leithligh óna chéile, nó an bhfuil sé iomchuí go ndéanfadh an maoirseoir céanna na gníomhaíochtaí sin;
an bhfuil sé iomchuí go simpleofaí agus go neartófaí struchtúr an CEMA chun go mbeadh comhleanúnachas níos mó ann idir na macraileibhéil agus na micrileibhéil agus idir na ÚMEanna;
an bhfuil éabhlóid an CEMA i gcomhréir leis an éabhlóid dhomhanda;
an bhfuil dóthain éagsúlacht agus sármhaitheasa ann laistigh den CEMA;
an leor an chuntasacht agus an trédhearcacht i dtaca le ceanglais um fhoilsiú;
an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;
an bhfuil sé iomchuí go ndéanfar suíomh an Údaráis a chothabháil nó an bhfuil sé iomchuí na ÚMEanna a aistriú go dtí an suíomh amháin chun go mbeadh comhordú níos fearr ann eatarthu.
Airteagal 81a
Athbhreithniú ar na socruithe vótála
Amhail ón dáta arb ionann agus ceithre Bhallstát líon na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle maidir leis na socruithe vótála a gcuirtear síos orthu in Airteagal 41 agus Airteagal 44, agus aon taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo á cur san áireamh.
Airteagal 82
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011, cé is moite d’Airteagal 76 agus d’Airteagal 77(1) agus (2), a mbeidh feidhm acu amhail ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.
Bunófar an tÚdarás an 1 Eanáir 2011.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
( 3 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 4 ) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
( 5 ) Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).
( 6 ) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
( 7 ) Rialachán (AE) Uimhir 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
( 8 ) Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).
( 9 ) Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).
( 10 ) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
( 12 ) Féach ar leathanach 48 den Iris Oifigiúil seo.
( 13 ) Féach ar leathanach 84 den Iris Oifigiúil seo.
( 14 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
( 16 ) Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).
( 17 ) Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).
( 18 ) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
( 19 ) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.03.2012, lch. 22).
( 20 ) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
( 21 ) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2003/87/CE, 2009/65/CE, 2011/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L314, 5.12.2019, lch. 64).
( 22 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
( 23 ) Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
( 24 ) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
( 25 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
( 26 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
( 27 ) Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).
( 28 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
( 29 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
( 30 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
( 31 ) IO 17, 6.10.1958, lch. 385.