02010R1092 — GA — 10.11.2025 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1092/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Samhain 2010 (IO L 331 15.12.2010, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2019/2176 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 |
L 334 |
146 |
27.12.2019 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2025/2088 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Deireadh Fómhair 2025 |
L 2088 |
1 |
21.10.2025 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1092/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Samhain 2010
maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Bunú
Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:
an BERS;
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (Comhchoiste) dá bhforáiltear le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
na húdaráis inniúla nó maoirseachta sna Ballstáit mar a shonraítear i ngníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “institiúid airgeadais” aon ghnóthas a thagann faoi réim raon feidhme na reachataíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, mar aon le haon ghnóthas nó eintiteas eile san Aontas ar de chineál comhchosúil a phríomhghnó;
ciallaíonn “córas airgeadais” na hinstitiúidí airgeadais go léir, na margaí airgeadais go léir, na táirgí airgeadais go léir agus na bonneagair mhargaidh airgeadais go léir;
ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca go mbeidh suaitheadh ann sa chóras airgeadais, ar suaitheadh é a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige d’fhíorgheilleagar an Aontais nó d’fhíorgheilleagar Ballstáit amháin nó níos mó agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Is maith a d’fhéadfadh, go pointe áirithe, gach cineál idirghabhálaí airgeadais, margaidh airgeadais agus bonneagair airgeadais a bheith suntasach go sistéamach.
Airteagal 3
Misean, cuspóirí agus cúraimí
Chun críocha mhír 1, déanfaidh an BERS na cúraimí seo a leanas a chomhall:
chun na cuspóirí a thuairiscítear i mír 1 a bhaint amach, an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus riachtanach a chinneadh agus/nó a bhailiú agus a anailísiú;
rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta;
rabhaidh a eisiúint i gcás ina measfar rioscaí sistéamacha den sórt sin a bheith suntasach agus, i gcás inarb iomchuí, na rabhaidh sin a phoibliú;
moltaí le haghaidh gníomhaíochta feabhais a eisiúint mar fhreagairt ar na rioscaí a shainaithnítear agus, i gcás inarb iomchuí, na moltaí sin a phoibliú;
nuair a chinneann an BERS go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, moladh rúnda, agus é dírithe chuig an gComhairle, a eisiúnt agus measúnú a sholáthar don Chomhairle ar an staid, ionas go gcuirfear ar chumas na Comhairle measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá cinneadh arna dhíriú chuig na ÚMEanna a ghlacadh, lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann;
faireachán a dhéanamh ar bhearta a dhéantar mar thoradh ar rabhaidh agus ar mholtaí;
comhoibriú go dlúth leis na páirtithe go léir eile sa CEMA; nuair is iomchuí, an fhaisnéis faoi rioscaí sistéamacha a sholáthar do na ÚMEanna arb í an fhaisnéis í is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh; agus, go háirithe, i gcomhar leis na ÚMEanna, sraith chomhchoiteann de tháscairí cainníochtúla agus de tháscairí cáilíochtúla (clár rioscaí) a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas;
páirt a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, sa Chomhchoiste;
a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí eagraíochtaí airgeadais idirnáisiúnta, go háirithe leis an CAI agus leis an BCA, chomh maith le comhlachtaí ábhartha i dtríú tíortha i dtaca le nithe a bhaineann le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal;
cúraimí gaolmhara eile a chomhlíonadh de réir mar a shonraítear i reachtaíocht an Aontais.
CAIBIDIL II
EAGRÚCHÁN
Airteagal 4
Struchtúr
Agus treoracha á dtabhairt do cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle, féadfaidh an Cathaoirleach agus an Coiste Stiúrtha aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:
bainistiú na Rúnaíochta ó lá go lá;
aon saincheisteanna riaracháin agus buiséadacha a bhaineann leis an Rúnaíocht;
comhordú agus ullmhú obair agus chinnteoireacht an Bhoird Ghinearálta;
ullmhú thogra chlár bhliantúil BERS agus a chur chun feidhme;
ullmhú na tuarascála bliantúla faoi ghníomhaíochtaí BERS agus an tuairiscithe chuig an mBord Ginearálta maidir le cur chun feidhme an chláir bhliantúil.
Airteagal 5
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh an BERS
Airteagal 6
An Bord Ginearálta
Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta agus beidh cearta vótála acu:
Uachtarán agus Leas-Uachtarán an BCE;
Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Ballstáit nach bhfuil an banc ceannais náisiúnta ina údarás ainmnithe iontu de bhun Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus ina bhfuil an ról ceannasach ag an údarás ainmnithe sin i ndáil le cobhsaíocht airgeadais ina réimse inniúlachta, féadfaidh siad, de rogha air sin, ionadaí ardleibhéil ó údarás ainmnithe de bhun Threoir 2013/36/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a roghnú;
ionadaí ón gCoimisiún;
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach);
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);
Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch;
Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil.
Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta gan cearta vótála acu:
faoi réir cinneadh gach Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 agus i gcomhréir le mír 3, ionadaí ardleibhéil amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ó údarás náisiúnta a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a stiúradh, nó ón mbanc ceannais náisiúnta, mura rud é nach é Gobharnóir an bhainc ceannais náisiúnta comhalta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus sa chás sin comhalta an Bhoird Ghinearálta gan cearta vótála a bheidh san ionadaí ardleibhéil ó bhanc ceannais náisiúnta;
Uachtarán an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA);
Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE;
Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).
Airteagal 7
Neamhchlaontacht
Airteagal 8
Sicréideacht ghairmiúil
Ní dochar an mhír seo do na pléití rúnda ó bhéal a tionóladh i gcomhréir le hAirteagal 19(5).
Airteagal 9
Cruinnithe an Bhoird Ghinearálta
Airteagal 10
Modúlachtaí vótála an Bhoird Ghinearálta
Airteagal 11
An Coiste Stiúrtha
Beidh an Coiste Stiúrtha comhdhéanta díobh seo a leanas:
Cathaoirleach agus chéad Leas-Cathaoirleach an BERS;
an comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE atá freagrach as an gcobhsaíocht airgeadais agus as an mbeartas macrastuamachta;
ceithre chomhalta náisiúnta den Bhord Ginearálta ag a bhfuil cearta vótála, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Is iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótala a thoghfaidh na comhaltaí sin as a gcomhaltaí féin, le haghaidh tréimhse trí bliana;
ionadaí ón gCoimisiún;
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);
Uachtarán an CEA;
Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch; agus
Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil.
Líonfar aon fholúntas le haghaidh comhalta tofa den Choiste Stiúrtha trí thoghadh comhalta nua ag an mBord Ginearálta.
Airteagal 12
Coiste Comhairleach Eolaíoch
Airteagal 13
Coiste Comhairleach Teicniúil
Beidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhdhéanta díobh seo a leanas:
ionadaí ó gach banc ceannais náisiúnta agus ionadaí ón BCE;
ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla, i gcomhréir leis an dara fomhír;
ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);
ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);
ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);
ionadaí ón gCoimisiún;
ionadaí ó Bhord Maoirseachta BCE;
ionadaí ón mBord Réitigh Aonair;
ionadaí ón CEA; agus
ionadaí ón gCoiste Comhairleach Eolaíoch.
Roghnóidh údaráis mhaoirseachta gach Ballstáit ionadaí amháin ar an gCoiste Comhairleach Teicniúil. I dtaca le hionadaíocht na n-údarás maoirseachta náisiúnta faoi phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh na hionadaithe faoi seach uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é go mbeidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta de chuid Ballstáit áirithe tar éis comhaontú ar ionadaí comhchoiteann.
Airteagal 14
Foinsí eile comhairle
Le linn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a dhéanamh, rachaidh BERS, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha san earnáil phríobháideach. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.
CAIBIDIL III
CÚRAIMÍ
Airteagal 15
Faisnéis a bhailiú agus a mhalartú
Beidh an t-údarás iarrthach agus BERS faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus na bhforálacha cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 8 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais nó údaráis eile agus an t-údarás iarrthach, agus idir údaráis eile agus BERS.
De mhaolú ar mhír 10, ní bheidh sé d’oibleagáid ar BERS an t-údarás a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó
rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ).
I gcás ina bhfuil coimhlint idir míreanna 8 go 13 agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir BERS agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.
Féadfaidh BERS, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áirithíonn BERS gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:
rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí ná Ballstáit aonair a shainaithint;
rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.
Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.
Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlíthiúla sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:
an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
na húdaráis atá sa Sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE;
an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle ( 9 );
maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ).
Airteagal 16
Rabhaidh agus moltaí
Chun feabhas a chur ar an bhfeasacht faoi rioscaí i ngeilleagar an Aontais agus chun na rioscaí sin a chur in ord tosaíochta, déanfaidh an BERS, i ndlúthchomhar leis na páirtithe eile sa CEMA, córas dathchódaithe a leagan amach a comhfhreagróidh do staideanna ina bhfuil leibhéil éagsúla riosca ann.
Nuair a bheidh critéir an aicmiúcháin sin leagtha amach, léireoidh rabhaidh an BERS agus a mholtaí, ar bhonn gach cáis ar leith, agus i gcás inarb iomchuí, cén chatagóir a mbaineann an riosca léi.
Airteagal 17
Bearta a leanann as moltaí ón BERS
Airteagal 18
Rabhaidh phoiblí agus moltaí poiblí
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 19
Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú
Airteagal 20
Athbhreithniú
Faoin 31 Nollaig 2024, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí BERS, faoinar gá athbhreithniú a dhéanamh ar mhisean nó eagrú BERS, ag féachaint do mhúnlaí eile a d’fhéadfadh a bheith air seachas a bhfuil ann faoi láthair.
Airteagal 21
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle an 17 Samhain 2010 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 162).
( 2 ) Féach ar leathanach 162 den leagan Béarla den Iris Oifigiúil seo.
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
( 4 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
( 7 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
( 8 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
( 9 ) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).
( 10 ) Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).
( 11 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).