|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/232 |
10.1.2024 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2024/232 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh caidmiam agus luaidhe i bpróifílí plaisteacha i bhfuinneoga agus doirse leictreacha agus leictreonacha ina bhfuil clóiríd pholaivinile aisghafa
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir leis na feidhmeanna a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(2) |
Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(3) |
Is substaintí iad caidmiam agus luaidhe a bhfuil srian orthu a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Tá teorainn le luaidhe ag a bhfuil uasluach tiúchana 0,1 % agus le caidmiam ag a bhfuil uasluach tiúchana 0,01 % de réir meáchain in ábhair aonchineálacha. |
|
(4) |
An 14 Nollaig 2015, fuair an Coimisiún iarratas a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a dheonú do chaidmiam agus luaidhe i bhfuinneoga agus doirse leictreacha agus leictreonacha ina bhfuil clóiríd pholaivinile (PVC) aisghafa (‘an díolúine a iarradh’). |
|
(5) |
Rinneadh staidéar measúnaithe theicniúil eolaíoch (2) chun meastóireacht a dhéanamh ar an díolúine a iarradh. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. |
|
(6) |
Úsáidtear caidmiam agus luaidhe in ábhar fráma PVC aisghafa do thacair fuinneog agus doirse chun críche cobhsaithe polaiméire na bpróifílí PVC. |
|
(7) |
Tagann an trealamh leictreach agus leictreonach a dtugtar tuairisc air sa díolúine a iarradh faoi chatagóir 11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. |
|
(8) |
Cé go bhfuil PVC íon saor ó luaidhe agus caidmiam ar fáil ar an margadh, teastaíonn méideanna níos ísle fuinnimh agus acmhainní nádúrtha (amhail uisce, peitriliam agus salann nádúrtha) chun PVC aisghafa a úsáid ná mar a theastódh chun PVC íon a úsáid. Dá bhrí sin, is dócha gur mó na tionchair dhiúltacha iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra a bheadh ann mar thoradh an ionadaithe ná na tairbhí don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra. Dá bhrí sin, comhlíonann an díolúine a iarradh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha ábhartha a shonraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE. |
|
(9) |
Ní lagaíonn an díolúine an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá raon feidhme na díolúine teoranta do na hiontrálacha srianta reatha maidir le caidmiam agus luaidhe faoin Rialachán sin. Go sonrach, rinneadh raon feidhme na díolúine a ailíniú leis an maolú ar luaidhe in PVC aisghafa a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/923 ón gCoimisiún (4). |
|
(10) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an díolúine a dheonú trí na feidhmeanna a chumhdaítear leis an díolúine sin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE a áireamh i dtaca le trealamh leictreach agus leictreonach i gcatagóir 11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. |
|
(11) |
Ba cheart dáta éaga na díolúine a theorannú don 28 Bealtaine 2028, faoina ndéanfar athbhreithniú ar iontráil srianta 63, pointe 18, d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tá an dáta éaga i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(2) de Threoir 2011/65/AE. |
|
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Iúil 2024 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2024.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2) Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar 2 iarratas díolúine nua RoHS - #1 le haghaidh caidmiam i bhfíscheamaraí atá deartha lena n-úsáid i dtimpeallachtaí atá nochta do radaíocht ianúcháin, #2 le haghaidh luaidhe agus caidmiam i bpróifílí PVC d’fhuinneoga agus doirse leictreacha: tuarascáil deiridh
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2023/923 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le luaidhe agus a comhdhúile in PVC (IO L 123, 8.5.2023, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 46 seo a leanas isteach:
|
‘46 |
Caidmiam agus luaidhe i bpróifílí plaisteacha ina bhfuil meascáin a tháirgtear as dramhaíl clóiríde polaivinile (dá ngairtear ‘PVC docht aisghafa’ anseo feasta), a úsáidtear le haghaidh fuinneoga agus doirse leictreacha agus leictreonacha, i gcás nach mó an tiúchan san ábhar PVC docht aisghafa ná 0,1 % caidmiam de réir meáchain agus 1,5 % luaidhe de réir meáchain. Ón 28 Bealtaine 2026 ar aghaidh, ní bhainfear úsáid as PVC docht a aisghabhtar ó fhuinneoga agus doirse leictreacha agus leictreonacha ach amháin chun earraí nua a tháirgeadh faoi na catagóirí a shonraítear in iontráil 63, pointí 18 (a) go (d) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Soláthraithe d’earraí PVC ina bhfuil PVC docht aisghafa a bhfuil an tiúchan luaidhe atá ann cothrom le, nó níos mó ná, 0,1 % de réir mheáchan an ábhair PVC, áiritheoidh siad, sula gcuirfidh siad na hearraí sin ar an margadh, go mbeidh an ráiteas seo a leanas marcáilte orthu go feiceálach, soléite, doscriosta: ‘≥ 0,1 % luaidhe istigh’. I gcás nach féidir an mharcáil a chur ar an earra toisc an chineáil earra atá ann, beidh sé ar phacáistíocht an earra. Soláthraithe d’earraí PVC ina bhfuil PVC docht aisghafa, déanfaidh siad fianaise dhoiciméadach a chur faoi bhráid na n-údarás forfheidhmithe náisiúnta ach sin a iarraidh orthu, fianaise lena dtabharfar bunús lena maítear i leith thionscnamh aisghafa an PVC sna hearraí sin. Deimhnithe arna n-eisiúint ag scéimeanna um chruthúnas a sholáthar maidir le hinrianaitheacht agus ábhar athchúrsáilte, amhail iad sin a forbraíodh i gcomhréir le EN 15343:2007 nó le caighdeáin aitheanta choibhéiseacha, sin nithe a fhéadfar a úsáid chun bunús a thabhairt lena leithéid de mhaíomh i leith earraí PVC a táirgeadh san Aontas. Agus maíomh á dhéanamh maidir le tionscnamh aisghafa an PVC in earraí allmhairithe, beidh deimhniú ag gabháil leis an maíomh sin, deimhniú lena soláthrófar cruthúnas coibhéiseach maidir le hinrianaitheacht agus ábhar athchúrsáilte, arna eisiúint ag tríú páirtí neamhspleách. |
Tá sé sin infheidhme maidir le catagóir 11 agus rachaidh sé in éag an 28 Bealtaine 2028.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2024/232/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)