02007R0862 — GA — 01.07.2021 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 862/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 199 31.7.2007, lch. 23)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2020/851 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 18 Meitheamh 2020

  L 198

1

22.6.2020




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 862/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna do bhailiú agus do thiomsú staidrimh Chomhphobail i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) 

inimirce chuig críocha na mBallstát agus eisimirce ó chríocha na mBallstát, lena n-áirítear sreafaí ó chríoch Ballstáit amháin chuig críoch Ballstáit eile agus sreafaí idir Ballstát agus críoch tríú tír;

(b) 

saoránacht daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar chríoch na mBallstát agus an tír inar rugadh na daoine sin;

▼M1

(c) 

nósanna imeachta agus próisis riaracháin agus bhreithiúnacha sna Ballstáit a bhaineann le hinimirce, deonú ceada cónaithe, saoránacht, tearmann agus cineálacha eile cosanta idirnáisiúnta, teacht isteach neamhdhleathach agus fanacht neamhdhleathach, agus an filleadh.

▼B

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn ‘gnáthchónaí’ an áit ina gcaitheann duine an tréimhse laethúil scíthe, gan féachaint d'asláithreachtaí sealadacha chun críocha áineasa nó saoire, chun cuairt a thabhairt ar chairde agus ar ghaolta, chun críocha gnó, chun dul faoi chóir leighis nó chun dul ar oilithreacht chreidimh; nó, dá cheal sin, an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe;

(b) 

ciallaíonn ‘inimirce’ an gníomh lena dtéann duine chun gnáthchónaithe ar chríoch Ballstáit ar feadh tréimhse atá, nó a bhfuiltear ag súil a bheidh, dhá mhí dhéag ar a laghad ar fad, má bhí gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(c) 

ciallaíonn ‘eisimirce’ an gníomh lena scoireann duine a raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin ar chríoch Ballstát de ghnáthchónaí a bheith air nó uirthi sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse atá, nó a bhfuiltear ag súil a bheidh, dhá mhí dhéag ar a laghad ar fad;

(d) 

ciallaíonn ‘saoránacht’ an nasc dlí faoi leith a bhíonn ann idir duine agus a Stát a rinneadh de bharr gur ann a rugadh é nó í, nó a rinneadh de bharr eadóirseachta, cibé acu an eadóirseacht trí dhearbhú, de rogha nó trí phósadh a bhí ann nó eadóirseacht trí mheán ar bith eile de réir na reachtaíochta náisiúnta;

(e) 

ciallaíonn ‘an tír inar rugadh é nó í’ an tír ina raibh cónaí ar an máthair tráth ar rugadh an duine (de réir na dteorainneacha atá inniu ann, más ann don fhaisnéis sin) nó, dá éagmais sin, an tír (de réir na dteorainneacha atá inniu ann, más ann don fhaisnéis sin) inar rugadh é nó í;

(f) 

ciallaíonn ‘inimirceach’ duine atá ag teacht ar inimirce;

(g) 

ciallaíonn ‘eisimirceach’ duine atá ag dul ar eisimirce;

(h) 

ciallaíonn ‘cónaitheoir fadtéarma’ cónaitheoir fadtéarma mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 é maidir le stádas náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad ( 1 );

(i) 

ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í, de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chonradh, lena n-áirítear daoine gan stát;

▼M1

(j) 

ciallaíonn “iarratas ar chosaint idirnáisiúnta” iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear é i bpointe (h) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i ndáil le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta, le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá i dteideal cosaint choimhdeach a fháil, agus le hábhar na cosanta a dheonaítear ( 2 );

(k) 

ciallaíonn “stádas dídeanaí” stádas dídeanaí mar a shainmhínítear é i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(l) 

ciallaíonn “stádas cosanta coimhdí” stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear é i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(m) 

ciallaíonn “baill teaghlaigh” baill teaghlaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát ( 3 );

▼B

(n) 

ciallaíonn ‘cosaint shealadach’ cosaint shealadach mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(a) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine asáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar ( 4 );

▼M1

(o) 

ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(p) 

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) ( 5 );

(q) 

ciallaíonn “náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh” náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag an teorainn sheachtrach mar nach gcomhlíonann siad na coinníollacha uile maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ná nach mbaineann siad le haon cheann de na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(5) den Rialachán sin;

▼B

(r) 

ciallaíonn ‘náisiúnaigh tríú tíortha a fuarthas i láthair go neamhdhlíthiúil’ náisiúnaigh tríú tíortha a chinntear go hoifigiúil a bheith ar chríoch Ballstáit agus nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha d'fhanacht ná do chónaí sa Bhallstát sin;

(s) 

ciallaíonn ‘athlonnú’, náisiúnaigh tríú tíortha nó daoine gan stát a aistriú ar bhonn measúnaithe ar an ngá atá acu le cosaint idirnáisiúnta agus le buanréiteach, chuig Ballstát ina dtugtar cead cónaithe dóibh agus stádas slán dlíthiúil.

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le húsáid meastachán nó modhanna eile chun staidreamh a oiriúnú bunaithe ar shainmhínithe náisiúnta chun go mbeadh sé i gcomhréir leis na sainmhínithe comhchuibhithe a shonraítear i mír 1, agus maidir leis an éifeacht is dóigh a bheidh ag an úsáid sin.

▼M1 —————

▼B

4.  
Mura mbeidh Ballstát faoi cheangal ag téacs amháin nó ag breis agus téacs amháin de na téacsanna dlíthiúla dá dtagraítear sna sainmhínithe atá i mír 1, ba chóir dó staidreamh a sholáthar atá inchomparáide leis an staidreamh a éilítear faoin Rialachán seo i gcás inar féidir é a sholáthar faoin reachtaíocht atá ann agus/nó faoi na nósanna imeachta riaracháin atá ann.

Airteagal 3

Staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta, leis an bpobal a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát agus le saoránacht a fháil

1.  

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

líon na n-inimirceach a thagann chuig críoch an Bhallstáit, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:

(i) 

ina ngrúpaí saoránachta de réir aoise agus de réir inscne;

(ii) 

ina ngrúpaí de réir na dtíortha inar rugadh na daoine atá i gceist, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne;

(iii) 

ina ngrúpaí de réir na dtíortha ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe sin, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne;

(b) 

líon na n-eisimirceach a imíonn ó chríoch an Bhallstáit, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:

(i) 

de réir grúpaí saoránachta;

(ii) 

de réir aoise;

(iii) 

de réir inscne;

(iv) 

ina ngrúpaí de réir na chéad tíre eile a dtéann siad chun gnáthchónaithe ann;

(c) 

líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Bhallstát i ndeireadh na tréimhse tagartha, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:

(i) 

ina ngrúpaí saoránachta, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne:

(ii) 

ina ngrúpaí de réir na tíre inar rugadh na daoine atá i gceist, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne:

(d) 

líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit agus ar tugadh saoránacht an Bhallstáit dóibh le linn na bliana tagartha agus a raibh saoránacht Ballstáit eile acu roimhe sin nó saoránacht tríú tír nó a bhí gan stát roimhe sin, á ndíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir na saoránachta a bhí ag na daoine lena mbaineann roimhe sin agus de réir na ndaoine a bhí gan stát roimhe sin.

2.  
Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

Airteagal 4

Staidreamh i ndáil le cosaint idirnáisiúnta

1.  

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) staidreamh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) 

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha;

(b) 

daoine a fholaítear le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá á measúnú ag an údarás náisiúnta atá freagrach, i ndeireadh na tréimhse tagartha;

▼M1

(c) 

líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tarraingíodh siar i rith na tréimhse tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir tarraingt siar sainráite agus intuigthe dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 28 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );

▼M1

(d) 

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha agus a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á chur isteach acu den chéad uair;

(e) 

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha agus a ndearnadh a n-iarratais a phróiseáil faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(8) de Threoir 2013/32/AE;

(f) 

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ina dhiaidh sin ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 40 de Threoir 2013/32/AE nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha;

(g) 

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh agus a bhain tairbhe as dálaí glactha ábhartha lena gcuirtear caighdeán leormhaith maireachtála ar fáil do na hiarratasóirí, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), ag deireadh na tréimhse tagartha.

▼M1

Déanfar an staidreamh faoi phointí (a) go (f) a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha míosa féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na míosa tagartha. Eanáir 2021 an chéad mhí tagartha a bheidh i gceist.

Bainfidh an staidreamh faoi phointe (g) le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

▼B

2.  

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar diúltaíodh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, amhail cinntí nó breitheanna inar measadh nach raibh na hiarratais inghlactha nó nach raibh bonn leo agus cinntí nó breitheanna, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais faoi nós imeachta tosaíochta nó faoi nós imeachta brostaithe i rith na tréimhse tagartha;

▼M1

(b) 

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lena ndéantar stádas dídeanaí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(c) 

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lena ndéantar stádas cosanta coimhdí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

▼B

(d) 

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar deonaíodh cosaint shealadach nó lenar tarraingíodh siar an chosaint sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(e) 

daoine a fholaítear le cinntí céadchéime eile nó le breitheanna céadchéime eile lenar deonaíodh údarú chun fanacht ar chúiseanna daonnachtúla faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta nó lenar tarraingíodh siar an t-údarú sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha.

▼M1

Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha trí mhí féilire agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir go Márta 2021 an chéad tréimhse thagartha a bheidh i gceist.

▼B

3.  

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a measann an t-údarás náisiúnta atá freagrach a bheith ina mionaoisigh neamhthionlactha i rith na tréimhse tagartha;

(b) 

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha lena ndiúltaítear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, amhail cinntí nó breitheanna inar measadh nach raibh na hiarratais inghlactha nó nach raibh bonn leo agus cinntí nó breitheanna a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais faoi nós imeachta tosaíochta nó faoi nós imeachta brostaithe i rith na tréimhse tagartha;

▼M1

(c) 

daoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha lena ndéantar stádas dídeanaí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

(d) 

daoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha lena ndéantar stádas cosanta coimhdí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh nó lena ndiúltaítear dá athnuachan, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha;

▼B

(e) 

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le cosaint shealadach a dheonú nó a tharraingt siar;

(f) 

líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha eile nó le breitheanna críochnaitheacha eile a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le húdarú chun fanacht ar chúiseanna daonnachtúla faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a dheonú nó a tharraingt siar i rith na tréimhse tagartha;

(g) 

daoine ar deonaíodh údarú dóibh cónaí i mBallstát faoi chuimsiú scéime Comhphobail nó náisiúnta athlonnaithe i rith na tréimhse tagartha, i gcás ina mbeidh scéim den sórt sin á cur i bhfeidhm sa Bhallstát sin.

▼M1

Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, agus, cé is moite de phointe (a), de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Ina theannta sin, déanfar staidreamh faoi phointe (g) a dhí-chomhiomlánú de réir thír an chónaithe agus de réir an chineáil cinnidh um thearmann.

Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

▼B

4.  

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) an staidreamh seo a leanas a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle ( 8 ) a chur i bhfeidhm:

(a) 

líon na n-iarratas ar iarrthóirí tearmainn a thógáil ar ais nó ar dhul ina bhfeighil;

(b) 

na forálacha a bhfuil na hiarratais dá dtagraítear i mír (a) bunaithe orthu;

(c) 

na cinntí a rinneadh mar fhreagairt ar na hiarratais dá dtagraítear i mír (a);

(d) 

líon na n-aistrithe a rinneadh de bharr na gcinntí dá dtagraítear i mír (c);

(e) 

líon na n-iarratas ar fhaisnéis;

▼M1

(f) 

líon na n-iarrataí athscrúdúcháin le haghaidh iarrthóir tearmainn a ghabháil ar ais nó a ghabháil ar láimh;

(g) 

na forálacha a bhfuil na hiarrataí dá dtagraítear i bpointe (f) bunaithe orthu;

(h) 

na cinntí a rinneadh mar fhreagairt ar na hiarrataí dá dtagraítear i bpointe (f);

(i) 

líon na n-aistrithe a tharlaíonn mar gheall ar na cinntí dá dtagraítear i bpointe (h).

▼M1

Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir inscne agus de réir mionaoisigh thionlactha agus mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

▼B

Airteagal 5

Staidreamh i ndáil le teacht isteach neamhdhleathach agus fanacht neamhdhleathach a chosc

1.  

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

líon na náisiúnach tríú tíortha ar diúltaíodh cead isteach ar chríoch an Bhallstáit dóibh ag an teorainn sheachtrach;

(b) 

líon na náisiúnach tríú tíortha a fuarthas go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit faoi dhlíthe náisiúnta a bhaineann le hinimirce.

▼M1

Déanfar an staidreamh faoi phointe (a) a dhí-chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/399.

Déanfar an staidreamh faoi phointe (b) a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, de réir na bhforas a bhí lena ngabháil agus de réir na háite ar gabhadh iad.

▼B

2.  
Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

Airteagal 6

Staidreamh i ndáil le ceadanna cónaithe agus cónaí náisiúnach tríú tíortha

▼M1

1.  
Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) 

líon na gceadanna cónaithe a eisíodh do náisiúnaigh tríú tír, á dhí-chomhiomlánú mar a leanas:

(i) 

ceadanna a eisíodh i rith na tréimhse tagartha lena ndeonaítear cead cónaithe don náisiúnach tríú tír den chéad uair, á ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir inscne;

(ii) 

ceadanna a eisíodh i rith na tréimhse tagartha agus a deonaíodh tráth a athraíodh an stádas inimirce nó an chúis le fanacht atá ag náisiúnach tríú tír, á ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir inscne;

(iii) 

ceadanna bailí ag deireadh na tréimhse tagartha (líon na gceadanna a eisíodh, nár tarraingíodh siar agus nach ndeachaigh in éag), á ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir inscne;

(b) 

líon na gcónaitheoirí fadtéarma ag deireadh na tréimhse tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir an chineáil stádais fadtéarma, de réir aoise agus de réir inscne;

(c) 

líon na náisiúnach tríú tír a fuair cead cónaithe fadtéarma le linn na bliana tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne.

▼B

2.  
I gcás ina gceadóidh dlíthe náisiúnta agus cleachtas riaracháin Ballstáit go ndeonófaí catagóirí sonracha de víosaí fadtéarma nó go ndeonófaí stádas inimirce seachas cead cónaithe, beidh víosaí agus deonuithe stádais den chineál sin le háireamh sa staidreamh a éilítear faoi mhír 1.

▼M1

3.  
Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

▼B

Airteagal 7

Staidreamh i ndáil le daoine a chuirtear ar ais

1.  

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

líon na náisiúnach tríú tíortha a shuitear a bheith go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit agus atá faoi réir cinnidh riaracháin nó faoi réir breithe breithiúnaí nó faoi réir gnímh bhreithiúnaigh ina ndeirtear nó ina ndearbhaítear go bhfuil a bhfanacht neamhdhleathach agus a chuireann d'oibleagáid orthu críoch an Bhallstáit a fhágáil, á ndíchomhiomlánú de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann;

▼M1

(b) 

líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch an Bhallstáit dáiríre, tar éis cinneadh riaracháin, breith bhreithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, dá dtagraítear i bpointe (a), á dhí-chomhiomlánú de réir shaoránacht na ndaoine a filleadh, de réir an chineáil fillte agus an chúnaimh a fuair siad, agus de réir na tíre cinn scríbe.

2.  
Déanfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 a dhí-chomhiomlánú de réir aois agus inscne an duine lena mbaineann agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha trí mhí féilire agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir go Márta 2021 an chéad tréimhse a bheidh i gceist.

▼B

3.  
Ní áireofar sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1 náisiúnaigh tríú tíortha a aistrítear ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile faoin meicníocht a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 9

Foinsí sonraí agus caighdeáin cháilíochta

1.  

Beidh an staidreamh bunaithe ar na foinsí sonraí seo a leanas, de réir mar a bheidh siad ar fáil sa Bhallstát agus i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta:

(a) 

taifid ar ghníomhartha riaracháin agus breithiúnacha;

(b) 

cláir a bhaineann le gníomhartha riaracháin;

(c) 

cláir dhaonra na ndaoine nó d'fhoghrúpa faoi leith den daonra sin;

(d) 

daonáirimh;

(e) 

suirbhéanna samplacha;

(f) 

foinsí iomchuí eile.

Mar chuid de phróiseas an staidrimh, féadfar modhanna meastacháin staidrimh a úsáid a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus a bhfuil tuairisc mhaith orthu.

▼M1

1a.  
Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirtear faoin Rialachán seo a áirithiú.
1b.  
Beidh feidhm ag na critéir cháilíochta atá liostaithe in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) chun críocha an Rialacháin seo.

▼M1

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún (Eurostat), i bhfoirm tuarascálacha cáilíochta, ar na foinsí sonraí a úsáideadh, na cúiseanna ar roghnaíodh na foinsí sin, na héifeachtaí a bhí ag na foinsí sonraí a roghnaíodh ar cháilíocht an staidrimh, na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a úsáideadh chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus na modhanna meastacháin a úsáideadh, agus coinneoidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon athrú a dhéantar orthu.
3.  
Arna iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an soiléiriú breise is gá dó chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.
4.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas gan mhoill faoi aon athbhreithniú nó faoi aon cheartúchán ar an staidreamh a sholáthraítear faoin Rialachán seo, faoi aon athrú ar na modhanna agus na foinsí sonraí a úsáidtear, agus faoi aon fhaisnéis nó athrú ábhartha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith aige nó aici ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:
(a) 

lena leagtar amach na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear in mír 2 den Airteagal seo agus inneachar na dtuarascálacha sin;

(b) 

maidir leis na bearta a bhaineann le sainiú na bhformáidí iomchuí chun sonraí a tharchur faoin Rialachán seo.

Leis na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a), ní fhorchuirfear ualaí breise ná costais bhreise ar na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

▼M1

Airteagal 9a

Staidéir phíolótacha

1.  
I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, bunóidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir phíolótacha a dhéanfaidh na Ballstáit ar bhonn deonach chun indéantacht bailiúchán nua sonraí nó dí-chomhiomlánuithe nua a thástáil laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear infhaighteacht foinsí iomchuí sonraí agus teicnící táirgthe iomchuí, an cháilíocht agus an inchomparáideacht staidrimh agus na costais agus na hualaí a bheadh i gceist. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), ionadaíochas na staidéar píolótach sin ar leibhéal an Aontais.
2.  
Sula seolfar gach staidéar píolótach ar leith, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú an féidir an staidreamh nua a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil sna foinsí riaracháin ábhartha ar leibhéal an Aontais chun na coincheapa a úsáidtear a chomhchuibhiú, i gcás inar féidir, agus chun ualaí breise ar institiúidí náisiúnta staidrimh agus ar údaráis náisiúnta eile a íoslaghdú agus chun úsáid na sonraí atá ann cheana a fheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) san áireamh freisin an t-ualach a eascraíonn as staidéir phíolótacha leanúnacha eile chun líon na staidéar píolótach atá á dhéanamh le linn na tréimhse ama céanna a theorannú.
3.  

Bainfidh na staidéir phíolótacha dá dtagraítear san Airteagal seo leis na nithe seo a leanas:

(a) 

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4 ina iomláine, dí-chomhiomlánuithe de réir na míosa a cuireadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach;

(b) 

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(1):

(i) 

líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh arb amhlaidh:

— 
go raibh siad díolmhaithe ó nós imeachta brostaithe nó nós imeachta teorann nó a ndearnadh a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil faoi nós imeachta teorann den sórt sin;
— 
nár cláraíodh iad in Eurodac;
— 
gur thíolaic siad fianaise dhoiciméadach a d’fhéadfadh a bheith ina cabhair i ndáil lena gcéannacht a dheimhniú;
— 
go raibh siad faoi choinneáil, á dhí-chomhiomlánú de réir fhad na tréimhse coinneála agus de réir na bhforas leis an gcoinneáil, nó go raibh siad faoi réir cinneadh riaracháin, breith bhreithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndearnadh a gcoinneáil nó malairt eile ar choinneáil a ordú, á dhí-chomhiomlánú de réir chineál na malairte agus de réir na míosa ar eisíodh an cinneadh, an bhreith nó an gníomh sin;
— 
gur bhain siad tairbhe as cúnamh dlíthiúil saor in aisce;
— 
gur bhain siad tairbhe as dálaí glactha ábhartha a shonraítear faoi phointe (g) d’Airteagal 4(1), á dhí-chomhiomlánú de réir aoise, de réir inscne, de réir saoránachta agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha, agus na féidearthachta an staidreamh sin a nascadh le tréimhsí tagartha míosa amháin;
— 
gur mhionaoisigh neamhthionlactha iad ar ceapadh ionadaí dóibh, gur mhionaoisigh neamhthionlactha iad ar deonaíodh rochtain ar an gcóras oideachais dóibh nó gur mhionaoisigh neamhthionlactha iad ar cuireadh iad i gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Threoir 2011/95/AE;
— 
go ndearnadh measúnú aoise orthu, lena n-áirítear torthaí na measúnuithe sin;
(ii) 

meánlíon na mionaoiseach neamhthionlactha a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta in aghaidh an ionadaí;

(c) 

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(2) agus (3):

(i) 

i gcás daoine a chumhdaítear faoi phointe (a) d’Airteagal 4(2) nó pointe (b) d’Airteagal 4(3), dí-chomhiomlánuithe de réir cinntí nó breitheanna lena ndiúltaítear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta:

— 
mar gheall ar iad a bheith neamh-inghlactha, de réir na bhforas lena neamh-inghlacthacht;
— 
mar gheall ar iad a bheith gan bhunús;
— 
mar gheall ar iad a bheith go follasach gan bhunús faoin nós imeachta rialta, de réir na bhforas lena ndiúltú;
— 
mar gheall ar iad a bheith go follasach gan bhunús faoi nós imeachta brostaithe, de réir na bhforas lena ndiúltú agus lena mbrostú;
— 
ar an bhforas go bhfuil an t-iarratasóir incháilithe do chosaint ina thír nó ina tír thionscnaimh;
(ii) 

i gcás daoine a chumhdaítear faoi phointí (b) agus (c) d’Airteagal 4(2) agus pointí (c) agus (d) d’Airteagal 4(3), dí-chomhiomlánuithe de réir cinntí maidir le scor nó eisiamh, á ndí-chomhiomlánú tuilleadh de réir an fhorais shonraigh ar a bhfuil an scor nó an t-eisiamh bunaithe;

(iii) 

líon na ndaoine ar ina leith a glacadh cinntí i ndiaidh agallamh pearsanta;

(iv) 

líon na ndaoine ar ina leith a glacadh cinntí céadchéime nó críochnaitheacha nó breitheanna céadchéime nó críochnaitheacha lena laghdaítear nó lena n-aistarraingítear dálaí glactha ábhartha;

(d) 

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(3), fad na n-achomharc;

(e) 

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(4), dí-chomhiomlánuithe de réir aoise agus de réir saoránachta;

(f) 

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 6:

(i) 

líon na n-iarratas agus na n-iarratas diúltaithe ar cheadanna cónaithe céaduaire arna ndéanamh ag náisiúnaigh tríú tír i rith na tréimhse tagartha, á dhí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar iarradh an cead, de réir aoise agus de réir inscne;

(ii) 

líon na n-iarratas diúltaithe ar cheadanna cónaithe tráth a athraíodh an stádas imirce nó an chúis le fanacht atá ag náisiúnach tríú tír;

(iii) 

líon na gceadanna cónaithe a eisíodh ar chúiseanna teaghlaigh, á dhí-chomhiomlánú de réir na cúise ar eisíodh an cead agus de réir stádas urraitheoir an náisiúnaigh tríú tír;

(g) 

i gcás staidreamh a éilítear faoi Airteagal 7, dí-chomhiomlánuithe de réir na nithe seo a leanas:

(i) 

na cúiseanna leis na cinntí, breitheanna nó gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo;

(ii) 

líon na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal sin agus a bhí faoi réir toirmeasc ar theacht isteach;

(iii) 

líon na ndaoine i nósanna imeachta um fhilleadh atá faoi réir cinneadh riaracháin, breith bhreithiúnach nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndéantar a gcoinneáil a ordú, á dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir fhad na tréimhse choinneála, nó lena ndéantar malairt eile ar choinneáil a ordú, á dhí-chomhiomlánú de réir chineál na malairte, agus de réir na míosa ar eisíodh an cinneadh, an bhreith nó an gníomh sin;

(iv) 

líon na ndaoine a filleadh, á dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir na tíre cinn scríbe agus de réir chineál an chinnidh, na breithe nó an ghnímh mar a leanas:

— 
i gcomhréir le comhaontú foirmiúil de chuid an Aontais um athligean isteach;
— 
i gcomhréir le socrú neamhfhoirmiúil de chuid an Aontais um athligean isteach;
— 
i gcomhréir le comhaontú náisiúnta um athligean isteach.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastóireacht ar thorthaí na staidéar píolótach i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus cuirfidh sé na torthaí sin ar fáil go poiblí. Mar chuid den mheastóireacht, déanfar measúnú ar bhreisluach na mbailiúchán nua sonraí faoi na staidéir phíolótacha ar leibhéal an Aontais agus déanfar anailís éifeachtachta costais, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh i gcomhréir le Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
5.  
Agus an mheastóireacht dhearfach ar thorthaí na staidéar píolótach á cur san áireamh aige, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca leis na nithe dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
6.  
Le gur fusa a bheidh sé na staidéir phíolótacha dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) an maoiniú iomchuí do na Ballstáit a dhéanann na staidéir sin i gcomhréir le hAirteagal 9b.
7.  
Faoin 13 Iúil 2022 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún (Eurostat) tuairisc faoin dul chun cinn foriomlán i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i mír 3. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 9b

Maoiniú

1.  

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfar ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais a sholáthar do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus d’údaráis náisiúnta ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:

(a) 

modheolaíochtaí nua a fhorbairt maidir le staidreamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mBallstát sna staidéir phíolótacha dá dtagraítear in Airteagal 9a;

(b) 

bailiúcháin nua sonraí agus dí-chomhiomlánuithe nua a fhorbairt nó a chur chun feidhme laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear foinsí sonraí agus córais TF a uasghrádú, ar feadh tréimhse suas go dtí cúig bliana.

2.  
Soláthrófar ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ).

▼M1

Airteagal 10

Gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear dí-chomhionlánuithe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun dí-chomhiomlánuithe a shonrú i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt leis an ngá atá leis na dí-chomhiomlánuithe lena mbaineann chun críoch beartais an Aontais i ndáil le himirce agus tearmainn a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh orthu, agus áiritheoidh sé nach bhforchuirfear, leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, costais bhreise shuntasacha ná ualaí breise suntasacha ar na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tráth nach déanaí ná 18 mí roimh dheireadh na tréimhse tagartha, i gcás ina dtagraíonn na sonraí do bhliain féilire, agus tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse tagartha i gcás ina dtagraíonn na sonraí do thréimhse is lú ná bliain.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.  
Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ).
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼M1

Airteagal 11a

Maoluithe

1.  
I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh Ballstáit mar gheall ar an Rialachán seo, nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi, a chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú a dheonú ar feadh tréimhse ama arna hiarraidh ag an mBallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach rachaidh an tréimhse sin thar thrí bliana. Áiritheoidh an Coimisiún, le linn dó déanamh amhlaidh, go mbeidh sonraí na mBallstát inchomparáide agus go ríomhfar na comhiomláin ionadaíocha iontaofa Eorpacha a theastaíonn ar bhealach tráthúil agus cuirfear an t-ualach ar na Ballstáit agus na freagróirí san áireamh.
2.  
I gcás ina mbeidh fianaise leordhóthanach ann go bhfuil bonn cirt fós le maolú de bhun mhír 1 ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú a dheonú ar feadh tréimhse bhreise ama arna hiarraidh ag an mBallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain.
3.  
Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh Ballstát iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Deireadh Fómhair 2020 nó laistigh de thrí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena mbaineann, nó sé mhí roimh dheireadh na tréimhse dár deonaíodh an maolú atá ann faoi láthair, de réir mar is iomchuí.
4.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

▼B

Airteagal 12

Tuarascáil

Faoin 20 Lúnasa 2012 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an staidreamh a tiomsaíodh de bhun an Rialacháin seo agus maidir le cáilíocht an staidrimh sin.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 311/76.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.

( 2 ) IO L 337, 20.12.2011, lch. 9.

( 3 ) IO L 180, 29.6.2013, lch. 31.

( 4 ) IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

( 5 ) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.

( 6 ) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le comhnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

( 7 ) Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lch. 96).

( 8 ) IO L 222, 5.9.2003, lch. 3.

( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

( 10 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).