02007L0036 — GA — 09.01.2024 — 004.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

DIRECTIVE 2007/36/EC OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL

of 11 July 2007

on the exercise of certain rights of shareholders in listed companies

(IO L 184 14.7.2007, lch. 17)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

DIRECTIVE 2014/59/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL  of 15 May 2014  (*)

  L 173

190

12.6.2014

►M2

TREOIR (AE) 2017/828 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 17 Bealtaine 2017

  L 132

1

20.5.2017

►M3

RIALACHÁN (AE) 2021/23 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 16 Nollaig 2020

  L 22

1

22.1.2021

►M4

TREOIR (AE) 2023/2864 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

  L 

1

20.12.2023



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

DIRECTIVE 2007/36/EC OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL

of 11 July 2007

on the exercise of certain rights of shareholders in listed companies



CHAPTER I

GENERAL PROVISIONS

Article 1

Subject-matter and scope

▼M2

1.  
Bunaítear leis an Treoir seo ceanglais maidir le feidhmiú cearta áirithe de chuid scairshealbhóirí a ghabhann le scaireanna le ceart vótála maidir le cruinnithe ginearálta cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe i mBallstát agus a bhfuil a nglactar a scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó a oibríonn laistigh de Bhallstát. Bunaítear léi freisin ceanglais shonracha chun rannpháirtíocht scairshealbhóirí a spreagadh, go háirithe san fhadtéarma. Tá feidhm ag na ceanglais shonracha sin maidir le scairshealbhóirí a shainaithint, faisnéis a tharchur, feidhmiú ceart scairshealbhóirí a éascú, trédhearcacht d’infheisteoirí institiúideacha, do bhainisteoirí sócmhainní agus do chomhairleoirí seachvótála, luach saothair stiúrthóirí agus idirbhearta páirtithe gaolmhara.
2.  
Is é an Ballstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta an Ballstát is inniúil le hábhair a chlúdaítear faoin Treoir seo a rialáil, agus is tagairtí do dhlí an Bhallstáit sin iad tagairtí don “dlí is infheidhme”.

Chun críche Chaibidil Ib a chur i bhfeidhm, déanfar an Ballstát inniúil a shainmhíniú mar a leanas:

(a) 

le haghaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní, an Ballstát baile mar a shainmhínítear é i ngníomh reachtach earnáilsonrach is infheidhme ón Aontas;

(b) 

le haghaidh comhairleoirí seachvótála, an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe ag an gcomhairleoir seachvótála, nó i gcás nach mbeidh oifig chláraithe i mBallstát ag an gcomhairleoir seachvótála, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig ag an gcomhairleoir seachvótála, nó i gcás nach mbeidh a oifig chláraithe ná a cheannoifig i mBallstát ag an gcomhairleoir seachvótála, an Ballstát ina bhfuil bunaíocht ag an gcomhairleoir seachvótála.

▼B

3.  

Member States may exempt from this Directive the following types of companies:

▼M2

(a) 

gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIanna) de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(b) 

gnóthais chomhinfheistíochta de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

▼B

(c) 

cooperative societies.

▼M2

3a.  
Ní bheidh na gnóthais dá dtagraítear i mír 3 díolmhaithe ó na forálacha a leagtar síos i gCaibidil Ib.

▼M3

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) nó i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 )

▼M2

5.  
Beidh feidhm ag Caibidil Ia maidir le hidirghabhálaithe a mhéid a sholáthraíonn siad seirbhísí do scairshealbhóirí nó d’idirghabhálaithe eile i ndáil le scaireanna cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát agus a nglactar a scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó a oibríonn laistigh de Bhallstát.
6.  

Beidh feidhm ag Caibidil Ib maidir lena leanas:

(a) 

infheisteoirí institiúideacha a mhéid a infheistíonn siad go díreach nó trí bhainisteoirí sócmhainní i scaireanna arna dtrádáil ar mhargadh rialáilte,

(b) 

bainisteoirí sócmhainní a mhéid a infheistíonn siad sna scaireanna sin thar ceann infheisteoirí, agus

(c) 

comhairleoirí seachvótála a mhéid a sholáthraíonn siad seirbhísí do scairshealbhóirí i ndáil le scaireanna cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát agus a nglactar a scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó a oibríonn laistigh de Bhallstát.

7.  
Tá forálacha na Treorach seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos in aon ghníomh reachtach earnáilsonrach ón Aontas lena rialáiltear cineálacha sonracha cuideachtaí liostaithe nó cineálacha sonracha eintiteas. I gcás ina ndéanfar foráil sa Treoir seo maidir le rialacha níos sonraí nó i gcás ina gcuirfear ceanglais leis an Treoir i gcomparáid leis na forálacha a leagtar síos le haon ghníomh reachtach earnáilsonrach ón Aontas, cuirfear na forálacha sin i bhfeidhm i gcomhar le forálacha na Treorach seo.

▼B

Article 2

Definitions

For the purposes of this Directive the following definitions shall apply:

▼M2

(a) 

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (21) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

▼B

(b) 

‘shareholder’ means the natural or legal person that is recognised as a shareholder under the applicable law;

(c) 

‘proxy’ means the empowerment of a natural or legal person by a shareholder to exercise some or all rights of that shareholder in the general meeting in his name;

▼M2

(d) 

ciallaíonn “idirghabhálaí” duine, amhail gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) agus taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), a sholáthraíonn seirbhísí chun scaireanna a choinneáil slán, scaireanna a riar nó cuntais urrús a chothabháil thar ceann scairshealbhóirí nó daoine eile;

(e) 

ciallaíonn “infheisteoir institiúideach”:

(i) 

gnóthas a chomhallann gníomhaíochtaí árachais saoil de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (c) d’Airteagal 2(3) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus gníomhaíochtaí athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 13 den Treoir sin ar choinníoll go gcumhdaítear leis na gníomhaíochtaí sin oibleagáidí árachais saoil, agus nach bhfuil eisiata de bhun na Treorach sin;

(ii) 

institiúid um sholáthar scoir ceirde a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) i gcomhréir le hAirteagal 2 de, seachas i gcás inar chinn Ballstát gan an Treoir sin a chur i bhfeidhm ina hiomláine nó go páirteach maidir leis an institiúid sin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin;

(f) 

ciallaíonn “bainisteoir sócmhainní” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE a sholáthraíonn seirbhísí bainistithe punainne d’infheisteoirí, AIFM (bainisteoir cistí infheistíochta malartacha) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir sin nó cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE nó cuideachta infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ar choinníoll nach mbeidh cuideachta bainistíochta, arna húdarú faoin Treoir sin, ainmnithe aici chun í a bhainistiú;

(g) 

ciallaíonn “comhairleoir seachvótála” duine dlítheanach a dhéanann anailís, ar bhonn gairmiúil agus tráchtála, ar an nochtadh corparáideach agus, más iomchuí, ar fhaisnéis eile cuideachtaí liostaithe d’fhonn bonn eolais a chur faoi chinntí vótála infheisteoirí trí thaighde, trí chomhairle nó trí mholtaí vótála a thabhairt a bhaineann le feidhmiú na gceart vótála;

(h) 

tá an bhrí chéanna le “páirtí gaolmhar” atá leis sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );

(i) 

ciallaíonn “stiúrthóir”:

(i) 

aon chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta cuideachta;

(ii) 

i gcás nach comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta cuideachta iad, an príomhoifigeach feidhmiúcháin agus, más ann dá leithéid d’fheidhm i gcuideachta, an leas-phríomhoifigeach feidhmiúcháin;

(iii) 

i gcás ina gcinneann Ballstát amhlaidh, daoine eile a chomhallann feidhmeanna atá cosúil leis na feidhmeanna arna bhfeidhmiú faoi phointe (i) nó (ii);

(j) 

ciallaíonn “faisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí” faisnéis lenar féidir céannacht scairshealbhóra a shuí, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(i) 

ainm agus sonraí teagmhála (lena n-áirítear seoladh iomlán agus, más ann dó, seoladh ríomhphoist) an scairshealbhóra, agus, i gcás inar duine dlítheanach é, a uimhir chlárúcháin, nó, murab ann d’uimhir chlárúcháin, a aitheantóir uathúil, amhail aitheantóir eintitis dhlítheanaigh;

(ii) 

líon na scaireanna i seilbh an scairshealbhóra; agus

(iii) 

ach amháin a mhéid a iarrfaidh an chuideachta iad, ceann amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas: catagóirí nó aicmí na scaireanna sin nó an dáta óna bhfuil na scaireanna i seilbh an scairshealbhóra.

▼B

Article 3

Further national measures

This Directive shall not prevent Member States from imposing further obligations on companies or from otherwise taking further measures to facilitate the exercise by shareholders of the rights referred to in this Directive.

▼M2

CAIBIDIL Ia

CÉANNACHT SCAIRSHEALBHÓIRÍ, FAISNÉIS A THARCHUR AGUS FEIDHMIÚ CEART SCAIRSHEALBHÓIRÍ A ÉASCÚ

Airteagal 3a

Céannacht scairshealbhóirí

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag cuideachtaí céannacht a gcuid scairshealbhóirí a shuí. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach gceadaítear do chuideachtaí a bhfuil oifig chláraithe acu ar a gcríoch céannacht a iarraidh ach amháin maidir le scairshealbhóirí a bhfuil níos mó ná céatadán áirithe de scaireanna nó cearta vótála acu. Ní bheidh céatadán den sórt sin níos airde ná 0,5 %.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit, ar iarraidh ón gcuideachta nó ó thríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, go ndéanfaidh na hidirghabhálaithe an fhaisnéis maidir le céannacht sealbhóirí a chur in iúl gan mhoill don chuideachta.
3.  
I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra idirghabhálaithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iarraidh na cuideachta, nó iarraidh tríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, a tharchur idir idirghabhálaithe gan mhoill agus go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí a bhfuil an fhaisnéis iarrtha ina sheilbh aige an fhaisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a tharchur go díreach agus gan mhoill chuig an gcuideachta nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a fháil ó aon idirghabhálaí sa slabhra a bhfuil an fhaisnéis ina sheilbh aige.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ligfear don chuideachta iarraidh ar an taisclann lárnach urrús nó ar idirghabhálaí nó soláthróir seirbhíse eile an fhaisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a bhailiú, lena n-áirítear ó na hidirghabhálaithe i slabhra na n-idirghabhálaithe, agus an fhaisnéis a tharchur chuig an gcuideachta.

Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí, ar iarraidh ón gcuideachta nó ó thríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, na sonraí faoin gcéad idirghabhálaí eile i slabhra na n-idirghabhálaithe a chur in iúl gan mhoill don chuideachta.

4.  
Déanfar sonraí pearsanta scairshealbhóirí a phróiseáil de bhun an Airteagail seo ionas go mbeidh an chuideachta in ann céannacht a cuid scairshealbhóirí reatha a shuí chun cumarsáid a dhéanamh leo d’fhonn feidhmiú chearta na scairshealbhóirí agus an rannpháirtíocht na scairshealbhóirí leis an gcuideachta a éascú.

Gan dochar d’aon tréimhse stórála níos faide a leagtar síos le gníomh reachtach earnáilsonrach ón Aontas, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh cuideachtaí agus idirghabhálaithe sonraí pearsanta scairshealbhóirí arna dtarchur chucu i gcomhréir leis an Airteagal seo chun na críche a shonraítear san Airteagal seo a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí tar éis dóibh a fháil amach nach scairshealbhóir a thuilleadh an duine lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le dlí maidir le faisnéis phearsanta na scairshealbhóirí a phróiseáil chun críocha eile.

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag daoine dlítheanacha go ndéanfaí ceartúcháin ar fhaisnéis atá neamhiomlán nó míchruinn maidir lena gcéannacht sealbhóra.
6.  
Aon idirghabhálaí a thuairiscíonn faisnéis maidir le céannacht scairshealbhóra i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit nach measfar go bhfuil sé ag sárú aon sriain ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin.
7.  
Faoin 10 Meitheamh 2019, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Údarás Maoirseachta Eorpach (ÚEUM), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil céannacht scairshealbhóirí teoranta do scairshealbhóirí ag a bhfuil níos mó ná céatadán áirithe de na scaireanna nó cearta vótála i gcomhréir le mír 1 agus, más amhlaidh atá, an céatadán is infheidhme. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin ar a shuíomh gréasáin.
8.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais íosta a shonrú maidir le tarchur na faisnéise a leagtar síos i mír 2 a mhéid a bhaineann le formáid na faisnéise atá le tarchur, formáid an iarratais, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna atá le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 3b

Faisnéis a tharchur

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go n-éileofar ar na hidirghabhálaithe an fhaisnéis seo a leanas a tharchur gan mhoill ón gcuideachta chuig na scairshealbhóirí nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an scairshealbhóir:

(a) 

an fhaisnéis nach mór don chuideachta a chur ar fáil don scairshealbhóir, ionas gur féidir leis an scairshealbhóir na cearta a eascraíonn óna chuid scaireanna a fheidhmiú, agus, atá dírithe ar na scairshealbhóirí ar fad a bhfuil scaireanna den aicme sin acu, nó

(b) 

i gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil do scairshealbhóirí ar shuíomh gréasáin na cuideachta, fógra ina gcuirtear in iúl an áit ar an suíomh gréasáin ar féidir teacht ar an bhfaisnéis sin ar shuíomh gréasáin na cuideachta.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin a sholáthar d’idirghabhálaithe ar bhealach caighdeánaithe agus tráthúil.
3.  
Mar sin féin ní éileoidh Ballstáit go ndéanfaí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír nó an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin a sholáthar agus a sheachadadh chuig idirghabhálaithe nuair a sheolfaidh cuideachtaí an fhaisnéis nó an fógra sin go díreach chuig a scairshealbhóirí ar fad, nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag na scairshealbhóirí.
4.  
Cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar idirghabhálaithe an fhaisnéis a gheofar ó na scairshealbhóirí a bhaineann le feidhmiú na gceart a eascraíonn óna scaireanna a tharchur gan mhoill chuig an gcuideachta, i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ó na scairshealbhóirí.
5.  
I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra idirghabhálaithe, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 a tharchur idir idirghabhálaithe gan mhoill, ach amháin murar féidir leis an idirghabhálaí an fhaisnéis a tharchur go díreach chuig an gcuideachta nó chuig an scairshealbhóir nó,, chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an scairshealbhóir.
6.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na ceanglais íosta a shainiú chun an fhaisnéis a tharchur a leagtar síos i mír 1 go mír 5 den Airteagal seo maidir le cineálacha agus formáid na faisnéise atá le tarchur, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna a bheidh le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 3c

Feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go n-éascóidh na hidirghabhálaithe feidhmiú na gceart sin ag an scairshealbhóir, lena n-áirítear an ceart chun páirt a ghlacadh agus vótáil i gcruinnithe ginearálta, ar éascú é arb éard a bheidh ann laghad ceann amháin dóibh seo a leanas:

(a) 

déanann an t-idirghabhálaí na socruithe is gá chun go mbeidh an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir in ann na cearta a fheidhmiú iad féin;

(b) 

feidhmíonn an t-idirghabhálaí na cearta a eascraíonn ó na scaireanna ar údarú agus ar theagasc sainráite an scairshealbhóra agus chun tairbhe an scairshealbhóra.

2.  
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, nuair a chaithfear vótaí go leictreonach, go seolfar daingniú leictreonach go mbeidh na vótaí faighte chuig an duine a chaitheann an vóta.

Déanfaidh Ballstáit a áirithiú tar éis an chruinnithe ghinearálta gur féidir leis an scairshealbhóir nó tríú páirtí ainmnithe ag an scairshealbhóir, ar a laghad ar iarraidh a bheith déanta, daingniú a fháil gur thaifead an chuideachta a vótaí go bailí agus gur chomhair sí iad, mura mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil dóibh cheana féin. Féadfaidh Ballstáit spriocdháta a bhunú maidir le daingniú den sórt sin a iarraidh. Ní bheidh an spriocdháta sin níos faide ná 3 mhí ó dháta an vóta.

I gcás go bhfaighidh an t-idirghabhálaí an deimhniú amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír, tarchuirfidh sé/sí é gan mhoill chuig an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir. I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra na n-idirghabhálaithe tarchuirfear an daingniú idir idirghabhálaithe gan mhoill, mura féidir an dearbhú a tharchur go díreach chuig an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir.

3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais íosta a shonrú chun feidhmiú cearta na scairshealbhóirí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo maidir le cineálacha an éascaithe, formáid an daingnithe leictreonaigh go mbeidh na vótaí faighte, an fhormáid chun an daingniú a tharchur go mbeidh na vótaí cláraithe agus comhairthe go bailí trí shlabhra na n-idirghabhálaithe, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna atá le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoi 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 3d

Neamh-idirdhealú, comhréireacht agus trédhearcacht na gcostas

1.  
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar idirghabhálaithe aon mhuirir is infheidhme a nochtadh go poiblí le haghaidh seirbhísí dá bhforáiltear faoin gCaibidil seo ar leithligh do gach seirbhís.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon mhuirir a thobhach idirghabhálaí ar scairshealbhóirí, ar chuideachtaí agus ar idirghabhálaithe eile neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach i ndáil leis na costais iarbhír a thabhaítear chun na seirbhísí a sheachadadh. Ní cheadófar aon éagsúlacht idir na muirir a thoibhítear idir chearta intíre agus trasteorann a fheidhmiú ach amháin i gcás ina mbeidh siad cuí-dhlisteanaithe agus má léiríonn siad an éagsúlacht i gcostais iarbhír a thabhaítear chun na seirbhísí a sheachadadh.
3.  
Féadfaidh Ballstáit idirghabhálaithe a thoirmeasc ó mhuirir a ghearradh ar na seirbhísí arna soláthar faoin gCaibidil seo.

Airteagal 3e

Idirghabhálaithe tríú tír

Tá feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le hidirghabhálaithe nach bhfuil a n-oifig chláraithe nó a gceannoifig san Aontas nuair a bheidh seirbhísí á soláthar acu dá dtagraítear in Airteagal 1(5).

Airteagal 3f

Faisnéis maidir le cur chun feidhme

1.  
Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an Coimisiún ar an eolas faoi dheacrachtaí praiticiúla suntasacha i bhforfheidhmiú fhorálacha na Caibidle seo nó neamhchomhlíonadh fhorálacha na Caibidle seo ag idirghabhálaithe de chuid an Aontais nó ó tríú tír.
2.  
Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Caibidle seo, lena n-áirítear a héifeachtacht, deacrachtaí i gcur chun feidhme praiticiúil agus forfheidhmiú, agus forbairtí ábhartha sa mhargadh ag leibhéal an Aontais agus ag an leibhéal idirnáisiúnta á gcur i gcuntas. Tabharfaidh an tuarascáil aghaidh freisin ar oiriúnacht raon chur i bhfeidhm na Caibidle seo i ndáil le hidirghabhálaithe ó thríú tíortha. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil faoin 10 Meitheamh 2023.

CAIBIDIL Ib

TRÉDHEARCACHT INFHEISTEOIRÍ INSTITIÚIDEACHA, BAINISTEOIRÍ SÓCMHAINNE AGUS SEACH-CHOMHAIRLEOIRÍ

Airteagal 3g

Beartas rannpháirtíochta

1.  
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) nó go nochtfaidh siad go poiblí míniú soiléir agus réasúnaithe cén fáth ar roghnaigh siad gan ceann amháin nó níos mó de na ceanglais seo a chomhlíonadh.
(a) 

Forbróidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne agus nochtfaidh siad go poiblí beartas rannpháirtíochta a dhéanann cur síos ar conas a chomhthiomsaíonn siad rannpháirtíocht na scairshealbhóirí ina straitéis infheistíochta. Déanfaidh an beartas cur síos ar conas a dhéanann siad faireachán ar chuideachtaí infheistíochta ar ábhair ábhartha, lena n-áirítear straitéis, feidhmíocht airgeadais agus neamhairgeadais agus riosca, struchtúr caipitil, tionchar sóisialta agus timpeallachta agus rialachas corparáideach, conas a bhíonn idirphléanna acu le cuideachtaí infheistíochta, conas a fheidhmíonn siad cearta vótála agus cearta eile a bhaineann le scaireanna, conas a chomhoibríonn siad le scairshealbhóirí eile, conas a dhéanann siad cumarsáid le scairshealbhóirí ábhartha na gcuideachtaí infheistíochta agus conas a bhainistíonn siad coinbhleachtaí leasa iarbhír agus féideartha i ndáil lena rannpháirtíocht.

(b) 

Déanfaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne, ar bhonn bliantúil, a nochtadh go poiblí conas a bheidh a mbeartas rannpháirtíochta seo curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear cur síos ginearálta ar a n-iompar vótála, míniú ar na vótaí is suntasaí agus an úsáid a bhain siad as seirbhísí seachchomhairleoirí. Déanfaidh siad conas a chaith siad vótaí i gcruinnithe ginearálta na gcuideachtaí ina sealbhaíonn siad scaireanna a nochtadh go poiblí. Féadfaidh an nochtadh sin vótaí atá neamhthábhachtach toisc ábhar an vóta nó toisc mhéid an tsealúchais sa chuideachta a eisiamh.

2.  
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar shuíomh gréasáin an infheisteora institiúidigh nó ar shuíomh gréasáin an bhainisteora sócmhainne. Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go bhfuil an fhaisnéis le foilsiú, saor in aisce, trí mheáin eile a bhfuil rochtain éasca orthu ar líne.

I gcás ina gcuirfidh an bainisteoir sócmhainní an beartas rannpháirtíochta, lena n-áirítear vótáil, i bhfeidhm thar ceann infheisteora institiúidigh, déanfaidh an t-infheisteoir institiúideach tagairt don áit ina mbeidh an fhaisnéis vótála sin foilsithe ag an mbainisteoir sócmhainne.

3.  
Beidh rialacha coinbhleachta leasa is infheidhme maidir le hinfheisteoirí institiúideacha agus le bainisteoirí sócmhainní, lena n-áirítear Airteagal 14 de Threoir 2011/61/AE, pointe (b) d’Airteagal 12(1) agus pointe (d) d’Airteagal 14(1) de Threoir 2009/65/CE agus a rialacha cur chun feidhme ábhartha, agus Airteagal 23 de Threoir 2014/65/AE infheidhme freisin maidir le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta.

Airteagal 3h

Straitéis infheistíochta infheisteoirí institiúideacha agus socruithe le bainisteoirí sócmhainne

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go nochtfaidh infheisteoirí institiúideacha don phobal conas atá na príomhmhíreanna dá straitéis infheistíochta cothromais i gcomhréir le próifíl agus le ré a ndliteanas, go háirithe dliteanais fhadtéarmacha, agus conas a chuireann siad le feidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach a sócmhainní.
2.  

Déanfaidh Ballstáit a áirithiú i gcás ina n-infheisteoidh bainisteoir sócmhainne thar ceann infheisteora institiúidigh, cibé acu ar bhonn lánroghnach cliant-ar-chliant nó trí ghnóthas comhinfheistíochta, go nochtfaidh an infheisteoir institiúideach an fhaisnéis seo a leanas go poiblí maidir lena shocrú leis an mbainisteoir sócmhainne:

(a) 

conas a dhreasaíonn an socrú leis an mbainisteoir sócmhainne an bainisteoir sócmhainne chun a straitéis infheistíochta agus a chinntí a ailíniú le próifíl agus ré dhliteanais an infheisteora institiúidigh, go háirithe dliteanas fadtéarmach;

(b) 

conas a dhreasaíonn an socrú sin an bainisteoir sócmhainne cinntí infheistíochta a dhéanamh bunaithe ar mheasúnuithe faoi fheidhmíocht airgeadais agus neamhairgeadais na cuideachta infheistíochta sa mheántéarma go dtí an fadtéarma agus chun dul i mbun plé le cuideachtaí infheistíochta chun a bhfeidhmíocht a fheabhsú sa mheántéarma go dtí an fadtéarma;

(c) 

conas atá modh agus sprioc-am an mheasúnaithe ar fheidhmíocht an bhainisteora sócmhainní agus an luach saothair i gcomhair seirbhísí bainistithe sócmhainne a i gcomhréir le próifíl agus ré dhliteanais an infheisteora institiúidigh, go háirithe dliteanais fhadtéarmacha, agus go gcuirtear dearbhfheidhmíocht fhadtéarmach i gcuntas;

(d) 

conas a dhéanann an t-infheisteoir institiúideach faireachán ar chostais láimhdeachas punainne a thabhaíonn an bainisteoir sócmhainní agus conas a shainmhíníonn agus a dhéanann sé faireachán ar láimhdeachas punainne spriocdhírithe nó an raon láimhdeachais;

(e) 

ré an tsocraithe leis an mbainisteoir sócmhainne.

Más rud é nach mbeidh eilimint amháin nó níos mó díobh sa socrú leis an mbainisteoir sócmhainní, tabharfaidh an t-infheisteoir institiúideach míniú soiléir agus réasúnaithe i dtaobh cén fáth gurb é seo an cás.

3.  
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an infheisteora institiúidigh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ach amháin mura mbeidh athrú ábharach ann. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfoilseofar an fhaisnéis, saor in aisce, trí mheáin eile a bhfuil rochtain éasca orthu ar líne.

Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go lamhálfar d’infheisteoirí institiúideacha a rialaítear le Treoir 2009/138/CE an fhaisnéis seo a áireamh ina dtuarascálacha ar shócmhainneacht agus staid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 51 den Treoir sin.

Airteagal 3i

Trédhearcacht bainisteoirí sócmhainne

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go nochtfaidh bainisteoirí sócmhainne ar bhonn bliantúil don infheisteoir institiúideach lena ndearna siad socruithe dá dtagraítear in Airteagal 3h conas a dhéanann a straitéis infheistíochta agus an cur i bhfeidhm sin an socrú a chomhlíonadh agus rannchuidíonn sé le feidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach shócmhainní an infheisteora institiúidigh nó an chiste. Áireofar le nochtadh den sórt sin tuairisciú ar na príomhrioscaí meántéarmacha go fadtéarmacha ábharacha bainteach leis na hinfheistíochtaí, ar chomhdhéanamh na punainne, láimhdeachas agus costais láimhdeachais, ar úsáid seachchomhairleoirí chun críche gníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus a mbeartas maidir le hiasachtaí urrús agus é a chur chun feidhme chun a ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta a chur chun feidhme más infheidhme, go háirithe ag am chruinnithe ghinearálta na gcuideachtaí infheistíochta. Áireofar le nochtadh den sórt sin freisin faisnéis maidir le cibé acu, agus más amhlaidh atá conas, a dhéanann cinntí infheistíochta bunaithe ar mheasúnú ar fheidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach na cuideachta infheistíochta, lena n-áirítear feidhmíocht neamhairgeadais, agus cibé acu an bhfuil, agus más amhlaidh atá cé acu coinbhleachtaí leasanna a tháinig chun cinn i dtaca le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus conas a dhéileáil na bainisteoirí sócmhainne leo.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil an fhaisnéis i mír 1 le nochtadh in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE nó in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE, nó teachtaireachtaí tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE.

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis a nochtadh de bhun mhír 1 ar fáil go poiblí cheana, níl de cheangal ar an mbainisteoir sócmhainne an fhaisnéis a chur ar fáil go díreach don infheisteoir institiúideach.

3.  
I gcás nach mbainisteoidh an bainisteoir sócmhainne na sócmhainní ar bhonn lánroghnach cliant-ar-chliant, féadfaidh Ballstáit a cheangal go gcuirfear faisnéis a nochtar de bhun mhír 1 sholáthar freisin d’infheisteoirí eile den chiste céanna ar a laghad ar é a iarraidh.

Airteagal 3j

Trédhearcacht seach-chomhairleoirí

1.  
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go nochtfaidh seach-chomhairleoirí go poiblí tagairt do chód iompair a chuireann siad i bhfeidhm agus go tuairisceoidh siad maidir le cur i bhfeidhm an chóid iompar seo.

I gcás nach gcuirfidh seach-chomhairleoirí cód iompair i bhfeidhm, cuirfidh siad míniú soiléir agus réasúnaithe ar fáil i dtaobh cén fáth gurb é seo an cás. I gcás ina gcuirfidh na seach-chomhairleoirí cóid iompair i bhfeidhm ach go n-imeoidh siad ó aon cheann dá mholtaí, déanfaidh siad na codanna óna n-imíonn siad a fhógairt, cuirfidh siad mínithe ar fáil ar na fáthanna a ndearna siad amhlaidh agus léireoidh siad, i gcás inarb iomchuí, aon bhearta malartacha a ghlactar.

Cuirfear faisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil go poiblí, saor in aisce, ar shuíomhanna gréasáin seach-chomhairleoirí agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit, chun cruinneas agus iontaofacht a ngníomhaíochtaí a chur in iúl go leordhóthanach dá gcliaint, go ndéanfaidh seach-chomhairleoirí a nochtadh go poiblí ar bhonn bliantúil ar a laghad an fhaisnéis uile a leanas i ndáil lena dtaighde, lena gcomhairle agus lena moltaí vótála a ullmhú:

(a) 

gnéithe riachtanacha na modhanna agus na samhlacha a chuireann siad i bhfeidhm;

(b) 

na príomhfhoinsí faisnéise a úsáideann siad;

(c) 

na nósanna imeachta a chuirtear ar bun chun cáilíocht an taighde, na comhairle agus na moltaí vótála agus cáilíochtaí na foirne a bhíonn páirteach a áirithiú;

(d) 

an gcuireann agus má chuireann, conas a chuireann siad coinníollacha an mhargaidh náisiúnta, coinníollacha dlíthiúla agus rialála agus coinníollacha cuideachta-shonrach h i gcuntas;

(e) 

gnéithe riachtanacha na mbeartas vótála a chuireann siad i bhfeidhm maidir le gach margadh;

(f) 

an bhfuil idirphlé acu leis na cuideachtaí a bhfuil a dtaighde, a gcomhairle nó a moltaí vótála dírithe orthu, agus le geallsealbhóirí na cuideachta, agus, más amhlaidh atá, méid agus cineál an idirphlé sin;

(g) 

an beartas chun coinbhleachtaí leasa féideartha a chosc agus bhainistiú.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil go poiblí ar shuíomhanna ghréasáin na seach-chomhairleoirí agus beidh sí ar fáil saor in aisce ar feadh trí bliana ar a laghad ón dáta a foilsithe. Ní gá an fhaisnéis a nochtadh ar leithligh i gcás ina mbeidh sí ar fáil mar chuid den nochtadh faoi mhír 1.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seach-chomhairleoirí aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó fhéideartha nó caidreamh gnó a shainaithint agus a nochtadh dá gcliaint gan mhoill, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ullmhú an taighde, na comhairle nó na moltaí vótála agus na ngníomhaíochtaí a bheidh déanta acu chun an choinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha a dhíchur nó a mhaolú nó a bhainistiú.
4.  
Beidh feidhm ag an Airteagal freisin maidir le seach-chomhairleoirí nach bhfuil oifig chláraithe ná ceannoifig acu san Aontas agus a bhfuil a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu trí bhunaíocht atá lonnaithe san Aontas.

Airteagal 3k

Athbhreithniú

1.  
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hAirteagal 3g, le hAirteagal 3h agus le hAirteagal 3i a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an measúnú ar an ngá go nochtfaidh bainisteoirí sócmhainne faisnéis áirithe faoi Airteagal 3i, agus forbairtí ábhartha an Aontais agus forbairtí an mhargaidh idirnáisiúnta á gcur i gcuntas acu. Foilseofar an tuarascáil faoin 10 Meitheamh 2022 agus, más iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hAirteagal 3j a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear oiriúnacht a raoin agus a héifeachtacht agus an measúnú ar an ngá chun ceanglais rialála a chur ar bun le haghaidh seach-chomhairleoirí, agus forbairtí ábhartha an Aontais agus an mhargaidh idirnáisiúnta á gcur i gcuntas acu. Foilseofar an tuarascáil faoi 10 Meitheamh 2023 agus, más iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi.

▼B

CHAPTER II

GENERAL MEETINGS OF SHAREHOLDERS

Article 4

Equal treatment of shareholders

The company shall ensure equal treatment for all shareholders who are in the same position with regard to participation and the exercise of voting rights in the general meeting.

Article 5

Information prior to the general meeting

1.  
Without prejudice to Articles 9(4) and 11(4) of Directive 2004/25/EC of the European Parliament and of the Council of 21 April 2004 on takeover bids ( 13 ), Member States shall ensure that the company issues the convocation of the general meeting in one of the manners specified in paragraph 2 of this Article not later than on the 21st day before the day of the meeting.

Member States may provide that, where the company offers the facility for shareholders to vote by electronic means accessible to all shareholders, the general meeting of shareholders may decide that it shall issue the convocation of a general meeting which is not an annual general meeting in one of the manners specified in paragraph 2 of this Article not later than on the 14th day before the day of the meeting. This decision is to be taken by a majority of not less than two thirds of the votes attaching to the shares or the subscribed capital represented and for a duration not later than the next annual general meeting.

Member States need not apply the minimum periods referred to in the first and second subparagraphs for the second or subsequent convocation of a general meeting issued for lack of a quorum required for the meeting convened by the first convocation, provided that this Article has been complied with for the first convocation and no new item is put on the agenda, and that at least 10 days elapse between the final convocation and the date of the general meeting.

2.  
Without prejudice to further requirements for notification or publication laid down by the competent Member State as defined in Article 1(2), the company shall be required to issue the convocation referred to in paragraph 1 of this Article in a manner ensuring fast access to it on a non-discriminatory basis. The Member State shall require the company to use such media as may reasonably be relied upon for the effective dissemination of information to the public throughout the Community. The Member State may not impose an obligation to use only media whose operators are established on its territory.

The Member State need not apply the first subparagraph to companies that are able to identify the names and addresses of their shareholders from a current register of shareholders, provided that the company is under an obligation to send the convocation to each of its registered shareholders.

In either case the company may not charge any specific cost for issuing the convocation in the prescribed manner.

3.  

The convocation referred to in paragraph 1 shall at least:

(a) 

indicate precisely when and where the general meeting is to take place, and the proposed agenda for the general meeting;

(b) 

contain a clear and precise description of the procedures that shareholders must comply with in order to be able to participate and to cast their vote in the general meeting. This includes information concerning:

(i) 

the rights available to shareholders under Article 6, to the extent that those rights can be exercised after the issuing of the convocation, and under Article 9, and the deadlines by which those rights may be exercised; the convocation may confine itself to stating only the deadlines by which those rights may be exercised, provided it contains a reference to more detailed information concerning those rights being made available on the Internet site of the company;

(ii) 

the procedure for voting by proxy, notably the forms to be used to vote by proxy and the means by which the company is prepared to accept electronic notifications of the appointment of proxy holders; and

(iii) 

where applicable, the procedures for casting votes by correspondence or by electronic means;

(c) 

where applicable, state the record date as defined in Article 7(2) and explain that only those who are shareholders on that date shall have the right to participate and vote in the general meeting;

(d) 

indicate where and how the full, unabridged text of the documents and draft resolutions referred to in points (c) and (d) of paragraph 4 may be obtained;

(e) 

indicate the address of the Internet site on which the information referred to in paragraph 4 will be made available.

4.  

Member States shall ensure that, for a continuous period beginning not later than on the 21 day before the day of the general meeting and including the day of the meeting, the company shall make available to its shareholders on its Internet site at least the following information:

(a) 

the convocation referred to in paragraph 1;

(b) 

the total number of shares and voting rights at the date of the convocation (including separate totals for each class of shares where the company’s capital is divided into two or more classes of shares);

(c) 

the documents to be submitted to the general meeting;

(d) 

a draft resolution or, where no resolution is proposed to be adopted, a comment from a competent body within the company, to be designated by the applicable law, for each item on the proposed agenda of the general meeting; moreover, draft resolutions tabled by shareholders shall be added to the Internet site as soon as practicable after the company has received them;

(e) 

where applicable, the forms to be used to vote by proxy and to vote by correspondence, unless those forms are sent directly to each shareholder.

Where the forms referred to in point (e) cannot be made available on the Internet for technical reasons, the company shall indicate on its Internet site how the forms can be obtained on paper. In this case the company shall be required to send the forms by postal services and free of charge to every shareholder who so requests.

Where, pursuant to Articles 9(4) or 11(4) of Directive 2004/25/EC, or to the second subparagraph of paragraph 1 of this Article, the convocation of the general meeting is issued later than on the 21st day before the meeting, the period specified in this paragraph shall be shortened accordingly.

▼M3

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cruinniú ginearálta, chun críocha Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh go bailí, comhghairm chuig cruinniú ginearálta a eisiúint, nó na reachtanna a mhodhnú le forordú go n-eiseofar comhghairm chuig cruinniú ginearálta, ar fhógra níos giorra ná mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, chun méadú ar an gcaipiteal a chinneadh, ar choinníoll nach dtionólfar an cruinniú laistigh de dheich lá féilire den chomhghairm, go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 27 nó 29 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/23, agus go mbeidh gá leis an méadú ar an gcaipiteal ionas go seachnófar na coinníollacha réitigh a leagtar síos in Airteagail 32 agus 33 de Threoir 2014/59/AE nó in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23.

▼M1

6.  
For the purposes of paragraph 5, the obligation on each Member State to set a single deadline in Article 6(3), the obligation to ensure timely availability of a revised agenda in Article 6(4) and the obligation on each Member State to set a single record date in Article 7(3) shall not apply.

▼B

Article 6

Right to put items on the agenda of the general meeting and to table draft resolutions

1.  

Member States shall ensure that shareholders, acting individually or collectively:

(a) 

have the right to put items on the agenda of the general meeting, provided that each such item is accompanied by a justification or a draft resolution to be adopted in the general meeting; and

(b) 

have the right to table draft resolutions for items included or to be included on the agenda of a general meeting.

Member States may provide that the right referred to in point (a) may be exercised only in relation to the annual general meeting, provided that shareholders, acting individually or collectively, have the right to call, or to require the company to call, a general meeting which is not an annual general meeting with an agenda including at least all the items requested by those shareholders.

Member States may provide that those rights shall be exercised in writing (submitted by postal services or electronic means).

2.  
Where any of the rights specified in paragraph 1 is subject to the condition that the relevant shareholder or shareholders hold a minimum stake in the company, such minimum stake shall not exceed 5 % of the share capital.
3.  
Each Member State shall set a single deadline, with reference to a specified number of days prior to the general meeting or the convocation, by which shareholders may exercise the right referred to in paragraph 1, point (a). In the same manner each Member State may set a deadline for the exercise of the right referred to in paragraph 1, point (b).
4.  
Member States shall ensure that, where the exercise of the right referred to in paragraph 1, point (a) entails a modification of the agenda for the general meeting already communicated to shareholders, the company shall make available a revised agenda in the same manner as the previous agenda in advance of the applicable record date as defined in Article 7(2) or, if no record date applies, sufficiently in advance of the date of the general meeting so as to enable other shareholders to appoint a proxy or, where applicable, to vote by correspondence.

Article 7

Requirements for participation and voting in the general meeting

1.  

Member States shall ensure:

(a) 

that the rights of a shareholder to participate in a general meeting and to vote in respect of any of his shares are not subject to any requirement that his shares be deposited with, or transferred to, or registered in the name of, another natural or legal person before the general meeting; and

(b) 

that the rights of a shareholder to sell or otherwise transfer his shares during the period between the record date, as defined in paragraph 2, and the general meeting to which it applies are not subject to any restriction to which they are not subject at other times.

2.  
Member States shall provide that the rights of a shareholder to participate in a general meeting and to vote in respect of his shares shall be determined with respect to the shares held by that shareholder on a specified date prior to the general meeting (the record date).

Member States need not apply the first subparagraph to companies that are able to identify the names and addresses of their shareholders from a current register of shareholders on the day of the general meeting.

3.  
Each Member State shall ensure that a single record date applies to all companies. However, a Member State may set one record date for companies which have issued bearer shares and another record date for companies which have issued registered shares, provided that a single record date applies to each company which has issued both types of shares. The record date shall not lie more than 30 days before the date of the general meeting to which it applies. In implementing this provision and Article 5(1), each Member State shall ensure that at least eight days elapse between the latest permissible date for the convocation of the general meeting and the record date. In calculating that number of days those two dates shall not be included. In the circumstances described in Article 5(1), third subparagraph, however, a Member State may require that at least six days elapse between the latest permissible date for the second or subsequent convocation of the general meeting and the record date. In calculating that number of days those two dates shall not be included.
4.  
Proof of qualification as a shareholder may be made subject only to such requirements as are necessary to ensure the identification of shareholders and only to the extent that they are proportionate to achieving that objective.

Article 8

Participation in the general meeting by electronic means

1.  

Member States shall permit companies to offer to their shareholders any form of participation in the general meeting by electronic means, notably any or all of the following forms of participation:

(a) 

real-time transmission of the general meeting;

(b) 

real-time two-way communication enabling shareholders to address the general meeting from a remote location;

(c) 

a mechanism for casting votes, whether before or during the general meeting, without the need to appoint a proxy holder who is physically present at the meeting.

2.  
The use of electronic means for the purpose of enabling shareholders to participate in the general meeting may be made subject only to such requirements and constraints as are necessary to ensure the identification of shareholders and the security of the electronic communication, and only to the extent that they are proportionate to achieving those objectives.

This is without prejudice to any legal rules which Member States have adopted or may adopt concerning the decision-making process within the company for the introduction or implementation of any form of participation by electronic means.

Article 9

Right to ask questions

1.  
Every shareholder shall have the right to ask questions related to items on the agenda of the general meeting. The company shall answer the questions put to it by shareholders.
2.  
The right to ask questions and the obligation to answer are subject to the measures which Member States may take, or allow companies to take, to ensure the identification of shareholders, the good order of general meetings and their preparation and the protection of confidentiality and business interests of companies. Member States may allow companies to provide one overall answer to questions having the same content.

Member States may provide that an answer shall be deemed to be given if the relevant information is available on the company’s Internet site in a question and answer format.

▼M2

Airteagal 9a

An ceart chun vótáil ar an mbeartas luach saothair

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh cuideachtaí beartas luach saothair maidir le stiúrthóirí agus go mbeidh an ceart ag scairshealbhóirí chun vótáil ar an mbeartas luach saothair ag an gcruinniú ginearálta.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an vóta ó na scairshealbhóirí ar an mbeartas luacha saothair ag an gcruinniú ginearálta ina cheangal. Ní íocfaidh cuideachtaí luach saothair lena stiúrthóirí ach amháin de réir beartas luach saothair atá formheasta ag an gcruinniú ginearálta.

I gcás nach mbeidh aon bheartas luach saothair formheasta fós agus nach ndéanfar an beartas atá beartaithe a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, féadfaidh an chuideachta leanúint de luach saothair a íoc lena stiúrthóirí i gcomhréir leis na cleachtais atá aici cheana agus cuirfidh siad beartas athbhreithnithe isteach lena fhormheas ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.

I gcás ina mbeidh beartas luach saothair formheasta ann cheana agus nach ndéanfar an beartas atá beartaithe a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, leanfaidh an chuideachta de luach saothair a íoc lena stiúrthóirí i gcomhréir leis an mbeartas formheasta atá ann cheana agus cuirfidh sí beartas athbhreithnithe isteach lena fhormheas ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.

3.  
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, gur vóta comhairleach a bheidh sa vóta ag an gcruinniú ginearálta. Sa chás sin, ní íocfaidh cuideachtaí luach saothair lena stiúrthóirí ach amháin de réir beartas luach saothair atá curtha faoi vóta den sórt sin ag an gcruinniú ginearálta. I gcás ina ndiúltóidh an cruinniú ginearálta an beartas luach saothair atá beartaithe, cuirfidh an chuideachta beartas athbhreithnithe isteach ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit a lamháil, in imthosca eisceachtúla, go maolóidh cuideachtaí go sealadach ar an mbeartas luach saothair, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha nós imeachta faoinar féidir an maolú a chur i bhfeidhm san áireamh agus go bhfuil gnéithe an bheartais ar féidir maolú orthu sonraithe ann.

Ní chlúdóidh imthosca eisceachtúla amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach cásanna ina mbeidh an maolú ar an mbeartas luach saothair riachtanach chun freastal ar leas fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cuideachta ina hiomláine nó chun a hinmharthanacht a áirithiú.

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí an beartas luach saothair faoi vóta ag an gcruinniú ginearálta aon uair a dhéanfar athrú ábharach air agus i gcás ar bith ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana.
6.  
Cuirfidh an beartas luach saothair le straitéis ghnó na cuideachta agus leasanna fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cuideachta agus míneoidh sé an dóigh a ndéanfaidh sé amhlaidh. Beidh sé soiléir sothuigthe agus déanfar cur síos ann ar chomhpháirteanna éagsúla an luach saothair sheasta agus an luach saothair inathraithe, lena n-áirítear gach bónas agus sochar eile i bhfoirm ar bith, is féidir a dhámhachtain do stiúrthóirí agus léireofar ann a gcion coibhneasta.

Míneofar sa bheartas luach saothair conas a cuireadh dálaí pá agus fostaíochta fhostaithe na cuideachta i gcuntas agus an beartas luach saothair á bhunú.

I gcás ina ndámhfaidh cuideachta luach saothair inathraithe, leagfar amach sa bheartas luach saothair critéir atá soiléir, cuimsitheach agus éagsúil óna chéile chun an luach saothair inathraithe a dhámhachtain. Léireofar sa bheartas critéir feidhmíochta airgeadais agus neamhairgeadais lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhaineann le freagracht shóisialta chorparáideach agus míneofar conas a chuireann siad leis na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír, agus na modhanna atá le cur i bhfeidhm chun a mhéid a bheidh na critéir feidhmíochta comhlíonta a chinneadh. Sonrófar ann faisnéis faoi aon tréimhsí iarchurtha agus faoin bhféidearthacht chun an chuideachta luach saothair inathraithe a aiséileamh.

I gcás ina ndámhfaidh an chuideachta luach saothair scairbhunaithe, sonrófar sa bheartas tréimhsí dílseacháin agus i gcás inarb infheidhme coinneáil scaireanna tar éis dílseacháin agus míneofar conas a chuireann an luach saothair scairbhunaithe leis na cuspóirí a leagtar amach sa chead fhomhír.

Léireofar sa bheartas luacha saothair ré na gconarthaí nó socruithe le stiúrthóirí agus na tréimhsí fógra is infheidhme, príomhghnéithe na scéimeanna pinsin fhorlíontacha nó scéimeanna luathscoir agus téarmaí an fhoirceanta agus na híocaíochtaí a bhaineann leis an bhfoirceannadh.

Míneofar sa bheartas luacha saothair an próiseas cinnteoireachta a leantar lena chinneadh, lena athbhreithniú agus lena chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun coinbhleacht leasa a sheachaint nó a bhainistiú agus, i gcás inarb infheidhme, ról an choiste luach saothair nó aon choiste eile lena mbaineann. I gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar an mbeartas, cuirfear síos agus tabharfar míniú ar gach athrú suntasach atá ann agus ar conas a chuirtear vótaí agus tuairimí na scairshealbhóirí ar an mbeartas agus ar na tuarascálacha i gcuntas ann ó caitheadh an vóta is déanaí ar an mbeartas luach saothair ag cruinniú ginearálta na scairshealbhóirí.

7.  
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, tar éis an vóta ar an mbeartas luach saothair ag an gcruinniú ginearálta, go ndéanfar an beartas mar aon le dáta agus torthaí an vóta a chur ar fáil go poiblí gan mhoill ar shuíomh gréasáin na cuideachta agus go mbeidh siad ar fáil go poiblí, saor in aisce, ar a laghad fad is infheidhme é.

Airteagal 9b

Faisnéis atá le soláthar sa tuarascáil luach saothair agus ceart chun vótáil ar an tuarascáil luach saothair

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeoidh an chuideachta suas tuarascáil luach saothair atá soiléir sothuigthe, ina soláthrófar forléargas cuimsitheach ar an luach saothair, lena n-áirítear gach sochar i bhfoirm ar bith, a dámhadh nó a bhí le dámhachtain le linn na bliana airgeadais do stiúrthóirí aonair, lena n-áirítear do stiúrthóirí nua-earcaithe agus d’iarstiúrthóirí, de réir an bheartais luach saothair dá dtagraítear in Airteagal 9a.

I gcás inarb infheidhme, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil luach saothair maidir le luach saothair gach stiúrthóra aonair:

(a) 

an luach saothair iomlán agus é deighilte de réir comhpháirte, cion coibhneasta an luach saothair sheasta agus inathraithe, míniú ar an dóigh a bhfuiltear ag comhlíonadh an bheartais luach saothair glactha, lena n-áirítear conas a chuireann sé le feidhmíocht fhadtéarmach na cuideachta, agus faisnéis faoi conas a rinneadh na critéir feidhmíochta a chur i bhfeidhm;

(b) 

an t-athrú a tháinig go bliantúil ar an luach saothair, éabhlóid fheidhmíocht na cuideachta agus mheánluach saothair na cuideachta ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha i leith fhostaithe na cuideachta nach stiúrthóirí iad thar thréimhse ar a laghad na cúig bliana airgeadais is déanaí, a chuirfear i láthair ar dhóigh a fhágfaidh go bhféadfar comparáid a dhéanamh;

(c) 

aon luach saothair ó aon ghnóthas a bhaineann leis an ngrúpa céanna mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 );

(d) 

an líon scaireanna agus scair-roghanna a bheidh deonaithe nó tairgthe, agus na príomhdhálaí chun na cearta a fheidhmiú lena n-áirítear an praghas feidhmithe agus an dáta agus aon athrú air sin;

(e) 

faisnéis faoin deis a úsáid chun an luach saothair inathraithe a aiséileamh;

(f) 

faisnéis faoi aon imeacht ón nós imeachta maidir leis an mbeartas luach saothair a chur chun feidhme dá dtáirgítear in Airteagal 9a(6) agus faoi aon mhaolú a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9a(4), lena n-áirítear an míniú ar chineál na n-imthosca eisceachtúla agus an léiriú ar na gnéithe ar leith ar maolaíodh orthu.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach n-áireoidh cuideachtaí sa tuarascáil luach saothair sainchatagóirí sonraí pearsanta maidir le stiúrthóirí aonair de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ) nó sonraí pearsanta a thagraíonn do staid teaghlaigh stiúrthóirí aonair.
3.  
Déanfaidh cuideachtaí sonraí pearsanta na stiúrthóirí a áireofar sa tuarascáil luach saothair de bhun an Airteagail seo a phróiseáil chun cur le trédhearcacht chorparáideach maidir le luach saothair stiúrthóirí d’fhonn feabhas a chur ar chuntasacht na stiúrthóirí agus ar mhaoirseacht na scairshealbhóirí ar luach saothair na stiúrthóirí.

Gan dochar d’aon tréimhse níos faide a leagtar síos le haon ghníomh reachtach earnáil-sonrach ón Aontas, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh cuideachtaí sonraí pearsanta na stiúrthóirí a áireofar sa tuarascáil luach saothair i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil go poiblí de bhun mhír 5 den Airteagal seo níos mó tar éis 10 mbliana ón tráth a fhoilseofar an tuarascáil luach saothair.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le dlí chun sonraí pearsanta na stiúrthóirí a phróiseáil chun críocha eile.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag an gcruinniú ginearálta bliantúil chun vóta comhairleach a reáchtáil ar thuarascáil luach saothair na bliana airgeadais is déanaí. Míneoidh an chuideachta sa chéad tuarascáil luach saothair eile conas atá an vóta ag an gcruinniú ginearálta curtha i gcuntas.

Le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide, áfach, mar a shainmhínítear, faoi seach, in Airteagal 3(2) agus in Airteagal (3) de Threoir 2013/34/AE, féadfaidh na Ballstáit, mar mhalairt ar an vóta, a fhoráil go bhfuil an tuarascáil luach saothair don bhliain airgeadais is déanaí le cur isteach lena plé ag an gcruinniú ginearálta bliantúil mar mhír ar leith ar an gclár oibre. Míneoidh an chuideachta sa tuarascáil luacha saothair dá éis sin conas a rinneadh an plé ag an gcruinniú ginearálta a chur i gcuntas.

5.  
Gan dochar d’Airteagal 5(4), tar éis an chruinnithe ghinearálta, déanfaidh na cuideachtaí an tuarascáil luach saothair a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, saor in aisce, ar feadh tréimhse 10 mbliana, agus féadfaidh siad a roghnú í a choinneáil ar fáil ar feadh tréimhse is faide ná sin ar choinníoll nach mbeidh sonraí pearsanta na stiúrthóiri ann a thuilleadh. Déanfaidh an t-iniúchóir reachtach nó an gnólacht iniúchóireachta a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Airteagal seo soláthartha.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh freagracht chomhchoitinn ag stiúrthóirí na cuideachta, agus iad ag gníomhú faoina réim inniúlachta arna sannadh dóibh ag an dlí náisiúnta, chun a áirithiú go ndéanfar an tuarascáil luach saothair a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlithe, a rialacháin, agus a bhforálacha riaracháin maidir le dliteanas, ar a laghad i leith na cuideachta, maidir le stiúrthóirí na cuideachta i gcás sárú ar na dualgais dá dtagraítear sa mhír seo.

6.  
D’fhonn comhchuibhiú a áirithiú i ndáil leis an Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh chun cur i láthair caighdeánaithe na faisnéise a leagtar síos i mír 1 a shonrú.

Airteagal 9c

Trédhearcacht agus formheas ar idirbhearta páirtí ghaolmhair

1.  

Déanfaidh na Ballstáit idirbhearta ábhartha a shainiú chun críocha an Airteagail seo agus aird á tabhairt ar:

(a) 

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag faisnéis faoin idirbheart ar chinntí eacnamaíocha scairshealbhóirí na cuideachta;

(b) 

an riosca a chruthaíonn an t-idirbheart don chuideachta agus dá scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.

Agus idirbhearta ábharthacha á sainiú acu, déanfaidh Ballstáit cóimheas cainníochtúil amháin nó níos mó a shocrú bunaithe ar thionchar an idirbhirt ar staid airgeadais, ioncaim, sócmhainní, caipitliú, lena n-áiritear cothromas, nó láimhdeachas na cuideachta, nó cuirfidh siad san áireamh nádúr an idirbhirt agus seasamh an pháirtí ghaolmhair.

Féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe ábharthachta éagsúla a ghlacadh do chur i bhfeidhm mhír 4 atá éagsúil ó na cinn do chur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3, agus féadfaidh siad idirdhealú a dhéanamh idir na sainmhínithe de réir mhéid na cuideachta.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a fhógairt go poiblí ar a dhéanaí tráth a dtugtar an t-idirbheart chun críche. Cuimseofar san fhógra ar a laghad faisnéis faoi chineál chaidreamh an pháirtí ghaolmhair, ainm an pháirtí ghaolmhair, dáta agus luach an idirbhirt agus aon fhaisnéis eile is gá chun a mheasúnú cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tuarascáil le cur ag gabháil leis an bhfógra poiblí dá dtagraítear i mír 2 ar tuarascáil í ina measúnófar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus ina míneofar na toimhdí ar ar bunaíodh í chomh maith leis na modhanna a úsáideadh.

Is ceann acu seo a leanas a tháirgeoidh an tuarascáil sin:

(a) 

tríú páirtí neamhspleách nó;

(b) 

comhlacht riaracháin nó comhlacht maoirseachta na cuideachta;

(c) 

an coiste iniúchóireachta nó aon choiste inar stiúrthóirí neamhspleácha iad an tromlach,

Áiritheoidh na Ballstáit nach nglacfaidh na páirtithe gaolmhara páirt in ullmhú na tuarascála.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an cruinniú ginearálta nó comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta aon idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a fhormheas i gcomhréir le nósanna imeachta a chuireann cosc ar an bpáirtí gaolmhar leas a bhaint as a sheasamh agus a chuireann cosaint leormhaith ar fáil do leasanna na cuideachta agus do scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag scairshealbhóirí sa chruinniú ginearálta vótáil ar idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a ndearna comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta iad a fhormheas.

I gcás ina bhfuil baint ag stiúrthóir nó ag scairshealbhóir le hidirbheart an pháirtí ghaolmhair, ní ghlacfaidh an stiúrthóir nó an scairshealbhóir páirt san fhormheas ná sa vóta.

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don scairshealbhóir ar páirtí gaolmhar é páirt a ghlacadh sa vóta ar choinníoll go n-áirithíonn an dlí náisiúnta coimircí iomchuí a bhfuil feidhm acu roimh an bpróiseas vótála, nó lena linn, chun leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, a chosaint, trí chosc a chur ar an bpáirtí gaolmhar an t-idirbheart a fhormheas in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad nó in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na stiúrthóirí neamhspleácha.

5.  
Ní bheidh feidhm ag mír 2, mír 3 ná mír 4 maidir le hidirbhearta a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó agus a thugtar chun críche ar ghnáth-théarmaí margaidh. Maidir le hidirbhearta den sórt sin, déanfaidh comhlacht riaracháin nó maoirseoireachta na cuideachta nós imeachta inmheánach a bhunú chun a mheasúnú go tréimhsiúil cibé an gcomhlíontar na coinníollacha sin. Ní ghlacfaidh na páirtithe gaolmhara páirt sa mheasúnú sin.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, go ndéanfaidh cuideachtaí na ceanglais i mír 2, mír 3 nó mír 4 a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó agus a thugtar chun críche ar ghnáth-théarmaí margaidh.

6.  

Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a eisiamh nó cead a thabhairt do chuideachtaí é a eisiamh as na ceanglais i mír 2, mír 3 agus mír 4:

(a) 

idirbhearta arna ndéanamh idir an cuideachta agus a fochuideachtaí ar choinníoll go bhfuil siad faoi lánúinéireacht agus nach bhfuil leas ag aon pháirtí gaolmhar eile de chuid na cuideachta sa ghnóthas fochuideachta, nó go bhforáiltear leis an dlí náisiúnta cosaint leormhaith ar leasanna na cuideachta, leasanna na fochuideachta agus a cuid scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh in idirbhearta den sórt sin;

(b) 

cineálacha idirbheart arna sainiú go soiléir, a cheanglaíonn an dlí náisiúnta iad a fhormheas tríd an gcruinniú ginearálta, ar choinníoll go ndírítear go sonrach ar chóir chothrom do na scairshealbhóirí uile agus leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus go ndéantar iad a chosaint go leormhaith i bhforálacha dlí den sórt sin;

(c) 

idirbhearta maidir le luach saothair stiúrthóirí, nó gnéithe áirithe de luach saothair stiúrthóirí, a bhronntar nó atá dlite i gcomhréir le hAirteagal 9a.

(d) 

idirbhearta arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa bunaithe ar bearta a dhíríonn ar a gcobhsaíocht a choimirciú, arna nglacadh ag an údarás inniúil atá i gceannas ar an maoirseacht stuamachta de réir bhrí dhlí an Aontais;

(e) 

idirbhearta a thairgtear do na scairshealbhóirí uile ar na téarmaí céanna i gcás ina n-áirithítear cóir chomhionann ar na scairshealbhóirí uile agus cosaint ar leasanna na cuideachta.

7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí idirbhearta ábharthacha a tugadh chun críche idir páirtí gaolmhar agus fochuideachta na cuideachta sin a fhógairt go poiblí. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tuarascáil ag gabháil leis an bhfógra, ar tuarascáil í ina measúnófar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus ina míneofar na toimhdí ar ar bunaíodh í chomh maith leis na modhanna a úsáideadh. Beidh feidhm ag na díolúintí dá bhforáiltear i mír 5 agus mír 6 maidir leis na bearta atá sonraithe sa mhír seo freisin.
8.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon idirbhearta leis an bpáirtí gaolmhar céanna a tugadh chun críche in aon tréimhse 12 mhí nó sa bhliain airgeadais chéanna agus nár cuireadh faoi réir na n-oibleagáidí a liostaítear i mír 2, mír 3 nó mír 4, a chomhiomlánú chun críocha na míreanna sin.
9.  
Tá an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le faisnéis ón taobh istigh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), a nochtadh go poiblí.

▼B

Article 10

Proxy voting

1.  
Every shareholder shall have the right to appoint any other natural or legal person as a proxy holder to attend and vote at a general meeting in his name. The proxy holder shall enjoy the same rights to speak and ask questions in the general meeting as those to which the shareholder thus represented would be entitled.

Apart from the requirement that the proxy holder possess legal capacity, Member States shall abolish any legal rule which restricts, or allows companies to restrict, the eligibility of persons to be appointed as proxy holders.

2.  
Member States may limit the appointment of a proxy holder to a single meeting, or to such meetings as may be held during a specified period.

Without prejudice to Article 13(5), Member States may limit the number of persons whom a shareholder may appoint as proxy holders in relation to any one general meeting. However, if a shareholder has shares of a company held in more than one securities account, such limitation shall not prevent the shareholder from appointing a separate proxy holder as regards shares held in each securities account in relation to any one general meeting. This does not affect rules prescribed by the applicable law that prohibit the casting of votes differently in respect of shares held by one and the same shareholder.

3.  

Apart from the limitations expressly permitted in paragraphs 1 and 2, Member States shall not restrict or allow companies to restrict the exercise of shareholder rights through proxy holders for any purpose other than to address potential conflicts of interest between the proxy holder and the shareholder, in whose interest the proxy holder is bound to act, and in doing so Member States shall not impose any requirements other than the following:

(a) 

Member States may prescribe that the proxy holder disclose certain specified facts which may be relevant for the shareholders in assessing any risk that the proxy holder might pursue any interest other than the interest of the shareholder;

(b) 

Member States may restrict or exclude the exercise of shareholder rights through proxy holders without specific voting instructions for each resolution in respect of which the proxy holder is to vote on behalf of the shareholder;

(c) 

Member States may restrict or exclude the transfer of the proxy to another person, but this shall not prevent a proxy holder who is a legal person from exercising the powers conferred upon it through any member of its administrative or management body or any of its employees.

A conflict of interest within the meaning of this paragraph may in particular arise where the proxy holder:

(i) 

is a controlling shareholder of the company, or is another entity controlled by such shareholder;

(ii) 

is a member of the administrative, management or supervisory body of the company, or of a controlling shareholder or controlled entity referred to in point (i);

(iii) 

is an employee or an auditor of the company, or of a controlling shareholder or controlled entity referred to in (i);

(iv) 

has a family relationship with a natural person referred to in points (i) to (iii).

4.  
The proxy holder shall cast votes in accordance with the instructions issued by the appointing shareholder.

Member States may require proxy holders to keep a record of the voting instructions for a defined minimum period and to confirm on request that the voting instructions have been carried out.

5.  
A person acting as a proxy holder may hold a proxy from more than one shareholder without limitation as to the number of shareholders so represented. Where a proxy holder holds proxies from several shareholders, the applicable law shall enable him to cast votes for a certain shareholder differently from votes cast for another shareholder.

Article 11

Formalities for proxy holder appointment and notification

1.  
Member States shall permit shareholders to appoint a proxy holder by electronic means. Moreover, Member States shall permit companies to accept the notification of the appointment by electronic means, and shall ensure that every company offers to its shareholders at least one effective method of notification by electronic means.
2.  
Member States shall ensure that proxy holders may be appointed, and that such appointment be notified to the company, only in writing. Beyond this basic formal requirement, the appointment of a proxy holder, the notification of the appointment to the company and the issuance of voting instructions, if any, to the proxy holder may be made subject only to such formal requirements as are necessary to ensure the identification of the shareholder and of the proxy holder, or to ensure the possibility of verifying the content of voting instructions, respectively, and only to the extent that they are proportionate to achieving those objectives.
3.  
The provisions of this Article shall apply mutatis mutandis for the revocation of the appointment of a proxy holder.

Article 12

Voting by correspondence

Member States shall permit companies to offer their shareholders the possibility to vote by correspondence in advance of the general meeting. Voting by correspondence may be made subject only to such requirements and constraints as are necessary to ensure the identification of shareholders and only to the extent that they are proportionate to achieving that objective.

Article 13

Removal of certain impediments to the effective exercise of voting rights

1.  
This Article applies where a natural or legal person who is recognised as a shareholder by the applicable law acts in the course of a business on behalf of another natural or legal person (the client).
2.  
Where the applicable law imposes disclosure requirements as a prerequisite for the exercise of voting rights by a shareholder referred to in paragraph 1, such requirements shall not go beyond a list disclosing to the company the identity of each client and the number of shares voted on his behalf.
3.  
Where the applicable law imposes formal requirements on the authorisation of a shareholder referred to in paragraph 1 to exercise voting rights, or on voting instructions, such formal requirements shall not go beyond what is necessary to ensure the identification of the client, or the possibility of verifying the content of voting instructions, respectively, and is proportionate to achieving those objectives.
4.  
A shareholder referred to in paragraph 1 shall be permitted to cast votes attaching to some of the shares differently from votes attaching to the other shares.
5.  
Where the applicable law limits the number of persons whom a shareholder may appoint as proxy holders in accordance with Article 10(2), such limitation shall not prevent a shareholder referred to in paragraph 1 of this Article from granting a proxy to each of his clients or to any third party designated by a client.

Article 14

Voting results

1.  
The company shall establish for each resolution at least the number of shares for which votes have been validly cast, the proportion of the share capital represented by those votes, the total number of votes validly cast as well as the number of votes cast in favour of and against each resolution and, where applicable, the number of abstentions.

However, Member States may provide or allow companies to provide that if no shareholder requests a full account of the voting, it shall be sufficient to establish the voting results only to the extent needed to ensure that the required majority is reached for each resolution.

2.  
Within a period of time to be determined by the applicable law, which shall not exceed 15 days after the general meeting, the company shall publish on its Internet site the voting results established in accordance with paragraph 1.
3.  
This Article is without prejudice to any legal rules that Member States have adopted or may adopt concerning the formalities required in order for a resolution to become valid or the possibility of a subsequent legal challenge to the voting result.

▼M2

CAIBIDIL IIa

GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME AGUS PIONÓIS

Airteagal 14a

Nós Imeachta Coiste

1.  
Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis, a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ( 17 ) ón gCoimisiún, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ) a bheidh sa choiste sin.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14b

Bearta agus pionóis

Na rialacha a bhaineann leis na bearta agus leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit iad a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

Beidh na bearta agus na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta cur chun feidhme sin faoin 10 Meitheamh 2019 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

▼M4

CAIBIDIL IIb

POINTE ROCHTANA AONAIREORPACH

Airteagal 14c

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.  
Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní, seach-chomhairleoirí agus cuideachtaí, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3g(1), Airteagal 3h(1) agus (2), Airteagal 3j(1) agus (2), Airteagal 9a(7), Airteagal 9b(5), Airteagal 9c(2) agus (7), agus Airteagal 14(2) den Treoir seo á poibliú acu, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna, chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

méid an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv) 

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin;

(v) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(vi) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.  
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), ceanglóidh na Ballstáit ar infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní, seach-chomhairleoirí agus cuideachtaí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a fháil.
3.  
Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
4.  

Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b) 

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c) 

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.  
I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

▼B

CHAPTER III

FINAL PROVISIONS

Article 15

Transposition

Member States shall bring into force the laws, regulations and administrative provisions necessary to comply with this Directive by 3 August 2009 at the latest. They shall forthwith communicate to the Commission the text of those measures.

Notwithstanding the first paragraph, Member States which on 1 July 2006 had in force national measures restricting or prohibiting the appointment of a proxy holder in the case of Article 10(3), second subparagraph, point (ii), shall bring into force the laws, regulations and administrative provisions necessary in order to comply with Article 10(3) as concerns such restriction or prohibition by 3 August 2012 at the latest.

Member States shall forthwith communicate the number of days specified under Articles 6(3) and 7(3), and any subsequent changes thereof, to the Commission, which shall publish this information in the Official Journal of the European Union.

When Member States adopt the measures referred to in the first paragraph, they shall contain a reference to this Directive or shall be accompanied by such reference on the occasion of their official publication. The methods of making such reference shall be laid down by the Member States.

Article 16

Entry into force

This Directive shall enter into force on the 20th day following its publication in the Official Journal of the European Union.

Article 17

Addressees

This Directive is addressed to the Member States.



( 1 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

( 2 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

( 3 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

( 4 ) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) Uimh. (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).

( 5 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

( 8 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

( 9 ) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

( 10 ) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

( 12 ) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

( 13 )  OJ L 142, 30.4.2004, p. 12.

( 14 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

( 15 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 16 ) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

( 17 ) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).

( 18 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

( 19 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).