2010R0265 — GA — 12.04.2016 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 265/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2010

lena leasaítear an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le gluaiseacht daoine ag a bhfuil víosa fadfhanachta

(IO L 085 31.3.2010, lch. 1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2016/399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Márta 2016

  L 77

1

23.3.2016




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 265/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2010

lena leasaítear an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le gluaiseacht daoine ag a bhfuil víosa fadfhanachta



Airteagal 1

Leasaítear Coinbhinsiún Schengen mar a leanas:

(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

1.  Is víosaí náisiúnta, arna n-eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, a bheidh i víosaí chun fanacht ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí (‘víosaí fadfhanachta’). Déanfar víosaí den sórt sin a eisiúint san fhormáid chomhionann do víosaí de réir mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ( 18 ) agus beidh ceannteideal ar an víosa ina sonrófar an cineál víosa leis an litir ‘D’. Déanfar iad a chomhlánú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) ( 19 ) .

2.  Ní rachaidh tréimhse bailíochta víosaí fadfhanachta thar aon bhliain amháin. Má thugann Ballstát cead d’eachtrannach fanacht ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin, déanfar cead cónaithe a chur in ionad an víosa fadfhanachta sula rachaidh tréimhse bailíochta an víosa sin in éag.

(2) leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.  Maidir le heachtrannaigh ag a bhfuil ceadanna cónaithe bailí arna n-eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit, féadfaidh siad, ar bhonn an cheada sin agus ar bhonn doiciméid bhailí taistil, gluaiseacht faoi shaoirse ar feadh tréimhse suas go trí mhí in aon tréimhse sé mhí laistigh de chríocha na mBallstát eile, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a), (c) agus (e) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) ( 20 ) agus nach bhfuil siad ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit lena mbaineann.

(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 2:

‘2a.  Maidir leis an gceart chun saorghluaiseachta atá leagtha síos i mír 1, beidh feidhm aige freisin maidir le heachtrannaigh ag a bhfuil víosa fadfhanachta bailí arna eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit, de réir mar a fhoráiltear ina leith sin in Airteagal 18.’.

(3) leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.  I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe a eisiúint, déanfaidh sé cuardach go córasach i gCóras Faisnéise Schengen. I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe a eisiúint chuig eachtrannach ar eisíodh foláireamh ina leith chun iontráil a dhiúltiú dó nó di, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an mBallstát a d’eisigh an foláireamh agus cuirfidh sé leasanna an Bhallstáit sin san áireamh; is ar chúiseanna substainteacha amháin a eiseofar an cead cónaithe, go háirithe ar fhorais dhaonnúla nó de bharr gealltanas idirnáisiúnta.

I gcás ina n-eisítear cead cónaithe, déanfaidh an Ballstát a d’eisigh an foláireamh an foláireamh sin a tharraingt siar ach féadfaidh sé an t-eachtrannach lena mbaineann a chur ar a liosta náisiúnta foláireamh.’;

(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 1:

‘1a.  Sula n-eiseofar foláireamh chun iontráil a dhiúltú de réir bhrí Airteagal 96, seiceálfaidh na Ballstáit a gcuid taifead náisiúnta ar víosaí fadfhanachta nó ar cheadanna cónaithe atá eisithe.’;

(c) cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.  Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le víosaí fadfhanachta freisin.’.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don oibligeáid atá ar Bhallstáit ceadanna cónaithe a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír de réir mar a fhoráiltear ina leith sin in ionstraimí eile de chuid an Aontais.

Airteagal 4

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur ar an eolas go hiomlán agus go cruinn faoin Rialachán seo.

Airteagal 5

Faoin 5 Aibreán 2012, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Más iomchuí, beidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 5 Aibreán 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.



( 1 ) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2010 (nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2010.

( 2 ) IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

( 3 ) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

( 4 ) IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.

( 5 ) Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críocha taighde eolaíche (IO L 289, 3.11.2005, lch. 15.).

( 6 ) Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12.).

( 7 ) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.; leagan ceartaithe in IO L 229, 29.6.2004, lch. 35.).

( 8 ) Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.).

( 9 ) Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12.).

( 10 ) IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

( 11 ) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

( 12 ) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

( 13 ) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

( 14 ) IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

( 15 ) IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

( 16 ) IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

( 17 ) IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

( 18 ) IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.

( 19 ) IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.’.

( 20 ) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.’;