02007R0861 — GA — 14.07.2017 — 003.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 861/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga

(IO L 199 31.7.2007, lch. 1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

COUNCIL REGULATION (EU) No 517/2013 of 13 May 2013 (*)

  L 158

1

10.6.2013

►M2

RIALACHÁN (AE) 2015/2421 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Nollaig 2015

  L 341

1

24.12.2015

►M3

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2017/1259 of 19 June 2017 (*)

  L 182

1

13.7.2017


Arna cheartú le

 C1

Ceartúchán, IO L 141, 5.6.2015, lch.  73 (Uimh. 861/2007)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 861/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Iúil 2007

lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga



CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo nós imeachta Eorpach d'éilimh bheaga (dá ngairfear ‘an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga’ anseo feasta), a ceapadh chun an dlíthíocht a bhaineann le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann a shimpliú agus a bhrostú, agus chun costais a laghdú. Beidh teacht ag dlíthithe ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga mar mhalairt ar na nósanna imeachta atá ann faoi dhlíthe na mBallstát.

Cuireann an Rialachán seo deireadh freisin leis na hidirimeachtaí a theastaíonn chun aitheantas a fháil i mBallstáit eile do bhreithiúnais a thabharfar i mBallstát amháin sa Nós Imeachta um Éilimh Bheaga agus chun na breithiúnais sin a chur á bhforghníomhú.

▼M2

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna trasteorann mar a shainmhínítear in Airteagal 3 iad, maidir le hábhair shibhialta agus thráchtála, beag beann ar chineál na cúirte nó an bhinse, i gcás nach mó ná EUR 5 000 luach an éilimh tráth a bhfaighidh an chúirt a bhfuil dlínse aici, nó an binse a bhfuil dlínse aige, an fhoirm éilimh, gan aon ús, aon chaiteachais ná aon íocaíochtaí amach a áireamh. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, chustaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha ná neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta jure imperii).

2.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhair a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha;

(b) cearta ar mhaoin a eascraíonn as cóngas pósta, nó gaol a meastar go bhfuil comhéifeachtaí aige le pósadh, faoin dlí is infheidhme maidir le gaol den sórt sin;

(c) oibleagáidí cothabhála a eascraíonn ó ghaol teaghlaigh, ó thuismíocht, ó phósadh nó ó chleamhnas;

(d) uachtanna agus comharbas, lena n-áirítear oibleagáidí cothabhála a thagann chun cinn mar gheall ar bhás;

(e) féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin;

(f) slándáil shóisialta;

(g) eadráin;

(h) dlí na fostaíochta;

(i) tionóntachtaí maoine dochorraithe, seachas caingne maidir le héilimh ar airgead; nó

(j) sáruithe príobháideachta agus sáruithe ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh.

▼B

Airteagal 3

Cásanna trasteorann

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, is cás trasteorann é cás ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar pháirtí amháin ar a laghad de na páirtithe i mBallstát seachas Ballstát na cúirte a dtugtar an cás os a comhair nó Ballstát an bhinse a dtugtar an cás os a chomhair.

▼M2

2.  Cinnfear sainchónaí i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).

3.  Is é an dáta a bhfaigheann an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh an tráth ábhartha chun a chinneadh an cás trasteorann é an cás atá i gceist.

▼B



CAIBIDIL II

AN NÓS IMEACHTA EORPACH UM ÉILIMH BHEAGA

Airteagal 4

Tosú an Nós Imeachta

1.  Tosóidh an t-éilitheoir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga trí Fhoirm chaighdeánach éilimh A, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í, a líonadh agus trína taisceadh leis an gcúirt a bhfuil dlínse aici nó leis an mbinse a bhfuil dlínse aige, go díreach, nó sa phost, nó trí aon mhodh cumarsáide eile, ar nós facs nó ar nós an r-phoist, is inghlactha ag an mBallstát ina dtosaítear an nós imeachta. Beidh cur síos ar an bhfoirm éilimh ar an bhfianaise atá ann chun treisiú leis an éileamh agus beidh doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an bhfoirm éilimh, i gcás inar iomchuí.

2.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na modhanna cumarsáide is inghlactha acu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

3.  I gcás nach dtiocfaidh éileamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo, cuirfidh an chúirt nó an binse an t-éilitheoir ar an eolas maidir leis sin. Mura dtarraingeoidh an t-éilitheoir siar an t-éileamh, rachaidh an chúirt nó an binse ar aghaidh leis i gcomhréir leis an dlí nós imeachta ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an nós imeachta á sheoladh.

4.  I gcás ina measfaidh an chúirt nó an binse nach bhfuil an fhaisnéis a chuir an t-éilitheoir ar fáil leordhóthanach nó sách soiléir, nó mura mbeidh an fhoirm éilimh líonta go cuí, agus mura cosúil gur léir go bhfuil an t-éileamh gan bhunús nó mura cosúil go bhfuil an t-iarratas inghlactha, tabharfaidh an chúirt nó an binse deis don éilitheoir an fhoirm éilimh a líonadh nó a cheartú nó faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a sholáthar nó an t-éileamh a tharraingt siar, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an chúirt nó an binse. Úsáidfidh an chúirt nó an binse Foirm chaighdeánach B, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í, chun na críche sin.

I gcás inar cosúil gur léir go bhfuil an t-éileamh gan bhunús nó i gcás inar cosúil nach bhfuil an t-iarratas inghlactha, nó i gcás ina mainneoidh an t-éilitheoir an fhoirm éilimh a líonadh nó a cheartú laistigh den tréimhse a sonraíodh, déanfar an t-iarratas a dhíbhe. ►M2  Cuirfidh an chúirt nó an binse an t-éilitheoir ar an eolas faoi dhíbhe den chineál sin agus faoi achomharc a bheith ar fáil nó gan a bheith ar fáil i gcoinne díbhe den chineál sin. ◄

▼M2

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh Foirm chaighdeánach éilimh A ar fáil sna cúirteanna uile agus sna binsí uile inar féidir tús a chur leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus go mbeidh rochtain uirthi trí na láithreáin gréasáin náisiúnta ábhartha.

▼B

Airteagal 5

Seoladh an Nós Imeachta

▼M2

1.  Nós imeachta i scríbhinn a bheidh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

1a.  Ní thionólfaidh an chúirt nó an binse éisteacht ó bhéal ach amháin má mheasann sí nó sé nach féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn na fianaise i scríbhinn nó má iarrann páirtí amhlaidh. Féadfaidh an chúirt nó an binse iarraidh den sórt sin a dhiúltú má mheasann sí nó sé, ag féachaint do dhálaí an cháis, nach gá éisteacht ó bhéal a bheith ann d'fhonn na himeachtaí a sheoladh go cóir. Tabharfar i scríbhinn na cúiseanna a bhí leis an diúltú. Ní fhéadfar an diúltú a chonspóid ar leithligh ó aon chur i gcoinne an bhreithiúnais féin.

▼B

2.  Tar éis don chúirt nó don bhinse an fhoirm éilimh arna líonadh go cuí a fháil, líonfaidh sí nó sé Cuid I d'Fhoirm chaighdeánach freagartha C, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III í.

Déanfar cóip den fhoirm éilimh agus, más infheidhme, de na doiciméid tacaíochta, i dteannta na foirme freagartha arna líonadh amhlaidh, a sheirbheáil ar an gcosantóir i gcomhréir le hAirteagal 13. Seolfar na doiciméid sin laistigh de 14 lá ón bhfoirm éilimh arna líonadh go cuí a fháil.

3.  Laistigh de 30 lá ó sheirbheáil na foirme éilimh agus na foirme freagartha, tíolacfaidh an cosantóir a fhreagairt trí Chuid II d'Fhoirm chaighdeánach freagartha C a líonadh agus í a chur ar ais chuig an gcúirt nó chuig an mbinse, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil léi, i gcás inar iomchuí, nó ar dhóigh iomchuí ar bith eile gan an fhoirm freagartha a úsáid.

4.  Laistigh de 14 lá ón bhfreagairt a fháil ón gcosantóir, cuirfidh an chúirt nó an binse cóip di, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil léi, chuig an éilitheoir.

5.  Má mhaíonn an cosantóir ina fhreagairt gur mó luach éilimh nach éileamh airgid é ná an teorainn a leagtar amach in Airteagal 2(1), cinnfidh an chúirt nó an binse, laistigh de 30 lá ón bhfreagairt a sheoladh chuig an éilitheoir, an bhfuil an t-éileamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ní fhéadfar cinneadh den sórt sin a chonspóid go leithleach.

6.  Déanfar aon fhrithéileamh, a bheidh le tíolacadh ar Fhoirm chaighdeánach A, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha a sheirbheáil ar an éilitheoir i gcomhréir le hAirteagal 13. Seolfar na doiciméid sin laistigh de 14 lá ón lá a bhfaightear iad.

Beidh 30 lá ag an éilitheoir ó thráth na seirbheála chun aon fhrithéileamh a fhreagairt.

7.  Más mó an frithéileamh ná an teorainn a leagtar amach in Airteagal 2(1), ní leanfar leis an éileamh ná leis an bhfrithéileamh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ach déileálfar leis i gcomhréir leis an dlí nós imeachta ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina seoltar an nós imeachta.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 agus Airteagal 4 agus ag míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, mutatis mutandis, maidir le frithéilimh.

Airteagal 6

Teangacha

1.  Déanfar an fhoirm éilimh, an fhreagairt, aon fhrithéileamh, aon fhreagairt ar fhrithéileamh agus aon chur síos ar dhoiciméid tacaíochta ábhartha a thíolacadh i dteanga nó i gceann de theangacha na cúirte nó an bhinse.

2.  Má bhíonn aon doiciméad eile a fhaigheann an chúirt nó an binse i dteanga seachas an teanga ina seoltar na himeachtaí, ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse aistriúchán ar an doiciméad sin a éileamh ach amháin má fheictear gur gá an t-aistriúchán sin chun breithiúnas a thabhairt.

3.  I gcás ina ndiúltóidh páirtí glacadh le doiciméad toisc nach bhfuil sé i gceann de na teangacha seo a leanas:

(a) i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite a bhfuil an tseirbheáil le déanamh nó a bhfuil an doiciméad le seoladh ann; nó

(b) i dteanga a thuigeann an seolaí,

cuirfidh an chúirt nó an binse an páirtí eile ar an eolas faoi sin chun go soláthróidh sé aistriúchán ar an doiciméad.

Airteagal 7

Críochnú an Nós Imeachta

1.  Laistigh de 30 lá ón bhfreagairt a fháil ón gcosantóir nó ón éilitheoir laistigh de na tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5(3) nó (6), tabharfaidh an chúirt nó an binse breithiúnas, nó:

(a) éileoidh sí nó sé ar na páirtithe mionsonraí breise maidir leis an éileamh a chur ar fáil laistigh de thréimhse nach faide ná 30 lá;

(b) glacfaidh sé nó sí fianaise i gcomhréir le hAirteagal 9; nó

(c) déanfaidh sí nó sé na páirtithe a thoghairm chuig éisteacht ó bhéal a chomórfar laistigh de 30 lá ón toghairm.

2.  Tabharfaidh an chúirt nó an binse an breithiúnas laistigh de 30 lá ó aon éisteacht ó bhéal nó tar éis di nó dó gach faisnéis a fháil is gá chun an breithiúnas a thabhairt. Déanfar an breithiúnas a sheirbheáil ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 13.

3.  Mura mbeidh freagra faighte ag an gcúirt nó ag an mbinse ón bpáirtí ábhartha laistigh de na tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5(3) nó (6), tabharfaidh an chúirt nó an binse breithiúnas maidir leis an éileamh nó leis an bhfrithéileamh.

▼M2

Airteagal 8

Éisteacht ó bhéal

1.  I gcás ina meastar gur gá éisteacht ó bhéal, i gcomhréir le hAirteagal 5(1a), déanfar í a thionól trí fheidhm a bhaint as aon teicneolaíocht chianchumarsáide is iomchuí amhail físchomhdháil nó teileachomhdháil, atá ar fáil don chúirt nó don bhinse, ach amháin i gcás nach iomchuí, mar gheall ar dhálaí ar leith an cháis, leas a bhaint as an teicneolaíocht sin chun na himeachtaí a sheoladh go cóir.

I gcás ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an duine atá le héisteacht a fháil i mBallstát seachas Ballstát na cúirte nó an bhinse a dtugtar an cás os a comhair nó os a chomhair, socrófar go bhfreastalóidh an duine sin ar éisteacht ó bhéal trí fhíschomhdháil, trí theileachomhdháil nó trí theicneolaíocht iomchuí eile chianchumarsáide, trí leas a bhaint as na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle ( 2 ).

2.  Féadfaidh páirtí a fhaigheann toghairm lena bheith i láthair ag éisteacht ó bhéal iarraidh a dhéanamh leas a bhaint as teicneolaíocht chianchumarsáide, ar an gcoinníoll go mbeidh an teicneolaíocht sin ar fáil don chúirt nó don bhinse, ar an bhforas go mbeadh na socruithe chun láithreacht fhisiciúil a bhaint amach, go háirithe i dtaca leis na costais a bhféadfadh an páirtí sin iad a thabhú mar gheall orthu, díréireach leis an éileamh.

3.  Páirtí a fuair toghairm i dtaca le bheith i láthair ag éisteacht ó bhéal trí bhíthin na teicneolaíochta cianchumarsáide, féadfaidh sé a iarraidh a bheith i láthair go fisiciúil ag an éisteacht sin. Le Foirm chaighdeánach éilimh A agus le Foirm chaighdeánach freagra C, a bhunaítear i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), beidh faisnéis lena gcuirfear na páirtithe ar an eolas gur faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16 a bheidh aisghabháil costas ar bith a thabhaíonn páirtí ar thoradh ar bheith i láthair go fisiciúil ag an éisteacht arna iarraidh sin don pháirtí sin.

4.  Cinneadh na cúirte nó an bhinse i ndáil le hiarraidh dá bhforáiltear i mír 2 agus mír 3, ní fhéadfar cur ina choinne ar leithligh ó chur i gcoinne an bhreithiúnais féin.

Airteagal 9

Fianaise a ghlacadh

1.  Cinnfidh an chúirt nó an binse na modhanna a úsáidfear chun fianaise a ghlacadh agus an méid fianaise is gá dá breithiúnas nó dá bhreithiúnas faoi na rialacha is infheidhme maidir le hinghlacthacht fianaise. Úsáidfidh sí nó sé an modh is simplí agus is lú anró chun fianaise a ghlacadh.

2.  Féadfaidh an chúirt nó an binse a cheadú go nglacfar fianaise trí bhíthin ráitis i scríbhinn ó fhinnéithe, ó shaineolaithe nó ó pháirtithe.

3.  I gcás ina bhfuil sé i gceist go dtabharfar éisteacht do dhuine chun fianaise a ghlacadh uaidh, déanfar an éisteacht sin a sheoladh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 8.

4.  Ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse glacadh le fianaise ó shaineolaithe nó le fianaise ó bhéal ach amháin mura féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn fianaise eile.

▼B

Airteagal 10

Ionadaíocht na bpáirtithe

Ní bheidh ionadaíocht ag dlíodóir ná ag gairmí dlí eile sainordaitheach.

▼M2

Airteagal 11

Cuidiú do na páirtithe

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag na páirtithe cuidiú praiticiúil a fháil nuair a bheidh na foirmeacha á líonadh isteach acu, agus faisnéis ghinearálta, ina theannta sin, faoi raon feidhme an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, mar aon le faisnéis ghinearálta á rá cé na cúirteanna nó na binsí sa Bhallstát lena mbaineann atá inniúil chun breithiúnas a thabhairt uathu sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Soláthrófar an cuidiú sin saor in aisce. Ní cheanglófar ar na Ballstáit, le haon ní sa mhír seo, go bhforálfaidh siad do chúnamh dlíthiúil nó do chuidiú dlíthiúil i bhfoirm measúnú dlíthiúil ar chás sonrach.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis ar fáil faoi na húdaráis nó na heagraíochtaí atá inniúil chun cuidiú a thabhairt i gcomhréir le mír 1 ag na cúirteanna agus ag na binsí uile ar féidir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a thionscnamh os a gcomhair, agus go bhféadfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a fháil trí na láithreáin ghréasáin náisiúnta ábhartha.

▼B

Airteagal 12

Sainchúram na cúirte nó an bhinse

1.  Ní chuirfidh an chúirt ná an binse de cheangal ar na páirtithe aon mheasúnú dlíthiúil a dhéanamh ar an éileamh.

2.  Más gá sin, cuirfidh an chúirt nó an binse na páirtithe ar an eolas maidir le ceisteanna nós imeachta.

3.  Aon uair is iomchuí, féachfaidh an chúirt nó an binse le teacht ar réiteach idir na páirtithe.

▼M2

Airteagal 13

Seirbheáil doiciméad agus teachtaireachtaí eile i scríbhinn

1.  Na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus (6) agus na breithiúnais a thugtar i gcomhréir le hAirteagal 7, déanfar iad a sheirbheáil:

(a) tríd an tseirbhís poist, nó

(b) trí mheáin leictreonacha:

(i) i gcás ina bhfuil meáin den sórt sin ar fáil go teicniúil agus inghlactha i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga á sheoladh agus, i gcás ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpáirtí a bhfuil seirbheáil le déanamh air i mBallstát eile, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit sin; agus

(ii) i gcás inar ghlac an páirtí a bhfuil na doiciméid le seirbheáil air leis go sainráite roimh ré gur féidir doiciméid a sheirbheáil air trí mheáin leictreonacha, nó i gcás ina bhfuil an páirtí sin faoi oibleagáid dhlíthiúil glacadh leis an modh sonrach seirbheála sin, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpáirtí sin.

Dearbhófar an tseirbheáil le hadmháil go bhfuarthas na doiciméid a n-áireofar an dáta a fuarthas iad inti.

2.  Maidir leis na cumarsáidí uile i scríbhinn nach dtagraítear dóibh i mír 1, is trí bhíthin meáin leictreonacha, a fhianaítear le dearbhú a ghabhann leo á rá go bhfuarthas iad, a dhéanfar an chumarsáid uile i scríbhinn idir an chúirt nó an binse agus na páirtithe nó daoine eile atá páirteach sna himeachtaí, i gcás ina bhfuil na meáin sin ar fáil go teicniúil agus ina bhfuil siad inghlactha i gcomhréir le nósanna imeachta an Bhallstáit ina bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga á sheoladh, ar choinníoll gur ghlac an páirtí nó an duine leis an meán sin cumarsáide roimh ré, nó go bhfuil an páirtí nó an duine sin faoi oibleagáid dlí glacadh leis an meán sin cumarsáide i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpáirtí nó an duine sin.

3.  Chomh maith le haon mheán eile a bheadh ar fáil i gcomhréir le rialacha nós imeachta na mBallstát chun an glacadh roimh ré, a cheanglaítear faoi mhír 1 agus mír 2, a chur in iúl roimh ré maidir le húsáid meán leictreonach, féadfar an glacadh sin a chur in iúl le Foirm chaighdeánach éilimh A agus le Foirm chaighdeánach freagra C.

4.  Mura féidir seirbheáil a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, féadfar seirbheáil a dhéanamh trí aon cheann de na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 nó in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006.

Mura féidir cumarsáid a dhéanamh i gcomhréir le mír 2, nó, mar gheall ar dhálaí ar leith an cháis, murar iomchuí é sin, féadfar aon mhodh eile cumarsáide a úsáid atá inghlactha faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga á sheoladh.

▼B

Airteagal 14

Teorainneacha ama

1.  I gcás ina socróidh an chúirt nó an binse teorainn ama, cuirfear an páirtí lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcloífidh sé leis an teorainn ama sin.

2.  In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an chúirt nó an binse síneadh ama a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), Airteagal 5(3) agus (6) agus Airteagal 7(1), más gá sin chun cearta na bpáirtithe a chaomhnú.

3.  Mura bhféadfaidh an chúirt ná an binse, in imthosca eisceachtúla, na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) go (6) agus in Airteagal 7 a urramú, déanfaidh sí nó sé a luaithe is féidir, na bearta a cheanglaítear leis na forálacha sin.

Airteagal 15

Infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais

1.  Beidh an breithiúnas infhorghníomhaithe d'ainneoin aon achomhairc a d'fhéadfaí a dhéanamh. Ní bheidh gá urrús a sholáthar.

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 23 freisin i gcás ina mbeidh an breithiúnas le forghníomhú sa Bhallstát inar tugadh é.

▼M2

Airteagal 15a

Táillí cúirte agus modhanna chun iad a íoc

1.  Na táillí cúirte a ghearrfar i mBallstát don Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ní bheidh siad díréireach agus ní bheidh siad níos airde ná na táillí cúirte a ghearrtar do nósanna imeachta cúirte simplithe náisiúnta sa Bhallstát sin.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na páirtithe na táillí cúirte a íoc trí bhíthin modhanna cianíocaíochta lena ligfear do na páirtithe an íocaíocht a dhéanamh ó Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt nó an binse suite, trí cheann amháin ar a laghad de na modhanna íocaíochta seo a leanas a thairiscint:

(a) aistriú bainc;

(b) íocaíocht le carta creidmheasa nó cárta dochair; nó

(c) dochar díreach as cuntas bainc an éilitheora.

▼B

Airteagal 16

Costais

Iompróidh an páirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí. Ar a shon sin, ní dhéanfaidh an chúirt nó an binse costais a dhámhachtain don pháirtí ar éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh.

Airteagal 17

Achomharc

1.  Cuirfidh na Ballstáit i bhfios don Choimisiún an bhfuil achomharc ar fáil faoina ndlí nós imeachta i gcoinne breithiúnais a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus cad í an teorainn ama ar laistigh di a dhéanfar an t-achomharc sin a thaisceadh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

▼M2

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 15a agus Airteagal 16 maidir le haon achomharc.

Airteagal 18

Athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreithiúnas i gcásanna eisceachtúla

1.  Cosantóir nach raibh i láthair, beidh sé i dteideal cur isteach, os comhair na cúirte inniúla de chuid an Bhallstáit inar tugadh an breithiúnas, ar athbhreithniú ar bhreithiúnas a thugtar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, i gcás:

(a) nár seirbheáladh an fhoirm éilimh ar an gcosantóir nó, i gcás ina raibh éisteacht ó bhéal ann, nach bhfuair sé toghairm lena bheith i láthair ag an éisteacht sin in am trátha ná ar bhealach ina bhféadfadh sé socrú a dhéanamh chun a chosaint a eagrú; nó

(b) inar coisceadh ar an gcosantóir cur in aghaidh an éilimh mar gheall ar force majeure nó de dhroim dálaí urghnácha, gan aon locht a bheith air féin,

mura rud é gur mhainnigh sé cur i gcoinne an bhreithiúnais nuair ab fhéidir leis déanamh amhlaidh.

2.  Beidh tréimhse ama 30 lá ann chun cur isteach ar athbhreithniú. Cuirfear tús léi ón lá a cuireadh ábhar an bhreithiúnais in iúl go héifeachtach don chosantóir agus a raibh sé in ann freagairt dó, ar a dhéanaí ón dáta a cuireadh an chéad bheart forghníomhaithe i bhfeidhm a raibh d'éifeacht aige go ndearnadh maoin an chosantóra neamh-indiúscartha ina hiomláine nó go páirteach. Ní fhéadfar aon síneadh leis an teorainn ama a dheonú.

3.  Má dhiúltaíonn an chúirt an t-iarratas ar athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 toisc nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais le haghaidh athbhreithnithe a leagtar amach sa mhír sin, leanfaidh an breithiúnas de bheith i bhfeidhm.

Má chinneann an chúirt go bhfuil bonn cirt le hathbhreithniú de bharr aon cheann de na forais a leagtar amach i mír 1, beidh an breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar neamhní go hiomlán. Ní chaillfidh an t-éilitheoir an sochar a bhaineann le haon bhriseadh ar an tréimhse rúraidh nó ar an tréimhse teorann, áfach, i gcás ina mbeidh feidhm ag briseadh den chineál sin faoin dlí náisiúnta.

▼B

Airteagal 19

An dlí nós imeachta is infheidhme

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, beidh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga faoi rialú ag dlí nós imeachta an Bhallstáit ina seoltar an nós imeachta.



CAIBIDIL III

AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ I mBALLSTÁT EILE

Airteagal 20

Aithint agus forghníomhú

1.  Déanfar breithiúnas a thabharfar i mBallstát sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile gan aon ghá a bheith ann le dearbhú um infhorghníomhaitheacht agus gan aon chaoi a bheith ann chun cur i gcoinne an aitheantais.

▼M2

2.  Arna iarraidh sin do dhuine de na páirtithe, eiseoidh an chúirt nó an binse deimhniú maidir le breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus leas á bhaint aici nó aige as Foirm chaighdeánach D, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV í, gan aon chostas breise a bheith i gceist. Arna iarraidh sin, cuirfidh an chúirt nó an binse an deimhniú ar fáil don pháirtí sin in aon cheann de theangacha oifigiúla eile institiúidí an Aontais, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach dhinimiciúil ilteangach atá ar fáil ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Ní chuirfear aon oibleagáid, le haon ní sa Rialachán seo, ar an gcúirt ná ar an mbinse aistriúchán agus/nó traslitriú a chur ar fáil ar an téacs a chuirtear isteach i réimsí téacs saor an deimhnithe sin.

▼B

Airteagal 21

Nós imeachta um fhorghníomhú

1.  Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle seo, beidh na nósanna imeachta um fhorghníomhú faoi rialú ag dlí Bhallstát an fhorghníomhaithe.

Déanfar aon bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a fhorghníomhú faoi na coinníollacha céanna le breithiúnas a tugadh i mBallstát an fhorghníomhaithe.

2.  Tabharfaidh an páirtí a bhfuil forghníomhú á lorg aige na nithe seo a leanas ar aird:

(a) cóip den bhreithiúnas a chomhallann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh; agus

▼M2

(b) an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus, i gcás inar gá, aistriúchán air go dtí teanga oifigiúil Bhallstát an fhorghníomhaithe, nó, má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin sa Bhallstát sin, go dtí teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla imeachtaí cúirte nó binse na háite ina n-iarrtar an forghníomhú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, nó go dtí teanga eile ar chuir Ballstát an fhorghníomhaithe in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi.

▼B

3.  An páirtí a mbeidh forghníomhú breithiúnais á lorg aige a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát eile, ní bheidh de cheangal air:

(a) ionadaí údaraithe a bheith aige; ná

(b) seoladh poist a bheith aige

i mBallstát an fhorghníomhaithe, seachas trí bhíthin gníomhairí a bhfuil inniúlacht acu i leith an nós imeachta forghníomhaithe.

4.  Ní dhéanfar urrús, banna ná taisce, cibé tuairisc a dhéanfar orthu, a éileamh ar pháirtí a iarrann forghníomhú i mBallstát amháin ar bhreithiúnas arna thabhairt i mBallstát eile sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air i mBallstát an fhorghníomhaithe.

▼M2

Airteagal 21a

Teanga an deimhnithe

1.  Féadfaidh gach Ballstát an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh a chur in iúl, seachas a theanga oifigiúil féin nó a theangacha oifigiúla féin, a bhfuil sé in ann glacadh leo le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

2.  Aon aistriúchán a dhéanfar ar an bhfaisnéis faoi bhunús breithiúnais a chuirtear ar fáil i dteastas dá dtagraítear in Airteagal 20(2), is duine cáilithe chun aistriúchán a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh é.

▼B

Airteagal 22

Forghníomhú a dhiúltú

1.  Ar iarratas ón duine a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne, déanfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige i mBallstát an fhorghníomhaithe forghníomhú a dhiúltú má tá an breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga doréitithe le breithiúnas a tugadh roimhe sin i mBallstát ar bith nó i dtríú tír, ar choinníoll:

(a) gurbh é an chúis chaingne chéanna idir na páirtithe céanna a bhí i dtrácht leis an mbreithiúnas ba luaithe;

(b) gur tugadh an breithiúnas ba luaithe i mBallstát an fhorghníomhaithe nó go gcomhallann sé na coinníollacha is gá chun é a aithint i mBallstát an fhorghníomhaithe; agus

(c) nár tugadh an doréititheacht ar aird mar agóid in imeachtaí na cúirte nó in imeachtaí an bhinse sa Bhallstát inar tugadh an breithiúnas sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus nárbh fhéidir í a thabhairt ar aird.

2.  Ní fhéadfar ar aon chúinse athbhreithniú a dhéanamh i mBallstát an fhorghníomhaithe ar shubstaint bhreithiúnais a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

Airteagal 23

Forghníomhú a bhac nó a theorannú

I gcás ina ndearna páirtí agóid i gcoinne breithiúnais a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga nó ina bhfuil dúshlán den sórt sin fós indéanta nó ina ndearna páirtí iarratas ar athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 18, féadfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige nó an t-údarás inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe, ar iarratas ón bpáirtí a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne:

(a) na himeachtaí forghníomhaithe a theorannú chuig bearta cosanta;

(b) a chur de choinníoll ar an bhforghníomhú go dtabharfar cibé urrús a chinnfidh sé; nó

(c) in imthosca eisceachtúla, bac a chur ar na himeachtaí um fhorghníomhú.

▼M2

Airteagal 23a

Socraíochtaí cúirte

Maidir le socraíocht chúirte a fhormheastar nó a thugtar i gcrích os comhair cúirte nó binse le linn an Nóis Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus atá in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát inar seoladh an nós imeachta, aithneofar agus forghníomhnófar í i mBallstát eile faoi na coinníollacha céanna is a bhíonn ag breithiúnas a thugtar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil III, mutatis mutandis, maidir le socraíochtaí cúirte de réir mar is iomchuí.

▼B



CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Faisnéis

Comhoibreoidh na Ballstáit chun faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne agus do dhreamanna gairmiúla maidir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, lena n-áirítear costais, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 2001/470/CE.

▼M2

Airteagal 25

Faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit

1.  Faoin 13 Eanáir 2017, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a) na cúirteanna nó na binsí a bhfuil dlínse acu breithiúnas a thabhairt sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga;

(b) na meáin cumarsáide a nglactar leo chun críocha an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus atá ar fáil do na cúirteanna nó do na binsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1);

(c) na húdaráis nó na heagraíochtaí atá inniúil chun cuidiú praiticiúil a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 11;

(d) na meáin leictreonacha seirbhíse agus cumarsáide atá ar fáil go teicniúil agus atá inghlactha faoi na rialacha nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 13(1), (2) agus (3), agus na meáin, más ann dóibh, atá ar fáil faoina ndlí naisiúnta chun glacadh roimh ré le húsáid meán leictreonach a chur in iúl, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(1) agus (2);

(e) na daoine nó na cineálacha gairme, más ann dóibh, a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu glacadh le seirbheáil nó le foirmeacha eile cumarsáide i scríbhinn trí mheáin leictreonacha i gcomhréir le hAirteagal 13(1) agus (2);

(f) cad iad na táillí cúirte an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga nó conas a dhéanfar iad a ríomh, chomh maith leis na modhanna íocaíochta a nglactar leo chun táillí cúirte a íoc i gcomhréir le hAirteagal 15a;

(g) an bhfuil aon achomharc ar fáil faoina ndlí nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 17, an tréimhse ama atá ann chun achomharc mar sin a chur isteach agus cad é an chúirt nó an binse ar féidir achomharc den sórt sin a chur isteach chuici nó chuige;

(h) na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 18 agus na cúirteanna nó na binsí atá inniúil chun athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh;

(i) na teangacha a nglacann siad leo de bhun Airteagal 21a(1); agus

(j) na húdaráis atá inniúil i ndáil le forghníomhú agus na húdaráis atá inniúil chun críocha Airteagal 23 a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin.

2.  Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 1 a chur ar fáil go poiblí trí aon mheáin iomchuí, amhail an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Airteagal 26

Na hIarscríbhinní a leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 maidir le hIarscríbhinní I go IV a leasú.

Airteagal 27

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 26 a ghlacadh ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón 13 Eanáir 2016.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 26 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní bheidh aon éifeacht aige ar bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 26 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 28

Athbhreithniú

1.  Faoin 15 Iúil 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena n-áirítear measúnú á rá:

(a) an iomchuí an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a mhéadú tuilleadh chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach arb é rochtain ar cheartas a éascú do shaoránaigh agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide i gcásanna trasteorann; agus

(b) an iomchuí raon feidhme an nós imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga a leathnú, go háirithe, i dtaca le héilimh ar thuarastal, le gurbh fhusa rochtain a bheith ag fostaithe ar an gceartas i ndíospóidí fostaíochta trasteorann lena bhfostóir tar éis tionchar iomlán leathnaithe den sórt sin a mheas.

Beidh tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán in éineacht leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

Chun na críche sin agus faoin 15 Iúil 2021, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le líon na n-iarratas faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga chomh maith le líon na n-iarrataí ar fhorghníomhú breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

2.  Faoin 15 Iúil 2019, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, maidir le scaipeadh faisnéise i ndáil leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga sna Ballstáit, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh i ndáil le conas gur fearr an aithne a bheidh ar an nós imeachta sin.

▼B

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2009, cé is moite d'Airteagal 25 a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

▼M3




ANNEX I

image

image

image

image

image

image

image

image

image

image




ANNEX II

image

image




ANNEX III

image

image

image




ANNEX IV

image

image



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).