|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1673 |
7.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1673 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meitheamh 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le tuairisciú agus cur chun feidhme oibríochtaí ioncaim le haghaidh na ranníocaíochta airgeadais atá dlite don Aontas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 5a(13) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1469 (2) lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle agus lenar tugadh isteach bearta breise chun tacú leis an Úcráin agus lena téarnamh agus lena hatógáil trí ranníocaíocht airgeadais arna ríomh ar bhonn na nglanbhrabús a ghintear ó iarmhéideanna airgid atá ag carnadh go heisiach de thairbhe bearta sriantacha. |
|
(2) |
Chun na críche sin, maidir leis na taisclanna lárnacha urrús a shealbhaíonn sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó de chuid aon duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise nó faoina threoir, amhail Ciste Infheistíochta Náisiúnta na Rúise, ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún, ní mór do na taisclanna lárnacha urrús sin cuntas a thabhairt agus bainistiú a dhéanamh ar iarmhéideanna airgid urghnácha den sórt sin atá ag carnadh mar gheall ar dhíluailiú shócmhainní agus chúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó de chuid aon duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise nó faoi threoir Bhanc Ceannais na Rúise, amhail Ciste Infheistíochta Náisiúnta na Rúise, agus é ar leithligh óna ngníomhaíochtaí eile agus ní mór dóibh freisin an t-ioncam urghnách gan choinne a ghintear a choinneáil ar leithligh. Tá ranníocaíocht airgeadais leis an Aontas dlite ag na taisclanna lárnacha urrús sin, ranníocaíocht atá coibhéiseach le 99,7 % den ghlanbhrabús a charntar ó bhí an 15 Feabhra 2024 ann. |
|
(3) |
Den ranníocaíocht airgeadais sin, féadfaidh na taisclanna lárnacha urrús sciar nach mó é ná 10 % a choinneáil go sealadach chun ceanglais maidir le caipiteal agus bainistiú riosca a chomhlíonadh agus i bhfianaise an tionchair ar shócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús de thoradh an chogaidh san Úcráin. Mura leor an sciar sin amach anseo, is féidir le taisclanna lárnacha urrús iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh céatadán breise den ranníocaíocht airgeadais atá dlite a choinneáil. |
|
(4) |
Chun freastal ar shaintréithe sonracha na ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inar gá, chun rialacha cothrománacha maidir le hoibríochtaí ioncaim a chomhlánú, ba cheart socruithe mionsonraithe a leagan síos leis an Rialachán seo maidir le ceanglais tuairiscithe agus cur chun feidhme oibríochtaí ioncaim. |
|
(5) |
Ionas gur féidir leis an gCoimisiún na méideanna atá iníoctha dhá uair sa bhliain a fhíorú agus na coinníollacha ar dá réir atá na méideanna dlite, ba cheart na rialacha ginearálta maidir le tuairisciú airgeadais a leagan síos leis an Rialachán seo. |
|
(6) |
Mar bhonn le haghaidh íocaíochtaí leathbhliantúla na ranníocaíochta airgeadais, is gá na gnéithe éagsúla a shonrú ar cheart do na taisclanna lárnacha urrús iad a nochtadh sna tuarascálacha airgeadais eatramhacha, lena n-áirítear méid na ranníocaíochta airgeadais, agus sprioc-am a leagan amach chun iad a chur isteach. Chun pleanáil rianúil ar an gcaiteachas comhfhreagrach a éascú, ba cheart do na taisclanna lárnacha urrús réamhaisnéisí neamhcheangailteacha ráithiúla ar an ranníocaíocht airgeadais a chur isteach freisin. |
|
(7) |
Ba cheart do na taisclanna lárnacha urrús a ráitis airgeadais iniúchta bhliantúla reachtúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta ionas go mbeifear in ann an ranníocaíocht airgeadais a íocadh i leith bhliain ar leith a réiteach le méideanna cinntitheacha dlite le haghaidh na bliana sin ar bhonn na ráiteas airgeadais iniúchta sin. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo an fhaisnéis atá le nochtadh sna ráitis airgeadais iniúchta agus sna doiciméid tacaíochta, agus an sprioc-am lena cur isteach. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go mbaileofar an ranníocaíocht airgeadais ar bhealach trédhearcach, is iomchuí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le méideanna a choinnítear go sealadach a thuairisciú. Ba cheart do na taisclanna lárnacha urrús faisnéis a sholáthar go háirithe faoi na toimhdí agus faoi aon fhaisnéis riachtanach eile a úsáidtear chun méid na ranníocaíochta airgeadais a choinnítear go sealadach a chinneadh, agus faoi úsáid na méideanna sin. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta tuairisciú don Choimisiún gan mhoill maidir lena gcinntí a bhaineann leis na méideanna a choinnítear go sealadach nó maidir le haon bheart maoirseachta nó aon bheart eile a ghlacann siad i ndáil leis na taisclanna lárnacha urrús. |
|
(9) |
Ba cheart don Choimisiún an ranníocaíocht airgeadais a ghlaoch dhá uair sa bhliain bunaithe ar na tuarascálacha airgeadais eatramhacha. I gcás inarb infheidhme, ba cheart méideanna atá mar thoradh ar an mbeart réitigh a léiriú sa ranníocaíocht airgeadais a íoctar agus méideanna a coinníodh go sealadach agus nár úsáideadh laistigh de 5 bliana. Ba cheart do na taisclanna lárnacha urrús an ranníocaíocht sin a íoc laistigh den sprioc-am a shonraítear sa Rialachán seo. Maidir le bailiú na ranníocaíochta airgeadais, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha cothrománacha i dtaca le hoibríochtaí ioncaim a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart a áireamh leis sin na rialacha maidir le tarchur nótaí dochair agus maidir le cur i bhfeidhm úis ar íocaíochtaí déanacha. |
|
(10) |
Ba cheart don Choimisiún an méid a shuí a eascraíonn as na ranníocaíochtaí airgeadais a íoctar dhá uair sa bhliain ar bhonn na dtuarascálacha airgeadais eatramhacha le haghaidh na bliana roimhe sin a réiteach leis an méid cinntitheach atá dlite ar bhonn na ráiteas airgeadais iniúchta agus na doiciméadachta tacaíochta le haghaidh na bliana sin. Ba cheart an méid sin a chur san áireamh sa chéad íocaíocht eile atá dlite ó na taisclanna lárnacha urrús. Mura bhfuil aon íocaíocht leathbhliantúil bhreise dlite ó na taisclanna lárnacha urrús, ba cheart don Choimisiún nóta dochair ar leithligh a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 98(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 5a(13), an abairt dheireanach de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ábhartha mar a shainítear sa Rialachán seo iad maidir leis na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
|
(12) |
I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha sonracha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
tuairisciú don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus |
|
(b) |
oibríochtaí ioncaim a chur chun feidhme. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘taisclanna lárnacha urrús’ daoine dlítheanacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 8 go 12 d’Airteagal 5a de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘ranníocaíocht airgeadais’ an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5a(9) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘údaráis mhaoirseachta náisiúnta’ na húdaráis arna n-ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear i bpointe 1; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘tuarascáil airgeadais eatramhach’ an tuarascáil airgeadais eatramhach dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 5a(11) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘iniúchadh reachtúil’ iniúchadh ar ráitis bhliantúla airgeadais nó ar ráitis chomhdhlúite airgeadais mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1) de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
CAIBIDIL II
TUAIRISCIÚ
Airteagal 3
Rialacha ginearálta
1. Chun críche cuntasaíochta ar leithligh le haghaidh iarmhéideanna airgid, ioncaim agus glanbhrabúis a leagtar amach in Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, úsáidfear tuarascálacha caighdeánacha na dtaisclann lárnach urrús a mhéid is féidir.
2. Maidir leis na tuarascálacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin, ullmhófar iad ar bhonn na rialacha cuntasaíochta a chuireann na taisclanna lárnacha urrús i bhfeidhm.
3. Sloinnfear in euro tuarascálacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfar na tuarascálacha sin a tharraingt suas ó ráitis airgeadais eile a ainmnítear in airgeadraí eile de réir riachtanais na dtaisclann lárnach urrús. I gcás inar gá, déanfar méideanna a chomhshó in euro. Sa chás sin, ba cheart an ráta malairte eachtraí a úsáidtear a léiriú sna tuarascálacha.
4. Maidir leis na tuarascálacha, na réamhaisnéisí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 4 go 6, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad chuig na seoltaí arna gcur in iúl ag an gCoimisiún, agus iad ríomhshínithe le ríomhshíniú cáilithe a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
5. Coimeádfaidh na taisclanna lárnacha urrús doiciméid airgeadais agus chuntasaíochta a bhaineann leis an ranníocaíocht airgeadais ar feadh téarma 5 bliana tar éis fhormheas deiridh na gcuntas. Maidir le taifid agus doiciméid a bhaineann le hiniúchtaí, achomhairc, dlíthíocht, saothrú éileamh maidir le gealltanais dhlíthiúla nó a bhaineann le himscrúduithe, coinneofar iad go dtí go ndúnfar na hiniúchtaí, na hachomhairc, an dlíthíocht, saothrú na n-éileamh nó na himscrúduithe sin.
Airteagal 4
Tuarascáil airgeadais eatramhach
1. Cuirfidh na taisclanna lárnacha urrús an tuarascáil eatramhach airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta i leith na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh ar an gcéad lá oibre tar éis an 25 Iúil den bhliain chéanna ar a dhéanaí agus i leith na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig ar an gcéad lá oibre tar éis an 25 Márta den bhliain dár gcionn ar a dhéanaí. Is ar an gcéad lá oibre tar éis an 19 Iúil 2024 ar a dhéanaí a chuirfear isteach an tuarascáil airgeadais eatramhach le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2024 agus léireofar inti go bhfuil feidhm ag na rialacha i míreanna 8 go 14 d’Airteagal 5a de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 15 Feabhra 2024 ar aghaidh.
2. Nochtfar an méid seo a leanas sa tuarascáil airgeadais eatramhach:
|
(a) |
na hiarmhéideanna airgid, na hioncaim agus na costais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, chomh maith le fabhruithe le haghaidh cáin chorparáide faoi chóras ginearálta an Bhallstáit lena mbaineann le haghaidh an tseimeastair lena mbaineann; |
|
(b) |
na glanbhrabúis ábhartha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014. |
3. Sa tuarascáil airgeadais eatramhach cinnfidh na taisclanna lárnacha urrús an ranníocaíocht airgeadais, arna laghdú faoi na méideanna arna gcoinneáil go sealadach de bhun phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 5a(10) den Rialachán sin agus, i gcás inarb iomchuí, arna méadú faoi na méideanna atá le haistriú chuig an Aontas de bhun Airteagal 9.
4. Cuirfidh na taisclanna lárnacha urrús réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach faoi bhráid an Choimisiúin maidir le méideanna na ranníocaíochta airgeadais atá dlite don Aontas ar an gcéad lá oibre tar éis an 25ú lá den mhí tar éis gach ráithe ar a dhéanaí.
Airteagal 5
Ráitis airgeadais iniúchta agus tuarascálacha
1. Faoin 31 Bealtaine de bhliain n+1 i ndáil le bliain n, cuirfidh na taisclanna lárnacha urrús faoi bhráid an Choimisiúin agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta na ráitis airgeadais bhliantúla reachtúla, arna mbunú i gcomhréir leis na caighdeáin náisiúnta is infheidhme agus arna n-iniúchadh ag iniúchóir reachtúil i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE.
2. Sna ráitis airgeadais bhliantúla iniúchta reachtúla, nochtfar ar leith óna cheile méid iomlán na n-iarmhéideanna airgid, na n-ioncam agus na nglanbhrabús dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 5a(8) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 faoi seach.
3. Cuirfidh na taisclanna lárnacha urrús tuarascáil ar leithligh faoi bhráid an Choimisiúin agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta, mar aon leis na ráitis airgeadais bhliantúla iniúchta reachtúla, ina leagfar amach an méid seo a leanas:
|
(a) |
na méideanna bliantúla arna gcoinneáil go sealadach ag na taisclanna lárnacha urrús, ar dliteanais i leith an Aontais iad de bhun phointe (a) d’Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mura n-úsáidtear iad i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 5a(10) den Rialachán sin, |
|
(b) |
na méideanna iomlána carntha atá fós á gcoinneáil go sealadach de réir Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, |
|
(c) |
na méideanna a scoir de bheith dlite don Aontas de bhun phointe (d) d’Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, |
|
(d) |
an ranníocaíocht airgeadais iomlán i ndáil le bliain n:
|
|
(e) |
an miondealú de réir airgeadra ainmníochta na n-iarmhéideanna airgid agus na n-ioncam dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus i bpointe (a) d’Airteagal 4(2). |
Ba cheart tuarascáil dearbhaithe ó iniúchóir reachtúil na dtaisclann lárnach urrús a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin agus ba cheart í a réiteach leis na ráitis airgeadais reachtúla bhliantúla.
4. Cuirfidh na taisclanna lárnacha urrús, arna iarraidh sin don Choimisiún, aon fhaisnéis bhreise a bhaineann leis na ráitis airgeadais nó leis an tuairisciú dá dtagraítear san Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin.
Airteagal 6
Tuairisciú ó thaisclanna lárnacha urrús agus ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir leis na méideanna a choinnítear go sealadach
1. Cuirfidh na taisclanna lárnacha urrús doiciméad ar leithligh faoi bhráid an Choimisiúin agus na n-údarás maoirseachta náisiúnta, mar aon le gach ceann de na tuarascálacha airgeadais eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus na ráitis airgeadais iniúchta agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 5, ina leagfar amach an méid seo a leanas:
|
(a) |
na toimhdí agus aon fhaisnéis eile is gá a úsáidtear chun méid na ranníocaíochta airgeadais arna choinneáil go sealadach a chinneadh de bhun phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014; |
|
(b) |
faisnéis maidir le húsáid na méideanna arna gcoinneáil go sealadach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014. |
Is éard a bheidh san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo cainníochtú mionsonraithe ar na costais, na rioscaí agus na gcaillteanas arna dtabhú de dheasca an chogaidh san Úcráin i ndáil leis na sócmhainní atá i seilbh na dtaisclann lárnach urrús sin, agus ar na méideanna díobh is féidir a chumhdach le hacmhainní inmheánacha na dtaisclann lárnach urrús tráth a dtabhaithe.
2. Maidir leis an bhfaisnéis ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta faoina gcinneadh de bhun phointe (e) d’Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 go bhfuil gá leis na méideanna arna gcoinneáil go sealadach nó cuid de na méideanna sin fós chun ceanglais bainistithe riosca a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair de dheasca an chogaidh san Úcráin i ndáil leis na sócmhainní atá i seilbh taisclanna lárnacha urrús, is éard a bheidh san fhaisnéis sin tuairisc mhionsonraithe ar na riachtanais, meastachán uathu agus na toimhdí a úsáideadh le haghaidh an mheastacháin, mar aon le haon fhaisnéis bhreise a mheasfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a bheith ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta fógra don Choimisiún láithreach faoi aon bheart maoirseachta nó faoi aon bheart eile a ghlacfaidh sé i ndáil leis na taisclanna lárnacha urrús a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na méideanna arna gcoinneáil de bhun Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.
3. Ar iarraidh ón gCoimisiún, cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta aon fhaisnéis bhreise faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill a bhaineann le cainníochtú na gcostas, na rioscaí agus na gcaillteanas arna dtabhú nó dár soláthraíodh de dheasca an chogaidh san Úcráin maidir leis na sócmhainní atá i seilbh na dtaisclann lárnach urrús, nó a bhaineann le cainníochtú na n-acmhainní inmheánacha arna n-úsáid chun na rioscaí sin a chumhdach.
Oibreoidh na taisclanna lárnacha urrús agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhar leis an gCoimisiún maidir leis an malartú faisnéise a úsáidfear le haghaidh an chinnidh faoi na méideanna a choinnítear.
CAIBIDIL III
OIBRÍOCHTAÍ IONCAIM
Airteagal 7
Íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais
Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an tuarascáil airgeadais eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo, seolfaidh an Coimisiún nóta dochair i gcomhréir le hAirteagal 98(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 dhá uair sa bhliain chun an ranníocaíocht atá dlite a ghlaoch. Íocfaidh na taisclanna lárnacha urrús an ranníocaíocht airgeadais laistigh de 5 lá oibre ar a dhéanaí ó dháta an ghlao ar an ranníocaíocht airgeadais.
Maidir leis na méideanna a ghlaoitear dhá uair sa bhliain:
|
(a) |
méadófar nó laghdófar iad, i gcás inarb iomchuí, faoin méid a eascraíonn as réiteach na ranníocaíochta airgeadais a íocadh sa bhliain roimhe sin leis an méid cinntitheach atá dlite ar bhonn na ráiteas airgeadais iniúchta le haghaidh na bliana sin, dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo, agus |
|
(b) |
áireofar leo an méid a coinníodh go sealadach nach bhfuil gá leis a thuilleadh chun riachtanais bainistithe riosca a chomhlíonadh agus a thuairiscigh na taisclanna lárnacha urrús de bhun phointe (d)(ii) d’Airteagal 5(3) den Rialachán seo. |
Airteagal 8
Réiteach na ranníocaíochta airgeadais a íocadh leis na méideanna cinntitheacha atá dlite
1. Suífidh an Coimisiún méid cinntitheach na ranníocaíochta airgeadais atá dlite i leith bliain ar leith ar bhonn na ráiteas airgeadais bliantúil iniúchta reachtúil.
2. Maidir le méid bliantúil cinntitheach na ranníocaíochta airgeadais a bheidh dlite le haghaidh bliain ar leith, arna laghdú, i gcás inarb iomchuí, faoi na méideanna arna gcoinneáil go sealadach de bhun phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, agus arna méadú, i gcás inarb iomchuí, faoi na méideanna atá le tarchur chuig an Aontas de bhun Airteagal 9, más rud é gur lú an méid bliantúil sin ná suim mhéideanna na n-íocaíochtaí leathbhliantúla a rinneadh i leith na bliana sin de bhur Airteagal 7 den Rialachán seo, asbhainfear an difríocht as an gcéad íocaíocht eile a bheidh dlite ag na taisclanna lárnacha urrús don Aontas.
3. An méid atá dlite ag na taisclanna lárnacha urrús mar thoradh ar ghlanluacháil de bhun na habairte roimhe seo, ní bheidh sé níos lú ná nialas.
4. Maidir le méid bliantúil cinntitheach na ranníocaíochta airgeadais a bheidh dlite le haghaidh bliain ar leith, arna laghdú, i gcás inarb iomchuí, faoi na méideanna arna gcoinneáil go sealadach de bhun phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 5a(10) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 , agus arna méadú, i gcás inarb iomchuí, faoi na méideanna atá le tarchur chuig an Aontas de bhun Airteagal 9, más rud é gur mó an méid bliantúil sin ná suim mhéideanna na n-íocaíochtaí leathbhliantúla a rinneadh i leith na bliana sin de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún méid na difríochta leis an gcéad íocaíocht eile a bheidh dlite ag na taisclanna lárnacha urrús don Aontas, sin nó seolfaidh sé nóta dochair ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 98(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bhaineann leis an méid sin mura mbíonn íocaíocht leathbhliantúil eile dlite ag na taisclanna lárnacha urrús.
Airteagal 9
Aistriú na méideanna arna gcoinneáil go sealadach
A luaithe a chuirfidh na taisclanna lárnacha urrús an Coimisiún ar an eolas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5a(11) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 nach bhfuil gá a thuilleadh le méideanna a coinníodh siar go sealadach chun ceanglais bainistithe riosca a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair de thairbhe an chogaidh san Úcráin maidir leis na sócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús, cuirfidh an Coimisiún na méideanna sin leis an gcéad íocaíocht eile atá dlite ó na taisclanna lárnacha urrús don Aontas de bhun Airteagal 7 nó seolfaidh sé nóta dochair ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 98(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis an méid sin mura bhfuil aon íocaíocht leathbhliantúil bhreise dlite ó na taisclanna lárnacha urrús.
Féadfar a áireamh sa nóta dochair ar leithligh sin freisin, i gcás inarb iomchuí, réiteach na ranníocaíochtaí airgeadais leathbhliantúla a íocadh leis na méideanna cinntitheacha atá dlite dá dtagraítear in Airteagal 8.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 229, 31.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/833/oj .
(2) Rialachán (AE) 2024/1469 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/1469, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1469/oj).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj).
(5) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/43/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1673/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)