|   | Iris Oifigiúil  | GA Sraith L | 
| 2024/338 | 16.1.2024 | 
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/338 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Eanáir 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise arna ndíriú ar ISIL (Da’esh) agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) agus (4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
| (1) | An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686. | 
| (2) | I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart duine amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686. Ina theannta sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le duine éagtha amháin a scriosadh ón Iarscríbhinn sin. | 
| (3) | Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir, | 
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. VAN PETEGHEM
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, leasaítear roinn A (Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3) mar a leanas:
| (1) | scriostar iontráil 16 (Bonomade Machude OMAR); | 
| (2) | scriostar an iontráil seo a leanas: 
 | 
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/338/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)