European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3943

20.6.2024

Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(C/2024/3943)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an mhona comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an nGréig

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009  (2), na Ballstáit sa limistéar euro agus tíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le monaí euro a eisiúint, ceadaítear dóibh monaí euro comórtha a eisiúint, monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Ghréig

Ábhar an chomórtha: 150 bliain ó rugadh Penelope Delta

Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid de Penelope Delta le feiceáil sa dearadh. Tá an fhoclaíocht ‘ΠΗΝΕΛΟΠΗ ΔΕΛΤΑ 1874-1941’ (‘PENELOPE DELTA 1874-1941’) agus ‘ΕΛΛΗΝΙΚΗ ΔΗΜΟΚΡΑΤΙΑ’ (‘an Phoblacht Heilléanach’) mar imlíne ar an téama. Ar thaobh na láimhe clé tá pailméad (marc mionta Mhionta na Gréige) agus ar an taobh deas tá bliain a bhuailte. Ba cheannródaí Penelope Delta i ngort litríocht na bpáistí sa Ghréig. Tógadh na glúnta de pháistí na Gréige lena cuid leabhar, agus tá an-tóir ar na leabhair go fóill.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

An líon measta monaí atá le heisiúint: 750 000

Dáta eisiúna: Iúil 2024


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3943/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)