15.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 117/3 |
RIALACHÁN (AE) 2020/521 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2020
lena ngníomhachtaítear an tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369, agus lena leasaítear na forálacha lena mbaineann agus ráig COVID-19 á cur san áireamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá géarchéim COVID-19, a dearbhaíodh ina paindéim ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) an 11 Márta 2020, tar éis dochar nach beag a dhéanamh do shochaí agus do gheilleagar an Aontais, rud a d'fhág gurbh éigean do na Ballstáit sraith de bhearta eisceachtúla a ghlacadh. |
(2) |
Anuas ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime, tá dianbhrú ar chórais cúraim sláinte na mBallstát mar gheall ar an ngéarchéim. Tá méadú ar an éileamh sna Ballstáit go léir ar threalamh agus ar sholáthairtí leighis, ar sheirbhísí poiblí bunriachtanacha agus ar acmhainní táirgeachta le haghaidh ábhair den sórt sin. |
(3) |
Tá bearta tapa éagsúlaithe ag teastáil chun ligean don Aontas ina iomláine aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim de mheon na dlúthpháirtíochta faoi na srianta atá ann de dheasca scaipeadh tapa an víris. Go háirithe, ba cheart é a bheith d'aidhm ag na bearta sin an bheatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chaomhnú de réir mar is gá sin de dheasca ghéarchéim reatha COVID-19. |
(4) |
Ráig mhórscála thrasnáisiúnta is ea í ráig COVID-19 agus dá réir sin tá gá le freagairt chuimsitheach. Na bearta dá bhforáiltear faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (“rescEU”) a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus ionstraimí eile atá ann cheana ón Aontas, tá siad teoranta ó thaobh scála de agus dá bhrí sin ní féidir freagairt leordhóthanach a thabhairt ná aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar iarmhairtí mórscála ghéarchéim COVID-19 laistigh den Aontas. |
(5) |
Dá bhrí sin, is rud riachtanach é an tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle (2) a ghníomhachtú. |
(6) |
Chun foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal solúbthachta is gá chun freagairt chomhordaithe fhadtréimhseach a áirithiú i gcás imthosca gan choinne faoi mar atá i gcás ghéarchéim COVID-19, e.g. soláthairtí leighis agus cógas a sholáthar, bearta téarnaimh, taighde leighis ábhartha, is gá a áirithiú gur féidir na gealltanais bhuiséadacha a dhéantar le linn na tréimhse gníomhachtaithe a úsáid chun gealltanais dhlíthiúla a thabhairt i gcrích le linn thréimhse iomlán na tréimhse gníomhachtaithe, gan dochar do na rialacha ginearálta airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais a leagtar síos in Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Costais a thabhaítear faoi ghealltanais dhlíthiúla den sórt sin ba cheart iad a bheith incháilithe le haghaidh thréimhse iomlán a gcur chun feidhme. |
(7) |
Chun cóir chomhionann agus cothrom na Féinne a áirithiú do gach Ballstát is gá chomh maith foráil a dhéanamh maidir le hincháilitheacht aisghníomhach costas ó dháta gníomhachtaithe na tacaíochta, lena n‐áirítear gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích cheana féin, ar choinníoll gur cuireadh tús leo tar éis an dáta sin. |
(8) |
Chun cineál coimhdeach na tacaíochta éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369 a chaomhnú, níor cheart tacaíocht den sórt sin ach a bheith comhlántach d'aon chúnamh a chuirfear ar fáil faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais. |
(9) |
I gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 is léir gur gá raon feidhme Rialachán (AE) 2016/369 a leathnú chun maoiniú a sholáthar do riachtanais phráinneacha le haghaidh trealamh leighis agus ábhair leighis a chumhdach, amhail aerálaithe riospráide agus feisteas cosanta, soláthairtí ceimiceacha le haghaidh tástálacha, na costais le haghaidh cógas, soláthairtí agus ábhair eile a fhorbairt, a tháirgeadh agus a dháileadh. Ba cheart socrú a dhéanamh chun gurbh fhéidir gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun tacú leis na céimeanna is gá chun formheas a fháil le haghaidh táirgí leighis a úsáid. |
(10) |
Chun maolú ar an ngéarbhrú atá ar lucht saothair leighis agus ar acmhainní stáit de dheasca acmhainneacht neamhleor seirbhísí poiblí bunriachtanacha, agus chun inmharthanacht an chórais cúraim sláinte a chothabháil, ba cheart tacaíocht a thabhairt, ó thaobh airgeadais nó eagrúcháin de, d'atreisiú agus do mhalartú sealadach gairmithe leighis mar aon le cóir leighis a chur ar othair ó Bhallstáit eile. |
(11) |
Ba cheart do ghairmithe i réimse an chúraim sláinte agus na lóistíochta oiliúint a fháil freisin i bhfianaise an chomhraic in aghaidh góchumadh soláthairtí cúraim sláinte. |
(12) |
I bhfianaise iarmhairtí mórscála COVID-19, tá gá le rannpháirtíocht mhear chuimsitheach ó na páirtithe ábhartha go léir lena n‐áirítear údaráis phoiblí, soláthraithe poiblí agus príobháideacha cúraim phríomhúil agus ospidéil agus tithe altranais. Teastaíonn gníomhaíochtaí chun an brú ar an mbonneagar sláinte a mhaolú agus chun tacú le grúpaí daoine leochaileacha atá i mbaol. |
(13) |
Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais soláthair, ba cheart tacú le hacmhainn táirgeachta le haghaidh táirgí leighis fíor-riachtanacha amhail cógas, tástálacha diagnóiseacha, soláthairtí saotharlainne, feisteas cosanta, agus ba cheart maoiniú a sholáthar chun stoc de na táirgí sin a choinneáil ar bun. |
(14) |
Ba cheart cúnamh trí bhíthin airgeadais nó eagrúcháin a thabhairt do mhodhanna tástála breise nó malartacha lena méadaítear acmhainn agus taighde leighis ábhartha. |
(15) |
Tá deacrachtaí suntasacha dlíthiúla agus praiticiúla le sárú ag údaráis chonarthacha na mBallstát maidir le soláthairtí nó seirbhísí a cheannach i gcásanna éigeandála. Chun ligean do na húdaráis chonarthacha an tairbhe is mó is féidir a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh i dtéarmaí barainneacht scála agus comhroinnt riosca-tairbhe, tá sé thar a bheith tábhachtach cur leis na féidearthachtaí don Choimisiún soláthairtí nó seirbhísí a cheannach thar ceann na mBallstát. Ba cheart é a chur ar a chumas don Choimisiún na nósanna imeachta soláthair ábhartha a dhéanamh. I gcás ina ndéanfadh údarás conarthach Bhallstáit codanna áirithe den nós imeachta, comórtas faoi chomhaontú réime a athoscailt nó conarthaí aonair a dheonú bunaithe ar chóras ceannaigh dinimiciúil cuir i gcás, bheadh an t‐údarás conarthach sin freagrach as na céimeanna a dhéanfadh sé. |
(16) |
I gcásanna éigeandála, i gcás inar gá soláthar comhpháirteach a dhéanamh idir an Coimisiún agus údarás conarthach amháin ó na Ballstáit nó níos mó, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na hacmhainní arna soláthar go comhpháirteach a cheannach, a fháil ar cíos nó a fháil ar léas ina n‐iomláine. |
(17) |
Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann soláthairtí agus seirbhísí, lena n‐áirítear soláthairtí agus seirbhísí ar cíos, a cheannach, a stocáil, a athdhíol agus a dheonú do Bhallstáit nó d’eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag an gCoimisiún. |
(18) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/369 a leasú dá réir. |
(19) |
Tá sé dearbhaithe ag na Ballstáit, mar pháirtithe sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE (4), go n-aontaíonn siad nósanna imeachta leanúnacha maidir le soláthar comhpháirteach faoin Airteagal sin a chur san áireamh sa nós imeachta mearsholáthair a bhunaítear leis an Rialachán seo, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann. |
(20) |
Tá bonn cirt le dámhachtain láithreach agus feidhmíocht láithreach na gconarthaí a eascraíonn as nósanna imeachta soláthair a dhéantar chun críocha an Rialacháin seo i bhfianaise na fíorphráinne a bhaineann leis an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair. Chuige sin go sonrach, ní mór maoluithe a cheadú ar fhorálacha sonracha de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Cinneadh 1082/2013/AE. Agus frithbhearta leighis á ndáileadh faoi na nósanna imeachta soláthair sin, ba cheart aon eochair leithdháilte a d’fhéadfadh a bheith comhaontaithe ag na Ballstáit a urramú. Féadfaidh Stáit LEE ar sínitheoirí iad leis an gComhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun frithbhearta leighis a sholáthar a chomhaontú go mbeidh a rannpháirtíocht i soláthar frithbheart leighis arna bhainistiú ag an Aontas faoi réir na rialacha agus na gcoinníollacha atá sa Rialachán, mar is ábhartha, agus sa chás sin comhaontaíonn an Coimisiún rannpháirtíocht na Stát sin a bhainistiú i nósanna imeachta sonracha soláthair ina gcinneann siad páirt a ghlacadh. |
(21) |
Ní bheidh acmhainneacht iomlán na mbeart á saothrú ach amháin má shroicheann na frithbhearta leighis arna soláthar faoi na nósanna imeachta meara, comhpháirteacha na seirbhísí sláinte sna Ballstáit gan aon mhoill. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, sreabha bunriachtanacha iompair a choinneáil ag gluaiseacht, go háirithe trí lánaí tosaíochta ainmnithe, lánaí glasa, ag trasnuithe teorann ar an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) agus trí oibríochtaí aerlastais a éascú i rith ráige COVID-19. Ba cheart leas a bhaint as acmhainní iompair an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta mar is gá. Chun na críche sonraí sin, ní mór maolú ar Airteagal 1(6) de Chinneadh 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a cheadú. |
(22) |
I bhfianaise na staide a bhaineann le géarchéim COVID-19, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
(23) |
D'fhonn cóir chomhionann agus cothrom na Féinne a áirithiú do na Ballstáit go léir agus chun cumhdach a sholáthar beag beann ar an uair a tháinig ann don ráig i ngach Ballstát is gá feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Feabhra 2020, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Gníomhachtaítear leis seo tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369 chun an caiteachas is gá a mhaoiniú le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 i gcomhair na tréimhse 1 Feabhra 2020 go 31 Eanáir 2022.
Airteagal 2
De mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, na gealltanais bhuiséadacha fhoriomlána is cúis le caiteachas i leith tacaíocht faoi Rialachán (AE) 2016/369, cumhdófar leo costais iomlána na ngealltanas dlíthiúil comhfhreagrach a rinneadh go deireadh na tréimhse gníomhachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, gan dochar don oibleagáid chun costas na ngealltanas dlíthiúil comhfhreagrach a tugadh i gcrích tar éis na tréimhse gníomhachtúcháin i gcomhréir leis an riail n+1 a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
Beidh caiteachas incháilithe amhail ó dháta gníomhachtaithe na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1.
De mhaolú ar Airteagal 193(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, féadfar deontais a dheonú le haghaidh gníomhaíocht atá curtha i gcrích cheana roimh 15 Aibreán 2020 ar choinníoll gur cuireadh tús leis na gníomhaíochtaí tar éis an dáta ghníomhachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.
Airteagal 3
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/369 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 3 agus 4: “Airteagal 3 Gníomhaíochtaí incháilithe 1. Leis an tacaíocht éigeandála faoin Rialachán seo, soláthrófar freagairt éigeandála atá bunaithe ar riachtanais, freagairt a bheidh ina comhlánú ar fhreagairt na mBallstát atá buailte a bhfuil sé d'aidhm aici beatha daoine a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú, agus dínit an duine a chaomhnú cibé áit ar gá sin de dheasca tubaiste dá dtagraítear in Airteagal 1(1). Gan dochar don tréimhse ghníomhachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), féadfar tacaíocht a dheonú freisin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a bheidh ann tar éis tubaiste nó chun nach dtiocfaidh an tubaiste i dtreis arís. 2. Féadfar a áireamh le tacaíocht éigeandála, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, aon cheann de na gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla a bheadh incháilithe do mhaoiniú ón Aontas de bhun Airteagail 2, 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/96, agus, dá bhrí sin, féadfar a áireamh leis an tacaíocht sin freisin, cúnamh, fóirithint agus i gcás inar gá, oibríochtaí cosanta chun beatha daoine a shábháil agus a chaomhnú le linn tubaistí nó go díreach dá n‐éis. Féadfar an tacaíocht sin a úsáid freisin chun aon chaiteachas eile a mhaoiniú, ar caiteachas é a bhaineann go díreach le cur chun feidhme tacaíocht éigeandála faoin Rialachán seo. Go háirithe, féadfar tacaíocht a úsáid chun na gníomhaíochtaí a leagtar síos san Iarscríbhinn a mhaoiniú. 3. Gan dochar do mhír 4, déanfar tacaíocht éigeandála faoin Rialachán seo a dheonú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla bhunúsacha na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais. 4. Is é an Coimisiún nó eagraíochtaí comhpháirteacha arna roghnú ag an gCoimisiún a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2. Féadfaidh an Coimisiún go háirithe eagraíochtaí neamhrialtasacha, seirbhísí speisialaithe de chuid na mBallstát, údaráis náisiúnta agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí a roghnú mar eagraíochtaí comhpháirtíochta agus féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí agus inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, eagraíochtaí agus eintitis eile a bhfuil an saineolas riachtanach acu nó atá gníomhach sna hearnálacha is ábhartha maidir le fóirithint tubaistí, amhail soláthróirí seirbhísí príobháideacha, monaróirí trealamh agus eolaithe agus institiúidí taighde, féadfaidh an Coimisiún na heagraíochtaí agus na heintitis sin a roghnú mar eagraíochtaí comhpháirtíochta freisin. Le linn dó déanamh amhlaidh, leanfaidh an Coimisiún de dhlúthchomhar a dhéanamh leis an mBallstát atá buailte. Airteagal 4 Cineálacha idirghabhála airgeadais agus nósanna imeachta cur chun feidhme 1. Déanfaidh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Go háirithe, is trí bhíthin bainistiú díreach nó bainistiú indíreach a chuirfear chun feidhme maoiniú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí tacaíochta faoin Rialachán seo i gcomhréir le pointí (a) agus (c), faoi seach, d’Airteagal 62(1) den Rialachán sin. 2. Is le buiséad ginearálta an Aontais agus le ranníocaíochtaí a d’fhéadfadh na Ballstáit agus deontóirí poiblí nó príobháideacha eile a dhéanamh mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhaoineofar tacaíocht éigeandála faoin Rialachán seo. 3. I dtaca le maoiniú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí tacaíochta faoin Rialachán seo a chuirfear chun feidhme trí bhíthin bainistiú díreach, féadfaidh an Coimisiún é a dheonú go díreach gan glao ar thograí i gcomhréir le hAirteagal 195 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún creat‐chomhaontuithe comhpháirtíochta a dhéanamh nó a bheith ag brath ar chreat‐chomhaontuithe comhpháirtíochta atá ann cheana a tugadh i gcrích de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1257/96. 4. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún oibríochtaí tacaíochta éigeandála chun feidhme trí eagraíochtaí neamhrialtasacha, measfar na critéir a bhaineann le cumas airgeadais agus oibríochtúil a bheith comhlíonta i gcás ina bhfuil creat‐chomhaontú comhpháirtíochta i bhfeidhm idir an eagraíocht sin agus an Coimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1257/96. 5. Féadfar tacaíocht éigeandála faoin Rialachán seo a dheonú in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
6. I gcás nós imeachta soláthair dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5, is ceann den dá chomhlacht seo a leanas a chuirfidh i gcrích na conarthaí a leanfaidh as:
7. I gcás nósanna imeachta soláthair dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 5, leanfaidh an Coimisiún na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 le haghaidh a sholáthair féin. (*1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;" |
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. Aon chostais dhíreacha is gá chun na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 3 a chur chun feidhme, lena n‐áirítear earraí agus seirbhísí faoi na gníomhaíochtaí sin a cheannach, a ullmhú, a bhailiú, a iompar, a stóráil agus a dháileadh, chomh maith le costais infheistíochta gníomhaíochtaí nó tionscadal a bhaineann go díreach le gnóthú chuspóirí na tacaíochta éigeandála a ghníomhachtaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar iad a chumhdach le maoiniú ón Aontas. 2. Féadfar costais indíreacha na n‐eagraíochtaí comhpháirtíochta a chumhdach freisin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.”; |
(3) |
cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas leis: “IARSCRÍBHINN Gníomhaíochtaí incháilithe Féadfar na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú i gcás paindéimí a bhfuil éifeachtaí ar mhórscála acu:
Ní liosta uileghabhálach é an liosta thuas. |
Airteagal 4
1. De mhaolú ar Airteagal 1(6) de Chinneadh 1313/2013/AE, féadfar acmhainní uile an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta a úsáid i gcomhthéacs frithbhearta leighis a sholáthar agus a sheachadadh faoi na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
2. De mhaolú ar Airteagal 172(1) de Rialachán 2018/1046, beidh na húdaráis chonarthacha i dteideal a iarraidh go seachadfar earraí nó seirbhísí ó dháta seolta na ndréachtchonarthaí a eascraíonn as an soláthar arna dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar seo tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis na dámhachtana.
3. De mhaolú ar Airteagal 172(2) de Rialachán 2018/1046, féadfaidh an Coimisiún na conarthaí dá dtagraítear i mír 2 a mhodhnú mar is gá chun oiriúnú d'éabhlóid na géarchéime sláinte atá ann faoi láthair.
4. De mhaolú ar phointe 30 d’Iarscríbhinn I, agus chun críocha dhámhachtain na gconarthaí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an t-oifigeach um údarú an méid atá sa tuarascáil mheastóireachta agus an méid atá sa chinneadh dámhachtana a chur le chéile in aon doiciméad amháin agus é a shíniú. Féadfaidh deimhniú ó na comhaltaí trí ríomhphost daingnithe nó síniú nach ndearnadh ach a scanadh a chur in ionad an tsínithe leictreonaigh dá dtagraítear i bpointe 30(1) d’Iarscríbhinn I de Rialachán 2018/1046.
5. De réir mar is ábhartha, beidh feidhm ag na maoluithe a bhunaítear le míreanna (1) agus (4), mar aon leis na maoluithe is gá a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach, maidir le gach nós imeachta le haghaidh frithbhearta leighis, cibé acu atá siad nua nó ar siúl fós de bhun Airteagal 5 de Chinneadh 1082/2013/AE, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, d’fhonn tairiscintí ar a ndearnadh meastóireacht a dhámhachtain laistigh de 24 uair an chloig.
6. Beidh feidhm ag na maoluithe a leagtar amach san Airteagal seo go dtí 31 Eanáir 2022.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Aibreán 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(2) Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a chur ar fáil laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lch. 1).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(4) Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).