European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/243

15.1.2024

MOLADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOMHCHOISTE UM AN gCOINBHINSIÚN RÉIGIÚNACH MAIDIR LE RIALACHA TIONSCNAIMH FABHRACHA UILE-EORA-MHEÁNMHARA

an 7 Nollaig 2023

maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach [2024/243]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara, agus go háirithe Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(2)(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ag tús na bliana 2020, chuir an Coimisiún na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (1) (‘an Coinbhinsiún’) (‘na Páirtithe Conarthacha’) ar an eolas faoina dhodhéanta agus a bhíonn sé do thromlach na gcomhpháirtithe saorthrádála deimhnithe gluaiseachta a sholáthar chun críoch tionscnaimh fhabhraigh i bhfoirm chuí (is é sin sínithe de láimh, stampáilte i ndúch fliuch nó san fhormáid cheart páipéir), ós rud é, mar gheall ar phaindéim COVID-19, gur cuireadh teagmhálacha idir údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha agus oibreoirí eacnamaíocha ar fionraí i roinnt Páirtithe Conarthacha.

(2)

Mheas formhór na bPáirtithe Conarthacha go raibh sé iomchuí bearta eisceachtúla a ghlacadh chun cur chun feidhme iomlán na socruithe fabhracha trádála a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (‘na socruithe’) a áirithiú. Bhí na bearta eisceachtúla sin infheidhme ar bhonn cómhalartach ag na comhpháirtithe saorthrádála a raibh leas acu iontu, agus úsáid á baint as na forálacha ábhartha i rialacha tionscnaimh na socruithe.

(3)

Le linn phaindéim COVID-19, d’fhorbair nó d’oiriúnaigh roinnt Páirtithe Conarthacha córais leictreonacha a bhí ann cheana agus lena n-eisítear deimhnithe go leictreonach chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le solúbthacht agus comhlíonadh na gceanglas maidir le formáid na ndeimhnithe gluaiseachta a dtugtar tuairisc orthu i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, go háirithe in Airteagal 16(2), agus in Iarscríbhinní III a agus III b a ghabhann leis an bhFoscríbhinn sin.

(4)

Iarradh ar údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha glacadh le deimhnithe gluaiseachta chun críoch tionscnaimh fhabhraigh, ar deimhnithe iad a eisítear go leictreonach agus síniú digiteach, stampa digiteach nó séala digiteach de chuid na n-údarás inniúil orthu, nó cóip díobh i bhfoirm páipéir nó leictreonach (arna scanadh nó iad ar fáil ar líne).

(5)

Bhí an cleachtas sin bunaithe ar an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 24 d’Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le cruthúnais ar thionscnamh a chur isteach a bheidh le cur faoi bhráid údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh allmhairiúcháin i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme sa tír sin.

(6)

D’iarr Páirtí Conarthach amháin go gcoinneofaí na dea-chleachtais a tugadh isteach faoi na bearta eisceachtúla a glacadh le linn phaindéim COVID-19 chun go mbainfeadh na hoibreoirí eacnamaíocha tairbhe as digitiú deimhnithe gluaiseachta.

(7)

Cuireadh an Comhchoiste ar an eolas faoin iarraidh sin le linn a chruinnithe a reáchtáladh an 16 Meitheamh 2022.

(8)

Aithníonn na Páirtithe Conarthacha gur rud dearfach a bhí sa trádáil fhabhrach faoi na bearta eisceachtúla a glacadh mar gheall ar phaindéim COVID-19.

(9)

Dearbhaíonn na Páirtithe Conarthacha a dtiomantas leanúint de na dea-chleachtais a tugadh isteach faoi na bearta eisceachtúla le linn phaindéim COVID-19, agus aithníonn siad a thábhachtaí atá sé modhanna leictreonacha a thabhairt isteach agus oibriú i gcomhar le chéile i dtreo córas comhchoiteann a bheidh bunaithe ar chruthúnais tionscnaimh leictreonacha agus ar chomhar riaracháin leictreonach laistigh den réigiún Uile-Eora-Mheánmhara (réigiún PEM).

(10)

Le córais atá ceaptha chun deimhnithe gluaiseachta a eisiúint go leictreonach, ba cheart an deis a thabhairt d’údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha barántúlacht na ndeimhnithe sin a sheiceáil láithreach.

(11)

An t-aistriú chuig córas lena n-eisítear deimhnithe gluaiseachta go leictreonach agus lena ndéantar foráil maidir le comhar riaracháin leictreonach faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin, measann na Páirtithe Conarthacha gurb é an t-aistriú sin an chéad chéim i dtreo cruthúnas tionscnaimh a dhigitiú go hiomlán ar scála chrios PEM, go háirithe i bhfianaise ghlacadh an leasaithe ar an gCoinbhinsiún (‘an Coinbhinsiún athbhreithnithe’) a dhéanfar go luath.

(12)

Ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, tá líonra de phrótacail dhéthaobhacha maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha tar éis teacht i bhfeidhm cheana féin, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha. Leis na Rialacha idirthréimhseacha, ceadaítear úsáid a bhaint as deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach. Go dtí go nglacfar an Coinbhinsiún athbhreithnithe i measc na bPáirtithe Conarthacha uile, tá feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha i gcomhthreo leis an gCoinbhinsiún.

(13)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc an dá shraith rialacha tionscnaimh is infheidhme go comhthreomhar agus go dtí go nglacfar an Coinbhinsiún athbhreithnithe a chuirfear in ionad an dá shraith rialacha tionscnaimh, is iomchuí a mholadh go nglacfaí le deimhnithe gluaiseachta arna n-eisiúint go leictreonach, faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin,

AG MOLADH LEIS SEO:

1.

Go nglacfadh na Páirtithe Conarthacha le deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach nuair a chuirtear isteach iad tráth an allmhairithe ar choinníoll:

(a)

go bhfuil foirm ag na deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach atá cosúil leis na foirmeacha samplacha ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinní III a agus III b a ghabhann le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún;

(b)

go ndéanann údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh is onnmhaireoir foráil maidir le córas slán idirlíonbhunaithe ar líne chun barántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta arna n-eisiúint go leictreonach a fhíorú i gcás nach gcomhlíontar na treoracha priontála ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinní III a agus III b (mar shampla, easpa patrúin giolóise chlóite uaine mar chúlra air, easpa stampa dúigh fhliuch, easpa sínithe lámhscríofa);

(c)

go bhfuil sraithuimhir uathúil ar na deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach agus, má tá fáil orthu, gnéithe slándála trínar féidir iad a shainaithint; agus

(d)

go ndéantar an dáta óna gcuirfidh Páirtí Conarthach tús le heisiúint deimhnithe gluaiseachta leictreonacha a shonrú i bhfógraí a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C) agus é sin de réir nósanna imeachta na bPáirtithe Conarthacha féin.

2.

Go bhféadfaidh Páirtí Conarthach a chinneadh go gcuirfear ar fionraí glacadh le deimhnithe gluaiseachta arna n-eisiúint go leictreonach i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear thuas agus, sá chás sin, cuirfidh sé na Páirtithe Conarthacha eile ar an eolas faoi sin roimh ré trí rúnaíocht an Chomhchoiste. I gcás fionraí, sonrófar dáta tosaigh na fionraí sna fógraí dá dtagraítear faoi phointe 1 (d).

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2023.

Thar ceann an Chomhchoiste

An Cathaoirleach

Marko LÄTTI


(1)   IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/243/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)