|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/963 |
20.5.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/963 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2643 (1). |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, cháin an Chomhairle Eorpach feachtas hibrideach na Rúise i gcoinne an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, lena n-áirítear an sabaitéireacht, suaitheadh ar an mbonneagar criticiúil, cibirionsaithe, ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus a hiarrachtaí chun an bonn a bhaint den daonlathas, lena n-áirítear an próiseas toghcháin. Dhearbhaigh an Chomhairle go leanfadh sí dá n-athléimneacht a neartú agus go mbainfeadh sí leas iomlán as gach dá bhfuil ar fáil di chun gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise a chosc, a dhíspreagadh agus a fhreagairt. |
|
(3) |
An 27 Eanáir 2025, thug Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dá haire go bhfuil gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise ag éirí níos déine agus níos minice. |
|
(4) |
An 12 Márta 2025, ina rún maidir leis an bpáipéar bán i ndáil le todhchaí chosaint na hEorpa, chuir Parlaimint na hEorpa i bhfios go gcuireann cosaint theorainneacha talún, aeir agus muirí an Aontais le slándáil an Aontais ina iomláine, agus d’iarr sí go ndéanfaí bearta láithreach chun slándáil agus cosaint theorainn thoir thuaidh an Aontais leis an Rúis agus leis an mBealarúis a fheabhsú trí líne chosanta chuimsitheach athléimneach a bhunú ar chríocha talún, aeir agus muirí chun cur i gcoinne bagairtí míleata agus hibrideacha, lena n-áirítear ionstraimiú fuinnimh, sabaitéireacht bhonneagair agus ionstraimiú na himirce. |
|
(5) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, toirmeasc a thabhairt isteach ar idirbhearta a bhaineann le sócmhainní inláimhsithe a bhfuil baint aici le gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, lena n-áirítear soithí, aerárthaí, réadmhaoin agus gnéithe fisiceacha de líonraí digiteacha agus cumarsáide. Ar na sócmhainní inláimhsithe sin áirítear sócmhainní de chineál inchorraithe agus dochorraithe araon. Ba cheart a bheith in ann na sócmhainní inláimhsithe sin a aithint chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach an toirmisc. |
|
(6) |
Is iomchuí freisin toirmeasc a thabhairt isteach ar idirbhearta institiúidí creidmheasa, eintiteas agus institiúidí airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní lena n-éascaítear, go díreach nó go hindíreach, gníomhaíochtaí a dhéanann daoine, eintitis nó comhlachtaí a mbíonn baint acu le gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, nó a théann chun tairbhe dóibh ar bhealach eile. |
|
(7) |
Thug an Rúis faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saofa fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe ar a tíortha comharsanachta agus ar an Aontas agus a Bhallstáit. Go háirithe, dhírigh an bholscaireacht agus an bhréagaisnéis ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha arís agus arís eile agus ar bhonn leanúnach, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin, agus chomh maith leis sin ar an tsochaí shibhialta, pobail mhionlacha, dídeanaithe, agus ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit. |
|
(8) |
Rinne an Rúis na gníomhaíochtaí hibrideacha sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán atá faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht na Rúise. Is bagairt shuntasach dhíreach iad na gníomhaíochtaí sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. Tá na heagraíochtaí meán sin, inter alia, fíor-riachtanach agus ríthábhachtach maidir le hionramháil faisnéise agus cur isteach ón Rúis i gcoinne an Aontais, nó i gcoinne a Bhallstát, eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó tríú tíortha, a shaothrú. |
|
(9) |
I bhfianaise thromchúis na staide agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, is gá bearta sriantacha a thabhairt isteach chun ceadúnais chraolacháin eagraíochtaí meán Rúiseacha atá faoi bhuanrialú cheannaireacht na Rúise a chur ar fionraí san Aontas, agus toirmeasc a chur ar na heagraíochtaí sin a n-ábhar a chraoladh san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas. Ba cheart na bearta sin a choinneáil ar bun go dtí go gcuirfidh an Rúis agus na heagraíochtaí meán sin stop lena gcuid gníomhaíochtaí bolscaireachta i gcoinne an Aontais, i gcoinne ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, in aghaidh eagraíocht idirnáisiúnta nó i gcoinne tríú tír. |
|
(10) |
Tá na bearta sin comhsheasmhach leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus leis an gceart chun maoine mar a aithnítear in Airteagail 11, 16 agus 17, faoi seach. Le tabhairt isteach na mbeart sin, ní chuirtear cosc ar na heagraíochtaí meán sin ná ar a mbaill foirne gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí craolacháin iad a dhéanamh san Aontas, mar shampla taighde agus agallaimh. Go háirithe, leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, lena n-áirítear iad siúd atá sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/2643 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas a liostaítear in Iarscríbhinn I:
|
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:
|
|
(3) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 2a 1. Toirmeascfar gabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart a bhaineann le haon sócmhainn inláimhsithe, mar shampla soithí, aerárthaí, réadmhaoin, calafoirt, aerfoirt, agus gnéithe fisiceacha de líonraí digiteacha agus cumarsáide, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II. 2. Áireofar ar an liosta in Iarscríbhinn II sócmhainní inláimhsithe:
3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hidirbhearta arna ndéanamh ar chúiseanna sábháilteachta muirí nó eitlíochta, nó atá riachtanach chun críoch daonnúil, nó chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha tionchar tromchúiseach mór a bheith aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha. 4. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hidirbhearta a eascraíonn as breithiúnas nó dámhachtain eadrána arna dtabhairt i mBallstát a aithint nó a fhorfheidhmiú, nó maidir le hidirbhearta arna ndéanamh chun críoch imscrúdaithe ar sháruithe ar an gCinneadh seo nó chun críoch imscrúdaithe ar ghníomhaíocht aindleathach eile. 5. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit idirbhearta a bhaineann le sócmhainní inláimhsithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a údarú faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil gá leis an idirbheart chun aon chríche atá comhsheasmhach le cuspóirí an Chinnidh seo. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú den sórt sin a dheonaítear laistigh de 2 sheachtain ón údarú. Airteagal 2b 1. Toirmeascfar gabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart le:
2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:
Airteagal 2c 1. Toirmeascfar ar oibreoirí aon ábhar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chraoladh, nó craoladh a chumasú, a éascú nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach, mar shampla cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhísí idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte. 2. Cuirfear ar fionraí aon cheadúnas nó údarú craolacháin, agus aon socrú tarchuir nó dáileacháin, leis na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. 3. Cuirfear toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí nó ar sheirbhísí in aon ábhar arna léiriú nó arna chraoladh ag na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon mhodh dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo (*1) Rialachán (CBES) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj).’;" |
|
(4) |
leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 mar a leanas:
|
(1) |
Tugtar ‘Iarscríbhinn I’ anois ar an Iarscríbhinn. |
|
(2) |
Cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas leis: ‘IARSCRÍBHINN II Liosta na sócmhainní inláimhsithe dá dtagraítear in Airteagal 2a […] IARSCRÍBHINN III Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2b […] IARSCRÍBHINN IV Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2c […]’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/963/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)