|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1513 |
3.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1513 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Bealtaine 2024
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad, agus go háirithe Airteagal 9(4) agus Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 (2) ón gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(2) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, ina liostaítear na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte faoi réir mheándleacht an tsampla, áiríodh ainm cuideachta Haining Hisener Trade Co., Ltd (‘Hisener’). Ní monaróir ceanglóirí í an chuideachta sin, ach trádálaí agus cuireadh isteach go hearráideach san Iarscríbhinn í in ionad ainm a monaróra chomhlachaithe ceanglóirí Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. |
|
(3) |
Nocht an Coimisiún a thorthaí go cuí, lena n-áirítear an Iarscríbhinn ina liostaítear na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte sular glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191. Ní bhfuair an Coimisiún barúlacha ó aon pháirtí leasmhar maidir leis an earráid sin á tabhairt le fios gur luadh Hisener go hearráideach mar mhonaróir ceanglóirí. Mar thoradh air sin, ní mór an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 a cheartú toisc nach léiríonn sí ainm ceart an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch neamhshampláilte Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. a chur in ionad an ainm Haining Hisener Trade Co., Ltd. san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 2022/191, dá réir sin, ó theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, is é sin an 18 Feabhra 2022. |
|
(4) |
Ós rud é gur cheart nach mbainfeadh ach na hallmhairí sin arna monarú ag Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. tairbhe as an dleachtráta is infheidhme maidir le cód breise TARIC C776, mheas an Coimisiún gur ghá treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim náisiúnta a fhíorú ar mhonaraigh Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. allmhairí a rinneadh faoi chód breise TARIC C776 ó tháinig Rialachán 2022/191 i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 1(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a shonraítear le haghaidh Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh in [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura dtíolactar sonrasc den sórt sin le haghaidh allmhairí a dhéantar faoi chód breise TARIC C776, ba cheart feidhm a bheith ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile agus ba cheart an dleacht sin a bhailiú ón 18 Feabhra 2022 ar aghaidh. |
|
(5) |
Nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe as ar eascair an ceartú sin an 27 Samhain 2023. |
|
(6) |
Fuair an Coimisiún barúlacha ó Chomhlachas Dáileoirí Ceanglóirí na hEorpa (EFDA), a bhí i gcoinne éifeacht chúlghabhálach cheartú na hearráide. |
|
(7) |
Ar an gcéad dul síos, thagair EFDA do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla lena gcuirtear bac ar aon bheart de chuid an Aontais teacht in éifeacht ó phointe ama sula bhfoilseofar é ach amháin i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll: (i) an cuspóir atá le baint amach leis an mbeart, éilítear leis go gcuirfear i bhfeidhm go cúlghabhálach é; agus (ii) urramaítear ionchas dlisteanach iad siúd lena mbaineann go cuí. Maíonn EFDA nár sholáthair an Coimisiún aon anailís ná aon mhíniú maidir le cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha thuas sa chás seo. |
|
(8) |
Ar an dara dul síos, chuir EFDA i dtábhacht go mbeadh sé míréasúnta go mbeadh allmhaireoirí an Aontais faoi réir dleachtanna níos airde nó pionóis choiriúla faoi dhlíthe náisiúnta custaim mar gheall ar bhotún a rinne an Coimisiún. |
|
(9) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis na hargóintí sin. An páirtí a thagraíonn do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, ba cheart méid áirithe eolais a bheith aige maidir leis an gcás as a n-eascraíonn an t-ionchas dlisteanach, dar leis. Ba cheart do Hisener a bheith ar an eolas faoin earráid san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 tráth an nochta. Ós rud é nár tháirg Hisener ceanglóirí, níor cheart é a bheith liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán thuas. Mar sin féin, ní dhearna Hisener aon trácht ar an earráid sin. Ní dhearnadh aon trácht ach oiread tar éis Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 a fhoilsiú. Le cosaint phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh ní chuirtear cosc ar an gCoimisiún an earráid a cheartú agus Diaiwei a lua in ionad Hisener ionas go tairbheoidh sé den dleachtráta is infheidhme maidir le cód breise TARIC C776 ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191. Ar aon chaoi, ba cheart an dleachtráta cuí a bhailiú i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh EFDA. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, leasaítear í mar a leanas:
|
‘Daon-Phoblacht na Síne |
Haining Hisener Trade Co., Ltd. |
C776’ |
cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin
|
‘Daon-Phoblacht na Síne |
Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. |
C776’ |
Airteagal 2
Tugtar treoir leis seo d’údaráis chustaim na mBallstát a fhíorú ar mhonaraigh Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd. allmhairí a rinneadh faoi chód breise TARIC C776 ó tháinig Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 i bhfeidhm. Allmhairí a rinneadh faoi chód breise TARIC C776 nár mhonaraigh Jiaxing Diaiwei Hardware Technology Co., Ltd., beidh siad faoi réir na dleachta is infheidhme maidir le gach cuideachta eile agus baileofar an difríocht sa dleacht ón 18 Feabhra 2022 i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh éifeacht aige ón 18 Feabhra 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1513/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)