02008R0452 — GA — 01.01.2021 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (CE) Uimh. 452/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Aibreán 2008 i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 145 4.6.2008, lch. 227) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1700 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 10 Deireadh Fómhair 2019 |
L 261I |
1 |
14.10.2019 |
|
RIALACHÁN (CE) Uimh. 452/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Aibreán 2008
i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i réimse an oideachais agus na foghlama ar feadh an tsaoil.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
sainmhínítear ‘staidreamh Comhphobail’ faoi mar a shainmhínítear é sa chéad fhleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;
sainmhínítear ‘táirgeadh staidrimh’ faoi mar a shainmhínítear é sa dara fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;
sainmhínítear ‘údaráis náisiúnta’ faoi mar a shainmhínítear é sa tríú fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;
ciallaíonn ‘oideachas’ cumarsáid eagraithe, leanúnach a bhfuil an fhoghlaim ceaptha a bheith mar thoradh uirthi ( 1 );
ciallaíonn ‘foghlaim ar feadh an tsaoil’ aon ghníomhaíocht foghlama a dhéantar i gcaitheamh an tsaoil, agus arb é an aidhm atá léi cur leis an eolas, leis na scileanna agus leis na hinniúlachtaí atá ag daoine ó thaobh cúrsaí pearsanta, cúrsaí sibhialta, cúrsaí sóisialta agus/nó ó thaobh na fostaíochta de ( 2 );
ciallaíonn ‘micreashonraí’ taifid aonair staidrimh;
ciallaíonn ‘sonraí rúnda’ sonraí nach gceadaíonn na haonaid staidrimh a aithint ach go hindíreach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90.
Airteagal 3
Fearainn
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgeadh staidrimh in dhá fhearann:
cumhdóidh Fearann 1 staidreamh maidir le córais oideachais agus oiliúna;
cumhdóidh Fearann 2 staidreamh eile maidir le hoideachas agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, amhail staidreamh maidir le caipiteal daonna agus maidir leis an leas sóisialta agus eacnamaíoch a thagann as an oideachas, ar staidreamh é nach gcumhdaítear le Fearann 1 ná le Rialachán (AE)2019./1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ). Táirgfear staidreamh sna fearainn sin i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 4
Gníomhartha staidrimh
1. Déanfar táirgeadh staidrimh Chomhphobail i réimse an oideachais agus i réimse na foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun feidhme trí na gníomhartha aonair staidrimh seo a leanas:
déanfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an oideachas agus leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a sheachadadh go rialta faoi na spriocdhátaí arna sonrú d’Fhearann 1;
bainfear úsáid as córais eile faisnéise staidrimh agus as suirbhéanna staidrimh chun athróga agus táscairí breise a sholáthar maidir le hoideachas agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, a bheidh ag freagairt d’Fhearann 2;
caighdeáin agus lámhleabhair maidir le creataí, coincheapa agus modhanna staidrimh a fhorbairt, a fheabhsú agus a thabhairt cothrom le dáta;
feabhas a chur ar cháilíocht sonraí, i gcomhthéacs an chreata cáilíochta, ina n-áireofar:
Cuirfidh an Coimisiún na cumais atá ar fáil sna Ballstáit chun sonraí a bhailiú agus chun coincheapa agus modhanna a phróiseáil agus a fhorbairt san áireamh.
I gcás inarb iomchuí, tabharfar aird ar leith agus déanfar breithniú ar leith ar dhiminsean réigiúnach na sonraí a bhaileofar: i gcás inarb iomchuí, miondealófar na sonraí go córasach de réir inscne.
2. Aon uair is féidir, iarrfaidh an Coimisiún (Eurostat) a gcomhar ar ISU, ar an ECFE agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta eile d’fhonn inchomparáideacht sonraí idirnáisiúnta a áirithiú agus dúbailt saothair a sheachaint, go háirithe maidir le coincheapa agus modhanna staidrimh a fhorbairt agus a fheabhsú agus maidir le seachadadh an staidrimh ag na Ballstáit.
3. Aon uair a shainaithnítear riachtanais nua shuntasacha maidir le sonraí nó caighdeán neamh leordhóthanach sonraí agus sula mbaileofar aon sonraí, tionscnóidh an Coimisiún (Eurostat) treoirstaidéir a chuirfidh na Ballstáit i gcrích ar bhonn deonach. Seolfar na treoirstaidéir sin chun indéantacht an bhailiúcháin ábhartha sonraí a mheasúnú, agus aird á tabhairt ar bhuntáistí infhaighteacht na sonraí i ndáil le costais an bhailiúcháin agus leis an ualach a bheadh ar na freagróirí. Ní gá go dtiocfadh ó na treoirstaidéir bearta cur chun feidhme a d’fhreagródh dóibh.
Airteagal 5
Micreashonraí maidir le daoine aonair a tharchur
Nuair is gá sin chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh, tarchuirfidh na Ballstáit micreashonraí rúnda a thiocfaidh ó shuirbhéanna samplacha chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta agus a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1588/90. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar na haonaid staidrimh (na daoine aonair) a shainaithint go díreach ó na sonraí a tharchuirfear.
Airteagal 6
Bearta cur chun feidhme
1. Na bearta seo a leanas a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, lena n-áirítear bearta chun aird a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla maidir leis na sonraí a bhailiú, a tharchur agus a phróiseáil, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3) d’fhonn a áirithiú go dtarchuirfear sonraí d’ardchaighdeán:
na hábhair a chumhdaíonn na fearainn agus a dtréithe mar fhreagairt ar riachtanais bheartais nó theicniúla a roghnú agus a shonrú;
miondealuithe na dtréithe;
tréimhse an bhreathnaithe agus na spriocdhátaí do tharchur na dtorthaí;
na ceanglais cháilíochta, lena n-áirítear an cruinneas is gá;
an creat don tuairisciú cáilíochta.
Más gá, de thoradh na mbeart sin, na bailiúcháin sonraí atá ann a mhéadú go suntasach nó bailiúcháin nua sonraí a dhéanamh nó suirbhéanna nua sonraí a thionscnamh, bunófar cinntí cur chun feidhme ar anailís costais/sochair a bheidh mar chuid d’anailís chuimsitheach ar na hiarmhairtí agus na himpleachtaí, agus aird á tabhairt ar bhuntáiste na mbeart, ar na costais do na Ballstáit agus ar an ualach ar na freagróirí.
2. Leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird ar na nithe seo a leanas:
i ndáil leis an dá Fhearann, an t‐ualach a d’fhéadfaí a chur ar institiúidí oideachais agus ar dhaoine aonair;
i ndáil leis an dá Fhearann, torthaí na dtreoirstaidéar dá dtagraítear in Airteagal 4(3);
i ndáil le Fearann 1, na comhaontuithe is deireanaí idir ISU, ECFE agus an Coimisiún (Eurostat) maidir le coincheapa, sainmhínithe, formáid bhailithe na sonraí, próiseáil na sonraí, tréimhsiúlacht agus na spriocdhátaí do tharchur na dtorthaí;
i ndáil le Fearann 2, infhaighteacht, oiriúnacht agus comhthéacs dlíthiúil fhoinsí sonraí an Chomhphobail atá ann cheana tar éis scrúdú iomlán a dhéanamh ar na foinsí sonraí uile atá ann.
3. Más gá, glacfar maoluithe teoranta agus idirthréimhsí do Bhallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin, iad araon arna mbunú ar chúinsí oibiachtúla, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).
Airteagal 7
An Coiste
1. Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
FEARAINN
Fearann 1: córais oideachais agus oiliúna
1. Aidhm
Is é aidhm an bhailiúcháin sonraí seo sonraí inchomparáide a chur ar fáil maidir le gnéithe lárnacha de na córais oideachais agus oiliúna, go sonrach maidir le rannpháirtíocht i gcláir oideachais agus le críochnú na gclár sin, agus freisin maidir le costas agus le cineál na n-acmhainní a thiomnaítear don oideachas agus don oiliúint.
2. Raon feidhme
Cumhdóidh an bailiúchán sonraí na gníomhaíochtaí intíre oideachais uile gan aird ar úinéireacht ná ar urraíocht na n-institiúidí lena mbaineann (cibé acu poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó eachtrannach) agus gan aird ar mheicníocht soláthair an oideachais. Dá réir sin, cumhdóidh na bailiúcháin sonraí na cineálacha uile mac léinn agus na haoisghrúpaí uile.
3. Ábhair a chumhdófar
Baileofar sonraí maidir leis na nithe seo a leanas:
clárú mac léinn, lena n-áirítear tréithe na mac léinn;
mic léinn nua;
céimithe agus bronntaí céime;
caiteachas ar oideachas;
an fhoireann oideachais;
na teangacha eachtrannacha a fhoghlaimítear;
an líon daoine sna ranganna;
agus féadfar na táscairí a ríomh de réir na n-ionchur, na bpróiseas agus thorthaí na gcóras oideachais agus oiliúna.
Tarchuirfidh na Ballstáit faisnéis iomchuí (meiteashonraí) lena ndéanfaidh siad cur síos ar shainiúlachtaí na gcóras náisiúnta oideachais agus oiliúna agus a mhéid atá siad ag luí le haicmí idirnáisiúnta chomh maith le haon imeacht ó shonraíochtaí na hiarrata ar shonraí agus aon fhaisnéis eile a bheidh riachtanach chun na sonraí a léirmhíniú agus chun táscairí inchomparáide a thiomsú.
4. Tréimhsiúlacht
Soláthrófar sonraí agus meiteashonraí go bliantúil, mura sonrófar a mhalairt, laistigh de na spriocdhátaí a chomhaontófar idir an Coimisiún (Eurostat) agus na húdaráis náisiúnta agus aird á tabhairt ar na comhaontuithe is deireanaí idir ISU, an ECFE agus an Coimisiún (Eurostat).
Fearann 2: Staidreamh eile maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil
1. Aidhm
Is é aidhm an bhailiúcháin sonraí seo sonraí inchomparáide breise a chur ar fáil maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil chun tacú le beartais shonracha ar leibhéal an Chomhphobail nach n‐áirítear i bhFearann 1.
2. Raon feidhme
Tagróidh staidreamh eile maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil do na gnéithe seo a leanas:
staidreamh maidir le hoideachas agus leis an ngeilleagar atá riachtanach ar leibhéal an Chomhphobail chun monatóireacht a dhéanamh ar na beartais i leith oideachais, taighde, iomaíochais agus fáis;
staidreamh maidir le hoideachas agus leis an margadh saothair atá riachtanach ar leibhéal an Chomhphobail chun monatóireacht a dhéanamh ar na beartais fostaíochta;
staidreamh maidir le hoideachas agus le cuimsiú sóisialta atá riachtanach ar leibhéal an Chomhphobail chun faireachán a dhéanamh ar na beartais i leith na bochtaineachta, an chuimsithe shóisialta agus lánpháirtiú imirceach.
I gcás na ngnéithe a liostaítear anseo thuas, gheofar na sonraí is gá ó fhoinsí staidrimh Comhphobail atá ann cheana.
( 1 ) De réir leagan 1997 den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas (ISCED).
( 2 ) Rún ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 maidir leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 163, 9.7.2002, lch. 1).
( 3 ) Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).