02022R2577 — GA — 01.07.2024 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2022/2577 ÓN gCOMHAIRLE an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335 29.12.2022, lch. 36) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
L 223 |
1 |
10.1.2024 |
||
RIALACHÁN (AE) 2022/2577 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Nollaig 2022
lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha sealadacha de chineál éigeandála chun dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, agus béim ar leith á leagan ar theicneolaíochtaí sonracha fuinnimh in-athnuaite nó ar chineálacha tionscadal lenar féidir dlús gearrthéarmach a chur le luas imscartha foinsí in-athnuaite fuinnimh san Aontas.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na próisis deonaithe ceadanna uile a bhfuil dáta tosaigh acu laistigh dá thréimhse cur i bhfeidhm agus tá sé gan dochar d’fhorálacha náisiúnta lena mbunaítear sprioc-amanna níos giorra ná na sprioc-amanna sin a leagtar síos in Airteagal 5(1).
Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna nach raibh cinneadh críochnaitheach mar thoradh orthu roimh an 30 Nollaig 2022, ar choinníoll go giorraítear leis sin an próiseas deonaithe ceadanna agus go gcaomhnaítear cearta dlíthiúla tríú páirtí atá ann cheana.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ). Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “próiseas deonaithe ceadanna” an próiseas:
ina gcuimsítear na ceadanna riaracháin ábhartha uile a eisítear maidir le gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú lena n-áirítear teaschaidéil, saoráidí comhshuite stórála fuinnimh agus na sócmhainní is gá lena gceangal leis an eangach, lena n-áirítear ceadanna maidir le ceangal leis an eangach agus measúnuithe tionchair comhshaoil i gcás inar gá iad sin; agus
ina gcuimsítear na céimeanna riaracháin uile a thosaíonn nuair a admhaítear go bhfuair an t-údarás ábhartha an t-iarratas iomlán agus a chríochnaíonn nuair a thugann an t-údarás ábhartha fógra faoin gcinneadh críochnaitheach maidir le toradh an phróisis;
ciallaíonn “trealamh grianfhuinnimh” trealamh a thiontaíonn fuinneamh ón ngrian go fuinneamh teirmeach nó leictreach, lena n-áirítear trealamh teirmeach gréine agus trealamh fótavoltach gréine.
Airteagal 3
Leas poiblí sáraitheach
Maidir le cosaint speiceas, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin.
Airteagal 3a
Easpa réiteach malartach nó sásúil
Airteagal 4
Luas a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil
Airteagal 5
Gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú
Airteagal 6
Dlús a chur le próiseas deonaithe ceadanna na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite agus do bhonneagar eangaí lena mbaineann atá riachtanach chun foinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras
Féadfaidh na Ballstáit tionscadail fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le tionscadail stórála fuinnimh agus tionscadail eangaí leictreachais atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a dhíolmhú ón measúnú tionchair ar an gcomhshaol faoi Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE agus ó na measúnuithe ar chosaint speiceas faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus faoi Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE, ar choinníoll go bhfuil an tionscadal le bheith lonnaithe i limistéar tiomnaithe in-athnuaite nó eangaí do bhonneagar eangaí lena mbaineann atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, má tá limistéar in-athuaite nó eangaí bunaithe ag na Ballstáit, agus go raibh an limistéar faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ). Áiritheoidh an t-údarás inniúil, ar bhonn na sonraí atá ann cheana, go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí comhréireacha i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CÉ. I gcás nach mbeidh na bearta sin ar fáil, áirithóidh an t-údarás inniúil go n-íocfaidh an t-oibreoir cúiteamh airgeadaíochta as cláir chosanta speiceas, chun go gcosnófar nó gcuirfear feabhas ar stádas caomhnaithe an speicis a ndéantar difear dó.
Airteagal 7
Dlús a chur le himscaradh teaschaidéal
Ach amháin i gcás go bhfuil údar imní dea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann, go bhfuil tuilleadh oibreacha de dhíth le haghaidh naisc eangaí nó go bhfuil neamhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann, déanfar na naisc leis an eangach tharchurtha nó dháileacháin a cheadú tar éis fógra a thabhairt don eintiteas ábhartha maidir leis na nithe seo a leanas:
teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht leictreach suas le 12 kW acu; agus
teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht leictreach suas le 50 kW acu arna suiteáil ag féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite, ar choinníoll go bhfuil acmhainneacht shuiteáil giniúna leictreachais in-athnuaite an fhéintomhaltóra fuinnimh in-athnuaite cothrom le 60 % ar a laghad d’acmhainneacht an teaschaidéil.
Airteagal 8
Tráthlínte don phróiseas deonaithe ceadanna chun gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú i limistéir thiomnaithe in-athnuaite nó eangaí dá dtagraítear in Airteagal 6
Agus na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 5(1) á gcur i bhfeidhm, ní chomhairfear an t-am seo a leanas mar am a thagann laistigh de na sprioc-amanna sin ach amháin i gcás ina mbeidh sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den phróiseas deonaithe ceadanna:
an t-am a bhfuil na gléasraí, a naisc eangaí agus, d’fhonn cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú, an bonneagar eangaí riachtanach lena mbaineann á dtógáil nó á n-athchumhachtú lena linn; agus
an t-am le haghaidh na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach le haghaidh uasghráduithe suntasacha ar an eangach is gá chun cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú.
Airteagal 9
Athbhreithniú
Faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise fhorbairt shlándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh agus i bhfianaise an ghá dlús breise a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Cuirfidh sé tuarascáil maidir le príomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh go gcuirfí síneadh le bailíocht an Rialacháin seo.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse 18 mí óna theacht i bhfeidhm.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, Airteagal 2, pointe 1, Airteagal 3(2), Airteagal 3a, Airteagal 5(1), Airteagal 6 agus Airteagal 8 go dtí an 30 Meitheamh 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
( 2 ) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
( 3 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
( 4 ) Treoir 2009/147/CE an 30 Samhain 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
( 5 ) Treoir 2001/42/CE an 27 Meitheamh 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).