2009R0543 — GA — 10.01.2014 — 001.001


►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 543/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2009

maidir le staidreamh i ndáil le barra agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 837/90 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 959/93 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 167, 29.6.2009, p.1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  No

page

date

►M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1350/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2013

  L 351

1

21.12.2013




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 543/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2009

maidir le staidreamh i ndáil le barra agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 837/90 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 959/93 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh ( 1 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 837/90 ón gComhairle an 26 Márta 1990 maidir le faisnéis staidrimh atá le soláthar ag na Ballstáit ar tháirgeadh gránach ( 2 ) agus Rialachán (CEE) Uimh. 959/93 ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le faisnéis staidrimh atá le soláthar ag na Ballstáit ar tháirgí bairr seachas gránaigh ( 3 ) roinnt uaireanta. Ós rud é gur gá anois simplithe agus leasuithe breise a dhéanamh, ba cheart, ar mhaithe le soiléire agus i gcomhréir leis an gcur chuige nua atá ann maidir le simpliú na reachtaíochta Comhphobail agus rialáil níos fearr ( 4 ), aon ghníomh amháin a chur in ionad na ngníomhartha sin.

(2)

Tá staidreamh i ndáil le barra ríthábhachtach le margaí an Chomhphobail a bhainistiú. Meastar freisin go bhfuil sé fíorthábhachtach staidreamh maidir le glasraí agus maidir le barra buana a áireamh chomh maith leis an staidreamh maidir le gránaigh agus maidir le barra eile ó thalamh arúil, atá á rialú faoi láthair ag an reachtaíocht Chomhphobail.

(3)

Lena áirithiú go mbeidh an comhbheartas talmhaíochta á riar i gceart, éilíonn an Coimisiún go ndéantar sonraí maidir le limistéir, maidir le táirgeacht agus maidir le táirgeadh barr a sholáthar go rialta.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta ( 5 ) foráiltear do chlár suirbhéanna Comhphobail chun staidreamh ar struchtúr gabháltas talmhaíochta a sholáthar go dtí 2016.

(5)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann ar aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú ( 6 ), ba cheart gurbh é aicmiú NUTS a d’úsáidfí i staidreamh uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún agus a mhiondealaítear de réir aonad críochach. Dá bhrí sin, chun staidreamh réigiúnach inchomparáide a bhunú, ba cheart na haonaid chríochacha a shainiú i gcomhréir le haicmiú NUTS.

(6)

D’fhonn an t-ualach ar na Ballstáit a theorannú, níor cheart go rachadh na ceanglais maidir le sonraí réigiúnacha thar ceanglais a bunaíodh faoin reachtaíocht roimhe seo mura mbeidh leibhéil nua réigiúnacha tagtha chun cinn idir an dá linn. Dá bhrí sin, is iomchuí go gceadófaí gur d’aonaid chríochacha NUTS 1 amháin a sholáthrófaí sonraí réigiúnacha staidrimh don Ghearmáin agus don Ríocht Aontaithe.

(7)

D’fhonn cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, is gá dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, go háirithe le cúnamh ón mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta a bunaíodh le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle an 31 Iúil 1972 ( 7 ).

(8)

D’fhonn trasdul réidh a áirithiú ón gcóras atá infheidhme faoi Rialachán (CEE) Uimh. 837/90 agus faoi Rialachán (CEE) Uimh. 959/93, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo go ndéanfaí maolú a dheonú do Bhallstáit, ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain, i gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar a gcórais náisiúnta staidrimh de thoradh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir lena gcórais náisiúnta staidrimh agus i gcás inar dóigh go dtionscnódh sé fadhbanna praiticiúla suntasacha.

(9)

Tá na bearta le haghaidh soláthair staidrimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo riachtanach chun gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chomhlíonadh. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach maidir le limistéir atá á saothrú, maidir le táirgeacht agus táirgeadh gránach agus barr seachas gránaigh sna Ballstáit, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(10)

Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach ( 8 ) atá mar chreat tagartha d’fhorálacha an Rialacháin seo, go háirithe maidir le cloí le caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, ábharthachta, éifeachtachta costais, rúndachta staidrimh agus trédhearcachta, agus maidir le sonraí staidrimh rúnda dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a tharchur agus a chosaint, chun a áirithiú nach dtarlaíonn aon nochtadh neamhdhleathach ná aon úsáid neamhstaidrimh agus staidreamh Comhphobail á tháirgeadh agus á scaipeadh.

(11)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún ( 9 ).

(12)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na táblaí tarchuir a mhodhnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(13)

Le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha ( 10 ), foráiltear d’oibleagáid faisnéis ábhartha staidrimh, faoi mar a sainmhínítear í i gcomhthéacs Chlár Staidrimh an Chomhphobail, a tharchur chuig an gCoimisiún. Agus é á aithint gur gá staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i ndáil leis an táirgeadh orgánach agus leis an bhfeirmeoireacht orgánach, táthar ag súil go nglacfaidh an Coimisiún beart iomchuí, lena n-áirítear togra reachtach a tharchur chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar bhealach leordhóthanach.

(14)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do sholáthar staidrimh i ndáil le Luathmheastacháin do Tháirgí Bairr (EECP) ag na Ballstáit ar bhonn saorálach.

(15)

Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat coiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach maidir le húsáid talún talmhaíochta agus maidir le táirgeadh barra.

Airteagal 2

Sainmhínithe agus soiléirithe

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn an ‘bhliain buainte’ an bhliain féilire ina gcuirtear tús leis an mbuaint;

(b) ciallaíonn an ‘limistéar talmhaíochta arna úsáid’ an limistéar iomlán atá in úsáid ag talamh arúil, ag féarthaillte buana agus ag garraithe cistine arna n-úsáid ag na gabháltais, beag beann ar chineál na seilbhe nó cibé an úsáidtear an limistéar mar choimín;

(c) ciallaíonn an ‘limistéar arna shaothrú’ an limistéar a fhreagraíonn don limistéar arna chur, ach tar éis na buainte eisiatar leis limistéar millte (e.g. de bharr tubaistí nádúrtha);

(d) ciallaíonn ‘limistéar faoi bharr’ an limistéar foriomlán arna chur ina dtáirgfear barr faoi leith i rith bliana áirithe;

(e) ciallaíonn ‘limistéar buainte’ an chuid sin den limistéar faoi bharr a bhuaintear. Dá bhrí sin, féadfaidh sé a bheith ar aon mhéid leis an limistéar faoi bharr nó féadfaidh sé a bheith níos lú ná an limistéar sin.

(f) ciallaíonn ‘limistéar táirgthe’, i ndáil le barra buana, an limistéar atá inbhuainte sa bhliain tagartha buainte. Eisiatar leis na limistéir neamhtháirgthe go léir, amhail plandálacha nua nár thosaigh fós ag táirgeadh;

(g) ciallaíonn ‘táirgeadh buainte’ táirgeadh lena n-áirítear caillteanais agus diomailt ar an ngabháltas, na cainníochtaí a rinneadh a thomhailt go díreach ar an bhfeirm agus na cainníochtaí a cuireadh ar an margadh, arna gcur in iúl in aonaid de mheáchan an bhuntáirge.

(h) ciallaíonn ‘táirgeacht’ an táirgeadh arna bhuaint in aghaidh an limistéir á shaothrú;

(i) ciallaíonn ‘barra faoi ghloine nó faoi chlúdach ard (inrochtana)’ barra a bhíonn cumhdaithe ag tithe gloine nó ag clúdach soghluaiste ard (gloine nó plaisteach righin nó solúbtha) ar feadh a dtréimhse fáis uile nó ar feadh an chuid is mó den tréimhse sin. Eisiatar leis sin leatháin phlaisteacha arna leagan go cothrom ar an talamh, chomh maith le talamh faoi chlóiseanna nó faoi tholláin nach bhfuil rochtain ag an duine orthu, nó frámaí inaistrithe arna gclúdach le gloine. Tuairiscítear gur faoi ghloine ar fad atá limistéir bairr a fhástar go sealadach faoi ghloine agus go sealadach faoin aer, mura rud é gur tréimhse fhíortheoranta atá i gceist leis an tréimhse faoi ghloine.

(j) ciallaíonn ‘príomhlimistéar’ dáileachta an limistéar den dáileacht nár úsáideadh ach uair amháin i mbliain bairr faoi leith agus a shainítear gan athbhrí leis an áitíocht sin.

2.  Tagraíonn ‘baint bairr leantach’ do dháileacht talún arúla a úsáidtear níos mó ná uair amháin i mbliain buainte amháin agus nach saothraítear ach barr amháin ar an limistéar sin gach uair a úsáidtear é. Measfar gur limistéar arna shaothrú an limistéar le haghaidh gach bairr. Níl coincheap an limistéir phríomhúil ná coincheap an limistéir thánaistigh infheidhme sa chomhthéacs seo.

Tagraíonn ‘comhchuraíocht’ do mheascán de bharra arna saothrú ar dháileacht talún talmhaíochta ag an am céanna. Sa chás seo beidh an limistéar arna shaothrú roinnte idir na barra, ar comhréir leis an limistéar talún ar a bhfuil siad á saothrú. Níl coincheap an limistéir phríomhúil ná coincheap an limistéir thánaistigh infheidhme sa chomhthéacs seo.

Maidir le ‘barra ilfheidhmeacha’, i.e. barra a bhfuil níos mó ná feidhm amháin acu, meastar gur barra iad maidir lena bpríomhúsáidí agus gur barra tánaisteacha iad maidir lena n-úsáidí forlíontacha.

Airteagal 3

Cuimsiú

1.  Cuirfidh gach Ballstát staidreamh ar fáil maidir leis na barra a liostaítear san Iarscríbhinn agus a tháirgtear ar an limistéar talmhaíochta arna úsáid laistigh dá chríoch.

2.  Beidh an staidreamh ionadaíoch do 95 % ar a laghad de na limistéir seo a leanas:

(a) iomlán an limistéir a bhfuil barra á saothrú air ó thalamh arúil (Tábla 1);

(b) iomlán an limistéir ar a mbuaintear glasraí, mealbhacáin agus sútha talún (Tábla 2);

(c) iomlán an limistéir táirgthe barr buan (Tábla 3);

(d) limistéar talmhaíochta arna úsáid (Tábla 4).

3.  Maidir le hathróga a bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach acu i mBallstát, féadfar iad a eisiamh ón staidreamh, ar choinníoll go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na barra sin agus faoin tairseach a bheidh infheidhme i gcás leitheadúlachta ísle gach ceann de na barra sin go léir faoi dheireadh na bliana féilire a thagann díreach roimh gach ceann de na tréimhsí tagartha.

Airteagal 4

Minicíocht agus tréimhse tagartha

Cuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn ar fáil don Choimisiún ar bhonn bliantúil. Is í an bhliain bhuainte a bheidh mar thréimhse thagartha. Is í an bhliain 2010 an chéad bhliain tagartha.

Airteagal 5

Ceanglais bheachtais

1.  Déanfaidh na Ballstáit a mbeidh suirbhéanna samplacha á ndéanamh acu d’fhonn staidreamh a fháil gach ní is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh sonraí Thábla 1 na ceanglais bheachtais seo a leanas: ní rachaidh comhéifeacht athrúcháin na sonraí a bheidh le soláthar faoin 30 Meán Fómhair den bhliain n + 1, ar leibhéal náisiúnta, thar 3 % don limistéar arna shaothrú do gach ceann de na grúpaí príomhbharr seo a leanas: gránaigh do tháirgeadh gráin (lena n-áirítear síolta), pulsanna triomaithe agus barra próitéine do tháirgeadh gráin (lena n-áirítear síolta agus meascáin de ghránaigh agus de phulsanna), barra fréimhe, barra tionsclaíocha agus plandaí a bhuaintear agus iad glas.

2.  Maidir le Ballstát a chinnfidh foinsí faisnéise sonraí seachas suirbhéanna staidrimh a úsáid, áiritheoidh an Ballstát sin go bhfuil an fhaisnéis sin ar chomhchailíocht, ar a laghad, le faisnéis a fhaightear ó shuirbhéanna staidrimh.

3.  Maidir le Ballstát a chinnfidh foinse riaracháin a úsáid, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas maidir leis na modhanna a úsáidtear agus maidir le cáilíocht na sonraí ón bhfoinse sin.

Airteagal 6

Tarchur chuig an gCoimisiún

1.  Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear le haghaidh gach tábla.

▼M1

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a agus na táblaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn á n-oiriúnú aige, ach amháin i gcás minicíocht an tuairiscithe agus i gcás na spriocdhátaí.

Ní leasófar leis na gníomhartha tarmligthe sin minicíocht an tuairiscithe agus na spriocamanna ná ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na freagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ).

▼B

Airteagal 7

Staidreamh réigiúnach

1.  Maidir leis na barra atá marcáilte le ‘R’ san Iarscríbhinn, déanfar iad a sholáthar d’aonaid chríochacha NUTS 1 agus NUTS 2, faoi mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 iad. Mar eisceacht, féadfar iad a sholáthar le haghaidh aonaid chríochacha NUTS 1 don Ghearmáin agus don Ríocht Aontaithe.

2.  Maidir le hathróga a bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach acu i mBallstát, féadfar iad a eisiamh ón staidreamh, ar choinníoll go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na barra sin go léir agus faoin tairseach a bheidh infheidhme i gcás leitheadúlachta ísle gach ceann de na barra sin faoi dheireadh na bliana féilire a thagann díreach roimh gach ceann de na tréimhsí tagartha.

Airteagal 8

Cáilíocht an staidrimh agus tuarascáil ar cháilíocht

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta seo a leanas maidir leis na sonraí a bheidh le tarchur:

(a) tagraíonn ‘ábharthacht’ don mhéid a chomhlíonann staidreamh riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha úsáideoirí;

(b) tagraíonn ‘cruinneas’ do ghaireacht na meastachán do na fíorluachanna anaithnide;

(c) tagraíonn ‘tráthúlacht’ don aga moille idir infhaighteacht na faisnéise agus an teagmhas nó an feiniméan a ndéantar cur síos air san fhaisnéis;

(d) tagraíonn ‘poncúlacht’ don aga moille idir an dáta ar eisíodh na sonraí agus an spriocdháta faoinar cheart iad a bheith seachadta;

(e) tagraíonn ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléire’ do na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe trína bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léiriú;

(f) tagraíonn ‘inchomparáideacht’ do thomhas an tionchair a bhíonn ag difríochtaí i gcoincheapa, in uirlisí tomhais agus i nósanna imeachta staidrimh fheidhmigh nuair a dhéantar staidreamh a chur i gcomparáid idir limistéir gheografacha éagsúla, idir fearainn earnálacha éagsúla nó thar am;

(g) tagraíonn ‘comhchuibheas’ do leordhóthanacht na sonraí lena gcomhcheangal go hiontaofa ar bhealaí difriúla agus d’úsáidí éagsúla.

2.  Gach trí bliana, agus faoin 1 Deireadh Fómhair 2011 den chéad uair, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí arna dtarchur.

3.  Déanfaidh an tuarascáil ar cháilíocht, agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid, cur síos ar an méid seo a leanas:

(a) eagrú na suirbhéanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm;

(b) an leibhéal beachtais a baineadh amach le haghaidh na suirbhéanna samplacha dá dtagraítear sa Rialachán seo; agus

(c) cáilíocht na bhfoinsí a úsáidtear, seachas suirbhéanna.

4.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú modheolaíochta nó aon athrú eile a mbeadh éifeacht shuntasach aige ar an staidreamh. Déanfar an méid sin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm.

5.  Cuirfear san áireamh an prionsabal go bhfanfaidh costais bhreise agus ualaigh bhreise laistigh de theorainneacha réasúnacha.

▼M1

Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 11

Aisghairm

1.  Gan dochar do mhír 3, aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 837/90 agus Rialachán (CEE) Uimh. 959/93 le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Déanfar na tagairtí do na Rialacháin aisghairithe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M1

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2010.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Tábla 1

Barra ó thalamh arúil



CUID A

 

Limistéar arna shaothrú

(1 000 heicteár)

Táirgeadh buainte

(1 000 tona)

Táirgeacht

(100 kg/ha)

Spriocdhátaí don tarchur

31 Ean

30 Meith

31-Lún

30-M. Fómh

31-Ean

30-M. Fómh

30-M. Fómh

31-D. Fómh

31-Ean

30-M. Fómh

31-Lún

bliain n

bliain n

bliain n

bliain n

bliain n + 1

bliain n + 1

bliain n

bliain n

bliain n + 1

bliain n + 1

bliain n

 

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

 

BS os cionn an tairsigh

BS os cionn an tairsigh

BS os cionn an tairsigh

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

BS os cionn an tairsigh

Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síol) (1)

X

R

X

R

Gránaigh (seachas rís) (1)

X

X

X

X

Gnáthchruithneacht agus speilt (1)

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

mar atá: Geamhchruithneacht (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Cruithneacht dúraim (1)

X

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

Seagal agus maislin (1)

X

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

Eorna (1)

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

mar atá: Eorna gheimhridh (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Coirce (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Gránaigh mheasctha seachas maislin (1)

X

X

X

X

Grán buí agus meascán arbhair mhilis (1)

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

Sorgum (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Triteacál (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Muiléad, ruán, síolta éan (1)

X

X

X

X

Rís (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

mar atá:

Indica

X

X

X

X

Japonica

X

X

X

X



CUID B

 

Limistéar arna shaothrú

(1 000 heicteár)

Táirgeadh buainte

(1 000 tona)

Táirgeacht

(100 kg/ha)

Spriocdhátaí don tarchur

31 Ean

30 Meith

31 Lún

30 M. Fómh

31 Márta

30 M. Fómh

30 M. Fómhair

31 D. Fómh

31 Márta

30 M. Fómh

31 Lún

bliain n

bliain n

bliain n

bliain n

bliain n + 1

bliain n + 1

bliain n

bliain n

bliain n + 1

bliain n + 1

bliain n

 

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

 

BS os cionn an tairsigh

BS os cionn an tairsigh

BS os cionn an tairsigh

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

Na BS go léir

BS os cionn an tairsigh

Pulsanna triomaithe agus barra próitéine do tháirgeadh gráin

(lena n-áirítear síolta agus meascáin de ghránaigh agus de phulsanna) (1)

X

R

X

X

Piseanna léana (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Pónairí leathana agus léana (1)

X

X

X

X

X

X

X

X

Lúipíní milse (1)

X

X

X

X

Pulsanna triomaithe eile g.a.e

X

X

Barra fréimhe

X

X

X

X

Prátaí (lena n-áirítear prátaí luatha agus prátaí síl)

X

X

X

X

X

X

X

X

Biatas siúcra (seachas síolta)

X

X

X

X

R

X

X

R

Barra eile fréimhe g.a.e.

X

X

Barra tionsclaíocha

X

X

X

X

Ráib agus tornapa ráibe (1)

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

mar atá: Ráib gheimhridh

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Síol lus na gréine (1)

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

Ros lín (líon ola) (1)

X

R

X

X

Soighe (1)

X

X

X

X

R

X

X

X

R

X

Síol cadáis (1)

X

X

Barra eile síol ola (1)

X

X

Líon snáithín

X

R

X

X

Cnáib

X

X

X

X

Snáithín cadáis

X

R

X

X

Leannlusanna

X

X

X

X

Tobac

X

R

X

R

Plandaí aramatacha, plandaí míochaineacha agus cócaireachta

X

X

Barra fuinnimh g.a.e.

X

X

X

X

Plandaí a bhuaintear agus iad glas

X

X

Bliantóga a bhuaintear agus iad glas

X

X

X

X

mar atá: Arbhar Indiach glas

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Gránaigh a bhuaintear agus iad glas

X

X

X

X

Plandaí léagúmacha

X

X

Féara sealadacha agus féarach

X

X

(1)   Tabharfar na figiúirí le haghaidh na táirgí seo mar mheánmhéid bogthaise, a chuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún in Eanáir/Márta den bhliain n + 1 (colún 9).

NB: Tá meastacháin do cholúin 1, 2, 3 agus 11 éigeantach do Bhallstáit le meántáirgeadh náisiúnta le trí bliana anuas os cionn:

3 000 000 tona i gcás gnáthchruithneachta,

1 000 000 tona i gcás cruithneachta dúraim,

900 000 tona i gcás eorna,

100 000 tona i gcás seagail agus maislin,

1 500 000 tona i gcás gráin bhuí,

200 000 tona i gcás triteacáil,

150 000 tona i gcás coirce,

150 000 tona i gcás sorguim,

150 000 tona i gcás ríse,

70 000 tona i gcás piseanna léana,

50 000 tona i gcás pónairí léana,

300 000 tona i gcás ráibe,

200 000 tona i gcás lus na gréine,

60 000 tona i gcás soighe,

700 000 tona i gcás prátaí,

2 500 000 tona i gcás biatas siúcra,

agus 4 500 000 tona i gcás arbhair ghlais.



Tábla 2

Glasraí, mealbhacáin agus sútha talún

 

Limistéar buainte

(1 000 heicteár)

Táirgeadh buainte

(1 000 tona)

Spriocdhátaí don tarchur

31 Márta

bliain n + 1

31 Márta

bliain n + 1

 

1

2

GLASRAÍ, MEALBHACÁIN AGUS SÚTHA TALÚN

X

 

Brassica

Cóiliseacha agus brocailí

X

X

Cabáiste (bán)

X

X

Glasraí duilleacha nó glasraí gais

Soilire

X

X

Cainneanna

X

X

Leitísí

X

X

mar atá: faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana (1)

X

 

Eindíbhí

X

X

Spionáiste

X

X

Asparagas

X

X

Siocaire

X

X

Bliosáin

X

X

Glasraí arna saothrú le haghaidh torthaí

Trátaí

X

X

mar atá: Trátaí le tomhailt agus iad úr

X

X

mar atá: faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana (1)

X

 

Cúcamair

X

X

mar atá: faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana (1)

X

 

Gircíní

X

X

Mealbhacáin

X

X

Mealbhacáin uisce

X

X

Ubhthorthaí

X

X

Cúirséid

X

X

Piobar dearg, capsicum

X

X

mar atá: faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana (1)

X

 

Glasraí ar tiúbair, fréimhe nó bleibíní iad

Cairéid

X

X

Gairleog

X

X

Oinniúin

X

X

Seallóidí

X

X

Soiliriac

X

X

Raidisí

X

X

Pulsanna

X

 

Piseanna

X

X

Pónairí

X

X

Sútha talún

X

X

mar atá: faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana (1)

X

 

Muisiriúin shaothraithe

X

X

(1)   Meastacháin atá éigeantach do Bhallstáit a bhfuil limistéar táirgthe de 500 ha nó níos mó ná 500 ha acu.



Tábla 3

Barra buana

 

Limistéar táirgthe

(1 000 heicteár)

Táirgeadh buainte

(1 000 tona)

Spriocdhátaí don tarchur

31 Márta

bliain n + 1

31 Márta

bliain n + 1

30 M. Fómh

bliain n + 1

 

1

2

3

BARRA BUANA

X

 
 

Torthaí ó chriosanna aeráide measartha

Úlla

X

X

 

mar atá: Úlla le tomhailt agus iad úr

 

X

 

Piorraí

X

X

 

Péitseoga

X

X

 

Neachtairíní

X

X

 

Aibreoga

X

X

 

Silíní

X

X

 

mar atá: Silíní géara

X

X

 

Plumaí

X

X

 

Speicis chaor

Cuiríní dubha

X

X

 

Sútha craobh

X

X

 

Cnónna (1)

Gallchnónna

X

X

 

Collchnónna

X

X

 

Almóinní

X

X

 

Cnónna capaill

X

X

 

Torthaí ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha

Figí

X

X

 

Cíobhaíonna

X

X

 

Abhacáid

X

X

 

Bananaí

X

X

 

Torthaí citris (1)

X

 
 

Pomalón agus seadóg

X

 

X

Líomóidí agus líomaí aigéadacha

X

 

X

Oráistí

X

 

X

Torthaí beaga citris

X

 

X

Satsúmaí

X

 

X

Cleimintíní

X

 

X

Fíonghoirt (1)

X

X

 

Fíonghoirt d’fhíon

X

X

 

mar atá:

Fíonta a bhfuil a sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

X

X

 

Fíonta a bhfuil tásca geografacha faoi chosaint

X

X

 

Fíonta eile

X

X

 

Fíonghoirt d’fhíonchaora boird

X

X

 

Fíonghort do rísíní

X

X

 

Crainn olóige (1)

Crainn olóige d’ológa boird

X

X

 

Crainn olóige d’ola olóige

X

X

 

(1)   Éigeantach do Bhallstáit a bhfuil limistéar náisiúnta táirgthe 500 ha nó níos mó ná 500 ha acu.



Tábla 4

Úsáid talún talmhaíochta

 

Príomhlimistéar

(1 000 heicteár)

Spriocdháta don tarchur

30 M. Fómh

bliain n + 1

Limistéar talmhaíochta arna úsáid

R

Talamh arúil

R

Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síolta)

X

Pulsanna triomaithe agus barra próitéine do tháirgeadh gráin

(lena n-áirítear síolta agus meascáin de ghránaigh agus de phulsanna)

X

Prátaí (lena n-áirítear prátaí luatha agus prátaí síl)

X

Biatas siúcra (seachas síolta)

X

Barra tionsclaíocha

X

Úrghlasraí, mealbhacáin, agus sútha talún

X

Bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna)

X

Plandaí a bhuaintear agus iad glas

X

Barra eile talún arúla

X

Talamh branair

R

Féarthailte buana

R

Barra buana

X

mar atá:

Plandálacha torthaí agus plandálacha caor

R

Plandálacha olóige

R

Fíonghoirt

R

Plandlanna

X



( 1 ) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Feabhra 2009 (nár foislíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Meitheamh 2009.

( 2 ) IO L 88, 3.4.1990, lch. 1.

( 3 ) IO L 98, 24.4.1993, lch. 1.

( 4 ) An comhaontú Idirinstitiúideach maidir le reachtú níos fearr (IO C 321, 31.12.2003, lch. 1).

( 5 ) IO L 321, 1.12.2008, lch. 14.

( 6 ) IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

( 7 ) IO L 179, 7.8.1972, lch. 1.

( 8 ) IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

( 9 ) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

( 10 ) IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

( 11 ) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

( 12 ) Tabharfar na figiúirí le haghaidh na táirgí seo mar mheánmhéid bogthaise, a chuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún in Eanáir/Márta den bhliain n + 1 (colún 9).