31.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 103/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/511 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Márta 2022

lena gcuirtear síneadh leis an maolú ó Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘ volantina ’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirtear toirmeasc ar úsáid trealamh iascaireachta tarraingthe laistigh de 3 mhuirmhíle amach ón gcósta nó laistigh den iseabat 50 m i gcás ina mbaintear amach an doimhneacht sin níos giorra don chósta.

(2)

Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún maolú ar Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíonfar roinnt coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(5) agus (9).

(3)

Maolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 13(1) chun trálaeir ‘volantina’ a úsáid in uiscí teorann na Slóivéine, ag doimhneacht níos lú ná 50 méadar, sa limistéar idir 1,5 agus 3 mhuirmhíle amach ón gcósta, deonaíodh an maolú sin den chéad uair go dtí an 23 Márta 2017 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 277/2014 ón gCoimisiún (2).

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2383 ón gCoimisiún (3), deonaíodh síneadh ar an maolú go dtí an 27 Márta 2020.

(5)

An 28 Feabhra 2020, fuair an Coimisiún iarratas ón tSlóivéin chun síneadh a chur leis an maolú go dtí am is faide anonn ná an 27 Márta 2020. Chuir an tSlóivéin dréachtphlean bainistithe agus tuarascáil ar bhainistiú agus cur chun feidhme an phlean bainistithe ar fáil, lenar tugadh údar chuí le síneadh a chur leis an maolú, i bhfianaise cheanglais Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Baineann an t-iarratas le soithigh a bhfuil cuntas teiste acu san iascach ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana, lena dtugtar le tuiscint nach dtiocfaidh méadú ar an iarracht iascaireachta sa todhchaí agus atá ag feidhmiú faoi phlean bainistithe nuashonraithe arna ghlacadh ag an tSlóivéin an 18 Lúnasa 2021 (5) i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Áirítear na soithigh sin ar liosta a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le ceanglais Airteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(6)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) (6) an plean nuashonraithe agus na coinníollacha i gcomhair an mhaolaithe a athbhreithniú ag a chruinniú iomlánach a tionóladh idir an 6 agus an 10 Iúil 2020. Tháinig STECF ar an gconclúid gur plean cuimsitheach a théann i ngleic le formhór na mbarúlacha a d’ardaigh STECF cheana é an plean nuashonraithe. I bhfianaise na faisnéise nua a chuir an tSlóivéin ar fáil, tháinig STECF ar an gconclúid go bhfuil coinníollacha an mhaolaithe fós á gcomhlíonadh.

(7)

Comhlíonann an maolú a d’iarr an tSlóivéin na coinníollacha a leagadh síos in Airteagal 13(5) agus (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(8)

Go háirithe, tá srianta sonracha geografacha ann, ós rud é nach mbaineann uiscí teorann na Slóivéine doimhneacht 50 méadar amach in áit ar bith. In éagmais an mhaolaithe, dá bhrí sin, ní bheadh trálaeir ‘volantina’ in ann oibriú ach níos mó ná 3 mhuirmhíle amach ón gcósta, áit a bhfuil teorann suntasach ar mheánna iascaireachta óir is le haghaidh bealaí loingseoireachta tráchtála atá an limistéar sin.

(9)

Sa phlean bainistithe, leagtar amach na sainmhínithe ábhartha uile maidir leis na hiascaigh lena mbaineann agus rathaítear nach dtiocfaidh méadú ar an iarracht iascaireachta, ós rud é nach n-eiseofar údaruithe iascaireachta ach do 12 shoitheach shonracha a bhfuil údaruithe iascaireachta acu cheana féin ón tSlóivéin.

(10)

Ní cheadaítear an trálaeireacht ghrinnill ‘volantina’, atá de chineál iascach measctha, a dhéanamh le haon trealamh eile ach amháin an ‘tartana’ atá níos troime, agus d’fhéadfaí teagmháil bhreise a bheith ann le grinneall na farraige dá thoradh sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh gabhálacha breise speiceas grinnill ann, áfach, agus ní chuireann sé isteach ar threalaimh eile ach amháin tráil, saighní nó líonta tarraingthe dá samhail. Thairis sin, níl tionchar mór ag an trálaeireacht ghrinnill ‘volantina’ ar an gcomhshaol muirí, lena n-áirítear gnáthóga faoi chosaint, mar thug STECF dá aire gur talamh láibe a bhíonn á shaothrú aici, ní dhéantar í ar ghnáthóga íogaire agus tá na rátaí aschuir íseal.

(11)

Leis an maolú a d’iarr an tSlóivéin, ní dhéantar difear ach do líon teoranta de 12 shoitheach. Sonraítear cláruimhreacha na soitheach sin sa phlean bainistithe.

(12)

Comhlíonann na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann ceanglais Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, a cheadaíonn, de mhaolú air sin, iascaireacht os cionn gnáthóga faoi chosaint má oibrítear an iascaireacht gan teagmháil a dhéanamh leis an gceapach féir mara faoi choinníollacha áirithe.

(13)

Comhlíonann an maolú arna iarradh Airteagal 8(1)(h) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, arna ionadú ag Airteagal 8(1) agus roinn I de Chuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, ós rud é go mbaineann sé le trálaeir a oibríonn le mogallmhéideanna nach lú ná 40 mm.

(14)

Na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann, comhlíonann siad ceanglais Airteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, arna ionadú ag Airteagal 8(1) agus roinn I de Chuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, ós rud é nach n-úsáidtear mogall cearnógach níos lú ná 40 mm i rigín lín ‘volantina’.

(15)

Ní dhíríonn trálaeir ‘volantina’ ar cheifileapóid. Thug STECF dá aire nach diomaibhseach atá gabhálacha ceifileapód ag an iascaigh sin, agus tháinig sé ar an gconclúid, bunaithe ar tuarascáil cur chun feidhme is déanaí an phlean, nach bhfuil ach méid beag de ghabhálacha iomlána speiceas sa limistéar sin ina ngabhálacha ceifileapóid.

(16)

Le plean bainistithe na Slóivéine, áirítear bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, amhail dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus in Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7).

(17)

Déantar trálaeir ‘volantina’ a rialáil lena áirithiú gur fíorbheag iad gabhálacha na speiceas i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, i gcomhréir le critéir Airteagal 13(9)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Thug STECF dá aire nach diomaibhseach iad gabhálacha na speiceas sin, agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil toirt iomlán na ngabhálacha sin cothrom le roinnt deicheanna tonna, ar toirt é nach bhfuil ach méid beag de ghabhálacha iomlána na speiceas sin sa limistéar sin, ós rud é gur méid teoranta atá san iascach ‘volantina’.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart an maolú arna iarradh a dheonú.

(19)

Ba cheart don tSlóivéin tuairisciú don Choimisiún i dtráth cuí agus i gcomhréir leis an bplean faireacháin dá bhforáiltear i bplean bainistithe na Slóivéine.

(20)

Ba cheart teorannú a bhunú maidir le fad an mhaolaithe chun bearta bainistithe tapa ceartaitheach a chur i bhfeidhm i gcás go léirítear drochstádas caomhantais na stoc saothraithe sa tuarascáil chuig an gCoimisiún, agus leis sin an bunús eolaíoch a fheabhsú chun plean bainistithe feabhsaithe a chur ar fáil.

(21)

Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2383 in éag an 27 Márta 2020, chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 28 Márta 2020. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maolú

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 laistigh d’uiscí teorann na Slóivéine, gan beann ar an doimhneacht, idir 1,5 agus 3 mhuirmhíle amach ón gcósta, ar thrálaeir ‘ volantina ’ atá in úsáid ag soithigh a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

ag a bhfuil an chláruimhir dá luaitear i bplean bainistithe na Slóivéine arna ghlacadh ag an tSlóivéin i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006,

(b)

ag a bhfuil cuntas teiste san iascach ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana agus lena dtugtar le tuiscint nach mbeidh aon mhéadú sa todhchaí ar an iarracht iascaireachta a cuireadh ar fáil;

(c)

ag a bhfuil údarú iascaireachta agus atá ag feidhmiú faoi phlean bainistithe na Slóivéine i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

Airteagal 2

Plean faireacháin agus tuairisciú

Cuirfidh an tSlóivéin tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir leis an bplean faireacháin a bunaíodh sa phlean bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl don Choimisiún laistigh de 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus tréimhse chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Márta 2020 go dtí an 27 Márta 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 277/2014 ón gCoimisiún an 19 Márta 2014 lena maolaítear ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘ volantina ’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscíteorann na Slóivéine (IO L 82, 20.3.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2383 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2017 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘ volantina ’ a bhíonn agiascaireacht in uiscí teorann na Slóivéine (IO L 340, 20.12.2017, lch. 32).

(4)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(5)  Cinneadh Uimh. 34200-2/2021/3 an 18.8.2021.

(6)  Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – 64ú Tuarascáil Iomlánach (PLEN-20-02). Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020, ISBN 978-92-76-21081-8, doi:10.2760/325560, JRC121501 (https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf/0a7b5693-d2ad-433f-b24d-9cc7732fe1f8)

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).