European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1733

10.9.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1733 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a áirithiú roimh shéasúr an gheimhridh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) mar fhreagairt ar an ngéarchéim a bhaineann leis an soláthar gáis agus ar mhéaduithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar phraghsanna gáis arb é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ba chúis leo ó bhí mhí Feabhra 2022 ann, rud a spreag an tAontas chun gníomhú ar bhealach comhordaithe cuimsitheach chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh suaitheadh breise sa soláthar gáis a sheachaint.

(2)

Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá sé d’aidhm ag an Aontas a neamhspleáchas ar fhuinneamh na Rúise a chur chun cinn. Leis sin, cuirtear i dtábhacht an phráinn a bhaineann le soláthairtí fuinnimh malartacha ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta trí GNL nó gás píblíne a áirithiú, gan spleáchais nua a chruthú. Sa chomhthéacs sin, is den ríthábhacht é soláthairtí fuinnimh malartacha ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú. An 17 Meitheamh 2025, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh rialacháin chun allmhairithe gáis ón Rúis isteach san Aontas a chéimniú amach, lena n-áirítear, go háirithe, leasú ar Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ina theannta sin, áirítear sa togra ón gCoimisiún bearta a fhágann gur féidir córas láidir éifeachtúil a thabhairt isteach chun gás na Rúise a thrasnaíonn teorainn an Aontais a rianú. Bheadh bearta den sórt sin ina gcuidiú chun faireachán a dhéanamh chun a fháil amach an bhfuil gás na Rúise á stóráil san Aontas. Le céimniú amach iomlán allmhairithe gáis ón Rúis, fágfar gur féidir na forálacha maidir le stóráil gáis a leagtar síos in Rialachán (AE) 2017/1938 a threisiú, rud a chuideodh leis an Aontas córas fuinnimh níos athléimní a bheith aige. Ag féachaint do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ba cheart don Aontas dul chun cinn tapa a dhéanamh i dtreo neamhspleáchas iomlán ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Trí shíneadh a chur leis na bearta maidir le leibhéal líonta saoráidí stórála gáis, ní hamháin go rannchuideofaí le coimirciú leanúnach shlándáil an tsoláthair, ach príomhionstraim a bheadh ann freisin in iarrachtaí an Aontais chun deireadh a chur lena spleáchas ar allmhairithe gáis de thionscnamh na Rúise.

(3)

Le Rialachán (AE) 2022/1032, leasaíodh Rialachán (AE) 2017/1938 trí chreat dlíthiúil sealadach a thabhairt isteach le haghaidh bearta maidir le leibhéal líonta saoráidí stórála gáis chun slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a neartú, go háirithe soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint.

(4)

Stórálann saoráidí stórála gáis faoi thalamh gás arb ionann é agus 30 % de thomhaltas gáis an Aontais le linn mhíonna an gheimhridh, agus leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá líonta go maith chomh maith le laghdú deonach ar an éileamh ar ghás, rannchuidítear go mór le slándáil an tsoláthair gáis trí ghás breise a sholáthar i gcás ganntanas ó thaobh an tsoláthair agus leormhaitheas an éilimh nó suaitheadh soláthair.

(5)

Cruthaíodh go raibh sé bunriachtanach sprioc líonta cheangailteach agus conair líonta a leagan síos le sraith spriocanna idirmheánacha do gach Ballstát i mí Feabhra, mí na Bealtaine, mí Iúil agus mí Mheán Fómhair chun a áirithiú go mbeidh saoráidí stórála gáis 90 % lán faoin 1 Samhain de bhliain faoi seach, le linn na géarchéime fuinnimh a spreag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin chun teacht slán as an nganntanas soláthair gáis agus chun éiginnteachtaí sa mhargadh agus luaineacht praghsanna a laghdú.

(6)

D’ainneoin an fheabhsaithe shuntasaigh ar staid an mhargaidh gáis i gcomparáid leis an tréimhse 2022-2023, tá margadh gáis na hEorpa fós docht agus tá an staid gheopholaitiúil fós doiléir. D’fhéadfadh iomaíocht níos láidre le haghaidh soláthairtí domhanda GNL neamhchosaint na mBallstát ar luaineacht praghsanna a mhéadú. Sna cásanna sin, tá ról na stórála gáis ríthábhachtach i gcónaí.

(7)

De bhun Rialachán (AE) 2017/1938, an oibleagáid ar na Ballstáit conair líonta bhliantúil a leanúint agus a áirithiú go mbainfear amach an sprioc líonta faoin 1 Samhain gach bliain, téann sí in éag an 31 Nollaig 2025.

(8)

Ní mór an timpeallacht athraithe pholaitiúil dhomhanda a chur san áireamh maidir le hiontaofacht na soláthróirí gáis agus na dtíortha soláthair gáis.

(9)

I bhfianaise rath na hEorpa maidir leis na rioscaí a bhaineann lena struchtúr allmhairithe gáis a laghdú, ba cheart don chreat foriomlán chun freastal ar riachtanas an Aontais maidir le gás cothromaíocht a bhaint amach idir an tslándáil fuinnimh agus an filleadh ar phrionsabail mhargadhbhunaithe. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith solúbtha go leor le linn an tséasúir líonta chun freagairt thapa a thabhairt ar dhálaí margaidh atá ag síorathrú agus, go háirithe, chun leas a bhaint as na dálaí ceannaigh is fearr chun praghsanna gáis a laghdú san Eoraip. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an sprioc líonta a bhaint amach aon tráth idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig, agus tús thréimhse aistarraingthe stórála gáis na mBallstát á chur san áireamh, gan ceangal a bheith orthu an leibhéal stórála a chomhfhreagraíonn don sprioc líonta a choinneáil go dtí an 1 Nollaig.

(10)

Is é is cuspóir do chonairí líonta, a shocraíonn na Ballstáit gach bliain chun go léireofaí a bplean líonta bliantúil, a áirithiú go mbainfear amach an sprioc líonta cheangailteach laistigh den tréimhse ama ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Nollaig in aon bhliain ar leith. Mar sin féin, ba cheart an chonair líonta a bheith táscach agus ba cheart a bheith in ann stóráil a líonadh léi sa chaoi go mbeidh solúbthacht leordhóthanach ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh i rith na bliana, agus Moladh C(2025)1481 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 maidir le cur chun feidhme na spriocanna líonta stórála gáis in 2025 á chur san áireamh.

(11)

I gcás dálaí deacra, amhail tásca gníomhaíochtaí trádála lena gcuirtear bac ar líonadh costéifeachtach stórála, raon difríochta séasúrach íseal, timpeallacht ina bhfuil praghsanna ard, leibhéil stórála atá níos ísle ná an chonair ar leibhéal na mBallstát nó imthosca teicniúla gan choinne a d’fhágfadh go mbeadh an t-instealladh stórála deacair agus costasach, rud a chuirfeadh teorainn leis an gcumas a áirithiú go líonfar na stórais gáis faoi thalamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit imeacht suas le deich bpointe céatadáin ón sprioc líonta.

(12)

Thairis sin, i gcás dálaí margaidh atá neamhfhabhrach go leanúnach, amhail tásca maidir le cúbláil margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann, nó gníomhaíochtaí trádála lena gcuirtear bac ar líonadh costéifeachtach stórála, lena gcuirtear teorainn shuntasach leis an gcumas a áirithiú go líontar na stórais gáis i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún an leibhéal diallta a cheadaítear trí bhíthin gníomh tarmligthe a mhéadú tuilleadh. Níor cheart an méadú sin a bheith níos mó ná cúig phointe céatadáin bhreise.

(13)

Leis an measúnú ón gCoimisiún ar an gcreat slándála fuinnimh atá ann faoi láthair, deimhníodh tionchar dearfach na gceanglas stórála agus líonta ar shlándáil an tsoláthair gáis agus ba cheart na héifeachtaí dearfacha sin a chaomhnú tar éis 2025.

(14)

Ag an am céanna, ba cheart don Rialachán seo freagairt ar athruithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sna margaí gáis, rannchuidiú leis an gcuspóir straitéiseach praghsanna fuinnimh a laghdú agus filleadh de réir a chéile i dtreo sásraí margadhbhunaithe le haghaidh athlíonadh stórála a éascú.

(15)

Chun slándáil an tsoláthair agus an leibhéal iomchuí líonta saoráidí stórála gáis a choinneáil ar bun, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar an margadh agus féachaint ar bhealaí a d’fhéadfadh cuidiú leis an sprioc líonta a bhaint amach, lena n-áirítear trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an sásra comhiomlánaithe éilimh agus ceannaigh chomhpháirtigh arna chur ar bun le Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (5).

(16)

Is gá, dá bhrí sin, síneadh a chur go dtí deireadh 2027 leis na forálacha ábhartha maidir le líonadh stórála gáis lena soláthraítear intuarthacht agus trédhearcacht maidir le húsáid saoráidí stórála gáis ar fud an Aontais, agus roinnt solúbthachta á tabhairt isteach sna forálacha sin.

(17)

Ós rud é gur cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha maidir le líonadh stórála gáis mar ábhar práinne roimh thús an chéad séasúir geimhridh eile chun go mbainfidh na Ballstáit a sprioc amach in am, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(18)

I gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr agus an tsimplithe, agus lena léirítear an feabhas foriomlán ar chreat slándála fuinnimh an Aontais, ba cheart a sheachaint leis an Rialachán seo castacht riaracháin nach bhfuil gá léi a thabhairt isteach.

(19)

Mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne’, léirigh an ghéarchéim fuinnimh a bhí ann le déanaí, an ceann is déine dá bhfaca an Eoraip riamh, a thábhachtaí atá comhordú ar leibhéal an Aontais chun arduithe tobanna ar phraghsanna sa mhargadh inmheánach a bhainistiú. Ar mhaithe le hathléimneacht a mhéadú i gcoinne aon ghéarchéim fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ní mór uirlisí a thabhairt do na Ballstáit ionas go bhféadfaidh siad gníomhú go héifeachtach agus ní mór an creat rialála maidir le slándáil an tsoláthair a neartú i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó fhorbairtí a tharla le déanaí. I measc saincheisteanna eile, ba cheart aird chuí a thabhairt ar choincheap na gcustaiméirí atá faoi chosaint, cosc a chur le saobhadh ar iomaíocht agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, mar aon leis an ról atá ag foinsí fuinnimh ar roghanna malartacha ar ghás iad, amhail foinsí fuinnimh inathnuaite agus hidrigin, in éineacht leis an ról atá ag éifeachtúlacht fuinnimh, i meascán fuinnimh a bhíonn ag athrú.

(20)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1938 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (27):

‘(27)

ciallaíonn “conair líonta” sraith spriocanna idirmheánacha táscacha le haghaidh saoráidí stórála gáis faoi thalamh gach Ballstáit, lena léirítear plean líonta an Bhallstáit sin, a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 6a(7);’

;

(2)

leasaítear Airteagal 6a mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.   Faoi réir mhíreanna 2 go 5f, comhlíonfaidh na Ballstáit na spriocanna líonta seo a leanas le haghaidh acmhainn chomhiomlán na saoráidí stórála gáis faoi thalamh uile atá lonnaithe ar a gcríoch agus atá idirnasctha go díreach le limistéar margaidh ina gcríoch agus le haghaidh saoráidí stórála a liostaítear in Iarscríbhinn Ib aon tráth idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig gach bliain:’

;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘5a.   D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, i gcás dálaí deacra lena gcuirtear teorainn leis an gcumas a áirithiú go líontar na stórais gáis faoi thalamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh imeacht suas le 10 bpointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1, pointe (b).

5b.   D’ainneoin mhír 1, sa bhreis ar dhiall a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir le mír 5a agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh imeacht suas le cúig phointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1, pointe (b), más rud é:

(a)

gur mó a tháirgeadh náisiúnta gáis ná a mheántomhaltas bliantúil gáis sa 2 bhliain roimhe sin; nó

(b)

maidir le saintréithe teicniúla sonracha saoráide stórála aonair faoi thalamh ag a bhfuil acmhainn theicniúil os cionn 40 TWh atá suite ar a críoch, tá gá le ráta insteallta mall lena gcruthaítear tréimhse insteallta an-fhada agus atá níos faide ná 115 lá.

Ní fhéadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as na solúbthachtaí dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír ach amháin ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar chumas na mBallstát atá nasctha go díreach gás a sholáthar dá gcustaiméirí atá faoi chosaint nó nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit a úsáideann na solúbthachtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, measúnú ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le cur chun feidhme na solúbthachtaí sin, agus cuirfidh sé GCG ar an eolas láithreach.

5c.   I gcás dálaí margaidh neamhfhabhracha leanúnacha agus ar choinníoll nach mbaintear an bonn ó shlándáil sholáthar an Aontais agus na mBallstát, tugtar de chumhacht don Choimisiún an leibhéal diallta a cheadaítear de bhun mhír 5a den Airteagal seo a mhéadú ar feadh séasúr líonta amháin, trí bhíthin gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19. Ní rachaidh méadú den sórt sin thar chúig phointe céatadáin bhreise. Agus measúnú á dhéanamh aige ar mhéadú a d’fhéadfadh a bheith ann, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe, an leibhéal líonta stórála, an soláthar gáis domhanda, ionchas soláthair séasúrach ENTSOG, agus na tásca maidir le cúbláil margaidh. Agus an leibhéal diallta a cheadaítear de bhun mhír 5a den Airteagal seo á mhéadú i gcomhréir leis an mír seo, déanfaidh an Coimisiún na toirteanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 6c(1) agus (5) a oiriúnú a mhéid céanna, chun comhsheasmhacht iomlán a áirithiú sna spriocanna líonta is infheidhme maidir leis na Ballstáit.

5d.   Féadfaidh na Ballstáit, faoi na coinníollacha céanna leo siúd a leagtar amach i mír 5a, a chinneadh imeacht suas le 3 phointe céatadáin agus suas le 88 gcéadú ón toirt a leagtar amach i mír 2.

5e.   Féadfaidh na Ballstáit, faoi na coinníollacha céanna leo siúd a leagtar amach i mír 5a den Airteagal seo, a chinneadh imeacht suas le 1 phointe céatadáin amháin agus suas le 66 chéadú ón meántoirt bhliantúil tomhaltais gáis a leagtar amach in Airteagal 6c(1) agus (5).

5f.   Rachaidh Ballstát a úsáideann aon cheann de na solúbthachtaí dá bhforáiltear i míreanna 5a go 5e i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tabharfaidh sé údar cuí leis láithreach. Tabharfaidh an Coimisiún GCG agus aon Bhallstáit a ndéantar difear díreach dóibh cothrom le dáta maidir le héifeachtaí carnacha na solúbthachtaí uile arna n-úsáid gan mhoill.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6, 7 agus 8:

‘6.   Chun an sprioc líonta a bhaint amach, féachfaidh na Ballstáit leis an gconair líonta atá socraithe i gcomhréir le mír 7 a leanúint.

7.   I gcás 2023 agus na mblianta ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh conair líonta le spriocanna idirmheánacha do mhí Feabhra, mí na Bealtaine, mí Iúil agus mí Mheán Fómhair, lena n-áirítear faisnéis theicniúil, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin, i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá ar a chríoch féin agus atá idirnasctha go díreach lena limistéir mhargaidh. Beidh an chonair líonta agus na spriocanna idirmheánacha bunaithe ar an meánráta líonta le linn na 5 bliana roimhe sin.

I gcás Ballstáit a laghdaítear an sprioc líonta ina leith go dtí 35 % dá meán-tomhaltas gáis bliantúil de bhun mhír 2, déanfar spriocanna idirmheánacha na conaire líonta a laghdú dá réir sin.

Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas gan moill mhíchuí faoi na conairí líonta comhiomlánaithe arna gcur isteach ag na Ballstáit.

8.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta uile is gá i gcomhréir le hAirteagal 6b chun an sprioc líonta a bhaint amach. Más rud é, in aon bhliain ar leith, nach gcomhlíonann Ballstát a sprioc líonta, déanfaidh sé bearta éifeachtacha chun slándáil an tsoláthair a áirithiú agus an tionchar atá ag praghsanna ar an margadh gáis á chur san áireamh. I gcás nach gcomhlíonann Ballstát an sprioc líonta, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus GCG ar an eolas gan mhoill, agus tabharfaidh sé na cúiseanna nár baineadh amach an sprioc líonta agus na bearta a rinneadh.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 10 agus 11:

‘10.   Féadfaidh údarás inniúil gach Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6b chun an chonair líonta a bhaint amach, lena n-áirítear spriocanna idirmheánacha ceangailteacha a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta. Déanfaidh sé faireachán leanúnach ar ailíniú leis an gconair líonta agus cuirfidh sé GCG ar an eolas go tráthrialta faoin ailíniú leis an gconair líonta. Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas go tráthrialta faoin méid a chomhlíonann gach Ballstát an chonair tháscach.

11.   I gcás ina n-imeoidh Ballstát go suntasach agus go marthanach ón gconair líonta, rud a chuireann comhlíonadh na sprice líonta i mbaol nó i gcás ina n-imeoidh sé ón sprioc líonta, rud nach gceadaítear de bhun mhíreanna 5a go 5e, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG agus leis na Ballstáit lena mbaineann, moladh a eisiúint don Bhallstát sin nó do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir le bearta atá le déanamh chun an diall sin a leigheas nó chun an tionchar ar shlándáil an tsoláthair a íoslaghdú, agus ag an am céanna, inter alia, dálaí deacra nó dálaí margaidh neamhfhabhracha a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le sainiúlachtaí na mBallstát, amhail saintréithe teicniúla agus méid na saoráidí stórála gáis faoi thalamh i ndáil leis an tomhaltas gáis intíre, tábhacht laghdaitheach na saoráidí stórála gáis calracha faoi thalamh do shlándáil an tsoláthair gáis, agus an acmhainn stórála GNL atá ann cheana á gcur san áireamh.’

;

(3)

in Airteagal 6b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo teoranta don mhéid is gá chun na conairí líonta agus, i gcás inarb ábhartha, na spriocanna líonta a bhaint amach. Saineofar na bearta uile arna nglacadh de bhun Airteagail 6a(8) agus (10) go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe. Ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile ná an Aontais i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus GCG ar an eolas maidir leis na bearta sin gan mhoill.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 6c mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Áiritheoidh Ballstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige go mbeidh socruithe i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh laistigh den Bhallstát sin le hoibreoirí córais stórála faoi thalamh nó le rannpháirtithe eile sa mhargadh i mBallstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu. Forálfar leis na socruithe sin, faoin 1 Nollaig, d’úsáid na dtoirteanna stórála a chomhfhreagraíonn do 15 % ar a laghad den mheántomhaltas bliantúil gáis thar na 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát nach bhfuil socruithe stórála gáis faoi thalamh aige. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear, le hacmhainn tarchurtha trasteorann nó srianta teicniúla eile, cosc ar Bhallstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige úsáid iomlán a bhaint as 15 % de na toirteanna stórála sin, ní stórálfaidh an Ballstát sin ach na toirteanna sin atá indéanta go teicniúil.’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Léireoidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go gcomhlíonfaidh siad mír 1 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún dá réir.’

;

(c)

i mír 5, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

áiritheoidh siad, tráth ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig, go gcomhfhreagraíonn toirteanna stórála, ar a laghad, do mheánúsáid na hacmhainne stórála sna 5 bliana roimhe sin, arna cinneadh, inter alia, tríd na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe thar na 5 bliana roimhe sin ó na Ballstáit ina bhfuil na saoráidí stórála lonnaithe; nó’

;

(d)

scriostar mír 6:

(5)

leasaítear Airteagal 6d mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Tuairisceoidh na hoibreoirí córais stórála an leibhéal líonta, mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a, don údarás inniúil i ngach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann lonnaithe agus, más infheidhme, d’eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát sin (“an t-eintiteas ainmnithe”).

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach Ballstáit, faireachán ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ina gcríocha ag deireadh gach míosa agus tuairisceoidh siad gach mí na torthaí don Choimisiún gan moill mhíchuí. Cuirfidh an t-údarás inniúil faisnéis san áireamh maidir leis an sciar gáis de thionscnamh na Rúise atá á stóráil sa Bhallstát sin mar chuid de thoilleadh oibre na saoráidí stórála, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) cuidiú le faireachán den sórt sin.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

‘4.   Tabharfaidh CGC cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar na conairí líonta agus ar na spriocanna líonta, agus forbróidh sé treoir don Choimisiún maidir le bearta leormhaithe chun ailíniú níos fearr a áirithiú i gcás ina n-imíonn na Ballstáit ó na conairí líonta a dhéanann dochar don sprioc líonta a bhaint amach, nó chun a áirithiú go mbainfear amach an sprioc líonta. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an sásra comhiomlánaithe éilimh agus ceannaigh chomhpháirtigh arna chur ar bun le Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (*1).

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an sprioc líonta a bhaint amach agus chun na hoibleagáidí stórála a cheanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhorfheidhmiú chun an sprioc líonta a bhaint amach, lena n-áirítear trí smachtbhannaí atá sách athchomhairleach agus fíneálacha a fhorchur ar na rannpháirtithe sa mhargadh sin. Tá an méid sin gan dochar do ról an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an Rialacháin seo agus é a áirithiú, lena n-áirítear maidir le treoraíocht a thabhairt do na Ballstáit ina n-iarrachtaí an mhír seo a chur chun feidhme.

(*1)  Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj).’;"

(6)

in Airteagal 17a(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

an fhaisnéis faoin sciar gáis de thionscnamh na Rúise atá á stóráil i saoráidí stórála an Aontais, arna soláthar ag na Ballstáit, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, de bhun Airteagal 6d(2).’

;

(7)

scriostar Airteagal 18a;

(8)

in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

‘Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (27) go (31), Airteagail 6a go 6d, Airteagal 16(3), Airteagal 17a, Airteagal 20(4) agus Iarscríbhinn Ib go dtí an 31 Nollaig 2027.’

;

(9)

scriostar Iarscríbhinn Ia;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn Ib:

‘IARSCRÍBHINN Ib

Freagracht chomhroinnte maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta

Maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta de bhun Airteagal 6a, comhroinneann Poblacht na Slóvaice agus an tSeicia an fhreagracht a bhaineann le saoráidí stórála Dolní Bojanovice. Tá cóimheas cruinn agus fairsinge na freagrachta sin de chuid Phoblacht na Slóvaice agus na Seicia faoi réir an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir na Ballstáit sin.

Gan dochar d’Airteagal 13 agus i gcomhréir le hAirteagal 11(6), pointe (b), áiritheoidh Poblacht na Slóvaice agus an tSeicia, nuair a fhógraítear géarchéim de bhun an Rialacháin seo, nach dtabharfar isteach aon bhearta a dhéanfaidh difear do shaoráid stórála Dolní Bojanovice ar dócha go gcuirfear staid an tsoláthair gáis i mbaol go mór leo nó go mbainfear an bonn ó chumas gnóthas gáis nádúrtha gás a sholáthar do chustaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir leis an gcaighdeán soláthair gáis náisiúnta.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2025/2967, 16.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2967/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2025.

(3)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1032/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1938/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1733/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)