02008R0765 — GA — 16.07.2021 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
►M1 RIALACHÁN (CE) Uimh. 765/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 ◄ (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 218 13.8.2008, lch. 30) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2019/1020 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 169 |
1 |
25.6.2019 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 765/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Iúil 2008
lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
▼M1 —————
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
▼M1 —————
ciallóidh ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a chuireann táirge á dhearadh nó á mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;
ciallóidh ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Chomhphobal a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i dtaca le tascanna sainithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin reachtaíocht iomchuí Chomhphobail;
ciallóidh ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Chomhphobail;
ciallóidh ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas monaróir nó allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;
ciallóidh ‘oibreoirí eacnamaíocha’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;
ciallóidh ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad lena bhforordaítear na ceanglais theicniúla a chaithfidh táirge, próiseas nó seirbhís a chomhlíonadh;
ciallóidh ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán arna ghlacadh ag ceann de na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na Rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise ( 1 ) bunaithe ar iarraidh arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;
ciallóidh ‘creidiúnú’ fianú ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta go gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos le caighdeáin chomhchuibhithe chun gníomhaíocht measúnaithe chomhréireachta shonrach a chur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, aon cheanglais bhreise, lena n-áirítear ceanglais a leagtar amach i scéimeanna ábhartha earnálacha;
ciallóidh ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ an t-aon chomhlacht amháin i mBallstát a dhéanann creidiúnú agus a mbeidh údarás faighte aige chuige sin ón Stát;
ciallóidh ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cibé ar comhlíonadh ceanglais shainiúla a bhaineann le táirge, próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht;
ciallóidh ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniúchán agus cigireacht;
▼M1 —————
ciallóidh ‘meastóireacht phiara’ próiseas ina measann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, agus a dhéantar i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí teicniúla earnálacha breise;
▼M1 —————
ciallóidh ‘an marc CE’ marc lena léiríonn an monaróir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na ceanglais atá infheidhme agus a leagtar síos sa reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú lena bhforáiltear maidir leis an marc sin a chur ar an táirge;
ciallóidh ‘an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú’ aon reachtaíocht lena ndéantar comhchuibhiú ar na coinníollacha do mhargú na dtáirgí.
CAIBIDIL II
CREIDIÚNÚ
Airteagal 3
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le creidiúnú, a úsáidtear ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach, agus a bhaineann le measúnú comhréireachta, bíodh an measúnú sin éigeantach nó ná bíodh, agus gan spleáchas do stádas dlíthiúil an chomhlachta a dhéanann an creidiúnú.
Airteagal 4
Prionsabail ghinearálta
Airteagal 5
Oibriú an chreidiúnaithe
Airteagal 6
Prionsabal na neamh-iomaíochta
Airteagal 7
Creidiúnú trasteorann
I gcás ina n-iarrfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnú, is chuig comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina mbeidh sé bunaithe nó chuig an gcomhlacht creidiúnaithe a mbeidh an Ballstát dulta ar a iontaoibh a dhéanfaidh sé an t-iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 4(2).
Féadfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta, áfach, creidiúnú ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a iarraidh, seachas na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, in aon cheann de na himthosca a leanas:
i gcás inar chinn an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe gan comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bhunú agus nach ndeachaidh sé ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 4(2);
i gcás nach ndéanann na comhlachtaí creidiúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír creidiúnú i dtaca leis na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a bhfuil creidiúnú iarrtha ina leith;
i gcás nach bhfuil meastóireacht phiara faoi Airteagal 10, i dtaca leis na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a bhfuil an creidiúnú iarrtha ina leith, déanta go rathúil ar na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 8
Ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta
Comhlíonfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta na ceanglais seo a leanas:
beidh sé eagraithe ar shlí go mbeidh sé neamhspleách ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh measúnú á dhéanamh aige orthu agus ar bhrúnna tráchtála, agus ar shlí a áiritheoidh nach mbeidh aon choinbhleachtaí leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta ann;
beidh sé eagraithe agus riartha ar shlí a dhéanfaidh coimirce ar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí;
áiritheoidh sé go mbeidh gach cinneadh a bhaineann le fianú na hinniúlachta glactha ag daoine inniúla nach iad na daoine céanna iad a rinne an measúnú;
beidh socruithe leordhóthanacha déanta aige chun coimirce a dhéanamh ar rúndacht na faisnéise a gheofar;
aithneoidh sé na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a bhfuil sé inniúil ar chreidiúnú a dhéanamh orthu, ag tagairt, nuair is iomchuí, don reachtaíocht Chomhphobail nó don reachtaíocht náisiúnta agus do chaighdeáin;
bunóidh sé na nósanna imeachta is gá chun bainistíocht éifeachtach agus rialuithe inmheánacha iomchuí a áirithiú;
beidh líon comhaltaí foirne inniúla ar fáil dó ar leor é chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh mar is iomchuí;
déanfaidh sé tuairisciú ar dhualgais, ar fhreagrachtaí agus ar údaráis an phearsanra a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do cháilíocht an mheasúnaithe agus d'fhianú na hinniúlachta;
déanfaidh sé na nósanna imeachta maidir le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar inniúlacht na gcomhaltaí foirne lena mbaineann a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil;
fíoróidh sé go bhfuil measúnuithe comhréireachta á ndéanamh ar shlí chuí, rud a chiallaíonn nach gcuirfear ualaí nach bhfuil gá leo ar ghnóthais agus go dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta a bhíonn an teicneolaíocht táirge a bhíonn i gceist agus ar chineál olltáirgthe nó ar chineál sraitheach an phróisis táirgíochta;
foilseoidh sé cuntais iniúchta bhliantúla i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar go coitianta leo.
Airteagal 9
Na ceanglais a chomhlíonadh
Airteagal 10
Meastóireacht phiara
Airteagal 11
Toimhde na comhréireachta do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta
Airteagal 12
Oibleagáid faisnéise
Airteagal 13
Iarrataí chuig an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14
Féadfaidh an Coimisiún freisin, agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 á leanúint aige:
a iarraidh ar an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 critéir agus nósanna imeachta meastóireachta a leagan síos don mheastóireacht phiara agus scéimeanna creidiúnaithe earnálacha a fhorbairt;
glacadh le haon scéimeanna atá ann cheana agus a leagann síos critéir agus nósanna imeachta meastóireachta don mheastóireacht phiara.
Airteagal 14
An bonneagar creidiúnaithe Eorpach
CAIBIDIL III
CREAT AN CHOMHPHOBAIL MAIDIR LE FAIREACHAS MARGAIDH AGUS RIALUITHE NA dTÁIRGÍ A THAGANN ISTEACH I MARGADH AN CHOMHPHOBAIL
ROINN 1
Forálacha Ginearálta
▼M1 —————
ROINN 2
Creat an Chomhphobail Maidir le Faireachas Margaidh
▼M1 —————
ROINN 3
Rialuithe ar Tháirgí a Thagann isteach i Margadh an Chomhphobail
▼M1 —————
CAIBIDIL IV
AN MARC CE
Airteagal 30
Prionsabail ghinearálta an mhairc CE
CAIBIDIL V
MAOINIÚ COMHPHOBAIL
Airteagal 31
Comhlacht a mbeidh aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige
Comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14, measfar gur comhlacht é a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige de réir bhrí Airteagal 162 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a chur chun feidhme ( 2 ).
Airteagal 32
Gníomhaíochtaí atá incháilithe do mhaoiniú Comhphobail
Féadfaidh an Comhphobal na gníomhaíochtaí a leanas a mhaoiniú i ndáil leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm:
táirgeadh agus athbhreithniú na scéimeanna creidiúnaithe earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 13(3);
gníomhaíochtaí rúnaíocht an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14, amhail comhordú gníomhaíochtaí creidiúnaithe, próiseáil oibre teicniúla atá nasctha le hoibriúchán an chórais mheastóireachta piara, soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara agus rannpháirteachas an chomhlachta i ngníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an chreidiúnaithe;
ábhar a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta a bhaineann le treoirlínte sna réimsí a bhaineann le creidiúnú, le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus le measúnú comhréireachta;
▼M1 —————
réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, méadreolaíochta agus creidiúnaithe atá nasctha leis an reachtaíocht Chomhphobail a chur chun feidhme, amhail staidéir, cláir, meastóireachtaí, treoirlínte, anailísí comparáideacha, comhchuairteanna frithpháirteacha, obair thaighde, bunachair sonraí a fhorbairt agus a chothabháil, gníomhaíochtaí oiliúna, obair saotharlainne, promhadh inniúlachta, tástálacha idirshaotharlainne agus obair measúnaithe comhréireachta;
gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chláir um chúnamh teicniúil, comhoibriú le tríú tíortha, agus an measúnú comhréireachta Eorpach agus beartais agus córais creidiúnaithe i measc na bpáirtithe leasmhara sa Chomhphobal agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a fheabhsú..
Airteagal 33
Comhlachtaí atá incháilithe do mhaoiniú Comhphobail
Féadfar maoiniú Comhphobail a dheonú don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 32 a chur chun feidhme.
Féadfar maoiniú Comhphobail a dheonú, áfach, do chomhlachtaí eile freisin chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 32, seachas na gníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1(a) agus (b) den Airteagal sin, a chur i gcrích.
Airteagal 34
Maoiniú
Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí arna gcionroinnt ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a shocrú gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais a bheidh i bhfeidhm.
Airteagal 35
Socruithe airgeadais
Cuirfear maoiniú Comhphobail ar fáil:
gan glao ar thograí, don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(a) go (g) ar féidir deontais a dhámhachtain ina leith i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais a chur i gcrích;
i bhfoirm deontas tar éis glao ar thograí, nó trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, do chomhlachtaí eile chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(c) go (g) a chur i gcrích.
Airteagal 36
Bainistíocht agus monatóireacht
Airteagal 37
Cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 38
Treoirlínte teicniúla
Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha a tharraingt suas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara.
Airteagal 39
Forálacha idirthréimhseacha
Féadfaidh deimhnithe creidiúnaithe a eiseofar roimh an 1 Eanáir 2010 a bheith fós bailí go dtí a ndáta éaga, ach ní mhairfidh an bhailíocht sin níos faide ná an 31 Nollaig 2014. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás síneadh a chur leo nó i gcás a n-athnuachana.
Airteagal 40
Athbhreithniú agus tuairisciú
Faoin 2 Meán Fómhair 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2001/95/CE agus maidir le cur i bhfeidhm aon ionstraime Comhphobail ábhartha eile a dhéileálann le faireachas margaidh. Déanfar anailís sa tuarascáil sin, go háirithe, ar chomhréireacht rialacha an Chomhphobail i réimse an fhaireachais margaidh. Más iomchuí, beidh tograí chun na hionstraimí lena mbaineann a leasú agus/nó a chomhdhlúthú, ar mhaithe le rialáil fheabhsaithe agus ar mhaithe le simpliú, leis an tuarascáil. Beidh meastóireacht inti maidir le raon feidhme Chaibidil III den Rialachán seo a leathnú chuig na táirgí go léir.
Faoin 1 Eanáir 2013, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Airteagal 41
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis d'oibreoirí eacnamaíocha, a bhféadfadh smachtbhannaí coiriúla as sáruithe tromchúiseacha, a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, a bheith san áireamh iontu agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar iad a mhéadú má bhíonn sárú comhchosúil ar fhorálacha an Rialacháin seo déanta ag an oibreoir eacnamaíoch iomchuí roimhe sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 1 Eanáir 2010 agus tabharfaidh sé fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 42
Leasú ar Threoir 2001/95/CE
Cuirfear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE:
Airteagal 43
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 44
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2010.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Ceanglais atá infheidhme maidir leis an gcomhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14
1. Beidh an comhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14 den Rialachán (‘an comhlacht’) bunaithe laistigh den Chomhphobal.
2. Faoi bhunreacht an chomhlachta, beidh comhlachtaí measúnaithe náisiúnta ó laistigh den Chomhphobal i dteideal a bheith ina gcomhaltaí de, ar an gcoinníoll go gcomhallann siad rialacha agus cuspóirí an chomhlachta agus go gcomhallann siad na coinníollacha eile a leagtar amach anseo agus a bheidh comhaontaithe leis an gCoimisiún sa chomhaontú réime.
3. Rachaidh an comhlacht i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir.
4. Cuirfidh an comhlacht seirbhísí meastóireachta piara ar fáil dá chomhaltaí lena sásófar ceanglais Airteagal 10 agus Airteagal 11.
5. Comhoibreoidh an comhlacht leis an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo.
IARSCRÍBHINN II
An marc CE
1. Beidh an marc CE comhdhéanta de na túslitreacha ‘CE’ agus iad san fhoirm seo a leanas:
2. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an marc CE cloífear leis na comhréireanna a thugtar sa liníocht chéimnithe atá i mír 1.
3. I gcás nach bhforchuirfear toisí sonracha le reachtaíocht shonrach, beidh an marc CE 5 mm ar airde, ar a laghad.
( ) IO L 204, 21.7.1998, lch. 37. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/96/CE ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 81).
( ) IO L 357, 31.12.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 478/2007 (IO L 111, 28.4.2007, lch. 13).
( ) IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.