27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 168/63 |
CINNEADH (AE) 2022/997 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Aibreán 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil Pháirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha a mhéid a bhaineann leis an togra chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (“an Coinbhinsiún”) i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004 agus tugadh é i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle (1). |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) cuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme laistigh den Aontas. |
(3) |
De bhun Airteagal 8 den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ceimiceáin a liostú, in Iarscríbhinní A, B agus/nó C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus bearta rialaithe a bhaineann le ceimiceáin den sórt sin a shonrú,. |
(4) |
Ag a dheichiú cruinniú, meastar go bhfuil Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún chun cinneadh maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh. |
(5) |
Chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a scaoileadh a thuilleadh, is gá táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin a laghdú nó a dhíothú ar an leibhéal domhanda agus tacú lena liostú sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
(6) |
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, is iomchuí é a bhunú, toisc go mbeidh na leasuithe sin ina gceangal ar an Aontas. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha, tacú le haigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, agus aird chuí á tabhairt ar mholtaí ábhartha Choiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach gan díolúintí sonracha.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe maidir le chomhordú ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle, mionchoigeartuithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhaontú, i bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. DENORMANDIE
(1) Cinneadh (2006/507/CE) ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 a bhaineann le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).