![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/325 |
22.1.2024 |
TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/325 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Eanáir 2024
lena leasaítear Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68 a mhéid a bhaineann le híosdoimhneacht na marcanna ar airm thine agus ar chomhpháirteanna bunriachtanacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68 ón gCoimisiún (2), leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla íosta maidir le hairm tine agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha a mharcáil chun inrianaitheacht arm tine agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha a mhéadú agus chun a saorghluaiseacht a éascú. |
(2) |
Ós rud é go bhfuil tagairt i dteideal Threoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68 do Threoir 91/477/CEE ón gComhairle (3), treoir a aisghaireadh, is gá tagairt eile a chur in ionad na tagartha sin. |
(3) |
Ní raibh ceanglas maidir le híosdoimhneacht na marcanna le fáil i sonraíochtaí teicniúla Threoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68. Is gá íosdoimhneacht a áireamh ar leibhéal an Aontais chun cothrom na Féinne a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’úsáideoirí arm tine agus chun trádáil i margadh inmheánach an Aontais a éascú. Thairis sin, chun ailíniú le caighdeáin na margaí is tábhachtaí le haghaidh airm thine shibhialtacha a onnmhairiú (SAM agus Ceanada), is gá sonraíocht theicniúil a ghlacadh ina mbeidh íosdoimhneacht 0,0762 milliméadar le haghaidh an mhairc. |
(4) |
Tá doimhneacht 0,0762 milliméadar indéanta go teicniúil agus ní chuireann sé isteach ar mharthanacht arm tine ná marthanacht na gcomhpháirteanna bunriachtanacha. |
(5) |
Ba cheart Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68 a leasú dá réir. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir (AE) 2021/555, ní bheidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1, pointe 2 maidir leis na hairm thine sin agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha ach amháin nuair a chuirtear ar an margadh iad den chéad uair tar éis an ochtú mí déag tar éis fhoilsiú an ghnímh seo don Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 2(1). Beidh feidhm ag na bearta maidir leis na comhpháirteanna ar cuid d’arm tine iad nó a chuirtear ar an margadh ar leithligh iad. |
(7) |
I gcomhréir leis an dearbhú comhpháirteach polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (4), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir comhpháirteanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 20 de Threoir (AE) 2021/555, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68 mar a leanas:
(1) |
i dteideal Threoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68, cuirtear tagairt do ‘Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú’ in ionad na tagartha do ‘Threoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú’; |
(2) |
san Iarscríbhinn, cuirtear isteach an pointe 1a seo a leanas:
|
Airteagal 2
1. Na dlíthe, na rialacháin, agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 22 Iúil 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo .
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 115, 6.4.2021, lch. 1.
(2) Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear sonraíochtaí teicniúla chun airm thine agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha a mharcáil faoi Threoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 15, 17.1.2019, lch. 18).
(3) Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus sealbhú arm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lch. 51).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2024/325/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)